Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025IP0171

P10_TA(2025)0171 — Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus Poblacht na Cirgise, den pháirt eile (Rún) — Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meán Fómhair 2025 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cirgise, den pháirt eile (10724/22 – C10-0057/2024 – 2022/0184M(NLE))

IO C, C/2026/1491, 9.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1491/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1491/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1491

9.4.2026

P10_TA(2025)0171

Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus Poblacht na Cirgise, den pháirt eile (Rún)

Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meán Fómhair 2025 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cirgise, den pháirt eile (10724/22 – C10-0057/2024 – 2022/0184M(NLE))

(C/2026/1491)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na Cirgise, den pháirt eile (10724/22),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle an 27 Meitheamh 2024 i gcomhréir le hAirteagail 207 agus 209 i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C10-0057/2024),

ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Cirgise, den pháirt eile (1) (CCCF),

ag féachaint don Treochlár Comhpháirteach chun na ceangail a neartú idir an tAontas agus an Áise Láir an 23 Deireadh Fómhair 2023,

ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 15 Bealtaine 2019 dar teideal ‘ The EU and Central Asia: New opportunities for a stronger partnership’ [An tAontas Eorpach agus an Áise Láir: Deiseanna nua le haghaidh comhpháirtíocht níos láidre] (JOIN(2019)0009),

ag féachaint do thuarascálacha um measúnú ón gCoimisiún ar Scéim Ghinearálta Roghanna Plus (GSP+) de chuid an Aontais leis an gCirgeastáin,

ag féachaint don chéad chruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Áise Láir an 4 Aibreán 2025,

ag féachaint don 11ú hIdirphlé Ardleibhéil Polaitiúil agus Slándála idir an tAontas Eorpach agus tíortha na hÁise Láir, a reáchtáladh sa Bhruiséil an 5 Meitheamh 2024,

ag féachaint don phreasráiteas comhpháirteach ó Uachtarán Phoblacht na Cirgise, Sadyr Zhaparov, agus ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí ag an am, Charles Michel, a foilsíodh an 3 Meitheamh 2023,

ag féachaint don 14ú hIdirphlé maidir le Cearta an Duine, a reáchtáladh in Bishkek an 25 Meitheamh 2024,

ag féachaint don 19ú Cruinniú den Chomhairle um Chomhar idir an tAontas agus an Chirgeastáin, a reáchtáladh sa Bhruiséil an 15 Samhain 2022,

ag féachaint do na tuairimí ó Choimisiún na Veinéise maidir le leasuithe dlíthiúla a rinneadh le déanaí lena gcúngaítear saoirse an phreasa agus lena gcuirtear bac ar obair eagraíochtaí neamhrialtasacha sa Chirgeastáin,

ag féachaint do thuarascálacha ar an gCirgeastáin arna bhfoilsiú ag eagraíochtaí um chearta an duine, amhail na tuarascálacha domhanda bliantúla in 2022, 2023 agus 2024 ó Human Rights Watch,

ag féachaint don fhaisnéisiú ón gComhpháirtíocht Idirnáisiúnta um Chearta an Duine maidir le saoirsí bunúsacha agus spás sibhialta a chosaint sa Chirgeastáin, a foilsíodh i mí Feabhra 2025,

ag féachaint don rún uaithi an 17 Eanáir 2024 maidir le Straitéis an Aontais don Áise Láir (2),

ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an gCirgeastáin, go háirithe rún an 19 Nollaig 2024 maidir le staid chearta an duine sa Chirgeastáin, go háirithe cás Temirlan Sultanbekov (3),

ag féachaint do chuairt na toscaireachta dá Fochoiste um Chearta an Duine ar an gCirgeastáin ón 25 go dtí an 27 Feabhra 2025,

ag féachaint don ráiteas ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, Volker Türk, tar éis a chuairte oifigiúla ar an gCirgeastáin ón 19 go dtí an 20 Márta 2025,

ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,

ag féachaint do rún reachtach uaithi an 9 Meán Fómhair 2025 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cirgise, den pháirt eile (4),

ag féachaint do Riail 107(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0111/2025),

A.

de bhrí go bhfuil stádas tábhachtach ag an gCirgeastáin san Áise Láir, ar réigiún í a bhfuil suntas méadaitheach geopholaitiúil ag baint léi agus ar aithin an tAontas a bheith ina comhpháirtí tábhachtach lena ndeachaigh sé i mbun idirphlé struchtúrtha ag an gcéad chruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Áise Láir;

B.

de bhrí gur comhpháirtithe iad an tAontas agus an Chirgeastáin ó bhain an tír neamhspleáchas amach in 1991, agus go bhfuil creat dlíthiúil cuimsitheach bunaithe acu le haghaidh comhar eatarthu tríd an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas agus an Chirgeastáin, a síníodh in 1999;

C.

de bhrí go bhfuil sé comhaontaithe le déanaí idir an tAontas agus an Chirgeastáin a chomhpháirtíocht a dhoimhniú trí Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe (CCCF), ar creat nua-aimseartha agus uaillmhianach é chun idirphlé agus comhar a neartú i bpríomhréimsí amhail trádáil agus infheistíocht, forbairt agus nascacht inbhuanaithe, taighde agus nuálaíocht, oideachas, an comhshaol agus an t-athrú aeráide, chomh maith leis an smacht reachta, cearta an duine agus an tsochaí shibhialta;

D.

de bhrí go bhféadfadh CCCF comhar níos láidre a éascú maidir leis an mbeartas eachtrach agus slándála, lena n-áirítear coimhlint a chosc agus bainistiú géarchéime, laghdú riosca, cibearshlándáil, cobhsaíocht réigiúnach, dí-armáil, neamhleathadh, rialú arm agus rialú onnmhairiúcháin arm;

E.

de bhrí gur síníodh CCCF an 25 Meitheamh 2024, ar CCCF é lena bhfeabhsaítear Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair 1999 a bhí ann cheana féin; de bhrí go dteastaíonn toiliú na Parlaiminte chun go dtiocfaidh CCCF i bhfeidhm;

F.

