AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,1.7.2025
COM(2025) 361 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Chomhairle Comhlachais a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le hoscailt bhreise an mhargaidh i leith earnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste agus lena leasaítear Iarscríbhinn XXVIII-B (rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí cumarsáide) a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais sin
{SWD(2025) 174 final}
CEANGALTÁN
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. [x/2025] ón gCOMHAIRLE COMHLACHAIS
IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT NA MOLDÓIVE
an …
a mhéid a bhaineann le hoscailt bhreise an mhargaidh i leith earnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste agus lena leasaítear Iarscríbhinn XXVIII-B (rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí cumarsáide) a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile
Tá AN CHOMHAIRLE COMHLACHTAIS IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT NA MOLDÓIVE (dá ngairtear ‘an Chomhairle Comhlachais’ anseo feasta),
Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 436(1),Airteagal 449 agus Airteagal 452(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile ('an Comhaontú') i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.
(2)Foráiltear le hAirteagal 1(2), pointe (g), den Chomhaontú gurb é is aidhm don Chomhaontú, inter alia, coinníollacha a leagan síos maidir le caidreamh feabhsaithe eacnamaíoch agus trádála, rud a mbeadh comhtháthú Phoblacht na Moldóive (an Mholdóiv) a dhéanfaí de réir a chéile i margadh inmheánach an Aontais Eorpaigh (‘an tAontas’) mar thoradh air, lena n-áirítear trí Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála a chur ar bun, lena bhforálfar comhfhogasú rialála forleathan agus léirscaoileadh rochtana ar an margadh, i gcomhréir leis na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as ballraíocht san Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus le cur i bhfeidhm trédhearcach na gceart agus na n-oibleagáidí sin.
(3)Foráiltear le Airteagail 102 agus 240 den Chomhaontú go ndéanfaidh an Mholdóiv a reachtaíocht a chomhfhogasú le acquis an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn XXVIII-B a ghabhann leis an gComhaontú, i gcomhréir le forálacha na hIarscríbhinne sin.
(4)D’iarr an Mholdóiv tuilleadh comhtháthaithe i margadh inmheánach an Aontais maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste san Aontas. Mar chéad chéim i dtreo tuilleadh comhtháthaithe san earnáil sin, leasaíodh Iarscríbhinn XXVIII-B a ghabhann leis an gComhaontú le Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gCoiste Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive i gCumraíocht Trádála chun acquis fánaíochta ábhartha an Aontais a chur san áireamh.
(5)I gcomhréir le hAirteagal 407(3) den Chomhaontú, thug an Mholdóiv fógra don Aontas an 9 Bealtaine 2025 gur mheas sí go raibh an comhfhogasú rialála maidir le acquis fánaíochta an Aontais curtha i gcrích aici. An 3 agus an 20 Meitheamh 2025, chuir an Mholdóiv lena fógra tosaigh tar éis di na bearta trasuí a bhí le glacadh fós aici a ghlacadh.
(6)Rinne an tAontas measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 409 den Chomhaontú. I gcomhréir le hAirteagal 452(1) den Chomhaontú, pléadh an measúnú ar chomhfhogasú sa Choiste Comhlachais i ndáil le Cumraíocht Trádála (‘an Coiste Trádála’).
(7)Ar an mbonn sin, comhaontaíonn na Páirtithe gur cuireadh na bearta is gá chun feidhme agus go bhfuil siad á bhforfheidhmiú agus, dá bhrí sin, gurb iomchuí don Chomhairle Comhlachais cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 452(2) den Chomhaontú maidir le hoscailt chómhalartach an mhargaidh i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste idir an tAontas agus an Mholdóiv, chomh maith leis na coinníollacha lena rialófar í.
(8)Forálacha áirithe de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún, níl siad ábhartha chun críoch oibleagáidí na Moldóive maidir le comhfhogasú rialála san fho-earnáil seirbhísí fánaíochta. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is iomchuí a shonrú in Iarscríbhinn XXVIII-B a ghabhainn leis an gComhaontú cé na forálacha atá ábhartha i ndáil leis sin. Déantar an méid sin gan dochar d’oibleagáid na Moldóive Treoir (AE) 2018/1972 a chur chun feidhme go hiomlán i gcomhréir lena hoibleagáid faoi Airteagail 102 agus 240 den Chomhaontú agus chun an cuspóir go saothrófar comhtháthú breise i margadh inmheánach an Aontais.
