Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0406

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta

COM/2025/406 final

An Bhruiséil,17.7.2025

COM(2025) 406 final

2025/0224(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Foras agus cuspóirí an togra

Baineann an togra seo le tabhairt i gcrích an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra (Andóra) maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta 1 (an Comhaontú).

Déantar foráil leis an gComhaontú maidir leis an mbunús dlí le haghaidh uathmhalartú cómhalartach faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Andóra, i gcomhréir leis an gComhchaighdeán Tuairiscithe arna fhorbairt ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE). Cuirtear an caighdeán céanna chun feidhme laistigh den Aontas Eorpach faoi Threoir 2014/107/AE ón gComhairle 2 (TCR 2 – an chéad leasú ar Threoir 2011/16/AE 3 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais – an Treoir maidir le Comhar Riaracháin (TCR)) 4 .

Formheasadh athruithe tábhachtacha ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe ar an leibhéal idirnáisiúnta an 26 Lúnasa 2022 5 agus beidh feidhm acu ón 1 Eanáir 2026. Le Treoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle 6  (TCR8), cuireadh na hathruithe sin chun feidhme cheana laistigh den Aontas Eorpach agus beidh feidhm aici freisin ón 1 Eanáir 2026.

Leis na hathruithe, leathnaítear raon feidhme an Chomhchaighdeáin Tuairiscithe chun a áirithiú go gcumhdaítear táirgí ríomh-airgid agus airgeadraí digiteacha bainc ceannais. Cuireann siad tuilleadh feabhais freisin ar na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus ar na torthaí tuairiscithe, chun inúsáidteacht fhaisnéis an Chomhchaighdeáin Tuairiscithe a mhéadú le haghaidh riaracháin chánach agus na hualaí ar institiúidí airgeadais a laghdú, i gcás inar féidir.

Chun a áirithiú go ndéanfar an t‑uathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais idir Ballstáit den Aontas Eorpach agus Andóra a ailíniú leis an gComhchaighdeán Tuairiscithe a tugadh cothrom le dáta ón 1 Eanáir 2026, agus go leanfar den uathmhalartú sin a dhéanamh i gcomhréir leis an gComhchaighdeán sin, ba ghá leasuithe comhfhreagracha ar an gComhaontú a chaibidliú agus a chomhaontú.

I mí na Bealtaine 2018, cuireadh tús le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí ‘RGCS’) 7 .

Chun a áirithiú go léireofaí na nuashonruithe sin sa Chomhaontú, ba ghá na tagairtí do Threoir aisghairthe 95/46/CE a bhaint agus tagairtí do Rialachán (AE) 2016/679 a chur in ionad na dtagairtí sin. An tráth céanna, tugadh na tagairtí do reachtaíocht náisiúnta Andóra maidir le cosaint sonraí cothrom le dáta freisin. Thairis sin, léiríonn na leasuithe sin cur i bhfeidhm leanúnach Chinneadh Leordhóthanachta an Aontais maidir le hAndóra. 8

Glacadh cinneadh ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024 lena núdaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht lena leasaítear an Comhaontú a bhaineann le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta idir an tAontas Eorpach agus Andóra 9 .

Tionóladh roinnt babhtaí caibidlíochta agus thángthas ar chomhaontú sealadach i mí Aibreáin 2025. Ina dhiaidh sin, rinne na Príomh-idirbheartaithe dréacht-téacs an Phrótacail Leasaithigh a inisiliú an 18 Meitheamh 2025.

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas i gcónaí faoin dul chun cinn sa chaibidlíocht sa Mheitheal um Cheisteanna Cánach agus sa Mheitheal Ardleibhéil. Go háirithe, comhroinneadh téacs an dréacht-Phrótacail Leasaithigh agus pléadh é leis na Ballstáit sular inisilíodh é. Comhroinneadh an téacs a inisilíodh le Parlaimint na hEorpa freisin.

Measann an Coimisiún gur baineadh amach na cuspóirí a shocraigh an Chomhairle ina treoir chaibidlíochta agus go bhfuil an téacs a caibidlíodh inghlactha don Aontas.

Síníodh an Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta, thar ceann an Aontais, an xxxx.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Rinneadh leasú an Chomhaontaithe a chaibidliú i gcomhréir leis an treoir chuimsitheach chaibidlíochta a ghlac an Chomhairle an 21 Bealtaine 2024.

Áirithítear leis an bPrótacal Leasaitheach a caibidlíodh go mbeidh an comhaontú atá ann cheana idir an tAontas Eorpach agus Andóra ailínithe le reachtaíocht an Aontais sa réimse céanna fós, go háirithe TCR arna leasú le TCR8.

I measc leasuithe eile, áirítear le TCR8 na hathruithe is déanaí ar Chomhchaighdeán Tuairiscithe ECFE. I bhfianaise an dlúthchaidrimh sa réimse seo idir an tAontas Eorpach agus Andóra, tá sé tábhachtach an comhar riaracháin lena n‑údaráis chánach i réimse an uathmhalartaithe faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais a neartú ar an gcaoi chéanna. Tríd an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta go tráthúil, áirithítear go leanfar leis an gcomhar riaracháin sin go réidh agus go héifeachtach tar éis an 1 Eanáir 2026.

Leis na leasuithe ar an gComhaontú, cuirtear san áireamh beartais an Aontais i réimse an chomhraic in aghaidh sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, ós rud é go ndéanfar na gníomhaíochtaí maidir le Dícheall Cuí Custaiméara, a bheidh le déanamh ag na hInstitiúidí Airgeadais, d’fhonn an fhaisnéis i dtaca le cuntais airgeadais a bhailiú lena malartú faoin gComhaontú sin, a ailíniú ar bhealach substaintiúil leo siúd atá le cur i bhfeidhm ag na hInstitiúidí Airgeadais céanna mar eintitis faoi oibleagáid de réir chreat dlíthiúil an Aontais Eorpaigh chun comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta.

Cuirtear san áireamh sa Phrótacal Leasaitheach freisin beartais an Aontais i réimse urraim na gceart bunúsach, go háirithe maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcás eis-sreabhadh na sonraí sin chuig tíortha nach de chuid an Aontais iad agus chuig tíortha nach tíortha LEE iad.

A mhéid a bhaineann leis na codanna a bhaineann leis an gComhchaighdeán Tuairiscithe, áirítear sa Chomhaontú féin, in Airteagal 8, foráil lena gceanglaítear ar na Páirtithe Conarthacha dul i gcomhairle le chéile gach uair a ghlactar athrú tábhachtach ar leibhéal ECFE ar aon cheann d’eilimintí an gComhchaighdeán Tuairiscithe. Déantar foráil leis an Airteagal freisin go bhféadfar an Comhaontú a leasú trí phrótacal idir na Páirtithe Conarthacha tar éis na gcomhairliúchán sin. Ós rud é gur formheasadh athruithe tábhachtacha ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe laistigh de ECFE an 26 Lúnasa 2022, agus i gcomhréir le hinniúlacht eisiach an Aontais a eascraíonn as an gComhaontú atá ann cheana, cuireann an Prótacal Leasaitheach chun feidhme na hathruithe uile is gá chun na hathruithe comhfhreagracha ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe a léiriú. Foráiltear cur chun feidhme na n‑athruithe sin laistigh den Aontas trí bhíthin Threoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

An bunús dlí

Ós rud é gurb é príomhchuspóir agus comhpháirteanna an Chomhaontaithe feabhas a chur ar an gcomhar riaracháin i réimse an chánachais dhírigh, is é Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí substainteach.

