Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0302

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón nGearmáin – EGF/2025/002 DE/Goodyear 2

COM/2025/302 final

An Bhruiséil,29.7.2025

COM(2025) 302 final

2025/0245(BUD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón nGearmáin – EGF/2025/002 DE/Goodyear 2


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

1.Na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED), leagtar síos iad i Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 1 .

2.Tar éis iomarcaíochtaí a theacht chun cinn in Goodyear (Goodyear Germany GmbH) sa Ghearmáin, chuir an Ghearmáin an t-iarratas EGF/2025/002 DE/Goodyear 2 ar ranníocaíocht airgeadais ó CED isteach an 10 Márta 2025.

3.Iar mheasúnú an iarratais sin don Choimisiún, ba é a chinn sé, i gcomhréir leis na forálacha uile is infheidhme i Rialachán (AE) 2021/691, gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a dhámhachtain ó CED.

ACHOIMRE AR AN IARRATAS

Iarratas ar CED

EGF/2025/002 DE/Goodyear2

Ballstát

an Ghearmáin

An réigiún/na réigiúin lena mbaineann (leibhéal NUTS 2 2)

DE73 (Kassel)

DE71(Darmstadt)

An dáta a cuireadh an t‑iarratas isteach

An 10 Márta 2025

An dáta a admhaíodh go bhfuarthas an t‑iarratas

An 10 Márta 2025

An dáta a iarradh faisnéis bhreise

An 17 Aibreán 2025

An sprioc-am chun an fhaisnéis bhreise a sholáthar

An 14 Bealtaine 2025

An sprioc-am chun an measúnú a chur i gcrích

An 29 Iúil 2025

An critéar idirghabhála

Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691


An príomhfhiontar

Goodyear (Goodyear Germany GmbH)


An líon fiontar lena mbaineann

1

Na hearnálacha lena mbaineann an ghníomhaíocht eacnamaíoch

(Rannán NACE Athbhreithniú 2) 3

Rannán 22 (Monarú táirgí rubair agus plaisteacha)

An tréimhse thagartha (4 mhí):

An 1 Meán Fómhair 2024 – 1 Eanáir 2025

An líon iomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha (a)

747

An líon iomarcaíochtaí roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh (b)

424

An líon iomlán iomarcaíochtaí (a + b)

1 171

An líon iomlán tairbhithe incháilithe

1 171

An líon iomlán tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

915

An buiséad i gcomhair seirbhísí pearsantaithe (EUR)

4 936 274

An buiséad chun CED a chur chun feidhme 4 (EUR)

205 670

An buiséad iomlán (EUR)

5 141 944

Ranníocaíocht ó CED (60 %) (EUR)

3 085 166

MEASÚNÚ AR AN IARRATAS

Nós imeachta

4.An 10 Márta 2025, chuir an Ghearmáin iarratas EGF/2025/002 DE/Goodyear 2 isteach laistigh de 12 sheachtain ón dáta a comhlíonadh na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691. D’admhaigh an Coimisiún go bhfuarthas an t-iarratas an dáta céanna. Fuair an Coimisiún an t-aistriúchán oifigiúil an 8 Aibreán 2025 agus d’iarr sé faisnéis bhreise ar an nGearmáin an 17 Aibreán 2025. Soláthraíodh an fhaisnéis bhreise sin laistigh de 15 lá oibre ón tráth a iarradh í. An sprioc-am 50 lá oibre ón tráth a fuarthas an t-iarratas comhlánaithe, tréimhse ar lena linn ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a thabhairt i gcrích ar chomhlíontacht an iarratais leis na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar, rachaidh an sprioc-am sin in éag an 29 Iúil 2025.

Incháilitheacht an iarratais

Na fiontair agus na tairbhithe lena mbaineann

5.Baineann an t-iarratas le 1,171 oibrí iomarcacha a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht in Goodyear (Goodyear Germany GmbH) san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi Rannán 22 den dara hathbhreithniú ar NACE (Monarú táirgí rubair agus plaisteacha). Tá na hiomarcaíochtaí lonnaithe i réigiúin NUTS 2 Kassel (DE73) agus Darmstadt (DE71), agus baineann siad le hiomarcaíochtaí poist i láithreáin táirgthe Goodyear in Fulda agus Hanau.

Na critéir idirghabhála

6.Chuir an Ghearmáin an t-iarratas isteach faoi na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691, lena gceanglaítear go dtarlódh scor na gníomhaíochta i gcás 200 oibrí iomarcach ar a laghad le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar atá lonnaithe i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht i soláthraithe agus i dtáirgeoirí iartheachtacha agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht.

