AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.2.2025
COM(2025) 38 final
2025/0022(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a mhéid a bhaineann le timthriall socraíochta níos giorra san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2025) 37 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Ní mór don Aontas níos mó a dhéanamh chun an maoiniú is gá a chur ar fáil chun an t‑aistriú digiteach, glas agus sóisialta a mhaoiniú agus chun borradh a chur faoin bhfás. Is coinníoll riachtanach iad feidhmiú éifeachtúil agus margaí caipitil doimhne chun an sprioc sin a bhaint amach. Mar sin féin, tá margaí caipitil an Aontais ilroinnte fós in ainneoin iarrachtaí substaintiúla iad a chomhtháthú i gcaitheamh na mblianta; is bac substaintiúil í an ilroinnt sin ar a bhforbairt. Deimhníodh é sin le roinnt tuarascálacha le linn 2024 lena n‑áirítear tuarascáil Draghi, agus tuarascáil Letta. Cuirtear i dtábhacht freisin sna tuarascálacha sin nach féidir iomaíochas agus tarraingteacht mhargaí caipitil an Aontais, ná a gcumas an maoiniú atá ag teastáil ón Aontas a chur ar fáil, a bhaint amach ach amháin má ghlacann na margaí sin leis an nuálaíocht.
Is gá an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta a thógáil ar sheirbhísí iarthrádála atá éifeachtúla agus sábháilte. Tá ról lárnach ag na seirbhísí sin, i measc nithe eile, maidir le hurrúis a eisiúint, trádálacha a thabhairt chun críche (socraíocht), súil a choinneáil ar úinéireacht urrús chomh maith le rioscaí a bhainistiú agus a laghdú (imréiteach). Tá seirbhísí iarthrádála ríthábhachtach d’fheidhmiú mhargaí caipitil an Aontais. Ar na cúiseanna sin, cuireadh i dtábhacht sna tuarascálacha thuasluaite uile gur gá níos mó a dhéanamh chun éifeachtúlacht seirbhísí iarthrádála a fheabhsú.
Gach lá, socraítear níos mó ná EUR 4 thrilliún d’urrúis i dtaisclanna lárnacha urrús (TLUnna) an Aontais. Dá fhaide an tsocraíocht (i) is ea is faide a mhaireann na rioscaí a bhíonn roimh cheannaitheoirí agus díoltóirí; (ii) is ea is faide a bhíonn ar infheisteoirí fanacht chun an t‑airgead nó na hurrúis atá dlite dóibh a fháil – mura dteipeann ar an tsocraíocht; agus (iii) is ea is mó a laghdaítear na deiseanna chun idirbhearta eile a dhéanamh. Dá bhrí sin, is réamhchoinníoll riachtanach í socraíocht thapa, éifeachtúil agus iontaofa chun an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta a fhorbairt.
Tá 10 mbliana ann anois ó tháinig an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús (CSDR) i bhfeidhm agus rinne sé an timthriall socraíochta urrús san Aontas a chomhchuibhiú 2 lá gnó ar a mhéad tar éis an dáta trádála (dá ngairtear ‘T+ 2’) le haghaidh idirbhearta margaí tánaisteacha áirithe. Ó shin i leith, tá margaí airgeadais agus teicneolaíocht fós ag teacht chun cinn. Tar éis aistriú an Aontais ag deireadh 2014, lean go leor dlínsí agus d’aistrigh siad go socrú níos giorra; mar shampla, d’aistrigh na Stáit Aontaithe go T+ 2 in 2017. Ach mar gheall ar an nuálaíocht agus ar an ngá atá le héifeachtúlacht socraíochta a fheabhsú, le hiomaíochas a mhéadú agus le rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a laghdú, níor cuireadh stop leis na hiarrachtaí ansin. Tá an chuid eile den domhan tar éis aistriú ó shin: mar shampla, ghiorraigh an tSín, an India, na Stáit Aontaithe agus Ceanada an socrú go dtí lá gnó amháin ar a mhéad tar éis an dáta trádála (‘T+ 1’ mar a thugtar air). Tá an t‑aistriú domhanda chuig T+ 1 ag cruthú mí-ailínithe go mór idir margaí airgeadais an Aontais agus margaí airgeadais domhanda agus cruthaíonn sé bearnaí iomaíochais a d’fhéadfadh a bheith ann do mhargaí caipitil an Aontais. Má aistríonn níos mó tíortha go T+ 1, tiocfaidh méadú ar na mí-ailínithe sin.
