AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,13.6.2025
COM(2025) 313 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Proposal for a
COUNCIL DECISION
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) agus Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE
(EED)
IARSCRÍBHINN
DRÉACHTCHINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE
Uimh. […]
an […]
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) agus Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n‑aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE, tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.
(2)Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/CE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.
(3)Níl Stáit CSTE san áireamh i bpríomhsprioc an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, is é sin coigilteas fuinnimh 20 faoin gcéad a bhaint amach faoi 2020. Ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 3 de Threoir 2012/27/AE maidir le Stáit CSTE cé is moite de na forálacha in Airteagal 3(1)(a) agus 3(5).
(4)Níl Stáit CSTE san áireamh i bpríomhspriocanna an Aontais do 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, is é sin 32,5 faoin gcéad ar a laghad. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag Airteagal 1(1) de Threoir 2012/27/AE, arna leasú le Treoir (AE) 2018/2002, maidir le Stáit CSTE. Ina ionad sin, socróidh Stáit CSTE spriocanna náisiúnta táscacha do 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh.
(5)Is é is aidhm do na maoluithe don Íoslainn a áirithiú go gcuirfear bearta éifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme ar bhealach atá costéifeachtach iomchuí dá staid agus córas fuinnimh leithlisithe agus nach mór saor ó bhreosla iontaise, agus go bhfuil ardleibhéil slándála soláthair agus neamhspleáchais fuinnimh ag an tír. Tá fuinneamh geoiteirmeach in‑athnuaite a bhfuil saintréithe speisialta ag baint leis in úsáid go forleathan ag an Íoslainn, rud a fhágann gur gá don Íoslainn, inter alia, maolú ar cheanglais áirithe a bhaineann le méadrú in Airteagail 9a, 9b agus 9c.
(6)In Airteagal 5 de Threoir 2012/27/AE, arna leasú le Treoir (AE) 2018/2002, tagraítear d’íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh atá in Airteagal 4 de Threoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh. Tá an Íoslainn díolmhaithe ar Threoir 2010/31/AE a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 135/2022 ó Chomhchoiste LEE. Dá bhrí sin, oibleagáidí maidir le híosfheidhmíocht fuinnimh i bhfoirgnimh, leanfaidh siad ó reachtaíocht náisiúnta san Íoslainn.
(7)Tá sciar tionscal dianfhuinnimh na hÍoslainne díréireach ard agus dá thoradh sin tá oibleagáid maidir le coigilteas uirthi atá roinnt uaireanta níos airde ná meán an Aontais. Tá 88 % den fhuinneamh príomhúil san Íoslainn in‑athnuaite agus tá costas leictreachais agus teasa íseal, rud a chiallaíonn gur lú na coigiltis is fearr costas. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 7(1), ba cheart don Íoslainn coigilteas nua ar fhuinnimh a bhaint amach gach bliain, ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030, arb é atá ann 0,24 % den tomhaltas fuinnimh deiridh, a mheánaítear thar an tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019.
(8)Níl bonneagar gáis nádúrtha ag an Íoslainn agus tá sí díolmhaithe ó Threoir 2009/73/CE maidir leis an margadh inmheánach do ghás nádúrtha i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 93/2017 ó Chomhchoiste LEE. Dá bhrí sin, Airteagail 9 agus 10 a mhéid a bhaineann le méadrú i gcomhair gás nádúrtha agus le faisnéis bhilleála le haghaidh gás nádúrtha, ní bheidh feidhm ag na hAirteagail sin maidir leis an Íoslainn.
(9)I gcomhréir le Cinneadh Uimh. 151/2006 ó Chomhchoiste LEE, níl feidhm ag Treoir 2004/8/CE maidir le comhghiniúint atá bunaithe ar éileamh teasa úsáidigh a chur chun cinn sa mhargadh inmheánach fuinnimh i ndáil le comhghiniúint gheoiteirmeach a mhéid a bhaineann leis an Íoslainn. Airteagail 14 agus 15 maidir le comhghiniúint i dTreoir 2012/27/AE, arna leasú le Treoir (AE) 2018/2002, tá comhghaol acu leis na hairteagail maidir le comhghiniúint i dTreoir 2004/8/CE. Cumhdaíonn an Íoslainn 90 % den éileamh iomlán ar theas cheana féin le fuinneamh geoiteirmeach agus leanann sí d’fhorbairt na comhghiniúna geoiteirmigh a chur chun cinn laistigh dá creat dlíthiúil náisiúnta i ngach cás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil. Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag Airteagail 14 agus 15 maidir le comhghiniúint gheoiteirmeach a mhéid a bhaineann leis an Íoslainn.
(10)Thángthas ar chomhaontú i dtaca le solúbthacht bhreise maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 5 agus 20 de Threoir 2012/27/AE, arna leasú le Treoir (AE) 2018/2002. In Airteagal 20(5), ba cheart tagairt d’Airteagal 5 a chur in ionad na tagartha d’Airteagal 5(1) ionas go bhféadfar oibleagáidí Airteagal 5 ina iomláine a chomhlíonadh le ranníocaíochtaí le ciste.
(11)Le Treoir 2012/27/AE, aisghairtear Treoir 2004/8/CE, Treoir atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.
(12)Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 6 (Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil IV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
-32012 L 0027: Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).’
Airteagal 2
Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 24 (Treoir 2004/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):
‑‘32012 L 0027: Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena naisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1), arna leasú le:
-32018 L 2002: Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210).
