Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0193

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le cinntí ón gComhchoiste a ghlacadh maidir le Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, agus bunú meithleacha speisialaithe agus glacadh théarmaí tagartha na meithleacha sin

COM/2025/193 final

An Bhruiséil,12.5.2025

COM(2025) 193 final

2025/0105(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le cinntí ón gComhchoiste a ghlacadh maidir le Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, agus bunú meithleacha speisialaithe agus glacadh théarmaí tagartha na meithleacha sin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Ríocht na Téalainne i ndáil le cinntí a bhfuil sé beartaithe iad a glacadh maidir le glacadh Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste agus bunú meithleacha speisialaithe agus glacadh théarmaí tagartha na meithleacha sin.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Creat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach

Is é is aidhm don Chreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) caidreamh réamhbhreathnaitheach a bhunú ina mbeidh dearcadh níos struchtúrtha agus níos straitéisí, luachanna comhroinnte agus saincheisteanna leasa fhrithpháirtigh, mar aon le hidirphlé agus comhar cuimsitheach idir na Páirtithe in earnálacha leasa choitinn. Tá an Comhaontú á chur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 20 Deireadh Fómhair 2024 ann.

2.2.An Comhchoiste

Cuirtear an Comhchoiste ar bun le hAirteagal 52 den Chomhaontú. Is iad na príomhchúraimí atá air feidhmiú agus cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú agus tosaíochtaí a leagan síos i ndáil le haidhmeanna an Chomhaontaithe. Ar fheidhmeanna eile an Chomhchoiste, tá an méid seo a leanas: moltaí a dhéanamh chun aidhmeanna an Chomhaontaithe a chur chun cinn, aon difríocht nó éagsúlacht a réiteach a eascraíonn as léirmhíniú, cur chun feidhme nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe, scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile maidir le neamh-chomhlíonadh na n‑oibleagáidí faoin gComhaontú.

Tá an Comhchoiste le moltaí a dhéanamh agus cinntí a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, chun éifeacht a thabhairt do ghnéithe sonracha den Chomhaontú. Feidhmíonn an Comhchoiste de chomhthoil agus tagann sé le chéile ar leibhéal na n‑oifigeach sinsearach de ghnáth. Tá an Comhchoiste lena rialacha nós imeachta a ghlacadh. Féadfaidh sé meithleacha speisialaithe a chur ar bun chun déileáil le saincheisteanna sonracha.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhchoiste

Le linn a chéad chruinnithe, tá an Comhchoiste le cinntí a ghlacadh maidir le glacadh rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus bunú meithleacha speisialaithe agus glacadh théarmaí tagartha na meithleacha sin (‘an gníomh atá beartaithe’).

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe rialacha nós imeachta a bheidh mar bhonn faoi eagrú an Chomhchoiste agus téarmaí tagartha na meithleacha speisialaithe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 52(5) den Chomhaontú. Ba cheart seasamh an Aontais a bheith bunaithe ar na dréachtchinntí ón gComhchoiste.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais rialacha nós imeachta Chomhchoiste AE-na Téalainne agus téarmaí tagartha na meithleacha speisialaithe a ghlacadh. Ba cheart an seasamh a bheith bunaithe ar na dréachtchinntí ón gComhchoiste.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 1 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is éard atá sa Chomhchoiste comhlacht arna bhunú le comhaontú, is é sin an Creat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile.

An gníomh a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 52(5) den Chreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 8(2) de na Rialacha Nós Imeachta atá beartaithe.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.

Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí á saothrú leis an tráth céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna ann, ar comhpháirteanna iad atá i ndlúthnasc do-scartha le chéile gan aon cheann acu a bheith teagmhasach maidir leis an gceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis chomhfhreagracha dlí éagsúla a chur san áireamh sa bhunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhar um fhorbairt.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 209 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 209, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2025/0105 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le cinntí ón gComhchoiste a ghlacadh maidir le Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, agus bunú meithleacha speisialaithe agus glacadh théarmaí tagartha na meithleacha sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Síníodh an Creat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) an 14 Nollaig 2022 agus cuireadh i bhfeidhm é go sealadach ón 20 Deireadh Fómhair 2024, i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/2562 ón gComhairle 2 .

