Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0253

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an gcinneadh atá beartaithe ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i ndáil le rátaí úis

COM/2025/253 final

An Bhruiséil,26.5.2025

COM(2025) 253 final

2025/0126(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an gcinneadh atá beartaithe ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i ndáil le rátaí úis


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo le cinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh ag an gCoimisiún Eorpach thar ceann an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (an ‘Socrú’) a mhéid a bhaineann le cinneadh atá beartaithe chun forálacha an tSocraithe i ndáil le rátaí úis a leasú. Leagtar síos sna forálacha sin rátaí íosta na Rátaí Tagartha don Ús Tráchtálach (‘CIRRanna’) a bhfuil feidhm acu maidir le tacaíocht mhaoinithe oifigiúil le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin.

2.Comhthéacs an Togra

2.1.An Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil

Is comhaontú oinigh é an Socrú idir an tAontas, na Stáit Aontaithe, Ceanada, an tSeapáin, an Chóiré, an Iorua, an Eilvéis, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus an Tuirc, comhaontú a bhfuil sé d’aidhm aige creat a sholáthar le haghaidh úsáid ordúil na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil. Ciallaíonn sé sin go praiticiúil, cothroime iomaíochta a leagan síos (i gcás ina mbunófar an iomaíocht ar phraghas agus ar cháilíocht na nearraí agus na seirbhísí a onnmhairítear seachas ar na téarmaí airgeadais a chuirtear ar fáil), agus san am céanna iarrachtaí a dhéanamh chun deireadh a chur le fóirdheontais agus leis an saobhadh trádála a bhaineann leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil. Tháinig an Socrú i bhfeidhm i mí Aibreáin 1978, beidh sé i bhfeidhm go ceann tréimhse éiginnte agus, cé go bhfaigheann sé tacaíocht riaracháin ó Rúnaíocht ECFE, ní Gníomh de chuid ECFE é 1 .

Tá an Socrú faoi réir nuashonruithe rialta lena gcuirtear san áireamh an margadh airgeadais agus forbairtí beartais a dhéanann difear do sholáthar na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil. Tá an Socrú ceangailteach ó thaobh dlí san Aontas, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 . Trí bhíthin Gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo, déantar athbhreithnithe ar théarmaí agus ar choinníollacha an tSocraithe a ionchorprú i ndlí an Aontais.

2.2.Na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil

Déanann an Coimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontais i gcruinnithe agus i nósanna imeachta cinnteoireachta na rannpháirtithe (na ‘Rannpháirtithe’) sa Socrú. Is de chomhthoil a ghlactar cinntí maidir le leasuithe a dhéantar ar an Socrú. Glacann an Chomhairle seasamh an Aontais agus pléann na Ballstáit é i Meitheal na Comhairle um Chreidmheasanna Onnmhairiúcháin 3 .

2.3.Gníomh beartaithe na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil

Is éard atá i CIRRanna rátaí úis íosta seasta a fhéadtar a thairiscint mar chuid de chonradh maoinithe onnmhairiúcháin le taca rialtais. Socraítear CIRRanna le haghaidh gach airgeadra de chuid na Rannpháirtithe sa Socrú. In 2021, rinneadh athchóiriú cuimsitheach ar fhorálacha CIRR, lenar cumhdaíodh gnéithe oibríochtúla (e.g. módúlachtaí mar na rátaí úis a choinneáil agus a shocrú), chomh maith le gnéithe struchtúrtha (e.g. bonnrátaí, corrlaigh agus formhuirir). Ba é an aidhm a bhí le hathchóiriú CIRR cleachtais iasachtaithe a chomhchuibhiú i measc na Rannpháirtithe agus na CIRRanna a thabhairt níos gaire do rátaí an mhargaidh.

D’aontaigh na Rannpháirtithe gur cheart do CIRR a bheith comhdhéanta i gcónaí de bhonnráta, atá nasctha le torthaí bannaí rialtais, agus de chorrlach. Mar sin féin, ba cheart scor den chorrlach a shocrú ag 100 bonnphointe ionas go léireofar an margadh ar bhealach níos fearr. Bhí corrlach nua CIRR le ríomh trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle a leanas:

Corrlach CIRR = 0.5 * (an meán 3 mhí atá ag torthaí an raon difríochta laethúil 5 bliana) + 80 bonnphointe.

An meán 3 mhí atá ag na raonta difríochta laethúla 5 bliana a bhí le húsáid, bhí sé le ríomh mar a leanas: ríomh a dhéanamh ar an meán uimhríochtúil atá ag na raon difríochta laethúla 5 bliana le 3 mhí féilire anuas sna hairgeadraí ábhartha.

Ba é Ráta Tairgthe Idirbhainc Londan (LIBOR) an ráta a d’úsáid go leor Rannpháirtithe mar bhonnráta chun raonta difríochta a ríomh. Mar sin féin, tar éis scor LIBOR ag deireadh 2021, chomhaontaigh na Rannpháirtithe an 30 Nollaig 2022 corrlach sealadach 100 bonnphointe a chur chun feidhme le haghaidh gach airgeadra ar feadh bliana ó chur chun feidhme rialacha nua CIRR (go dtí an 14 Iúil 2024). Ina dhiaidh sin, an 6 Samhain 2023, chomhaontaigh na Rannpháirtithe síneadh bliana eile a chur leis an gcorrlach sealadach, go dtí an 14 Iúil 2025, nó go dtí go bhféadfaidh Rannpháirtithe teacht ar chomhaontú maidir le rogha mhalartach. I bhfianaise dhul in éag an réitigh shealadaigh 100 bonnphointe atá ar na bacáin, ní mór teacht ar bhealach níos cobhsaí anois.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Chuir scor LIBOR in 2021 isteach ar an réiteach a bhí beartaithe ag na Rannpháirtithe chun corrlach CIRR a ríomh le haghaidh go leor airgeadraí, toisc nach raibh LIBOR ina rogha a thuilleadh le húsáid mar ráta tagartha chun raonta difríochta a ríomh.

