This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025IP0198
P10_TA(2025)0198 – Stock-taking of the European elections 2024 – European Parliament resolution of 11 September 2025 on the stocktaking of the European elections 2024 (2025/2012(INI))
P10_TA(2025)0198 — Athbhreithniú ar thoghcháin Eorpacha 2024 — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Meán Fómhair 2025 maidir leis an athbhreithniú ar thoghcháin Eorpacha 2024 (2025/2012(INI))
P10_TA(2025)0198 — Athbhreithniú ar thoghcháin Eorpacha 2024 — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Meán Fómhair 2025 maidir leis an athbhreithniú ar thoghcháin Eorpacha 2024 (2025/2012(INI))
IO C, C/2026/1484, 9.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1484/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1484 |
9.4.2026 |
P10_TA(2025)0198
Athbhreithniú ar thoghcháin Eorpacha 2024
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Meán Fómhair 2025 maidir leis an athbhreithniú ar thoghcháin Eorpacha 2024 (2025/2012(INI))
(C/2026/1484)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus go háirithe Airteagail 10, 14 agus 17(7) de, |
|
— |
ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagail 20 agus 22 de, |
|
— |
ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 21, 39 agus 52(1) di, |
|
— |
ag féachaint don Dearbhú maidir le hAirteagal 17(6) agus (7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin, |
|
— |
ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, agus go háirithe Airteagal 25 de, |
|
— |
ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD), agus go háirithe Airteagal 29 de, |
|
— |
ag féachaint do Threoir 93/109/CE ón gComhairle an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa do shaoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (1), |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 lena leasaítear an Ionstraim maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 1976 (2), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (3), |
|
— |
ag féachaint do na leasuithe arna nglacadh an 15 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (4), |
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe sonracha a bhaineann le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa do shaoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (COM(2021)0732), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla (5), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (6), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (7), |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú Comhair idir Parlaimint na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún an 13 Bealtaine 2024, |
|
— |
ag féachaint don Mheabhrán Tuisceana idir Parlaimint na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún an 28 Feabhra 2024 maidir le comhar sa tréimhse roimh thoghcháin 2024, |
|
— |
ag féachaint dá seasamh an 3 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, lena n-aisghairtear Cinneadh (76/787/CEGC, CEE, Euratom) ón gComhairle agus an Ionstraim maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach atá i gceangal leis an gCinneadh sin (8), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 26 Samhain 2020 maidir leis an athbhreithniú ar thoghcháin Eorpacha (9), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 12 Nollaig 2023 maidir le toghcháin Eorpacha 2024 (10), |
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi an 27 Samhain 2024 lena dtoghtar an Coimisiún (11), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht an Choimisiúin an 3 Nollaig 2020 dar teideal ‘an Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach’ (COM(2020)0790) agus a phacáiste maidir le ‘Cosaint an Daonlathais’ i mí na Nollag 2023, |
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi an 18 Nollaig 2024 maidir le coiste speisialta um Sciath Eorpach don Daonlathas a chur ar bun, agus lena sainítear a fhreagrachtaí, a líon comhaltaí agus a théarma oifige (12), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 22 Samhain 2023 maidir le tograí ó Pharlaimint na hEorpa go ndéanfaí leasuithe ar na Conarthaí (13), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ar thoradh deiridh na Comhdhála maidir le Todhchaí na hEorpa i mí na Bealtaine 2022, |
|
— |
ag féachaint do Phacáiste an Choimisiúin um Méadú an 30 Deireadh Fómhair 2024, |
|
— |
ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A10-0156/2025), |
|
A. |
de bhrí gur chaith an líon ba mhó saoránach vóta i dtoghcháin Eorpacha 2024 i gcomparáid le haon toghchán do Pharlaimint na hEorpa le 25 bliana anuas, is é sin 50,74 % de na toghthóirí, (méadú beag i gcomparáid le 2019 inar chaith 50,66 % de na toghthóirí vóta), rud atá ina léiriú dearfach agus suntasach ar spéis shaoránaigh na hEorpa i ngnóthaí an Aontais; de bhrí go raibh éagsúlacht mhór sna figiúirí rannpháirtíochta i measc na mBallstát, idir 89,01 % agus 21,35 %, rud a chuireann i bhfios go láidir an gá atá le hinfheistíocht pholaitiúil leanúnach i rannpháirtíocht toghcháin ar fud an Aontais; |