Ós rud é gurb é Airteagal 115 CFAE an bunús dlí substainteach, tá an Chomhairle chun an cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích a ghlacadh tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (b), CFAE, bunús dlí nós imeachta an chinnidh lena dtugtar an comhaontú i gcrích. Ós rud é go gceanglaítear aontoilíocht do ghníomh de chuid an Aontais le hAirteagal 115 CFAE, ba cheart an dara fomhír d’Airteagal 218(8) CFAE a áireamh sa bhunús dlí nós imeachta chun an comhaontú a thabhairt i gcrích.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (b), CFAE agus an dara fomhír d’Airteagal 218(8) CFAE an bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe lena dtugtar an comhaontú i gcrích.

   Inniúlacht an Aontais

Faoi chásdlí na Cúirte Breithiúnais, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas i gcás ina bhféadfadh comhaontú difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna nó raon feidhme na rialacha sin a athrú 10 . Cumhdaíodh an dlí-eolaíocht sin in Airteagal 3(2) CFAE. Mar aon leis na réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas a liostaítear in Airteagal 3(1) CFAE, foráiltear le hAirteagal 3(2) CFAE go mbeidh ‘inniúlacht eisiach freisin ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nuair a fhorálfar dá thabhairt i gcrích i ngníomh reachtach de chuid an Aontais, nó nuair atá sé riachtanach chun a chumasú don Aontas a inniúlacht inmheánach a fheidhmiú, nó a mhéid ar dóigh dá thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do na rialacha comhchoiteanna nó a raon feidhme a athrú’.

Comhréireacht

Urramaíonn an prótacal leasaitheach prionsabal na comhréireachta agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a chomhlíonadh maidir leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta, is é sin, chun na hathruithe ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe a thiocfaidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026 a ionchorprú. Cuirfidh na leasuithe sin ar a gcumas do na Ballstáit leanúint d’uathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais a dhéanamh le Andóra ar bhealach neamhbhriste, agus ar bhealach atá ailínithe le ceanglais nua an Chomhchaighdeáin Tuairiscithe, mar atá ionchorpraithe cheana féin in TCR8.

An rogha ionstraime

Foráiltear le hAirteagal 218(6) CFAE go gcuirfidh an Coimisiún nó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála tograí faoi bhráid na Comhairle, a ghlacfaidh cinneadh maidir le tabhairt i gcrích comhaontú idirnáisiúnta. I bhfianaise ábhar an chomhaontaithe atá beartaithe, is iomchuí don Choimisiún togra a thíolacadh chuige sin.

3.TORTHAÍ Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Measúnú tionchair

I gcomhréir le huirlis 7 de Rialáil Níos Fearr 11 , níl gá le measúnú tionchair, inter alia, nuair nach mbíonn mórán rogha nó aon rogha ag an gCoimisiún sa chás lena mbaineann.

Comhlíontar an coinníoll sin sa chás seo toisc go bhfuil na leasuithe ar na Comhaontuithe atá ann cheana maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais ailínithe go hiomlán leis na hathruithe ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe a comhaontaíodh ar leibhéal ECFE agus atá ionchorpraithe cheana féin i ndlí an Aontais Eorpaigh trí bhíthin TCR8. A mhéid a bhaineann leis na nuashonruithe ar chosaint sonraí, níl i gceist leo sin ach tagairtí do reachtaíocht an Aontais agus Andóra maidir le cosaint sonraí a thabhairt cothrom le dáta.

Cearta bunúsacha

Urramófar sa phrótacal leasaitheach atá beartaithe a ghabhfaidh leis an gComhaontú príomhluachanna an Aontais Eorpaigh mar a bhunaítear iad in Airteagal 2 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht ag an togra maidir le buiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Cumhdaítear na pointí seo a leanas leis na leasuithe atá beartaithe:

1.Leasuithe chun a áirithiú go ndéanfar an tuathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais idir na Ballstáit agus Andóra faoin gcomhaontú atá ann cheana a ailíniú leis an gComhchaighdeán Tuairiscithe a tugadh cothrom le dáta ón 1 Eanáir 2026 agus go leanfar den uathmhalartú sin a dhéanamh i gcomhréir leis an gComhchaighdeán sin

Leis na leasuithe atá beartaithe, leathnaítear raon feidhme an tuairiscithe chun táirgí airgeadais digiteacha nua a chur san áireamh, amhail Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe agus Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais. An tráth céanna, chun feabhas a chur ar iontaofacht agus úsáid na faisnéise malartaithe, tugtar isteach leis na leasuithe ceanglais tuairiscithe níos mionsonraithe agus nósanna imeachta díchill chuí neartaithe. Déantar foráil maidir leis na ceanglais leasaitheacha sin maidir le tuairisciú agus malartú faisnéise laistigh d’Airteagail 2, d’Airteagal 3 agus d’Iarscríbhinn I. Beidh feidhm acu ón 1 Eanáir 2026.

Tá forálacha sna leasuithe freisin chun idirghníomhaíocht éifeachtúil a áirithiú idir an Comhchaighdeán Tuairiscithe agus an Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní ar leithligh a d’fhorbair ECFE 12 . Leis na forálacha sin, is féidir cásanna tuairiscithe dúblaigh a theorannú, agus uasmhéid solúbthachta oibríochta na nInstitiúidí Airgeadais Tuairiscithe atá faoi réir oibleagáidí faoin gCreat Tuairiscithe Cripteashócmhainní á choinneáil ar bun an tráth céanna. Ní bheidh feidhm ag na forálacha sin ach amháin ón dáta a thosóidh Andóra ar an gCreat Tuairiscithe Cripteashócmhainní a chur i bhfeidhm leis na Ballstáit uile.

2.Nuashonrú ar an tagairt dhlíthiúil i dtaca le reachtaíocht maidir le cosaint sonraí

Cuireadh tagairtí do RGCS in ionad na dtagairtí uile do Threoir 95/46/CE.

An tráth céanna, rinneadh an tagairt dhlíthiúil do reachtaíocht náisiúnta Andóra maidir le cosaint sonraí a thabhairt cothrom le dáta chuig Dlí Cáilithe 29/2021 maidir le cosaint sonraí pearsanta (an tAcht um Chosaint Sonraí).

Téacs an Phrótacail Leasaithigh, dearbhuithe comhpháirteacha agus fógraí

Cuirtear téacs an Phrótacail Leasaithigh faoi bhráid na Comhairle in éineacht leis an togra seo. Cuirtear téacs na ndearbhuithe comhpháirteacha isteach in éineacht leis an togra seo.

I gcomhréir leis na Conarthaí, is faoin gCoimisiún atá sé leanúint ar aghaidh, thar ceann an Aontais, leis an bhfógra dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Phrótacal Leasaitheach a thabhairt, chun toiliú an Aontais a chur in iúl a bheith faoi cheangal ag an bPrótacal Leasaitheach.



2025/0224 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 115, i dteannta le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (b) agus an dara fomhír d’Airteagal 218(8) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa 13 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta 14 (‘an Comhaontú’), cuireadh feabhas ar an gcúnamh frithpháirteach i gcúrsaí cánach idir na Páirtithe Conarthacha agus ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta.

(2)Formheasadh athruithe tábhachtacha ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe ar an leibhéal idirnáisiúnta an 26 Lúnasa 2022 15 agus tugadh isteach iad i reachtaíocht an Aontais leis an leasú ar Threoir 2011/16/AE ón gComhairle le Treoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle 16 .

