AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.3.2025
COM(2025) 73 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus le cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le Cur Chun Feidhme (2025-2029) an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta in Earnáil an Iascaigh idir Poblacht an Chósta Eabhair agus an Comhphobal Eorpach
IARSCRÍBHINN
PRÓTACAL MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME AN CHOMHAONTAITHE COMHPHÁIRTÍOCHTA IN EARNÁIL AN IASCAIGH IDIR POBLACHT AN CHÓSTA EABHAIR AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH
De bhrí dlúthchomhar a bheith ann idir na Páirtithe, go háirithe i gcomhthéacs an chaidrimh idir Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (Eagraíocht na Stát ACC) agus an tAontas Eorpach, agus gur mian leo araon an caidreamh sin a threisiú,
Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir Poblacht an Chósta Eabhair agus an Comhphobal Eorpach,
Comhaontaíonn na Páirtithe sa Phrótacal seo mar a leanas:
Airteagal
Sainmhínithe is infheidhme maidir leis an bPrótacal seo
Chun críocha an Phrótacail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 den Chomhaontú Comhpháirtíochta in Earnáil an Iascaigh idir Poblacht an Chósta Eabhair agus an Comhphobal Eorpach, dá ngairtear feasta ‘na Páirtithe’ le chéile agus ‘an Páirtí’ nuair is ceann amháin acu a bheidh i gceist. Ina theannta sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn ‘Comhaontú’ Comhaontú Comhpháirtíochta in Earnáil an Iascaigh idir Poblacht an Chósta Eabhair agus an Comhphobal Eorpach;
ciallaíonn ‘Comhaontú Shamó’ an Comhaontú Comhpháirtíochta idir Comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile ;
ciallaíonn ‘Údaráis an Aontais’ an Coimisiún Eorpach, i gcás inarb iomchuí trí Thoscaireacht an Aontais sa Chósta Eabhair, téarma atá coibhéiseach leis an téarma ‘údaráis Chomhphobail’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Chomhaontú;
ciallaíonn ‘Údaráis an Chósta Eabhair’ an aireacht atá freagrach as acmhainn iascaigh;
ciallaíonn ‘tacaíocht earnála’ tacaíocht airgeadais ón Aontas chun beartas earnála iascaigh agus dobharshaothraithe an Chósta Eabhair a chur chun feidhme;
ciallaíonn ‘gabhálacha’ speicis uisceacha mhuirí a ghabhtar le trealamh iascaireachta a úsáideann soitheach iascaireachta;
ciallaíonn ‘tabhairt i dtír’ aon chainníocht táirgí iascaigh a dhíluchtú ar tír ó shoitheach iascaireachta;
ciallaíonn ‘toscaireacht’ Toscaireacht an Aontais Eorpaigh sa Chósta Eabhair;
ciallaíonn ‘feistí comhthiomsaithe éisc’ nithe saorga nó nádúrtha ar an dromchla a mealltar speicis éagsúla fúthu, rud a mhéadaíonn inghabhálacht na speiceas sin;
ciallaíonn ‘reachtaíocht náisiúnta’ reachtaíocht maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta an Chósta Eabhair;
ciallaíonn ‘ceadúnas iascaireachta’ údarú riaracháin arna eisiúint ag údaráis an Chósta Eabhair d’oibreoir soithigh de chuid an Aontais lena dtugtar an ceart dó oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair ar feadh tréimhse shonraithe; téarmaí atá coibhéiseach leis an téarma ‘údarú iascaireachta’ mar a shainmhínítear i reachtaíocht an Aontais;
ciallaíonn ‘soitheach de chuid an Aontais’ soitheach faoi bhratach Bhallstáit den Aontas agus atá cláraithe san Aontas;
ciallaíonn ‘soitheach tacaíochta’ soitheach, seachas árthach a iompraítear ar bord, nach bhfuil trealamh iascaireachta oibríochtúil atá ceaptha chun éisc a ghabháil nó a mhealladh feistithe air agus a éascaíonn nó a ullmhaíonn oibríochtaí iascaireachta nó a chuidíonn leis na hoibríochtaí sin;
ciallaíonn ‘breathnóir’ aon duine atá údaraithe ag údarás náisiúnta atá freagrach as breathnú a dhéanamh, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn, ar chur chun feidhme na rialacha is infheidhme maidir le hoibríochtaí iascaireachta, nó as breathnú a dhéanamh ar oibríochtaí den sórt sin chun críoch eolaíoch.
ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a shealbhaíonn aon ghnóthas atá ag tabhairt faoi aon cheann de na gníomhaíochtaí a bhaineann le haon chéim de na slabhraí táirgthe, próiseála, margaíochta, dáilte agus miondíola ar tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;
ciallaíonn ‘oibríocht iascaireachta’ aon ghníomhaíocht a dhéantar i dtaca le cuardach éisc, le lámhach, tarraingt agus tarlú trealamh gníomhach, le socrú, maothú, baint nó athshocrú trealamh éighníomhach agus le haon ghabháil a bhaint as an trealamh, as na rí-eangacha nó as an gcaighean iompair agus a aistriú chuig caighin ramhraithe agus feirmeoireachta;
ciallaíonn ‘iascach inbhuanaithe’ an iascaireacht atá i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar síos leis an gCód Iompair le haghaidh Iascach Freagrach a glacadh ag Comhdháil Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) in 1995;
ciallaíonn ‘iascaire’ aon duine atá fostaithe nó atá ag gabháil do ghníomhaíocht ghairmiúil in aon cháil ar bord soithigh iascaireachta, lena n‑áirítear daoine atá ag obair ar bord mar scair-iascairí, cé is moite de phíolótaí, de chriúnna cabhlaigh cogaidh, de dhaoine eile i mbuanseirbhís an rialtais, de dhaoine ar talamh atá freagrach as obair a dhéanamh ar bord soithigh iascaireachta agus de bhreathnóirí iascaigh. Tuigfear gur iascairí de réir bhrí an tsainmhínithe seo maraithe ACC mar a shainmhínítear sa Chomhaontú;
ciallaíonn ‘deiseanna iascaireachta’ teidlíocht dhlíthiúil chainníochtaithe iascaireachta a léirítear i dtéarmaí gabhálacha nó iarracht iascaireachta;
ciallaíonn ‘Prótacal’ an Prótacal seo lena gcuirtear chun feidhme an Chomhaontaithe, chomh maith leis an Iarscríbhinn agus na Foscríbhinní a ghabhann leis;
ciallaíonn ‘an Cósta Eabhair’ Poblacht an Chósta Eabhair;
ciallaíonn ‘éisc aischurtha’ gabhálacha nach gcoimeádtar ar bord;
ciallaíonn ‘trasloingsiú’ aistriú aon chainníochta éisc a choinnítear ar bord soithigh go díreach chuig soitheach eile gan beann ar áit a dhéantar é sin, gan taifead a bheith ann gur tugadh an t‑iasc i dtír;
ciallaíonn ‘an tAontas’ an tAontas Eorpach, ar a dtugtaí an Comhphobal Eorpach tráth.
Airteagal
Cuspóir
Is é is cuspóir don Phrótacal seo forálacha an Chomhaontaithe a chur chun feidhme trí na coinníollacha lena rialaítear rochtain ag soithí de chuid an Aontais ar limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair a leagan amach go háirithe chomh maith le forálacha cur chun feidhme na comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe.
Airteagal
Tréimhse cur i bhfeidhm
Beidh feidhm ag an bPrótacal seo ar feadh tréimhse 4 bliana ó dháta a shínithe, i gcomhréir le hAirteagal 20.
Airteagal
Gaol idir an Prótacal seo agus an Comhaontú
Déanfar an Prótacal a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an Chomhaontaithe agus ar bhealach atá i gcomhréir leis.
Má chuirtear deireadh leis an gComhaontú atá ann cheana le Comhaontú nua agus má chuirtear an Comhaontú nua in ionad an Chomhaontaithe atá ann cheana, nó má leasaítear an Comhaontú atá ann cheana, tiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir leis an bhféidearthacht, arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, an Prótacal seo a leasú de réir mar is gá chun é a thabhairt i gcomhréir leis an gComhaontú nua nó leis an gComhaontú leasaithe.
Airteagal
Prionsabail
Gníomhóidh na Páirtithe agus cuirfidh siad chun feidhme an Prótacal i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
1.Déanfar cur chun feidhme an Phrótacail, go háirithe dul i mbun na ngníomhaíochtaí iascaireachta, ar bhealach a áiritheoidh go ndéanfar na tairbhí a thiocfaidh as sin a chionroinnt go cothrom.
2.Cuirfidh na Páirtithe an Prótacal seo chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 9 de Chomhaontú Shamó.
3.I gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta, cuirfidh an Cósta Eabhair ar fáil don Aontas, faoi chuimsiú an Chomhchoiste, faisnéis maidir le haon chomhaontú lena dtugtar rochtain do shoithí tuinníní eachtracha ar a limistéar iascaireachta agus liosta na soithí tuinníní atá údaraithe sa chomhthéacs sin.
4.I gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe, geallann an Cósta Eabhair na bearta teicniúla agus caomhnúcháin céanna a chur i bhfeidhm maidir le gach cabhlach tuinníní tionsclaíoch eachtrach a oibríonn ina limistéar iascaireachta agus a bhfuil na saintréithe céanna aige agus atá cumhdaithe ag an bPrótacal seo.
5.I ndáil le stoic éisc traslimistéir nó mhórimirceacha, tabharfaidh na Páirtithe aird chuí ar mheasúnuithe eolaíocha a dhéantar ar an leibhéal réigiúnach, agus ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta arna nglacadh ag eagraíochtaí inniúla réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna), chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na hacmhainní a mbeidh rochtain orthu.
6.Níor cheart téarmaí agus coinníollacha fostaíochta iascairí ar bord soithí de chuid an Aontais a bheith contrártha do na hionstraimí is infheidhme maidir le hiascairí de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), go háirithe Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair (1998), arna leasú in 2022, agus Coinbhinsiún Uimh. 188 ó EIS maidir le hObair san Iascaireacht. Áirítear leis sin urraim don tsaoirse comhlachais agus aitheantas éifeachtach do cheart na n‑oibrithe chun cómhargála, deireadh a chur le saothair éignithe agus saothar leanaí, deireadh a chur le hidirdhealú i ndáil le fostaíocht agus slí bheatha, chomh maith le timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil agus dálaí cuibhiúla maireachtála agus oibre ar bord soithí iascaireachta de chuid an Aontais.
7.Gabhann na Páirtithe orthu féin daingniú choinbhinsiúin EIS agus IMO is infheidhme maidir le hiascairí a chur chun cinn. Gabhann siad orthu féin freisin oiliúint leordhóthanach ar iascairí a chur chun cinn, go háirithe an oiliúint dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta IMO maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Phearsanra Soithí Iascaireachta (STCW-F).
Airteagal
Gaol idir an Prótacal agus comhaontuithe agus ionstraimí dlí eile a bhaineann leis an iascaireacht
Déanfar an Prótacal a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
(a)moltaí agus rúin ó CICTA (an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú na dTuinníní Atlantacha) nó ó eagraíochtaí réigiúnacha iascaigh ábhartha eile, amhail CIATL (an Coiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir) agus FCWC (an Coiste Iascaigh um Murascaill Láir Thiar na Guine);
(b)Comhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Stoic Éisc 1995;
(c)Cód Iompair le haghaidh Iascach Freagrach 1995 (FAO);
(d)an Comhaontú faoi Bhearta Stát an Chalafoirt 2009 (FAO);
(e)des directives volontaires visant à assurer la durabilité de la pêche artisanale dans le contexte de la sécurité alimentaire et de l’éradication de la pauvreté [na Treoracha Deonacha chun Inbhuanaitheacht na hIascaireachta ar Mionscála a Áirithiú i gComhthéacs na Slándála Bia agus Dhíothú na Bochtaineachta], a foilsíodh in 2015 (FAO),
agus ar bhealach atá i gcomhréir leo.
Airteagal
Rochtain soithí de chuid an Aontais ar an limistéar iascaireachta
1.Beidh soithí de chuid an Aontais in ann rochtain a fháil ar an limistéar iascaireachta faoi Airteagal 5 den Chomhaontú laistigh de na teorainneacha seo a leanas:
(a)reoshoithigh saighne tuinníní: 25 shoitheach;
(b)báid spiléireachta dromchla: 7 soitheach;
Údarófar soithí tacaíochta faoi na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn agus i gcomhréir leis na rúin agus moltaí ábhartha ó CICTA.
2.Bainfidh na hoibríochtaí iascaireachta a dhéanfaidh na soithí dá dtagraítear i mír 1 le speicis mhórimirceacha (speicis a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1982) cé is moite de speicis a chosnaítear nó a bhfuil toirmeasc ar a ngabháil faoi chuimsiú an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú na dTuinníní Atlantacha (CICTA) nó faoi chuimsiú coinbhinsiúin idirnáisiúnta eile nó reachtaíocht an Chósta Eabhair, go háirithe na speicis a liostaítear i bhFoscríbhinn 2.
3.Beidh feidhm ag mír 1 thíos faoi réir fhorálacha Airteagail 11 agus 12 den Phrótacal seo.
4.Ní fhéadfaidh soithí de chuid an Aontais dul i mbun oibríochtaí iascaireachta i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair ach amháin má tá ceadúnas iascaireachta bailí acu chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair faoin bPrótacal seo.
5.Ní eiseoidh údaráis an Chósta Eabhair ceadúnas iascaireachta do shoithí de chuid an Aontais ach faoin bPrótacal seo amháin. Beidh toirmeasc ar aon cheadúnas iascaireachta a eisiúint do shoithí de chuid an Aontais lasmuigh de raon feidhme an Phrótacail seo, go háirithe i bhfoirm ceadúnas iascaireachta spriocdhírithe.
6.Leagtar amach comhordanáidí geografacha an limistéir iascaireachta san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn .
Airteagal
Ranníocaíocht airgeadais – Modhanna íocaíochta
1.Is é EUR 740 000 in aghaidh na bliana a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7 den Chomhaontú, i.e. méid foriomlán EUR 2 960 000 le haghaidh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 3.
2.Is éard a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais na méideanna seo a leanas:
(c)a)
méid bliantúil EUR 305 000 le haghaidh rochtain ar limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair, méid a chomhfhreagraíonn do thonnáiste tagartha 6 100 tona in aghaidh na bliana; agus
(d)b)
méid bliantúil sonrach EUR 435 000 chun rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas earnála iascaigh an Chósta Eabhair.
3.Ina theannta sin, íocfaidh oibreoirí ranníocaíocht airgeadais bhliantúil chun rochtain a thabhairt dá soithí ar limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair i gcomhréir le forálacha Chaibidil II den Iarscríbhinn.
4.Beidh feidhm ag mír 2 faoi réir fhorálacha Airteagail 9, 11, 12, 17 agus 18 den Phrótacal seo agus Airteagail 12 agus 13 den Chomhaontú.
5.Má sháraíonn gabhálacha soithí de chuid an Aontais in aon bhliain amháin an tonnáiste tagartha bliantúil, déanfar méid na ranníocaíochta airgeadais bliantúla a fhorlíonadh le híocaíocht EUR 50 in aghaidh an tona breise a ghabhtar. Íocfar as na gabhálacha breise sin a luaithe a bheidh na gabhálacha don bhliain formheasta ag na Páirtithe i gcomhréir le forálacha Chaibidil II den Iarscríbhinn. Mar sin féin, i gcás ina sáróidh na cainníochtaí a ghabhfaidh soithí Eorpacha dhá oiread an tonnáiste tagartha bhliantúil, tabharfar an méid a bheidh dlite i leith gabhálacha a sháraíonn an tairseach sin ar aghaidh bliain amháin.
6.Déanfar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i mír 2(a) a íoc tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis dháta chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail don chéad bhliain agus tráth nach déanaí ná dáta comórtha an Phrótacail do na blianta ina dhiaidh sin.
7.Íocfar an ranníocaíocht airgeadais le Státchiste an Chósta Eabhair.
8.Déanfar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i mír 2, pointe (b) a íoc isteach i gcuntas státchiste poiblí atá tiomnaithe do chur chun feidhme na tacaíochta earnála. Déanfar an íocaíocht i gcomhréir le forálacha Airteagal 9(10).
9.Cuirfidh an Cósta Eabhair na tagairtí don chuntas/do na cuntais thuasluaite in iúl don Aontas gach bliain.
10.Áireofar gach comhpháirt den ranníocaíocht airgeadais i mbuiséad an Stáit agus beidh sí faoi réir rialacha agus nósanna imeachta um bainistiú airgeadais phoiblí an Chósta Eabhair.
Airteagal
Tacaíocht earnála
1.Sainítear clár tacaíochta earnála faoin bPrótacal seo. Rannchuideoidh sé le cur chun feidhme an bheartais iascaigh agus dobharshaothraithe sa Chósta Eabhair trí thacú go háirithe leis an méid seo a leanas:
(a)feabhas a chur ar an eolas eolaíochta agus ar an acmhainneacht eolaíoch maidir le hacmhainn iascaigh;
(b)bearta chun iascaigh agus dobharshaothrú inbhuanaithe ar mhionscála a bhainistiú agus a fhorbairt;
(c)pobail iascaigh, go háirithe trí thacaíocht fostaíochta agus gairmoiliúint, agus aird ar leith á tabhairt ar mhná agus ar dhaoine óga;
(d)sainiú agus cur chun feidhme beartas maidir le rialú agus iniúchadh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta atá dírithe, inter alia, ar an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) a chomhrac agus ar sháruithe a bhaineann le hiascaireacht NNN a dhíspreagadh agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith;
2.Tiocfaidh an tAontas agus an Cósta Eabhair ar chomhaontú, laistigh den Chomhchoiste dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Chomhaontú, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis thús chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail seo, maidir leis an gclár ilbhliantúil tacaíochta earnála sin ina gcuimseofar go háirithe:
(a)Treoirlínte ar dá réir a bhainfear úsáid as an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8, mír 2, pointe (b);
(b)Na cuspóirí atá le baint amach chun iascach inbhuanaithe freagrach a chur chun cinn;
(c)Na critéir chun measúnú a dhéanamh ar na torthaí agus ar na coinníollacha faoina ndéantar íocaíochtaí (treoirlínte).
