Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025IR1119

Tuairim ó Choiste Eorpach na RéigiúnAn Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne – mar is féidir soláthar fuinnimh inacmhainne seasmhach glan a dhaingniú do chathracha agus réigiúin uile an Aontais

COR 2025/01119

IO C, C/2026/760, 24.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/760/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/760/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/760

24.2.2026

Tuairim ó Choiste Eorpach na RéigiúnAn Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne – mar is féidir soláthar fuinnimh inacmhainne seasmhach glan a dhaingniú do chathracha agus réigiúin uile an Aontais

(C/2026/760)

Rapóirtéir

:

Hanna ZDANOWSKA (PL/PPE), Méara Chathair Łódź

Doiciméad tagartha

:

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – An Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne: Leas a bhaint as fíorluach ár nAontais Fuinnimh chun fuinneamh glan éifeachtúil inacmhainne a sholáthar do mhuintir uile na hEorpa

COM(2025) 79 final

MOLTAÍ I LEITH NA mBEARTAS

SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

Prionsabail ghinearálta – spriocanna straitéiseacha

1.

Cuireann CnaR i bhfios gur bunchloch den fhorbairt agus den chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta agus den iomaíochas í rochtain ar fhuinneamh inacmhainne, cobhsaí agus glan, gur treoirphrionsabal de bheartas fuinnimh an Aontais í agus gur réamhriachtanas í don dlisteanacht dhaonlathach i gconair an Aontais i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Cuireann sé i bhfáth, le linn an aistrithe, agus le linn an teannais gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, nach mór don Aontas foinsí fuinnimh inbhuanaithe atá inrochtana, iontaofa agus intíre den chuid is mó a choimirciú, agus dlúthpháirtíocht, comhtháthú agus athléimneacht chríochach á neartú agus cabhrú le bearnaí na neamhionannas sóisialta a dhúnadh. Thairis sin, cuireann sé i bhfios freisin a thábhachtaí atá sé don athléimneacht chríochach a chinntiú go bhfuil na réigiúin idirnasctha, go bhfuil an neamhspleáchas fuinnimh is mó is féidir iontu agus go bhfuil sé ar chumas acu gníomhú as a stuaim féin, a mhéid is féidir sin, i gcás ina mbíonn gearradh nó suaitheadh soláthair ann.

2.

Cuireann sé in iúl gur díol sásaimh dó, sa chomhthéacs sin, an plean gníomhaíochta ón gCoimisiún Eorpach, is é sin an Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne (‘an Plean Gníomhaíochta’), mar chéim thábhachtach i dtreo straitéis chuimsitheach a bhfuiltear ag súil léi le fada chun costais fuinnimh a laghdú do shaoránaigh, go háirithe grúpaí leochaileacha, pobail ar fud an Aontais agus gnólachtaí, go mór mór FBManna agus tionscail, na cinn atá dian ar fhuinneamh go háirithe, agus comhsheasmhacht le cuspóirí fuinnimh agus aeráide an Aontais á háirithiú ar bhealach atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de, costéifeachtach, neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus cothrom ó thaobh na sochaí de.

3.

Cuireann CnaR i dtreis an ról lárnach atá ag an neodracht theicneolaíoch maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh a fheabhsú agus éifeachtaí glasála á seachaint agus an inbhuanaitheacht, an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, an éifeachtúlacht eacnamaíoch agus aistriú cóir á gcothú san am céanna. Athdhearbhaíonn CnaR, áfach, a thábhachtaí atá sé cobhsaíocht fhadtéarmach a chur ar fáil i bhfianaise scála na n-infheistíochtaí sa bhonneagar fuinnimh, agus athdhearbhaíonn sé gur gá infheistíocht a dhéanamh i bpunann éagsúil teicneolaíochtaí inbhuanaithe lena gcuirfear ar chumas réigiún na réitigh chórais is oiriúnaí dá riachtanais agus dá bhféidearthachtaí éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta a ghlacadh ar bhealach costéifeachtach, rud a fhágfaidh go mbeidh an fuinneamh níos inacmhainne agus níos inrochtana.

4.

Tugann CnaR chun suntais a thábhachtaí atá sé, agus an Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne á chur chun feidhme, idirghabhálacha gearrthéarmacha a chothromú chun costais a laghdú láithreach agus teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar shuaitheadh praghsanna le bearta fadtéarmacha chun borradh a chur faoin infheistíocht i bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh, i bhfoinsí fuinnimh eile atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, in éifeachtúlacht fuinnimh, agus in eangacha agus bonneagar cliste agus athléimneach. Cuireann sé i bhfáth, sa chomhthéacs sin, gur gá dlús a chur le hinfheistíochtaí sa digitiú agus sa mhéadrú cliste chun úsáid fuinnimh a bharrfheabhsú agus chun tomhaltóirí a chumhachtú. Chun an t-athrú sistéamach sin a bhaint amach, iarrann sé ar an gCoimisiún machnamh leathan beartais a sheoladh i bhfoirm páipéar bán agus scrúdú a dhéanamh ar acmhainneacht na praghsála imeallaí suímh san Aontas chun úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh agus idirnasc cliste a chur chun cinn agus costais fhoriomlána giniúna agus astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) á laghdú san am céanna.

5.

Is díol sásaimh do CnaR seacht ngníomhaíocht shonracha an Choimisiúin Eorpaigh atá dírithe ar phraghsanna fuinnimh a laghdú go práinneach agus atá bunaithe ar an bPlean Gníomhaíochta. Tá sé ag iarraidh, ina theannta sin, go mbeadh trédhearcacht agus rialachas láidir il-leibhéil ann, go háirithe maidir le húsáid Chistí Comhtháthaithe an Aontais, na nósanna imeachta ceadaithe agus pleanáil na n-idirnasc trasteorann agus na n-eangach intíre.

6.

Is díol sásaimh do CnaR an leasú atá beartaithe ag an gCoimisiún ar an Dlí Aeráide Eorpach chun sprioc 2040 an Aontais maidir le GCT a laghdú a bhunú ach cuireann sé i dtreis gur gá go mbeadh na coinníollacha cumasúcháin do shaoránaigh agus don tionscal ag gabháil le haon sprioc fhadtéarmach agus nach mór í a shaothrú ar bhealach a dhéanann an t-iomaíochas agus an chobhsaíocht fhadtéarmach a choimirciú san Aontas. Cuireann sé i bhfáth go léiríonn anailísí arna ndéanamh ag lárionaid taighde aitheanta difríochtaí móra i neamhchosaint aistrithe na mBallstát. Cuireann sé i bhfios go láidir, d’fhonn fuinneamh inacmhainne a áirithiú ar fud an Aontais freisin, nach mór do sprioc 2040 – idir leibhéal agus chur chun feidhme na sprice sin – comhroinnt chothrom costas a léiriú go hiomlán chomh maith leis na túsphointí agus an acmhainneacht éagsúil in aistriú cóir na mBallstát aonair agus na réigiún atá thar a bheith leochaileach nó atá spleách ar ghual.