San athbhreithniú is déanaí ar CSDR, aithníodh na treochtaí sin agus tugadh sainordú don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), i ndlúthchomhar le comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC), measúnú a dhéanamh ar a iomchuí atá sé an timthriall socraíochta san Aontas a ghiorrú agus treochlár a thíolacadh maidir leis an gcaoi a bhféadfaí aistriú den sórt sin a dhéanamh. D’fhoilsigh ESMA a thuarascáil (Tuarascáil ESMA) an 18 Samhain 2024, inar moladh go n‑aistreodh an tAontas chuig T+ 1 tráth nach déanaí ná an 11 Deireadh Fómhair 2027.
Dá ngiorrófaí an timthriall socraíochta san Aontas, d’athrófaí go mór an chaoi a bhfeidhmíonn margaí sa lá atá inniu ann, agus bheadh tionchair éagsúla ann ag brath ar an gcineál geallsealbhóra, ar chatagóir an idirbhirt agus ar an gcineál urrúis. Tá sé dúshlánach roinnt de na costais agus de na tairbhí a bhaineann le giorrú an timthrialla socraíochta san Aontas a chainníochtú mar gheall ar an easpa sonraí, ach tugann na gnéithe a ndearna ESMA measúnú orthu le fios gur tairbhí tábhachtacha don Aontas Coigiltis agus Infheistíochta iad na tairbhí a bhaineann le haistriú i dtéarmaí laghdú riosca, coigilteas corrlaigh agus laghdú costas a thabhaítear mar gheall ar neamhéifeachtúlachtaí a eascraíonn as an mí-ailíniú le mórdhlínsí eile ar fud an domhain. Thairis sin, dá ndéanfaí infheistíocht i nuachóiriú, comhchuibhiú agus feabhsú éifeachtúlacht agus athléimneacht na bpróiseas iarthrádála a bheadh spreagtha le haistriú go T+ 1, d’éascófaí an cuspóir a bhaint amach maidir le héifeachtúlacht socraíochta a chur chun cinn a thuilleadh san Aontas, comhtháthú margaidh agus, ar deireadh, an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta a chur chun cinn, agus míbhuntáiste iomaíoch a sheachaint do mhargaí caipitil an Aontais, rud a d’fhéadfadh trádálaithe a bheith i bhfabhar margaí eile atá níos éifeachtúla dá bharr. Ar deireadh, dá gcoinneofaí an timthriall socraíochta atá ann faoi láthair san Aontas, rannchuideofaí leis an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta a ilroinnt a thuilleadh toisc go leanfadh geallsealbhóirí éagsúla de chuid an Aontais de réitigh éagsúla a chur chun feidhme chun déileáil le socraíocht níos giorra i bhformhór mhargaí caipitil an domhain.
Bheadh an chuid is mó de na costais shainaitheanta a bhaineann le haistriú go T+ 1 le sonrú sa ghearrthéarma, agus baineann siad leis na hinfheistíochtaí is gá chun céimeanna éagsúla sa phróiseas socraíochta a nuachóiriú, a chaighdeánú agus a dhigitiú. Ar an taobh eile, tugtar le fios sna gnéithe a ndearna ESMA measúnú orthu go bhfuil tionchar T+ 1 i dtéarmaí laghdú riosca, coigilteas corrlaigh agus laghdú costas a bhaineann leis an mí-ailíniú le dlínsí móra eile ar fud an domhain, ina dtairbhí tábhachtacha d’iomaíochas mhargaí caipitil an Aontais agus chun bogadh i dtreo an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta agus go bhfeabhsófaí éifeachtúlacht mhargaí caipitil an Aontais ar deireadh agus, dá bhrí sin, go gcoinneofaí a n‑iomaíochas ar an leibhéal domhanda.
Tá sé indéanta go teicniúil agus go dlíthiúil cheana féin idirbhearta urrús a shocrú ar T+ 1 san Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí aistriú go T+ 1 a fhágáil go hiomlán faoi thionscal urrús an Aontais chun comhordú agus cur i gcrích a dhéanamh. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil margaí airgeadais an Aontais níos casta - mar gheall ar an líon gníomhaithe, córas agus airgeadraí éagsúla atá i gceist - i gcomparáid le dlínsí eile a aistríodh go T+ 1 cheana féin, bheadh sé thar a bheith dúshlánach don tionscal sin an próiseas a chomhordú agus ní thabharfadh sé deimhneacht dhlíthiúil ná deimhneacht phleanála fiú.