(3)Dá bhrí sin, is gá an Comhaontú a leasú chun a áirithiú go ndéanfar an tuathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Prionsacht Andóra a ailíniú leis an gComhchaighdeán Tuairiscithe a tugadh cothrom le dáta ón 1 Eanáir 2026, agus go leanfar den uathmhalartú sin a dhéanamh i gcomhréir leis an gComhchaighdeán sin. 

(4)Téacs an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta (‘an Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú’), atá mar thoradh ar an gcaibidlíocht, is léiriú cuí é ar an treoir chaibidlíochta a d’eisigh an Chomhairle.

(5)I gcomhréir le Cinneadh (AE) XXXX ón gComhairle 17 , síníodh an Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú an XXXX, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí.

(6)Ba cheart an Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú, arb é ábhar an chinnidh seo é, a fhormheas.

(7)Ba cheart na dearbhuithe comhpháirteacha atá i gceangal leis an gCinneadh seo a fhormheas.

(8)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo an Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta 18 .

Airteagal 2

Formheastar leis seo Dearbhú Comhpháirteach na bPáirtithe Conarthacha maidir le teacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh, Dearbhú Comhpháirteach na bPáirtithe Conarthacha maidir leis an gComhaontú agus na hIarscríbhinní agus Dearbhú Comhpháirteach na bPáirtithe Conarthacha maidir le hAirteagal 5 den Chomhaontú.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 157, 26.6.2003, lch. 38. IO L 268, 1.10.2016, lgh. 38-76.
(2)    IO L 359, 16.12.2014, lgh. 1-29.
(3)    IO L 64, 11.3.2011, lgh. 1-12.
(4)    IO L 359, 16.12.2014, lgh. 1-29.
(5)     https://www.oecd.org/en/publications/international-standards-for-automatic-exchange-of-information-in-tax-matters_896d79d1-en.html , lgh. 62-102.
(6)    Treoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L, 24.10.2023).
(7)    IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1-88.
(8)    Cinneadh 2010/625/AE an 19 Deireadh Fómhair 2010 de bhun Threoir 95/46/CE maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta a sholáthraítear in Andóra.
(9)    Cinneadh (AE) 2024/1489 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024 lena núdaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht lena leasaítear na Comhaontuithe a bhaineann le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise, Prionsacht Lichtinstéin, Prionsacht Andóra, Prionsacht Mhonacó agus Poblacht San Mairíne, faoi seach.
(10)    Tuairim 3/15 ón gCúirt, ECLI:EU:C:2017:114, mír 118 agus an cásdlí a luaitear ann.
(11)    https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/br_toolbox-nov_2021_en_0.pdf
(12)     https://www.oecd.org/en/publications/international-standards-for-automatic-exchange-of-information-in-tax-matters_896d79d1-en.html , lgh. 8-61.
(13)    Tuairim an XXXX (nár foilsíodh fós in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
(14)    IO L 157, 26.6.2003, lch. 38. IO L 268, 1.10.2016, lgh. 38-76.
(15)     https://www.oecd.org/en/publications/international-standards-for-automatic-exchange-of-information-in-tax-matters_896d79d1-en.html , lgh. 62-102.
(16)    Treoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L, 24.10.2023). http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2226/oj
(17)

   Cinneadh (AE) xxxx ón gComhairle maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta (IO L XXXX).

(18)    Foilsítear téacs an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú in IO L, [...].
Top

An Bhruiséil,17.7.2025

COM(2025) 406 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta


PRÓTACAL LEASAITHEACH

a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta

TÁ AN tAONTAS EORPACH,

agus

PRIONSACHT ANDÓRA, dá ngairtear ‘Andóra’ anseo feasta,

dá ngairtear anseo feasta, ‘Páirtí Conarthach’, ina n‑aonar, agus ‘Páirtithe Conarthacha’, i gcomhpháirt,

DE BHRÍ go bhfuil dlúthchaidreamh seanbhunaithe ag na Páirtithe Conarthacha maidir le cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí cánach, arb é a bhí ann, ar dtús, bearta atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i dTreoir 2003/48/CE ón gComhairle 1 a chur i bhfeidhm, agus a forbraíodh ina dhiaidh sin sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta 2 (‘an Comhaontú’), arna leasú leis an bPrótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Prionsacht Andóra lena bhforáiltear do bhearta atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i dTreoir 2003/48/CE ón gComhairle maidir le cánachas ar ioncam ó choigiltis i bhfoirm íocaíochtaí úis 3 , bunaithe ar uathmhalartú faisnéise cómhalartach trí bhíthin an Chaighdeáin um Malartú Uathoibríoch Faisnéise i dtaca le Cuntais Airgeadais i gCúrsaí Cánach (‘an Caighdeán Domhanda’) de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) a chur chun feidhme,

DE BHRÍ, tar éis chéad athbhreithniú cuimsitheach ECFE ar an gCaighdeán Domhanda, gur fhormheas Coiste ECFE um Ghnóthaí Fioscacha leasuithe ar an gCaighdeán Domhanda i mí Lúnasa 2022 agus gur ghlac Comhairle ECFE iad an 8 Meitheamh 2023 trína Moladh athbhreithnithe maidir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Malartú Uathoibríoch Faisnéise i gCúrsaí Cánach (‘an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda’),

DE BHRÍ gur sainaithníodh in athbhreithniú cuimsitheach ECFE castacht mhéadaitheach na n‑ionstraimí airgeadais agus teacht chun cinn agus úsáid cineálacha nua sócmhainní digiteacha agus gur aithníodh an gá atá leis an gCaighdeán Domhanda a oiriúnú chun comhlíontacht cánach chuimsitheach agus éifeachtach a áirithiú,

DE BHRÍ gur leathnaíodh raon feidhme an tuairiscithe leis an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda chun táirgí airgeadais digiteacha nua a chur san áireamh, amhail Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe agus Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais, lena dtairgtear roghanna malartacha iontaofa ar Chuntais Airgeadais thraidisiúnta, atá faoi réir tuairisciú cheana féin faoin gCaighdeán Domhanda,

DE BHRÍ go bhfeidhmíonn Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní (‘CARF’) nua ECFE, a tugadh isteach i gcomhthráth leis an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda, mar shásra comhlántach ar an leibhéal domhanda agus go bhfuil sé deartha go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairt agus fás tapa an mhargaidh Cripteashócmhainní,

DE BHRÍ gur measadh go raibh sé ríthábhachtach idirghníomhaíocht éifeachtúil a áirithiú idir an dá chreat sin, go háirithe chun teorainn a chur le cásanna tuairiscithe dúblaigh, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe agus Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais a eisiamh ó raon feidhme CARF, i bhfianaise a gcumhdaigh faoin gCaighdeán Domhanda a tugadh cothrom le dáta; (ii) breithniú a dhéanamh i dtaobh Cripteashócmhainní a thagann faoi raon feidhme an Chaighdeáin Dhomhanda a tugadh cothrom le dáta a bheith ina Sócmhainní Airgeadais chun Cuntais Chumhdaigh, Cothromas nó Leasanna Fiachais in Eintitis Infheistíochta a thuairisciú (ach amháin i gcásanna ina soláthraítear seirbhísí lena ndéantar idirbhearta malairte do chustaiméirí nó thar a gceann, a chumhdaítear faoi CARF), infheistíochtaí indíreacha i gCripteashócmhainní trí tháirgí airgeadais traidisiúnta eile nó táirgí airgeadais traidisiúnta a eisítear i gcripteafhoirm; agus (iii) foráil a dhéanamh maidir le foráil roghnach d’Institiúidí Airgeadais Tuairiscithe tuairisciú ollfháltais a mhúchadh le haghaidh sócmhainní a aicmítear mar Chripteashócmhainní faoin dá chreat, nuair a thuairiscítear faisnéis den sórt sin faoi CARF, agus leanúint san am céanna de gach faisnéis eile a thuairisciú faoin gCaighdeán Domhanda, amhail iarmhéid cuntais,