3.Beidh an clár sin faoi réir comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa Chósta Eabhair agus cuirfear ar fáil go poiblí é.
4.Tarraingeofar suas clár bliantúil lena leagfar amach na nithe seo a leanas i gcás gach tionscadail nó gníomhaíochta:
(a)na riachtanais a bhfuil sé beartaithe go bhfreastalóidh na tionscadail nó na gníomhaíochtaí sin orthu;
(b)na cuspóirí;
(c)na torthaí a bhfuil coinne leo agus na táscairí intomhaiste;
(d)na meastacháin chostais;
(e)réamh-thráthchlár maidir leis an méid a bhainfear amach. Féadfar foráil a dhéanamh leis an amchlár sin go ndéanfar a bhfuil le baint amach thar roinnt blianta.
5.Áiritheoidh na Páirtithe infheictheacht na ngníomhaíochtaí a mhaoinítear leis an tacaíocht earnála agus infheictheacht rannpháirtíocht an Aontais sa chomhpháirtíocht leis an gCósta Eabhair. Tá an infheictheacht sin ar cheann de na cuspóirí thuasluaite.
6.Aon athrú substaintiúil a bheartófar a dhéanamh ar an gclár earnála nó ar na méideanna sonracha a leithdháilfear ar na tionscadail a bheidh le cur i gcrích, ní mór fógra ina leith a thabhairt don Aontas roimh ré agus ní mór iad a bheith formheasta ag na Páirtithe laistigh den Chomhchoiste.
7.Gach bliain, cuirfidh an Cósta Eabhair tuarascáil i scríbhinn ar chur chun feidhme ghníomhaíochtaí an chláir agus tuairisc ar chur chun feidhme airgeadais faoi bhráid an Chomhchoiste, agus déanfaidh an Comhchoiste measúnú ar thorthaí chur chun feidhme an chláir earnála ilbhliantúil. Déanfaidh an Comhchoiste cinneadh maidir le tráthchuid bhreise a íoc ina dhiaidh sin i bhfianaise bhaint amach na gcuspóirí agus an clár á chur chun feidhme.
8.Déanfar tuarascáil chríochnaitheach ina gcumhdófar an clár ilbhliantúil iomlán a chur isteach freisin tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis na híocaíochta deiridh dá dtagraítear in Airteagal 8, mír 2, pointe (b). Cuirtear i láthair inti tuairisc ar chur chun feidhme an chláir le haghaidh na n‑íocaíochtaí uile a dhéantar faoin bPrótacal.
9.Leanfaidh na Páirtithe d’fhaireachán a dhéanamh ar an tacaíocht earnála go dtí go n‑úsáidfear go hiomlán an ranníocaíocht airgeadais shonrach dá bhforáiltear in Airteagal 8, mír 2, pointe (b), i gcás inarb iomchuí, tar éis dhul in éag an Phrótacail seo.
10.Íocfar an ranníocaíocht airgeadais shonrach dá bhforáiltear in Airteagal 8(2)(b) den Phrótacal seo:
(a)i gcás na chéad tráthchoda tar éis don Chomhchoiste an clár tacaíochta earnála a bhailíochtú, i gcomhréir le forálacha mhír 2.
(b)i gcás na dtráthchodanna ina dhiaidh sin, tar éis na meastóireachta ar na torthaí dá dtagraítear i mír 4, ar bhonn an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a mbeidh measúnú le déanamh orthu ag an gComhchoiste.
Ach amháin i gcásanna force majeure, ní fhéadfar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais sonraí sin a íoc thar thréimhse 12 mhí tar éis an Prótacal seo a dhul in éag.
11.Comhaontaíonn na Páirtithe treoirlínte a bhunú maidir le socruithe chun tacaíocht earnála a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh uirthi. Déanfar na treoirlínte sin a bhailíochtú le linn an chéad Chomhchoiste agus déanfar iad a athbhreithniú de réir mar is gá.
12.Féadfaidh comhlachtaí iniúchóireachta agus rialaithe gach Páirtí, lena n‑áirítear Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, iniúchtaí agus maoirseacht a dhéanamh ar úsáid chistí na ranníocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 8, mír 2, pointe (b). Áirítear leis sin an ceart rochtana ar fhaisnéis, doiciméid, suíomhanna agus saoráidí is tairbhithe.
Airteagal
Comhar eolaíoch teicniúil ar mhaithe leis an iascach inbhuanaithe
1.Tabharfaidh na Páirtithe faoi chomhar eolaíoch agus teicniúil i gcomhréir leis na prionsabail agus na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Chomhaontú.
2.Gabhann na Páirtithe orthu féin comhar maidir le hiascach inbhuanaithe a chur chun cinn ar leibhéal an fho-réigiúin, go háirithe faoi chuimsiú an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú na dTuinníní Atlantacha (CICTA) agus aon eagraíocht fhoréigiúnach nó idirnáisiúnta ábhartha eile. Urramóidh na Páirtithe na moltaí ó CICTA.
3.Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar d’fhonn sásraí a neartú chun maoirseacht a dhéanamh ar an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte sa Chósta Eabhair, chun iniúchadh a dhéanamh uirthi agus chun í a chomhrac.
4.De bhun Airteagal 4 den Chomhaontú, féadfaidh na Páirtithe cruinniú eolaíoch a thionól le haghaidh aon mheastóireacht eolaíoch, chun bearta a mholadh arb é is aidhm dóibh acmhainn iascaigh a bhainistiú go hinbhuanaithe, agus Airteagal 12 a chur chun feidhme.
Airteagal
Athbhreithniú trí bhíthin comhaontú frithpháirteach ar na deiseanna iascaireachta
1.Féadfar na deiseanna iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus in Airteagal 8(2)(a) a mhéadú trí chomhaontú frithpháirteach tar éis na gcomhairliúchán dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) den Chomhaontú, ar choinníoll nach ndéanfar difear leis an méadú do bhainistiú inbhuanaithe acmhainní an Chósta Eabhair. Sa chás sin, déanfar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8 mír 2(a) a mhéadú go comhréireach agus pro rata temporis.
2.Os a choinne sin, i gcás ina gcomhaontóidh na Páirtithe laghdú ar na deiseanna iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus in Airteagal 8(2)(a) a ghlacadh, déanfar an ranníocaíocht airgeadais a laghdú go comhréireach agus pro rata temporis.
Airteagal
Deiseanna nua iascaireachta agus iascaireachta taiscéalaíche
1.Má tá suim ag oibreoirí soithí iascaireachta de chuid an Aontais i ngníomhaíochtaí iascaireachta nach luaitear in Airteagal 7(1) ná (2), rachaidh an tAontas i gcomhairle leis an gCósta Eabhair maidir le haon údarú a bhaineann leis na gníomhaíochtaí nua sin. Sna comhairliúcháin sin, cuirfidh na Páirtithe san áireamh comhairle eolaíoch ábhartha, go háirithe comhairle eolaíoch arna heisiúint ag eagraíochtaí iascaigh réigiúnacha nó foréigiúnacha.
2.Féadfaidh an Comhchoiste é a chur de chúram ar an gcruinniú eolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 10(4) den Phrótacal seo an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)moltaí a dhéanamh chun iascaigh nua a thaiscéaladh, go háirithe i bhfoirm tréimhse iascaireachta taiscéalaíche,
(b)coinníollacha a cheapadh do na deiseanna nua iascaireachta sin amhail pleananna bainistithe ilbhliantúla a bhunú.
3.Comhaontaíonn na Páirtithe sa Chomhchoiste na leasuithe is gá a dhéanamh ar an bPrótacal seo.
4.Má mholtar amhlaidh ag an gcruinniú eolaíoch, féadfaidh na Páirtithe tréimhsí iascaireachta taiscéalaíche a údarú i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair chun indéantacht theicniúil agus brabúsacht eacnamaíoch iascach nua a thástáil.
5.Chuige sin, seolfaidh an tAontas Eorpach na hiarratais ar cheadúnais iascaigh thaiscéalaíoch chuig údaráis an Chósta Eabhair ar bhonn comhad teicniúil ina léireofar an méid seo a leanas:
(a)saintréithe teicniúla an tsoithigh;
(b)taithí oifigigh an tsoithigh san iascach atá i gceist;
(c)an moladh maidir le paraiméadair theicniúla na tréimhse (fad, trealamh, limistéir a ndéanfar taiscéalaíocht iontu, etc.).
6.Reáchtálfar fad na dtréimhsí iascaireachta taiscéalaíche i gcomhréir le moltaí an chruinnithe eolaíoch agus ní fhéadfaidh siad a bheith níos faide ná 6 mhí san iomlán. Beidh siad faoi réir muirear a shocróidh údaráis an Chósta Eabhair a íoc.
7.Beidh breathnóir eolaíoch ón Stát brataí agus breathnóir eolaíoch ón gCósta Eabhair ar bord le linn fhad iomlán na tréimhse. Déanfar a bprótacail bhreathnóra a chomhchuibhiú de réir mholtaí an chruinnithe eolaíoch.
8.Gabhálacha a gheofar mar chuid den tréimhse iascaireachta taiscéalaíche agus lena linn, tabharfar i dtír iad sa Chósta Eabhair agus díolfar ann iad.
9.Déanfar anailís ar thorthaí mionsonraithe na tréimhse ag an gcruinniú eolaíoch agus cuirfear na conclúidí ar fáil don Chomhchoiste lena n‑athbhreithniú.
Airteagal
Reachtaíocht is infheidhme
1.Is leis an bPrótacal seo agus, i gcás aon fhoráil nach gcumhdaítear leis, le reachtaíocht an Chósta Eabhair a rialófar gníomhaíochtaí shoithí iascaireachta an Aontais a oibríonn i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair.
2.Déanfaidh an Cósta Eabhair an reachtaíocht is infheidhme a sholáthar don Aontas roimh chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail seo.
3.Cuirfidh údaráis an Chósta Eabhair an tAontas Eorpach ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon athrú nó aon reachtaíocht nua a bhaineann le hearnáil an iascaigh. Beidh athruithe ina gceangal ar shoithí de chuid an Aontais laistigh de 60 lá tar éis fógra a fháil.
4.Cuirfidh an tAontas Eorpach údaráis an Chósta Eabhair ar an eolas faoi aon athrú nó aon reachtaíocht nua a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an chabhlaigh cianuisce de chuid an Aontais Eorpaigh.
Airteagal
Malartú leictreonach sonraí
1.Cuirfidh an Cósta Eabhair agus an tAontas chun feidhme córais shlána TF lena n‑uathoibrítear an malartú sonraí a bhaineann le húdaruithe agus gníomhaíochtaí soithí de chuid an Aontais, nó an malartú trí mheán leictreonach i gcomhréir le forálacha an Phrótacail seo.
2.Áiritheoidh an tAontas go gcuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar aghaidh chuig an gCósta Eabhair go tráthrialta:
(a)i gcás ina mbaineann siad le gníomhaíochtaí soithí de chuid an Aontais i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair:
–suíomhanna soithí, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos don chóras um fhaireachán soithí (VMS);
–gabhálacha laethúla soithí dá dtagraítear in Airteagal
7
míreanna 1(a) agus (b) den Aontas,
–fógraí maidir le dul isteach i limistéar iascaireachta agus imeacht as a dhéanann na soithí dá dtagraítear in Airteagal
7
míreanna 1(a) agus (b) den Aontas,
(b)i gcás chalafoirt an Chósta Eabhair:
–réamhfhógraí maidir le trasloingsiú agus dearbhuithe maidir le trasloingsiú le haghaidh na soithí dá dtagraítear in Airteagal
7
míreanna 1(a) agus (b),
–réamhfhógraí maidir le soithí a bheith ag filleadh ar an gcalafort agus dearbhuithe maidir le tabhairt i dtír na soithí dá dtagraítear in Airteagal
7
míreanna (1)(a) agus (b).
3.Measfar ag aon tráth an fhoirm leictreonach de dhoiciméad a malartaíodh a bheith coibhéiseach leis an leagan páipéir.
4.Tabharfaidh an Cósta Eabhair agus an tAontas fógra dá chéile gan mhoill faoi aon mhífheidhmiú sna córais TF dá dtagraítear thuas agus cuirfidh siad chun feidhme na nósanna imeachta is gá chun go leanfar den mhalartú faisnéise.
5.Na socruithe maidir le tarchur sonraí, lena n‑áirítear na forálacha a bhaineann le leanúnachas an mhalartaithe faisnéise, leagtar síos san Iarscríbhinn iad.
6.Féachfaidh na Páirtithe le tarchur sonraí ERS, dá dtagraítear i gCaibidil III den Iarscríbhinn, a chur chun feidhme san fhormáid UN/FLUX laistigh de 12 mhí ar a mhéad ó shíniú an Phrótacail.
7.I gcás deacrachtaí teicniúla, comhaontaíonn na Páirtithe dul i gcomhairle le chéile d’fhonn teacht ar réiteach malartach agus bearta a dhéanamh chun an cuspóir sin a bhaint amach a luaithe is féidir.
Airteagal
Sonraí a chosaint
1.Áiritheoidh an Cósta Eabhair agus an tAontas go n‑úsáidfidh an t‑údarás inniúil na sonraí a mhalartófar faoin gComhaontú chun an Comhaontú a chur chun feidhme, agus chun na críche sin amháin, agus go háirithe chun bainistíocht agus taighde eolaíoch a dhéanamh agus chun faireachán, rialú agus faireachas a dhéanamh ar an iascaireacht.
2.Maidir le sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus sonraí pearsanta a bhaineann le soithí de chuid an Aontais agus a ngníomhaíochtaí iascaireachta, ar sonraí iad a fuarthas i gcomhthéacs an Chomhaontaithe um Iascach, mar aon le gach faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála a bhaineann le córais chumarsáide a úsáideann an tAontas, gabhann na Páirtithe orthu féin gur faoi rún a phléifear leo. Áiritheoidh na Páirtithe nach gcuirfear ar fáil go poiblí ach sonraí comhiomlánaithe a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar iascaireachta.
3.Ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach dlíthiúil, cóir agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí.
4.Déanfar sonraí pearsanta a mhalartófar faoin gComhaontú a phróiseáil i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 6 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo. Féadfaidh an Comhchoiste coimircí agus leigheasanna dlí breise maidir le sonraí pearsanta agus cearta na ndaoine lena mbaineann a leagan síos.
5.Na sonraí a mhalartófar faoin gComhaontú, leanfar dá bpróiseáil i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le Foscríbhinn 6, fiú tar éis dhul in éag an Phrótacail seo.
Airteagal
Sainphribhléidí an Chomhchoiste
1.Féadfaidh an Comhchoiste arna bhunú le hAirteagal 9 den Chomhaontú plé a dhéanamh nó cinneadh a dhéanamh trí mhalartú litreacha nó trí chianchruinniú.
2.I gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhaineann go sonrach le gach Páirtí, glacfaidh an Comhchoiste athruithe ar an bPrótacal seo a bhaineann leis an méid seo a leanas:
(a)Deiseanna iascaireachta de bhun Airteagail 7(1) agus 8(1) agus, dá bhrí sin, na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8, mír 2, pointe (a);
(b)Na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 9 maidir le cur chun feidhme na tacaíochta earnála;
(c)Na téarmaí agus na socruithe teicniúla lena rialaítear an iascaireacht a dhéanann soithí de chuid an Aontais;
(d)Na coimircí breise dá bhforáiltear in Airteagal 15, mír 4, arb é is aidhm dóibh sonraí pearsanta a chosaint;
(e)Cur chun feidhme Airteagal 4 den Phrótacal seo.
Déanfar athruithe den sórt sin ar an bPrótacal seo a thaifeadadh i miontuairiscí a shíneoidh na Páirtithe ina shonrófar an dáta a bheidh na hathruithe sin infhorfheidhmithe.
Airteagal
Athbhreithniú meántéarma
Ag an gcruinniú bliantúil a bheidh aige in 2026, scrúdóidh an Comhchoiste forálacha teicniúla an Phrótacail seo agus na hIarscríbhinne a ghabhann leis, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal seo.
Airteagal
Cur chun feidhme an Phrótacail a chur ar fionraí
1.Féadfar cur chun feidhme an Phrótacail seo a chur ar fionraí ar thionscnamh ceann de na Páirtithe tar éis dul i gcomhairle laistigh den Chomhchoiste má chomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
(a)imthosca neamhghnácha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(h) den Chomhaontú, lena gcuirtear cosc ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair;
(b)athruithe suntasacha ar shainiú nó ar chur chun feidhme bheartas iascaigh ceachtar de na Páirtithe ar athruithe iad lena gcuirtear cosc ar na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh;
(c)i gcás ina ngníomhachtófar na sásraí dá bhforáiltear in Airteagal 101, míreanna (6) agus (7) de Chomhaontú Shamó i gcás sárú ar na heilimintí fíor-riachtanacha nó i gcásanna tromchúiseacha éillithe mar a shainmhínítear sa Chomhaontú sin;
(d)i gcás nach n‑íocfaidh an tAontas Eorpach an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear in Airteagal 8, mír 2, pointe (a),i gcomhréir leis na forálacha dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo;
(e)díospóid thromchúiseach gan réiteach laistigh den Chomhchoiste maidir le léirmhíniú ar an bPrótacal seo nó i gcás neamh-chomhlíonadh fhorálacha an Phrótacail a chuireann ceann de na Páirtithe in iúl.