Cuireadh i dtábhacht na gnéithe sin freisin sa Ráiteas Comhpháirteach ó ESMA, ón gCoimisiún agus ó BCE maidir leis an timthriall caighdeánach socraíochta urrús san Aontas Eorpach a ghiorrú, a foilsíodh an 15 Deireadh Fómhair 2024 (‘Ráiteas Comhpháirteach’). Cuireadh in iúl sa Ráiteas Comhpháirteach gur gá don Aontas gníomhú go práinneach trí chur chuige comhordaithe más mian leis fadú agus méadú thionchair dhiúltacha an mhí-ailínithe i dtimthriallta socraíochta le mórdhlínsí idirnáisiúnta a sheachaint agus Aontas Coigiltis agus Infheistíochta atá éifeachtúil agus iomaíoch a áirithiú.
Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an togra seo a áirithiú go mbeidh dóthain ama ag na geallsealbhóirí uile ullmhú do T+ 1 agus aistriú go T+ 1 ar bhealach comhordaithe agus tráthúil.
Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go n‑aistreoidh an tAontas go timthriall socraíochta níos giorra lena gceanglófar go ndéanfar idirbhearta atá faoi réir timthriall socraíochta in T+ 2 faoi láthair a shocrú ar an gcéad lá gnó ar a dhéanaí tar éis don trádáil a bheith ar bun. Ní chuirfeadh sé sin cosc ar thaisclanna lárnacha urrús atá in ann é sin a dhéanamh ó thaobh na teicneolaíochta de cheana féin, idirbhearta a shocrú go deonach ar an dáta céanna leis an dáta trádála.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá sé d’aidhm ag an togra CSDR a leasú trí thimthriall socraíochta T+ 1 a thabhairt isteach san Aontas Eorpach, chun éifeachtúlacht socraíochta a fheabhsú d’fhonn iomaíochas a mhéadú agus rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a laghdú. Chuideodh na hathruithe reachtacha atá beartaithe le tírdhreach iarthrádála níos éifeachtúla a fhorbairt san Aontas, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach faoi Refit CSDR. Thairis sin, tá an togra sin i gcomhréir le cuspóir an Choimisiúin Aontas Coigiltis agus Infheistíochta a thógáil, chun sreabhadh caipitil a éascú ar fud an Aontais chun leasa tomhaltóirí, infheisteoirí agus cuideachtaí. Tá socraíocht urrús i gcroílár na margaí caipitil. Dá bhrí sin, is réamhchoinníoll riachtanach í socraíocht thapa, éifeachtúil agus iontaofa chun an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta a fhorbairt. Chuirfeadh timthriall socraíochta níos giorra le tarraingteacht mhargaí an Aontais agus chuirfeadh sé tairbhí tábhachtacha ar fáil, go háirithe trí laghdú riosca, coigilteas corrlaigh agus laghdú ar chostais a bhaineann le mí-ailíniú le mórdhlínsí eile ar fud an domhaina bhaint amach.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Is é is aidhm don tionscnamh seo clár oibre níos leithne an Choimisiúin a chomhlánú chun margaí caipitil an Aontais a dhéanamh níos iomaíche agus níos athléimní. Is gné fhíor-riachtanach í timpeallacht iarthrádála atá iomaíoch agus éifeachtúil, a bhfuil an timthriall socraíochta ina ghné ríthábhachtach di, chun cuspóirí an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta a bhaint amach. Le margadh lánfheidhmiúil comhtháite le haghaidh caipitil, beidh geilleagar an Aontais in ann fás ar bhealach inbhuanaithe agus a bheith níos iomaíche, i gcomhréir le tosaíochtaí straitéiseacha an Choimisiúin, tosaíochtaí ina ndírítear ar chruthú na ndálaí cearta le haghaidh poist a chruthú, fáis agus infheistíochta.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, arb é an bunús dlí do CSDR, bunús dlí an togra seo. Is é príomhchuspóir CSDR sábháilteacht agus éifeachtúlacht na mbonneagar socraíochta agus socraíochta urrús san Aontas a mhéadú. Moltar leis an tionscnamh seo athbhreithniú a dhéanamh ar fhad an timthrialla socraíochta san Aontas, agus é a ghiorrú ó 2 lá gnó go lá gnó amháin tar éis na trádála, agus dá bhrí sin ghlacfaí an togra reachtach gaolmhar faoin mbunús dlí céanna.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta dá ndéantar foráil in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní féidir gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ach sa chás nach féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach go leormhaith as a stuaim féin agus, i ngeall ar scála nó ar éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.