(9)Nuair a bheidh oscailt an mhargaidh deonaithe dá chéile ag an Aontas agus ag an Moldóiv i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, féadfaidh na muirir rialáilte a leagtar amach in acquis an Aontais maidir le fánaíocht, go háirithe na meánmhuirir fánaíochta mhórdhíola a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/612 agus na rátaí foirceanta a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654, a bheith faoi réir leasuithe. Chun cómhalartacht a áirithiú i ndáil le leibhéal na muirear rialáilte is infheidhme idir gnóthais le linn na tréimhse is gá don Moldóiv chun aon leasú a thrasuí ina dlíchóras agus chun iad a chur chun feidhme, is gá rialacha sonracha a sholáthar maidir le dáta infheidhmeachta na rialacha maidir leis na muirir rialáilte leasaithe.
(10)Chun an t-am is gá a thabhairt do ghnóthais a sholáthraíonn fánaíocht ar líonraí cumarsáide poiblí san Aontas agus sa Mholdóiv chun na ceanglais theicniúla agus dhlíthiúla uile a eascraíonn as cinneadh na Comhairle Comhlachais a chur chun feidhme, tá dáta cur i bhfeidhm socraithe.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Deonaítear leis seo oscailt chómhalartach an mhargaidh i leith earnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive (‘an Comhaontú), den pháirt eile agus sa Chinneadh seo.
Airteagal 2
1.Athdhearbhaíonn an Mholdóiv go bhfuil oibleagáidí aici faoi Airteagail 102 agus 240 den Chomhaontú a reachtaíocht a chomhfhogasú le acquis an Aontais mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XXVIII-B a ghabhann leis an gComhaontú.
2.Na forálacha is infheidhme de na gníomhartha arb iad acquis fánaíochta an Aontais iad, beidh siad ina gceangal ar an Aontas agus ar Phoblacht na Moldóive (‘na Páirtithe’), i gcomhréir leis na hoiriúnuithe cothrománacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) agus leis na socruithe sonracha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn XXVIII-B a ghabhann leis an gComhaontú. Áiritheoidh na Páirtithe go gcuirfear na forálacha sin chun feidhme go hiomlán.
3.Gníomhartha ar cuid iad de acquis fánaíochta an Aontais, mar a shonraítear in Iarscríbhinn XXVIII-B a ghabhann leis an gComhaontú (‘acquis fánaíochta an Aontais’), beidh siad ina gceangal ar na Páirtithe agus beidh siad ina gcuid dá ndlíchóras inmheánach agus go háirithe:
(a)gníomh a chomhfhreagraíonn do Rialachán nó do Chinneadh de chuid an Aontais, déanfar cuid de dhlíchóras inmheánach Phoblacht na Moldóive de dá réir sin;
(b)i gcás gníomh a chomhfhreagraíonn do Threoir de chuid an Aontais, fágfar faoi údaráis Phoblacht na Moldóive an fhoirm agus an modh cur chun feidhme a roghnú.
4.I gcás neamhréiteach idir téacs acquis an Aontais agus aon ghníomh lena gcorpraítear é i ndlíchóras inmheánach Phoblacht na Moldóive, beidh forlámhas ag téacs ghníomh an Aontais.
5.De bhun phrionsabal an chomhair dhílis, tabharfaidh na Páirtithe cúnamh dá chéile, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, na cúraimí a leagtar amach sa Chinneadh seo a dhéanamh. Déanfaidh na Páirtithe aon bheart iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an gCinneadh seo nó as gníomhartha institiúidí an Aontais.
Airteagal 3
1.Chun éifeacht a thabhairt don Chinneadh seo, mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú, beidh forálacha acquis fánaíochta an Aontais infheidhme i gcomhréir leis na hoiriúnuithe cothrománacha seo a leanas:
(a)Níl brollaigh na ngníomhartha arb iad acquis fánaíochta an Aontais iad oiriúnaithe chun críocha an Chomhaontaithe agus an Chinnidh seo. Tá siad ábhartha a mhéid is gá chun na forálacha atá sna gníomhartha dlí sin a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm go cuí, faoi chuimsiú an Chomhaontaithe agus an Chinnidh seo.
(b)Is mar seo a leanas a léifear na téarmaí seo a leanas a úsáidtear sna gníomhartha arb iad acquis fánaíochta an Aontais iad:
(i)cuirfear an téarma ‘idir an tAontas Eorpach agus an Mholdóiv’ in ionad ‘Comhphobal’ nó ‘Aontas Eorpach’;
(ii)cuirfear ‘an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Mholdóiv’ in ionad na téarmaí ‘dlí an Chomhphobail nó dlí an Aontais Eorpaigh’, ‘reachtaíocht an Chomhphobail nó reachtaíocht an Aontais Eorpaigh’, ‘Ionstraimí Comhphobail nó ionstraimí de chuid an Aontais Eorpaigh’ agus ‘Conradh CE’ nó ‘an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’;
(iii)is é ‘Iris Oifigiúil na bPáirtithe’ a léifear in ionad an téarma ‘Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach’ nó ‘Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh’.