DE BHRÍ gur cuireadh CARF chun feidhme laistigh den Aontas Eorpach trí bhíthin Threoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle 4 , lenar leasaíodh Treoir 2011/16/AE ón gComhairle 5 agus na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026,

DE BHRÍ nár sainaithníodh Andóra mar dhlínse atá ábhartha maidir le cur chun feidhme CARF ag Fóram Domhanda ECFE maidir le Trédhearcacht agus Malartú Faisnéise chun Críoch Cánach (‘an Fóram Domhanda’) ag an gcéim seo, ach tá sí réidh i gcónaí gach beart is gá a dhéanamh chun CARF a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ar bhealach brostaithe nuair a mheasann an Fóram Domhanda gur dlínse den sórt sin í,

DE BHRÍ, d’fhonn teorainn a chur le cásanna tuairiscithe dúblaigh, i gcás ina gcuireann Andóra CARF chun feidhme maidir leis na Ballstáit, gur cheart do na Páirtithe Conarthacha an dealú idir an Comhaontú, CARF agus Treoir (AE) 2023/2226 a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhsheasmhach leis an dealú idir an Caighdeán Domhanda a tugadh cothrom le dáta agus CARF,

DE BHRÍ, d’fhonn feabhas a chur ar iontaofacht agus úsáid na faisnéise malartaithe, go dtugtar isteach leis an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda ceanglais tuairiscithe níos mionsonraithe agus nósanna imeachta díchill chuí neartaithe,

DE BHRÍ go gcuireann an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda catagóir nua ‘Cuntas Eisiata’ le haghaidh Cuntais Ranníocaíochta Caipitil agus tairseach de minimis chun Cuntais Taisclainne ina bhfuil Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe a thuairisciú,

DE BHRÍ go gcuirfidh na Páirtithe Conarthacha a ndlíthe agus a gcleachtais cosanta sonraí féin i bhfeidhm – go háirithe, i gcás Andóra, an Dlí Cáilithe 29/2021 maidir le cosaint sonraí pearsanta (an tAcht Cosanta Sonraí) 6 agus, i gcás an Aontais Eorpaigh, Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 – maidir le próiseáil sonraí pearsanta a mhalartaítear i gcomhréir leis an gComhaontú agus go ngeallfaidh siad fógra a thabhairt dá chéile gan aon mhoill mhíchuí i gcás aon athrú ar shubstaint na ndlíthe agus na gcleachtas sin,

DE BHRÍ go luaitear i gCinneadh 2010/625/AE ón gCoimisiún 8 , maidir leis na gníomhaíochtaí uile a thagann faoi raon feidhme Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 , go meastar go gcuireann Andóra leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil do shonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas Eorpach,

DE BHRÍ go ndeimhnítear sa tuarascáil ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2024 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an gcéad athbhreithniú ar fheidhmiú na gcinntí leordhóthanachta arna nglacadh de bhun Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE 10 go leanann Andóra de leibhéal leordhóthanach cosanta a sholáthar do shonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas Eorpach,

DE BHRÍ go bhfuil an méid seo a leanas i bhfeidhm ag na Ballstáit agus ag Andóra: (i) coimircí iomchuí chun a áirithiú go bhfanfaidh an fhaisnéis a gheofar de bhun an Chomhaontaithe faoi rún agus nach n‑úsáidfear í ach amháin ag na daoine nó ag na húdaráis lena mbaineann agus chun críocha measúnachta, bailithe nó aisghabhála, forfheidhmithe nó ionchúisimh, nó chun achomhairc a chinneadh maidir le cánacha, nó formhaoirsiú ar na nithe sin, agus chun críocha údaraithe eile chomh maith; agus (ii) an bonneagar le haghaidh caidreamh malartaithe éifeachtach (lena n‑áirítear próisis bhunaithe chun malartuithe faisnéise tráthúla, cruinne, slána agus rúnda, cumarsáid éifeachtach iontaofa, agus cumais chun ceisteanna agus ábhair imní maidir le malartuithe nó iarrataí ar mhalartuithe a réiteach go pras a áirithiú agus forálacha Airteagal 4 den Chomhaontú a riar),

DE BHRÍ nár cheart d’Institiúidí Airgeadais Tuairiscithe, d’Údaráis Inniúla seolta agus d’Údaráis Inniúla ghlactha, mar rialaitheoirí sonraí, faisnéis arna próiseáil i gcomhréir leis an gComhaontú a choinneáil ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach agus de bhrí, i bhfianaise na ndifríochtaí i reachtaíocht na mBallstát agus i reachtaíocht Andóra, gur cheart an uastréimhse choinneála a shocrú do gach Páirtí Conarthach trí thagairt a dhéanamh do reacht na dtréimhsí dá bhforáiltear le reachtaíocht chánach intíre gach rialaitheora sonraí,

DE BHRÍ go bhfuil próiseáil faisnéise faoin gComhaontú riachtanach agus comhréireach chun a chur ar chumas riaracháin chánach na mBallstát agus Andóra na cáiníocóirí lena mbaineann a shainaithint i gceart agus go haonchiallach, a ndlíthe cánach a riar agus a fhorfheidhmiú i gcásanna trasteorann, measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go ndéanfar imghabháil cánach agus tuilleadh imscrúduithe nach bhfuil gá leo a sheachaint,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Leasaítear an Comhaontú mar a leanas:

(1)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh idir an teideal agus Airteagal 1:

‘TÁ AN tAONTAS EORPACH,

agus

PRIONSACHT ANDÓRA, dá ngairtear ‘Andóra’ anseo feasta,

dá ngairtear anseo feasta, ‘Páirtí Conarthach’, ina n‑aonar, agus ‘Páirtithe Conarthacha’, i gcomhpháirt,

TAR ÉIS A AONTÚ AN COMHAONTÚ SEO A LEANAS A THABHAIRT I gCRÍCH:’;

(2)    in Airteagal 1(1), cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘(m)    ciallaíonn an téarma ‘Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní’ an creat idirnáisiúnta le haghaidh uathmhalartú faisnéise i ndáil le Cripteashócmhainní (lena náirítear na Tráchtaireachtaí) a d’fhorbair ECFE le tíortha G20 agus a d’fhormheas ECFE an 26 Lúnasa 2022.’;

(3)    Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)    leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhíreanna (a) agus (b):

‘(a)    na nithe seo a leanas:

(i)    ainm, seoladh, UAC(anna) agus dáta breithe agus áit bhreithe (i gcás duine aonair) gach Duine Intuairiscithe ar Sealbhóir Cuntais an chuntais é agus cibé acu atá nó nach bhfuil féindeimhniúchán bailí soláthartha ag an Sealbhóir Cuntais;