Ní féidir cuspóirí CSDR, is iad sin ceanglais aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le socraíocht ionstraimí airgeadais san Aontas Eorpach, rialacha maidir le heagrúchán agus iompraíocht TLUnna agus chun socraíocht shábháilte éifeachtúil agus rianúil a chur chun cinn, a bhaint amach go leordhóthanach trí bhíthin na mBallstát amháin, faoi mar a d’admhaigh na comhreachtóirí in 2014 agus CSDR á ghlacadh acu agus in 2023 agus CSDR Refit á ghlacadh acu.
Go háirithe, tugadh isteach le CSDR ceanglas maidir le tréimhse shocraíochta shainordaitheach le haghaidh fhormhór na n‑idirbheart in urrúis inaistrithe a chuirtear i gcrích ar ionad trádála san Aontas, agus socraíodh an tréimhse sin ag dhá lá gnó tar éis don trádáil a bheith ar bun. Is iomchuí ansin giorrú na tréimhse socraíochta sin a dhéanamh tríd an ionstraim dlí chéanna.
Tugtar tuilleadh tacaíochta don chur chuige sin agus ilroinnt thírdhreach bhonneagair iarthrádála an Aontais agus na difríochtaí i margaí caipitil agus i gcreataí dlíthiúla na mBallstát á gcur san áireamh, rud a d’fhágfadh go mbeadh aistriú coiteann chuig T+ 1 níos dúshlánaí, mura ndéanfaí é a chomhordú ar leibhéal an Aontais. Dá nglacfadh taisclanna lárnacha urrús agus ionaid trádála an Aontais cleachtais éagsúla maidir le mí-ailíniú tréimhsí socraíochta domhanda, bheadh castachtaí agus rioscaí i gceist, rud a dhéanfadh margaí caipitil an Aontais a ilroinnt a thuilleadh agus a chruthódh dálaí neamhfhabhracha do rannpháirtithe agus d’infheisteoirí. Dá réir sin, ní féidir leis na Ballstáit aidhm an tionscnaimh seo a bhaint amach go leordhóthanach ina n‑aonar, is é an aidhm sin an timthriall socraíochta san Aontas a ghiorrú agus, ar an gcaoi sin, deireadh a chur le mí-ailínithe leis an ngeilleagar domhanda, d’fhonn iomaíochas agus éifeachtúlacht thimpeallacht iarthrádála an Aontais a neartú. Dá bhrí sin, de bharr fhairsinge na ngníomhaíochtaí, is fearr is féidir na cuspóirí sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
•Comhréireacht
Is é is aidhm don togra deireadh a chur leis an mí-ailíniú idir timthriallta socraíochta an Aontais agus timthriallta socraíochta idirnáisiúnta ar bhealach comhréireach, éifeachtach agus éifeachtúil.
Dá ngiorrófaí an timthriall socraíochta, sholáthrófaí ailíniú níos fearr leis na margaí domhanda, dhéanfaí cuíchóiriú nach beag ar phróisis do gach rannpháirtí trasteorann sa mhargadh agus laghdófaí rioscaí agus costais d’urrúis a liostaítear nó a thrádáiltear go comhuaineach i ndlínsí T+ 1 agus san Aontas. Mar gheall ar an líon gníomhaithe, córas agus airgeadraí éagsúla atá rannpháirteach i margadh airgeadais an Aontais, bheadh sé dúshlánach, neamhéifeachtúil agus níos costasaí do na Ballstáit aistriú go hiomlán neamhspleách go T+ 1. Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun an cuspóir a bhaint amach go leormhaith maidir le timthriall socraíochta níos giorra a thabhairt isteach san Aontas agus chun leas a bhaint as na tairbhí gaolmhara. Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach.
•An rogha ionstraime
Rialachán is ea CSDR agus, dá bhrí sin, is gá é a leasú le hionstraim dlí den chineál céanna.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA GEALLSEALBHÓIRÍ AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
I bhfianaise chineál agus phráinn an tionscnaimh, a bhaineann le leasú spriocdhírithe ar Airteagal 5(2) de CSDR chun timthriall socraíochta níos giorra a thabhairt isteach san Aontas, agus i bhfianaise na hoibre ullmhúcháin gaolmhaire, níor mheas seirbhísí an Choimisiúin gurbh iomchuí meastóireacht ex post a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana. Agus an Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an togra sin á ullmhú, rinne seirbhísí an Choimisiúin anailís ar thionchair an leasaithe spriocdhírithe i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta agus bhreithnigh siad an t‑aiseolas a fuair geallsealbhóirí agus an anailís a leagtar amach i dTuarascáil ESMA.
•Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí i rith an phróisis ina ndearnadh an togra seo a ullmhú. Go háirithe tríd an méid seo a leanas:
·Cruinniú comhchéime a d’eagraigh an Coimisiún an 25 Eanáir 2024 maidir le bogadh i dtreo timthriall socraíochta níos giorra san Aontas. I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí ionadaithe ardleibhéil ó raon leathan earnálacha den tionscal (an taobh ceannaigh, an taobh díola, infheisteoirí miondíola, bonneagair mhargaidh), ó phríomhúdaráis rialála, chomh maith le hionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ón mBanc Ceannais Eorpach. Cé gur cuireadh raon tuairimí in iúl, thacaigh formhór na rannpháirtithe le hathrú reachtach chun aistriú go T+ 1. D’aithin siad cé go bhféadfadh tairbhí a bheith ag baint le haistriú chuig timthriall socraíochta níos giorra, go háirithe san fhadtéarma, go raibh sé deacair na tairbhí sin a chainníochtú. Bhí siad den tuairim go dtiocfadh na tairbhí gearrthéarmacha chun cinn den chuid is mó trí athailíniú le dlínsí eile, go háirithe na Stáit Aontaithe, agus trí choigilteas comhthaobhachta, agus go mbeadh leibhéal níos mó uathoibrithe ar an slabhra socraíochta ina iomláine agus iomaíochas leanúnach mhargaí caipitil an Aontais i gceist leis na príomhthairbhí meántéarmacha agus fadtéarmacha. Bhí na rannpháirtithe beagnach d’aon toil maidir leis an ngá atá le comhordú idir dlínsí Eorpacha; bhí comhdhearcadh ann freisin nach raibh mí-ailíniú idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe soláimhsithe san fhadtéarma. Léiríodh i bpobalbhreith neamhfhoirmiúil a reáchtáladh ag an gcruinniú comhchéime ar na dátaí a bhféadfaí an t‑aistriú a dhéanamh gur thacaigh an tromlach (54 %) le haistriú in 2027/2028, agus thacaigh 34 % le haistriú níos luaithe agus bhí 12 % i bhfabhar aistriú níos déanaí.
·Cruinniú saineolaithe de chuid na mBallstát a tionóladh an 5 Meán Fómhair 2024, chun an giorrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an timthriall socraíochta san Aontas a phlé. Chuir formhór mór na mBallstát in iúl go dtacaíonn siad leis an timthriall socraíochta a ghiorrú go T+ 1 agus mheas siad go mbeadh socraíocht níos éifeachtúla agus níos tráthúla mar thoradh ar aistriú go T+ 1 agus go méadófaí tarraingteacht mhargaí caipitil an Aontais d’infheisteoirí. Ina theannta sin, mheas siad go dtiocfadh feabhas ar chobhsaíocht na margaí, agus go n‑úsáidfí leachtacht ar bhealach níos éifeachtúla mar gheall ar laghdú ar rioscaí agus costais a bhaineann le socraíocht. Bhí na Ballstáit den tuairim freisin gur cheart aistriú a chur in iúl trí leasú ar CSDR. Thacaigh siad le haistriú comhuaineach le haghaidh na n‑ionstraimí airgeadais uile seachas aistriú céimnithe. Ar deireadh, chuir siad i dtábhacht go mbeadh sé ríthábhachtach ullmhúchán críochnúil a dhéanamh, lena n‑áirítear treochlár mionsonraithe a fhorbairt, chun go n‑éireoidh leis an aistriú go T+ 1.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Agus an togra seo á ullmhú, bhí an Coimisiún ag brath ar shaineolas seachtrach agus ar shonraí seachtracha ó na foinsí seo a leanas:
·ESMA:
–na freagraí ar ghlao 3 mhí ar fhianaise maidir leis an timthriall socraíochta a ghiorrú, a sheol ESMA an 5 Deireadh Fómhair 2023 agus a bhfuarthas 81 fhreagra ina leith. Rinneadh achoimre ar an aiseolas a fuarthas agus foilsíodh é an 21 Márta 2024;
–na torthaí ó cheardlann tionscail ESMA a tionóladh an 4 Nollaig 2023;
–na torthaí ó éisteacht phoiblí ESMA a eagraíodh an 10 Iúil 2024; agus
–tuarascáil ESMA faoi Airteagal 74(3) de CSDR a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin an 18 Samhain 2024.