(2)De bhun Airteagal 52(5) den Chomhaontú, glacann an Comhchoiste a rialacha nós imeachta.

(3)Le linn a chéad chruinnithe, tá an Comhchoiste lena rialacha nós imeachta a ghlacadh, mar aon le téarmaí tagartha na meithleacha speisialaithe.

(4)Is iomchuí an seasamh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla de réir bhrí Airteagal 218(9) CFAE ag an gcinneadh lena nglactar rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus ag an gcinneadh maidir le téarmaí tagartha meithleacha speisialaithe a ghlacadh.

(5)Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhchoiste a bheith bunaithe ar na dréachtchinntí atá i gceangal sna hiarscríbhinní,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa chéad chruinniú de chuid an Chomhchoiste arna bhunú de bhun Airteagal 52(1) den Chreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le glacadh rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus bunú a mheithleacha speisialaithe agus glacadh théarmaí tagartha na meithleacha sin, beidh sé bunaithe ar dhréachtghníomhartha an Chomhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(2)    IO L 330, 23.12.2022, lgh. 70–71.
Top

An Bhruiséil,12.5.2025

COM(2025) 193 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le cinntí ón gComhchoiste a ghlacadh maidir le Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, agus bunú meithleacha speisialaithe agus glacadh théarmaí tagartha na meithleacha sin


IARSCRÍBHINN 1

CINNEADH Uimh. 1/[../..] Ó CHOMHCHOISTE AE-NA TÉALAINNE

an...

lena nglactar a Rialacha Nós Imeachta

TÁ COMHCHOISTE AE-NA TÉALAINNE,

Ag féachaint don Chreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile 1 (‘an Comhaontú’), agus go háirithe Airteagal 52 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá codanna den Chomhaontú á gcur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 20 Deireadh Fómhair 2024 ann,

(2)Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhchoiste a rialacha nós imeachta a ghlacadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, glactar Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo ar dháta a ghlactha.

Arna shíniú i/in/sa/san ...,

Thar ceann Chomhchoiste AE-na Téalainne

An Cathaoirleach agus an Comhchathaoirleach



IARSCRÍBHINN I

RIALACHA NÓS IMEACHTA CHOMHCHOISTE AE-NA TÉALAINNE

Airteagal 1

Cúraimí agus comhdhéanamh

1.    An Comhchoiste, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 52 den Chreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), déanfaidh sé a chúraimí mar a fhoráiltear sa Chomhaontú agus sna Rialacha Nós Imeachta seo.

2.    De bhun Airteagal 52(4) den Chomhaontú, beidh sé de shaincheart ag an gComhchoiste feidhmiú agus cur chun feidhme aon chomhaontú sonrach dá dtagraítear in Airteagal 53(1) a phlé. Na hábhair ó choistí arna gcur ar bun faoi aon chomhaontú sonrach dá dtagraítear in Airteagal 53(1) agus na hábhair ó fhochoistí na gcoistí sin arna gcur ar bun faoi na comhaontuithe sonracha, agus ar ábhair iad a tharchuirtear chuig an gComhchoiste, déanfaidh sé iad a phlé mar chuid den chreat institiúideach comhchoiteann.

3.    Is ionadaithe de chuid an dá Pháirtí ar an leibhéal is airde is féidir a bheidh ar an gComhchoiste.

Airteagal 2

Cathaoirleacht

1.    Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Aire Gnóthaí Eachtracha Ríocht na Téalainne ina gcathaoirligh ar an gComhchoiste nuair a dhéantar é a thionól ar leibhéal na n‑airí. Is féidir leo a n‑údarás a tharmligean chuig oifigeach sinsearach.

2.    Déanfaidh na Páirtithe cathaoirleacht ar an gComhchoiste gach re seal, ar feadh tréimhse 1 bhliana, ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig den bhliain chéanna. Beidh an Páirtí eile ina Chomhchathaoirleach.