de bhrí gur thairbhigh an Chirgeastáin de rochtain aontaobhach agus fabhrach ar mhargadh an Aontais trí Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Plus ó bhí 2016 ann; de bhrí gur aontaigh an Chirgeastáin do 27 gcoinbhinsiún idirnáisiúnta a bhaineann le saothar agus cearta an duine, cosaint an chomhshaoil agus na haeráide, agus dea-rialú chun bheith in ann leas a bhaint as an scéim seo;

G.

de bhrí go bhfuil EUR 98 milliún leithdháilte ag an Aontas chun tacú leis an rialú agus an claochlú digiteach, le forbairt an duine agus le geilleagar glas agus athléimneach don aeráid sa Chirgeastáin le linn na tréimhse 2021-2027, rud atá ailínithe le Straitéis Forbartha Náisiúnta Phoblacht na Cirgise;

H.

de bhrí go bhfuil EUR 12 mhilliún leithdháilte ag an Aontas chun cáilíocht na reachtaíochta a fheabhsú agus éifeachtúlacht, neamhspleáchas, gairmiúlacht agus cumais na mbreithiúna agus sheirbhísí na hearnála cirt sa Chirgeastáin, agus dá bhrí sin gur léiríodh a thoilteanas infheistiú san fhás cobhsaí atá comhsheasmhach leis an smacht reachta; de bhrí go bhfuil imní fós ann maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna, agus cásanna arb í an pholaitíocht is cúis leo a dhíríonn ar dhaoine aonair a cháineann an rialtas; de bhrí go bhfuil athchóiriú 2021 ar Chód Coiriúil Phoblacht na Cirgise tar éis leagan 1997 den Chód, a cáineadh go mór, a thabhairt isteach an athuair, lena dtugtar cumhacht níos mó d’fhorfheidhmiú an dlí agus cearta na saoránach á laghdú ag an am céanna;

I.

de bhrí go sonraítear in CCCF go gcomhoibreoidh an tAontas agus an Chirgeastáin chun an tsochaí shibhialta agus a ról i bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus pholaitiúil sochaí oscailte daonlathaí a neartú;

J.

de bhrí go bhfuil an Chirgeastáin sa 100ú háit in Innéacs Domhanda Sceimhlitheoireachta 2025 na hInstitiúide um Eacnamaíocht agus Síocháin, agus go bhfuil sí sonraithe mar thír nach bhfuil aon tionchar ag an sceimhlitheoireacht uirthi;

K.

de bhrí, in ainneoin gur chuir Rialtas na Cirgeastáine a thiomantas do phrionsabail an daonlathais agus na hurraime do chearta an duine agus don smacht reachta in iúl arís agus arís eile, go bhfuil aird tarraingthe ag eagraíochtaí chearta an duine ar thitim siar an daonlathais agus ar chleachtais fhorlámhacha dhiana agus ar ghéarleanúint a dhéanamh ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa Chirgeastáin le blianta beaga anuas, lena n-áirítear le linn chaibidlíocht CCCF agus ó síníodh é, agus gur chinn Transparency International agus Freedom House go bhfuil an Chirgeastáin tar éis iompú ó sciath chosanta an daonlathais, le sochaí shibhialta bhríomhar, go réimeas forlámhach comhdhlúite a úsáideann a chóras ceartais chun díriú ar cháinteoirí agus a mbaineann a n-údaráis an bonn tuilleadh ón gcothromaíocht cumhachta agus ón gcóras srianta agus ceartúchán;

L.

de bhrí go bhfuil an Chirgeastáin rangaithe sa 146ú háit as 180 tír in Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú 2024 de chuid Transparency International; de bhrí, ar thionscnamh an Uachtaráin Japarov, gur leasaíodh an dlí maidir le soláthar poiblí chun ligean d’fhiontair faoi úinéireacht stáit nósanna imeachta tairisceana a sheachaint; de bhrí nach bhfuil aon mhaoirseacht chuí ar chaiteachas poiblí mar gheall ar easpa rochtana ar an bhfaisnéis sin; de bhrí go n-úsáideann na scothaicmí atá i gceannas cistí stáit agus acmhainní náisiúnta chun a gcumhacht a chomhdhlúthú, chun easaontú a chur ina dtost agus chun cur i gcoinne an athchóirithe;

M.

de bhrí gur baineadh saoránacht na Cirgise de Bolot Temirov, ar cosantóir chearta an duine, iriseoir iniúchta agus bunaitheoir na heagraíochta meán Temirov Live é, agus gur cuireadh iallach air an tír a fhágáil mar fhrithbheart as a chuid oibre chun imscrúdú a dhéanamh ar éilliú forleathan; de bhrí gur gabhadh 11 ar a laghad dá chomhghleacaithe i mí Eanáir 2024, lena n-áirítear Makhabat Tajibek kyzy, Azamat Ishenbekov, Aike Beishekeyeva agus Aktilek Kaparov;

N.

de bhrí, i mí Iúil 2025, gur gearradh 4 bliana ar iriseoir agus gníomhaí neamhspleách Kanyshai Mamyrkulova ar promhadh mar fhrithbheart as a cuid postálacha ar na meáin shóisialta a cháin an rialtas; de bhrí, i mí an Mheithimh 2025, gur coinníodh 11 dhuine atá cleamhnaithe le Kloop, arb eagraíocht neamhspleách meán é, mar fhrithbheart as obair imscrúdaitheach Kloop agus as an nasc líomhnaithe le Bolot Temirov, agus go bhfuil Aleksandr Aleksandrov agus Zhoomart Duulatov fós faoi choinneáil; de bhrí go bhfuil Rita Karasartova, gníomhaí um chearta an duine, faoi choinneáil réamhthrialach ó mhí Aibreáin 2025 i leith;

O.

de bhrí gur bhain bolscaireacht Rialtas na Cirgise úsáid as insintí bréagacha chun míchlú a tharraingt ar na meáin neamhspleácha i dtuairim na sochaí agus chun iad a léiriú mar ‘naimhde na ndaoine’ agus ‘sclábhaí an Iarthair’;

P.