(ii)    maidir le haon Eintiteas ar Sealbhóir Cuntais é agus, tar éis na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí i gcomhréir le Iarscríbhinní I agus II a chur i bhfeidhm, go sainaithnítear go bhfuil Duine Rialaithe amháin nó níos mó aige ar Duine Intuairiscithe é, ainm, seoladh agus UAC(anna) an Eintitis agus ainm, seoladh, UAC(anna) agus dáta breithe agus áit bhreithe gach Duine Intuairiscithe, chomh maith leis an ról/na róil atá acu ar dá bhua/dá mbua is Duine Rialaithe de chuid an Eintitis gach Duine Intuairiscithe agus cibé acu a soláthraíodh nó nár soláthraíodh féindeimhniúchán bailí do gach Duine Intuairiscithe; agus

(iii)    cibé acu is comhchuntas é an cuntas nó nach ea, lena náirítear líon na gComhshealbhóirí Cuntais

(b)    uimhir an chuntais (nó a coibhéis fheidhmiúil in éagmais uimhir chuntais), an cineál cuntais agus cibé acu is Cuntas atá ann cheana é an cuntas nó Cuntas Nua;’;

(ii)    scriostar an téarma ‘agus’ ag deireadh fhomhír (f);

(iii)    cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír (f):

‘(fa)    i gcás aon Leas Cothromais arna shealbhú in Eintiteas Infheistíochta ar socrú dlíthiúil é, an ról ar dá bhua sin is sealbhóir Leasa Cothromais é an Duine Intuairiscithe; agus’;

(b)    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3.    D’ainneoin mhír 2, fomhír (e), pointe (ii), agus mura rud é gur roghnaigh an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe a mhalairt faoi Roinn I(F) d’Iarscríbhinn I maidir le haon ghrúpa cuntas a shainaithnítear go soiléir, na hollfháltais ó Shócmhainn Airgeadais a dhíol nó a fhuascailt, ní cheanglaítear iad a mhalartú a mhéid a dhéanann Údarás Inniúil Andóra na hollfháltais sin ó dhíol nó ó fhuascailt na Sócmhainní Airgeadais sin a mhalartú le hÚdarás Inniúil Ballstáit nó ag Údarás Inniúil Ballstáit le hÚdarás Inniúil Andóra faoin gCreat Tuairiscithe Cripteashócmhainní.’;

(4)    Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)    i mír 3, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach:

‘D’ainneoin na chéad fhomhíre, maidir le cuntais a ndéileáiltear leo mar Chuntas Intuairiscithe de bhua na leasuithe ar an gComhaontú seo arna ndéanamh le Prótacal Leasaitheach an [dáta an tsínithe], agus dá bhua sin amháin, agus, i dtaca leis na Cuntais Intuairiscithe uile, maidir leis an bhfaisnéis bhreise atá le malartú de bhun na n‑athruithe a rinneadh ar Airteagal 2(2) faoin bPrótacal Leasaitheach sin, tá faisnéis le malartú i leith na chéad bhliana ó theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh sin agus i leith gach bliana ina dhiaidh sin.

D’ainneoin na chéad mhíre agus an dara mír, maidir le gach Cuntas Intuairiscithe a choimeádann Institiúid Airgeadais Tuairiscithe ón 31 Nollaig roimh theacht chur i bhfeidhm Phrótacal Leasaitheach an [dáta an tsínithe] agus le haghaidh tréimhsí tuairiscithe dar críoch an dara bliain féilire tar éis an dáta sin, tá faisnéis maidir leis an ról/na róil ar dá bhua/dá mbua a bhfuil gach Duine Intuairiscithe ina Dhuine Rialaithe nó ina shealbhóir Leasa Chothromais de chuid an Eintitis le malartú i gcás ina dtuairisceoidh an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe í i gcomhréir le Roinn I, fomhíreanna A(1)(b) agus A(6a), d’Iarscríbhinn I.’;

(b)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.    Déanfaidh na hÚdaráis Inniúla an fhaisnéis a thuairiscítear in Airteagal 2 a mhalartú go huathoibríoch i scéimre comhchaighdeáin tuairiscithe i dTeanga Mharcála Inbhreisithe trí úsáid a bhaint as an gComhchóras Tarchurtha arna fhormheas ag ECFE nó as aon chóras iomchuí eile do tharchur sonraí a d’fhéadfaí a chomhaontú amach anseo.’;

(c)    scriostar mír 5;

(5)    Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)    i Roinn I, leasaítear mír A mar a leanas:

(i)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh agus fhomhíreanna 1 agus 2:

‘Faoi réir mhíreanna C go F, tuairisceoidh gach Institiúid Airgeadais Tuairiscithe d’Údarás Inniúil a dlínse (is é sin Ballstát nó Andóra) i ndáil le gach Cuntas Intuairiscithe de chuid na hInstitiúide Airgeadais Tuairiscithe sin:

1.    an fhaisnéis seo a leanas:

(a)    ainm, seoladh, dlínse chónaithe/dlínsí cónaithe (is é sin Ballstát nó Andóra), UAC(anna) agus dáta breithe agus áit bhreithe (i gcás duine aonair) gach Duine Intuairiscithe ar Sealbhóir Cuntais an chuntais é agus cibé acu atá nó nach bhfuil féindeimhniúchán bailí soláthartha ag an Sealbhóir Cuntais;

(b)    maidir le haon Eintiteas ar Sealbhóir Cuntais é agus, tar éis na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí i gcomhréir le Ranna V, VI agus VII a chur i bhfeidhm, go sainaithnítear go bhfuil Duine Rialaithe amháin nó níos mó aige ar Duine Intuairiscithe é, ainm, seoladh, dlínse chónaithe/dlínsí cónaithe (is é sin Ballstát, Andóra nó dlínse eile) agus UAC(anna) an Eintitis agus ainm, seoladh, dlínse chónaithe/dlínsí cónaithe (is é sin Ballstát, Andóra nó dlínse eile), UAC(anna) agus dáta breithe agus áit bhreithe gach Duine Intuairiscithe, chomh maith leis an ról/na róil atá acu ar dá bhua/dá mbua is Duine Rialaithe de chuid an Eintitis gach Duine Intuairiscithe agus cibé acu a soláthraíodh nó nár soláthraíodh féindeimhniúchán bailí do gach Duine Intuairiscithe; agus

(c)    cibé acu is comhchuntas é an cuntas nó nach ea, lena náirítear líon na gComhshealbhóirí Cuntais;

2.    uimhir an chuntais (nó a coibhéis fheidhmiúil in éagmais uimhir chuntais), an cineál cuntais agus cibé acu is Cuntas atá ann cheana é an cuntas nó Cuntas Nua;’

(ii)    scriostar an téarma ‘agus’ ag deireadh fhomhír (6);

(iii)    cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír 6:

‘6a.    i gcás aon Leas Cothromais arna shealbhú in Eintiteas Infheistíochta ar socrú dlíthiúil é, an ról ar dá bhua sin is sealbhóir Leasa Cothromais é an Duine Intuairiscithe; agus’;

(b)    i Roinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír C:

‘C.    D’ainneoin fhomhír A(1), i ndáil le gach Cuntas Intuairiscithe ar Cuntas é atá ann cheana, ní gá UAC(anna) ná dáta breithe a thuairisciú mura bhfuil UAC(anna) sin ná an dáta breithe sin i dtaifid na hInstitiúide Airgeadais Tuairiscithe agus mura gceanglaítear ar aon bhealach eile ar an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe iad a bhailiú faoin dlí náisiúnta nó faoi aon ionstraim dlí de chuid an Aontais Eorpaigh (más infheidhme). Mar sin féin, cuirtear de cheangal ar Institiúid Airgeadais Tuairiscithe iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun UAC(anna) agus dáta breithe a fháil i ndáil le Cuntais atá ann cheana faoi dheireadh an dara bliain féilire tar éis na bliana inar sainaithníodh na Cuntais atá ann cheana mar Chuntais Intuairiscithe agus cibé uair a chuirtear de cheangal uirthi an fhaisnéis a bhaineann leis an gCuntas atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta de bhun Nósanna Imeachta náisiúnta CSA/BAC.’;