2.I gcás ina gcuirfear cur i bhfeidhm an Phrótacail ar fionraí ar chúiseanna seachas na cúiseanna a thugtar i mír 1, pointe (c) a tháinig roimhe seo, ceanglófar ar an bPáirtí lena mbaineann fógra a thabhairt i scríbhinn faoina rún 3 mhí ar a laghad roimh an dáta a bheidh éifeacht ag an bhfionraí.
3.I gcás mhainneachtain an Aontais Eorpaigh íocaíocht a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), ní fhéadfar a mheas gur mainneachtain í ach amháin ar dhul in éag do thréimhse 60 lá tar éis d’údaráis an Chósta Eabhair fógra oifigiúil a thabhairt d’údaráis an Aontais lena suitear an neamhíocaíocht.
4.I gcás fionraí, leanfaidh na Páirtithe de dhul i gcomhairle le chéile d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil ar an díospóid eatarthu. Nuair a réiteofar an díospóid sin, cuirfear an Prótacal i bhfeidhm arís agus rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile d’fhonn méideanna agus módúlachtaí an fhritháirimh a shainaithint.
Airteagal
Foirceannadh
1.I gcás ina ndéanfar an Prótacal seo a fhoirceannadh, tabharfaidh an Páirtí lena mbaineann fógra i scríbhinn don Pháirtí eile faoin rún atá aige an Prótacal a fhoirceannadh 6 mhí ar a laghad roimh an dáta a thiocfadh an foirceannadh sin i bhfeidhm.
2.Is é an toradh a bheidh ar sheoladh an fhógra dá dtagraítear sa mhír a tháinig roimhe seo go gcuirfear tús le comhairliúcháin idir na Páirtithe.
Airteagal
Cur i bhfeidhm sealadach
Beidh feidhm shealadach ag an bPrótacal seo ón 1 Eanáir 2025 faoi réir a shínithe ag na Páirtithe, nó ó dháta an tsínithe má shínítear é tar éis an 1 Eanáir 2025.
Airteagal
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an dáta a thabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile go bhfuil na nósanna imeachta is gá chun go nglacfar é curtha i gcrích acu.
Airteagal
Téacsanna barántúla
Tarraingeofar an Prótacal suas i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin.
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
Thar ceann Phoblacht an Chósta Eabhair
IARSCRÍBHINN
Coinníollacha lena rialaítear iascaireacht soithí de chuid an Aontais i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
1.Limistéar iascaireachta
Leagtar amach comhordanáidí geografacha na mbunlínte agus na bpointí lena gcinntear teorainneacha limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair i bhFoscríbhinn 1.
Féadfaidh soithí de chuid an Aontais gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh níos faide ná 12 mhuirmhíle ón mbunlíne, faoi réir na bhforálacha a leagtar síos i bpointe 2 thíos.
2.Na limistéar a bhfuil toirmeasc ar loingseoireacht agus ar iascaireacht iontu
Tabharfaidh an Cósta Eabhair fógra d’oibreoirí agus don Aontas Eorpach faoi theorainneacha na limistéar a bhfuil toirmeasc ar loingseoireacht agus ar iascaireacht iontu nuair a eiseofar an ceadúnas iascaireachta. Cuirfear aon athrú ar na limistéir sin in iúl don Pháirtí Eorpach a luaithe is féidir.
3.Cuntas bainc
Cuirfidh an Cósta Eabhair an tAontas ar an eolas, roimh chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail, maidir le sonraí an chuntais státchiste phoiblí ina n‑íocfar na méideanna airgeadais is iníoctha ag oibreoirí soithí de chuid an Aontais faoin gComhaontú. Is ar na hoibreoirí a bheidh na costais a bhaineann le haistrithe bainc.
4.Sonraí teagmhála
Tugtar na sonraí teagmhála is gá le haghaidh na cumarsáide dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo i bhFoscríbhinn 3.
CAIBIDIL II
CEADÚNAIS IASCAIREACHTA
Roinn 1: Nósanna imeachta is infheidhme
1.Coinníollacha chun ceadúnas iascaireachta a fháil – soithí incháilithe
Ní fhéadfaidh ach soithí incháilithe ceadúnas a fháil chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair. Le bheith incháilithe, ní mór dóibh a bheith cláraithe i gclár shoithí iascaireachta an Aontais. Déanfar iarratais a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2017/2403 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha.
Chun go mbeidh soitheach incháilithe, ní bheidh toirmeasc ar an oibreoir, ar an gcaptaen (i.e. an t‑iascaire atá freagrach as bheith i gceannas ar an soitheach iascaireachta) ná ar an soitheach féin gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sa Chósta Eabhair agus ní bheidh an soitheach de chuid an Aontais liostaithe go foirmiúil mar shoitheach iascaireachta NNN. Ní mór dóibh a bheith dlisteanach vis-à-vis riarachán an Chósta Eabhair sa mhéid is nach mór dóibh na hoibleagáidí uile a d’eascair as a ngníomhaíochtaí iascaireachta sa Chósta Eabhair roimhe seo a chomhlíonadh faoi na comhaontuithe iascaigh a tugadh i gcrích leis an Aontas.
2.Iarratas ar cheadúnas
Cuirfidh an tAontas iarratas le haghaidh gach soithigh atá le húdarú faoi bhráid an Chósta Eabhair trí mheán leictreonach, 21 lá oibre ar a laghad roimh an dáta inmhianaithe a chuirfear tús leis na hoibríochtaí.
Chun iarratais ar údaruithe iascaireachta a tharchur agus a léiriú gur glacadh leo, bainfear úsáid as córas LICENCE, is é sin an córas leictreonach slán chun údaruithe iascaireachta a bhainistiú, arna chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach.
Cuirfear iarratais isteach in éineacht leis an bhfaisnéis i bhFoscríbhinn 4, in éineacht leis na doiciméid seo a leanas:
–
cruthúnas gur íocadh an réamhíocaíocht ar ráta comhréidh le haghaidh na tréimhse bailíochta lena mbaineann,
–
cóip de dheimhniú aeracmhainneachta an tsoithigh;
–
cóip de dheimhniú árachais an tsoithigh;
–
grianghraf digiteach daite den soitheach de ghléine leormhaith agus a tógadh le déanaí, ar grianghraf é ina dtaispeántar radharc cliathánach den soitheach chomh maith le hainm agus uimhir aitheantais an tsoithigh agus iad soléite.
–
léiriú agus tuairisc mhionsonraithe ar an trealamh iascaireachta atá in úsáid.
–
deimhniú clárúcháin an tsoithigh.
3.Nuair a dhéanfar ceadúnas faoin bPrótacal atá i bhfeidhm a athnuachan, i gcás soitheach nár athraíodh a shaintréithe teicniúla, ní féadfar ach cruthúnas gur íocadh an muirear a bheith ag gabháil leis an iarratas ar athnuachan.
4.Tréimhse bhailíochta na gceadúnas iascaireachta
Is éard atá i bhfad na tréimhse bailíochta tréimhse bhliantúil a shainítear mar a leanas:
(a)i gcás na chéad bhliana a chuirfear an Prótacal seo i bhfeidhm, an tréimhse idir dáta a chur i bhfeidhm sealadaigh agus an 31 Nollaig den bhliain chéanna;
(b)ina dhiaidh sin, an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig;
(c)i gcás na bliana deiridh a chuirfear an Prótacal seo i bhfeidhm, an tréimhse idir an 1 Eanáir agus an dáta a rachaidh an Prótacal seo in éag.
5.Muirear ar ráta comhréidh
Leagtar amach méid an mhuirir ar ráta comhréidh in aghaidh an tsoithigh maidir le gach catagóir i Roinn 2.
Íocfar an muirear isteach i gcuntas státchiste poiblí arna shonrú ag an gCósta Eabhair roimh chur i bhfeidhm an Phrótacail seo.
I gcás na chéad bhliana agus na bliana deireanaí de chur i bhfeidhm an Phrótacail, déanfar na muirir ar ráta comhréidh agus na tonnáistí gaolmhara maidir leis na soithí dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(a) agus (b) a laghdú pro rata temporis.
6.Liosta na soithí atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh
A luaithe a eiseofar an ceadúnas, tarraingeoidh Poblacht an Chósta Eabhair suas liosta nuashonraithe na soithí atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh i limistéar an Chósta Eabhair. Seolfar an liosta sin chuig an údarás náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an iascaireacht agus chuig an Aontas.
7.Ceadúnais iascaireachta a eisiúint
Eiseoidh údaráis an Chósta Eabhair bunchóipeanna na gceadúnas iascaireachta laistigh de 21 lá oibre tar éis dóibh an doiciméadacht uile dá dtagraítear i bpointe 2 thuas a fháil. Tabharfar d’oibreoirí nó dá n‑ionadaithe iad, trí Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh sa Chósta Eabhair i gcás inarb iomchuí.
Léireoidh an Cósta Eabhair gur glacadh leis an iarratas agus uaslódálfaidh sé cóip leictreonach de bhunchóip an cheadúnais agus é sínithe i gcóras LICENCE a luaithe a bheidh an córas sin feidhmiúil. Idir an dá linn, seolfaidh sé cóip scanta de na ceadúnais a eisíodh chuig an Aontas le ríomhphost.
8.Mífheidhmiú chóras LICENCE
I gcás ina dtiocfaidh deacrachtaí chun cinn maidir le faisnéis a tharchur idir an Coimisiún Eorpach agus an Cósta Eabhair i gcóras LICENCE, déanfar malartuithe leictreonacha ceadúnas iascaireachta trí ríomhphost go dtí go mbeidh an córas ag feidhmiú arís.
A luaithe a bheidh an córas athbhunaithe, déanfaidh gach Páirtí an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta i gcóras LICENCE.
9.An ceadúnas iascaireachta a aistriú
Eiseofar an ceadúnas iascaireachta thar ceann soitheach ar leith agus ní bheidh sé inaistrithe. Mar sin féin, arna iarraidh sin don Aontas agus i gcás ina gcruthófar imthosca neamhghnácha, amhail i gcás ina gcaillfear soitheach nó ina gcuirfear bac gluaiseachta fada air mar gheall ar chliseadh teicniúil tromchúiseach, cuirfear ceadúnas iascaireachta nua in ionad ceadúnas iascaireachta soithigh, ceadúnas a eiseofar thar ceann soitheach eile den chatagóir chéanna den Phrótacal, gan muirear nua a bheith dlite. Sa chás sin, agus leibhéal na ngabhálacha á ríomh chun aon íocaíocht bhreise a d’fhéadfadh a bheith ann a chinneadh, cuirfear san áireamh méid iomlán na ngabhálacha ón dá shoitheach.
Cuirfidh oibreoir an tsoithigh a mbeidh soitheach eile le cur ina ionad, nó a ionadaí, bunchóip an cheadúnais a cuireadh ar ceal ar ais chuig an gCósta Eabhair, trí bhíthin Thoscaireacht an Aontais, b’fhéidir.
Is é an dáta a thiocfaidh an ceadúnas nua i bhfeidhm an dáta a sheachadfaidh oibreoir an cheadúnais a cealaíodh ar an gCósta Eabhair.
Tabharfaidh na Páirtithe cothrom le dáta liosta na soithí tuinníní atá údaraithe agus an fhaisnéis i gcóras LICENCE.
10.Coinneáil ar bord an cheadúnais iascaireachta
Ní mór bunchóip an cheadúnais iascaireachta a choinneáil ar bord i gcónaí. Mar sin féin, ar feitheamh a bheith in ann an doiciméad seo a choinneáil ar bord:
féadfar cóip leictreonach den cheadúnas iascaireachta a úsáid ar feadh uastréimhse 60 lá féilire tar éis dháta eisiúna an cheadúnais iascaireachta sin. Le linn na tréimhse sin, measfar go bhfuil an chóip coibhéiseach le bunchóip an cheadúnais iascaireachta.
11.Soithí tacaíochta
Údaróidh an Cósta Eabhair do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil ceadúnas iascaireachta acu cúnamh a fháil ó shoithí tacaíochta i gcomhréir leis na moltaí ó CICTA.
Ní bheidh na soithí tacaíochta feistithe chun éisc a ghabháil. Ní fhéadfar athbhreoslú ná trasloingsiú gabhálacha a áireamh sa tacaíocht sin.
Beidh soithí tacaíochta faoi réir an nós imeachta chéanna maidir le hiarratais ar ceadúnais iascaireachta a leagtar amach sa Chaibidil seo a a tharchur, a mhéid is infheidhme. Tarraingeoidh an Cósta Eabhair liosta na soithí tacaíochta údaraithe suas agus seolfaidh sé chuig an Aontas é.
I gcás ina gcealófar an ceadúnas le haghaidh soitheach tacaíochta sula n‑eiseoidh údaráis an Chósta Eabhair an ceadúnas nó sula gcuirfidh an soitheach tús le hoibríochtaí i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair, aisíocfar an méid a íocadh. Féadfar é a chur chun sochair don oibreoir nó don chomhlachas táirgeoirí freisin agus féadfar é a úsáid le haghaidh íocaíocht eile.
Roinn 2: Muirir agus réamhíocaíochtaí
1.Is é EUR 80 an muirear in aghaidh an tona a ghabhtar i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair, le haghaidh báid saighne tuinníní agus báid spiléireachta dromchla, don chéad dá thréimhse bhliantúla agus EUR 85 do na tréimhsí bliantúla ina dhiaidh sin.
2.Eiseofar ceadúnais iascaireachta tar éis na muirir bhliantúla ar ráta comhréidh a bhfuil coinne leo seo a leanas a íoc:
(a)I gcás báid saighne tuinníní:
–
EUR 12 000 in aghaidh an tsoithigh don chéad dá thréimhse bhliantúla agus EUR 12 750 do na tréimhsí bliantúla ina dhiaidh sin, méideanna atá coibhéiseach leis na muirir atá dlite i leith 150 tona in aghaidh na bliana.
Beidh soithí tacaíochta na mbád saighne faoi réir muirear bliantúil EUR 3 500 a íoc.
(b)I gcás báid spiléireachta dromchla:
–
EUR 4 000 in aghaidh an tsoithigh don chéad dá thréimhse bhliantúla agus EUR 4 250 do na tréimhsí bliantúla ina dhiaidh sin, méideanna atá coibhéiseach leis na muirir atá dlite i leith 50 tona in aghaidh na bliana.
3.Coinníollacha maidir le speicis atá gaolmhar nó neasghaolmhar le tuinníní
(a)oibleagáid dearbhú mionsonraithe a dhéanamh de réir speicis;
(b)le linn oibríochtaí tabhairt i dtír sa Chósta Eabhair, feicfidh oibreoirí le gabhálacha speiceas atá gaolmhar nó neasghaolmhar le tuinníní a ghabhtar i limistéar eacnamaíoch eisiach an Chósta Eabhair a thabhairt i dtír lena ndíol.
4.I gcás gach soithigh tuinníní, tarraingeoidh an tAontas suas ráiteas na ngabhálacha agus na muirear nach mór don soitheach a íoc mar chuid dá thréimhse bhliantúil le linn na bliana féilire roimhe sin. Cuirfidh sé na ráitis sin ar aghaidh chuig údaráis an Chósta Eabhair faoi dheireadh mhí Aibreáin na bliana atá i gceist ar a dhéanaí. Féadfaidh an Cósta Eabhair agóid a dhéanamh in aghaidh na ráiteas sin, ar bhonn cruthúnas doiciméadach, laistigh de 30 lá tar éis dó iad a fháil. I gcás easaontais, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile laistigh den Chomhchoiste. Mura ndéanfaidh an Cósta Eabhair agóid laistigh de 30 lá, measfar gur glacadh na ráitis.
5.Má tá an ráiteas deiridh níos airde ná an mhuirear ar ráta comhréidh a íocadh as an údarú iascaireachta a fháil, íocfaidh an t‑oibreoir an t‑iarmhéid leis an gCósta Eabhair sa chuntas dá dtagraítear i gCaibidil I, mír 4 laistigh de 45 lá, ach amháin má chuireann sé in aghaidh an ráitis. Mar sin féin, i gcás ina mbeidh méid an ráitis deiridh níos lú ná méid na réamhíocaíochat dá dtagraítear i bpointe 2 den Roinn seo, ní fhéadfaidh an t‑oibreoir soithigh an tsuim iarmhair chomhfhreagrach a fháil ar ais.
CAIBIDIL III
GABHÁLACHA A DHEARBHÚ
Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir leis na soithí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal
7
míreanna (1)(a) agus (b) agus a bhfuil ceadúnas iascaireachta acu a eisíodh faoin bPrótacal seo
Roinn 1: taifeadadh sa logleabhar iascaireachta agus tuairisciú gabhálacha ag ERS
1.Coinneoidh captaen an tsoithigh logleabhar iascaireachta i gcomhréir le moltaí agus rúin ábhartha CICTA. Is é an captaen atá freagrach as cruinneas na sonraí arna dtaifeadadh sa logleabhar iascaireachta.
2.Aon soitheach de chuid an Aontais, ní mór é a fheistiú le córas leictreonach (dá ngairtear ‘ERS’ anseo feasta) lenar féidir sonraí a bhaineann le gníomhaíocht iascaireachta an tsoithigh a thaifeadadh agus a tharchur (dá ngairtear ‘sonraí ERS’ anseo feasta).
3.Níl soitheach de chuid an Aontais nach bhfuil feistithe le ERS, nó nach bhfuil a ERS ag feidhmiú, údaraithe le dul isteach i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh ann.
4.Na ceanglais theicniúla maidir le cumarsáid trí bhíthin ERS, leagtar amach iad i bhFoscríbhinn 5, Ranna 1 agus 3.
5.Déanfar sonraí ERS a tharchur trí úsáid a bhaint as na modhanna cumarsáide leictreonacha atá á mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach chun sonraí maidir leis an iascaireacht a mhalartú i bhfoirm chaighdeánaithe.