|
B. |
de bhrí gur tionóladh toghcháin Eorpacha 2024 i gcomhthráth le toghcháin pharlaiminteacha in dhá Bhallstát, le toghcháin áitiúla agus réigiúnacha in ocht mBallstát agus reifreann in aon Bhallstát amháin; |
|
C. |
de bhrí gur chaith líon níos mó saoránach vóta i bhformhór na mBallstát i gcomparáid leis na toghcháin Eorpacha roimhe seo; |
|
D. |
de bhrí gur leathnaíodh cearta vótála i roinnt Ballstát tríd an aois vótála a ísliú go 16, rud a d’fhág go raibh dhá mhilliún vótálaí incháilithe breise faoi bhun 18 mbliana d’aois ann san iomlán; de bhrí gur laghdaigh roinnt Ballstát an teorainn aoise d’iarrthóirí go 18 mbliana d’aois, agus an tráth céanna fágadh an teorainn aoise ag 25 bliana d’aois i mBallstáit eile; de bhrí gur vótáil suas le 25 mhilliún duine óg den chéad uair ar an iomlán; |
|
E. |
de bhrí, de réir shuirbhé iar-thoghcháin Eorabharaiméadair, gur tháinig laghdú 6 % ar rannpháirtíocht daoine óga sna toghcháin Eorpacha (an aoisghrúpa faoi 25 bliana d’aois) i gcomparáid le toghcháin 2019, is é sin titim ó 42 % in 2019 go 36 % in 2024; de bhrí gur cheart an líon daoine óga a chaitheann vóta a bheith ina phointe fócasach i gcónaí d’iarrachtaí beartais sna blianta amach romhainn; |
|
F. |
de bhrí nach bhfuil sonraí aonfhoirmeacha agus gráinneacha leordhóthanacha ar fáil maidir le rannpháirtíocht grúpaí leochaileacha nó maidir le húsáid modhanna malartacha vótála; de bhrí gur cheart creataí náisiúnta le haghaidh bailiú sonraí a bhaineann leis na toghcháin Eorpacha a chomhchuibhiú a thuilleadh chun tacú le réitigh bheartais atá bunaithe ar fhianaise ar leibhéal an Aontais; |
|
G. |
de bhrí gur sheas thart ar 18 400 iarrthóir agus 490 liosta iarrthóirí ar na ballóidí, agus iad i mbun feachtais faoi shocruithe toghcháin éagsúla arna rialú den chuid is mó ag forálacha náisiúnta ar fud na mBallstát; de bhrí go raibh éagsúlacht ann maidir le tréimhsí cláraithe agus feachtais na n-iarrthóirí, ó roinnt míonna go cúpla seachtain; de bhrí nach rabhthas in ann seasamh mar iarrthóir aonair neamhspleách i naoi mBallstát; |
|
H. |
de bhrí go bhfuil difríochtaí suntasacha fós ann maidir le cineálacha cur chuige rialála agus srianta idir na Ballstáit ar chearta vótála agus iarrthóireachta; de bhrí nach bhfuil athchóirithe tábhachtacha atá dírithe ar rialacha agus nósanna imeachta toghcháin a ailíniú ar fud an Aontais tugtha chun críche fós; |
|
I. |
de bhrí go dtugtar le fios sa suirbhé is déanaí de chuid Eorabharaiméadair i dtoghcháin Eorpacha 2024, spreagadh daoine chun vótáil ar chúiseanna a bhain le saincheisteanna comhroinnte Eorpacha amhail an costas maireachtála, an geilleagar, an imirce, an smacht reachta agus athrú aeráide; de bhrí gur minic a théitear i ngleic leis na saincheisteanna sin ó thaobh beartas náisiúnta amháin i ndíospóireachtaí náisiúnta; de bhrí go bhfuil freagracht ar pháirtithe polaitiúla agus ar iarrthóirí polaitiúla saoránaigh a chur ar an eolas go leordhóthanach faoin bhfreagairt bheartais agus faoin rialachas ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear saoránaigh a chur ar an eolas faoi na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na grúpaí polaitiúla a bhfuil siad cleamhnaithe leo sa Pharlaimint; |
|
J. |
de bhrí gur dúshlán fós é malartú sonraí i measc na mBallstát maidir le hiontrálacha iolracha féideartha in éagmais clár vótálaithe Eorpach láraithe, go háirithe toisc nach bhfuil sonraí faoin déshaoránacht ar fáil; |
|
K. |
de bhrí go gcothaítear le bearta speisialta rannpháirtíocht toghcháin agus ionadaíocht grúpaí faoi ghannionadaíocht agus grúpaí leochaileacha; de bhrí go bhfuil reachtaíocht rite ag 11 Bhallstát maidir le cuóta do mhná; |
|
L. |
de bhrí go raibh thart ar 11 mhilliún saoránach de chuid an Aontais a bhí ina gcónaí i mBallstát eile i dteideal vótáil ina dtír chónaithe; de bhrí go bhfuil bacainní riaracháin fós rompu maidir lena rannpháirtíocht ina dtír chónaithe; de bhrí gur thug an Chomhairle neamhaird do sheasamh na Parlaiminte an 14 Feabhra 2023, lena ndearnadh iarracht aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin; |
|
M. |
de bhrí go mbraitheann daonlathas sláintiúil ar rochtain ag vótálaithe ar raon leathan smaointe, peirspictíochtaí agus faisnéise; de bhrí go n-áirithíonn saoirse cainte gur féidir le hiarrthóirí, páirtithe, na meáin agus saoránaigh tuairimí a chur in iúl, beartais a phlé agus fíorais a roinnt go saor – rud a chabhraíonn le vótálaithe roghanna eolasacha a dhéanamh; |
|
N. |