Airteagal 3

Cruinnithe

1.    De ghnáth tiocfaidh an Comhchoiste le chéile sa Bhruiséil agus in Bangkok gach re seal uair amháin sa bhliain nó de réir mar a chomhaontóidh na comhchathaoirligh. Is é an Cathaoirleach atá ag feidhmiú mar óstach ar an gcruinniú a thionólfaidh cruinnithe an Chomhchoiste ar dháta a shocrófar trí chomhaontú frithpháirteach. Féadfar cruinnithe urghnácha den Chomhchoiste a thionól arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh.

2.    Féadfar cruinnithe an Chomhchoiste a thionól go heisceachtúil trí bhíthin físchomhdhála nó teileachomhdhála, má chomhaontaíonn an dá Pháirtí amhlaidh.

3.    Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile ar leibhéal na n‑airí ach féadfaidh sé teacht le chéile ar leibhéal na n‑oifigeach sinsearach má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh.

4.    Mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt, ní bheidh cruinnithe an Chomhchoiste poiblí.

Airteagal 4

Rannpháirtithe

1.    Roimh gach cruinniú, cuirfidh gach Páirtí na comhchathaoirligh ar an eolas, tríd an Rúnaíocht, faoin gcomhdhéanamh atá beartaithe dá thoscaireacht.

2.    I gcás inarb iomchuí agus trí chomhaontú frithpháirteach idir na Páirtithe, féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe nó d’ionadaithe de chuid comhlachtaí eile freastal ar chruinnithe an Chomhchoiste mar bhreathnóirí nó chun faisnéis a sholáthar maidir le hábhar ar leith.

Airteagal 5

Rúnaíocht

Gníomhóidh ionadaí de chuid na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí agus ionadaí de chuid
Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Téalainne go comhpháirteach mar Rúnaithe ar an gComhchoiste. Gach cumarsáid chuig comhchathaoirligh an Chomhchoiste agus gach cumarsáid uathu, cuirfear ar aghaidh í chuig na Rúnaithe. Féadfaidh comhfhreagras chuig comhchathaoirligh an Chomhchoiste agus comhfhreagras uathu a bheith in aon fhoirm scríofa, lena
n‑áirítear i bhfoirm ríomhphoist.

Airteagal 6

Cláir oibre le haghaidh cruinnithe

1.    Tarraingeoidh an Cathaoirleach suas clár oibre sealadach le haghaidh gach cruinnithe. Cuirfear an clár oibre sealadach, in éineacht leis na doiciméid ábhartha, ar aghaidh chuig an bPáirtí eile tráth nach déanaí ná 15 lá féilire roimh thús an chruinnithe.

2.    Cuirfear na míreanna atá le cur ar an gclár oibre sealadach faoi bhráid an Chathaoirligh tráth nach déanaí ná 21 lá féilire roimh thús an chruinnithe.

3.    Glacfaidh an Comhchoiste an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Féadfar míreanna eile seachas iad siúd atá ar an gclár oibre sealadach a chur leis an gclár oibre, má chomhaontaíonn an dá Pháirtí amhlaidh.

4.    Féadfaidh an Cathaoirleach, i gcomhaontú leis an gComhchathaoirleach, na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 1 a ghiorrú chun na riachtanais a bhaineann le cás ar leith a chur san áireamh.

Airteagal 7

Miontuairiscí

1.    Déanfaidh an bheirt Rúnaithe dréacht-mhiontuairiscí gach cruinnithe a tharraingt suas go comhpháirteach, de ghnáth laistigh de 30 lá féilire ó dháta an chruinnithe. Beidh na dréacht-mhiontuairiscí bunaithe ar achoimre a dhéanfaidh an Cathaoirleach ar na conclúidí ar tháinig an Comhchoiste orthu.

2.    Formheasfaidh an dá Pháirtí na miontuairiscí laistigh de 45 lá féilire ó dháta an chruinnithe nó faoi aon dáta eile a chomhaontóidh na Páirtithe. Nuair a bheidh comhaontú ann maidir leis na dréacht-mhiontuairiscí, síneoidh an Cathaoirleach agus an Comhchathaoirleach dhá chóip bhunaidh. Gheobhaidh gach Páirtí aon chóip bhunaidh amháin.