(c)Gan dochar do phointe (e), aon uair a bheidh tagairtí do ‘Ballstát’ nó ‘Ballstáit’ i bhforálacha acquis fánaíochta an Aontais, tuigfear go n-áirítear leis na tagairtí Poblacht na Moldóive chomh maith le Ballstáit an Aontais.
(d)Aon uair atá tagairtí i bhforálacha acquis fánaíochta an Aontais do chríoch an ‘Chomhphobail’, ‘an Aontais Eorpaigh’ nó an ‘chómhargaidh’, tuigfear, chun críocha an Chomhaontaithe agus an Chinnidh seo, gur tagairtí iad do chríocha na bPáirtithe mar a shainmhínítear iad i mír 1 agus i mír 2 d’Airteagal 462 den Chomhaontú.
(e)Aon uair atá tagairtí d’institiúidí, do choistí nó do chomhlachtaí eile de chuid an Aontais i bhforálacha acquis fánaíochta an Aontais, tuigtear nach mbeidh Poblacht na Moldóive ina comhalta de na hinstitiúidí, de na coistí nó de na comhlachtaí sin.
(f)Na cearta a thugtar do Bhallstáit an Aontais nó a n‑eintitis phoiblí, a ngnóthais nó a ndaoine aonair agus na hoibleagáidí a fhorchuirtear orthu maidir lena gcaidreamh le chéile, tuigfear iad a bheith á dtabhairt nó á bhforchur ar na Páirtithe Conarthacha, agus tuigfear ‘na Páirtithe Conarthacha’ freisin, de réir an cháis, mar a n‑údaráis inniúla, a n‑eintitis phoiblí, a ngnóthais nó a ndaoine aonair iad.
(g)Forálacha maidir le teacht i bhfeidhm nó cur chun feidhme na bhforálacha is infheidhme dá dtagraítear sna gníomhartha arb iad an acquis fánaíochta iad, níl siad ábhartha chun críocha an Chinnidh seo. Na teorainneacha ama agus na dátaí a bhaineann le Poblacht na Moldóive na forálacha is infheidhme a achtú agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go hiomlán iad, leagtar amach iad sna socruithe a shonraítear in Iarscríbhinn XXVIII-B a ghabhann leis an gComhaontú agus leis an gCinneadh seo.
2.Beidh na Páirtithe i dteideal aon cheann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais Eorpaigh nó na Moldóive a úsáid, sna nósanna imeachta a bhunófar faoi chuimsiú an Chinnidh seo. Má úsáidtear teanga nach ceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais í i ndoiciméad oifigiúil, déanfar aistriúchán go ceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais a thíolacadh go comhuaineach.
3.Chun feidhmiú chumhachtaí ábhartha údaráis inniúla na bPáirtithe a éascú, malartóidh na húdaráis sin ar iarraidh an fhaisnéis uile is gá chun go bhfeidhmeoidh an Cinneadh seo mar is ceart.
Airteagal 4
1.Coinníonn an tAontas a cheart chun gníomhartha nua dlí a ghlacadh nó gníomhartha atá ann cheana in earnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste a leasú. Tabharfaidh an tAontas fógra i scríbhinn do Phoblacht na Moldóive agus don Choiste Trádála, go tráthúil, faoi aon ghníomh nua a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí de in earnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste nuair a ghlacfaidh an tAontas é.
2.Cinnfidh an Coiste Trádála laistigh de 3 mhí gníomh nua nó leasaithe áirithe de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn XXVIII-B a ghabhann leis an gComhaontú.