7.Maireann an tréimhse thagartha 4 mhí le haghaidh an iarratais ón 1 Meán Fómhair 2024 go dtí an 1 Eanáir 2025. Tharla scor na gníomhaíochta le linn na tréimhse tagartha mar a leanas:

8.Eascraíonn na 747 n-iomarcaíocht le linn na tréimhse tagartha as fógraí aonair a eisíodh faoi chomhaontuithe trípháirteacha idir Goodyear Germany GmbH, PMB International GmbH (an soláthraí seirbhíse a bhainistíonn an chuideachta aistrithe), agus na hoibrithe lena mbaineann. Tá na 424 iomarcaíocht bhreise a tharla lasmuigh den tréimhse thagartha ina gcuid den phróiseas athstruchtúrúcháin céanna freisin, mar a dheimhnítear leis na fógraí comhchoiteanna iomarcaíochta dar dáta an 27 Meitheamh 2024 (Hanau), an 29 Lúnasa 2024 agus an 1 Deireadh Fómhair 2024 (Fulda).

Na hiomarcaíochtaí agus scor na gníomhaíochta a ríomh

9.De bhun Airteagal 6, an chéad mhír, pointe (a), i gcomhar le hAirteagal 5, an chéad mhír de Rialachán (AE) 2021/691, ríomhadh scor ghníomhaíochtaí na 747 n-oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht le linn na tréimhse tagartha ó dháta fhógra aonair an fhostóra go bhfuil sé chun an t-oibrí a leagan as nó conradh fostaíochta an oibrí a fhoirceannadh.

Tairbhithe incháilithe

10.Sa bhreis ar na hoibrithe a ndearnadh tagairt dóibh cheana, áirítear leis na tairbhithe incháilithe 424  oibrí iomarcacha ar cuireadh deireadh lena ngníomhaíocht roimh an tréimhse thagartha 4 mhí nó tar éis sin. Chuir na hoibrithe sin uile deireadh lena ngníomhaíocht laistigh de 6 mhí roimh thús na tréimhse tagartha an 1 Meán Fómhair 2024 agus/nó idir deireadh na tréimhse tagartha agus an lá roimh ghlacadh an togra seo, de bhun Rialachán (AE) 2021/691, de bhun Airteagal 6, an chéad fhomhír, pointe (b), mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 6, an dara fomhír. Is féidir nasc cúisíoch soiléir a dhéanamh leis an teagmhas lenar tionscnaíodh scor gníomhaíochta na n‑oibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 6, an dara fomhír.

11.Is é 1 171 duine an líon iomlán tairbhithe incháilithe.

Tuairisc ar na teagmhais as ar eascair na hiomarcaíochtaí agus scor na gníomhaíochta

12.Dúnadh ceann de láithreáin táirgthe an fhiontair sa Ghearmáin agus dúnadh páirteach ceann eile, mar gheall ar dhomhandú, ba iad sin na teagmhais as ar eascair na hiomarcaíochtaí sin.

13.Tá Goodyear Tire & Rubber Company ar cheann de na monaróirí bonn is mó ar domhan. Is in Hanau atá ceanncheathrú Goodyear sa Ghearmáin. Ag deireadh 2017, b’éigean do Goodyear a láithreán táirgthe a dhúnadh in Philippsburg, a bhí faoi réir iarratas CED/2017/008 DE/Goodyear. Mar chuid de phróiseas athstruchtúraithe breise, leanann an t-iarratas reatha dúnadh an láithreáin táirgthe in Fulda, agus dúnadh páirteach saoráidí táirgthe in Hanau. Tá monarchana eile ag an gcuideachta sa Ghearmáin, atá lonnaithe in Fürstenwalde, in Wittlich agus in Riesa.

14.B’éigean do Goodyear dul faoi bhearta athstruchtúraithe mar gheall ar mhíbhuntáistí móra iomaíochta, go háirithe costais arda táirgthe sa Ghearmáin i gcomparáid le tíortha ina bhfuil pá íseal. Thairis sin, i gcomparáid lena iomaitheoirí, bhí dáileadh neamhfhabhrach na hacmhainneachta táirgeachta ag Goodyear, le níos mó acmhainneachta táirgeachta i dtíortha ina bhfuil pá ard ná mar a bhí i dtíortha ina bhfuil pá íseal.

15.Mar gheall ar an laghdú tapa ar an éileamh in earnáil na mbonn, mar aon le brú láidir ó allmhairí saora ón Áise agus méaduithe leanúnacha ar chostais (fuinneamh, pá), bhí ró-acmhainneacht struchtúrach ann, go háirithe sa Ghearmáin. Dá bhrí sin, i mí an Mheithimh 2024, chinn Goodyear deireadh a chur leis an táirgeadh ag suíomh Fulda, rud ba chúis lena dhúnadh, agus an fhoireann ag láithreáin eile a laghdú, go háirithe in Hanau.

An tionchar a mheastar a bheidh ag na hiomarcaíochtaí a mhéid a bhaineann leis an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, agus leis an bhfostaíocht

16.Bhí tionchar nach beag ag na hiomarcaíochtaí ar fhostaíocht sna réigiúin a buaileadh. Ag tús 2025, tháinig méadú suntasach ar an ráta dífhostaíochta i réigiún Fulda, ó 3,5 % go 3,9 %, agus méadú an-mhór i measc na bhfear agus na n-oibrithe os cionn 50. Tháinig méadú os cionn 10 % bliain ar bhliain ar líon na ndaoine dífhostaithe, rud atá nasctha go díreach le dúnadh ghléasra Goodyear. In Hanau agus sa cheantar máguaird Main-Kinzig, tá an staid ríthábhachtach freisin, agus an dífhostaíocht ag ardú go 6 %, rud a léiríonn caillteanais post san earnáil déantúsaíochta, go háirithe i soláthróirí gluaisteán.