·Grúpa Comhairleach um Bonneagair Mhargaidh le haghaidh Urrús agus Comhthaobhachta (AMI-SeCo): le linn an chruinnithe iomlánaigh a bhí aige an 26 Meitheamh 2024, chuir AMI-SeCo, a chuireann comhairle ar an Eurochóras maidir le saincheisteanna a bhaineann le bonneagair an mhargaidh airgeadais, i dtábhacht go bhfuil gá le próiseas chun (i) tráthchlár cur chun feidhme a fhorbairt le haghaidh aistriú an Aontais go T+ 1, (ii) faireachán a dhéanamh ar ullmhacht an mhargaidh agus (iii) réimsí a shainaithint inar gá réitigh a fhorbairt. Chuir formhór rannpháirtithe AMI-SeCo in iúl nár cheart don Aontas fanacht ar anailís fhoirmiúil costais is tairbhe agus thathantaigh siad ar chinnteoirí an Aontais a chur in iúl a luaithe is féidir go bhfuil sé ar intinn acu aistriú chomh maith le spriocdháta don aistriú. Ina theannta sin, d’iarr AMI-SECO comhlacht a bhunú a luaithe is féidir chun an t‑aistriú a chomhordú.
·Tascfhórsa Eorpach T+ 1: bhunaigh rannpháirtithe sa mhargadh an tascfhórsa i mí Iúil 2023, lena n‑áirítear ionadaíocht leathan na gcomhaltaí ón taobh ceannaigh, ón taobh díola agus ó bhonneagair mhargaidh, chun comhaontú ar fud an tionscail a lorg agus chun a dtuairimí a chur i láthair maidir le tionchair aistriú na Stát Aontaithe go T+ 1 ar gheallsealbhóirí an Aontais agus maidir le haistriú go T+ 1 a d’fhéadfaí a dhéanamh san Aontas. Bunaíodh é tar éis tuarascáil ón gCumann um Margaí Airgeadais san Eoraip (AFME) maidir leis na tairbhí agus na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith ag baint le haistriú go T+ 1 san Eoraip. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil go mbeadh go leor de na tairbhí agus na dúshláin a bhaineann le haistriú na Stát Aontaithe go T+ 1 infheidhme freisin maidir le margaí na hEorpa. Mar sin féin, i bhfianaise chineál na margaí Eorpacha a bhfuil, i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe, an iliomad airgeadraí, bonneagair mhargaidh agus gníomhaithe acu chun comhordú a dhéanamh, bheadh an cur chun feidhme níos casta ná mar atá sna Stáit Aontaithe. D’fhoilsigh an tascfhórsa an dara tuarascáil i mí Dheireadh Fómhair 2024, ag athdhearbhú a thacaíochta d’aistriú go T+ 1 san Aontas, agus ag aithint na dtairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh feabhsuithe éifeachtúlachta agus laghdú riosca de. Mheas siad gur togra casta, ilbhliantúil a bheadh san aistriú go T+ 1, lena n‑éilítear comhoibriú ó na geallsealbhóirí tionscail uile chun a áirithiú nach dtabharfar aon riosca nua isteach nó nach ndéanfar damáiste d’éifeachtúlacht, leachtacht agus feidhmiú mhargadh urrús an Aontais atá ann cheana. Ó thaobh raon feidhme de, thacaigh an tascfhórsa le hailíniú a dhéanamh le raon feidhme CSDR, cé go n‑eisiatar idirbhearta maoinithe urrús. Mheas comhaltaí an tascfhórsa i gcoitinne, a luaithe a chuirfí dáta aistrithe nithiúil in iúl, go mbeadh gá le hidirthréimhse idir 24 agus 36 mhí, rud a léireodh castacht thírdhreach bhonneagar an mhargaidh san Aontas. Cuireadh raon tuairimí in iúl maidir le cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh an dara leath de 2027, an dáta a sainaithníodh d’aistriú na Ríochta Aontaithe, a bheith ina dáta cur chun feidhme indéanta don Aontas freisin. Tá an tascfhórsa fós ag tabhairt tacaíocht mhór do chur chuige comhordaithe ar fud réigiún iomlán na hEorpa, lena n‑áirítear LEE, an Ríocht Aontaithe agus an Eilvéis.
Comhlánaíodh an méid thuas le hionchur, lena n‑áirítear faisnéis rúnda chainníochtúil agus cháilíochtúil uaireanta, arna soláthar ag rannpháirtithe sna margaí airgeadais le linn cruinnithe déthaobhacha.