3.Nuair a chuirfear gníomh nua nó gníomh leasaithe de chuid an Aontais le hIarscríbhinn XXVIII-B a ghabhann leis an gComhaontú, déanfaidh Poblacht na Moldóive an gníomh a thrasuí agus a chur chun feidhme ina córas dlí intíre. Forálacha infheidhme na ngníomhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXVIII-B a ghabhann leis an gComhaontú, déanfar cuid de dhlíchóras inmheánach Phoblacht na Moldóive díobh i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus i gcomhréir leis na sprioc-amanna seo a leanas:
(a)déanfar Rialachán nó Cinneadh de chuid an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú a luaithe is indéanta agus 3 mhí ar a dhéanaí tar éis an dáta teacht i bhfeidhm dá bhforáiltear sa Rialachán nó sa Chinneadh sin, mura gcinnfidh an Coiste Trádála a mhalairt;
(b)déanfar Treoir de chuid an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú a luaithe is indéanta agus 3 mhí ar a dhéanaí tar éis dhul in éag na tréimhse trasuí dá bhforáiltear sa Treoir, mura gcinnfidh an Coiste Trádála a mhalairt;
Áiritheoidh Poblacht na Moldóive, i ndeireadh na tréimhse ama ábhartha, go mbeidh a dlíchóras iomlán i gcomhréir leis an ngníomh dlí de chuid an Aontais atá le cur chun feidhme.
4.Déanfaidh an tAontas measúnú ar an gcur chun feidhme i gcomhar le Poblacht na Moldóive de réir na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 409 den Chomhaontú.
5.I gcás ina mbeidh coinne ag Poblacht na Moldóive go mbeidh deacrachtaí ar leith aici maidir le gníomh nua nó gníomh leasaithe de chuid an Aontais a thrasuí ina reachtaíocht intíre, cuirfidh sí an tAontas agus an Coiste Trádála ar an eolas faoi sin láithreach. Féadfaidh an Coiste Trádála a chinneadh an féidir, in imthosca eisceachtúla, Poblacht na Moldóive a dhíolmhú go sealadach agus go páirteach óna hoibleagáidí trasuí faoi mhír 3 a mhéid a bhaineann le gníomhartha dlí nua nó leasaithe de chuid an Aontais. I gcás ina ndeonóidh an Coiste Trádála maolú den sórt sin, tuairisceoidh Poblacht na Moldóive go tráthrialta maidir leis an dul chun cinn atá déanta i leith reachtaíocht ábhartha an Aontais a thrasuí.
6.Más rud é, d’ainneoin chur i bhfeidhm mhír 5, nach mbeidh a dlí náisiúnta comhfhogasaithe ag Poblacht na Moldóive chun athruithe ar Iarscríbhinn XXVIII-B a ghabhann leis an gComhaontú a chur san áireamh, nó má léirítear i measúnú de bhun Airteagal 410(6) den Chomhaontú nach bhfuil reachtaíocht Phoblacht na Moldóive comhfhogasaithe a thuilleadh le dlí an Aontais, nó mura mbeidh cinneadh déanta ag an gComhairle Comhlachais arna bunú le hAirteagal 434 den Chomhaontú Iarscríbhinn XXVIII-B a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le forbairtí i ndlí an Aontais, féadfaidh an tAontas sochair a dheonaítear faoin gCinneadh seo a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 410(7) agus (8) den Chomhaontú. Cuirfear deireadh leis an gcur ar fionraí go pras, má réitíonn an Coiste Trádála an t-ábhar dá éis sin.
7.Nuair is mian le Poblacht na Moldóive reachtaíocht nua a ghlacadh nó an reachtaíocht atá aici cheana maidir le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste a leasú, beidh feidhm ag na ceanglais tuairiscithe agus measúnaithe a leagtar amach in Airteagal 407(3) agus in Airteagal 409 den Chomhaontú.
Airteagal 5
A mhéid atá forálacha an Chomhaontaithe, an Chinnidh seo, nó na forálacha is infheidhme a shonraítear in Iarscríbhinn XXVIII-B a ghabhann leis an gComhaontú comhionann ó thaobh substainte de le rialacha comhfhreagracha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le gníomhartha arna nglacadh dá bhun, déanfar na forálacha sin a léirmhíniú, ina gcur chun feidhme agus ina gcur i bhfeidhm, i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh arna thabhairt roimh ghlacadh an Chinnidh seo nó dá éis sin.
Airteagal 6
1.Más rud é gur tháinig deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha, sochaíocha nó comhshaoil de chineál earnála nó réigiúnach chun cinn, nó más baolach go dtiocfaidh siad chun cinn, i gcás ceachtar den dá Páirtí i ndáil leis an gcóir a dheonaítear de bhun Airteagal 1, féadfaidh an Páirtí lena mbaineann bearta coimirce iomchuí a dhéanamh i ndáil leis an gcóir a dheonaítear de bhun Airteagal 1 faoi na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 7(1) go (6).
2.Beidh bearta coimirce srianta maidir lena raon feidhme agus leis an bhfad a mhairfidh siad don mhéid atá fíor-riachtanach chun an cás a réiteach san earnáil nó sa réigiún lena mbaineann. Tabharfar tosaíocht do na bearta is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Chomhaontaithe.