17.Beidh sé ina dhúshlán ollmhór d’fhormhór na n-oibrithe Goodyear fostaíocht nua a aimsiú agus beidh gá le gníomhaíocht mhór ina leith. I gcás go leor de na hoibrithe sin, tá a gcuid cáilíochtaí as dáta, agus tá gnáthphróifílí scileanna oibre rubair na n-oibrithe sin ag teacht salach go mór ar na riachtanais fostaíochta sna réigiúin lena mbaineann.

18.Dá bhrí sin, níl na dúshláin a bhaineann leis an bpróiseas iomarcaíochta teoranta do mhéadú ar líon na ndaoine atá dífhostaithe, ach lena chois sin tá saincheisteanna cáilíochtúla mar atá an neamhréir idir oibrithe le blianta fada de thaithí oibre ghairmiúil ar thaobh amháin agus an t-éileamh ar ‘phróifílí scileanna nua-aimseartha’ ar an taobh eile. Meastar go mbeidh deacrachtaí ag an líon mór daoine a rinne an tionscal déantúsaíochta gluaisteán iomarcach poist nua a aimsiú, i bhfianaise an éilimh theoranta ar phróifílí scileanna comhchosúla.

19.Bheadh uas-sciliú nó athsciliú suntasach ag teastáil den chuid is mó chun ionchais nua fostaíochta a bhaint amach. In Hanau, mar shampla, d’fhéadfaí gnólachtaí éagsúla nua a mhealladh, i dtionscail amhail ollstóráil agus lóistíocht, bonneagar TF (ionaid sonraí), agus innealtóireacht ábhar.

Cur i bhfeidhm Chreat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh um réamhaíocht ar athrú agus athstruchtúrú

20.Thug an Ghearmáin tuairisc ar an gcaoi a ndearnadh breithniú ar na moltaí a leagtar amach i gCreat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh um réamhaíocht ar athrú agus athstruchtúrú: mar chuid de phróisis athstruchtúraithe Goodyear, rinneadh an nós imeachta comhairliúcháin dá bhforáiltear in Alt 17 (2) d’Acht na Gearmáine um Chosaint Díospóide (Kündigungsschutzgesetz). Go háirithe, cuireadh an chomhairle fostaithe fhoriomlán ar an eolas faoi na cúiseanna leis na hiomarcaíochtaí réamh-mheasta, líon agus catagóirí gairme na n-oibrithe a bhí le cur ar iomarcaíocht, an tréimhse ina réamh-mheastar na hiomarcaíochtaí agus na critéir chun na hoibrithe a bhí le cur ar iomarcaíocht a roghnú. Chuir an Ghearmáin in iúl go ndearna an chomhairle fostaithe fhoriomlán, in éineacht le saineolaí eacnamaíoch, measúnú ar na bearta agus gur thug siad tuairim chriticiúil don fhostóir. Chun na bearta a chur chun feidhme ar bhealach atá freagrach go sóisialta, chuir an Ghearmáin in iúl gur tháinig Goodyear agus an chomhairle fostaithe ar chomhaontú an 23 Bealtaine 2024 maidir le comhaontú oibriúcháin foriomlán chun leasanna agus plean sóisialta a chothromú.

21.Chuir an Ghearmáin in iúl gur tugadh comhaontú tionsclaíoch idir an fostóir agus an chomhairle fostaithe i gcrích an 24 Meitheamh 2024 chun cuideachta aistrithe a bhunú.

22.De réir údaráis na Gearmáine, níl aon oibleagáid ar an bhfiontar atá ag dífhostú cuideachta aistrithe a chruthú ná ranníocaíocht a dhéanamh i leith cuideachta aistrithe a chruthú. Gan rannpháirtíocht an fhiontair atá ag dífhostú, ní chuirfí aon chuideachta aistrithe ar bun. Más amhlaidh a chinneann an fiontar atá ag dífhostú a bheith rannpháirteach agus go gcomhaontaíonn na comhpháirtithe sóisialta cuideachta aistrithe a chruthú, is le dlí sóisialta na Gearmáine a leagfar an fráma dlíthiúil síos 5 .

23.Tháinig na páirtithe caibidlíochta ar chomhaontú maidir le cuideachtaí aistrithe a chur ar bun le haghaidh gach grúpa dífhostuithe. Coimisiúnaíodh gníomhaireacht aistrithe chun na cuideachtaí aistrithe sin a chur ar bun. Chuir an ghníomhaireacht aistrithe tús lena cuid oibre an 12 Iúil 2024.