Airteagal 8

Cinntí agus moltaí

1.    Féadfaidh an Comhchoiste cinntí agus moltaí a dhéanamh chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach. Is trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe a dhéanfar cinntí agus moltaí an Chomhchoiste a ghlacadh. Glacfar cinntí agus moltaí tar éis do na Páirtithe a nósanna imeachta inmheánacha féin a thabhairt chun críche i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin.

2.    Beidh gach cinneadh ina cheangal ó dháta a ghlactha ar aghaidh.

3.    Nuair a ghlacfaidh an Comhchoiste cinntí nó moltaí, tabharfar ‘Cinneadh’ nó ‘Moladh’ ar na gníomhartha sin faoi seach, agus ina dhiaidh sin beidh sraithuimhir, dáta a nglactha agus tuairisc ar an ábhar.

4.    Féadfaidh an Comhchoiste cinntí nó moltaí a dhéanamh trí nós imeachta i scríbhinn má chomhaontaíonn an dá Pháirtí amhlaidh. Trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe, féadfar foráil a dhéanamh maidir le sprioc-am chun an nós imeachta i scríbhinn a thabhairt chun críche, agus i ndeireadh an sprioc-ama sin féadfaidh Cathaoirleach agus Comhchathaoirleach an Chomhchoiste a dhearbhú, mura gcuirfidh aon cheann de na Páirtithe a mhalairt in iúl, gur tháinig na Páirtithe ar chomhaontú frithpháirteach.

5.    Déanfar cinntí agus moltaí arna nglacadh ag an gComhchoiste a fhíordheimhniú le dhá chóip bhunaidh.

6.    Féadfaidh gach Páirtí cinneadh a dhéanamh maidir le cinntí agus moltaí an Chomhchoiste a fhoilsiú ina fhoilseachán oifigiúil féin.

Airteagal 9

Comhfhreagras

1.    Comhfhreagras a sheolfar chuig an gComhchoiste, díreofar é chuig duine de na Rúnaithe agus cuirfidh seisean an Rúnaí eile ar an eolas ina dhiaidh sin.

2.    Áiritheoidh an Rúnaíocht go ndéanfar comhfhreagras a sheolfar chuig an gComhchoiste a chur ar aghaidh chuig an gCathaoirleach agus chuig an gComhchathaoirleach agus go scaipfear é, i gcás inarb iomchuí, mar dhoiciméid dá dtagraítear in Airteagal 10 de na rialacha nós imeachta seo.

3.    Seolfaidh an Rúnaíocht comhfhreagras ón gCathaoirleach agus ón gComhchathaoirleach chuig na Páirtithe agus scaipfear é, i gcás inarb iomchuí, mar dhoiciméid dá dtagraítear in Airteagal 10 de na rialacha nós imeachta seo.

Airteagal 10

Doiciméid

1.    I gcás ina mbeidh plé an Chomhchoiste bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta i scríbhinn, déanfaidh an Rúnaíocht na doiciméid sin a uimhriú agus a scaipeadh ar na Comhaltaí.

2.    Beidh gach Rúnaí freagrach as na doiciméid a scaipeadh ar a chuid ionadaithe féin sa Chomhchoiste agus as an Rúnaí eile a chur i gcóip go córasach.

3.    I gcás ina gcuirfidh Páirtí faisnéis isteach atá le coinneáil faoi rún, is mar sin a dhéileálfaidh an Páirtí eile leis an bhfaisnéis.

Airteagal 11

Costais

1.    Íocfaidh gach Páirtí as aon chostas a thabhóidh sé mar thoradh ar bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Chomhchoiste maidir le caiteachas foirne, taistil agus cothaithe mar aon le caiteachas poist agus teileachumarsáide.

2.    Is é an Páirtí atá ag feidhmiú mar óstach ar an gcruinniú a íocfaidh as caiteachas a bhaineann le heagrú cruinnithe agus atáirgeadh doiciméad.

Airteagal 12

Leasú ar rialacha nós imeachta

Féadfar na rialacha nós imeachta seo a leasú trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe, trí bhíthin cinneadh ón gComhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 8.