Airteagal 7
1.Má bhíonn Páirtí ag smaoineamh ar bhearta coimirce a dhéanamh, tabharfaidh sé fógra don Pháirtí eile faoin rún atá aige tríd an gCoiste Trádála agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha uile.
2.Rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúchán láithreach sa Choiste Trádála d’fhonn réiteach atá inghlactha go frithpháirteach a aimsiú. Staonfaidh Páirtí ó bhearta coimirce a dhéanamh go dtí go ndéanfar iarrachtaí teacht ar réiteach a bheidh inghlactha ag an dá Pháirtí.
3.Ní fhéadfaidh an Páirtí lena mbaineann bearta coimirce a dhéanamh go dtí go mbeidh mí amháin istigh ó dháta an fhógra faoi mhír 2, ach amháin má thugtar i gcrích an nós imeachta comhairliúcháin faoi mhír 2 sula rachaidh teorainn ama a shonraítear in éag. De mhaolú ar an gceanglas sin, i gcás ina n-eisiafar réamhscrúdú mar gheall ar imthosca eisceachtúla a léiríonn go bhfuil gá le gníomh práinneach, féadfaidh Páirtí na bearta cosanta a bhfuil fíorghá leo a chur i bhfeidhm láithreach chun an cás a leigheas.
4.Cuirfidh an Páirtí lena mbaineann, gan mhoill, na bearta coimirce a glacadh in iúl don Choiste Trádála agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha ar fad.
5.Scoirfear d’aon bheart coimirce nuair nach mbeidh na tosca as ar eascair glacadh an bhirt sin ann a thuilleadh.
6.Beidh na bearta coimirce a ghlacfar á bplé i gcomhairliúcháin leanúnacha sa Choiste Trádála d’fhonn deireadh a chur leo nó d’fhonn a raon feidhme a theorannú.
7.Más rud é, d’ainneoin chur i bhfeidhm mhír 6, nach féidir teacht ar réiteach a bheidh inghlactha ag an dá pháirtí laistigh de 6 mhí agus go gcruthófar leis an mbeart coimirce éagothroime idir cearta agus oibleagáidí na bPáirtithe san earnáil lena mbaineann, féadfaidh an Páirtí lena mbaineann cibé bearta athchothromúcháin comhréireacha a dhéanamh a bhfuil fíorghá leo chun an éagothroime a leigheas. Tabharfar tosaíocht do na bearta sin is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú Chaibidil 6 (Bunú, Trádáil i Seirbhísí agus Ríomhthráchtáil) de Theideal V (Trádáil agus Nithe a bhaineann le Trádáil) den Chomhaontú agus den Chinneadh seo.
8.Cuirfidh an Páirtí lena mbaineann, gan mhoill, na bearta athchothromúcháin a glacadh in iúl don Choiste Trádála agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha ar fad. Scoirfear d’aon bheart athchothromúcháin a luaithe nach mbeidh na tosca as ar eascair glacadh an bhirt sin ann a thuilleadh.
9.Beidh aon bheart athchothromúcháin a ghlacfar á phlé i gcomhairliúcháin leanúnacha sa Choiste Trádála chun deireadh a chur leo nó chun a raon feidhme a theorannú.
Airteagal 8
I gcás ina leasófar na muirir rialáilte a leagtar amach in acquis fánaíochta an Aontais tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo, cuirfear tús lena gcur i bhfeidhm éigeantach chun críocha an Chinnidh seo ar aon dáta amháin i gcás an dá Pháirtí. Is é sin dáta theacht i bhfeidhm na leasuithe ábhartha ar acquis fánaíochta an Aontais nó dáta theacht i bhfeidhm reachtaíocht na Moldóive atá iomlán comhlíontach agus lena gcuirfear chun feidhme na leasuithe ábhartha ar acquis fánaíochta an Aontais, tar éis a dheimhnithe leis an measúnú de bhun Airteagal 409 den Chomhaontú, cibé dáta is déanaí, nó dáta teacht i bhfeidhm eile arna chomhaontú ag an dá Pháirtí chun an éifeacht cur i bhfeidhm chúlghabhálach a sheachaint. Go dtí an dáta sin, leanfaidh na muirir a rialaíodh roimhe sin de bheith infheidhme chun críocha an Chinneadh seo.
Airteagal 9
Déantar leis seo Iarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile, a mhodhnú mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 10
Tá an Cinneadh seo dréachta sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin.
Airteagal 11
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm [ar dháta a ghlactha].