24.Ó bhunú na gníomhaireachta aistrithe, agus iad fós ag obair le Goodyear, bhí oibrithe in ann treoraíocht ghinearálta a lorg maidir le cuardach poist agus nósanna imeachta iarratais. Bhí an méid sin ina chuid den chúnamh a tugadh faoi chuimsiú na gníomhaireachta aistrithe. Áiríodh leis sin freisin bearta oiliúna a bhí á dtairiscint ag soláthraithe oiliúna má bhíothas ag meas gur gá sin chun fostaíocht nua a aimsiú. 

25.An 1 Meán Fómhair 2024 (Hanau) agus an 1 Bealtaine 2025 (Fulda), i gcás na rannpháirtithe nach raibh post nua faighte acu fós le linn na gníomhaireachta aistrithe, bhí siad in ann aistriú chuig cuideachta aistrithe 6 ar feadh fad 12 mhí.

26.Déantar na cuideachtaí aistrithe sin a iontráil i roinnt babhtaí, bunaithe ar na comhaontuithe tríthaobhacha a síníodh idir Goodyear Germany GmbH, na fostaithe, agus PMB International GmbH, an soláthraí seirbhíse a roghnaíodh chun an chuideachta aistrithe a bhainistiú. Ón 20 Feabhra 2025, tugadh 915 chonradh thrípháirteacha san iomlán i gcrích, agus tá 781 iontráil beartaithe do Fulda agus 134 iontráil do Hanau. Meastar go dtiocfaidh méadú ar na huimhreacha sin de réir mar a shínítear níos mó comhaontuithe.

Comhlántacht maidir le gníomhaíochtaí atá á gcistiú as cistí náisiúnta nó as cistí de chuid an Aontais

27.Maidir leis na bearta a bhfuil tuairisc orthu thíos agus a gheobhaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED, dheimhnigh an Ghearmáin nach bhfaigheadh na bearta sin ranníocaíochtaí airgeadais ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais.

28.Comhlánaíonn an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe gníomhaíochtaí a chistítear le cistí náisiúnta agus príobháideacha, is é sin na gníomhaíochtaí sin a thairgeann an chuideachta aistrithe. Na seirbhísí atá á gcistiú ag CED, soláthraíonn siad cúnamh níos spriocdhírithe, níos déine agus níos saincheaptha, atá oiriúnaithe do riachtanais shonracha na n-oibrithe iomarcacha, i gcomparáid leo siúd a thairgeann an chuideachta aistrithe.

29.Chuir an Ghearmáin in iúl go n-áirítear sna seirbhísí bearta atá ceaptha go sonrach do thairbhithe scothaosta agus do thairbhithe faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear seisiúin phiarghrúpa, ceardlanna ar nós ‘foghlaim chun foghlama’ agus oiliúint bhunúsach i scileanna digiteacha, agus tacaíocht atá dírithe ar an tsláinte.

Nósanna imeachta maidir le dul i gcomhairle leis na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú nó lena n-ionadaithe nó leis na comhpháirtithe sóisialta agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha

30.Chuir an Ghearmáin in iúl gur tarraingíodh suas an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle leis na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú agus lena n-ionadaithe, lena n-áirítear an chomhairle fostaithe, ceardchumann IG BCE, an chuideachta Goodyear Germany GmbH, an tSeirbhís Phoiblí Fostaíochta Fheidearálach (BA – Bundesagentur für Arbeit), agus an soláthraí seirbhíse aistrithe, i gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2021/691. Rinneadh an comhairliúchán trí fhíschomhdhálacha a thionscain BMAS ó bhí mí Eanáir 2025 ann agus ba é an toradh a bhí air gur tionóladh ‘Cruinniú Comhchéime’ an 17 Feabhra 2025, inar cuireadh coincheap tacaíochta CED i láthair agus ina bhfuarthas comhaontú d’aon toil le haghaidh tuilleadh forbartha.

Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú agus na bearta atá beartaithe

Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

31.Meastar gur 915 an líon oibrithe iomarcacha a ghlacfaidh páirt sna bearta. De bhun Airteagal 8(7), pointe (f) de Rialachán (AE) 2021/691, is é seo a leanas miondealú na n-oibrithe sin de réir inscne, aoisghrúpa agus leibhéal oideachais:

Catagóir

An líon
tairbhithe a mheastar a bheidh ann

Inscne:

Fir:

849

(92,7 %)

Mná:

66

(7,3 %)

Neamh‑dhénártha

0

(0 %)

Aoisghrúpa:

Faoi bhun 30 bliain:

14

(1,5 %)

30-54 bliana:

516

(56,4 %)

Os cionn 54 bliana:

385

(42,1 %)

Leibhéal oideachais

Oideachas meánscoile sóisearach, nó níos lú ná sin 7  

513

(56,1 %)

Oideachas meánscoile sinsearach 8 nó oideachas iar-mheánscoile 9

335

(36,6 %)

Oideachas treasach 10

67

(7,3 %)

Bearta atá beartaithe

32.De bhun Airteagal 8(7), pointe (h) de Rialachán (AE) 2021/691, is iad na bearta seo a leanas atá sa phacáiste comhordaithe pearsanaithe atá le soláthar d’oibrithe iomarcacha:

–Bearta uas-scilithe: Cuirtear bearta saineolais ar fáil ar bhonn próifílithe agus agallamh gairmthreorach. Is féidir cúrsaí a sholáthar do dhaoine aonair nó do ghrúpaí. Forbrófar bearta i ndlúthchomhar leis an tSeirbhís Phoiblí Fostaíochta chun ailíniú le riachtanais 11 mhargadh an tsaothair a áirithiú.