6.I gcás nach gcomhlíontar forálacha na Caibidle seo, forchoimeádfaidh údaráis an Chósta Eabhair an ceart ceadúnas an tsoithigh a bhfuil sé aitheanta go ndearna sé sárú a chur ar fionraí go dtí go gcomhlíonfar an oibleagáid a fhorchuirtear air agus an nós imeachta um shárú agus an pionós dá bhforáiltear i reachtaíocht an Chósta Eabhair a chur i bhfeidhm ar oibreoir an tsoithigh. Cuirfear an tAontas Eorpach agus an Ballstát brataí ar an eolas faoi sin.
Roinn 2: tuairisciú ráithiúil ar shonraí gabhála
1.Roimh dheireadh an tríú mí de gach ráithe, soláthróidh an tAontas sonraí maidir le gabhálacha don Chósta Eabhair. Cuirfear na sonraí sin i láthair go míosúil, de réir catagóir iascaireachta, soithigh agus speicis a léirítear lena chód FAO.
2.Is sonraí sealadacha a bheidh sna sonraí comhiomlánaithe sin ó logleabhair iascaireachta go dtí go dtabharfaidh údaráis an Aontais fógra faoi chuntas bliantúil críochnaitheach ar ghabhálacha de réir fhorálacha Roinn 2 de Chaibidil II.
3.Bainfidh an Cósta Eabhair úsáid as na sonraí sin agus tuairisceoidh sé neamhréireachtaí leis na sonraí a fhaigheann ERS i gcomhréir le forálacha Roinn 1 den Chaibidil seo.
CAIBIDIL IV
BEARTA TEICNIÚLA CAOMHNÚCHÁIN
1.Saineofar na bearta teicniúla is infheidhme maidir le soithí a bhfuil ceadúnas iascaireachta acu, a bhaineann leis an limistéar iascaireachta, le trealamh údaraithe agus le speicis atá faoi thoirmeasc, sa bhileog theicniúil atá i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
2.Comhlíonfaidh soithí na bearta agus na moltaí arna nglacadh ag CICTA sa réigiún maidir le trealamh iascaireachta agus feistí comhthiomsaithe éisc (FADanna), sonraíochtaí teicniúla na mbeart sin agus gach beart teicniúil eile is infheidhme maidir lena ngníomhaíochtaí iascaireachta.
3.I gcomhréir leis na bearta agus na moltaí sin, féachfaidh na Páirtithe le leibhéil gabhálacha de thaisme turtar, éan mara agus speiceas eile nach spriocspeicis iad a laghdú. Áiritheoidh soithí de chuid an Aontais go scaoilfidh siad aon ghabháil den sórt sin agus go ndéanfaidh siad an deis is mó is féidir a thabhairt do na speicis lena mbaineann teacht slán.
CAIBIDIL V
FAIREACHÁN, RIALÚ AGUS FAIREACHAS
Roinn I: Faireachán, rialú agus faireachas
1.Fógraí maidir le dul isteach sa limistéar agus imeacht as
(a)Tabharfaidh oibreoir soithigh gabhála de chuid an Aontais fógra d’údaráis an Chósta Eabhair atá freagrach as rialú a dhéanamh ar an iascaireacht, trí uair an chloig roimh ré ar a laghad, maidir le dul isteach i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair nó imeacht as an limistéar sin don soitheach lena mbaineann.
(b)Má chuirtear an t‑imeacht ar ceal, ní mór fógra a thabhairt ina leith a luaithe is féidir freisin.
(c)Nuair a bheidh fógra á thabhairt ag oibreoir an tsoithigh go bhfuil sé ag dul isteach nó ag imeacht, sonróidh sé an méid seo a leanas go háirithe:
–an dáta, an t‑am agus an láthair a bheartaítear;
–cainníocht gach speicis a choimeádtar ar bord, arna shainaithint lena chód alfa 3 FAO agus arna sloinneadh i gcileagraim bheomheáchain nó, i gcás inarb infheidhme, i líon na n‑aonán; Níl feidhm ag an bhforáil sin maidir le soithí tacaíochta.
(d)Measfar gur soitheach sáraitheach é soitheach a tugadh faoi deara go raibh ag iascaireacht gan fógra a thabhairt d’údarás inniúil an Chósta Eabhair maidir lena dhul isteach.
2.Nósanna imeachta iniúchta
(a)Is iad soithí agus cigirí státseirbhís an Chósta Eabhair, a bheidh sainordaithe go cuí agus in-sainaitheanta go soiléir mar shoithí agus cigirí a sannadh chun rialú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, a dhéanfaidh iniúchadh ar muir i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair, nó i gcalafort, ar shoithí de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta acu.
(b)Roimh dhul ar bord, cuirfidh cigirí an Chósta Eabhair an soitheach de chuid an Aontais ar an eolas maidir lena gcinneadh iniúchadh a dhéanamh. Ní mór beirt chigirí ar a mhéad an t‑iniúchadh a dhéanamh, agus soláthróidh siad cruthúnas ar a gcéannacht agus ar a gcáilíocht mar chigire sula ndéanfaidh siad an t‑iniúchadh.
(c)Captaein na soithí de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta acu, rachaidh siad faoi réir chomhlíonadh dhualgais na gcigirí agus éascóidh siad a mbordáil agus a n‑obair.
(d)Íomhánna (grianghraif nó físeáin) a ghlacfar le linn iniúchtaí, beidh siad beartaithe do na húdaráis atá freagrach as rialú agus faireachas iascaigh. Ní fhéadfar iad a chur ar fáil don phobal ach amháin mura bhforáiltear a mhalairt leis an dlí náisiúnta, agus é á áirithiú an tráth céanna go n‑urramaítear cearta na n‑ábhar sonraí.
(e)Ní fhanfaidh na státseirbhísigh sin ar bord níos faide ná mar is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh. Déanfaidh siad an t‑iniúchadh ar bhealach a n‑íoslaghdóidh an tionchar ar an soitheach, ar a ghníomhaíocht iascaireachta agus ar a lasta.
(f)Ag deireadh gach iniúchta, déanfaidh chigirí an Chósta Eabhair tuarascáil iniúchóireachta a tharraingt suas. Beidh sé de cheart ag captaen an tsoithigh de chuid an Aontais a bharúlacha a chur sa tuarascáil iniúchóireachta. Is iad na daoine seol a leanas a shíneoidh an tuarascáil iniúchóireachta: an cigire a tharraing suas í agus captaen an tsoithigh de chuid an Aontais. Beidh síniú an chaptaein ar an tuarascáil iniúchóireachta gan dochar do cheart an oibreora é féin a chosaint le linn an nós imeachta a bhaineann le haon sárú a aimsítear. Má dhiúltaíonn sé an doiciméad a shíniú, sonróidh sé na cúiseanna atá leis sin i scríbhinn, agus marcálfaidh an cigire ‘Diúltaíodh é a shíniú’ air. Tabharfaidh cigirí an Chósta Eabhair cóip den tuarascáil iniúchóireachta do chaptaen an tsoithigh de chuid an Aontais sula bhfágfaidh sé an soitheach.
(g)Seolfaidh an Cósta Eabhair cóip den tuarascáil iniúchóireachta chuig an Aontas laistigh de thréimhse 8 lá tar éis an iniúchta.
(h)Ar bhonn measúnú riosca, féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú go ndéanfaidh siad iniúchtaí comhpháirteacha ar shoithí de chuid an Aontais, go háirithe le linn oibríochtaí tabhairt i dtír agus trasloingsithe, chun a áirithiú go gcomhlíonfar reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht an Chósta Eabhair araon. Le linn do na cigirí arna n‑imlonnú ag na Páirtithe a gcuid dualgas a chomhlíonadh, cloífidh siad leis na forálacha maidir le hiniúchtaí dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais agus i reachtaíocht an Chósta Eabhair faoi seach. Féadfaidh an Cósta Eabhair, an tAontas agus a Bhallstáit, faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí mar Stát cósta nó Stát brataí, comhoibriú chun gníomhaíochtaí faireacháin a dhéanamh ar iniúchtaí, i gcomhréir lena reachtaíocht is infheidhme.
(i)Ina theannta sin, arna iarraidh sin don Aontas, féadfaidh údaráis an Chósta Eabhair a údarú do chigirí iascach ó Bhallstáit an Aontais iniúchtaí a dhéanamh ar shoithí de chuid an Aontais maidir le tabhairt i dtír, trasloingsiú agus meá na ngabhálacha laistigh de theorainneacha a n‑inniúlachta faoina ndlí náisiúnta, i láithreacht chigirí an Chósta Eabhair.
(j)I gcás nach gcomhlíontar forálacha na Caibidle seo, forchoimeádfaidh údaráis an Chósta Eabhair an ceart ceadúnas an tsoithigh de chuid an Aontais a bhfuil sé aitheanta go ndearna sé sárú a chur ar fionraí go dtí go gcomhlíonfar an oibleagáid a fhorchuirtear air agus an nós imeachta um shárú agus an pionós dá bhforáiltear i reachtaíocht an Chósta Eabhair a chur i bhfeidhm ar oibreoir an tsoithigh. Cuirfear an tAontas Eorpach agus an Ballstát brataí ar an eolas faoi sin.
3.Faireachán rannpháirteach maidir leis an gcomhrac in aghaidh na hiascaireachta NNN
Chun an faireachas ar an iascaireacht domhainfharraige agus an comhrac in aghaidh na hiascaireachta NNN a neartú, tuairisceoidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais Eorpaigh go bhfuil aon soitheach i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair a bhfuil amhras ann go bhfuil sé i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta NNN tríd an oiread faisnéise agus is féidir a bhailiú faoin mbreathnóireacht sin. Seolfar tuairiscí amhairc gan mhoill chuig údaráis an Chósta Eabhair agus chuig údarás inniúil Bhallstát brataí an tsoithigh a thug an bhreathnóireacht, a tharchuirfidh láithreach bonn iad chuig an Aontas nó chuig an gcomhlacht arna ainmniú aige. Seolfaidh údaráis an Chósta Eabhair chuig an Aontas gach tuairisc amhairc a bheidh acu maidir le soithí de chuid an Aontais a bheith i mbun gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iascaireacht NNN i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair.
4.Tabhairt i dtír agus trasloingsiú
(a)Aon oibreoir soithigh de chuid an Aontais a thabharfaidh i dtír nó a thrasloingseoidh in uiscí an Chósta Eabhair, ní dhéanfaidh sé amhlaidh ach amháin i gcalafoirt an Chósta Eabhair nó i ngar do chalafort an Chósta Eabhair. Beidh toirmeasc ar an trasloingsiú ar muir.
(b)Soláthróidh oibreoir an tsoithigh an méid seo a leanas d’údaráis an Chósta Eabhair laistigh den teorainn ama a leagtar síos:
–an fhaisnéis atá ag teastáil ó CICTA chun réamh-iarratas a dhéanamh ar dhul isteach i gcalafort (18-09 mír 13);
–réamhfhógra faoi thrasloingsiú (Moltaí CICTA 21-15, Foscríbhinn 3, mír 3.1);
–an dearbhú trasloingsithe (Moltaí CICTA 21-15, Foscríbhinn 3, mír 3.1, agus Foscríbhinn 1) Ina theannta sin, cuirfear dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafoirt an Chósta Eabhair in iúl don Chósta Eabhair freisin laistigh de na sprioc-amanna agus sna formáidí céanna a leagtar síos chun iad a chur in iúl don Stát brataí.
(c)Is é an Cósta Eabhair a dhéanfaidh maoirseacht ar oibríochtaí trasloingsithe agus tabhairt i dtír i gcalafoirt an Chósta Eabhair i gcomhréir lena oibleagáidí faoin gComhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt. Rachaidh captaein na soithí de chuid an Aontais atá ag gabháil d’oibríochtaí tabhairt i dtír nó trasloingsithe sa Chósta Eabhair faoi réir maoirseacht ar na hoibríochtaí sin. Beidh feidhm ag na nósanna imeachta um iniúchtaí a leagtar amach i mír 2.
5.Socruithe maidir le fógraí agus dearbhuithe a chur isteach
Déanfaidh ERS na fógraí agus na dearbhuithe dá dtagraítear sa roinn seo a chur in iúl mar ábhar tosaíochta, idir an Stát brataí agus údaráis an Chósta Eabhair agus i gcomhréir le forálacha Fhoscríbhinn 5. Mar sin féin, mura dtarchuireann ERS an fhaisnéis uile dá bhforáiltear sna fógraí agus sna dearbhuithe sin, cuirfidh an t‑oibreoir an fhaisnéis uile le haghaidh an imeachta lena mbaineann isteach trí ríomhphost chuig údaráis an Chósta Eabhair. Sa chás sin, admhóidh siad go bhfuarthas sin. Seolfar dearbhuithe maidir le dul isteach sa limistéar iascaireachta agus imeacht as chuig an gCósta Eabhair le ríomhphost chuig an seoladh a leagtar amach i bhFoscríbhinn 3 agus le ERS araon.
Roinn II: Córas um Fhaireachán Soithí (VMS)
6.Sonraí suímh na soiteach
(a)Déanfar soithí de chuid an Aontais a bhfuil ceadúnas iascaireachta acu faoin bPrótacal seo a fheistiú le Córas um Fhaireachán Soithí (Vessel Monitoring System – VMS) lena mbeifear in ann iad a aimsiú agus a shainaithint go huathoibríoch le gaireas rianaithe, a bhuí le sonraí suímh an tsoithigh a bheith á dtarchur go huathoibríoch go tráthrialta, dá ngairfear sonraí VMS anseo feasta.
(b)Áiritheoidh an captaen i gcónaí go mbeidh VMS a shoithigh lánoibríochtúil i gcónaí agus go ndéanfar na teachtaireachtaí maidir le suíomh a tharchur i gceart chuig lárionad faireacháin iascaigh (LFI) an stáit brataí.
(c)Déanfaidh na pointí teagmhála, a gcuirfear a sonraí teagmhála in iúl roimh dháta chur i bhfeidhm an Phrótacail seo, an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú maidir le trealamh soithí de chuid an Aontais, na prótacail tarchuir agus aon fheidhm eile is gá chun faireachán satailíte a dhéanamh.
(d)Le LFI an stáit brataí áirithítear go ndéanfar suíomhanna VMS a chur ar fáil go huathoibríoch san fhíor-am do LFI an Chósta Eabhair le haghaidh na tréimhse ina bhfuil an soitheach de chuid an Aontais in uiscí an Chósta Eabhair.
(e)Beidh toirmeasc ar an ngaireas rianaithe leanúnaigh a bhaineann úsáid as an gcumarsáid satailíte a cuireadh ar bord an tsoithigh chun sonraí a tharchur a bhogadh, a dhícheangal, a scriosadh, a dhamáistiú nó a chur ó mhaith, nó sonraí a astaítear nó a thaifeadtar leis an gcóras sin a athrú d’aon ghnó, a atreorú nó a bhrionnú.
(f)Measfar gurb é an captaen atá freagrach i gcás ina bhfaighfear amach go ndearnadh crioscaíl le VMS an tsoithigh chun cur isteach ar a fheidhmiú nó chun a theachtaireachtaí maidir le suíomh a bhrionnú. Beidh aon sárú faoi réir na bpionós dá bhforáiltear i reachtaíocht an Chósta Eabhair atá i bhfeidhm.
7.Mainneachtain theicniúil nó teip a dhéanann difear do threalamh faireacháin ar bord soithigh de chuid an Aontais.
(a)Ní mór an trealamh lochtach a athsholáthar laistigh de 10 lá oibre tar éis don Stát brataí fógra a thabhairt do LFI an Chósta Eabhair maidir lena mhainneachtain. Tar éis na tréimhse sin, ní mór don soitheach de chuid an Aontais lena mbaineann filleadh ar chalafort arna ainmniú ag údaráis an Chósta Eabhair atá freagrach as maoirseacht iascaigh chun bearta leantacha rialála agus deisiúcháin a dhéanamh nó ní mór dó an limistéar a fhágáil, ar choinníoll go gcuirfidh an Stát brataí an tuarascáil chigireachta ar an trealamh lochtach agus na cúiseanna leis an mainneachtain in iúl do LFI an Chósta Eabhair.
(b)Go dtí go ndéanfar an trealamh a ionadú, seolfaidh captaen soithigh de chuid an Aontais tuarascáil fhoriomlán ar shuíomh gach ceithre uair an chloig de láimh chuig LFI an Chósta Eabhair trí mheán leictreonach, raidió nó facs, lena n‑áirítear na tuarascálacha ar shuíomh arna dtaifeadadh ag captaen soithigh de chuid an Aontais.
(c)Déanfar gach teachtaireacht nach dtarchuirfear le linn aga gan ghluaiseacht a atarchur a luaithe a bheidh an chumarsáid athbhunaithe idir LFI an stáit brataí lena mbaineann agus LFI an Chósta Eabhair.
8.Cumarsáid shlán teachtaireachtaí suímh a chur chuig an gCósta Eabhair
Leagtar amach na socruithe maidir le cumarsáid shlán i Ranna 1 agus 2 d’Fhoscríbhinn 5.
9.Athbhreithniú a dhéanamh ar mhinicíocht na dteachtaireachtaí suímh
Féadfaidh LFI an Chósta Eabhair a iarraidh ar LFI an stáit brataí, agus an tAontas i gcóip, an t‑eatramh idir seoladh na dteachtaireachtaí suímh ó shoitheach a laghdú go 30 nóiméad ar feadh tréimhse imscrúdaithe shonraithe, agus fianaise ar shárú a chur i gceangal leis sin. Déanfaidh LFI an Stáit brataí na teachtaireachtaí suímh a sheoladh láithreach ar an minicíocht nua.
Ag deireadh na tréimhse imscrúdaithe sonraithe, cuirfidh an Cósta Eabhair LFI an stáit brataí agus an tAontas ar an eolas faoi thoradh a chuid imscrúduithe agus faoi aon fhaireachán is gá.