de bhrí go ndéanann bréagaisnéis difear diúltach do dhíospóireacht pholaitiúil shláintiúil; de bhrí go leanann scaipeadh na bréagaisnéise, lena n-áirítear na meáin shóisialta ach gan a bheith teoranta dóibh, de bheith ina bhagairt chórasach mhéadaitheach do phróisis toghcháin agus dhaonlathacha Eorpacha; de bhrí gur oscail an Coimisiún nósanna imeachta um shárú agus gur chuir sé tús le himscrúduithe i gcoinne ardáin mhóra áirithe ar líne, lena n-áirítear imscrúduithe ar fhógraíocht pholaitiúil mheabhlach agus easpa faireacháin agus modhnóireachta ar ábhar, a eascraíonn as easpa ceapachán comhordaitheoirí náisiúnta seirbhísí digiteacha nó easpa cumhachta a bheith ag na comhlachtaí ábhartha chun na cúraimí a cheanglaítear leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (GSD) a chomhlíonadh; de bhrí, go háirithe, go bhfuil an t-ardán meán sóisialta X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo) agus a úinéir, Elon Musk, ag tabhairt neamhaird go hoscailte ar údaráis rialála an Aontais trí bheartas cuideachta agus trí chumarsáid; |
|
O. |
de bhrí nár tháinig an chuid is mó d’fhorálacha an Rialacháin (AE) 2024/900 nua maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla i bhfeidhm fós nuair a bhí na toghcháin Eorpacha ar siúl; de bhrí go bhfuiltear ag súil go gcomhlánóidh an Rialachán sin GSD agus go neartófar leis athléimneacht an Aontais i leith cur isteach ar thoghcháin; |
|
P. |
de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach feabhas a chur ar ionadaíocht daoine faoi mhíchumas sa Pharlaimint chun comhlacht reachtach fíorchuimsitheach agus éagsúil a chothú; |
|
Q. |
de bhrí gur Eorpaigh óga iad 25 % de dhaonra iomlán an Aontais, agus nach bhfuil ach 10 % de na suíocháin sa Pharlaimint á n-áitiú ag comhaltaí tofa faoi bhun 30 bliain d’aois; |
|
R. |
de bhrí go léiríonn toghcháin 2024 laghdú foriomlán ar ionadaíocht na mban ar fud na Parlaiminte, agus go bhfuil thart ar 38,6 % de na suíocháin ag mná anois, laghdú ó 40 % in 2019; |
|
S. |
de bhrí go raibh nithe éagsúla ina gcúis le hinsintí bréagaisnéise, ina measc, an suaitheadh geopholaitiúil le déanaí, lena n-áirítear paindéim COVID-19, an cogadh foghach lánscála gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin, agus athrú ar an gcaidreamh trasatlantach ar cúis imní é; |
|
T. |
de bhrí go mbeidh gá le hathchóiriú mór ar bhunú institiúideach an Aontais mar gheall ar an méadú atá le teacht, agus d’fhéadfadh go mbeidh baint ag a chreat toghcháin ina leith sin; de bhrí nach féidir le hAontas ina bhfuil breis agus 30 Ballstát a bheith ina ghníomhaí domhanda ábhartha agus neamhspleách agus nach bhféadfaidh sé feidhmiú i gceart ach amháin má tá níos lú maorlathais ag baint lena chinnteoireacht agus má tá an chinnteoireacht sin níos éifeachtúla agus má thógtar é ar bhonn réimse daonlathach atá fíor-Eorpach, fíor-thrasnáisiúnta agus comhroinnte; |
Daonlathas Eorpach tar éis thoghcháin Eorpacha 2024
|
1. |
á mheabhrú go mbraitheann oiriúnacht agus cumas an Aontais chun dul i ngleic le dúshláin an 21ú haois thar ceann a shaoránach go mór ar a chumas díospóireachtaí daonlathacha sláintiúla a choimeád agus a chothú agus athléimneacht agus sláine a chuid toghchán agus próiseas daonlathach a áirithiú ag an am céanna; á chur i bhfáth nach féidir talamh slán a dhéanamh díobh sin agus nach mór iad a neartú agus a chosaint trí chreat beartais comhleanúnach; á chur in iúl go bhfuil sí suite de go bhfuil an obair sin i bhfad ó bheith críochnaithe agus nach mór iarrachtaí beartais a threisiú chun rannpháirtíocht i dtoghcháin a spreagadh agus chun roinnt maorlathais a bhaint den Aontas agus é a dhéanamh níos daonlathaí agus níos éifeachtaí ina chinnteoireacht; |
|
2. |
á chur in iúl gur geal léi an líon measartha ard daoine a chaith vóta sna 10ú toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, líon ar tháinig méadú beag air, le ráta rannpháirtíochta comhiomlán de 50,74 %, i gcomparáid le toghcháin 2019; á chur in iúl go bhfuil sí suite de go léiríonn na figiúirí sin rannpháirtíocht phoiblí níos láidre sa tionscadal Eorpach agus an tábhacht mhéadaitheach atá ag an bParlaimint agus a tionchar ar shaol laethúil na saoránach; á chur in iúl gur cúis imní di mar sin féin na rátaí rannpháirtíochta atá éagsúil go forleathan i measc na mBallstát agus go bhfuil sé fós de rún daingean aici iarrachtaí beartais a neartú chun an bhearna a dhúnadh agus an líon daoine a chaitheann vóta a mhéadú i measc na ngrúpaí uile ar fud an Aontais; |
|
3. |