Beidh feidhm aige ón […].
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle Comhlachais
An Cathaoirleach
Na rúnaithe
IARSCRÍBHINN
Leasófar Iarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) a ghabhann leis an gComhaontú tríd an téacs seo a leanas a chur in ionad an téacs idir Treoir (AE) 2018/1972 agus Rialachán (AE) 2018/1971:
Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (athmhúnlú) (‘EECC’).
Gan dochar d’oibleagáid na Moldóive Treoir (AE) 2018/1972 a chur chun feidhme go hiomlán chun críche cinnidh is féidir a dhéanfaidh an Coiste Comhlachais oscailt bhreise an mhargaidh a dheonú le haghaidh seirbhísí teileachumarsáide de bhun Airteagal 452(2), chun críche cinneadh is féidir a dhéanfaidh an Coiste Comhlachais oscailt bhreise an mhargaidh a dheonú le haghaidh fánaíochta de bhun Airteagal 452(2), ní mór na forálacha seo a leanas de Threoir (AE) 2018/1972 a chur chun feidhme:
–Airteagal 1 – Ábhar, raon feidhme agus aidhmeanna
–Airteagal 2 – Sainmhínithe, pointí (1) agus (2), (4) go (11), (13) go (16), (22), (27) go (34), (36), agus (38) go (40)
–Airteagal 3 – Na cuspóirí ginearálta
–Airteagal 5 – Údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile
–Airteagal 6 – Neamhspleáchas na n-údarás rialála náisiúnta agus na n-údarás inniúla eile
–Airteagal 7 – Comhaltaí de chuid na n-údarás rialála náisiúnta a cheapadh nó a bhriseadh as a bpost
–Airteagal 8 – Neamhspleáchas polaitiúil agus cuntasacht na n-údarás rialála náisiúnta
–Airteagal 9 – Inniúlacht rialála na n-údarás rialála náisiúnta
–Airteagal 10 – Rannpháirtíocht na n-údarás rialála náisiúnta in BEREC
–Airteagal 11 – Comhar leis na húdaráis náisiúnta
–Airteagal 12 – Údarú ginearálta líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí
–Airteagal 13 – Coinníollacha a ghabhann leis an údarú ginearálta agus leis na cearta úsáide do speictream raidió agus d’acmhainní uimhrithe, agus oibleagáidí sonracha, seachas gach tagairt do chearta úsáide do speictream raidió agus d’acmhainní uimhrithe agus na crostagairtí d’Airteagal 45, d’Airteagal 51, d’Airteagal 62, d’Airteagal 68, d’Airteagal 83 agus d’Airteagal 94
–Airteagal 14 – Dearbhuithe lena n-éascaítear feidhmiú na gceart chun saoráidí a shuiteáil agus feidhmiú na gceart idirnaisc
–Airteagal 15 – Liosta de na cearta íosta ón údarú ginearálta
–Airteagal 16 - Muirir riaracháin
–Airteagal 17 – Deighilt cuntasaíochta agus tuarascálacha airgeadais
–Airteagal 18 – Leasú ar chearta agus oibleagáidí, seachas gach tagairt do chearta úsáide do speictream raidió, d’acmhainní uimhrithe agus do shaoráidí a shuiteáil
–Airteagal 19 – Cearta a shrianadh nó a tharraingt siar, seachas gach tagairt do chearta úsáide do speictream raidió, d’acmhainní uimhrithe agus do shaoráidí a shuiteáil
–Airteagal 20 – Iarraidh ar fhaisnéis chuig gnóthais
–Airteagal 21 – Faisnéis a cheanglaítear maidir leis an údarú ginearálta, cearta úsáide agus oibleagáidí sonracha, seachas gach tagairt do chearta úsáide agus oibleagáidí sonracha agus na crostagairtí d’Airteagal 13(2), d’Airteagal 22, agus d’Iarscríbhinn I, codanna D agus E
–Airteagal 23 – Sásra comhairliúcháin agus trédhearcachta, seachas mír (2) agus na crostagairtí d’Airteagal 32(10), agus d’Airteagal 45(4) agus (5)
–Airteagal 24 – Comhairliúchán le páirtithe leasmhara
–Airteagal 25 – Réiteach díospóide lasmuigh den chúirt
–Airteagal 26 – Díospóidí idir gnóthais a réiteach
–Airteagal 27 – Díospóidí trasteorann a réiteach, míreanna (1) agus (2), agus míreanna (4) go (6)
–Airteagal 29 – Pionóis, mír (1)
–Airteagal 30 – Coinníollacha an údaraithe ghinearálta nó na gceart úsáide do speictream raidió agus d’acmhainní uimhrithe a chomhlíonadh agus oibleagáidí sonracha a chomhlíonadh, seachas gach tagairt do chearta úsáide do speictream raidió agus d’acmhainní uimhrithe agus na crostagairtí d’Airteagal 4, d’Airteagal 13(2), d’Airteagal 45(1), d’Airteagal 47, d’Airteagal 67 agus d’Airteagal 69
