Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025M12164

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.12164 — GIM / ENI / ENI CCUS JV) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

PUB/2025/1157

IO C, C/2025/5769, 28.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5769/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5769/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5769

28.10.2025

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.12164 — GIM / ENI / ENI CCUS JV)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2025/5769)

1.   

An 17 Deireadh Fómhair 2025, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Global Infrastructure Management, LLC (‘GIM’, Stáit Aontaithe Mheiriceá), faoi rialú BlackRock, Inc. (‘BlackRock’, Stáit Aontaithe Mheiriceá),

Eni UK Limited (‘Eni UK’, an Ríocht Aontaithe), faoi rialú Eni S.p.A. (‘Eni’, an Iodáil), agus

Eni CCUS Holding Limited (‘Eni CCUS’, an Ríocht Aontaithe).

Gheobhaidh GIM agus Eni UK rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar Eni CCUS.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is bainisteoir cistí bonneagair domhanda é GIM a infheistíonn i ngnólachtaí bonneagair agus i sócmhainní in earnáil an fhuinnimh, in earnáil an iompair, san earnáil dhigiteach, in earnáil an uisce agus in earnáil na dramhaíola. Tá GIM faoi rialú BlackRock, a sholáthraíonn bainistiú infheistíochta domhanda, bainistiú riosca agus seirbhísí comhairleacha do chliaint institiúideacha agus mhiondíola,

Is grúpa fuinnimh comhtháite é Eni atá gníomhach i dtaiscéalaíocht agus táirgeadh gnáthola agus gáis, i margú gáis agus gáis nádúrtha leachtaithe, agus i bhforbairt fuinnimh nua agus seirbhísí dícharbónaithe, lena n-áirítear foinsí in-athnuaite fuinnimh ón ngrian agus ón ngaoth, bithbhreoslaí, bithcheimic, gabháil/ceapadh dé-ocsaíde carbóin, agus línte taighde ar pharaidímí nua fuinnimh (e.g. comhleá maighnéadach).

3.   

Tá ceadúnais bhreithmheasa agus stórála ag Eni CCUS le haghaidh roinnt tionscadal iompair agus stórála dé-ocsaíde carbóin san Eoraip. Oibreoidh Eni CCUS iompar agus stóráil dé-ocsaíde carbóin, agus seirbhísí gaolmhara.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.12164 — GIM / ENI / ENI CCUS JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5769/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top