CAIBIDIL VI
IASCAIRÍ MUIRÍ A FHOSTÚ AR BORD SOITHÍ DE CHUID AN AONTAIS
1.An líon iascairí muirí ACC atá le tabhairt ar bord
1.1. Tabharfaidh oibreoir soithigh de chuid an Aontais atá údaraithe faoin bPrótacal seo iascairí muirí ACC ar bord chun oibriú ar bord a shoithigh mar bhaill den chriú fad a mhairfidh gníomhaíochtaí iascaireachta an tsoithigh faoin bPrótacal.
1.2. Déanfar faireachán tráthrialta ar líon na n‑iascairí muirí ón gCósta Eabhair a thugtar ar bord i gcomhréir le pointe 1.1 le lucht riaracháin inniúil an Chósta Eabhair, agus é de chuspóir aige sin 30 % iascairí muirí ACC a bhaint amach ar na soithí ar fad i gcatagóir na mbád saighne, tromlach na n‑iascairí muirí sin a bheith ón gCósta Eabhair.
1.3. Na hiascairí muirí atá le tabhairt ar bord de bhun phointe 1.1, comhlíonfaidh siad ceanglais reachtaíocht an Stáit brataí lena dtrasuitear Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann leis an bpas, an leabhar mairnéalaigh, an deimhniú leighis, an leabhar vacsaínithe idirnáisiúnta agus deimhniú na mbunoiliúna. Seolfaidh an Stát brataí liosta na gceanglas a eascraíonn as an reachtaíocht sin chuig údaráis an Chósta Eabhair luath go leor roimh ré. Na hiascairí muirí atá le tabhairt ar bord i gcomhréir le pointe 1.1, beidh siad in ann an teanga oibre atá bunaithe ar bord an tsoithigh iascaireachta a thuiscint, orduithe agus treoracha a thabhairt agus tuairisciú sa teanga sin.
1.4. Chun tabhairt ar bord iascairí muirí ón gCósta Eabhair a éascú, déanfaidh údaráis inniúla an Chósta Eabhair liosta na n‑iascairí muirí inniúla a chomhlíonann na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 1.3 a tharraingt suas, a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus a chur in iúl d’oibreoirí soithí de chuid an Aontais.
1.5. Déanfaidh an scipéir liosta an chriú a tharraingt suas, a shíniú agus dáta a chur leis i gcomhréir le Foirm 5 de Choinbhinsiún IMO maidir le hÉascú Muirthrácht Idirnáisiúnta (Coinbhinsiún FAL), agus tarchuirfidh sé cóip den liosta sin chuig údaráis ainmnithe an Chósta Eabhair sula bhfágfaidh an soitheach limistéar an chalafoirt.
1.6. Diúltóidh oibreoir soithigh de chuid an Aontais, nó diúltóidh an scipéir thar a cheann, iascaire muirí de chuid an Chósta Eabhair a thabhairt ar bord ar a shoitheach mura gcomhlíonann an t‑iascaire sin na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 1.3.
2.Dálaí oibre
Na dálaí faoina dtabharfar iascairí muirí ón gCósta Eabhair ar bord, beidh siad i gcomhréir le reachtaíocht an Stáit brataí lena dtrasuitear Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le huaireanta oibre nó uaireanta scíthe, cearta aisdúichithe agus sábháilteacht agus sláinte cheirde.
3.Comhaontú fostaíochta an iascaire
3.1. I gcás gach iascaire mhuirí a fhostófar ar bord soithigh de chuid an Aontais i gcomhréir le pointe 1.1, déanfaidh an t‑iascaire agus an fostóir araon comhaontú fostaíochta i scríbhinn a chaibidliú agus a shíniú. Ní mór an comhaontú sin arna shíniú ag an dá Pháirtí a bheith faoi réir víosa údarás mhuirí an Chósta Eabhair i gcomhréir le reachtaíocht an Chósta Eabhair.
3.2. Beidh an Comhaontú i gcomhréir le ceanglais reachtaíocht an Stáit brataí lena dtrasuitear Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle (Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir).
4.Luach saothair na n‑iascairí muirí
4.1. Iompróidh úinéir an tsoithigh na costais a bhaineann leis an luach saothair nó le saothar breise go díreach, nó, i gcás inar seirbhís phríobháideach sa mhargadh saothair é fostóir an iascaire mhuirí, iompróidh sé go hindíreach iad.
4.2. Ní mór luach saothair míosúil nó tráthrialta ráthaithe a íoc le hiascairí ACC, trí aistriú bainc más féidir, gan beann ar ghabhálacha iarbhír agus/nó díolacháin éisc. Déanfar é a chinneadh de chomhthoil idir oibreoirí na soithí nó a ngníomhairí agus na hiascairí muirí agus/nó a gceardchumainn nó a n‑ionadaithe. I gcás nár tugadh comhaontuithe cómhargála i gcrích, ní bheidh na coinníollacha luacha saothair a dheonaítear d’iascairí ACC níos ísle ná na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm maidir le criúnna óna dtír ACC féin agus, in imthosca ar bith, ní bheidh siad níos ísle ná na coinníollacha sin a chinnfidh an Fochoiste um Thuarastail Maraithe de Choimisiún Comhpháirteach Muirí EIS, in éagmais caighdeán den sórt sin d’iascairí, arb é is aidhm dó líontán sábhála idirnáisiúnta a bhunú chun obair chuibhiúil na iascairí a chosaint agus rannchuidiú leis sin a áirithiú.
4.3. Costais a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le híocaíochtaí a gheofar, ní bheidh ar iascairí muirí iad a iompar. Tabharfar caoi d’iascairí muirí chun na híocaíochtaí uile a gheofar, nó cuid díobh, lena n‑áirítear réamhíocaíochtaí, a sheoladh chuig a dteaghlach saor in aisce.
4.4. Ní mór duillín pá a thabhairt don iascaire muirí maidir le gach íocaíocht dá luach saothair agus, má iarrann sé amhlaidh, cruthúnas gur íocadh an tuarastal.
5.Slándáil shóisialta
Áiritheoidh an Cósta Eabhair go mbeidh iascairí muirí a bhfuil gnáthchónaí orthu ar a críoch maille lena gcuid cleithiúnaithe, a mhéid dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta, i dteideal cosaint shóisialta faoi choinníollacha atá chomh fabhrach céanna leis na coinníollacha is infheidhme maidir le hoibrithe eile, go háirithe oibrithe, a bhfuil gnáthchónaí orthu ar a críoch.
6.Seirbhísí príobháideacha mhargadh an tsaothair
6.1. Ciallaíonn seirbhísí príobháideacha de chuid mhargadh an tsaothair an méid seo a leanas:
(a)seirbhís earcaíochta agus socrúcháin, i.e. aon duine, cuideachta, institiúid, gníomhaireacht nó eagraíocht eile de chuid na hearnála poiblí nó príobháidí atá i mbun iascairí muirí a earcú nó a shuíomh thar ceann oibreoirí soithí iascaireachta;
(b)gníomhaireacht phríobháideach fostaíochta, i.e. aon duine, aon chuideachta, aon institiúid, aon ghníomhaireacht nó aon eagraíocht eile de chuid na hearnála príobháidí a dhéanann gníomhaíochtaí a bhaineann le fostú nó le hearcú iascairí muirí d’fhonn iad a chur ar fáil d’úinéirí soithí iascaireachta a shannann cúraimí dóibh agus a dhéanann maoirseacht ar chomhlíonadh na gcúraimí sin.
6.2. Áiritheoidh údaráis inniúla an Chósta Eabhair an méid seo a leanas maidir le gníomhairí an Chósta Eabhair sholáthraíonn seirbhísí príobháideacha sa mhargadh saothair d’iascairí muirí agus d’oibreoirí soithí de chuid an Aontais araon:
(a)ní bhainfidh siad úsáid as modhanna, sásraí ná liostaí arb é is aidhm dóibh iascairí muirí a chosc fostaíocht a fháil nó an méid sin a dhíspreagadh;
(b)ní ghearrfaidh siad táillí ná costais eile ar iascairí muirí, in airgead tirim ná i gcomhchineál, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, as na seirbhísí de chuid mhargadh an tsaothair a sholáthraíonn siad;
(c)ní dheonóidh siad iasachtaí agus ní sholáthróidh siad earraí ná seirbhísí don iascaire muirí a mbeidh ar an iascaire sin iad a aisíoc nó íoc astu;
(d)ní bhainfidh siad amach as luach saothair an iascaire íocaíocht nó aisíocaíocht as iasachtaí, earraí nó seirbhísí a soláthraíodh sular fostaíodh an t‑iascaire; agus
(e)áiritheoidh siad an méid seo a leanas:
i) go gcomhlíonfaidh comhaontú fostaíochta an iascaire mhuirí an Chaibidil seo, na dlíthe, na rialacháin agus na comhaontuithe cómhargála lena rialaítear comhaontú fostaíochta an iascaire;
ii) go ndéanfar comhaontú fostaíochta an iascaire a scríobh i dteanga a thuigeann an t‑iascaire muirí agus i dteanga oifigiúil nó oibre an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais lena mbaineann;
iii) go gcuirfear na hiascairí muirí a fhostaítear ar an eolas, sula síneofar a gcomhaontú fostaíochta, faoina gcearta agus faoina n‑oibleagáidí;
iv) go ndéanfar na bearta is gá lenar féidir le hiascairí muirí a fhostaítear scrúdú a dhéanamh ar théarmaí a gcomhaontaithe fostaíochta agus comhairle a lorg ina leith sula síníonn siad é;
v) go bhfaighidh iascairí muirí a fhostaítear cóip shínithe dá gcomhaontú fostaíochta;
vi) go gcomhlíonfaidh iascairí muirí a n‑oibleagáidí faoin gCaibidil seo; agus
vii) faigheann oibreoir an tsoithigh de chuid an Aontais in am trátha cóip de gach duillín pá agus cruthúnas ar íocaíocht i gcás gach réiteach luacha saothair má íocann an gníomhaire an luach saothair.
6.3. Áiritheoidh údaráis inniúla an Chósta Eabhair go síneoidh gníomhairí ón gCósta Eabhair a fhostaíonn iascairí muirí chun iad a phostú ar bord soithí de chuid an Aontais comhaontuithe fostaíochta leis na hiascairí muirí sin ina léireofar go soiléir go bhfuil an t‑iascaire muirí lena mbaineann fostaithe ag an ngníomhaire chun é a chur ar fáil d’oibreoirí soithí de chuid an Aontais a shannann cúraimí dó agus a dhéanann maoirseacht ar fheidhmiú na gcúraimí sin.
6.4. De mhaolú ar phointe 6.2 (b), is ar an iascaire nó ar dhuine nó eagraíocht eile arna gcinneadh leis an reachtaíocht is infheidhme, le comhaontú fostaíochta an iascaire mhuirí nó le comhaontú cómhargála, i gcás inarb infheidhme, a bheidh na costais a bhaineann le leabhar mairnéalaigh, teastas leighis agus pas a fháil. Is é an fostóir a iompróidh na costais a bhaineann le víosa agus cead oibre a fháil, i gcás inarb infheidhme.
7.Comhlíonadh na Caibidle seo
7.1. Áiritheoidh údaráis inniúla na bPáirtithe go mbeidh an reachtaíocht is infheidhme maidir le hiascairí muirí inrochtana go héasca agus saor in aisce i bhfoirm chuimsitheach thrédhearcach.
7.2. Áiritheoidh údaráis inniúla an Chósta Eabhair cur chun feidhme cuí na Caibidle seo i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá orthu faoin dlí idirnáisiúnta agus i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chaibidil seo.
7.3. Áiritheoidh údaráis an Stáit brataí go gcuirfear Ranna 1, 2 agus 3 i bhfeidhm go cuí ar bord soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu. Feidhmeoidh siad a bhfreagracht i gcomhréir le Treoracha EIS maidir le hiniúchadh an Stáit brataí ar dhálaí maireachtála agus oibre ar bord soithí iascaireachta.
7.4. Déanfar na ceanglais maidir le tabhairt ar bord a leagtar amach in 1.2 a laghdú go comhréireach sna cásanna seo a leanas:
— inar cosúil nach gcomhlíonann an t‑iascaire muirí, a roghnaíodh bunaithe ar an liosta dá dtagraítear i bpointe 1.4, na ceanglais a leagtar amach i bpointe 1.3;
— nach dtagann an t‑iascaire muirí a bhfuil comhaontú fostaíochta sínithe aige de bhun phointe 3.1 i láthair an scipéara an dáta agus ag an am a shonraítear ina chomhaontú fostaíochta;
— nach soláthraíonn údaráis an Chósta Eabhair an liosta dá dtagraítear i bpointe 1.4.
7.5. Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha na Caibidle seo laistigh den Chomhchoiste.
CAIBIDIL VII
BREATHNÓIRÍ
1.Breathnóireacht ar na gníomhaíochtaí iascaireachta
1.1. Go dtí go gcuirfear córas breathnóirí réigiúnacha chun feidhme, na soithí de chuid an Aontais atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair faoin gComhaontú, tabharfaidh siad breathnóirí ar bord i gcomhréir leis na moltaí ó CICTA.
1.2. Ní mór an oiliúint is gá a bheith curtha ar gach breathnóir ar bord soithigh de chuid an Aontais chun a shábháilteacht ar bord a áirithiú agus chun cúraimí an bhreathnóra atá le déanamh a chomhlíonadh.
1.3. Cuirfidh an Cósta Eabhair oiliúint ar fáil dá bhreathnóirí. Maidir leis an oiliúint a chuirfear ar bhreathnóirí, áireofar inti cur san áireamh na nósanna imeachta a chuirfear ar bun le haghaidh breathnóireachta ar bord soithí de chuid an Aontais, agus é d’aidhm acu cláir bhreathnóra náisiúnta a chomhchuibhiú agus a chomhordú le tacaíocht ón Aontas.
1.4. Comhaontaíonn na Páirtithe féachaint an bhféadfaí úsáid a bhaint as córas faireacháin leictreonach mar chuid dá gclár breathnóra. Oibreoidh an Cósta Eabhair agus an tAontas i gcomhar leis na Stáit chósta eile in oirthear an Aigéin Atlantaigh, d’fhonn tacú le cur chun feidhme comhbheartaithe réigiúnach na gclár breathnóra, faoi chuimsiú CICTA.
Na breathnóirí arna n‑ainmniú ag an gCósta Eabhair, tabharfar ar bord iad ar shoithí de chuid an Aontais i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos thíos.
2.Soithí agus breathnóirí ainmnithe
2.1. Tarraingeoidh an Cósta Eabhair suas liosta de na breathnóirí arna n‑ainmniú lena gcur ar bord soithí de chuid an Aontais, tabharfaidh sé cothrom le dáta é agus cuirfidh sé in iúl do na hoibreoirí agus don Aontas é. Comhlíonfaidh breathnóirí ar an liosta sin na ceanglais oiliúna a thuairiscítear i bpointe 1 den Roinn seo.
2.2. Chun go mbeidh an Cósta Eabhair in ann barrfheabhas a chur ar a chlársceidealú, cuirfidh na hoibreoirí uile réamh-thráthchlár na gcuairteanna ar chalafoirt don bhliain ina dhiaidh sin in iúl go díreach do na húdaráis tráth a dhéanann siad iarratas ar cheadúnas.
2.3. Tarraingeoidh an Cósta Eabhair clár suas le haghaidh tabhairt ar bord inmhianaithe na mbreathnóirí a ainmneoidh sé agus cuirfidh sé in iúl do na hoibreoirí agus don Aontas é.
2.4. Cuirfidh an Cósta Eabhair na hoibreoirí lena mbaineann nó a n‑ionadaithe ar an eolas faoi ainm an bhreathnóra a ainmneofar lena thabhairt ar bord an tsoithigh tráth a eiseofar an ceadúnas, nó tráth nach déanaí ná 15 lá roimh an dáta tabhairt ar bord atá beartaithe ag an mbreathnóir.
2.5. Aon turas iascaireachta amháin a bheidh san am a chaithfidh an breathnóir ar bord. Arna iarraidh go sainráite don Chósta Eabhair, áfach, féadfar roinnt turas a chumhdach faoin tabhairt ar bord sin, ag brath ar mheánfhad na dturas a bheartaítear le haghaidh soitheach ar leith. Déanfaidh an Cósta Eabhair an iarraidh sin nuair a thabharfar an fógra faoi ainm an bhreathnóra arna ainmniú chun dul ar bord an tsoithigh ábhartha.
3.Coinníollacha maidir le tabhairt ar bord agus tabhairt i dtír
3.1. Déanfar coinníollacha maidir le bordáil an bhreathnóra a shainiú trí chomhaontú frithpháirteach idir an t‑oibreoir nó a ionadaí agus Údaráis an Chósta Eabhair.
3.2. Tabharfar breathnóirí ar bord sa chalafort a roghnóidh an t‑oibreoir agus déanfar é sin ag tús an turais i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair.
3.3. Deimhneoidh na hoibreoirí lena mbaineann, laistigh de 2 sheachtain agus le fógra 10 lá, na dátaí a thabharfar ar bord na mbreathnóirí agus na calafoirt ina ndéanfar sin.
3.4. Má thugtar an breathnóir ar bord i dtír seachas an Cósta Eabhair, is é an t‑oibreoir a íocfaidh costais taistil an bhreathnóra.
3.5. I gcás neamhláithreacht gan údar an bhreathnóra ag an am agus ag an áit a chomhaontaítear agus mura bhfuil sé i láthair le linn na 12 uair an chloig tar éis an ama a chomhaontaítear, saorfar an t‑oibreoir go huathoibríoch ó a oibleagáid an breathnóir sin a thabhairt ar bord.
3.6. Déanfaidh an captaen gach beart laistigh dá réimse freagrachta chun sábháilteacht fhisiceach agus folláine ghinearálta an bhreathnóra a áirithiú agus a chuid dhualgas á gcomhlíonadh aige.