7.

Molann CnaR gné chríochach a thabhairt isteach i mbearta inacmhainneachta fuinnimh chun a áirithiú go bhfaighidh gach cathair agus réigiún, lena n-áirítear limistéir thuaithe, oileánacha, shléibhtiúla agus na limistéir is forimeallaí – i.e. réigiúin nach féidir a nascadh leis an mór-roinn mar gheall ar a iargúlta atá siad – mar aon le pobail atá neamhspleách ó thaobh fuinnimh de, tacaíocht spriocdhírithe atá curtha in oiriúint dóibh, á gcur san áireamh na srianta sonracha atá orthu, na bearnaí bonneagair atá iontu agus na hacmhainní atá ar fáil dóibh. Cuireann sé i bhfios, ós rud é go bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar an leibhéal rialachais is gaire do na saoránaigh, go bhfuil ról lárnach acu chun an Plean Gníomhaíochta a chur i gcrích i gcomhréir le dúshláin, acmhainneachtaí, riachtanais agus comhthéacsanna socheacnamaíocha intíre.

8.

Is díol sásaimh do CnaR an pacáiste ón gCoimisiún Eorpach, is é sin an Pacáiste um na hEangacha Eorpacha, agus iarrann sé go ndíreofar ann ní hamháin ar bhonneagar nua a thógáil, ach ar an gcóras fuinnimh ina iomláine a bharrfheabhsú freisin, ina measc sin réitigh sholúbthachta dhíláraithe, moil nuálacha fuinnimh, agus cineálacha cur chuige comhtháite pleanála.

9.

Cuireann CnaR i bhfáth go gcomhroinneann na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, in éineacht le táirgeoirí fuinnimh agus oibreoirí córais dáileacháin agus leis na húdaráis Eorpacha agus náisiúnta, an fhreagracht as fuinneamh cobhsaí inacmhainne a chur ar fáil do theaghlaigh, do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí leochaileacha, agus as an mbonneagar fuinnimh atá ann cheana a chosaint agus a nuachóiriú agus as bonneagar nua fuinnimh a fhorbairt. Cuireann sé i bhfios go ndéanann na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha bainistiú freisin ar thithíocht phoiblí, téamh ceantair, iompar áitiúil agus pleanáil uirbeach, rud a dhéanann difear díreach d’úsáid fuinnimh. Cuireann sé i bhfios go láidir go bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha in ann pobail áitiúla a shlógadh, glacadh na saoránach leis an aistriú agus an ról atá acu ann a dhaingniú. Chomh maith leis sin, tá ról lárnach acu maidir le cur i gcoinne na bréagaisnéise agus na bréagnuachta gaolmhaire. Ar an gcaoi chéanna, creideann CnaR nach foláir cumhachtaí soiléire agus acmhainní soiléire a thabhairt do na húdaráis réigiúnacha a chuirfidh ar a gcumas éigeandálaí fuinnimh a bhainistiú agus leanúnachas an tsoláthair a áirithiú ar an leibhéal áitiúil.

10.

Iarrann CnaR go ndéanfaí líonraí áitiúla, seirbhísí comhairleacha agus oibreoirí fuinnimh bardasacha a neartú ós rud é gurb iad is mó a éascaíonn seachadadh fuinnimh inacmhainne agus inbhuanaithe.

11.

Cuireann CnaR chun suntais a thábhachtaí atá cur chuige bunaithe ar an rialachas córasach lena n-ailínítear an chinnteoireacht Eorpach, náisiúnta agus áitiúil. Tá sé ag iarraidh freisin go mbeadh fís fhadtéarmach ag an Aontas maidir le hiompróirí fuinnimh malartacha, an hidrigin san áireamh, lena n-aithnítear líonraí díláraithe mar bhonneagar criticiúil.

12.

Cuireann CnaR i dtreis gur gá, má táthar chun aistriú fuinnimh ar mhórscála a bhaint amach, breis agus EUR 660 billiún in aghaidh na bliana a shlógadh idir 2026 agus 2030 agus EUR 695 bhilliún in aghaidh na bliana ó 2031 go 2040 (1). Cuireann sé i dtábhacht freisin, cé go rannchuidíonn tionscnaimh áitiúla ó na saoránaigh le fuinneamh glas a chur chun cinn, go bhféadfadh sé, chun aistriú fuinnimh ar mhórscála a bhaint amach, go mbeadh gá le rannpháirtíocht chuí na hearnála príobháidí, ós í atá freagrach as 80 % de na hastaíochtaí CO2 san Aontas, mar aon le rannpháirtíocht institiúidí a rialaítear go daonlathach agus atá faoi úinéireacht phoiblí.

13.

Cuireann CnaR i bhfáth a thábhachtaí atá sé rialachas il-leibhéil a neartú ina ngníomhaíonn na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ní hamháin mar fheidhmeoirí, ach mar chomhdhearbhóirí bheartas fuinnimh an Aontais agus an bheartais náisiúnta fuinnimh freisin. Tá sé ag iarraidh go mbeadh na hinniúlachtaí, na scileanna, na hacmhainní agus an tacaíocht institiúideach is gá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun a áirithiú go mbeidh siad rannpháirteach go hiomlán i bpleanáil agus i bhfeidhmiú na mbeart gearrthéarmach agus struchtúrach araon is gá chun spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach.

14.