Airteagal 13

Meithleacha Speisialaithe

1.    Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh meithleacha speisialaithe a chur ar bun chun cúnamh a thabhairt dó a chúraimí a dhéanamh.

2.    Cinnfidh an Comhchoiste téarmaí tagartha na meithleacha speisialaithe arna gcur ar bun de bhun mhír 1.

3.    Tuairisceoidh na meithleacha speisialaithe don Chomhchoiste tar éis gach ceann dá gcruinnithe.

4.    Ní bheidh aon chumhacht chinnteoireachta ag na meithleacha speisialaithe ach féadfaidh siad moltaí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.



IARSCRÍBHINN 2

CINNEADH Uimh. 2/[../..] Ó CHOMHCHOISTE AE-NA TÉALAINNE

an....

maidir le téarmaí tagartha na Meithleacha Speisialaithe a ghlacadh

TÁ COMHCHOISTE AE-NA TÉALAINNE,

Ag féachaint don Chreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile 2 (‘an Comhaontú’), agus go háirithe Airteagal 52 de, agus d’Airteagal 13 de Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)De bhun Airteagal 13 de Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, féadfaidh an Comhchoiste Meithleacha Speisialaithe a chur ar bun chun cúnamh a thabhairt dó a chúraimí a dhéanamh,

(2)Le glacadh théarmaí tagartha na Meithleacha Speisialaithe a leagtar amach san Iarscríbhinn, níor cheart réamhbhreith a thabhairt maidir le leanúint leis an Idirphlé Saothair idir an tAontas agus an Téalainn ná le Meitheal AE – na Téalainne um Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte (NNN) a chomhrac ná níor cheart réamhbhreith a thabhairt maidir leis na nósanna imeachta a bhaineann leo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.    Leis seo, bunaítear Meithleacha Speisialaithe an Chomhchoiste, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

2.    Leis seo, glactar téarmaí tagartha Mheithleacha Speisialaithe an Chomhchoiste, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo ar dháta a ghlactha

Arna shíniú i/in/sa/san ...,

   Thar ceann Chomhchoiste AE-na Téalainne

   An Cathaoirleach agus an Comhchathaoirleach


IARSCRÍBHINN I

MEITHLEACHA SPEISIALAITHE CHOMHCHOISTE AE-NA TÉALAINNE

(1) An Mheitheal Speisialaithe um Chearta an Duine agus Rialachas

(2) An Mheitheal Speisialaithe um Thrádáil agus Infheistíocht

(3) An Mheitheal Speisialaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe agus an tAistriú Glas 



IARSCRÍBHINN II

Téarmaí Tagartha na Meithleacha Speisialaithe

a bhunaítear faoin gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile

Airteagal 1

1.    Féadfaidh gach meitheal speisialaithe, ag na cruinnithe a bheidh aici, déileáil le cur chun feidhme an Chomhaontaithe sna réimsí a chumhdaíonn an mheitheal sin.

2.    Féadfaidh na meithleacha speisialaithe ábhair nó tionscadail shonracha a bhaineann leis an réimse ábhartha comhair dhéthaobhaigh a phlé freisin.

3.    Féadfar cásanna aonair a ardú freisin nuair a éilíonn ceachtar den dá Pháirtí sin.

Airteagal 2

Oibreoidh na meithleacha speisialaithe faoi údarás an Chomhchoiste. Tuairisceoidh siad a miontuairiscí agus a gconclúidí do Chathaoirleach an Chomhchoiste agus tarchuirfidh siad chuige iad laistigh de 30 lá féilire tar éis gach cruinnithe.