de bhrí, le blianta beaga anuas, go bhfuil meath scanrúil tagtha ar chaighdeáin dhaonlathacha agus ar chearta an duine sa Chirgeastáin; de bhrí gur thit an Chirgeastáin ón 72ú háit go dtí an 144ú háit in Innéacs Domhanda Shaoirse an Phreasa de chuid Tuairisceoirí gan Teorainneacha; de bhrí go bhfuil sí rangaithe mar an tír ina bhfuil an laghdú is géire ar shaoirse an phreasa roimh 2025;

Q.

de bhrí go bhféachann údaráis na Cirgise le Aprel TV a dhúnadh; de bhrí, mar a luaigh Committee to Protect Journalists, go léirítear le comhdú na n-ionchúisitheoirí go bhféachann na húdaráis leis an eagraíocht meán a dhúnadh ar bhonn líomhaintí go léiríonn tuairisciú criticiúil na heagraíochta na húdaráis ‘ar bhealach neamhfhabhrach’ agus ‘go mbaintear an bonn d’údarás an rialtais’ leis;

R.

de bhrí gur chuir Parlaimint na hEorpa in iúl i rúin uaithi an 13 Iúil 2023 (5) agus an 19 Nollaig 2024 gur cúis imní di géarleanúint pháirtithe an fhreasúra agus na meán neamhspleách; de bhrí go bhfuil géarleanúint fós á déanamh ar bhaill de pháirtí na nDaonlathaithe Sóisialta (SDK), in ainneoin iarrataí a rinneadh arís agus arís eile chun saorthoghcháin chóra a áirithiú; de bhrí go bhfuil ceannaire SDK, Temirlan Sultanbekov, agus beirt chomhaltaí eile, Irina Karamushkina agus Roza Turksever, fós faoi choinneáil; de bhrí go bhfuil cúis imní ann faoi riocht sláinte Temirlan Sultanbekov tar éis a stailce ocrais fada;

S.

de bhrí gur eisigh cúirteanna de chuid na Cirgise ciontuithe iomadúla a bhain le himeachtaí Koi-Tash 2019, inar fhéach fórsaí slándála le hiarcheann stáit a choinneáil ag a áit chónaithe, rud ba chúis le caismirtí foréigneacha; de bhrí go bhfuil na himeachtaí sin i gcroílár trialach leanúnaí a thosaigh in 2022 agus lena mbaineann cúisimh maidir le corraíl, éilliú agus sciúradh airgid a ghríosú i gcoinne an iar-uachtaráin, roinnt iar-oifigeach agus pearsana polaitiúla éagsúla; de bhrí gur cuireadh ábhair imní in iúl maidir le polaitiú na mbreithiúna agus maidir le cúisimh choiriúla a úsáid chun spriocdhíriú ar dhaoine ón bhfreasúra; de bhrí gur cúis mhór imní iad líomhaintí go ndearnadh céasadh ar na cosantóirí agus go ndearnadh íde mhídhaonna orthu;

T.

de bhrí go ndéantar leithcheal ar iriseoirí, gníomhaithe ar son chearta an duine agus oibrithe neamhbhrabúsacha eile agus go ndéantar iad a stiogmatú agus go mbíonn siad faoi réir formhaoirseacht chunórach, ceanglais tuairiscithe a bhfuil ualach mór ag baint leo agus fíneálacha iomarcacha de dheasca an dlí de chineál Rúiseach maidir le ‘hionadaithe eachtracha’, a ghlac Parlaimint na Cirgise i mí an Mhárta 2024, lena gceanglaítear ar oibrithe neamhbhrabúsacha a fhaigheann cistiú ón gcoigríoch, agus a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíocht a shainmhínítear go forleathan mar ghníomhaíocht pholaitiúil, clárú mar ‘ionadaithe eachtracha’; de bhrí go ndéanann an dlí sin aithris ar reachtaíocht dhiansmachtúil i réimis fhorlámhacha eile agus gur féidir a mheas gur réamhtheachtaí é chun iarrachtaí breise a dhéanamh an tsochaí shibhialta neamhspleách agus na meáin neamhspleácha a chur faoi chois;

U.

de bhrí gur dhírigh an chniogbheartaíocht ar chearta an duine ar dhaoine LADTIA+ go háirithe; de bhrí go ndearna tírdhreach reachtach nua na Cirgeastáine, mar aon leis an athrú agus cur faoi chois polaitiúil forleathan, obair eagraíochtaí agus gníomhaithe chearta LADTIA+ a scriosadh go bunúsach, agus go bhfuil príomheagraíochtaí dúnta go hiomlán; de bhrí, an 14 Lúnasa 2023, gur achtaigh an Chirgeastáin forálacha idirdhealaitheacha i gcoinne an phobail LADTIA+ faoin leithscéal go ndéanfaí mionaoisigh a chosaint ar ‘fhaisnéis dhíobhálach’ leo; de bhrí gur theip ar an mbille frith-idirdhealaithe a mheas Ardchomhairle na Cirgeastáine le déanaí gnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne a áireamh mar chatagóirí cosanta;

V.

de bhrí go lagaítear scaradh na gcumhachtaí go mór – ar gné bhunúsach den smacht reachta é – leis an dlí a glacadh an 6 Deireadh Fómhair 2023 lena dtugtar an chumhacht d’Uachtarán na Cirgeastáine rialuithe na Cúirte Bunreachtúla a chur ar cheal má thagann siad salach ar a léirmhíniú féin ar ‘luachanna morálta’ – agus gurb ionann é agus maolú ar neamhspleáchas na mbreithiúna sa Chirgeastáin;

W.

de bhrí go bhfuil an Coiste Stáit um Shlándáil Náisiúnta (GKNB) anois ar cheann de na hinstitiúidí is cumhachtaí sa Chirgeastáin, agus é ag gníomhú go minic mar fhíor-lárionad cinnteoireachta agus, i gcásanna áirithe, oifigigh thofa á sárú aige; de bhrí gur cruthaíodh leis an gcomhdhlúthú sin ar chumhacht gan seiceáil córas dé-údaráis de facto a bhaineann an bonn ó institiúidí daonlathacha, a chothaíonn eagla agus a chuireann srian ar easaontú; de bhrí gur cheart do Rialtas na Cirgise a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí GKNB faoi réir formhaoirseacht neamhspleách bhreithiúnach agus pharlaiminteach;