Is den tathant atá sé a dhéanamh go leanfaí go pras leis an obair ar an reachtaíocht ábhartha agus lena cur chun feidhme chun fíor-Aontas Fuinnimh i ngach ceann dá chúig ghné a thabhairt chun críche i bhfad roimh 2030 d’fhonn inacmhainneacht, iomaíochas, slándáil agus inbhuanaitheacht a chur ar fáil do gach Eorpach agus saoránaigh a chosaint ar chostais iomarcacha soláthair. Tugann sé dá aire gur bhunaigh an Coimisiún Tascfhórsa um an Aontas Fuinnimh i mí an Mheithimh agus cuireann sé i bhfios a thábhachtaí atá na dearcthaí áitiúla agus réigiúnacha maidir le príomhréimsí ghníomhaíochtaí an Tascfhórsa (lena n-áirítear ceadú níos tapúla, idirnaisc eangaí níos fearr a áirithiú laistigh de na Ballstáit agus eatarthu araon, agus bonneagar fuinnimh áitiúil a chomhtháthú go hiomlán). Tá sé ag iarraidh, dá bhrí sin, go gcuirfí ionadaí ó CnaR san áireamh ina chuid oibre.

Slándáil fuinnimh agus athléimneacht

15.

Tugann sé chun suntais go bhfuil tionchar mór ag an úsáid a bhain an Rúis as soláthairtí fuinnimh mar uirlis troda ar Bhallstáit an Aontais agus ar a réigiúin agus a gcathracha, rud ba chúis le géarchéimeanna móra gáis in 2006 agus 2009, rud a spreag géarchéim fuinnimh 2022, rud a bhain an bonn go mór d’inacmhainneacht fuinnimh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí an Aontais. Cuireann sé i bhfios go láidir go bhfuil cogadh foghach iomlán na Rúise i gcoinne na hÚcráine imithe in ainseal go brách, agus a shliocht ar a caidreamh fuinnimh leis an Aontas agus lena Bhallstáit. Cuireann sé in iúl gur geal leis an togra reachtach ón gCoimisiún chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis agus ola na Rúise ar bhealach comhordaithe mar chéim lárnach chun an Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne a chur chun feidhme trí sholáthairtí fuinnimh níos cobhsaí, níos intuartha agus níos inacmhainne a áirithiú. Tá sé ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an chaibidlíocht maidir leis an Rialachán sin a thabhairt chun críche go pras.

16.

Aontaíonn CnaR nach mór measúnú leormhaith a dhéanamh ar dtús ar allmhairí fuinnimh iomlán na Rúise más uainn deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas sin. Cuireann sé in iúl gur oth leis an plána mín leanúnach a chuirtear ar allmhairí fuinnimh na Rúise agus cuireann sé i bhfáth go bhfuil gá le trédhearcacht níos fearr i margadh fuinnimh an Aontais. Iarrann sé ar na Ballstáit sonraí a fhoilsiú ar thionscnamh an gháis ón Rúis a allmhairítear, a onnmhairítear agus a thomhlaítear, agus tathantaíonn sé go gcuirfí i bhfeidhm na bearta uile i gcoinne plána mín a chur ar allmhairí fuinnimh na Rúise. Tugann sé dá aire gur féidir le hoibleagáidí tuairiscithe ábhartha a leagtar síos faoi Rialachán (AE) 2024/1787 (2) maidir le hastaíochtaí meatáin a laghdú in earnáil an fhuinnimh rannchuidiú leis an sprioc sin a bhaint amach.

17.

Meabhraíonn CnaR gur bunriachtanas é an fuinneamh. Is gá gur comhiarracht a bheidh ann agus deireadh á chur de réir a chéile le hallmhairí fuinnimh na Rúise chun a chinntiú nach bhfágfaí aon Bhallstát, aon chuideachta ná aon teaghlach ar lár. Cuireann sé i dtreis nach féidir leis na Ballstáit ar fad deireadh a chur de réir a chéile ar an mbealach céanna le hallmhairí fuinnimh na Rúise agus tathantaíonn sé, dá bhrí sin, go mbeadh dlúthpháirtíocht láidir eatarthu, in éineacht le bearta tacaíochta iomchuí ón gCoimisiún chun aistriú cothrom agus comhordaithe a áirithiú.

18.

Cuireann CnaR béim ar an bhfíoras gur gá tosaíocht a thabhairt d’athléimneacht an bhonneagair fuinnimh, ag tarraingt ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Measann sé gur cheart na sócmhainní fuinnimh nua a bheith ‘athléimneach trí dhearadh’, lena n-áirítear i leith bagairtí míleata féideartha agus teagmhais adhaimsire.

19.

Iarrann CnaR go gcuirfí rialáil níos déine i bhfeidhm agus go gcuirfí feabhas ar an maoirseacht agus ar an trédhearcacht maidir le hinfheistíochtaí ó thríú tíortha i mbonneagar criticiúil fuinnimh agus i gcuideachtaí criticiúla fuinnimh. Ar an gcaoi sin, dhéanfaí neamhspleáchas straitéiseach a choimirciú, teicneolaíochtaí íogaire a chosaint agus athléimneacht chóras fuinnimh an Aontais a neartú.

Neodracht theicneolaíoch agus béim ar leith ar bhuaiclóid chumhachta

20.

Iarrann CnaR nach ndéanfaí úsáid an bhithgháis ná na mbithbhreoslaí leachtacha in earnáil an iompair a chur as an áireamh i dtacsanomaíocht an Aontais i gcás ina gcomhlíonann siad na critéir inbhuanaitheachta atá á rialáil, agus cothroime iomaíochta á háirithiú san am céanna idir bithfhuinneamh agus bithphlaistigh le haghaidh úsáid bithmhaise agus infhaighteacht bithmhaise sa bheartas foriomlán. Ina theannta sin, ba cheart gnóthú éifeachtúil fuinnimh a chur chun cinn i réimse an loiscthe i gcás na dramhaíola nach féidir a athchúrsáil, agus aird chuí á tabhairt ar nuálaíocht agus ar fhorbairt in athchúrsáil dramhaíola.

21.

Cuireann CnaR i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go bhfuil ról ag loscadh dramhaíola cathrach maidir le neamhspleáchas fuinnimh áitiúil a neartú go mór, maidir le cumhacht agus teas cobhsaí, inacmhainne agus a fhoinsítear go háitiúil a sholáthar agus maidir le dlús a chur leis an aistriú fuinnimh. Leagann sé béim ar an gcaoi, trí dhramhaíl iarmharach a thiontú ina fuinneamh bonnualaigh iontaofa, go gcuidíonn na suiteálacha sin le praghsanna a choinneáil inacmhainne do na tomhaltóirí, agus le córais téimh ceantair a chothromú agus a gcobhsaíocht agus a n-athléimneacht a fheabhsú.

22.