Airteagal 3

Beidh gach meitheal speisialaithe comhdhéanta d’ionadaithe na bPáirtithe atá inniúil maidir leis na hábhair a chumhdaíonn an mheitheal sin. Ar chomhaontú na bPáirtithe, féadfaidh na meithleacha speisialaithe cuireadh a thabhairt do shaineolaithe freastal ar a gcruinnithe, agus féadfaidh siad éisteacht leo maidir le pointí sonracha ar an gclár oibre, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 4

Déanfaidh na Páirtithe cathaoirleacht ar na meithleacha speisialaithe gach re seal, de réir rialacha nós imeachta an Chomhchoiste. Beidh an Páirtí eile ina Chomhchathaoirleach. Is ionadaí de chuid an údaráis atá inniúil maidir leis na hábhair a chumhdaíonn gach comhlacht a bheidh ina Chathaoirleach agus ina Chomhchathaoirleach.

Airteagal 5

Gníomhóidh ionadaí de chuid na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí agus ionadaí de chuid Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Téalainne go comhpháirteach mar Rúnaithe ar na meithleacha speisialaithe, mura gcinnfidh gach Páirtí a mhalairt bunaithe ar chúraimí na meithle speisialaithe sin. Déanfar gach cumarsáid a bhaineann leis na meithleacha speisialaithe sonracha a chur ar aghaidh chuig an mbeirt Rúnaithe.

Airteagal 6

1.    Tiocfaidh na meithleacha speisialaithe le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad in Bangkok agus sa Bhruiséil gach re seal. Reáchtálfar gach cruinniú in áit agus ar dháta a chomhaontaíonn na Páirtithe go frithpháirteach.

2.    Ar iarraidh a fháil ó Pháirtí amháin le haghaidh cruinniú de mheitheal speisialaithe, tabharfaidh Rúnaí an Pháirtí eile freagra laistigh de 15 lá oibre.

3.    I gcásanna práinne ar leith, féadfar cruinnithe na meithleacha speisialaithe a thionól ar fhógra níos giorra, faoi réir chomhaontú an dá Pháirtí.

4.    Má chomhaontaíonn an dá Pháirtí amhlaidh, féadfar cruinnithe na meithleacha speisialaithe a thionól go heisceachtúil trí bhíthin físchomhdhála nó teileachomhdhála.

5.    Roimh gach cruinniú, cuirfear an Cathaoirleach agus an Comhchathaoirleach ar an eolas faoin gcomhdhéanamh atá beartaithe do thoscaireacht an dá Pháirtí.

6.    Is iad an dá Rúnaí a dhéanann cruinnithe na meithleacha speisialaithe a chomhthionól.

Airteagal 7

Cuirfear míreanna atá le háireamh ar an gclár oibre faoi bhráid na Rúnaithe 20 lá féilire ar a laghad roimh dháta chruinniú na meithle speisialaithe atá i gceist. Soláthrófar aon doiciméadacht tacaíochta do na Rúnaithe 15 lá féilire ar a laghad roimh an gcruinniú. Déanfaidh na Rúnaithe an dréachtchlár oibre a chur in iúl tráth nach déanaí ná 10 lá oibre roimh an gcruinniú. Cuirfear bailchríoch ar an gclár oibre ar chomhaontú an dá Pháirtí. In imthosca eisceachtúla, féadfar míreanna a chur leis an gclár oibre ar ghearrfhógra, ar chomhaontú na bPáirtithe.

Airteagal 8

1.    Scríobhfar miontuairiscí le haghaidh gach cruinnithe.

2.    Mura gcinnfear a mhalairt, ní bheidh cruinnithe na meithleacha speisialaithe ina gcruinnithe poiblí.

Airteagal 9

1.    Íocfaidh gach Páirtí as aon chostas a thabhóidh sé mar thoradh ar bheith rannpháirteach i gcruinnithe meithle speisialaithe maidir le caiteachas foirne, taistil agus cothaithe mar aon le caiteachas poist agus teileachumarsáide.

2.    Is é an Páirtí atá ag feidhmiú mar óstach ar an gcruinniú a íocfaidh as caiteachas a bhaineann le heagrú cruinnithe agus atáirgeadh doiciméad.

Airteagal 10

I gcás aon ghné eile nach gcumhdaítear leis na téarmaí tagartha seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag rialacha nós imeachta an Chomhchoiste.

______________________

(1)    IO AE L 330, 23.12.2022, lgh. 72-108
(2)    IO AE L 330, 23.12.2022, lgh. 72-108
Top