ag moladh na n-iarrachtaí atá déanta ag na hinstitiúidí Eorpacha agus Aontas Craolacháin na hEorpa chun infheictheacht na n-iarrthóirí ar fud na mór-roinne sna toghcháin Eorpacha a mhéadú, lena n-áirítear trí shraith díospóireachtaí uile-Eorpacha ardphróifíle, príomhiarrthóirí ó na teaghlaigh pholaitiúla éagsúla a thabhairt le chéile agus trí na díospóireachtaí arb é is aidhm dóibh daoine a spreagadh chun vótála, lena n-ardaítear feasacht i measc dhaoine óga na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi tionchar dearfach a straitéise cumarsáide institiúidí féin, lena ndearnadh iarracht feasacht a ardú faoi na toghcháin trí bhéim a leagan ar a dtábhacht tríd an mana ‘Bain úsáid as do vóta, nó déanfaidh daoine eile cinneadh ar do shon’; á chur in iúl go gcreideann sí go bhfuil feabhas tagtha ar an gcomhar i measc institiúidí agus le húdaráis toghcháin na mBallstát d’fhonn an líon daoine a chaitheann vóta a mhéadú agus go ngeallann sí iarrachtaí comhordaithe sa réimse sin a fheabhsú; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh infheistíocht shubstaintiúil chun clúdach na bhfeachtas agus na gcraoltaí sin a leathnú le haghaidh thoghcháin 2029; ag cur i bhfios go láidir an róil thábhachtaigh dhearfaigh atá ag Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha; |
|
4. |
á chur i bhfios go láidir go dteastaíonn aistriú cultúrtha ar bhonn straitéise fadtéarmaí agus acmhainní leordhóthanacha chun feasacht agus saoránacht Eorpach a neartú, i ndlúthchomhar leis an tsochaí shibhialta agus le páirtithe leasmhara sochaíocha chun ‘pobal daonlathach’ Eorpach agus spás daonlathach comhroinnte a chruthú; á chur in iúl gur oth léi gur ró-mhinic a ghlactar cur chuige atá bunaithe ar bheartais náisiúnta amháin i bhfeachtais a reáchtáiltear sna Ballstáit do na toghcháin Eorpacha, fiú nuair a thugtar aghaidh sna feachtais sin ar shaincheisteanna Eorpacha coiteanna; ag iarraidh ar pháirtithe polaitiúla náisiúnta agus iarrthóirí sna toghcháin Eorpacha chomh maith le heagraíochtaí meán náisiúnta saoránaigh a chur ar an eolas go leormhaith agus go fíreannach faoi rialachas ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear faoi na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus grúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa a bhfuil páirtithe náisiúnta cleamhnaithe leo; ag spreagadh páirtithe náisiúnta chun an comhar lena gcomhghleacaithe Eorpacha a threisiú maidir leis sin agus feabhas a chur ar a n-infheictheacht Eorpach; ag glacadh uirthi féin timpeallacht rialála chumasúcháin a chruthú chuige seo; |
|
5. |
á chur i bhfáth nach mór tuilleadh oibre a dhéanamh chun rannpháirtíocht grúpaí faoi ghannionadaíocht a mhéadú sna toghcháin Eorpacha; á chur in iúl gur cúis imní di an laghdú ar an líon daoine a chaith vóta i measc daoine óga agus á ghlacadh uirthi féin dlús a chur le hiarrachtaí beartais chun for-rochtain feachtais toghcháin don phríomhdhéimeagrafach sin a mhéadú; á thabhairt dá haire go bhfuil rannpháirtíocht daoine óga i dtodhchaí an Aontais ríthábhachtach; ag spreagadh na mBallstát chun creataí tiomnaithe beartais lena dtabharfar aghaidh ar shaoráidí vótála agus iarrthóirí araon, lena n-áirítear trí fheachtais shonracha faisnéise, agus trí mhodhanna malartacha vótála amhail vóta poist agus seachvótáil; á aithint gur gá leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh i dtreo próiseas toghcháin níos cuimsithí chun a áirithiú go bhfuil deis chomhionann ag gach saoránach páirt a ghlacadh sa phróiseas daonlathach; á thabhairt dá haire nach mbaineann ach cúpla Feisire de Pharlaimint na hEorpa le mionlaigh náisiúnta agus eitneacha a aithnítear go hoifigiúil mar mhionlaigh sna Ballstáit i gcomhréir lena gcreatlach bunreachtúil nó dlíthiúil agus ionstraimí ábhartha Chomhairle na hEorpa; á chur i bhfios go láidir gur dualgas é an troid i gcoinne an chiníochais, an idirdhealaithe agus an eisiaimh a eascraíonn ó luachanna bunúsacha an Aontais agus ó Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais; ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar pháirtithe polaitiúla náisiúnta bearta réamhghníomhacha agus comhréireacha a ghlacadh chun cuimsiú agus ionadaíocht éifeachtach na mionlach sin, lena n-áirítear pobail Romacha, sna toghcháin Eorpacha a chothú, agus lánurraim á tabhairt d’orduithe bunreachtúla náisiúnta; |
|
6. |
á thabhairt chun suntais go bhféadfadh sé nach raibh na toghcháin chuig an bParlaimint cothrom san Ungáir; á chur i bhfáth sa chomhthéacs seo gur aimsíodh i dTuarascáil Chríochnaitheach Mhisean Breathnóireachta Toghcháin Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) (14) do na toghcháin pharlaiminteacha agus don reifreann san Ungáir an 3 Aibreán 2022‘easpa cothroime iomaíochta’; á chur i bhfáth gur faoi Rialtas na hUngáire atá sé a áirithiú go gcomhlíonfadh an tír dlí an Aontais agus na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE arís agus á chur in iúl gurb oth léi go mór gur chuir an easpa gníomhaíocht chinntitheach ón Aontas le cliseadh an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach san Ungáir, rud a fhágann go bhfuil réimeas hibrideach d’uathlathas toghchánach ann sa tír, de réir na n-innéacsanna ábhartha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di roinnt iarrataí ón Ionchúisitheoir Imscrúdaitheach Lárnach Ungárach díolúine Feisirí Eorpacha a bhaint; |
