This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025M11822
Prior notification of a concentration (Case M.11822 – RCL CRUISES / MSC CRUISES / NAHA JV) – Candidate case for simplified procedure
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11822 — RCL CRUISES / MSC CRUISES / NAHA JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11822 — RCL CRUISES / MSC CRUISES / NAHA JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
PUB/2025/112
IO C, C/2025/998, 10.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/998/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/998 |
10.2.2025 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11822 — RCL CRUISES / MSC CRUISES / NAHA JV)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2025/998)
1.
An 3 Feabhra 2025 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
RCL Cruises Ltd. (‘RCL Cruises’, an Ríocht Aontaithe), faoi rialú Royal Caribbean Cruises Ltd. (‘RCCL’, an Libéir), |
|
— |
Cruise Terminal Investment Limited Sarl. (‘CTIL’, an Eilvéis) faoi rialú MSC Cruises SA (‘MSC Cruises’, an Eilvéis), ar cuid de MSC Mediterranean Shipping Company Holding SA Group (‘MSC Holding’, an Eilvéis) é, |
|
— |
Cuideachta nuachruthaithe Naha Cruise Terminal Ltd. (‘Naha JV’, an tSeapáin). |
Gheobhaidh RCL Cruises agus CTIL rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar Naha JV.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is oibreoir long cúrsála é RCL Cruises, cairtfhostóir loinge agus ionadaí díolacháin agus margaíochta do bhrandaí Royal Caribbean International agus Celebrity Cruises de chuid RCCL ar fud an domhain, |
|
— |
Is fochuideachta é CTIL de MSC Cruises a bunaíodh in 2024 chun punann críochfort MSC Cruises a bhainistiú ar fud an domhain. |
3.
Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag an ngnóthas nuabhunaithe JV Newco: críochfort cúrsála nua a thógáil agus a bhainistiú i gcalafort Naha, an tSeapáin.
4.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é conclúid an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
5.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11822 – RCL CRUISES / MSC CRUISES / NAHA JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
An Coimisiún Eorpach |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/998/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)