–Treoirchomhairleoireacht agus bearta gairm-threoshuímh / gníomhachtaithe gairme: Ar bhonn na n-agallamh tosaigh próifílithe, tabharfaidh treoirchomhairleoirí eolas faoi fhorbairtí sa mhargadh fostaíochta agus faoi chonairí gairme a d’fhéadfadh a bheith ann, agus cuirfidh siad cúnamh agus tacaíocht spreagthach inspioráideach ar fáil d’iarratasóirí. Áiritheoidh comhairleoir tiomnaithe ag an tSeirbhís Phoiblí Fostaíochta comhordú rianúil idir na bearta a fhaigheann tacaíocht ó CED, na bearta rialta a dhéanann an chuideachta aistrithe, agus na bearta atá á dtairiscint ag an tSeirbhís Phoiblí Fostaíochta. Beidh fóraim ghrúpa ann freisin i bhfoirm piarghrúpaí agus ceardlann, le cabhair ó éascaitheoir, fóraim a chuideoidh le rannpháirtithe smaointe a mhalartú agus machnamh a dhéanamh ar a dtaithí 12 .

–Seirbhísí comhairleacha le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta: Is é a bheidh i gceist leis na seirbhísí comhairleacha pacáiste seirbhísí comhairleacha le haghaidh daoine ar spéis leo a ngnólacht féin a chur ar bun. Beidh bearta cóitseála saincheaptha san áireamh sna seirbhísí sin mar aon le seisiúin chóitseála i ngrúpaí 13 .

–Deontais do ghnólachtaí nuathionscanta: Tairgfear na deontais seo dóibh siúd a chinneann a ngnó féin a thosú. Is féidir na deontais a úsáid le haghaidh infheistíochtaí i dtrealamh, ach is féidir iad a úsáid freisin le haghaidh áitreabh gnó a fháil ar cíos nó le haghaidh cóitseáil nó oiliúint bhreise le linn na céime tionscnaimh.

–Cúnamh cuardaigh poist: Oibreoidh scabhtaí gairmiúla fostaíochta chun teacht ar fholúntais fhéideartha phoist nár foilsíodh fós. Ina theannta sin, eagrófar imeachtaí cuardaigh post éagsúla, ar nós aontaí poist agus cuairteanna ar chuideachtaí (‘laethanta fostóirí’). Cuirfidh sé sin ar a gcumas do na rannpháirtithe idirghníomhú le fostóirí áitiúla agus réigiúnacha, féachaint ar fholúntais poist, agus tuiscint a chur ar chonairí iontrála.

–Dreasachtaí uas-scilithe: Is é is aidhm do na dreasachtaí airgeadais sin bacainní ar athsciliú a laghdú agus infhostaitheacht fhadtéarmach a fheabhsú. Is féidir iad a íoc tar éis rannpháirtíocht rathúil i mbearta áirithe. Cé acu a bhainfear nó nach mbainfear úsáid as dreasachtaí, agus cad iad na suimeanna a d’íocfaí, beidh an méid sin ag brath ar chineál, leibhéal agus fad an bhirt.

–Tuilleadh dreasachtaí: Beidh na dreasachtaí sin dírithe go príomha ar rannpháirtithe a lánpháirtiú sa mhargadh fostaíochta, agus is féidir iad a íoc mar bhónas as dul i mbun fostaíochta le linn fhad na cuideachta aistrithe nó is féidir iad a íoc i bhfoirm forlíontaí tuarastail. Is é is aidhm d’fhorlíontaí den sórt sin dreasacht a chur ar fáil chun go nglacfar le fostaíocht nua, fiú má bhíonn tuarastal na fostaíochta nua níos ísle ná tuarastal an phoist roimhe sin. Is féidir leo soghluaisteacht a dhreasú freisin má bhíonn athlonnú geografach nó taisteal níos faide ó bhaile 14 i gceist leis an bhfostaíocht nua.

–Liúntas oiliúna: Tosaítear ar íocaíochtaí a dhéanamh ón dáta a théann an t-oibrí isteach sa chuideachta aistrithe agus stoptar den íocaíocht a dhéanamh a luaithe a fhágann an duine an chuideachta aistrithe. Is réamhriachtanas é a bheith rannpháirteach i mbearta gníomhacha sa mhargadh saothair chun liúntas a fháil 15 .

33.Bunscileanna digiteacha (Digitale Grundqualifizierung): Déanfar oiliúint 16 i scileanna digiteacha a thairiscint bunaithe ar réamheolas an duine aonair. Is féidir le rannpháirtithe rochtain a fháil ar an modúl oiliúna is fearr a oireann dá leibhéal. Cuirfear ríomhairí glúine ar fáil do rannpháirtithe ionas gur féidir leo an cúrsa a leanúint agus cleachtadh a dhéanamh sa bhaile. Tabharfar aird ar leith ar scileanna feidhmeacha a chuidíonn le rannpháirtithe uirlisí idirlín a úsáid chun post a chuardach. Déanfar cúrsaí a thairiscint freisin maidir le hardlitearthacht TF nó úsáid na hintleachta saorga.