–Airteagal 31 – Ceart achomhairc
–Airteagal 59 – Creat ginearálta le haghaidh rochtana agus idirnascadh
–Airteagal 60 – Cearta agus oibleagáidí gnóthas, míreanna (1) agus (2)
–Airteagal 61 – Cumhachtaí agus freagrachtaí na n-údarás rialála náisiúnta agus údarás inniúil eile maidir le rochtain agus idirnascadh, mír (1), mír (2), pointí (a) go (c), míreanna (3), (5), agus (6)
–Airteagal 75 – Rátaí foirceanta, míreanna (2) agus (3)
–Airteagal 93 – Acmhainní uimhrithe, an chéad fhomhír de mhír (5)
–Airteagal 97 – Rochtain ar uimhreacha agus ar sheirbhísí
–Airteagal 99 – Neamh-idirdhealú
–Airteagal 100 – Coimirce ar chearta bunúsacha
–Airteagal 108 – Infhaighteacht seirbhísí
–Airteagal 111 – Rochtain agus rogha choibhéiseach d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas
–Airteagal 120 – Faisnéis a fhoilsiú
–Airteagal 122 – Nósanna imeachta athbhreithnithe, an dara fomhír agus an tríú fomhír de mhír (1)
–Iarscríbhinn I – Liosta coinníollacha a d’fhéadfadh a bheith ceangailte le húdaruithe ginearálta, le cearta maidir le húsáid speictrim raidió agus le cearta maidir le húsáid acmhainní uimhrithe, codanna A go C
–Iarscríbhinn III – Critéir maidir le cinneadh faoi rátaí mórdhíola do fhoirceannadh guthghlaonna.
|
Tráthchlár: cuirfear forálacha Threoir (AE) 2018/1972 chun feidhme laistigh de 1 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.
|
Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas
Tá forálacha Rialachán (AE) 2022/612, chun críocha an Chomhaontaithe seo, oiriúnaithe mar seo a leanas: In Airteagal 1(4) déantar tagairt do rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Fad agus nach bhfoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do leu na Moldóive, ba cheart rátaí malairte idir an euro agus leu na Moldóive arna bhfoilsiú ag Banc Náisiúnta na Moldóive a úsáid chun críocha Airteagal 1(4) a chur i bhfeidhm. Fágfar na tréimhsí tagartha agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 1(4) gan athrú.
Na forálacha uile a chur chun feidhme cé is moite de na forálacha seo a leanas:
–Airteagal 1 – Ábhar agus raon feidhme, mír (5)
–Airteagal 3 – Rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola, mír (8)
–Airteagal 4 – Soláthar seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, mír (3)
–Airteagal 7 – Cur chun feidhme beartais maidir le húsáid chóir agus an tsásra inbhuanaitheachta, míreanna (1) go (3) agus (5). Tá an eisceacht i leith Airteagal 7(1) go (3) gan dochar d’oibleagáid na Moldóive na gníomhartha cur chun feidhme a chur chun feidhme maidir le beartais maidir le húsáid chóir a chur i bhfeidhm, don mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht an tsoláthair seirbhísí fánaíochta miondíola ar phraghsanna baile agus don iarratas nach mór do soláthraí seirbhísí fánaíochta a thíolacadh chun críocha an mheasúnaithe ar an inbhuanaitheacht a dhéanamh
–Airteagal 8 – Cur i bhfeidhm eisceachtúil formhuirear miondíola chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a thomhailt agus taraifí malartacha a sholáthar, mír (6)
–An chéad fhomhír agus an tríú fomhír d’Airteagal 16 – Bunachar sonraí de raonta uimhrithe le haghaidh seirbhísí breisluacha agus modhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála
–Airteagal 20 – Nós imeachta coiste
–Airteagal 21 – Athbhreithniú
–Airteagal 23 – Aisghairm
|
Tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2022/612 chun feidhme laistigh de 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.
|
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2016 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir agus maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar a inbhuanaithe agus a bheadh sé deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola agus maidir leis an iarratas a bheidh le cur isteach ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe sin.