|
7. |
ag athdhearbhú an dearcaidh atá aici le fada an lá go bhfuil gá le tuilleadh athchóirithe agus oiriúnuithe ar chreat toghcháin an Aontais chun toghcháin atá níos daonlathaí, níos athléimní, níos cuimsithí agus fíor-Eorpach a dhéanamh de na toghcháin Eorpacha; ag tabhairt aird ar roinnt tionscnamh beartais atá ar feitheamh ina leith sin agus á iarraidh arís ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ar an gComhairle Eorpach comhoibriú go cuiditheach leis an bParlaimint chun réitigh bheartais a aimsiú a fheidhmíonn chun leasa shaoránaigh na hEorpa; |
Athchóiriú institiúideach agus toghchánach
|
8. |
á chur in iúl go bhfuil sí suite de nach mór an creat rialála do na toghcháin Eorpacha a athbhreithniú agus a nuachóiriú chun lorg toghcháin na saoránach a mhéadú agus chun an ilroinnt rialála i measc na 27 mBallstát a laghdú, lena n-áirítear trí lá vótála coiteann amháin chomh maith le haois íosta vótála aonfhoirmeach; á mheabhrú go meastar go dtabharfaidh Cinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle céimeanna dearfacha suntasacha sa chiall seo, mar a dhéanfadh roinnt aighneachtaí ón togra atá ar feitheamh an 3 Bealtaine 2022 le haghaidh dlí nua toghcháin; ag athdhearbhú a hiarraidh ar an gComhairle dul i dteagmháil go cuiditheach leis an bParlaimint chun go bhféadfar formheas pras a fháil; á mheabhrú go bhfuil athbhreithniú 2018 daingnithe ag 26 de na 27 mBallstát cheana féin agus ag glacadh uirthi féin meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar an gcúis ar cuireadh moill ar a chur chun feidhme i mBallstáit éagsúla; |
|
9. |
á chur in iúl gur oth léi nár ghlac an Chomhairle in am do thoghcháin 2024 rialacha nua molta maidir leis an gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa do ‘shaoránaigh shoghluaiste’; á chur i bhfios go gcuirtear bac fós ar lánfheidhmiú na gceart toghcháin a dheonaítear leis na Conarthaí do shaoránaigh shoghluaiste i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa mar gheall ar bhacainní ar rannpháirtíocht dhaonlathach nach bhfuil údar leo, lena n-áirítear easpa feasachta maidir leis na coinníollacha agus na rialacha is infheidhme; á aithint go dtabharfaí aghaidh ar chuid de na bacainní sin leis an dréacht-treoir ón gComhairle atá ar feitheamh; á chur in iúl gur oth léi, mar sin féin, nach ndeachaigh an Chomhairle, cé go bhfuil Airteagal 22(2) CFAE á chomhlíonadh go foirmiúil aici, i ngleic ar aon bhealach fiúntach le substaint na tuairime ón bParlaimint; ag athdhearbhú, go háirithe, a moltaí chun clárú ar rolla toghthóirí a chumasú a luaithe a chláraíonn vótálaithe a n-áit chónaithe agus chun ceanglais teanga agus faisnéise d’údaráis áitiúla a neartú, chomh maith le feidhmiú an chirt chun vótáil ag grúpaí vótálaithe faoi ghannionadaíocht a éascú agus chun feachtais múscailte feasachta ag na Ballstáit a fheabhsú le rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta; ag iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú gur féidir lena saoránaigh atá ina gcónaí thar lear páirt a ghlacadh i dtoghcháin Eorpacha, lena n-áirítear trí sheirbhísí consalachta a neartú agus vótáil poist a chumasú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé do na Ballstáit uile rochtain gan bhac ar stáisiúin vótála a áirithiú do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas; |
|
10. |
ag tacú go láidir le hiarrachtaí páirtithe polaitiúla cur chun feidhme phróiseas an phríomhiarrthóra (Spitzenkandidaten) a fhorbairt a thuilleadh chun nasc a bhunú idir an toghchán, comhdhéanamh na Parlaiminte, agus ainmniúchán Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh chun ceapadh fheidhmeannas an Aontais a dhéanamh níos trédhearcaí do shaoránaigh; á chur i bhfios go láidir gur chuir an próiseas seo ar chumas na saoránach tionchar éifeachtach a imirt ar ainmniúchán Uachtarán an Choimisiúin, rud a léiríonn céim shuntasach chun cinn, le ról díreach do shaoránaigh; ag moladh na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha as ucht a n-iarrthóirí a ainmniú i bhfad roimh an toghchán; á thabhairt dá haire gur éirigh go maith leis an bpróiseas sin an uair seo toisc gur rith Uachtarán an Choimisiúin, cé nach raibh sí intofa go díreach trí bhallóid, mar phríomhiarrthóir don ghrúpa polaitíochta a fuair an líon is mó vótaí; á chur i bhfios go méadófaí cuntasacht agus dlisteanacht dhaonlathach Uachtarán an Choimisiúin dá ndéanfaí é a thoghadh trí na toghcháin Eorpacha; á chur in iúl go bhfuil sí suite fós, mar sin féin, go bhfuil roinnt príomhthosca ratha – amhail forbairt agus comhdhlúthú leanúnach an réimse dhaonlathaigh Eorpaigh – in easnamh go fóill, rud a chuireann cosc ar acmhainneacht an phróisis pholaitiúil neamhfhoirmiúil neamhrialaithe sin a bhaint amach ina hiomláine; |