34.A mhéid a bhaineann le scaipeadh na scileanna a theastaíonn i ngeilleagar atá tíosach ar acmhainní 17 , dearbhaíonn an Ghearmáin go n-áirithítear é sin mar phrionsabal cothrománach ar fud na sraithe beart atá á dtairiscint. Tabharfar aird bhreise ar chur chun cinn na bpost a chuidíonn le dícharbónú an gheilleagair a spreagadh, amhail innealtóirí inneall féinghluaiste.

35.Tugtar aird ar bhearta atá dírithe ar ghrúpaí leochaileacha. Tá ceardlanna ar nós ‘foghlaim chun foghlama’ agus ‘bunscileanna digiteacha’ ceaptha go háirithe d’oibrithe scothaosta agus do rannpháirtithe faoi mhíbhuntáiste, rud a fheabhsaíonn a n-infhostaitheacht agus a thacaíonn le foghlaim ar feadh an tsaoil.

36.Maidir leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe, a dtugtar tuairisc orthu anseo, is bearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair iad atá laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/691. Ní chuirfear na gníomhaíochtaí sin in ionad bearta éighníomhacha cosanta sóisialta.

37.Sholáthair an Ghearmáin an fhaisnéis a theastaíonn maidir le bearta atá éigeantach don fhiontar lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna. I gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2021/691, dheimhnigh an Ghearmáin nach gcuirfear ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad na mbeart sin.

Buiséad measta

38.Is é EUR 5 141 944 luach na gcostas measta iomlán, costais a chuimsíonn caiteachas EUR 4 936 274 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR 205 670 ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe.

39.Is é EUR 3 085 166 (60 % de na costais iomlána) an ranníocaíocht airgeadais iomlán a iarradh ar CED.

40.De bhun Airteagal 8(7), pointe (m), de Rialachán (AE) 2021/691, shonraigh an Ghearmáin gurb iad an buiséad cónaidhme agus Bundesagentur für Arbeit (an tSeirbhís Phoiblí Fostaíochta) a sholáthraíonn an réamh-mhaoiniú agus an comhchistiú náisiúnta. 

Bearta

An líon measta rannpháirtithe

An costas measta in aghaidh an rannpháirtí 
(EUR) 18

Costais mheasta iomlána

(EUR) 19  

Seirbhísí pearsantaithe (bearta faoi Airteagal 7(2), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691)

Bearta uas-scilithe (Qualifizierungsmaßnahmen)

500

2 115

1 057 726

Treoirchomhairleoireacht agus bearta gairm-threoshuímh / gníomhachtaithe gairme (Berufsorientierung und-beratung /Aktivierungsmaßnahmen)

915

1 362

1 246 038

Seirbhísí comhairleacha do ghnólachtaí nuathionscanta (Existenzgründungsberatung)

25

1 663

41 575

Deontais do ghnólachtaí nuathionscanta (Existenzgründungsförderung)

19

21 238

403 526

Cúnamh maidir le cuardach poist (Beratung und Stellenakquise)

915

537

490 990

Fo-iomlán (a):

An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe

–

3 239 855

(65,63 %)

Liúntais agus dreasachtaí (bearta faoi Airteagal 7(2), an dara fomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/691)

Dreasachtaí uas-scilithe (Weiterbildungsprämien)

500

245

122 281

Tuilleadh dreasachtaí (Weitere Prämien)

54

3 216

173 638

Liúntas oiliúna (Transferkurzarbeitergeld)

915

1 531

1 400 500

Fo-iomlán (b):

An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe:

–

1 696 419

(34,37 %)

Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2021/691

1. Gníomhaíochtaí ullmhúcháin

–

30 850

2. Bainistíocht

–

102 840

3. Faisnéis agus poiblíocht

–

10 280

4. Rialú agus tuairisciú

–

61 700

Fo-iomlán (c):

An céatadán den iomlán:

–

205 670

(4 %)

Costais iomlána (a + b + c):

–

5 141 944

Ranníocaíocht ó CED (60 % de na costais iomlána)

–

3 085 166

41.Costais na mbeart atá sainaitheanta sa tábla thuas mar bhearta faoi Airteagal 7(2), an dara fomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/691, ní mó iad ná 35 % de chostais iomlána an phacáiste chomhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe. Dheimhnigh an Ghearmáin go ngabhann coinníoll leis na bearta sin, is é sin nach mór do na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú a bheith rannpháirteach go gníomhach i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cuardach poist nó le hoiliúint.

42.I gcomhréir le hAirteagal 7(2), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/691, dheimhnigh an Ghearmáin nach mbeidh costais na n‑infheistíochtaí le haghaidh féinfhostaíochta, gnólachtaí nuathionscanta agus táthcheangail ó fhostaithe níos mó ná EUR 22 000 in aghaidh an tairbhí.