Iarrann CnaR go ndéanfaí obair bhreise ar an Rialachán Eorpach maidir leis an Margadh Leictreachais chun an bhéim atá ann ar an mbuaiclód cumhachta a neartú, e.g. gan caitheamh leis na sásraí acmhainneachta amhail is gur státchabhair iad, agus feidhmiú rianúil an chórais fuinnimh á áirithiú san am céanna, gan an iomaíocht a shaobhadh.

23.

Iarrann CnaR go ndéanfaí úsáid an fhuinnimh in-athnuaite a scaipeadh go tapa, agus aird chuí á tabhairt ní hamháin ar thoilleadh na heangaí agus ar an mbuaiclód cumhachta síondíonach, ach freisin ar choinníollacha agus ar theorainneacha an bhonneagair atá ann cheana, go háirithe sna réigiúin oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí.

24.

Iarrann sé cóid tógála an Aontais Eorpaigh (Iarscríbhinn I den Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh) a choigeartú chun a áirithiú go gcomhlánófar bearta lena gcuirtear an grianfhuinneamh ar an láthair chun cinn le réitigh a ísleoidh go héifeachtach an buaiclód séasúrach cumhachta i bhfoirgnimh, agus tacaíocht nach beag á cur ar fáil i gcónaí do ghiniúint dhíláraithe fuinnimh in-athnuaite.

Deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh

25.

Cuireann CnaR i bhfios gur gné den bhochtaineacht i gcoitinne, thar aon ní eile, í an bhochtaineacht fuinnimh go hiondúil, gné nach mór aghaidh a thabhairt uirthi le beartais shóisialta, oideachais agus fostaíochta. Sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta fuinnimh, ní foláir ról níos suntasaí a bheith ag cláir faisnéise oideachais, shóisialta agus phobail, go háirithe i measc grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste sa réimse digiteach, d’fhonn a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach duine ar réitigh atá tíosach ar fhuinneamh.

26.

Is mian leis a chur i bhfáth go bhfuil géarghá, i bhfianaise praghsanna fuinnimh atá ag ardú agus mar chuid den aistriú fuinnimh cóir, le gníomhaíocht níos uaillmhianaí i gcoinne na bochtaineachta fuinnimh, a bhfuil tionchar aici ar níos mó ná 47 milliún Eorpach. Rud eile is mian leis a chur i bhfios go láidir i ndáil leis an méid sin an dúshlán méadaitheach a bhaineann le tonnta teasa agus bochtaineacht fuinnimh samhraidh, lena n-éilítear bearta oiriúnaithe sonracha agus tacaíocht spriocdhírithe.

27.

Cuireann sé in iúl gur geal leis an fógra ón gCoimisiún é a bheith ar intinn aige Pacáiste Fuinnimh na Saoránach a thíolacadh faoi dheireadh 2025. Cuireann sé i bhfios go láidir gur cheart tosaíocht a thabhairt leis an bpacáiste sin do chumhachtú agus do chosaint tomhaltóirí fuinnimh, custaiméirí aonair agus pobail araon, chomh maith le forbairt pobal fuinnimh in-athnuaite agus samhlacha tomhaltóirí is tomhaltóirí a spreagadh, leictriú atá dírithe ar thomhaltóirí a chur chun cinn agus tacú le hiarrachtaí dícharbónaithe na réigiún guail atá i mbun aistriú. Tá sé ag iarraidh go dtabharfaí tacaíocht níos láidre don chomhroinnt fuinnimh agus do rannpháirtíocht na saoránach ós rud é gurb iadsan a chumasaíonn úinéireacht áitiúil agus glacadh leis an aistriú.

28.

Cuireann sé i bhfios go ndéanann na costais tosaigh arda a bhaineann leis na feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh agus na hathchóirithe foirgneamh is gá difear díréireach do theaghlaigh ar ioncam íseal agus do theaghlaigh atá bocht ó thaobh fuinnimh de. Tá sé ag iarraidh go mbeadh bearta áitiúla spriocdhírithe ann amhail cláir athchóirithe bhardasacha, iasachtaí atá saor ó ús, tacaíocht do thionscadail fuinnimh faoi thionchar an phobail agus comharchumainn tithíochta, taraifí sóisialta agus cúnamh airgeadais díreach amhail dearbháin fuinnimh do theaghlaigh leochaileacha. Cuireann sé i bhfios go láidir, i dteannta na mbeart sin, gur féidir le réitigh um éifeachtúlacht fuinnimh a bhfuil infheistíocht íseal ag teastáil ina leith agus atá in-imscartha go héasca faoiseamh inbhuanaithe a chur ar fáil láithreach agus an éifeachtacht a fheabhsú, go háirithe do theaghlaigh a bhfuil acmhainneacht theoranta acu le haghaidh athchóirithe móra.

29.

Tarraingíonn CnaR aird ar staid an stoic tithíochta i gceantair thuaithe agus ar an acmhainneacht ollmhór atá ann feabhas a chur air. Meabhraíonn sé go rannchuidíonn bearta chun cabhrú le hathshlánú tithíochta i gceantair thuaithe ní hamháin le héifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh a fheabhsú, ach freisin le haghaidh a thabhairt ar dhúshlán an dídhaonraithe, rud a chuidíonn le daoine a choinneáil sna ceantair sin. Ina leith sin, iarrann sé go mbunófaí cláir shonracha tacaíochta do cheantair thuaithe lena gcuirfear san áireamh na dúshláin agus na bacainní atá os comhair na gceantar sin agus a dtithe á n-athchóiriú acu.

30.

Cuireann sé i bhfáth gur cheart do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na bearta sin a dhearadh chun feabhas a chur ar a n-éifeachtacht agus ar a nglacadh ag an bpobal. Cuireann sé i bhfios go láidir go bhfuil gá le cómhaoiniú cobhsaí AE agus náisiúnta chun nach n-aistreofar costais chuig buiséid áitiúla atá faoi bhrú mar atá.

31.