|
11. |
ag cur béim ar an ról tábhachtach atá ag páirtithe polaitiúla Eorpacha i dtaobh cur leis an díospóireacht ar shaincheisteanna beartais phoiblí Eorpaigh agus maidir le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú; á chur in iúl go gcreideann sí gur féidir leis na páirtithe sin cur i gcoinne scaipeadh na bréagaisnéise agus na mífhaisnéise roimh na toghcháin, rud a bhfuil géarghá leis; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú ar thángthas air maidir le hathmhúnlú Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, rud a dhúnann na bearnaí atá fágtha, a thugann soiléireacht dhlíthiúil agus a chuidíonn le páirtithe polaitiúla Eorpacha a scaoileadh saor agus a chumhachtaíonn iad an ról a thugtar dóibh leis na Conarthaí a ghlacadh, lena n-áirítear trína n-infheictheacht sna Ballstáit a threisiú le linn an fheachtais toghcháin agus i gcur chun cinn na bpríomhiarrthóirí; |
|
12. |
ag iarraidh ar na Ballstáit toirmeasc a chur chun feidhme ar thabhartais eachtracha, lena n-áirítear ranníocaíochtaí nó sochair chomhchineáil agus airgid thirim araon, agus teorainn a chur ar thabhartais do pháirtithe polaitiúla agus d’iarrthóirí; á mheas nach mór é a bheith d’oibleagáid ar ghníomhaithe polaitiúla ar tairgeadh dóibh agus/nó a ghlac le ranníocaíocht airgeadais nó chomhchineáil ó ghníomhaí eachtrach í a thuairisciú do na húdaráis inniúla agus ba cheart an fhaisnéis sin a thuairisciú, dá réir sin, ar leibhéal an Aontais chun lamháil d’fhaireachán uile-Aontais; |
|
13. |
á chur i bhfáth gur gá ról agus infheictheacht fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i réimse daonlathach na hEorpa a neartú; á mheabhrú go bhfuil ról lárnach ag na fondúireachtaí seo i bhforbairt díospóireachta polaitiúla, taighde beartais agus oideachais shibhialta thar theorainneacha, agus ar an gcaoi sin ag cur le tuairim phoiblí fhíor-Eorpach a fhoirmiú; á iarraidh go soláthrófar uirlisí agus acmhainní leordhóthanacha chun go mbeidh siad in ann tacú le páirtithe polaitiúla Eorpacha ina n-iarrachtaí chun saoránaigh a mhealladh, luachanna Eorpacha a chur chun cinn agus páirt fhóinteach a ghlacadh i bhfeachtais toghcháin amach anseo; á mheabhrú gur cheart don tuarascáil atá le teacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (athmhúnlú ar feitheamh) aird ar leith a thabhairt ar na rialacha lena rialaítear maoiniú fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus leasuithe ar an Rialachán a mholadh más gá; |
|
14. |
á chur i bhfios go láidir nach mór tuilleadh obair institiúideach a dhéanamh chun an tionchar atá ag vótálaithe Eorpacha ar rialachas an Aontais a neartú; ag cur i bhfios, i dtaca leis sin, an nós imeachta maidir le Conarthaí a athrú atá ar feitheamh, ar nós imeachta é a tionscnaíodh i ndiaidh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa; ag tabhairt chun suntais an togra uaithi chun róil na Comhairle agus na Parlaiminte a aisiompú maidir le hainmniú agus deimhniú Uachtarán an Choimisiúin chun torthaí na dtoghchán Eorpach a léiriú ar bhealach níos cruinne; ag tabhairt chun suntais an togra uaithi freisin chun an ceart maidir le tionscnamh reachtach a dheonú don Pharlaimint, rud a chruthódh, dá gcuirfí chun feidhme é, nasc díreach idir na vótaí a chaithfidh saoránaigh ar son ionadaithe parlaiminte agus an t-aschur beartais ar leibhéal an Aontais; ag tabhairt chun suntais an togra uaithi freisin chun ceart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa a nuachóiriú chun rialú daonlathach ar fheidhmeannas an Aontais a neartú; ag iarraidh ar an gComhairle Eorpach na Conarthaí a chomhlíonadh agus vótáil a dhéanamh ar an gcoinbhinsiún a thionól gan moill mhíchuí chun na tograí sin a phlé; |
Athléimneacht institiúideach
|
15. |
á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an nasc idir saincheisteanna áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha a neartú; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, rannpháirtíocht ghníomhach agus dhearfach cheannairí áitiúla agus réigiúnacha i dtopaicí agus i ndíospóireachtaí Eorpacha, go háirithe sa tréimhse réamhthoghcháin, lena n-áirítear trí obair Choiste na Réigiún agus a líonraí agus a fheachtais; |
|
16. |
á mheabhrú gurb é an leibhéal is gaire do na saoránaigh is éifeachtaí chun reitric fhrithdhaonlathach a chomhrac, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht ghníomhach cheannairí áitiúla agus réigiúnacha; i ndáil leis sin, go háirithe i réigiúin ina bhfuil marbhántacht eacnamaíoch ag tarlú agus ina bhfuil neamhionannais fhadtéarmacha ag méadú tacaíochta do pháirtithe Eoraisceipteacha, ag cur i bhfios go láidir an ról dearfach atá ag beartas comhtháthaithe an Aontais, nach mór dó tosaíocht a thabhairt do bhunriachtanais réigiúnacha, lena n-áirithítear nach bhfágtar aon duine ar lár; |