•Measúnú tionchair
Mar gheall ar an bpráinn a bhaineann le gníomhú i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta, roghnaigh seirbhísí an Choimisiúin Doiciméad Inmheánach Oibre a ullmhú ina ndéanfaí anailís ar thionchair aistriú an Aontais chuig timthriall socraíochta níos giorra. Deonaíodh maolú ón gceanglas measúnú tionchair iomlán a chur ar fáil. Cuireadh san áireamh sa Doiciméad Inmheánach Oibre Tuarascáil ESMA ina ndearnadh measúnú ar na costais agus na tairbhí a bhaineann le timthriall socraíochta níos giorra san Aontas. Cuireadh in iúl sa Doiciméad Inmheánach Oibre go mbeidh gá le huathoibriú agus caighdeánú níos fearr ar phríomhphróisis chúloifige agus iarthrádála, lena n‑áirítear méadú substaintiúil ar phróiseáil dhíreach a úsáid, chun an t‑aistriú go T+ 1 a chumasú. Tugadh le fios ann go n‑athróidh méid na riachtanas infheistíochta ó rannpháirtí amháin sa mhargadh go rannpháirtí eile ag brath ar a samhail ghnó, ar an líon taisclann lárnach urrús agus an líon contrapháirtithe lárnacha a bhfuil siad nasctha leo agus an ndearnadh infheistíochtaí roimhe seo chun T+ 1 a chomhlíonadh i ndlínsí eile. Cuireadh i dtábhacht ann freisin gur cheart, le himeacht ama, gur mhó na tairbhí fadtéarmacha a bhaineann le rioscaí contrapháirtí agus margaidh níos ísle, socraíocht níos éifeachtúla agus níos tráthúla agus tarraingteacht mhargaí caipitil an Aontais d’infheisteoirí ná na costais aonuaire sin den chuid is mó. Thángthas ar an gconclúid, i bhfianaise chineál ilroinnte mhargaí caipitil an Aontais, go bhfuil comhordú agus comhar na rannpháirtithe sa mhargadh ní hamháin úsáideach ach go bhfuil sé riachtanach chun aistriú rianúil go T+ 1 a áirithiú.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Is é is aidhm don tionscnamh iomaíochas agus tarraingteacht thírdhreach iarthrádála an Aontais a fheabhsú trí thimthriall socraíochta níos giorra a thabhairt isteach san Aontas. Dá réir sin, níl sé d’aidhm aige ualaí agus costais rialála a laghdú per se. Bheadh costais a bhaineann le haistriú go T+ 1 le feiceáil sa ghearrthéarma, maidir leis na hinfheistíochtaí is gá chun céimeanna éagsúla sa phróiseas socraíochta a nuachóiriú, a chaighdeánú agus a dhigitiú. Is iad na heintitis airgeadais a d’íocfadh na costais sin. Mar sin féin, le himeacht ama, ba cheart gur mhó na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo, amhail uathoibriú agus éifeachtúlacht mhéadaithe, laghdú riosca, ceanglas corrlaigh níos ísle agus deireadh a chur le costais agus aimhréireachtaí a bhaineann le mí-ailíniú, ná na costais aonuaire den chuid is mó a eascraíonn as infheistíochtaí riachtanacha a bheadh i gceist le haistriú go T+ 1.
•Cearta bunúsacha
Tá an tAontas tiomanta d’ardchaighdeáin i dtaca le cosaint na gceart bunúsach agus tá raon leathan coinbhinsiún maidir le cearta an duine sínithe aige. Sa chomhthéacs seo, ní dócha go mbeidh tionchar díreach ag an togra ar na cearta sin, cearta a liostaítear i bpríomhchoinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá mar dhlúthchuid de Chonarthaí an Aontais, agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh aon impleacht ag an togra ar bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Ní cheanglaítear leis an togra seo plean cur chun feidhme ná socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tugtar isteach le hAirteagal 1 leasú spriocdhírithe ar Airteagal 5(2) de CSDR, lena gceanglaítear, i gcás idirbhearta faoi raon feidhme Airteagal 5(2), nach mbeidh an dáta socraíochta atá beartaithe tráth nach déanaí ná an chéad lá gnó tar éis don trádáil a bheith ar bun. Ní leasaítear leis an togra sin raon feidhme chur i bhfeidhm Airteagal 5(2).