Tréimhse incháilitheachta an chaiteachais

43.An 1 Samhain 2024, chuir an Ghearmáin tús leis na seirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú. Dá bhrí sin, an caiteachas ar na bearta, is caiteachas é a bheidh incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Samhain 2024 go dtí 24 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an Cinneadh Maoiniúcháin i bhfeidhm.

44.An 1 Samhain 2024, thosaigh an Ghearmáin ag tabhú an chaiteachais riaracháin chun CED a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, an caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe, is caiteachas é a beidh incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Samhain 2024 go dtí 31 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an Cinneadh Maoiniúcháin i bhfeidhm.

Córais bhainistíochta agus rialaithe

45.Tá tuairisc san iarratas ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe a cheanglaítear faoi Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2021/691, agus sonraítear sa tuairisc sin freagrachtaí na gcomhlachtaí lena mbaineann. Chuir an Ghearmáin in iúl don Choimisiún, maidir leis na comhlachtaí laistigh den Aireacht Chónaidhme um Shaothar agus Gnóthaí Sóisialta (Bundesministerium für Arbeit und Soziales) a bhainistíonn Ciste Sóisialta na hEorpa plus (CSE+), go ndéanfadh siad an ranníocaíocht airgeadais a bhainistiú freisin. Cé go mbíonn ‘Gruppe Europäische Fonds für Beschäftigung’ ag gníomhú mar an údarás bainistíochta, is é ‘Organisationseinheit Prüfbehörde’ an t-údarás rialaithe le haghaidh na gcistí sin, ar comhlacht é atá neamhspleách ó thaobh eagrúcháin de. Ghníomhaigh na comhlachtaí sin freisin mar chomhlachtaí bainistíochta agus rialaithe maidir le ranníocaíochtaí CED leis an nGearmáin roimhe sin. Maidir le roinnt de na cúraimí atá ar údarás bainistíochta CED, tá siad tarmligthe go buan chuig an tSeirbhís Phoiblí Fostaíochta Fheidearálach (Bundesagentur für Arbeit) trí chomhaontú riaracháin.

Gealltanais a thug an Ballstát lena mbaineann

46.Thug an Ghearmáin na dearbhuithe go léir a theastaíonn maidir leis na nithe seo a leanas:

–cloífear leis na prionsabail um chóir chomhionann agus um neamh‑idirdhealú sa mhéid a bhaineann leis an rochtain ar na bearta atá beartaithe agus maidir le cur chun feidhme na mbeart sin,

–comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna,

–maidir le Goodyear Germany GmbH a lean dá chuid gníomhaíochtaí tar éis dó na daoine lena mbaineann a leagan as, chomhlíon sé a chuid oibleagáidí dlíthiúla agus rinne sé riar ar a chuid oibrithe dá réir,

–beidh cosc ar aon mhaoiniú dúbailte,

–cloífidh an ranníocaíocht airgeadais ó CED le rialacha nós imeachta agus rialacha ábhartha an Aontais maidir le státchabhair.

IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Togra buiséadach

47.Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 20 , arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 21 .

48.Agus scrúdú déanta aige ar an iarratas i dtaca leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/691, agus tar éis dó an líon tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú, na bearta atá beartaithe agus na costais mheasta a chur san áireamh, molann an Coimisiún EUR 3 085 166 a shlógadh as CED, méid is ionann agus 60 % de chostais iomlána na mbeart atá beartaithe, chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar le haghaidh an iarratais.

49.Maidir leis an gcinneadh atá beartaithe chun CED a shlógadh, is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhpháirt le chéile a dhéanfaidh an cinneadh sin de bhun Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/691 agus, mar a leagtar síos i bpointe 9 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach. 22

Gníomhartha gaolmhara

50.An tráth céanna a thíolacfaidh sé an togra seo le haghaidh cinneadh chun CED a shlógadh, déanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le haghaidh EUR 3 085 166 a aistriú chuig an líne bhuiséadach ábhartha.

51.An tráth céanna a ghlac sé an togra seo le haghaidh cinneadh chun CED a shlógadh, ghlac an Coimisiún cinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais arb é atá ann cinneadh maoiniúcháin de réir bhrí Airteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 23 . Tiocfaidh an cinneadh maoiniúcháin sin i bhfeidhm an dáta a gheobhaidh an Coimisiún fógra faoi fhormheas an aistrithe bhuiséadaigh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle de bhun Airteagal 15(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2021/691.

2025/0245 (BUD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón nGearmáin – EGF/2025/002 DE/Goodyear 2

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 24 , agus go háirithe Airteagal 15(1), an chéad fhomhír de,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach 25 , agus go háirithe pointe 9 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá sé d’aidhm ag an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúrúcháin agus trí chúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar obair chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir.

(2)Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle 26 , arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle 27 , agus in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/691.