(c)    i Roinn I, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘F.    D’ainneoin fhomhír A(5)(b), agus mura roghnaíonn an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe a mhalairt i ndáil le haon ghrúpa cuntas a shainaithnítear go soiléir, na hollfháltais a fuarthas ó Shócmhainn Airgeadais a dhíol nó a fhuascailt, ní cheanglaítear iad a thuairisciú a mhéid a dhéanann an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe na hollfháltais sin a fuarthas ó Shócmhainn Airgeadais den sórt sin a dhíol nó a fhuascailt a thuairisciú faoin gCreat Tuairiscithe Cripteashócmhainní.’;

(d)    i Roinn VI, cuirtear an méid seo a leanas  in ionad fhomhír A(2)(b):

‘(b)    Daoine Rialaithe atá ag Sealbhóir Cuntais a chinneadh. Chun Daoine Rialaithe atá ag Sealbhóir Cuntais a chinneadh, féadfaidh Institiúid Airgeadais Tuairiscithe brath ar fhaisnéis a bhailítear agus a choimeádtar de bhun Nósanna Imeachta CSA/BAC, ar choinníoll go bhfuil na nósanna imeachta sin comhsheasmhach le Moltaí TFGA 2012. Mura bhfuil ceangal dlíthiúil ar an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe Nósanna Imeachta CSA/BAC a chur i bhfeidhm atá comhsheasmhach le Moltaí TFGA 2012, ní mór di nósanna imeachta atá cosúil go substaintiúil leo a chur i bhfeidhm chun na Daoine Rialaithe a chinneadh.’;

(e)    i Roinn VII, cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír A:

‘Aa.    Easpa shealadach féindeimhniúcháin. Sna himthosca eisceachtúla nach féidir le hInstitiúid Airgeadais Tuairiscithe féindeimhniúchán a fháil i ndáil le Cuntas Nua in am chun a hoibleagáidí díchill chuí agus tuairiscithe a chomhlíonadh i ndáil leis an tréimhse tuairiscithe inar osclaíodh an cuntas, ní mór don Institiúid Airgeadais Tuairiscithe na nósanna imeachta díchill chuí a chur i bhfeidhm maidir le Cuntais atá ann cheana, go dtí go bhfaighfear agus go mbailíochtófar an féindeimhniúchán sin.’;

(f)    i Roinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhíreanna A(5) go (7):

‘5.    Ciallaíonn an téarma ‘Institiúid Taisclainne’ aon Eintiteas:

(a)    a ghlacann taiscí i ngnáthchúrsa gnó baincéireachta nó gnó dá shamhail; nó

(b)    ag a bhfuil Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe nó Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais chun tairbhe custaiméirí.

6.    Ciallaíonn an téarma ‘Eintiteas Infheistíochta’ aon Eintiteas:

(a)    ag a mbíonn ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí nó na hoibríochtaí seo a leanas á ndéanamh mar ghnó do chustaiméir nó thar a cheann go príomha:

(i)    trádáil in ionstraimí margaidh airgid (seiceanna, billí, deimhnithe taisce, díorthaigh, etc.); malairt eachtrach; malartú, ráta úis agus ionstraimí innéacs; urrúis inaistrithe; nó trádáil i dtodhchaíochtaí tráchtearraí;

(ii)    bainistíocht punainne aonair agus coiteann; nó

(iii)    Sócmhainní Airgeadais, airgead, nó Cripteashócmhainní Ábhartha a infheistiú, a riar, nó a bhainistiú ar aon slí eile thar ceann daoine eile; nó

(b)    an tollioncam atá inchurtha go príomha i leith infheistiú, ath-infheistiú, nó trádáil i Sócmhainní Airgeadais nó i gCripteashócmhainní Ábhartha, más rud é go bhfuil an tEintiteas á bhainistiú ag Eintiteas eile ar Institiúid Taisclainne, Institiúid Cumhdaigh, Cuideachta Árachais Shonraithe, nó Eintiteas Infheistíochta é a thuairiscítear i bhfomhír A(6)(a).

Caitear le hEintiteas a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a thuairiscítear i bhfomhír A(6)(a) á ndéanamh aige go príomha, nó tá ollioncam Eintitis inchurtha go príomha i leith infheistiú, ath-infheistiú, nó trádáil i Sócmhainní Airgeadais nó i gCripteashócmhainní Ábhartha chun críocha fhomhír A(6)(b), más rud é go bhfuil ollioncam an Eintitis atá inchurtha i leith na ngníomhaíochtaí ábhartha cothrom le 50 % d’ollioncam an Eintitis nó os a chionn sin le linn cibé tréimhse is giorra de na tréimhsí seo a leanas: (i) an tréimhse 3 bliana dar críoch an 31 Nollaig den bhliain roimh an mbliain ina ndéantar an cinneadh; nó (ii) an tréimhse ar lena linn a bhí an tEintiteas ar marthain. Chun críocha fhomhír A(6)(a)(iii), ní áirítear leis an téarma ‘Sócmhainní Airgeadais, airgead, nó Cripteashócmhainní Ábhartha a infheistiú, a riar, nó a bhainistiú ar aon slí eile thar ceann daoine eile’ soláthar seirbhísí lena ndéantar Idirbhearta Malairte do chustaiméirí nó thar a gceann. Ní áirítear leis an téarma ‘Eintiteas Infheistíochta’ Eintiteas ar Eintiteas Neamh-Airgeadais Gníomhach é toisc go gcomhlíonann an tEintiteas sin aon cheann de na critéir i bhfomhíreanna D(9)(d) go (g).

Léirmhíneofar an mhír seo ar bhealach atá comhsheasmhach le teanga chomhchosúil a leagtar amach sa sainmhíniú ar ‘institiúid airgeadais’ sna Moltaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais.

7.    Áirítear leis an téarma ‘Sócmhainn Airgeadais’ urrús (mar shampla scair stoic i gcorparáid; comhpháirtíocht nó leas úinéireachta tairbhiúla i gcomhpháirtíocht nó in iontaobhas atá i seilbh fhorleathan nó atá á trádáil go poiblí; nóta, banna, banna neamhurraithe, nó fianaise eile ar fhiachas), leas comhpháirtíochta, tráchtearra, babhtáil (mar shampla babhtálacha rátaí úis, babhtálacha airgeadraí, bonnbhabhtálacha, caidhpeanna rátaí úis, íosrátaí úis, babhtálacha tráchtearraí, babhtálacha cothromais, babhtálacha innéacs cothromais, agus comhaontuithe comhchosúla), Conradh Árachais nó Conradh Blianachta, nó aon leas (lena náirítear conradh todhchaíochtaí nó conradh réamhcheaptha nó rogha) in urrús, Cripteashócmhainn Ábhartha, leas comhpháirtíochta, tráchtearra, babhtáil, Conradh Árachais, nó Conradh Blianachta. Ní áirítear leis an téarma ‘Sócmhainn Airgeadais’ leas díreach neamhfhiachais i réadmhaoin.’;

(g)    i Roinn VIII, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír A(8):

‘9.    Ciallaíonn an téarma ‘Táirge Ríomh-Airgid Sonraithe’ aon táirge:

(a)    is léiriú digiteach é ar Airgeadra Fiat amháin;

(b)    eisítear é ar chistí a fháil chun idirbhearta íocaíochta a dhéanamh;

(c)    léirítear le héileamh ar an eisitheoir atá ainmnithe san Airgeadra Fiat céanna;

(d)    glacann duine nádúrtha nó dlítheanach eile seachas an teisitheoir leis mar íocaíocht; agus

(e)    de bhua ceanglais rialála a bhfuil an teisitheoir faoina réir, tá sé infhuascailte ag am ar bith agus ag parluach don Airgeadra Fiat céanna arna iarraidh sin do shealbhóir an táirge.