X.

de bhrí go bhfuil an Chirgeastáin ag infheistiú níos mó agus níos mó i gcur chun cinn an chomhionannais inscne agus chumhachtú na mban, go háirithe trí phríomhchreataí náisiúnta amhail an Straitéis Náisiúnta maidir le Comhionannas Inscne go dtí 2030; de bhrí go bhfuil rátaí arda foréigin teaghlaigh fós sa Chirgeastáin, go dtarlaíonn os cionn 20 % de na póstaí sa Chirgeastáin trí ‘ala kachuu’ (fuadach brídeach) agus nach bhfuil ach 22 % de shuíocháin pharlaiminteacha ag mná in ainneoin na gcuótaí inscne atá ann cheana; de bhrí, ar an meán, go dtuilleann mná 25 % níos lú ná fir, ós rud é go bhfuil siad fostaithe den chuid is mó in earnálacha lena ngabhann pá íseal amhail oideachas, cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta;

Y.

de bhrí go bhfuil údaráis na Cirgise i mbun gníomhaíochtaí a chuireann teorainn leis an tsaoirse cainte sa tír agus gur ghabh siad iriseoirí, blagálaithe, filí agus úsáideoirí rialta na meán sóisialta, gur chuir siad faoi choinneáil réamhthrialach fhada iad nó gur chuir siad i bpríosún iad, as ceannaireacht na tíre nó an staid sa tír a cháineadh, agus gur dhún siad eagraíocht meán imscrúdaitheach a bhfuil duaiseanna buaite aici;

Z.

de bhrí gur dhaingnigh an Chirgeastáin Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas in 2014; de bhrí go ndearnadh bearta sealadacha chun feabhas a chur ar inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas agus chun coincheap an oideachais chuimsithigh a thabhairt isteach, cé go bhfuil dúshláin fós ann, go háirithe maidir le daoine faoi mhíchumas a chur in institiúid;

AA.

de bhrí gur úsáideadh an dlí maidir le ‘faisnéis bhréagach’, a achtaíodh an 24 Lúnasa 2021, chun díriú ar na meáin neamhspleácha agus ar dhaoine aonair a cháineann an rialtas; de bhrí, an 10 Aibreán 2025, gur fhormheas Ard-Chomhairle na Cirgeastáine leasuithe ar an dlí lena bhforáiltear do smachtbhannaí riaracháin as ‘faisnéis bhréagach’ a scaipeadh ar na meáin shóisialta;

AB.

de bhrí go bhfuil Ard-Chomhairle na Cirgeastáine ag machnamh faoi láthair ar athchoiriúlú a dhéanamh ar sheilbh ábhar ‘antoisceach’, a mí-úsáideadh roimhe seo i gcoinne cleachtóirí reiligiúnacha síochánta, agus a d’fhéadfaí a úsáid, mar gheall ar fhoclaíocht dhoiléir an bhille, chun caint pholaitiúil dhlisteanach a chur ina dtost;

AC.

de bhrí gur tháinig dhá dhlí nua maidir le saoirse reiligiúin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025; de bhrí go gcoinnítear leis na dlíthe sin an toirmeasc ar gach cleachtadh neamhchláraithe saoirse reiligiúin nó creidimh agus go bhfágtar leo nach féidir le pobail a bhfuil níos lú ná 500 comhalta fásta acu stádas dlíthiúil a fháil;

AD.

de bhrí gur chuir faillí údaráis forfheidhmithe dlí na Cirgise mar fhreagairt ar fheachtas imeaglaithe agus ciaptha iallach ar iriseoirí agus ar oibrithe chearta an duine teitheadh ón tír;

AE.

de bhrí go ndearna údaráis na Cirgise dídeanaithe atá ag teitheadh ón Rúis a chur ina dtost, a ghabháil, a choinneáil agus a eiseachadadh as agóid a dhéanamh i gcoinne an chogaidh san Úcráin, rud a sháraíonn oibleagáid na Cirgeastáine faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Stádas Dídeanaithe gan daoine a chur ar ais chuig tíortha ina bhfuil a mbeatha nó a saoirse faoi bhagairt mar gheall ar a dtuairimí polaitiúla, nó i gcás ina bhfuil forais shubstaintiúla ann lena chreidiúint go mbeidís i mbaol sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine amhail céasadh nó cineálacha eile íde nó pionóis atá cruálach, mídhaonna nó táireach;

AF.

de bhrí gur shínigh Uachtaráin na Cirgeastáine agus na Táidsíceastáine comhaontú maidir le críochú teorann an 13 Márta 2025, lena n-aithnítear go dlíthiúil na teorainneacha idir an dá thír agus lena ndéantar foráil maidir le forbairt bóithre idirstáit agus bonneagair fuinnimh idirstáit, lena gcuirtear leis an gcobhsaíocht réigiúnach agus deiseanna i gcomhair comhar trasteorann feabhsaithe maidir le fuinneamh, iompar agus trádáil; de bhrí nár cuireadh an comhaontú teorann féin ar fáil go poiblí ná nach bhfuil sé oscailte do chomhairliúcháin phoiblí;

AG.

de bhrí gur shínigh ceannairí na Cirgeastáine, na Táidsíceastáine agus na hÚisbéiceastáine Dearbhú Khujand maidir le Cairdeas Buan an 31 Márta 2025;

AH.

de bhrí gur tharraing Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, Volker Türk, aird ar na comharthaí a bhaineann le titim siar an daonlathais sa Chirgeastáin le blianta beaga anuas, agus béim ar leith á leagan ar na srianta méadaitheacha ar an tsochaí shibhialta agus ar an iriseoireacht neamhspleách;

AI.

de bhrí nár chruthaigh an Áise Láir creataí cothrománacha réigiúnacha fós atá saor ó cheannasacht gníomhaithe seachtracha a bhfuil a ngnóthachain gheopholaitiúla féin á saothrú acu;

AJ.