I bhfianaise an mhéid sin, tacaíonn an tAontas le 100 bonnphointe a úsáid mar chorrlach CIRR le haghaidh gach airgeadra ar bhonn buan mar bhealach chun cinn tar éis an 14 Iúil 2025. Dá n‑úsáidfí 100 bonnphointe ar bhonn buan, shimpleofaí córas CIRR agus sholáthrófaí cinnteacht ghnó. Is réiteach tarraingteach é freisin ó thaobh na trédhearcachta de, rud a bhí in easnamh go minic sa réiteach maidir le raon difríochta, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na rátaí tagarmhairc a úsáideadh. Ina theannta sin, cé nach bhfuil an léiriú ar an margadh atá ag an bhfilleadh ar an gcur chuige 100 bonnphointe chomh maith céanna agus an léiriú atá ag an réiteach atá beartaithe ag na Rannpháirtithe, tá príomhghnéithe eile den athchóiriú fós ann, lena n‑áirítear maidir leis na gnéithe oibríochtúla.

Mura dtiocfaidh na Rannpháirtithe ar chomhaontú maidir le réiteach buan chun corrlach CIRR a bhunú, thacódh an tAontas le síneadh a chur leis an réiteach sealadach atá ann faoi láthair, is é sin síneadh a chur le corrlach sealadach 100 bonnphointe le haghaidh gach airgeadra ar feadh bliain amháin nó níos mó ón 14 Iúil 2025.

Dá bhrí sin, moltar gurb é seasamh an Aontais ag cruinniú na Rannpháirtithe i mí an Mheithimh 2025 an cinneadh atá beartaithe ag na Rannpháirtithe sa Socrú a fhormheas chun treoirlínte nua a ghlacadh maidir le corrlach CIRR a bhunú.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 4 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

D’fhéadfadh an gníomh atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith aige ar inneachar reachtaíocht an Aontais, mar atá Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle. De bhua Airteagal 2 den Rialachán seo, sin é an fáth a shonraítear an méid a leanas: ‘[d]éanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 3 chun Iarscríbhinn II a leasú mar thoradh ar leasuithe ar na treoirlínte arna gcomhaontú ag na Rannpháirtithe sa Socrú’.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh‑chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh‑chomhpháirt.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is le creidmheasanna onnmhairiúcháin a bhaineann príomhchuspóir agus príomhinneachar an ghnímh atá beartaithe, gníomh a thagann faoi raon feidhme an chomhbheartais tráchtála. Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2025/0126 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an gcinneadh atá beartaithe ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i ndáil le rátaí úis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4) de, an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rinneadh na treoirlínte atá sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’) a thrasuí, agus dá bhrí sin, rinneadh ceangailteach iad ó thaobh an dlí de san Aontas Eorpach le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 .

(2)Ní mór do na Rannpháirtithe réiteach a chinneadh chun leasú a dhéanamh ar fhorálacha an tSocraithe maidir le corrlach CIRR a bhunú, tar éis scor LIBOR.

(3)Leis an gcinneadh atá beartaithe chun na forálacha maidir le CIRRanna a leasú, ba cheart soiléireacht níos fearr a sholáthar, mar aon le cleachtais iasachtaithe a chomhchuibhiú, ionas go mbeidh feabhas ar an gcothrom iomaíochta i measc na Rannpháirtithe.

(4)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, is iomchuí é a bhunú i nós imeachta i scríbhinn de chuid na Rannpháirtithe sa Socrú, toisc go bhféadfaidh an cinneadh atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith aige ar ábhar dhlí an Aontais, de bhua Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhthéacs an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i dtaca leis an athbhreithniú ar fhorálacha ráta úis an tSocraithe, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcorrlach a bhunú, beidh sé i gcomhréir leis an iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Mar a shainmhínítear in Airteagal 5 de Choinbhinsiún ECFE.
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45).
(3)    Cinneadh ón gComhairle lena gcuirtear ar bun Grúpa Comhordaithe Beartais um Árachas Creidmheasa, Ráthaíochtaí Creidmheasa agus Creidmheasanna Airgeadais (IO 66, 27.10.1960, lch. 1339).
(4)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45) (‘Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011’).
Top

An Bhruiséil,26.5.2025

COM(2025) 253 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an gcinneadh atá beartaithe ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i ndáil le rátaí úis


IARSCRÍBHINN

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhthéacs an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i dtaca leis an athbhreithniú ar fhorálacha an ráta úis an tAirteagal seo a leanas a chur in ionad Airteagail 11-15 d’Iarscríbhinn XII, mar a leagtar amach thíos:

AN CORRLACH A BHUNÚ

11.    Socrófar corrlach CIRR ag 100 bonnphointe le haghaidh gach airgeadra.

Top