Na forálacha uile a chur chun feidhme cé is moite de na forálacha seo a leanas:
–Airteagal 12 – Athbhreithniú.
|
Tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a leagan síos.
Tá forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún, chun críocha an Chomhaontaithe seo, oiriúnaithe mar seo a leanas: In Airteagal 3(2) agus (3) déantar tagairt do rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Fad agus nach bhfoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte maidir le leu na Moldóive, ba cheart rátaí malairte idir an euro agus leu na Moldóive arna bhfoilsiú ag Banc Náisiúnta na Moldóive a úsáid chun críocha Airteagal 3(2) agus (3) a chur i bhfeidhm. Déanfar an tréimhse thagartha a leagtar síos in Airteagal 3(2) a oiriúnú don ráithe ábhartha is déanaí a bhfuil faisnéis ar fáil ina leith. Fágfar na tréimhsí tagartha agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(3) gan athrú.
Cuirfidh an Mholdóiv Airteagal 1(1), Airteagal 3(1), Airteagal 4(1) agus Airteagal 5(1) chun feidhme trí shainordú a thabhairt dá hoibreoirí gan an t-uasráta foirceanta aonair uile-Aontais le haghaidh ghuthghlaonna soghluaiste agus an t-uasráta foirceanta aonair uile-Aontais le haghaidh guthghlaonna seasta, a shárú.
Na forálacha uile a chur chun feidhme cé is moite de na forálacha seo a leanas:
–Airteagal 1(2)
–Airteagal 4(2) go (5)
–Airteagal 5(2).
|
Tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún chun feidhme roimh an Rialachán maidir le Fánaíocht agus cuirfear chun feidhme iad laistigh de 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.
|
Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009.
Na forálacha seo a leanas le cur chun feidhme:
–Airteagal 3 – Cuspóirí BEREC, mír (5)
–Airteagal 4 – Cúraimí rialála BEREC, mír (4)
–Airteagal 7 – Comhdhéanamh an Bhoird Rialálaithe, míreanna (1) go (3)
–Airteagal 8 – Neamhspleáchas an Bhoird Rialálaithe
–Airteagal 11 – Cruinnithe an Bhoird Rialálaithe, mír (5)
–Airteagal 12 – Rialacha vótála an Bhoird Rialálaithe, mír (2)
–Airteagal 15 – Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta, míreanna (1) go (3)
–Airteagal 18 – Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta, mír (5)
–Airteagal 38 – Rúndacht, mír (2)
–Airteagal 40 – Malartú faisnéise, míreanna (1), (2), (4), agus (5)
–Airteagal 42 – Dearbhuithe leasanna, míreanna (1) agus (2).
— Beidh údarás rialála náisiúnta na Moldóive, ar a bhfuil an phríomhfhreagracht as maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na margaí ó lá go lá maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, iomlán rannpháirteach in obair Bhord Rialálaithe BEREC, mheithleacha BEREC agus Bhord Bainistíochta Oifig BEREC. Beidh cearta ag údarás rialála náisiúnta na Moldóive agus beidh oibleagáidí uirthi a bheidh ar aon dul leis na cearta atá ag údaráis rialála náisiúnta Bhallstáit an Aontais agus leis na hoibleagáidí atá orthu, cé is moite den cheart vótála agus an ceart chun Cathaoirleachta ar an mBord Rialálaithe agus ar an mBord Bainistíochta.
Ina fhianaise sin, déanfar ionadaíocht ar údarás rialála náisiúnta na Moldóive ar leibhéal iomchuí i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2018/1971. I gcomhréir le rialacha ábhartha rialachán Rialachán (AE) 2018/1971, tabharfaidh BEREC agus Oifig BEREC cúnamh, de réir mar a bheidh, d’údarás rialála náisiúnta na Moldóive agus a chúramaí á gcomhlíonadh aige.
— Tabharfaidh údarás rialála náisiúnta na Moldóive lánaird ar aon treoirlíne, tuairim, moladh, comhsheasamh agus dea-chleachtas a bheidh glactha ag BEREC d’fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála le haghaidh cumarsáid leictreonach a áirithiú. Chun críoch oscailt an margaidh le haghaidh fánaíochta de bhun Airteagal 452(2) d’Iarscríbhinn XVII, tabharfaidh údarás rialála náisiúnta na Moldóive lánaird ar aon treoirlíne arna glacadh ag BEREC d’fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála maidir le fánaíocht a áirithiú agus tabharfaidh sé cúiseanna nuair a imeoidh sé ó threoirlíne den sórt sin.
|
Tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2018/1971 chun feidhme laistigh de 1 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.
|