de bhrí go bhfuil dlúthchaidreamh atá fite fuaite leis an Rúis ag an gCirgeastáin go stairiúil, agus an dá thír ina gcomhaltaí den Aontas Eacnamaíoch Eoráiseach, d’Eagraíocht Chonradh na Comhshlándála agus de Chomhlathas na Stát Neamhspleách; de bhrí, i mí Dheireadh Fómhair 2023, gur óstáil Uachtarán na Cirgise, Sadyr Japarov, Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, in Bishkek le linn an chéad turais eachtraigh a rinne Putin ó d’eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántas gabhála ina choinne; de bhrí go bhfuil an Chirgeastáin, mar aon le tíortha eile de chuid na hÁise Láir, ina pointe idirthurais anois chun na smachtbhannaí a forchuireadh ar an Rúis as a cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine a sheachaint; de bhrí go bhfuil méadú suntasach tagtha ar onnmhairiúcháin ardteicneolaíochta agus ítimí dé-úsáide chuig an gCirgeastáin – a onnmhairítear ansin chuig an Rúis; de bhrí gur staon an Chirgeastáin ón vótáil nó go ndeachaigh sí i bpáirt leis an Rúis maidir le vótálacha ar go leor rún ó na Náisiúin Aontaithe maidir le cearta an duine agus, go háirithe, maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go bhfuil cinneadh déanta ag an gCirgeastáin páirt a ghlacadh sa fhreachnamh Zapad 2025 ón Rúis agus ón mBealarúis a bheidh cóngarach don teorainn leis an Aontas;

AK.

de bhrí go raibh baint ag OJSC Keremet Bank, atá lonnaithe sa Chirgeastáin, le scéim imghabhála smachtbhannaí leis an mbanc cosanta faoi úinéireacht stát na Rúise, Promsvyazbank Public Joint-Stock Company (PSB), inar éascaigh sé aistrithe trasteorann thar ceann PSB; de bhrí gur dhíol Aireacht Airgeadais na Cirgise bun urlámhais in Keremet Bank in 2024 le holagarc Rúiseach a bhfuil naisc aige le Rialtas na Rúise; de bhrí go bhfuil smachtbhannaí forchurtha ag na Stáit Aontaithe ar Keremet Bank;

AL.

de bhrí, i mí Dheireadh Fómhair 2024, gur thionscain Bakai Bank OJSC na Cirgeastáine, atá lonnaithe sa Chirgeastáin, imeachtaí dlíthiúla sibhialta sa Bheilg i gcoinne na Fondúireachta um Idirphlé Oscailte (ODF) mar gheall ar dhíobháil líomhnaithe do chlú mar thoradh ar dhá thuarascáil a d’fhoilsigh ODF in 2023 ina n-áitítear gur éascaigh bainc áirithe de chuid na Cirgise, lena n-áirítear Bakai Bank, imghabháil smachtbhannaí do náisiúnaigh Rúiseacha; de bhrí go lorgaíonn Bakai Bank OJSC na Cirgeastáine cúiteamh arb ionann é agus EUR 1 050 000 i ndamáistí, móide pionóis airgeadais bhreise i gcás neamhchomhlíonadh aon bhreithiúnais amach anseo; de bhrí gur fhan an banc 18 mí tar éis fhoilsiú na dtuarascálacha sular comhdaíodh agra, rud a thug le fios nach ndearnadh damáiste láithreach do chlú; de bhrí, i mí Iúil 2025, gur dhiúltaigh Cúirt Tráchtála na Bruiséile do na bearta sealadacha uile a d’iarr an t-éilitheoir chun foilseacháin ODF 2023 a bhaint; de bhrí gur féidir an cás sin a mheas mar chás SLAPP i gcoinne eagraíocht de chuid na sochaí sibhialta;

CCCF idir an tAontas agus an Chirgeastáin

1.

á chur in iúl, in ainneoin na leas comhroinnte maidir leis an caidreamh tábhachtach polaitiúil agus trádála idir an tAontas agus an Chirgeastáin a neartú, gur údar imní di staid chearta an duine, an daonlathais agus an smachta reachta sa Chirgeastáin, go háirithe i gcomhthéacs thabhairt i gcrích na caibidlíochta agus shíniú CCCF; á iarraidh ar údaráis na Cirgise, sa chomhthéacs sin, saoirsí bunúsacha a urramú agus a chaomhnú, go háirithe saoirse na meán agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, agus timpeallacht comhair agus rannpháirtíochta na sochaí sibhialta agus na bpobal áitiúil a chothú i gcomhairliúcháin phoiblí agus i bpróisis chinnteoireachta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá dlúthbhaint na Parlaiminte leis an bhfaireachán ar chur chun feidhme chodanna uile CCCF; á iarraidh go ndéanfaí an dá pháirtí sa chomhaontú meastóireacht éifeachtach, a bheadh le déanamh laistigh de 2 bhliain, ar chur chun feidhme a eilimintí sár-riachtanacha, ar meastóireacht í ina mbeidh tagarmharcanna soiléire maidir le cearta an duine agus tréimhsí ama soiléire; á iarraidh ar an gCoimisiún torthaí na meastóireachtaí sin a chur i láthair do Pharlaimint na hEorpa; ag dréim leis, i bhfianaise an titim siar sna réimsí sin le déanaí agus roimh an vótáil ar CCCF i bParlaimint na hEorpa agus a chur chun feidhme ina dhiaidh sin, go ndéanfaidh Rialtas na Cirgise roinnt céimeanna nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní phráinneacha a leagtar amach sa tuarascáil seo, amhail príosúnaigh pholaitiúla a scaoileadh saor agus reachtaíocht dhiansmachta a glacadh le déanaí a aisghairm; á mheas go bhféadfadh sé go gcuirfí tús le hAirteagal 316 de CCCF mar thoradh ar mheasúnú diúltach ar chur chun feidhme na ngnéithe bunriachtanacha sin;

An caidreamh idir an tAontas agus an Chirgeastáin

2.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an caidreamh seanbhunaithe straitéiseach idir an tAontas agus an Chirgeastáin, mar aon leis an gcomhar agus na malartuithe atá ag méadú; á mheabhrú gurb í an Chirgeastáin an tríú comhpháirtí trádála is mó dá bhfuil ag an Aontas san Áise Láir; á athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta oibriú i gcomhar leis an tír agus lena comhpháirtithe san Áise Láir chun síocháin, slándáil, cobhsaíocht, rathúnas, daonlathas agus forbairt inbhuanaithe a áirithiú;

3.