Tacaíonn CnaR le cur chuige uile-earnála chun spriocanna uaillmhianacha aeráide 2030 agus 2050 an Aontais a bhaint amach. Cuireann sé i bhfios go bhféadfadh méadú 30-40 % teacht ar chostais iompair agus téimh faoi 2030 mar gheall ar an dara gcóras trádála astaíochta, CTA2. Is den tathant atá á dhéanamh go mbeadh athmheasúnú ann ar thionchair shóisialta, chríochacha agus pholaitiúla CTA2. Tá rabhadh á thabhairt aige go bhfuil an baol ann go dtiocfaidh méadú géar ar an mbochtaineacht fuinnimh, go háirithe i roinnt cathracha agus réigiún, rud a mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha sóisialta aige, de thoradh chur chun feidhme CTA2 san fhoirm agus san amlíne atá ann faoi láthair, gan sásraí coisctheacha agus cúiteacha leordhóthanacha, in ionad comharthaí praghais soiléire a sheoladh chuig gnólachtaí agus saoránaigh chun astaíochtaí CO2 a laghdú, agus go bhféadfadh sé sin an bonn a bhaint de mhuinín an phobail as an mbeartas aeráide agus as an Aontas. Iarrann sé, go háirithe, go n-áireofaí fóirdheontais idirthréimhseacha maidir le costais CTA2 do thomhaltóirí teaghlaigh gáis nádúrtha le haghaidh téimh agus úsáidí teirmeacha, agus líonraí dáileacháin leictreachais á n-oiriúnú chun freastal ar an éileamh méadaithe ar leictriú nó ar sholáthar malartach bithmheatáin.

32.

Tá CnaR ag iarraidh go mbeadh creataí uile-Aontais ann le haghaidh anailís costais is tairbhe sóisialta agus rogha á déanamh idir cineálacha bonneagair (leictreachas, hidrigin, teas), agus molann sé ionstraim chistiúcháin thiomnaithe a chruthú – a d’fhéadfaí a nascadh le hioncam CTA – chun tacú le tionscadail eangaí dhíláraithe agus nuálacha a bhfuil breisluach soiléir AE ag baint leo.

33.

Is ábhar imní dó, dá bhrí sin, an mhoilleadóireacht atá ar bun ina lán Ballstát maidir leis na huirlisí iomchuí a ullmhú chun go mbeifear in ann an Ciste Aeráide Sóisialta a úsáid agus na Pleananna Aeráide Sóisialta a fhorbairt. Tugann sé dá aire go bhfuil an Coimisiún Eorpach, de réir an mheasúnaithe a rinne sé ar na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide i mí na Bealtaine 2025, ag tathant ar na Ballstáit dlús a chur leis na bearta ullmhúcháin agus tá sé ag iarraidh go mbeadh ról iomchuí i bhforbairt na n-uirlisí sin ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha toisc eolas dlúth a bheith acu ar leochaileachtaí an leibhéil áitiúil agus réigiúnaigh. Tá sé ag iarraidh an athuair go ndéanfadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha 35 % ar a laghad den Chiste Aeráide Sóisialta a bhainistiú go díreach chun feabhas a chur ar spriocdhíriú agus ar éifeachtacht. Tá sé den tuairim go bhfuil gá le measúnú réalaíoch féachaint an leor an Ciste sin san fhoirm atá beartaithe faoi láthair chun an tionchar díréireach a bheidh ag CTA ar ghrúpaí leochaileacha agus ar na réigiúin a fhritháireamh.

34.

Tathantaíonn CnaR ar an gCoimisiún spás a chruthú le haghaidh turgnamh rialála, cuir i gcás samhail an bhosca gainimh, chun dlús a chur le húsáid réiteach nuálach fuinnimh, agus chun nósanna imeachta um cheadú comhshaoil a shimpliú i gcriosanna luathaithe, go háirithe do thionscadail mhionscála agus ísealtionchair.

35.

Cuireann sé i bhfios gur minic a théann an bhochtaineacht fuinnimh in olcas mar gheall ar easpa faisnéis iontaofa agus eisiamh digiteach. Tá sé ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit treoir agus cistiú a chur ar fáil chun ionaid ilfhreastail a leathnú faoin Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh, rud a chuirfidh ar chumas teaghlach, go háirithe na daoine is leochailí agus iad siúd atá ina gcónaí i gceantair thuaithe, chomh maith le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), cinntí eolasacha agus tairbheacha a dhéanamh mar thomhaltóirí fuinnimh agus mar tháirgeoirí is tomhaltóirí.

36.

Tá CnaR ag tathant ar na Ballstáit páirt ghníomhach a ghlacadh sa Mhol Comhairleach Eorpach maidir leis an bhFuinneamhbhochtaineacht chun an tacaíocht ar an leibhéal áitiúil a neartú, dea-chleachtais a chomhroinnt agus cur le cumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach cúnamh éifeachtach a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha. Mar a tugadh le fios sa tuairim a ghlac Coiste Eorpach na Réigiún maidir le Dearadh an Mhargaidh Leictreachais, tá an-tábhacht le hiarrachtaí comhordaithe den sórt sin agus le comhroinnt eolais chun an inacmhainneacht fuinnimh agus cobhsaíocht na gcóras a áirithiú sna réigiúin uile.

37.

Molann CnaR go bhfeabhsófaí an rochtain ar shonraí an chórais fuinnimh, lena n-áirítear meiteashonraí maidir le hastaíochtaí CO2 agus sreafaí fuinnimh, agus iarrann sé go ndéanfaí caighdeánú uile-Aontais ar Leathchúplaí Digiteacha chun tacú le pleanáil spásúil straitéiseach agus forbairt eangaí ar leibhéal na n-údarás áitiúil agus réigiúnach.

38.

Cuireann sé i bhfios go láidir gur gá an tacaíocht do réigiúin agus do chathracha a neartú tuilleadh trí thionscnaimh amhail an tionscnamh sin ón mBanc Eorpach Infheistíochta, an tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil Fuinnimh. Is mian leis na Ballstáit a spreagadh chun scéimeanna cúnaimh forbartha tionscadail comhchosúla a chur ar bun ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, agus leas iomlán á bhaint as cistiú AE agus as cistiú náisiúnta.

An t-aistriú fuinnimh inacmhainne a mhaoiniú

39.

Cuireann sé i bhfáth go bhfuil gá le hinfheistíochtaí suntasacha fadtéarmacha le torthaí malla chun an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach, rud a d’fhéadfadh leibhéil an fhiachais phoiblí a mhéadú. Tugann sé dá aire, faoi scáth na rialacha dlíthiúla agus airgeadais atá ann faoi láthair, nach bhfuil formhór na n-údarás áitiúil agus réigiúnach in ann an t-aistriú, lena n-áirítear an cómhaoiniú is gá le haghaidh dheontais an Aontais, a mhaoiniú astu féin amháin. Is mian leis a chur i bhfios go gcuireann sé sin teorainn dhíreach lena gcumas fuinneamh inacmhainne a sholáthar do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Dá bhrí sin, cuireann sé i bhfios go láidir gur gá sásraí nua a bhunú chun infheistíocht phríobháideach shuntasach a shlógadh.