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha na Treorach oiriúnaithe mar a leanas:
(a)Airteagal 1(1) agus Airteagal 3(1)(a) agus an tríú fomhír d’Airteagal 7(1) ní bheidh feidhm acu maidir le Stáit CSTE.
(b)In Airteagal 3(5), cuirfear an fhomhír seo a leanas leis:
‘Socróidh gach Stát CSTE sprioc tháscach náisiúnta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh do 2030, bunaithe ar thomhaltas fuinnimh phríomhúil nó deiridh, nó ar dhéine fuinnimh, mar chuid dá plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide féin i gcomhréir le hAirteagail 3 agus 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999.’
(c)In Airteagal 5, cuirfear isteach na focail ‘, nó, maidir leis an Íoslainn, oibleagáidí i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta san Íoslainn’ i ndiaidh na bhfocal ‘Airteagal 4 de Threoir 2010/31/AE’.
(d)I bpointe (b) d’Airteagal 7(1), cuirfear an abairt seo a leanas leis:
‘De mhaolú ar an gceanglas sa chéad abairt den phointe seo, bainfidh an Íoslainn coigilteas nua amach gach bliain, ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030, arb é atá ann 0,24 % den tomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil, a mheánaítear thar an tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019.’
(e)Ní bheidh feidhm ag Airteagal 9 maidir leis an Íoslainn a mhéid a bhaineann le méadrú le haghaidh gáis.
(f)In Airteagal 9a(1), cuirfear isteach na focail ‘, nó an tomhaltas fuinnimh coibhéiseach a mhéid a bhaineann leis an Íoslainn’ tar éis na bhfocal ‘dtomhaltas fuinnimh iarbhír’.
(g)Ní bheidh feidhm ag Airteagail 9a agus 9c maidir le córais téimh ceantair san Íoslainn a bhfuil níos lú ná 1 500 úsáideoir deiridh acu.
(h)Ní bheidh feidhm ag Airteagal 9b maidir leis an Íoslainn.
(i)Ní bheidh feidhm ag Airteagal 10 maidir leis an Íoslainn a mhéid a bhaineann le faisnéis bhilleála le haghaidh gáis.
(j)In Airteagal 20(5), cuirtear tagairt do Airteagal 5 in ionad na tagartha d’Airteagal 5(1).
(k)Ní bheidh feidhm ag Airteagail 14 agus 15 maidir leis an Íoslainn a mhéid a bhaineann le comhghiniúint gheoiteirmeach.’
2.Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 26 (Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):
‘, arna leasú le:
-32012 L 0027: Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).’
Airteagal 3
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Threoracha 2012/27/AE agus (AE) 2018/2002 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha.
Airteagal 5
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, […].
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
[…]
Rúnaithe
Chomhchoiste LEE
[…]
Dearbhú ó Stáit CSTE
a ghabhann le Cinneadh Uimh. […] lena n‑ionchorpraítear Treoir 2012/27 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gComhaontú LEE
[lena ghlacadh leis an gCinneadh agus lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil]
Le hionchorprú Threoir 2012/27AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gComhaontú LEE, leathnaítear chuig Stáit CSTE an creat rialála coiteann bearta chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn. Níl Stáit CSTE san áireamh i bpríomhsprioc an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. Mar sin féin, tá na spriocanna náisiúnta táscacha seo a leanas maidir le héifeachtúlacht fuinnimh leagtha síos ag Stáit CSTE:
·Tá sprioc náisiúnta leagtha síos ag Rialtas na hÍoslainne feabhas 25 % a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh faoi 2030 i gcomparáid le 2015. Cuirtear an sprioc in iúl mar chuspóir trasearnála chun déine fuinnimh a laghdú i.e. an cóimheas idir tomhaltas fuinnimh (deiridh) agus fíor-OTI i gCaighdeán Cumhachta Ceannaigh (CCC) coigeartaithe. Tá an táscaire mar chuid den réamhaisnéis fuinnimh a fhoilsíonn Gníomhaireacht um an gComhshaol agus Fuinneamh na hÍoslainne gach bliain.
·An 6 Samhain 2020, ghlac Parlaimint Lichtinstéin (Landtag) a Straitéis Fuinnimh do 2030 ina leagtar síos sprioc náisiúnta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, mar atá 20 % i gcomparáid le 2008. Is gnéithe lárnacha den mhéadú éifeachtúlachta sa tréimhse go dtí 2030 iad athchóirithe foirgneamh, foirgnimh nua an‑éifeachtúil agus feabhsuithe éifeachtúlachta maidir le soilsiú, mótarthiomántáin agus fearais tí. Le teaschaidéil leictreacha le haghaidh soláthar teasa agus leictriú an iompair beidh ionadú suntasach ar bhreoslaí iontaise amach anseo. Déanfar tuairisciú ar bhaint amach cuspóirí gach bliain (mar chuid de thuarascáil faireacháin le tabhairt ar aird na Parlaiminte).
·Tá sprioc náisiúnta leagtha amach ag Rialtas na hIorua (Storting) feabhas 30 % a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh faoi 2030 i gcomparáid le 2015 (Bille Rialtais St. 25 (2015-2016)). Cuirtear an sprioc in iúl mar chuspóir trasearnála chun déine fuinnimh a laghdú i.e. an cóimheas idir ionchur fuinnimh (príomhúil) agus fíor-OTI. Cuireann an Aireacht Fuinnimh tuairisciú bliantúil ar an sprioc ar fáil sa Tuarascáil don Storting (páipéar bán) ar an mBuiséad Náisiúnta.