á chur in iúl gur geal léi torthaí an chéad chruinnithe mullaigh idir an tAontas agus an Áise Láir a tionóladh in Samarkand an 4 Aibreán 2025; á chur in iúl gur geal léi a dtiomantas don chobhsaíocht réigiúnach agus dhomhanda, do chur chun cinn agus do chosaint an smachta reachta, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, agus d’aghaidh a thabhairt ar ghníomhú ar son na haeráide, ar nascacht agus ar oideachas; ag tabhairt dá haire freisin gur tionóladh an 20ú cruinniú aireachta idir an tAontas agus an Áise Láir in Ashgabat an 27 Márta 2025;

4.

á chur i dtábhacht go bhfuil gá le comhar chun tionscnaimh ghlasa atá bunaithe ar gheilleagar margaidh inbhuanaithe, nuálaíocht na hearnála príobháidí, agus maoirseacht comhshaoil fhada, córais luathrabhaidh le haghaidh tubaistí nádúrtha, forbairt ísealcharbóin agus an t-aistriú chuig foinse fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais go bhfuil tionscnaimh ar siúl ag an gCirgeastáin chun clár oibre na sléibhte a chur chun cinn ar ardáin dhomhanda, lena n-áirítear caomhnú éiceachóras sléibhe, cosaint an chomhshaoil agus forbairt na turasóireachta inbhuanaithe agus na bpobal sléibhe; á chur i bhfáth go rannchuideodh infheistíochtaí i spriocanna fuinnimh ghlais na Cirgeastáine go mór le spleáchas réigiúnach fuinnimh na tíre a laghdú agus le dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil; ag moladh rannpháirtíocht Phoblacht na Cirgise i dTionscnamh Fhoireann na hEorpa maidir le hUisce, Fuinneamh agus Athrú Aeráide;

5.

ag tacú le hiarrachtaí na Cirgeastáine i dtreo na forbartha inbhuanaithe, lena ndéantar a tionscnaimh a ailíniú le straitéis forbartha náisiúnta na tíre do 2018-2040, in éineacht le straitéis Global Gateway de chuid an Aontais agus le straitéis an Aontais don Áise Láir; á mheabhrú go dtugann an comhpháirtíocht idir an tAontas agus an Chirgeastáin tús áite don rialachas agus don chlaochlú digiteach chun trédhearcacht agus éifeachtúlacht sa riarachán poiblí a fheabhsú;

6.

á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh Fhoireann na hEorpa lena bhféachtar le geilleagar glas agus aeráid-díonach a thógáil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil agus chun fás inbhuanaithe a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais gur síníodh an comhaontú le déanaí idir Aireacht Airgeadais na Cirgise agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, lena neartófar Clár Seirbhísí Uisce Aeráid-Díonacha na Cirgise;

7.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) leanúint de thionscnaimh chomhpháirteacha chomhair a chur chun cinn i réimsí straitéiseacha amhail bonneagar fuinnimh, go háirithe an earnáil hidreachumhachta, an fhorbairt inbhuanaithe agus an cultúr, agus tógáil ag an am céanna ar thaithí dhearfach na mBallstát atá gníomhach sa réigiún cheana féin;

8.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an gcomhar maidir le hamhábhair chriticiúla, a sainaithníodh a bheith tábhachtach go straitéiseach chun slabhraí soláthair slána, inbhuanaithe agus éagsúlaithe a áirithiú; ag tabhairt dá haire gur formhuiníodh an Dearbhú Comhpháirteach Intinne idir an tAontas agus an Áise Láir maidir le hAmhábhair Chriticiúla ag an gcéad chruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Áise Láir, agus an togra ón gCirgeastáin chun comhpháirtíocht a bhunú leis an Aontas chun amhábhair chriticiúla a fhorbairt;

9.

ag tabhairt dá haire go raibh ról lárnach ag clár Erasmus+ maidir le malartuithe acadúla a éascú; á chur in iúl gur geal léi tacaíocht an Aontais don digitiú agus don oideachas sa tír, agus á iarraidh go gcruthófaí clár chun fiontraithe a mhalartú i réimse an chlaochlaithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cóineasú agus athchóirithe comhordaithe san ardoideachas a chothú, amhail trí Chreat Náisiúnta na Cirgise um Cháilíochtaí a ailíniú leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí; á thabhairt chun suntais gur gá malartuithe acadúla agus cultúrtha a chothú idir an Chirgeastáin agus Ballstáit an Aontais agus rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga na Cirgise a chothú san oideachas neamhfhoirmiúil agus i gcláir na sochaí sibhialta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé malartuithe acadúla agus gairmiúla a neartú, lena dtógfaí ar an gcomhaontú oideachais ó 2024;

10.

ag cáineadh go láidir cinneadh údaráis na Cirgise deireadh a chur lena gcomhlacht neamhspleách faireacháin chun céastóireacht a chosc, an Lárionad Náisiúnta um Chéastóireacht a Chosc, gan comhairliúchán poiblí ná trédhearcacht, agus é a chumasc le hoifig an Ombudsman, lena gcuirtear deireadh lena neamhspleáchas, á chur in iúl gur geal léi an ráiteas ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine inar léiríodh imní mhór ina leith sin agus a iarraidh ar údaráis na Cirgise stop a chur leis an ngníomhaíocht sin; ag tathant ar na húdaráis Reacht na Róimhe a dhaingniú agus a chur chun feidhme go hiomlán;;

11.