Ní áirítear leis an téarma ‘Táirge Ríomh-Airgid Sonraithe’ táirge a chruthaítear chun aistriú cistí ó chustaiméir chuig duine eile a éascú, agus chun na críche sin amháin, de bhun threoracha an chustaiméara. Ní chruthaítear táirge chun aistriú cistí a éascú, agus chun na críche sin amháin, más rud é, i ngnáthchúrsa gnó an Eintitis is aistritheoir, go bhfuil na cistí a bhaineann leis an táirge sin i seilbh níos faide ná 60 lá tar éis treoracha a fháil chun an t‑aistriú a éascú, nó, mura bhfaightear aon treoir, go gcoimeádtar na cistí a bhaineann leis an táirge sin níos faide ná 60 lá tar éis na cistí a fháil.

10.    Ciallaíonn an téarma ‘Airgeadra Digiteacha Bainc Ceannais’ aon Airgeadra Fiat digiteach arna eisiúint ag Banc Ceannais nó ag údarás airgeadaíochta eile.

11.    Ciallaíonn an téarma ‘Airgeadra Fiat’ airgeadra oifigiúil dlínse, arna eisiúint ag dlínse nó ag Banc Ceannais nó údarás airgeadaíochta ainmnithe dlínse, mar a léirítear le nótaí bainc nó boinn nó airgead i bhfoirmeacha digiteacha éagsúla, lena náirítear cúlchistí bainc, agus Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais. Áirítear leis an téarma freisin airgead bainc thráchtála agus táirgí ríomh-airgid (lena náirítear Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe).

12.    Ciallaíonn an téarma ‘Cripteashócmhainn’ léiriú digiteach ar luach a bhraitheann ar mhórleabhar dáilte atá urraithe go cripteagrafach nó ar theicneolaíocht chomhchosúil chun idirbhearta a bhailíochtú agus a urrú.

13.    Ciallaíonn an téarma ‘Cripteashócmhainn Ábhartha’ aon Chripteashócmhainn seachas Airgeadra Digiteach Bainc Ceannais, Táirge Ríomh-Airgid Sonraithe nó aon Chripteashócmhainn a bhfuil cinneadh leordhóthanach déanta ag an Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe ina leith nach féidir í a úsáid chun críocha íocaíochta ná infheistíochta.

14.    Ciallaíonn an téarma ‘Idirbheart Malairte’:

(a)    aon mhalartú idir Cripteashócmhainní Ábhartha agus Airgeadraí Fiat; agus

(b)    aon mhalartú idir foirm amháin nó níos mó de Chripteashócmhainní Ábhartha.’;

(h)    i Roinn VIII cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír B(1)(a):

‘(a)    Eintiteas Rialtais, Eagraíocht Idirnáisiúnta nó Banc Ceannais, seachas:

(i)    i ndáil le híocaíocht atá díorthaithe ó oibleagáid arna sealbhú i dtaca le gníomhaíocht airgeadais tráchtála de chineál a mbíonn Cuideachta Árachais Shonraithe, Institiúid Cumhdaigh nó Institiúid Taisclainne ag gabháil di; nó

(ii)    i ndáil le hAirgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais a choimeád do Shealbhóirí Cuntais nach Institiúidí Airgeadais, Eintitis Rialtais, Eagraíochtaí Idirnáisiúnta ná Bainc Cheannais iad.’;

(i)    i Roinn VIII cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír C(2):

‘2.    Áirítear leis an téarma ‘Cuntas Taisclainne’ aon chuntas tráchtála, reatha, coigiltis, ama, nó taisce coigiltis, nó cuntas atá fianaithe le deimhniú taisce, deimhniú taisce coigiltis, deimhniú infheistíochta, deimhniú féichiúnais, nó ionstraim chomhchosúil eile a choimeádann Institiúid Taisclainne. Áirítear an méid seo a leanas le Cuntas Taisclainne chomh maith:

(a)    méid atá ina sheilbh ag cuideachta árachais de bhun conradh maidir le hinfheistíocht ráthaithe nó comhaontú comhchosúil chun ús ar an méid sin a íoc nó a chur chun sochair;

(b)    cuntas nó cuntas barúlach arb ionann é agus na Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe ar fad atá á sealbhú chun tairbhe custaiméara; agus

(c)    cuntas ina bhfuil Airgeadra Digiteach amháin nó níos mó de chuid an Bhainc Ceannais chun tairbhe custaiméara.’;

(j)    i Roinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír C(9)(a):

‘(a)    Cuntas Airgeadais atá á choinneáil ar bun ag Institiúid Airgeadais Tuairiscithe ón 31 Nollaig roimh theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh a síníodh an 12 Feabhra 2016 nó, má chaitear leis an gcuntas mar Chuntas Airgeadais de bhua na leasuithe ar an gComhaontú seo arna ndéanamh le Prótacal Leasaitheach an [dáta an tsínithe], agus dá bhua sin amháin, ón 31 Nollaig roimh theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh sin.’;

(k)    i Roinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír C(10):

‘10.    Ciallaíonn an téarma ‘Cuntas Nua’ Cuntas Airgeadais atá á choinneáil ar bun ag Institiúid Airgeadais Tuairiscithe a osclaíodh ar theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh a síníodh an 12 Feabhra 2016, nó ina dhiaidh sin, nó, má chaitear leis an gcuntas mar Chuntas Airgeadais de bhua na leasuithe ar an gComhaontú seo arna ndéanamh le Prótacal Leasaitheach an [dáta an tsínithe], agus dá bhua sin amháin, ar dháta chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Leasaithigh sin nó ina dhiaidh sin, mura gcaitear leis mar Chuntas atá ann cheana faoin sainmhíniú leathnaithe ar Chuntas atá ann cheana i bhfomhír C(9).’;

(l)    i Roinn VIII, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír C(17)(e)(iv):

‘(v)    fondúireacht nó méadú caipitil cuideachta ar choinníoll go gcomhlíonann an cuntas na ceanglais seo a leanas:

   go núsáidtear an cuntas go heisiach chun caipiteal a thaisceadh atá le húsáid chun críocha na fondúireachta nó chun críocha caipitil cuideachta a mhéadú, mar a fhorordaítear le dlí;

   déantar aon mhéid atá sa chuntas a bhlocáil go dtí go bhfaighidh an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe deimhniú neamhspleách maidir leis an bhfondúireacht nó an méadú caipitil;

   déantar an cuntas a dhúnadh nó a chlaochlú ina chuntas atá faoi ainm na cuideachta tar éis na fondúireachta nó an mhéadaithe caipitil;

   aon aisíocaíocht a eascraíonn as fondúireacht teipthe nó méadú caipitil, glanmhéid an tsoláthraí seirbhísí agus táillí comhchosúla, ní dhéantar iad ach leis na daoine a ranníoc na méideanna; agus

   níor bunaíodh an cuntas níos mó ná 12 mhí ó shin.’;