40.

Tá sé ag iarraidh ar na Ballstáit a rialacha fioscacha agus buiséadacha a choigeartú chun cur ar chumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach infheistíocht a dhéanamh san aistriú fuinnimh. Cuireann sé i bhfáth gur gá infheistíochtaí den sórt sin a dhíolmhú nó caitheamh leo ar bhealach níos solúbtha i dteorainneacha fiachais bhardasacha, ionas nach ndíspreagfar tionscadail riachtanacha le haghaidh fuinneamh inacmhainne, éifeachtúlacht fuinnimh agus féintuilleamaí áitiúla. Tugann sé dá aire go bhfuil solúbthacht fhioscach níos fearr tugtha isteach cheana féin ag roinnt Ballstát san infheistíocht fuinnimh agus aeráide, a d’fhéadfadh a bheith ina samplaí do Bhallstáit eile.

41.

Is mian leis béim a chur ar an ról lárnach atá ag comhaontuithe fadtéarmacha ceannaigh cumhachta (CCCanna) maidir le soláthar cobhsaí fuinnimh in-athnuaite a áirithiú agus neamhchosaint ar luaineacht praghsanna a laghdú. Tá sé ag iarraidh go mbainfeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha úsáid níos leithne as CCCanna, agus go nglacfadh cuideachtaí bardasacha páirt sa trádáil i malartuithe fuinnimh, mar uirlisí chun fuinneamh inacmhainne agus inbhuanaithe a áirithiú go háitiúil. Tá sé ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit creat rialála cumasúcháin agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil chun cabhrú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na hionstraimí sin a úsáid go héifeachtach, rud a chuirfidh feabhas ar shlándáil agus cobhsaíocht fuinnimh do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, go háirithe FBManna.

42.

Iarrann sé ar na Ballstáit tacú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha comhpháirtíochtaí straitéiseacha poiblí-príobháideacha a fhorbairt chun feabhas a chur ar réitigh atá bunaithe ar an teicneolaíocht agus ar an dúlra araon agus chun éiceachórais nuálaíochta, fiontraíocht agus aistriú teicneolaíochta a mhéadú agus éifeachtúlacht fuinnimh agus athléimneacht in earnálacha agus críocha éagsúla ar fud an Aontais á bhfeabhsú ag an am céanna.

43.

Tugann sé dá aire go bhfuil buiséid theoranta agus tosaíochtaí iomaíocha roimh go leor údaráis áitiúla agus réigiúnacha, rud a chuireann bac ar a gcumas an t-aistriú glas a bhaint amach. Tá rabhadh á thabhairt aige, d’uireasa cistiú inrochtana agus tiomnaithe, rud lena n-áirítear ar leibhéal an Aontais, go bhféadfadh éagothromaíochtaí áitiúla agus réigiúnacha dul in olcas. Dá bhrí sin, tá sé á chur i bhfáth nach mór an t-aistriú fuinnimh a bheith ar cheann de na tosaíochtaí sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile (2028-2034), agus tacaíocht á cur ar fáil ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, inbhuanaithe, cost-éifeachtach agus córasach. Ní mór dó cloí le cuspóirí na haeráidneodrachta agus na hinacmhainneachta fuinnimh, infheistíochtaí lena mbaineann baol go mbeifí ag brath go fadtéarmach ar fhoinsí fuinnimh ardastaíochtaí a sheachaint agus giniúint, stóráil, tarchur agus dáileadh a chumhdach. Cuireann sé i bhfios go láidir, go háirithe, gur gá tacú le hinfheistíocht i ndícharbónú téimh ceantair agus in eangacha leictreachais mar leas poiblí, lena n-áirítear bonneagar réigiúnach cúltaca amhail micreangacha agus scéimeanna féintomhaltais lena neartófar an athléimneacht i gcoinne gearradh soláthair, le tacaíocht airgeadais threisithe chun gréasáin dáileacháin áitiúla agus réigiúnacha a nuachóiriú agus a leathnú. Mura féidir é sin a dhéanamh ar fhorais tráchtála nó má leagann costas na n-infheistíochtaí sin ualach iomarcach ar na húsáideoirí deiridh, áitíonn sé go dtabharfaí na cumhachtaí uile a theastaíonn agus na hacmhainní iomchuí uile do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha mar chomhpháirtithe tábhachtacha i múnlú agus i gcur chun feidhme an chéad leagain eile de CAI agus is ábhar imní dó an easpa forálacha iomchuí atá sna tograí a thíolaic an Coimisiún Eorpach i lár na bliana 2025 d’fhonn é sin a chinntiú. Meabhraíonn sé an t-éileamh a rinne CnaR nuair a d’iarr sé cistí díreacha a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun tionscadail an Chomhaontaithe Ghlais a mhaoiniú.

Earnáil an téimh agus an fhuaraithe a dhícharbónú agus CTA a athchóiriú

44.

Tá CnaR á chur i bhfáth, ainneoin go mbíonn teacht ag thart ar 67 milliún Eorpach ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach ar theas agus uisce te inacmhainne agus slán a bhuí le téamh ceantair, gur minic nach mbíonn na hacmhainní airgeadais agus teicniúla is gá ag bardais chun bonneagar a nuachóiriú agus a dhícharbónú, chun foinsí in-athnuaite áitiúla a chomhtháthú agus chun praghsanna a choinneáil cobhsaí. Cuireann sé i bhfios go láidir freisin gur cheart acmhainneacht na Mion-imoibreoirí Modúlacha maidir le téamh ceantair a dhícharbónú, mar a léiríodh sa Chlár Léiriúcháin Núicléach, a fhiosrú tuilleadh ar choinníoll go dtéitear i ngleic leis na hábhair imní a bhaineann leis an tsábháilteacht, le saincheist neamhréitithe na dramhaíola núicléiche agus leis an riachtanas teacht ar bhreosla núicléach ar bhealach inbhuanaithe. Tá sé ag iarraidh go gcruthófaí timpeallacht rialála ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta, timpeallacht a bheidh fabhrach d’infheistíochtaí i gcórais téimh in-athnuaite agus ísealcharbóin, lena n-áirítear trí shásraí tacaíochta agus trí nósanna imeachta a shimpliú. Tathantaíonn sé ar an gCoimisiún é sin a léiriú go leordhóthanach sa Straitéis AE um Théamh agus Fuarú atá ar na bacáin.