á mheabhrú go bhfuil EUR 12 mhilliún leithdháilte cheana féin ag an Aontas chun tacú le hathchóiriú chóras breithiúnach na Cirgeastáine, lena ndeimhnítear tiomantas an Aontais d’fhorbairt institiúideach na tíre; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt institiúidí, i dtrédhearcacht agus i neamhspleáchas na mbreithiúna;

12.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di, i bhfianaise an éillithe fhorleathain sa Chirgeastáin, úsáid thrédhearcach agus éifeachtúil an EUR 98 milliún i gcúnamh an Aontais don tréimhse 2021-2027; á iarraidh ar údaráis na Cirgise tuarascálacha mionsonraithe a fhoilsiú maidir le húsáid chistí an Aontais agus comhar le comhlachtaí idirnáisiúnta frithchalaoise a neartú, amhail an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), chun seasamh le caighdeáin dhomhanda bainistithe cistí agus chun bearta láidre frithchalaoise a chur chun feidhme lena gcosnaítear leasanna airgeadais an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar institiúidí ábhartha eile de chuid an Aontais an leibhéal maoirseachta is airde is féidir ar úsáid chistí an Aontais a áirithiú agus machnamh a dhéanamh ar acmhainní breise a leithdháileadh chun acmhainneacht airgeadais agus oibríochtúil ghníomhaireachtaí na Cirgise a bhfuil baint acu lena mbainistiú a neartú;

13.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá malartú faisnéise feabhsaithe maidir le bagairtí sceimhlitheoireachta, caighdeáin idirnáisiúnta maidir le maoiniú frithsceimhlitheoireachta a chomhlíonadh go hiomlán agus bearta láidre a chur chun feidhme chun cosc a chur ar fháil, aistriú agus úsáid ábhar ceimiceach, bitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach chun críocha sceimhlitheoireachta;

14.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dul i dteagmháil leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, comhar idir gníomhaireachtaí inniúla a éascú agus dlíthe náisiúnta a thabhairt i gcomhréir le caighdeáin trédhearcachta idirnáisiúnta chun coireanna airgeadais a imscrúdú agus chun dea-rialachas corparáideach a chur chun cinn; ag tathant ar údaráis na Cirgise dlús a chur lena n-iarrachtaí deireadh a chur leis an éilliú agus gan leas a bhaint as an gcomhrac ina choinne mar leithscéal chun cniogbheartaíocht a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar lucht cáinte rialtais;

15.

á iarraidh ar Phoblacht na Cirgise athbhreithniú a dhéanamh ar a rialacháin theicniúla agus comhar a neartú maidir le caighdeáin, méadreolaíocht, faireachas margaidh, creidiúnú agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta chun rochtain fhrithpháirteach ar an margadh a éascú, chun trádáil dhéthaobhach leis an Aontas a dhoimhniú agus chun cóir chothrom d’infheisteoirí a áirithiú; ag tathant ar an gCirgeastáin bearta sriantacha a sheachaint a d’fhéadfadh infheisteoirí ón Aontas a chur faoi mhíbhuntáiste;

Comhar réigiúnach agus dúshláin dhomhanda

16.

á mheas gur réigiún í an Áise Láir a bhfuil leas straitéiseach ann don Aontas Eorpach maidir le slándáil, nascacht, éagsúlú fuinnimh, réiteach coinbhleachtaí agus cosaint an oird idirnáisiúnta iltaobhaigh riailbhunaithe, go háirithe le linn tréimhse stairiúil ina bhfuil athrú mór geopholaitiúil ag tarlú; ag spreagadh an Aontais chun dlús a chur lena rannpháirtíocht leis an Áise Láir maidir le hábhair pholaitiúla, eacnamaíocha agus slándála i gcomhréir le luachanna an daonlathais, chearta an duine agus an smachta reachta atá mar bhonn agus mar thaca ag gníomhaíocht sheachtrach an Aontais; á thabhairt chun suntais nach féidir aon chomhar breise ón Aontas le tíortha na hÁise Láir a bhaint amach chun dochar na luachanna sin; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le hidirphlé agus comhar méadaithe maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas eachtrach agus slándála, lena n-áirítear an chibearshlándáil, cobhsaíocht réigiúnach, bainistiú géarchéime, dí-armáil agus rialú arm, i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta agus le Cairt na Náisiún Aontaithe;

17.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil athruithe agus dúshláin mhóra gheopholaitiúla dhomhanda agus réigiúnacha os comhair an Aontais agus na hÁise Láir; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá oibriú i dtreo comhar fadtéarmach, struchtúrtha agus comhthairbheach maidir le hábhair leasa choitinn; ag moladh go láidir don Aontas dlús a chur lena rannpháirtíocht leis an Áise Láir, i bhfianaise thábhacht gheostraitéiseach an réigiúin, agus comhpháirtíocht straitéiseach le tíortha na hÁise Láir a chur chun cinn trí chomhar a leathnú ar an leibhéal polaitiúil agus eacnamaíoch; á chur in iúl gur geal léi an méadú ar an teagmháil ardleibhéil idir an tAontas agus an Áise Láir;

18.

ag tabhairt chun suntais go bhfuil dúshláin mhóra mhéadaitheacha roimh iltaobhachas agus ord riailbhunaithe don Aontas agus do Phoblacht na Cirgise araon, amhail cogadh foghach neamhdhleathach na Rúise in aghaidh na hÚcráine; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil seasamh neodrach ag an gCirgeastáin agus tíortha eile sa réigiún i leith na coinbhleachta, agus ag spreagadh údaráis na Cirgise seasamh le noirm idirnáisiúnta agus rannchuidiú le hiarrachtaí réigiúnacha chun ceannasacht agus iomláine chríochach a chosaint; ag tabhairt dá haire go bhfuil tionchar ag an Rúis ar an réigiún in ainneoin iarrachtaí thíortha na hÁise Láir a gcaidreamh le tíortha eachtracha a éagsúlú; á chur in iúl gur oth léi nár cháin an Chirgeastáin ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin;

19.

á chur in iúl gur oth léi go mór cinneadh údaráis na Cirgise páirt a ghlacadh sa fhreachnamh Zapad 2025 ón Rúis agus ón mBealarúis a bheidh cóngarach don teorainn leis an Aontas agus á mheas go dtagann an ghníomhaíocht sin salach ar na cuspóirí atá luaite acu comhpháirtíocht níos dlúithe leis an Aontas a fhorbairt;

20.