3.7. Beidh gach saoráid is gá ar fáil don bhreathnóir ionas gur féidir leis a dhualgais a chomhlíonadh. Tabharfaidh an captaen rochtain dó ar na modhanna cumarsáide is gá chun chuid cúraimí a dhéanamh, ar dhoiciméid a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí iascaireachta an tsoithigh, lena n‑áirítear an logleabhar iascaireachta agus an loga loingseoireachta, go háirithe, agus ar Pháirtithe an tsoithigh is gá chun comhlíonadh a chuid cúraimí a éascú.
3.8. Cuirfidh an t‑oibreoir cóiríocht agus bia ar fáil do bhreathnóirí ar a chostas féin faoi na coinníollacha a thugtar d’oifigigh, i gcomhréir le féidearthachtaí praiticiúla an tsoithigh.
3.9. Is é an Cósta Eabhair a iompróidh tuarastal agus ranníocaíochtaí sóisialta an bhreathnóra.
4.Cúraimí an bhreathnóra
4.1. Is mar oifigigh a dhéileálfar le breathnóirí ar bord.
4.2. Agus an soitheach ag oibriú i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair, déanfaidh sé na cúraimí seo a leanas:
–
breathnóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta na soithí;
–
suíomh na soithí a fhíorú atá ag gabháil d’oibríochtaí iascaireachta;
–
oibríochtaí samplála bitheolaíche a dhéanamh i gcomhthéacs clár eolaíoch;
–
taifead a dhéanamh ar an trealamh iascaireachta a úsáidtear;
–
sonraí na ngabhálacha a dhéantar i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair atá sa logleabhar iascaireachta a fhíorú;
–
céatadáin na bhfoghabhálacha a fhíorú agus meastachán a dhéanamh ar líon na n‑iasc aischurtha;
–
sonraí iascaireachta, lena n‑áirítear cainníocht na bpríomhghabhálacha agus na bhfoghabhálacha ar bord, a thuairisciú dá n‑údarás inniúil trí gach modh iomchuí.
5.Oibleagáidí an bhreathnóra
Agus iad ar bord, déanfaidh breathnóirí an méid seo a leanas:
–
gach beart iomchuí chun a áirithiú nach gcuirfear isteach ar na hoibríochtaí iascaireachta ná nach gcuirfear bac orthu de dheasca na gcoinníollacha a bhaineann lena dtabhairt ar bord agus lena láithreacht ar bord an tsoithigh;
–
na hearraí agus an trealamh ar bord agus rúndacht na ndoiciméad uile a bhaineann leis an soitheach a urramú;
–
le haghaidh aon tréimhse bhreathnóireachta ar bord soithigh de chuid an Aontais, déanfaidh breathnóirí tuairisc a tharraingt suas maidir lena mbreathnóireachtaí agus seolfaidh siad í chuig údaráis an Chósta Eabhair, chuig oibreoir an tsoithigh, agus an tAontas i gcóip. Féadfaidh an captaen aon bharúil a mheasfaidh sé a bheith úsáideach a chur in iúl.
6.Ranníocaíocht airgeadais ar ráta comhréidh
Tráth a íocfar an réamhíocaíocht bhliantúil chun an ceadúnas a fháil, íocfaidh an t‑oibreoir ranníocaíocht bhliantúil airgeadais ar ráta comhréidh EUR 400 in aghaidh an tsoithigh leis an gCósta Eabhair, ranníocaíocht a bhfuil sé beartaithe léi rannchuidiú le déileáil le breathnóirí ón gCósta Eabhair atá le tabhairt ar bord soithí de chuid an Aontais.
CAIBIDIL VIII
SÁRUITHE
1.Láimhseáil sáruithe
1.1. Aon sárú a dhéanfaidh soitheach de chuid an Aontais in uiscí an Chósta Eabhair, cuirfidh údaráis an Chósta Eabhair in iúl don Aontas é ar gach bealach iomchuí laistigh de 24 uair an chloig oibre.
1.2. Tar éis an sárú a shuí sna miontuairiscí a tharraingeoidh údaráis an Chósta Eabhair atá freagrach as maoirseacht suas, síneoidh captaen an tsoithigh de chuid an Aontais na miontuairiscí sin. Má dhiúltaíonn an captaen síniú nó má chuirtear cosc air é sin a dhéanamh, déanfar é sin a thaifeadadh na miontuairiscí sin.
1.3. Ní dhéanfaidh síniú an chaptaein, nó easpa sínithe, dochar do chearta an chaptaein ná do na modhanna cosanta is féidir leis a úsáid chun an sárú a cuireadh ina leith a chonspóid.
1.4. Déanfar na miontuairiscí maidir leis an sárú sin a tharchur chuig an Aontas agus chuig an Stát brataí laistigh de 7 lá oibre.
2.Athródú - cruinniú faisnéise
2.1. Aon soitheach de chuid an Aontais a bhfuil amhras ann go ndearna sé sárú, féadfaidh sé go mbeidh sé d’oibleagáid air stop a chur lena ghníomhaíocht iascaireachta agus, i gcás inarb iomchuí, nuair a bheidh an soitheach ar muir, filleadh ar chalafort de chuid an Chósta Eabhair arna shonrú ag údaráis an Chósta Eabhair atá freagrach as maoirseacht. Déanfar soithí de chuid an Aontais a sháraíonn rialacháin an Chósta Eabhair a choinneáil i gcalafort go dtí go mbeidh na foirmiúlachtaí dá bhforáiltear sna rialacháin sin curtha i gcrích.
2.2. Tabharfaidh an Cósta Eabhair fógra don Aontas laistigh de 24 n‑uair an chloig ar a mhéad faoi athródú soithigh de chuid an Aontais. Beidh fianaise dhoiciméadach ar an sárú a ndearnadh gearán ina leith ag gabháil leis an bhfógra sin.
2.3. Sula ndéanfaidh an Cósta Eabhair aon bheart in aghaidh an tsoithigh, an chaptaein, nó an lastais, cé is moite de bhearta arb é is aidhm dóibh fianaise a chosaint, eagróidh sé, arna iarraidh sin don Aontas, laistigh de 48 uair an chloig tar éis fógra a thabhairt faoi athródú an tsoithigh, cruinniú faisnéise chun na fíricí a shoiléiriú agus chun míniú a thabhairt ar bhearta breise a d’fhéadfaí a dhéanamh. Féadfaidh ionadaí Stát brataí an tsoithigh a bheith i láthair ag an gcruinniú faisnéise sin.
2.4. Cuirfear an t‑úinéir soithigh nó a ionadaí ar an eolas faoi thoradh an chruinnithe sin agus faoi aon bheart a d’fhéadfadh eascairt as an tabhairt ar bord nó as an gcoinneáil.
3.Miontuairiscí maidir le sárú
3.1. I gcás sáraithe, déanfar an cinneadh maidir le sárú a thaifeadadh sna miontuairiscí a tharraingeoidh údaráis an Chósta Eabhair atá freagrach as maoirseacht suas. Síneoidh captaen soithigh de chuid an Aontais na miontuairiscí sin. Má dhiúltaíonn an captaen síniú nó má chuirtear cosc air é sin a dhéanamh, déanfar é sin a thaifeadadh na miontuairiscí sin.
3.2. Ní dhéanfaidh síniú an chaptaein, nó easpa sínithe, dochar do chearta an chaptaein ná do na modhanna cosanta is féidir leis a úsáid chun an sárú a cuireadh ina leith a chonspóid.
4.Pionós mar gheall ar shárú – nós imeachta um réiteach
4.1.4.1 Socróidh an Cósta Eabhair an pionós mar gheall ar an sárú a tugadh faoi deara de réir fhorálacha na reachtaíochta náisiúnta atá i bhfeidhm.
4.2. I gcás ina mbainfidh imeachtaí breithiúnacha le réiteach an tsáraithe agus ar choinníoll nach mbaineann gníomh coiriúil leis an sárú, sula gcuirfear tús leis na himeachtaí sin, féadfar nós imeachta um réiteach a thionscnamh idir údarás an Chósta Eabhair agus an t‑oibreoir nó a ionadaí chun téarmaí agus leibhéal an phionóis a chinneadh. Féadfaidh ionadaithe Stát brataí an tsoithigh agus ionadaithe de chuid an Aontais a bheith rannpháirteach sa nós imeachta sin um réiteach. Tiocfaidh deireadh leis an nós imeachta um réiteach 4 lá oibre ar a dhéanaí tar éis fógra a thabhairt faoi athródú an tsoithigh.
5.Imeachtaí breithiúnacha – urrús bainc
5.1. Má theipeann ar an nós imeachta um réiteach agus má thugtar an sárú os comhair an chomhlachta bhreithiúnaigh inniúil, déanfaidh oibreoir an tsoithigh a rinne an sárú urrús bainc a thaisceadh i mbanc a ainmneoidh an Cósta Eabhair, agus cumhdófar le méid an urrúis, a shocróidh an Cósta Eabhair, na costais a bhaineann le hathródú agus le bac gluaiseachta soithigh, an fhíneáil mheasta agus aon chúiteamh a d’fhéadfadh a bheith ann. Coinneofar an t‑urrús bainc in eascró go dtí go dtabharfar na himeachtaí breithiúnacha i gcrích.
5.2. Scaoilfear an t‑urrús bainc agus tabharfar ar ais d’oibreoir an tsoithigh é láithreach tar éis thabhairt an bhreithiúnais:
(a)
ina iomláine, murar gearradh aon phionós;
(b)
tabharfar ar ais méid an fhuílligh atá fágtha, más fíneáil atá sa phionós ar lú í ná méid an urrúis bainc.
5.3. I gcás inar mó méid an phionóis a fhorchuirfear ná méid an urrúis bainc, íocfaidh an t‑oibreoir an forlíonadh.
5.4. Cuirfidh an Cósta Eabhair an tAontas ar an eolas faoi thoradh na n‑imeachtaí breithiúnacha laistigh de 7 lá oibre tar éis thabhairt an bhreithiúnais.
6.Scaoileadh an tsoithigh agus an chriú
Údarófar don soitheach agus dá chriú an calafort a fhágáil:
–
a luaithe a chomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an nós imeachta um réiteach,
–
nó a luaithe a thaiscfear an t‑urrús bainc.
Liosta na bhFoscríbhinní
Foscríbhinn 1 Comhordanáidí geografacha na mbunlínte agus limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair
Foscríbhinn 2 Bileog theicniúil rochtana soithí de chuid an Aontais
Foscríbhinn 3 Sonraí teagmhála le haghaidh na cumarsáide dá bhforáiltear sa Phrótacal seo
Foscríbhinn 4 Faisnéis atá le soláthar agus iarratas á dhéanamh ar cheadúnas faoi Phrótacal Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Iascaigh An Cósta Eabhair - An tAontas Eorpach
Foscríbhinn 5 Ceanglais theicniúla maidir le cur chun feidhme an chórais um fhaireachán soithí (VMS) agus an chórais um chlárú gníomhaíochtaí iascaireachta (ERS)
Foscríbhinn 6 Sonraí pearsanta a phróiseáil
Foscríbhinn 1 Comhordanáidí geografacha na mbunlínte agus limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair
Pointí na mbunlínte:
|
Aitheantóir
|
domhanleithead
|
domhanfhad
|
|
1
|
4,359901
|
-7,49759
|
|
2
|
4,3539
|
-7,48091
|
|
3
|
4,35372
|
-7,47834
|
|
4
|
4,36306
|
-7,45668
|
|
5
|
4,37798
|
-7,41153
|
|
6
|
4,38404
|
-7,39734
|
|
7
|
4,42568
|
-7,31199
|
|
8
|
4,45146
|
-7,25577
|
|
9
|
4,46686
|
-7,23731
|
|
10
|
4,53104
|
-7,11615
|
|
11
|
4,53818
|
-7,05595
|
|
12
|
4,5475
|
-7,03168
|
|
13
|
4,58922
|
-6,97921
|
|
14
|
4,65527
|
-6,83202
|
|
15
|
4,68612
|
-6,72211
|
|
16
|
1,096355
|
0,971844
|
|
17
|
4,363102
|
-7,52385
|
|
Aitheantóir
|
|
|
|
1
|
5,089777778
|
-3,105888889
|
|
2
|
5,089916667
|
--3,107111111
|
|
3
|
5,090472222
|
-3,109805556
|
|
4
|
5,095361111
|
-3,134694444
|
|
5
|
5,102694444
|
-3,173138889
|
Pointí teorannaithe mhuirí
|
Aitheantóir
|
Domhanleithead
|
Domhanfhad
|
Ainm
|
|
1
|
5,0898
|
-3,1059
|
CIV_GHA_BP55
|
|
2
|
5,0177
|
-3,1218
|
CIV_GHA_A
|
|
3
|
4,9664
|
-3,1337
|
CIV_GHA_B
|
|
4
|
4,4449
|
-3,2491
|
CIV_GHA_C
|
|
5
|
3,2037
|
-3,4984
|
CIV_GHA_D
|
|
6
|
2,9847
|
-3,5445
|
CIV_GHA_E
|
|
7
|
2,6768
|
-3,6101
|
CIV_GHA_F
|
|
8
|
1,0021
|
-7,5400
|
CIV_LBR
|
|
9
|
4,1594
|
-7,5430
|
CIV_LBR
|
|
10
|
4,3012
|
-7,5346
|
CIV_LBR
|
|
11
|
4,3313
|
-7,5328
|
CIV_LBR
|
|
12
|
4,3606
|
-7,5311
|
CIV_LBR
|
|
13
|
4,3620
|
-7,5308
|
CIV_LBR
|
|
14
|
4,1580
|
-7,5450
|
CIV_LBR
|
|
15
|
4,0930
|
-7,5400
|
CIV_LBR
|
|
16
|
4,0780
|
-7,5400
|
CIV_LBR
|
|
17
|
3,0610
|
-7,5400
|
CIV_LBR
|
|
18
|
2,0440
|
-7,5400
|
CIV_LBR
|
|
19
|
1,0270
|
-7,5400
|
CIV_LBR
|
Foscríbhinn 2 Bileog theicniúil rochtana soithí de chuid an Aontais
REOSHOITHIGH SAIGNE TUINNÍNÍ AGUS BÁID SPILÉIREACHTA DROMCHLA
1.
Limistéar iascaireachta:
níos faide ná 12 mhuirmhíle ón mbunlíne.
2.
Trealamh údaraithe:
–Saighean
–Bád spiléireachta dromchla
3.
Speicis atá faoi thoirmeasc:
–I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine agus le rúin CICTA, tá toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh ar an liamhán gréine (Cetorhinus maximus), an siorc bán mór (Carcharodon carcharias), an siorc súisteála mórshúileach (Alopias superciliosus), siorcanna den fhine Sphyrnidae (seachas an siorc ceann casúir), an siorc bán aigéanach (Carcharhinus longimanus), an síodsiorc (Carcharhinus falciformis), an siorc tíograch gainimh (Carcharias taurus) agus an gearrthóir (Galeorhinus galeus).
–Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile laistigh den Chomhchoiste chun an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn moltaí eolaíocha.
4.
Muirir oibreoirí:
4.1. Muirear in aghaidh an tona:
EUR 80 don chéad dá thréimhse bhliantúla agus EUR 85don tréimhse bhliantúil ina dhiaidh sin.
4.2. Muirear bliantúil ar ráta comhréidh:
I gcás báid saighne tuinníní, EUR 12 000 don chéad dá thréimhse bhliantúla agus EUR 12 750 do na blianta ina dhiaidh sin (réamhíocaíocht bhliantúil ar ráta comhréidh de 150 tona).
I gcás báid spiléireachta dromchla, EUR 4000 don chéad dá thréimhse bhliantúla agus EUR 4250 do na blianta ina dhiaidh sin (réamhíocaíocht bhliantúil ar ráta comhréidh de 50 tona).
4.3. Muirear ar ráta comhréidh breathnóirí:
EUR 400/soitheach in aghaidh na bliana
4.4. Muirear le haghaidh soitheach tacaíochta:
EUR 3 500/soitheach in aghaidh na bliana
5. An líon soithí atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh:
25 bhád saighne tuinníní
7 mbád spiléireachta dromchla
Foscríbhinn 3 Sonraí teagmhála le haghaidh na cumarsáide dá bhforáiltear sa Phrótacal seo
I gcás an Aontais:
Údaruithe iascaireachta:
Iarratas LICENCE:
https://webgate.ec.europa.eu/licence
MARE-LICENCES@ec.europa.eu
Gabhálacha comhiomlánaithe:
MARE-CATCHES@ec.europa.eu
Deasc Chabhrach UN/FLUX:
MARE-FISH-IT-SUPPORT@ec.europa.eu
I gcás an Chósta Eabhair: cuirfidh an Cósta Eabhair na comhordanáidí in iúl roimh chur i bhfeidhm an Phrótacail seo.
Foscríbhinn 4 Faisnéis atá le soláthar agus iarratas á dhéanamh ar cheadúnas faoi Phrótacal Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Iascaigh An Cósta Eabhair - An tAontas Eorpach
An fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an iarratasóir, úinéir an tsoithigh, aitheantas an tsoithigh, na sonraí teicniúla a ghabhann leis agus an tréimhse lena mbaineann, ní mór í a sholáthar, mura sonraítear a mhalairt.