45.

Iarrann CnaR go mbeadh creat ceangailteach de chuid an Aontais ann chun deireadh a chur de réir a chéile le gach fóirdheontas díreach agus indíreach do bhreoslaí iontaise agus slándáil fuinnimh, inacmhainneacht agus iomaíochas á n-áirithiú san am céanna. Iarrann sé go ndéanfaí na cistí sin a ath-leithdháileadh ar thosaíochtaí a bhaineann leis an aistriú cóir, lena n-áirítear iompar poiblí, éifeachtúlacht fuinnimh, agus tacaíocht do theaghlaigh leochaileacha, fad a bhaineann an scéal leis na dálaí sonracha atá ann go réigiúnach, agus sainiúlachtaí teicneolaíochta, earnála agus réigiúnacha á gcur san áireamh.

46.

Tá sé ag iarraidh go gcuirfí deireadh de réir a chéile le leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce do théamh ceantair tar éis 2030 in CTA AE agus go leathnófaí an Ciste don Nuachóiriú tar éis 2030. Cuireann sé i bhfios gur gá do na Ballstáit tacaíocht a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, chun a bpleananna áitiúla téimh agus fuaraithe a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh. Tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún na tairseacha atá leis an déine cabhrach incheadaithe a mhéadú laistigh den athbhreithniú atá le teacht ar an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine chun maoiniú a shlógadh d’infheistíochtaí i dtéamh ceantair.

47.

Tugann CnaR dá aire, ainneoin gur príomhuirlis de bheartas aeráide an Aontais é CTA AE, agus praghsanna carbóin ag ardú go leibhéil nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo le blianta beaga anuas, go bhfuil gá le hathchóiriú níos doimhne chun luaineacht praghsanna a laghdú, slándáil a áirithiú agus an t-aistriú a choimirciú ar fud na mBallstát, na gcathracha agus na réigiún uile, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne. Tá sé ag iarraidh go mbeadh sásra praghsanna iomarcach éifeachtach ann faoi Airteagal 29a agus cuireann sé i bhfáth go bhféadfadh tairbhe chomhshaoil éigin a bheith le loscadh dramhaíola cathrach a áireamh in CTA trí dhreasachtaí a chruthú chun dramhaíl a chosc agus a athchúrsáil.

48.

Is mian leis béim a chur ar an ngá atá le deimhniú inbhuanaitheachta comhsheasmhach agus fíorú comhsheasmhach coigiltis GCT le haghaidh suiteálacha bithmhaise ar fud reachtaíocht an Aontais, go háirithe faoi ETS agus faoin Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED). Cuireann sé i bhfáth gur cheart ioncam ceantála CTA a chur in áirithe do chláir shonracha dícharbónaithe agus iarrann sé an athuair go ndéanfadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha 20 % den ioncam sin a bhainistiú go díreach.

49.

Cuireann CnaR i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach na heangacha leictreachais a nuachóiriú agus a leathnú sna Ballstáit chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar fhuinneamh in-athnuaite, agus chun nasc a áirithiú le haghaidh tionscadail thionsclaíocha a chuideoidh ní hamháin le rachmas áitiúil a ghiniúint, ach le forbairt na heangaí a chistiú freisin, á chur san áireamh, ar ndóigh, go bhfágann plódú eangaí go gcuirtear bac ar an rochtain a bhíonn ag teaghlaigh ar an leictreachas in-athnuaite agus go gcuirtear srian ar chumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach an t-aistriú fuinnimh a chur chun cinn.

An rómhaorlathas a laghdú agus dlús a chur leis an aistriú

50.

Cuireann sé i bhfios go láidir nach mór cosaint an chomhshaoil, maolú ar an athrú aeráide, slándáil fuinnimh, inacmhainneacht agus an t-iomaíochas a choinneáil i gcroílár bheartas fuinnimh AE, agus chuige sin go bhfuil géarghá le nósanna imeachta riaracháin a shimpliú chun dlús a chur le forbairt tionscadal fuinnimh inbhuanaithe, i gcás ina bhfuil cinnteacht infheistíochta agus amlínte soiléire ríthábhachtach.

51.

Cuireann sé i bhfáth gur gá an próiseas ceadaithe do bhonneagar fuinnimh agus eangacha, stóráil agus tionscadail fuinnimh in-athnuaite a shimpliú, a chaighdeánú, a chuíchóiriú agus a bhrostú, ós rud é go leanann an t-ualach riaracháin de bheith ina bhacainn mhór ar a n-imscaradh tráthúil, rud a fhágann go mbíonn costais níos airde ar fhorbróirí, go gcailltear deiseanna infheistíochta, go moillítear an dícharbónú agus go mbíonn baol plódaithe eangaí ann. Tá sé ag iarraidh, ina leith sin, go n-aicmeofaí tionscadail fuinnimh in-athnuaite, i gcomhréir le treoir AE, mar thionscadail ‘ar mhaithe le leas poiblí sáraitheach’. Tugann sé rabhadh faoi freisin gur rud é róphlódú na ngréasán dáileacháin áitiúil agus réigiúnach a chuireann bac ar infheistíochtaí nua. Ina fhianaise sin, is gá tús áite a thabhairt do na gréasáin sin a nuachóiriú agus a neartú, á chur san áireamh gur coinníoll bunriachtanach é sin chun go mbeidh rath ar an aistriú fuinnimh. Tá sé ag iarraidh, thairis sin amach, go ndéanfaí ‘dlúslimistéir foinse fuinnimh in-athnuaite’ faoi Threoir RED III a chur chun feidhme go pras agus go mbeadh nósanna imeachta um measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol comhréireach le scála agus próifíl riosca na dtionscadal, lena n-áirítear an fhéidearthacht ceanglais maidir le tionscadail foinsí fuinnimh in-athnuaite ar mhionscála agus ísealtionchair a dhíolmhú nó a shimpliú. Ní mór dóthain ama a fhágáil san am céanna le haghaidh próisis dhaonlathacha áitiúla agus réigiúnacha d’fhonn réitigh inghlactha atá in oiriúint don leibhéal áitiúil a chumasú.

52.

Cuireann sé béim air seo: is gá córais chuíchóirithe um cheadú digiteach a bhunú chun bacainní riaracháin a íoslaghdú agus chun a chur ar chumas na bpobal áitiúil agus na riarachán poiblí dlús a chur leis an bpróiseas údaraithe trína dhéanamh níos éifeachtúla, níos trédhearcaí agus níos rannpháirtí.