|
17. |
á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di líon méadaitheach na mbagairtí inmheánacha agus seachtracha atá ag creimeadh an daonlathais Eorpaigh; á cháineadh go ndeachaigh roinnt iarrthóirí, lena n-áirítear na hiarrthóirí sin ó pháirtithe rialaithe i roinnt Ballstát, i mbun feachtais go hoscailte ar bhonn insintí bréagacha agus le hurraíocht ón gcoigríoch faoin Aontas agus iad ag treisiú meon frith-Aontais; |
|
18. |
ag athdhearbhú an imní dhomhain atá ann le fada an lá faoi chlaonadh leanúnach an chur isteach mhailísigh i bpróisis dhaonlathacha Eorpacha, lena n-áirítear bréagaisnéis; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil rialtais roinnt Ballstát ag cur go gníomhach le scaipeadh na bréagaisnéise; ag cáineadh, go háirithe, na bhfeachtas bréagaisnéise ar líne dár thug gníomhaithe stáit agus neamhstáit ón Rúis agus gníomhaithe eile nach de chuid an Aontais iad, ar feachtais iad ar tugadh fúthu chun polarú agus mímhuinín a chothú i measc thoghthóirí na hEorpa; á thabhairt dá haire go dtarlaíonn cur isteach eachtrach roimh thoghcháin agus go mbíonn sé i mbarr a réime sa tréimhse réamhthoghcháin; ag cáineadh roinnt Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a chuaigh i dteagmháil go toilteanach leis an ardán meán darb ainm ‘Voice of Europe’ , atá faoi réir imscrúdú coiriúil, chun insintí a bhí urraithe ag an gCreimil faoin gcogadh foghach san Úcráin a chur chun cinn; |
|
19. |
ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur le hiarrachtaí chun cur isteach eachtrach agus bréagaisnéis a chomhrac trí straitéis il-leibhéil, chomhordaithe agus thrasearnála, dá dtabharfaí tacaíocht le hacmhainní airgeadais leordhóthanacha, chun beartais oiriúnacha fadbhreathnaitheachta agus athléimneachta agus uirlisí díspreagtha a chur ar fáil don Aontas agus dá Bhallstáit; i ndáil leis sin, ag iarraidh ar an gCoimisiún, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus ar na Ballstáit freagairt straitéiseach an Aontais ar bhréagaisnéis agus ar ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a atreisiú a thuilleadh, agus ag tabhairt aird ar iarrachtaí beartais iomadúla an Aontais a rinneadh le blianta beaga anuas, lena n-áirítear an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, an Cód Cleachtais neartaithe maidir le Bréagaisnéis agus na tionscnaimh faoin bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas; á aithint, agus é ina chúis imní di, go bhfuil tionchar díréireach ag ardáin ar líne ar dhioscúrsa poiblí; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, tuairiscí ar chinntí a rinne ardáin áirithe ar chúiseanna polaitiúla a d’fhéadfadh an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an t-iolrachas daonlathach a chur i mbaol; |
|
20. |
á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá timpeallacht chothrom agus shaor do na meáin sna Ballstáit mar phríomhcholún den daonlathas Eorpach, go háirithe i dtimthriallta toghcháin; á aithint, cé go bhfuil an tAontas ina cheannaire domhanda i saoirse na meán agus gur glacadh an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán in 2024 agus gur tháinig an treoir frith-SLAPP i bhfeidhm (15), go bhfuil gá le saoirse na meán san Aontas a neartú a thuilleadh mar gheall ar an mbrú inmheánach agus seachtrach atá ag méadú ar thimpeallacht meán an Aontais, lena n-áirítear sa tréimhse roimh na toghcháin Eorpacha; á mheabhrú gur tháinig méadú in 2024 ar ionsaithe ar iriseoirí i mBallstáit áirithe; |
|
21. |
ag cáineadh gach cineáil foréigin pholaitiúil sna téarmaí is láidre; á chur in iúl gur cúis mhór imní di sraith teagmhas a tharla sa tréimhse roimh thoghcháin 2024; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát chun tosaíocht a thabhairt do chosc an fhoréigin pholaitiúil trí dhlíthe, creataí agus beartais a neartú lena gcosnaítear polaiteoirí, iarrthóirí polaitiúla, gníomhaithe, iriseoirí agus saoránaigh ar fhoréigean agus ar chiapadh le linn na tréimhse toghcháin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cur chuige cuimsitheach lena n-áirítear cosc, cosaint agus oideachas chun minicíocht an fhoréigin pholaitiúil a laghdú, go háirithe trí fheasacht a chur chun cinn ar chontúirtí an fhoréigin pholaitiúil agus trí chultúr na caoinfhulaingthe agus urraim do thuairimí polaitiúla éagsúla a chothú; á thabhairt chun suntais nach dtosaíonn calaois toghcháin ar lá an toghcháin, ach le díchóimeáil an smachta reachta, phrionsabail dhaonlathacha, saoirse an phreasa, saoirse cainte, agus le scaipeadh na bréagaisnéise agus na bolscaireachta eachtraí; á thabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, go bhféadfadh dúshláin chórasacha tionchar a imirt ar an méid a chloítear go comhsheasmhach le saorthoghcháin chóra ar fud na mBallstát uile; |