Ainm an iarratasóra
Uimh. theileafóin an iarratasóra
Ríomhphost an iarratasóra:
Ainm úinéir an tsoithigh
Baile agus tír chónaithe úinéir an tsoithigh:
Ainm phríomhúinéra/5 phríomhúinéir thairbhiúla/5 thairbhí ar a mhéad de chuid an tsoithigh
Baile agus tír chónaithe nó na 5 phríomhúinéir thairbhiúla/5 thairbhí ar a mhéad de chuid an tsoithigh:
Ainm an chaptaein
Náisiúntacht an chaptaein:
Ríomhphost an chaptaein:
Ainm agus seoladh an ghníomhaire áitiúil
Ainm an tsoithigh
Stát brataí
Calafort clárúcháin
IRCS
Marcáil sheachtrach
Uimhir aitheantais na seirbhíse muirí soghluaiste
Uimh. IMO (más infheidhme)
Uimh. CICTA
Dáta clárúcháin na brataí reatha
Bratach roimhe (más infheidhme)
Áit tógála
Dáta tógála
Minicíocht glao raidió
Uimhir teileafóin satailíte
Fad foriomlán (méadair):
Tonnáiste (arna shloinneadh in GT Londan):
Cineál innill
Cumhacht an innill (in kW)
Líon chomhaltaí an chriú
Modh leasaithe ar bord
Acmhainneacht phróiseála in aghaidh an lae (24u) i dtonaí
Líon bolg éisc
Toilleadh iomlán na mbolg éisc (in m3):
VMS monaróir
VMS cineál
VMS sraithuimhir
VMS leagan bogearraí
Oibreoir satailíte
Trealamh iascaireachta údaraithe:
Áit tabhairt i dtír na ngabhálacha
Dáta tosaigh an údaraithe arna iarraidh
Dáta deiridh an údaraithe arna iarraidh
Foscríbhinn 5 Ceanglais theicniúla maidir le cur chun feidhme an chórais um fhaireachán soithí (VMS) agus an chórais um chlárú gníomhaíochtaí iascaireachta (ERS)
Roinn 1 - Forálacha coiteanna maidir le tarchur sonraí suímh na soithí agus maidir leis na Páirtithe ag cur ERS chun feidhme; leanúnachas na n‑oibríochtaí
1.Má chuireann mainneachtain theicniúil isteach ar an tarchur idir LFInna na bPáirtithe de shonraí suímh na soithí nó ar tharchur na sonraí maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta (ar a ngairtear ‘sonraí ERS’ anseo feasta) nó má dhéanann sí difear dó sin, ní mheasfar soithí de chuid an Aontais a ndearna an mhainneachtain sin difear dóibh a bheith neamhchomhlíontach.
2.Bunóidh na Páirtithe nasc trí úsáid a bhaint as an mbogearraí ‘FLUX Transportation Layer’ arna soláthar ag an gCoimisiún Eorpach agus cuirfidh siad an fhormáid UN/FLUX chun feidhme. Áiritheoidh an Cósta Eabhair go mbeidh a threalamh leictreonach comhoiriúnach le córas an Aontais.
3.Cuirfidh an dá Pháirtí timpeallacht inghlacthachta chun feidhme chun críoch tástála, sula n‑úsáidfidh siad an timpeallacht táirgthe. Seolfaidh an tAontas Eorpach teachtaireachtaí tástála chuig LFI an Chósta Eabhair sa timpeallacht inghlacthachta. Nuair a bheidh na tástálacha déanta, tiocfaidh an dá Pháirtí ar chomhaontú maidir leis an dáta óna seolfar sonraí suímh na soithí agus na sonraí ERS go huathoibríoch tríd an mbogearra ‘FLUX Transportation Layer’ agus san fhormáid UN/FLUX.
4.Go dtí an dáta sin, seolfar sonraí suímh soithí de chuid an Aontais agus na sonraí ERS trí úsáid a bhaint as na formáidí agus na socruithe atá i bhfeidhm cheana féin tráth theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo.
5.Malartóidh LFI an Stáit brataí agus an Chósta Eabhair mar aon leis an gCoimisiún Eorpach e a seoltaí ríomhphoist agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas gan mhoill faoi aon athrú ar na seoltaí sin.
6.Cuirfidh LFI an Stáit brataí agus LFI an Chósta Eabhair, mar aon leis an gCoimisiún Eorpach, a chéile ar an eolas a luaithe is féidir faoi aon bhriseadh sa chumarsáid uathoibríoch, nó i gcás oibríochtaí cothabhála a mhaireann níos mó ná 48 n‑uair an chloig, déanfaidh siad a ndícheall an chumarsáid uathoibríoch a athbhunú agus tabharfaidh siad fógra don Pháirtí eile go ndearnadh iad a athbhunú. Pléifidh an Comhchoiste le haon díospóid a d’fhéadfadh teacht chun cinn.
7.Má mhaireann an briseadh níos faide ná 48 uair an chloig, soláthróidh LFI an Stáit brataí na sonraí le ríomhphost idir an dá linn gach 24 uair an chloig, go dtí go gcuirfear tús arís leis an gcumarsáid uathoibríoch. Féadfaidh LFI an Chósta Eabhair an malartú sin a iarraidh ar LFI an Stáit brataí má bhaineann an mhífheidhm lena chóras agus má mhaireann an mhífheidhm níos faide ná 48 uair an chloig d’ainneoin na n‑iarrachtaí a rinneadh chun í a réiteach.
8.Ina theannta sin, déanfar sonraí a ndearna an briseadh difear dóibh a sheoladh arís trí úsáid a bhaint as na córais chumarsáide uathoibríocha a luaithe a bheidh siad athbhunaithe.
9.Cuirfidh údaráis an Chósta Eabhair a seirbhísí maoirseachta inniúla ar an eolas ionas nach measfar go bhfuil soithí de chuid an Aontais neamhchomhlíontach mar gheall ar mhainneachtain maidir le sonraí a tharchur.
10.Áiritheoidh gach Páirtí comhsheasmhacht na sonraí agus áiritheoidh siad go háirithe go ndéanfar scagairí iomchuí a chomhtháthú ina gcórais agus a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí ionas nach gcuirfear san áireamh ach sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair.
Roinn 2- Ceanglais theicniúla maidir le tarchur sonraí VMS
1.Sonraí maidir le suíomh na soithí — córas um fhaireachán soithí
1.1 Áiritheoidh LFI an Stáit brataí go ndéanfar sonraí suímh na soithí a phróiseáil agus a tharchur go huathoibríoch trí úsáid a bhaint as an nasc láraithe arna sholáthar ag an gCoimisiún Eorpach. Clárófar sonraí suímh na soithí ar bhealach slán agus déanfaidh na Páirtithe iad a shábháil ar feadh tréimhse 3 bliana.
1.2. Soláthrófar suíomhanna soithí le lamháil earráide is lú ná 100 méadar agus eatramh muiníne 99 %;
1.3. Is leis an gcód ‘ENT’ (NAF) nó ‘ENTRY’ (UN/FLUX) a shainaithneofar an chéad suíomh a chlárófar tar éis dul isteach i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair. Is leis an gcód ‘POS’ a shainaithneofar gach suíomh ina dhiaidh sin, cé is moite den chéad suíomh a chlárófar tar éis imeacht as limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair, suíomh a shainaithneofar leis an gcód ‘EXI’ (NAF) nó ‘EXIT’ (UN/FLUX).
2.Tarchur a dhéanfaidh an soitheach i gcás ina dteipfidh ar ghaireas faireacháin an tsoithigh
Soithí atá ag iascaireacht i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair a bhfuil gaireas faireacháin an tsoithigh lochtach, ní mór dóibh a dteachtaireachtaí maidir le suíomh a sheoladh chuig LFI an Stáit brataí le ríomhphost, gach 4 uair an chloig ar a laghad, agus ní mór dóibh an fhaisnéis éigeantach uile a sholáthar. Cuirfidh LFI an Stáit brataí LFI an Chósta Eabhair ar an eolas faoin athrú sin. Déanfar na sonraí suímh a tharchur ansin ag an minicíocht sin.
Cuirfidh LFI an Chósta Eabhair LFI an stáit brataí agus an tAontas ar aon eolas faoi aon bhriseadh ar theachtaireachtaí maidir le suíomh a fháil ó shoitheach a bhfuil údarú iascaireachta aige, i gcás nár thug an soitheach lena mbaineann fógra faoi imeacht as an limistéar iascaireachta.
3.Struchtúr na teachtaireachta san fhormáid NAF lena gcuirtear sonraí suímh an tsoithigh in iúl don Chósta Eabhair
|
Sonra
|
Cód
|
Éigeantach (É) / Roghnach (R)
|
Ábhar
|
|
Tús an chlárúcháin
|
SR
|
É
|
Mionsonra a bhaineann leis an gcóras lena gcuirtear tús an chlárúcháin in iúl
|
|
Seolaí
|
AD
|
É
|
Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht – Seolaí Cód 3-alfa na tíre (ISO-3166)
|
|
Seoltóir
|
FR
|
É
|
Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht – Seoltóir Cód 3-alfa na tíre (ISO-3166)
|
|
Stát brataí
|
FS
|
É
|
Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht – Bratach an Stáit Cód 3-alfa (ISO-3166)
|
|
Cineál teachtaireachta
|
TM
|
É
|
Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht – Cineál teachtaireachta (ENT, POS, EXI, MAN)
|
|
Comhartha aitheantais raidió (IRCS)
|
RC
|
É
|
Mionsonra a bhaineann leis an soitheach – Comhartha aitheantais raidió idirnáisiúnta an tsoithigh (IRCS)
|
|
Uimhir thagartha inmheánach don Pháirtí Chonarthach
|
IR
|
R
|
Mionsonra a bhaineann leis an soitheach – Uimhir uathúil arna sannadh ag an bPáirtí Conarthach lena sainaithnítear an soitheach
|
|
Aitheantóir uathúil an tsoithigh (uimhir aitheantais IMO)
|
IM
|
É
|
Sonra a bhaineann leis an soitheach – uimhir aitheantais IMO
Éigeantach má tá uimhir den sórt sin ag an soitheach
|
|
Uimhir chlárúcháin sheachtrach
|
XR
|
É
|
Mionsonra a bhaineann leis an soitheach – Uimhir ar thaobh an tsoithigh (ISO 8859.1)
|
|
Domhanleithead
|
LT
|
É
|
Mionsonraí maidir le suíomh an tsoithigh – Domhanleithead an tsuímh arna sloinneadh i gcéimeanna deachúla (WGS84) +/-DD.ddd. Uimhreacha deimhneacha i gcás an leathsféir thuaidh; luachanna diúltacha i gcás an leathsféir theas. Níor cheart an comhartha (+) a tharchur. Féadfar na nialais chun tosaigh a fhágáil ar lár. Ní mór an luach a bheith idir -90 agus +90.
|
|
Domhanfhad
|
LG
|
É
|
Mionsonraí maidir le suíomh an tsoithigh – Domhanfhad an tsuímh arna sloinneadh i gcéimeanna deachúla (WGS84) +/-DDD.ddd. Uimhreacha deimhneacha i gcás an leathsféir thuaidh; luachanna diúltacha i gcás an leathsféir theas. Níor cheart an comhartha (+) a tharchur. Féadfar na nialais chun tosaigh a fhágáil ar lár. Ní mór an luach a bheith idir -180 agus +180.
|
|
Cúrsa
|
CO
|
É
|
Cúrsa an tsoithigh scála 360 céim
|
|
Luas
|
SP
|
É
|
Luas an tsoithigh i ndeichithe de mhuirmhílte
|
|
Dáta
|
DA
|
É
|
Sonra maidir le suíomh an tsoithigh – Dáta chlárú an tsuímh AUL (BBBBMMLL)
|
|
An t‑am
|
TI
|
É
|
Sonraí maidir le suíomh an tsoithigh – Am chlárú an tsuímh AUL (UUMM)
|
|
Deireadh an chlárúcháin
|
ER
|
É
|
Mionsonra a bhaineann leis an gcóras lena gcuirtear deireadh an chlárúcháin in iúl
|
4.Nuair a chuirfear chun feidhme go héifeachtach an fhormáid nua UN/FLUX agus nuair a dhéanfar tarchur tríd an mbogearra ‘FLUX Transportation Layer’, tarchuirfear sonraí VMS i gcomhréir leis an bhformáid agus leis na próisis a dtugtar tuairisc orthu sa doiciméad cur chun feidhme atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
5.Sonraí VMS a chosaint
5.1. Na sonraí faireachais uile a chuireann Páirtí amháin in iúl don Pháirtí eile i gcomhréir leis na forálacha seo, úsáidfear iad go heisiach chun na gcríoch seo a leanas:
- faireachán, rialú agus faireachas chabhlach an Aontais atá ag iascaireacht faoin gComhaontú um Iascach a thug údaráis an Chósta Eabhair i gcrích,
- staidéir thaighde a dhéanfaidh an Cósta Eabhair i gcomhthéacs bainistiú agus pleanáil iascaigh.
5.2. Ní fhéadfar na sonraí sin a chur in iúl do thríú Páirtithe mura gceanglaítear go dlíthiúil ar Pháirtí é sin a dhéanamh.
Roinn 3 - Ceanglais theicniúla maidir le cur chun feidhme an chórais um chlárú gníomhaíochtaí iascaireachta agus maidir leis na sonraí ERS a sheoladh
1.Maidir le captaen soithigh iascaireachta de chuid an Aontais a bhfuil údarú aige a eisíodh faoin bPrótacal seo, ní mór dó an méid seo a leanas a dhéanamh i gcás ina mbeidh sé i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair:
(a)gach dul isteach sa limistéar iascaireachta agus imeacht as a chlárú le teachtaireacht shonrach lena léirítear cainníochtaí gach speicis atá á choimeád ar bord ar dhul isteach sa limistéar iascaireachta nó imeacht as, mar aon leis an dáta, an t‑am agus an suíomh a ndearnadh an dul isteach nó an t‑imeacht sin. Déanfar an teachtaireacht sin tráth nach déanaí ná 2 uair an chloig roimh an dul isteach nó an t‑imeacht a tharchur chuig LFI an Chósta Eabhair trí bhíthin ERS nó trí mhodhanna cumarsáide eile;
(b)suíomh an tsoithigh ag meán lae a chlárú go laethúil i gcás nach ndearnadh aon ghníomhaíocht iascaireachta;
(c)na nithe seo a leanas a chlárú i gcás gach oibríochta iascaireachta a dhéantar: suíomh na hoibríochta sin, an cineál trealaimh agus cainníochtaí de gach speiceas a ghabhtar, agus idirdhealú á dhéanamh idir gabhálacha a choimeádtar ar bord agus gabhálacha a aischuirtear. Déanfar gach speiceas a shainaithint lena chód alfa 3 FAO; déanfar na cainníochtaí a shloinneadh i gcileagraim de choibhéis bheomheáchain agus, i gcás inar gá, i líon na n‑aonán;
(d)na sonraí a chláraítear sa logleabhar iascaireachta leictreonach a tharchur ar bhonn laethúil chuig a Stát brataí, tráth nach déanaí ná 24:00; déanfar an tarchur sin i gcás gach lae a chaithfear i limistéar iascaireachta an Chosta Eabhair, lena n‑áirítear in éagmais gabhála. Déanfar é freisin sula n‑imeofar as an limistéar iascaireachta.
2.Cuirfidh LFI an Stáit brataí na sonraí ERS ar fáil do LFI an Chósta Eabhair. Déanfaidh LFI an Stáit brataí teachtaireachtaí meandracha (fógra maidir le dul isteach sa limistéar, fógra maidir le himeacht as an limistéar, fógra maidir le teacht isteach i gcalafort) de chuid an ERS a tharchur go huathoibríoch agus gan mhoill chuig LFI an Chósta Eabhair. Déanfaidh sé teachtaireachtaí eile de chuid an ERS a thagann ón soitheach a tharchur go huathoibríoch uair amháin sa lá.
3.Go dtí deireadh na gcéimeanna tástála dá bhforáiltear i Roinn 1:
–déanfar na sonraí a iompar trí DEH (mórbhealach malartaithe sonraí) san fhormáid EU-ERS (v 3.1).
–déanfar fógraí faoi thrasloingsiú le ríomhphost chuig údarás inniúil an Chósta Eabhair
–ní tharchuirtear go huathoibríoch gan mhoill ach teachtaireachtaí meandracha (‘Fógra maidir le dul isteach sa limistéar’ – EOC, ‘fógra maidir le himeacht as an limistéar’ – COX, ‘fógra maidir le teacht isteach i gcalafort’ – PNO). Cuirfear na cineálacha eile teachtaireachtaí ar fáil le haghaidh iarraidh uathoibríoch ó LFI an Chósta Eabhair.
4.Nuair a chuirfear chun feidhme go héifeachtach an fhormáid nua UN/FLUX, agus nuair a dhéanfar tarchur tríd an mbogearra ‘FLUX Transportation Layer’:
–ní bhainfidh an modh cur ar fáil sin arna iarraidh sin ach le hiarratais shonracha ar shonraí stairiúla.
–tarchuirfear na sonraí ERS i gcomhréir leis an bhformáid agus leis na próisis a dtugtar tuairisc orthu sa doiciméad chur chun feidhme atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
5.Deimhneoidh LFI an Chósta Eabhair go bhfuair sé na sonraí meandracha ERS a cuireadh chuige, trí theachtaireacht a sheoladh ar ais lena n‑admhaítear go bhfuarthas iad agus lena ndeimhnítear bailíocht na teachtaireachta a fuarthas. Maidir le malartú sonraí ERS trí DEH, Ní tharchuirfear aon admháil fála maidir leis na sonraí a fhaigheann LFI an Chósta Eabhair mar fhreagra ar iarratas a chuir sé féin isteach.
6.I gcás ina gcuireann mainneachtain theicniúil isteach ar an tarchur idir an soitheach agus LFI an Stáit brataí, tabharfaidh LFI an stáit brataí fógra faoi sin gan mhoill do chaptaen nó oibreoir an tsoithigh nó, dá n‑ionadaí/n-ionadaithe. Tar éis do chaptaen an tsoithigh an fógra sin a fháil, déanfaidh sé na sonraí atá ar iarraidh a tharchur chuig údaráis inniúla an Stáit brataí trí aon mhodh teileachumarsáide iomchuí gach lá, tráth nach déanaí ná 24:00.
