This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025M12229
Prior notification of a concentration (Case M.12229 – JIP / MITSUBISHI LOGISNEXT) – Candidate case for simplified procedure
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.12229 — JIP / MITSUBISHI LOGISNEXT) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.12229 — JIP / MITSUBISHI LOGISNEXT) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
PUB/2025/1390
IO C, C/2025/6749, 19.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6749/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6749 |
19.12.2025 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.12229 — JIP / MITSUBISHI LOGISNEXT)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2025/6749)
1.
An 8 Nollaig 2025, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Japan Industrial Partners Inc (in éineacht lena chistí cleamhnaithe ‘JIP’, an tSeapáin), faoi rialú Japan Industrial Partners Holdings Inc., |
|
— |
Mitsubishi Logisnext Co., Ltd. (in éineacht lena fochuideachtaí an ‘Spriocghnóthas’, an tSeapáin), faoi rialú Mitsubishi Heavy Industries, Ltd. |
Gheobhaidh JIP rialú aonair ar an Spriocghnóthas ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin tairiscint phoiblí a fógraíodh an 30 Meán Fómhair 2025.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is gnólacht infheistíochta cothromais phríobháidigh é JIP a dhíríonn ar atheagrú agus athstruchtúrú cuideachtaí Seapánacha. |
|
— |
Is monaróir trealaimh lóistíochta é an Spriocghnóthas a bhfuil a cheanncheathrú sa tSeapáin. Déanann sé forcardaitheoirí agus trealamh agus córais lóistíochta ghaolmhara a mhonarú agus a thráchtálú. Is ar an Áise, ar Mheiriceá Thuaidh agus ar an Eoraip a bhíonn a chuid gníomhaíochtaí dírithe. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.12229 — JIP / MITSUBISHI LOGISNEXT
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6749/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)