|
22. |
á chur in iúl gur cúis mhór imní di teacht chun cinn agus rath toghcháin páirtithe frithchórais atá go hoscailte i gcoinne an Aontais le linn thoghcháin 2024; á chur i bhfios go mbíonn radacú an dioscúrsa pholaitiúil agus tuilleadh polaraíochta sa Pharlaimint mar thoradh ar an aistriú seo, agus ina theannta sin, go soláthraíonn sé ardán níos leithne chun bréagaisnéis agus bolscaireacht eachtrach a scaipeadh; ag cáineadh aon chineál reitrice polaitiúla lena gcothaítear fuathchaint, idirdhealú, seineafóibe nó foréigean, agus ag tathant ar na gníomhaithe polaitiúla uile dul i mbun idirphlé cuiditheach, bunaithe ar fhíricí lena n-urramaítear luachanna daonlathacha, cearta an duine agus an smacht reachta; á ghlacadh uirthi féin feidhmiú an Aontais a athchóiriú agus a fheabhsú a thuilleadh chun ionchais na saoránach a bhaint amach ar bhealach níos fearr; ag iarraidh ar gach gníomhaí ábhartha cumarsáid níos réamhghníomhaí a dhéanamh maidir le rannchuidiú dearfach an Aontais le saol laethúil agus slándáil shaoránaigh uile na hEorpa trína bheartais; |
|
23. |
á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta do mheastóireacht a dhéanamh ar na creataí seo trína Coiste Speisialta um an Sciath Eorpach don Daonlathas, a bhfuil sainordú aige, a fuarthas ón suí iomlánach, chun aghaidh a thabhairt ar chur isteach i bpróisis agus i mbeartais dhaonlathacha, agus bearta a chur chun feidhme chun cothroime agus sláine toghchán a chaomhnú chomh maith le beartais a chuireann le próisis dhaonlathacha an Aontais; á thabhairt chun suntais go bhfeidhmíonn an coiste mar uirlis ríthábhachtach chun cur isteach mailíseach a chosc trí lúbanna ar lár, bearnaí agus forluí féideartha a bhféadfaí teacht i dtír orthu a shainaithint; á iarraidh ar an gCoimisiún i gcomhthreo na creataí rialála sin a fhorfheidhmiú ina n-iomláine agus gan moill mhíchuí, go háirithe i gcás na n-ardán sin a leanann de neamhaird a thabhairt go hoscailte ar údaráis rialála an Aontais; |
|
24. |
ag aithint na tábhachta a bhaineann le cibearshlándáil agus cibearbhonneagar chun sláine na dtoghchán Eorpach a chosaint; ag tabhairt rabhaidh in aghaidh na rioscaí féideartha a bhaineann le hoibríochtaí tionchair IS-chumasaithe; |
|
25. |
á chur i bhfios go mbíonn tionchar indíreach ag torthaí toghchán náisiúnta ar chomhdhéanamh institiúidí Eorpacha freisin, e.g. trí ainmniúchán Coimisinéirí ainmnithe nó rannpháirtíocht thromlaigh pholaitiúla náisiúnta reatha i gcruinnithe na Comhairle; ag cur béim, sa chomhthéacs seo, ar a thábhachtaí atá cineál daonlathach na dtoghchán ginearálta i ngach Ballstát; |
|
26. |
ag teacht ar an gconclúid nach féidir le daonlathas Eorpach dul chun cinn ach amháin má neartaítear agus má chosnaítear próisis dhaonlathacha agus toghcháin Eorpacha; i ndáil leis sin, á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé saorthoghcháin chóra a chur chun cinn agus a sláine a chosaint ar bhagairtí inmheánacha agus seachtracha ar dhaonlathas an Aontais; á thabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, nach ndéantar seiceáil ar scaipeadh na bréagaisnéise agus ar thionchar roinnt ardán meán sóisialta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an creat dlíthiúil iomlán atá i bhfeidhm faoi láthair a fhorfheidhmiú chun sláine an phróisis toghcháin ar fad a chosaint; ° ° ° |
|
27. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. |
(1) IO L 329, 30.12.1993, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1993/109/oj.
(2) IO L 178, 16.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/994/oj.
(3) IO L 317, 4.11.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1141/oj.
(4) IO C 125, 5.4.2023, lch. 485.
(5) IO L, 2024/900, 20.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj.
(6) IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj.
(7) IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj.
(8) IO C 465, 6.12.2022, lch. 171.
(9) IO C 425, 20.10.2021, lch. 98.
(10) IO C, C/2024/4160, 2.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4160/oj.
(11) IO C, C/2025/1811, 4.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1811/oj.
(12) IO C, C/2025/1981, 11.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1981/oj.
(13) IO C, C/2024/4216, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4216/oj.
(14) Tuarascáil Chríochnaitheach Mhisean Breathnóireachta Toghchán ODIHR – An Ungáir, 2022.
(15) Treoir (AE) 2024/1069 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha (‘Cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí’), (IO L, 2024/1069, 16.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1069/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1484/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)