(m)    i Roinn VIII, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír C(17)(e):

‘(ea)    Cuntas Taisclainne lena léirítear na Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe ar fad atá á gcoinneáil chun tairbhe custaiméara, i gcás nár mhó ná USD 10 000 nó méid coibhéiseach atá ainmnithe in airgeadra intíre gach Ballstáit nó in airgeadra intíre Andóra aon lá le linn na bliana féilire nó le linn tréimhse tuairiscithe iomchuí eile an meánluach rollach 90 lá ag deireadh an lae le linn aon tréimhse 90 lá as a chéile.’;

(n)    i Roinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír D(2):

‘2.    Ciallaíonn an téarma ‘Duine Intuairiscithe’ Duine Dlínse Intuairiscithe seachas: (i) Eintiteas a dtrádáiltear a stoc go tráthrialta ar mhargadh urrús bunaithe amháin nó níos mó; (ii) aon Eintiteas arb Eintiteas Gaolmhar é d’Eintiteas a dtugtar tuairisc air i gclásal (i); (iii) Eintiteas Rialtais; (iv) Eagraíocht Idirnáisiúnta; (v) Banc Ceannais; nó (vi) Institiúid Airgeadais.’;

(o)    i Roinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír D(5)(c):

‘(c)    aon dlínse eile (i) lena bhfuil comhaontú i bhfeidhm ag an mBallstát ábhartha nó ag Andóra, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, ar dá bhun a sholáthróidh an dlínse eile sin an fhaisnéis a shonraítear i Roinn I; agus (ii) a shainaithnítear i liosta a d’fhoilsigh an Ballstát sin nó Andóra;’

(p)    i Roinn VIII, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír E(6):

‘7.    Is próiseas leictreonach é an téarma ‘Seirbhís Fíorúcháin Rialtais’ a chuireann Dlínse Intuairiscithe ar fáil d’Institiúid Airgeadais Tuairiscithe chun céannacht agus cónaí chun críoch cánach Sealbhóra Cuntais nó Duine Rialaithe a fhionnadh.’;

(q)    cuirtear an roinn seo a leanas isteach i ndiaidh Roinn IX:

‘Roinn X

BEARTA IDIRTHRÉIMHSEACHA

D’ainneoin fhomhír A(1)(b) agus A(6a) de Roinn I, maidir le gach Cuntas Intuairiscithe atá á choimeád ag Institiúid Airgeadais Tuairiscithe ón 31 Nollaig roimh theacht i bhfeidhm Phrótacal Leasaitheach an … [dáta an tsínithe] agus le haghaidh tréimhsí tuairiscithe dar críoch an dara bliain féilire tar éis an dáta sin, ní gá faisnéis a thuairisciú maidir leis an ról/na róil ar dá bhua/dá mbua is Duine Rialaithe nó sealbhóir Leasa Chothromais de chuid an Eintitis é gach Duine Intuairiscithe ach amháin má tá an fhaisnéis sin ar fáil sna sonraí atá inchuardaithe go leictreonach arna gcothabháil ag an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe.’;

(6)    in Iarscríbhinn III, scriostar fomhír (ac).

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.    Ní mór do na Páirtithe Conarthacha an Prótacal Leasaitheach seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile gur cuireadh na nósanna imeachta sin i gcrích. Tiocfaidh an Prótacal Leasaitheach seo i bhfeidhm an chéad lá de mhí Eanáir tar éis an fhógra dheireanaigh.

2.    D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 1(2), (3)(b) agus (5)(c) den Phrótacal Leasaitheach seo ón dáta a thosóidh Prionsacht Andóra ar CARF a chur i bhfeidhm leis na Ballstáit uile.

Airteagal 3

Teangacha

Déanfar an Prótacal Leasaitheach seo a tharraingt suas i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chatalóinis, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin.

DÁ FHIANÚ SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis seo.

Arna dhéanamh i/sa... sa bhliain dhá mhíle fiche is a cúig.

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Thar ceann Phrionsacht Andóra



DEARBHUITHE NA bPÁIRTITHE CONARTHACHA

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH NA bPÁIRTITHE CONARTHACHA MAIDIR LE TEACHT I bhFEIDHM AN PHRÓTACAIL LEASAITHIGH

Dearbhaíonn na Páirtithe Conarthacha go bhfuil coinne acu, maidir le ceanglais bhunreachtúla Andóra agus ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh i ndáil le comhaontuithe idirnáisiúnta a dhéanamh, go gcomhlíonfar in am iad ionas go bhféadfaidh an Prótacal Leasaitheach teacht i bhfeidhm an chéad lá de mhí Eanáir 2026. Déanfaidh siad na bearta uile is féidir leo chun an sprioc sin a bhaint amach.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH NA bPÁIRTITHE CONARTHACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHAONTÚ AGUS NA hIARSCRÍBHINNÍ

Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha, maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus na nIarscríbhinní arna leasú le Prótacal Leasaitheach an [dáta an tsínithe], gur cheart na Tráchtaireachtaí ar an Samhail-chomhaontú ECFE idir Údaráis Inniúla agus ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe, chomh maith leis na Tráchtaireachtaí ar Aguisín 2023 a ghabhann le Samhail-chomhaontú ECFE idir Údaráis Inniúla agus le nuashonrú 2023 ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe a bheith ina bhfoinse léirithe nó léirmhínithe chun comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm a áirithiú.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH NA bPÁIRTITHE CONARTHACHA MAIDIR LE hAIRTEAGAL 5 DEN CHOMHAONTÚ

Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha go bhfuil Airteagal 5 den Chomhaontú ailínithe leis an gcaighdeán ECFE is déanaí maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise i gcúrsaí cánach a chumhdaítear in Airteagal 26 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE. Dá bhrí sin, comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha, maidir le cur chun feidhme Airteagal 5, gur cheart an tráchtaireacht ar Airteagal 26 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE ar Ioncam agus ar Chaipiteal a bheith ina foinse léirmhínithe.

 

(1)

   Treoir 2003/48/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le cánachas ar ioncam ó choigiltis i bhfoirm íocaíochtaí úis (IO AE L 157, 26.6.2003, lch. 38).

(2)

   IO AE L 359, 4.12.2004, lch. 33.

(3)

     IO AE L 268, 1.10.2016, lch. 40.

(4)

   Treoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO AE L 24.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2226/oj)

(5)

   Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO AE L 64, 11.3.2011, lch. 1).

(6)

   Dlí Cáilithe 29/2021, an 28 Deireadh Fómhair, maidir le Cosaint Sonraí Pearsanta (BOPA Uimh. 119 bliain 2021 (17 Samhain 2021)), arna leasú le Dlí Cáilithe 12/2024, an 15 Iúil, lena leasaítear Dlí Cáilithe 29/2021, an 28 Deireadh Fómhair, maidir le Cosaint Sonraí Pearsanta (BOPA Uimh. 87 bliain 2024 (7 Lúnasa 2024)).

(7)

   Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO AE L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)

   Cinneadh 2010/625/AE ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2010 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta arna soláthar in Andóra (IO AE L 277, 21.10.2010, lch. 27)

(9)

     Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO AE L 281, 28.11.1995, lch. 31).

(10)

   52024 D C0007- COM/2024/7 final

Top