2025/0022 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a mhéid a bhaineann le timthriall socraíochta níos giorra san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 rialaítear an tréimhse shocraíochta d’fhormhór na n‑idirbheart in urrúis inaistrithe a chuirtear i gcrích ar ionaid trádála. Igcás eisceachtaí áirithe, ní mór an dáta socraíochta atá beartaithe d’idirbhearta den sórt sin a bheith tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis don trádáil a bheith ar bun. Tagraítear don tréimhse sin mar an ‘timthriall socraíochta’. Maidir leis an gceanglas go dtarlódh an tsocraíocht ar a dhéanaí ar an dara lá gnó tar éis don trádáil a bheith ar bun, tagraítear dó mar ‘timthriall socraíochta in T+ 2’, nó, go simplí, ‘T+ 2’.
(2)Le tréimhsí socraíochta níos faide d’idirbhearta in urrúis inaistrithe, méadaítear na rioscaí atá ann do pháirtithe idirbhirt agus laghdaítear na deiseanna atá ag ceannaitheoirí agus díoltóirí idirbhearta eile a dhéanamh. Ar na cúiseanna sin, tá go leor dlínsí tríú tír tar éis aistriú, tá siad i mbun aistriú, nó tá sé beartaithe acu aistriú, go tréimhse shocraíochta aon lá gnó amháin tar éis na trádála (‘T+ 1’). Mar sin féin, tá an t‑aistriú domhanda chuig tréimhsí socraíochta níos giorra ag cruthú mí-ailínithe idir margaí airgeadais an Aontais agus margaí airgeadais domhanda. Tiocfaidh méadú breise ar na mí-ailínithe sin nuair a aistreoidh níos mó tíortha go socraíocht T+ 1 agus nuair a mhéadóidh siad an costas a eascraíonn as mí-ailínithe den sórt sin do rannpháirtithe i margadh an Aontais.
(3)Ina thuarascáil maidir lena iomchuí atá sé an timthriall socraíochta san Aontas Eorpach a ghiorrú, a foilsíodh an 18 Samhain 2024, tháinig an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar an gconclúid go laghdófaí rioscaí sa mhargadh go mór dá ngiorrófaí an timthriall socraíochta san Aontas go T+ 1, go háirithe maidir le rioscaí contrapháirtí agus luaineachta, agus bheadh fáil ar chaipiteal nach mbeadh gá leis a thuilleadh chun glaonna ar éarlais a chumhdach. Chuirfeadh T+ 1 ar chumas mhargaí caipitil an Aontais coinneáil suas le margaí domhanda eile a fhorbairt, rud a chuirfeadh deireadh leis na costais a bhaineann le mí-ailíniú reatha na dtréimhsí socraíochta. Rannchuideodh sé freisin le comhchuibhiú breise a dhéanamh ar chaighdeáin imeachta chorparáidigh agus ar chleachtais mhargaidh san Aontas agus, ar bhonn níos ginearálta, le hiomaíochas mhargaí caipitil an Aontais. Aontaíonn an Coimisiún leis na conclúidí sin.
(4)Is iomchuí, dá bhrí sin, leasú spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 909/2014 a thabhairt isteach chun an timthriall socraíochta éigeantach atá ann faoi láthair a ghiorrú go dtí lá amháin tar éis don trádáil a bheith ar bun. Le giorrú den sórt sin ar an timthriall socraíochta, ní chuirfí cosc ar thaisclanna lárnacha urrús idirbhearta a shocrú go deonach ar an dáta céanna leis an dáta trádála, i gcás ina mbeadh sé ar a gcumas ó thaobh na teicneolaíochta de.
(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a leasú dá réir.
(6)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, is é sin timthriall socraíochta níos giorra a thabhairt isteach san Aontas, a bhaint amach go leordhóthanach agus, de bharr a scála agus a n‑éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
(7)Chun a áirithiú go mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile lena mbaineann ullmhaithe a ndóthain agus in ann aistriú go socraíocht T+ 1 ar bhealach comhordaithe tráthúil, ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014
In Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2.
Maidir le hidirbhearta sna hurrúis inaistrithe dá dtagraítear i mír 1, a chuirfear i gcrích ar ionaid trádála, is é an dáta socraíochta atá beartaithe tráth nach déanaí ná an chéad lá gnó tar éis don trádáil a bheith ar bun. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le hidirbhearta a dhéanfar a chaibidliú go príobháideach ach a chuirfear i gcrích iad ar na hionaid trádála nó ar an gcéad idirbheart i gcás ina bhfuil na hurrúis inaistrithe lena mbaineann faoi réir taifead tosaigh i bhfoirm cuntais reatha de bhun Airteagal 3(2).’.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 11 Deireadh Fómhair 2027.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán