AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.5.2025
COM(2025) 292 final/2 DOWNGRADED ON 4/7/2025
2025/0153(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le cinneadh Uimh. 2/2025 ón gComhairle Comhpháirtíochta
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú ag an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú’ nó ‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’). Baineann an seasamh le léiriú agus cur chun feidhme Airteagal 331(2)(d) den Chomhaontú sin.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe
Síníodh an Comhaontú Trádála agus Comhair an 30 Nollaig 2020, cuireadh i bhfeidhm é go sealadach ón 1 Eanáir 2021 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021. Leis an gComhaontú, bunaítear an bonn le haghaidh caidreamh leathan idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a chuimsíonn cearta agus oibleagáidí frithpháirteacha, gníomhaíochtaí coiteanna agus nósanna imeachta speisialta.
2.2.An Chomhairle Comhpháirtíochta
Le hAirteagal 7(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, bunaítear an Chomhairle Comhpháirtíochta.
De bhun Airteagal 519(b) den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta cinntí a ghlacadh chun léirithe a eisiúint ar fhorálacha Chuid a Dó den Chomhaontú.
De bhun Airteagal 331(2) den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta cinneadh a ghlacadh freisin chun síneadh a chur le cur i bhfeidhm Chuid a Dó, Ceannteideal a hAon, Teideal VIII maidir le fuinneamh den Chomhaontú Trádála agus Comhair (‘Teideal VIII’).
2.3.An gníomh ón gComhairle Comhpháirtíochta atá beartaithe
I gcomhréir le hAirteagal 519(b) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá an Chomhairle Comhpháirtíochta le cinneadh a ghlacadh ag a céad chruinniú eile nó trí nós imeachta i scríbhinn lena dtabharfar léiriú ar fhoráil de Chuid a Dó den Chomhaontú, mar atá Airteagal 331(2) den Chomhaontú.
I gcomhréir le hAirteagal 331(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá an Chomhairle Comhpháirtíochta le cinneadh a ghlacadh freisin chun Airteagal 331(2) den Chomhaontú a chur chun feidhme.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais formhuiniú a dhéanamh ar ghlacadh an chinnidh ag an gComhairle Comhpháirtíochta lena dtabharfar léiriú ar Airteagal 331(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Ba cheart gurb é atá sa seasamh gur cheart Airteagal 331(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair a léiriú sa chaoi gur féidir cinneadh maidir le síneadh a chur le Teideal VIII go dtí an 31 Márta 2027 a ghlacadh roimh an 1 Iúil 2026 ar choinníoll go mbeidh éifeacht aige ón 1 Iúil 2026.
Ba cheart gurb é atá an seasamh freisin formhuiniú a dhéanamh ar an gComhairle Comhpháirtíochta cinneadh a ghlacadh lena gcuirtear Airteagal 331(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair chun feidhme trína dhéanamh infheidhme go dtí an 31 Márta 2027.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí ón gComhairle lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Comhlacht arna chur ar bun le comhaontú is ea an Chomhairle Comhpháirtíochta, mar atá an Comhaontú Trádála agus Comhair.
An cinneadh a iarrtar ar an gComhairle Comhpháirtíochta a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 519(b) agus Airteagal 331(2) den Chomhaontú, is é atá i gceist leis gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis, de réir bhrí Airteagal 218(9) CFAE. Beidh an cinneadh ina gceangal ar na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Chomhaontú.
Leis an gcinneadh , ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasaimh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó ceann de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó mar comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí éagsúla á saothrú leis ag an am céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad a bhfuil dlúthnasc doscartha eatarthu gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an ceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na boinn chomhfhreagracha dlí éagsúla a áireamh sa bhunús substaintiúil dlí atá leis an gcinneadh faoi Airteagal 218(9) de CFAE.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is le fuinneamh a bhaineann cuspóir agus inneachar an ghnímh atá beartaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 194(2) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 194(2) CFAE a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é gurb é is cuspóir don chinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta léiriú a thabhairt ar fhoráil den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus an fhoráil sin a chur chun feidhme, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht, is iomchuí an cinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2025/0153 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le cinneadh Uimh. 2/2025 ón gComhairle Comhpháirtíochta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Thug an tAontas an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’ nó ‘an Comhaontú’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021, tar éis é a bheith á chur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 1 Eanáir 2021 ann.
(2)De bhun Airteagal 519(b) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú faoin gComhaontú cinntí a ghlacadh chun léirithe a eisiúint ar fhorálacha Chuid a Dó den Chomhaontú.
(3)I gcomhréir le hAirteagal 331(2) den Chomhaontú, idir an 1 Iúil 2026 agus an 31 Nollaig 2026, féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta a chinneadh síneadh a chur le cur i bhfeidhm Theideal VIII go dtí an 31 Márta 2027.
(4)Tá an Chomhairle Comhpháirtíochta le cinneadh a ghlacadh, ag a céad chruinniú eile nó trí nós imeachta i scríbhinn, lena dtabharfar léiriú ar Airteagal 331(2)(d) de Chuid a Dó den Chomhaontú agus lena ndéanfar an tAirteagal sin a chur chun feidhme.
(5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta a bhunú a mhéid a bhaineann le léiriú agus cur chun feidhme Airteagal 331(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le léiriú agus cur chun feidhme Airteagal 331(2) den Chomhaontú sin, is ar an dréachtchinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta atá i gceangal leis an gCinneadh seo a bhunófar é.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,