7.I gcás ina dteipfidh ar an gcóras leictreonach tarchurtha atá suiteáilte ar bord an tsoithigh, áiritheoidh captaen nó oibreoir an tsoithigh go ndéantar an ERS a dheisiú nó a ionadú laistigh de 10 lá ón uair a bhraitear an mhífheidhm. A luaithe a bheidh an sprioc-am sin istigh, ní bheidh an soitheach údaraithe a thuilleadh iascaireacht a dhéanamh sa limistéar iascaireachta agus ní mór dó é a fhágáil nó cuairt a thabhairt ar chalafort de chuid an Chósta Eabhair laistigh de 24 uair an chloig. Ní bheidh an soitheach údaraithe an calafort sin a fhágáil ná filleadh ar an limistéar iascaireachta go dtí go suífidh LFI a Stáit brataí go bhfuil an ERS ag feidhmiú i gceart arís.
Foscríbhinn 6 Sonraí pearsanta a phróiseáil
1.Sainmhínithe agus raon feidhme
(a)Sainmhínithe
Chun críocha na Foscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 1 den Chomhaontú, in Airteagal 1 den Phrótacal seo agus ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (dá ngairtear ‘ábhar sonraí’ anseo feasta); is é is in-sainaitheanta ann duine nádúrtha is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh;
ciallaíonn ‘próiseáil’ aon oibríocht nó tacar oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
ciallaíonn ‘údarás aistrithe’ an t‑údarás poiblí a sheolann sonraí pearsanta;
ciallaíonn ‘údarás is faighteoir’ an t‑údarás poiblí dá nochtar na sonraí pearsanta;
ciallaíonn ‘sárú i ndáil le sonraí’ sárú ar shlándáil as a dtagann díothú, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó go neamhdhleathach;
ciallaíonn ‘aistriú ar aghaidh’ nuair a aistríonn Páirtí is faighteoir sonraí pearsanta go heintiteas nach Páirtí is sínitheoir sa Phrótacal seo é (‘tríú páirtí’);
ciallaíonn ‘údarás maoirseachta’ údarás poiblí neamhspleách atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo, chun cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.
(b)Raon feidhme
Is iad na daoine a mbaineann an Prótacal seo leo, go háirithe, daoine nádúrtha ar leo soithí de chuid an Aontais, a n‑ionadaithe, an captaen agus an criú atá ag fónamh ar bord soithí de chuid an Aontais a oibríonn faoin bPrótacal seo.
Maidir le cur chun feidhme an Phrótacail seo, go háirithe maidir le hiarratais ar dheonú, faireachán ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus an comhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, d’fhéadfaí na sonraí seo a leanas a mhalartú agus a phróiseáil tráth is déanaí:
— sonraí aitheantais agus comhordanáidí an tsoithigh;
— gníomhaíochtaí soithigh nó gníomhaíochtaí a bhaineann le soitheach, a shuíomh agus a chuid gluaiseachtaí, a ghníomhaíocht iascaireachta nó a ghníomhaíocht a bhaineann leis an iascaireacht, arna mbailiú trí mhaoirseacht, trí iniúchtaí nó ag breathnóirí;
— sonraí a bhaineann le húinéir(í) an tsoithigh nó lena (n-)ionadaí, amhail ainm, náisiúntacht, sonraí teagmhála gairmiúla agus cuntas bainc gairmiúil,
— sonraí a bhaineann leis an ngníomhaire áitiúil, amhail ainm, náisiúntacht agus sonraí teagmhála gairmiúla,
— sonraí a bhaineann leis na captaein agus le baill den chriú, amhail ainm, náisiúntacht, feidhm agus, i gcás an chaptaein, a shonraí teagmhála,
— sonraí a bhaineann leis na hiascairí a thugtar ar bord, amhail ainm, sonraí teagmhála, oiliúint, deimhniú sláinte.
(c)Údaráis atá freagrach
Is iad an Coimisiún Eorpach agus údarás an Bhallstáit brataí thar ceann an Aontais agus Údarás Rialála Teileachumarsáide an Chósta Eabhair (ARTCI) na údaráis atá freagrach as na sonraí a phróiseáil.
2.Coimircí i ndáil le cosaint sonraí pearsanta
(a)Teorannú an chuspóra agus íoslaghdú na sonraí
Na sonraí pearsanta a iarrtar agus a aistrítear faoin bPrótacal seo, beidh siad leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun an Prótacal a chur chun feidhme, i.e. chun údaruithe iascaireachta a phróiseáil agus chun maoirseacht agus faireachas a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a dhéanann soithí de chuid an Aontais. Ní dhéanfaidh na Páirtithe sonraí pearsanta a mhalartú faoin bPrótacal seo ach amháin chun na gcríoch sonrach a leagtar amach sa Phrótacal.
Ní dhéanfar na sonraí a fhaightear a phróiseáil chun críoch seachas iad siúd thuasluaite, nó sa chás sin déanfar iad a anaithnidiú.
Arna iarraidh sin, cuirfidh an t‑údarás is faighteoir an t‑údarás aistrithe ar an eolas láithreach faoi úsáid na sonraí arna seoladh.
(b)Beachtas
Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh na sonraí pearsanta a aistrítear faoin bPrótacal seo cruinn, cothrom le dáta agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéanfar iad a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta de réir na faisnéise atá ag an údarás aistrithe. Má thugann ceann de na Páirtithe faoi deara go bhfuil na sonraí pearsanta a aistrítear nó a fhaightear míchruinn, cuirfidh sé an Páirtí eile ar aon eolas faoi sin láithreach agus déanfaidh sé iad a cheartú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá.
(c)Stóráil a theorannú
Ní choimeádfar sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá chun na críche ar chuici a malartaíodh iad, coimeádfar iad ar feadh bliana tar éis dhul in éag an Phrótacail seo ar a mhéad, mura rud é go bhfuil na sonraí pearsanta riachtanach chun obair leantach a dhéanamh maidir le sárú, iniúchadh nó imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin. Sa chás sin, féadfar na sonraí a choimeád chomh fada agus is gá chun an obair leantach a dhéanamh maidir leis an sárú nó maidir leis an iniúchadh nó go dtí go gcuirfear clabhsúr críochnaitheach ar na himeachtaí breithiúnacha nó riaracháin.
Má dhéantar na sonraí pearsanta a choimeád ar feadh tréimhse níos faide, déanfar iad a anaithnidiú.
(d)Slándáil agus rúndacht
Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n‑áiritheofar a slándáil iomchuí, agus rioscaí sonracha a bhaineann leis an bpróiseáil á gcur san áireamh, lena n‑áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scriosadh nó damáiste de thaisme. Tabharfaidh na húdaráis atá i gceannas ar an bpróiseáil aghaidh ar aon sárú i ndáil le sonraí agus déanfaidh siad gach beart is gá chun aon éifeacht dhiúltach fhéideartha a bhaineann le sárú i ndáil le sonraí pearsanta a leigheas agus chun na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith aige a mhaolú. Tabharfaidh an t‑údarás is faighteoir fógra faoin sárú sin don údarás aistrithe a luaithe is féidir agus cuirfidh siad an comhar tráthúil is gá ar fáil dá chéile ionas gur féidir le gach ceann de na húdaráis sin a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, ar oibleagáidí iad a eascraíonn as sárú i ndáil le sonraí pearsanta faoina gcreat dlíthiúil náisiúnta.
Geallann na Páirtithe bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an phróiseáil forálacha an Phrótacail seo.
(e)Ceartú nó léirscriosadh
Áiritheoidh na Páirtithe go ndéanfaidh an t‑údarás aistrithe agus an t‑údarás is faighteoir gach beart réasúnta chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh láithreach, de réir mar is infheidhme, i gcás nach gcomhlíonann an phróiseáil forálacha an Phrótacail seo, go háirithe toisc nach bhfuil na sonraí sin leordhóthanach, ábhartha, nó cruinn nó toisc go bhfuil siad iomarcach i ndáil le cuspóir na próiseála.
Ní mór do na Páirtithe fógra a thabhairt dá chéile faoi aon cheartú nó léirscriosadh.
(f)Trédhearcacht
Áiritheoidh na Páirtithe go gcuirfear na hábhair sonraí ar an eolas, trí bhíthin fógra aonair chomh maith leis an gcomhaontú seo a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin, faoi na catagóirí sonraí a aistreofar agus a phróiseálfar a thuilleadh, an bealach a ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil, an uirlis ábhartha arna húsáid le haghaidh an aistrithe, cuspóir na próiseála, tríú páirtithe nó catagóirí tríú páirtithe a bhféadfar an fhaisnéis a aistriú chucu a thuilleadh, na cearta aonair agus na sásraí atá ar fáil chun a gcearta a fheidhmiú agus sásamh a fháil, chomh maith leis na sonraí teagmhála chun díospóid nó gearán a thionscnamh.
(g)Aistriú ar aghaidh
Ní aistreoidh an t‑údarás is faighteoir sonraí pearsanta a fhaightear faoin bPrótacal seo chuig tríú páirtí atá bunaithe i dtír seachas na Ballstáit bhrataí ach amháin i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin, is é sin cuspóir tábhachtach ar mhaithe le leas an phobail, a aithnítear freisin sa chreat dlíthiúil is infheidhme maidir leis an údarás aistrithe, agus ina gcomhlíontar ceanglais eile na Foscríbhinne (go háirithe a mhéid a bhaineann le teorannú an chuspóra agus íoslaghdú na sonraí); agus
i gcás ina dtairbhíonn an tír ina bhfuil an tríú páirtí lonnaithe nó an tír ina bhfuil an eagraíocht idirnáisiúnta lonnaithe de chinneadh leordhóthanachta arna ghlacadh ag an gCoimisiún Eorpach de bhun Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679 (cinneadh leordhóthanachta) lena gcumhdaítear an t‑aistriú ar aghaidh; nó
i gcásanna sonracha, i gcás inar gá aistriú den sórt sin chun go gcomhlíonfaidh an t‑údarás aistrithe a oibleagáidí i leith eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh nó eagraíochtaí réigiúnacha iascaigh; nó
i gcásanna eisceachtúla agus i gcás ina meastar gur gá sin, geallann an tríú páirtí nach bpróiseálfaidh sé na sonraí ach amháin le haghaidh an chuspóra shonraigh/na gcuspóirí sonracha ar chucu a aistríodh a thuilleadh iad agus go léirscriosfaidh sé iad láithreach bonn a luaithe nach mbeidh gá a thuilleadh leis an bpróiseáil chun na críche sin.
3.Cearta na n‑ábhar sonraí
(a)Rochtain ar shonraí pearsanta
Arna iarraidh sin d’ábhar sonraí, ní mór don údarás is faighteoir an méid seo a leanas a dhéanamh:
–a dhearbhú don ábhar sonraí an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis á bpróiseáil nó nach bhfuil;
–faisnéis a sholáthar faoi chuspóir na próiseála, na catagóirí sonraí pearsanta, an tréimhse coinneála sonraí (más féidir), an ceart chun ceartúchán/scriosadh a iarraidh, an ceart chun gearán a dhéanamh, etc.;
–cóip de na sonraí pearsanta a sholáthar;
–faisnéis ghinearálta a sholáthar faoi na coimircí is infheidhme.
(b)Sonraí pearsanta a cheartú
Arna iarraidh sin d’ábhar sonraí, ceartóidh an t‑údarás is faighteoir a shonraí pearsanta atá neamhiomlán, míchruinn nó imithe i léig.
(c)Sonraí pearsanta a scriosadh
Arna iarraidh sin d’ábhar sonraí, ní mór don údarás is faighteoir an méid seo a leanas a dhéanamh:
–sonraí pearsanta a bhaineann leis a scriosadh, ar sonraí iad a próiseáladh ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis na coimircí a leagtar amach sa Phrótacal seo;
–sonraí pearsanta a bhaineann leis a scriosadh, ar sonraí iad nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun na gcríoch ar chucu a próiseáladh iad go dleathach.
–scor de phróiseáil na sonraí pearsanta má dhéanann an t‑ábhar sonraí agóid ina haghaidh ar chúiseanna a bhaineann lena chás féin, murab ann do chúiseanna dlisteanacha tathantacha maidir leis an bpróiseáil a bhfuil sáraíocht aige ar leasanna, cearta agus saoirsí an ábhair sonraí.
(d)Socruithe
Tabharfaidh an t‑údarás is faighteoir freagra, laistigh de thréimhse réasúnta agus in am trátha, agus i ngach cás, laistigh de mhí amháin tar éis an iarratais, ar iarratas ó ábhar sonraí a bhaineann le rochtain ar a shonraí pearsanta, iad a cheartú agus a léirscriosadh. Féadfaidh an t‑údarás is faighteoir bearta iomchuí a dhéanamh, amhail táillí réasúnta a thobhach chun costais riaracháin a chumhdach nó diúltú d’iarratas ar follasach go bhfuil sé gan bhunús nó iomarcach.
I gcás freagra diúltach ar iarratas ón ábhar sonraí, ní mór don údarás is faighteoir é a chur ar an eolas faoi na cúiseanna leis an diúltú sin.
(e)Teorannú
Féadfar na cearta thuas a theorannú má dhéantar foráil maidir le teorannú den sórt sin sa dlí agus má tá sé riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh.
Féadfar na cearta sin a theorannú freisin chun feidhm mhaoirseachta, chigireachta nó rialála a choimirciú, ar feidhm í a bhaineann, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil.
Faoi na coinníollacha céanna, féadfar iad a theorannú freisin chun an t‑ábhar sonraí a chosaint nó ar mhaithe le cearta agus saoirsí daoine eile.
4.
Leigheas agus maoirseacht neamhspleách
(a)Maoirseacht neamhspleách
Déanfaidh comhlacht seachtrach nó inmheánach a dhéanann maoirseacht neamhspleách agus ag a bhfuil cumhachtaí imscrúdaitheacha agus leighis maoirseacht neamhspleách ar chomhlíontacht na próiseála sonraí pearsanta leis an bPrótacal seo.
(b)Údaráis mhaoirseachta
I gcás an Aontais, is é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) a dhéanfaidh an mhaoirseacht sin, i gcás ina dtagann an phróiseáil faoi inniúlacht an Choimisiúin nó is iad údaráis mhaoirseachta náisiúnta an Aontais um chosaint sonraí a dhéanfaidh é i gcás ina dtagann an phróiseáil faoi inniúlacht an Bhallstáit brataí.
I gcás an Chósta Eabhair, is é ARTCI atá inniúil.
Maidir le gearáin ó ábhair sonraí i dtaca le próiseáil a sonraí pearsanta faoin bPrótacal seo, déanfaidh na húdaráis thuasluaite iad a phróiseáil agus a réiteach ar bhealach éifeachtach tráthúil.
(c)An ceart chun leighis
Áiritheoidh gach Páirtí, ina dhlíchóras, go bhféadfaidh ábhar sonraí a mheasann nár chomhlíon údarás na coimircí a leagtar amach in Airteagal 15 agus san Fhoscríbhinn seo, nó a mheasann gur ndearnadh sárú i dtaobh a shonraí pearsanta, cúiteamh a lorg ón údarás sin a mhéid a cheadaítear leis na forálacha dlí is infheidhme os comhair cúirte nó comhlacht coibhéiseach.
Go sonrach, féadfar aon ghearán in aghaidh ceachtar den dá údarás a chur faoi bhráid MECS, i gcás an Choimisiúin Eorpaigh, agus faoi bhráid ARTCI, i gcás an Chósta Eabhair. Ina theannta sin, féadfar gearáin áirithe ina aghaidh ceachtar den dá údarás a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcás an Choimisiúin Eorpaigh, agus os comhair chúirteanna an Chósta Eabhair, i gcás an Chósta Eabhair.
I gcás ina gcuirfidh ábhar sonraí díospóid nó gearán isteach i ndáil le próiseáil a shonraí pearsanta in aghaidh an údaráis aistrithe, in aghaidh an údaráis is faighteoir nó in aghaidh an dá údarás araon, cuirfidh na húdaráis a chéile ar an eolas faoi na díospóidí nó na gearáin sin agus déanfaidh siad gach iarracht an díospóid nó an gearán a réiteach go cairdiúil a luaithe is féidir.
(d)Nochtadh
Coinneoidh na Páirtithe a chéile ar an eolas faoi aon ghearán a gheobhaidh siad maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin bPrótacal seo agus maidir lena réiteach.
5.
Athbhreithniú
Cuirfidh na Páirtithe a chéile ar an eolas faoi athruithe ar a reachtaíocht a dhéanann difear do phróiseáil sonraí pearsanta. Déanfaidh gach Páirtí athbhreithnithe tréimhsiúla ar a bheartais agus nósanna imeachta féin lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 15 agus an Fhoscríbhinn seo agus ar a n‑éifeachtacht, agus arna iarraidh réasúnta sin do Pháirtí amháin, déanfaidh an Páirtí eile athbhreithniú ar a bheartais agus nósanna imeachta maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun a fhíorú agus a dheimhniú go bhfuil na coimircí dá bhforáiltear in Airteagal 15 agus san Fhoscríbhinn seo á gcur chun feidhme go héifeachtach. Cuirfear torthaí an athbhreithnithe in iúl don Pháirtí iarrthach.
Más gá, tiocfaidh siad ar chomhaontú sa Chomhchoiste maidir leis na leasuithe is gá a dhéanamh ar an bhFoscríbhinn seo.
6.
An t‑aistriú a chur ar fionraí
Féadfaidh an Páirtí aistrithe aistriú sonraí pearsanta a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcás nach n‑éiríonn leis na Páirtithe díospóidí a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta a réiteach go cairdiúil i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn seo go dtí go measfaidh sé go bhfuil an t‑ábhar réitithe go sásúil ag an bPáirtí is faighteoir. Leanfar de shonraí a aistríodh cheana a phróiseáil i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn seo.