53.

Cuireann CnaR i bhfios go láidir gur cheart na ceanglais maidir le ceadú agus rialáil an bhonneagair fuinnimh a bheith i gcomhréir le méid agus acmhainneacht na gcuideachtaí agus na n-oibreoirí áitiúla, d’fhonn a áirithiú nach gcuirfí ró-ualach airgeadais ar bhardais bheaga agus ar sholáthraithe fuinnimh réigiúnacha.

54.

Is díol sásaimh do CnaR go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Soláthair Phoiblí, rud a chuireann teorainn faoi láthair le cumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach páirt a ghlacadh sna heagraíochtaí um ghiniúint agus tomhaltas fuinnimh díláraithe, lena n-áirítear pobail fuinnimh in-athnuaite agus scéimeanna comhair. Iarrann sé ar an gCoimisiún na rialacha soláthair phoiblí a choigeartú chun cur ar chumas na n-údarás áitiúil, go háirithe iad siúd i gcathracha, rochtain ar fhuinneamh inacmhainne a dhaingniú, agus ar an gcaoi sin athléimneacht na ngeilleagar áitiúil a mhéadú agus costas na seirbhísí poiblí a sholáthraíonn siad do shaoránaigh, do thionscail agus do ghnólachtaí a laghdú.

Tacú le geilleagair áitiúla agus le FBManna

55.

Is mian leis béim a chur ar an tuiscint go bhfuil FBManna neamhchosanta go háirithe ar phraghsanna luaineacha fuinnimh, rud a d’fhéadfadh a n-iomaíochas agus na poist a chruthaíonn siad a chur i mbaol. Dá bhrí sin, cuireann sé i bhfáth nach mór don Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne a áirithiú go rachaidh bearta inacmhainneachta fuinnimh thar theaghlaigh chun gnólachtaí beaga ar fud na mBallstát, na gcathracha agus na réigiún uile a áireamh. Cuireann sé béim ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le rannpháirtíocht FBManna i bpobail fuinnimh in-athnuaite, i scéimeanna comhoibritheacha agus in ardáin soláthair chomhpháirtigh a éascú, rud a chuireann ar a gcumas tairbhe a bhaint as praghsanna fuinnimh atá cobhsaí agus inacmhainne.

56.

Cuireann sé i bhfios go láidir, i bhfianaise a n-acmhainneachta nuálaíochta láidre, go bhfuil ról lárnach ag FBManna san aistriú fuinnimh agus i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan. Dá bhrí sin, tá sé ag iarraidh go dtabharfaí rochtain chomhionann do FBManna ar na hionstraimí maoinithe nua atá molta ag an gCoimisiún faoin gcéad CAI eile. Cuireann sé i bhfios nár cheart go bhfágfadh na critéir úinéireachta poiblí nach mbeadh fiontair áitiúla a sholáthraíonn seirbhísí poiblí i dteideal leas a bhaint as deiseanna maoinithe agus as bearta lena laghdaítear an t-ualach riaracháin, rudaí atá ar fáil ag FBManna.

Acmhainneacht, scileanna agus margaí saothair áitiúla

57.

Tugann sé dá aire, agus is ábhar imní dó é, go gcuireann ganntanais caipitil dhaonna agus tuarastail na hearnála poiblí nach bhfuil iomaíoch go leor bac ar phleanáil agus ar chur chun feidhme tionscadal fuinnimh áitiúil. Cuireann sé i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé tacú le feidhmiú céimneach éifeachtach an Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Dá bhrí sin, tá sé ag iarraidh go mbeadh cláir agus tionscnaimh fothaithe acmhainneachta ar leibhéal an Aontais ann chun riaracháin áitiúla agus réigiúnacha a neartú, lena n-áirítear bearta chun pearsanra oilte a oiliúint, a fhostú agus a choinneáil, chun a áirithiú go mbeidh siad in ann réitigh fuinnimh inacmhainne agus inbhuanaithe a sholáthar do shaoránaigh.

58.

Cuireann sé i bhfios go láidir gur gá na scileanna is gá don aistriú fuinnimh a thabhairt don lucht saothair áitiúil, go háirithe trí athsciliú agus uas-sciliú. Tá sé ag iarraidh go ndéanfaí infheistíocht threisithe AE agus náisiúnta sa ghairmoideachas, i gcláir scileanna glasa lena gcothaítear cruthaitheacht agus nuálaíocht shochaíoch, agus scéimeanna tacaíochta fostaíochta, agus béim ar leith á leagan ar réigiúin ghuail atá i mbun aistriú, ar limistéir atá ag brath ar thionscail dianfhuinnimh agus ar limistéir a bhfuil dúshláin struchtúracha sa mhargadh saothair os a gcomhair, go háirithe i réigiúin atá gafa i sáinn forbartha tallainne (3). Tá sé ag tathant ar an gCoimisiún rannpháirtíocht ghníomhach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach in Aontas na Scileanna a áirithiú, i bhfianaise a gcumais uathúil bearnaí eolais áitiúla a shainaithint. Leagann sé béim freisin ar an ról atá ag na seirbhísí poiblí fostaíochta agus na hinstitiúidí oideachais réigiúnacha mar phríomh-chomhpháirtithe i bhforbairt scileanna glasa.

59.

Cuireann sé i bhfáth gur ríthábhachtach an ról atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ag gníomhú dóibh trína ngníomhaireachtaí fuinnimh, maidir le margaí saothair glasa áitiúla a chothú agus ionaid oiliúna a chruthú i gcomhar le hinstitiúidí oideachais agus leis an tionscal áitiúil. Tá sé ag iarraidh go mbeadh cistiú iomchuí ón Aontas agus go náisiúnta ann, chomh maith le cúnamh teicniúil, chun tacú le bardais tionscnaimh post glas a fhorbairt agus faireachlanna scileanna a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar riachtanais mhargadh an tsaothair agus chun an t-éileamh a bheidh ann lá is faide anonn a réamh-mheas.

An Bhruiséil, an 10 Nollaig 2025.

Uachtarán

Choiste Eorpach na Réigiún

Kata TÜTTŐ


(1)  Tuarascáil 2025 ón gCoimisiún Eorpach ar Staid an Aontais Fuinnimh.

(2)  Rialachán (AE) 2024/1787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 (IO L, 2024/1787, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1787/oj).

(3)   ‘Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa’, COM(2023) 32 final.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/760/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top