(3)An 10 Márta 2025, chuir an Ghearmáin iarratas isteach chun CED a shlógadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/691, i leith iomarcaíochtaí na n-oibrithe in Goodyear (Goodyear Germany GmbH) san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoin Aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (‘NACE’) 28 , Athbhreithniú 2, rannán 22 (Monarú táirgí rubair agus plaisteacha) i réigiúin de Kassel DE73 agus Darmstadt (DE71) na Gearmáine, d’Aicmiú Comhchoiteann na nAonad Críche maidir le Staidreamh (‘NUTS’) 29 . Rinneadh é a fhorlíonadh trí fhaisnéis bhreise a sholáthar, faisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2021/691. Meastar go gcomhlíontar leis an iarratas sin na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a sholáthar, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/691, ar bhonn an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún sa Togra le haghaidh cinneadh maidir le slógadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 .

(4)Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 3 085 166 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Ghearmáin isteach.

(5)Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn chun CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Faoi chuimsiú bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2025, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh chun méid EUR 3 085 166 a sholáthar ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlactha] 31*.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.
(2)    Rialachán Tarmligthe 2019/1755 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2019 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS) a bhunú. IO L 270, 24.10.2019, lgh. 1-56.
(3)    IO L 393, 30.12.2006, lch. 1.
(4)    I gcomhréir le hAirteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2021/691.
(5)    §§ 110 agus 111 Chód Sóisialta na Gearmáine (Sozialgesetzbuch) SGB III
(6)    Faoi § 111 SGB III
(7)    ISCED 0-2
(8)    ISCED 3
(9)    ISCED 4
(10)    ISCED 5-8
(11)    A luaithe a fhaigheann oibrithe fostaíocht nua, is féidir leo leanúint de thairbhe a bhaint as bearta tacaíochta a chuidíonn leo lánpháirtiú níos fearr sa phost nua agus scileanna breise a fhoghlaim a bhfuil gá leo. Féadfar oiliúint ábhartha a aithnítear faoi Ranna 81 et seq. agus 111a de Leabhar III de Chód Sóisialta na Gearmáine (SGB III) a thairiscint freisin.
(12)    Beidh ‘Infoboard’ ilteangach digiteach ag gabháil leis na tairiscintí sin a bheidh ina phríomh-mhol faisnéise agus idirghníomhaíochta, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann nuashonruithe fíor-ama a dhéanamh maidir le hoiliúint, deiseanna fostaíochta, piarghrúpaí agus seirbhísí eile. Ina theannta sin, beidh fostóirí in ann folúntais a phostáil agus dul i dteagmháil go díreach le rannpháirtithe. Ós rud é go bhfuil sé beartaithe ag soláthraí seirbhíse na cuideachta aistrithe í a fhorbairt a thuilleadh lena húsáid amach anseo, íocfaidh sé 50 % de na costais iomlána.
(13)    Ar an meán, soláthrófar 5 uair an chloig de thacaíocht duine le duine le linn na luathchéime tosaigh, agus beidh uaireanta breise ar fáil bunaithe ar riachtanais aonair.
(14)    Déanfar dreasachtaí den sórt sin a chur in oiriúint do riachtanais aonair agus d’imthosca sonracha na dtairbhithe. Féadfar iad a dheonú ar bhonn cás ar chás, ag brath ar thosca ar nós cineál an phoist nua, a shuíomh, a fhad, agus staid phearsanta nó cor teaghlaigh an rannpháirtí.
(15)    Deonaítear an liúntas oiliúna (Transferkurzarbeitergeld – T-KuG) d’oibrithe iomarcacha incháilithe a aistríonn, trí ghníomhaireacht aistrithe (§110 SGB III), chuig cuideachta aistrithe (§111 SGB III). 60 % den ghlanphá a bhí ag oibrithe roimhe sin is ea an liúntas, nó 67 % i gcás tairbhithe a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu, agus íoctar é ar feadh 12 mhí ar a mhéad. Tá an íocaíocht faoi réir formheas a fháil ón ngníomhaireacht inniúil de chuid na Seirbhíse Poiblí Fostaíochta, agus ní mór di cineál an phróisis aistrithe lena gcuirtear an comhtháthú chun cinn a dheimhniú.
(16)    Ag teastáil faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2021/691.
(17)    Ag teastáil faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2021/691.
(18)    Chun deachúlacha a sheachaint, déantar an figiúr a shlánú i gcás na gcostas measta in aghaidh an oibrí. Mar sin féin, ní dhéanann an slánú aon difear do chostas iomlán gach birt, arae tá sé sin fós mar a shonraítear san iarratas a chuir an Ghearmáin isteach.
(19)    Mar gheall ar an slánú, ní réitíonn suimeanna na n-iomlán le chéile.
(20)    IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(21)    IO L 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj.
(22)    IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(23)    Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú), IO L, 2024/2509, 26.9.2024.
(24)    IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.
(25)    IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(26)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
(27)    IO L 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj.
(28)    Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).
(29)    Rialachán Tarmligthe 2019/1755 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2019 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS) a bhunú. IO L 270, 24.10.2019, lgh. 1-56.
(30)    COM(2025) 302
(31) *    Tá an dáta le cur isteach ag an bParlaimint sula ndéantar an foilsiú san Iris Oifigiúil.
Top