á chur in iúl gur saoth léi ról gníomhach chuideachtaí agus bhainc na Cirgise, amhail Keremet Bank, maidir le cabhrú leis an Rúis smachtbhannaí a sheachaint agus teicneolaíocht agus earraí dé-úsáide a fháil dá hiarracht chogaidh i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur saoth léi an iarracht a rinne Bakai Bank OJSC le déanaí cás dlí straitéiseach a chomhdú i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí in aghaidh na Fondúireachta um Idirphlé Oscailte; ag tathant ar údaráis na Cirgise bearta breise a dhéanamh chun stop a chur le hidirthuras earraí atá faoi smachtbhannaí chuig an Rúis trí chríoch na Cirgise, amhail ceanglais cheadúnúcháin níos déine a fhorfheidhmiú agus dícheall cuí a dhéanamh ar chuideachtaí a bhfuil baint acu le trádáil earraí dé-úsáide; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh smachtbhannaí tánaisteacha a bheith mar thoradh ar mhainneachtain aghaidh a thabhairt ar onnmhairiú teicneolaíochtaí dé-úsáide; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar leibhéal reatha na himghabhála smachtbhannaí ag an Rúis le cabhair ó ghníomhaithe i dtíortha na hÁise Láir, agus réitigh nithiúla a mholadh chun aghaidh a thabhairt air sin; á mholadh go mbunófaí meitheal a bheadh dírithe ar fhaireachán agus ar rianú a dhéanamh ar thrádáil earraí dé-úsáide;;

21.

á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin a tiomantais shonraithe prionsabail dhaonlathacha, an smacht reachta, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú, mar a comhaontaíodh sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair leis an Aontas, nach ndéanann an Chirgeastáin a seasaimh a ailíniú le seasaimh tíortha daonlathacha, go háirithe Ballstáit an Aontais, agus iad ag vótáil ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe;

22.

á chur in iúl gur saoth léi gur dheonaigh Eagraíocht na Stát Tuirciceach (OTS) stádas breathnóra d’eintiteas scarthach Turcach na Cipire agus go raibh sé i láthair ag cruinniú mullaigh OTS in Bishkek; á athdhearbhú, mar chuid den Dearbhú Comhpháirteach tar éis an chéad chruinnithe mullaigh idir an tAontas agus an Áise Láir in Samarkand, go bhfuil stáit na hÁise Láir, lena n-áirítear Poblacht na Cirgise, tiomanta do Rúin ábhartha Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe – 541 (1983) agus 550 (1984);

23.

á aithint gur gá caidreamh a neartú chun comhar feabhsaithe, níos doimhne agus luachbhunaithe a chothú i ndáil le haghaidh a thabhairt ar bhagairtí comhchoiteanna agus spriocanna comhroinnte a bhaint amach ar fud an domhain;

24.

á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh atá dírithe ar an gConair Iompair Thras-Chaispeach a neartú agus ag tabhairt dá haire go bhfuil Ardán Comhordúcháin ann don Chonair;

25.

á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag an Aontas Eorpach mar dheontóir tábhachtach cabhrach don réigiún; á chur i bhfáth gur gá iarrachtaí an Aontais a mhéadú maidir lena thacaíocht don chomhar um fhorbairt san Áise Láir, go háirithe sa Chirgeastáin faoi CCCF, a síníodh le déanaí;

26.

á chur in iúl gur geal léi an comhaontú maidir le críochú teorann idir an Chirgeastáin agus an Táidsíceastáin atá tugtha i gcrích agus gur daingníodh le déanaí é; ag tathant ar an dá pháirtí na bearta is gá a dhéanamh chun an comhaontú a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí thús a chur le comhairliúcháin leis na pobail áitiúla, agus bearta a ghlacadh chun comhar trasteorann a neartú agus chun tacú leis na pobail teorann is mó atá buailte ag an gcoinbhleacht trasteorann a tharla le déanaí; á chur in iúl gur geal léi tacaíocht airgeadais an Aontais chun saoráidí a thógáil i réigiún Sughd na Táidsíceastáine, a bhfuil teorainn aici leis an gCirgeastáin; á iarraidh ar údaráis na Cirgise imscrúdú a dhéanamh ar na coireanna tromchúiseacha, arna ndoiciméadú ag breathnóirí neamhspleácha, a tharla le linn choinbhleacht armtha mhí Mheán Fómhair 2022 agus na daoine freagracha a thabhairt chun cuntais;

27.

á chur in iúl gur geal léi an chéad chruinniú mullaigh tríthaobhach inar tugadh le chéile an Chirgeastáin, an Táidsíceastáin agus an Úisbéiceastáin gan idirghabháil ó ghníomhaithe seachtracha; á chur in iúl gur geal léi mianta na hÁise Láir a naisc réigiúnacha a neartú agus ailtireacht chothrománach comhair a bhunú sa réigiún gan rannpháirtíocht threallúsach na gcumhachtaí seachtracha;

Cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta

28.

á chur i dtábhacht go neartaítear cobhsaíocht, forbairt inbhuanaithe agus slándáil le hurramú chearta an duine, an daonlathais agus an smachta reachta, ós rud é go mbunaítear leo deimhneacht dhlíthiúil, intuarthacht agus institiúidí láidre; á mheabhrú go ndéanann creataí agus institiúidí dlíthiúla daonlathacha láidre nuálaíocht, trádáil, infheistíochtaí agus leathnú eacnamaíoch a chothú, agus forbairt chuimsitheach agus rochtain chomhionann ar chearta sóisialta agus eacnamaíocha á n-áirithiú, agus neamhionannais shóisialta á laghdú, agus go bhfuil siad fíor-riachtanach chun sochaithe athléimneacha a thógáil a bheidh in ann cur i gcoinne tionchar forlámhach agus díchobhsú seachtrach;

29.

ag spreagadh na Cirgeastáine reachtaíocht chuimsitheach frith-idirdhealaithe a achtú lena n-áirítear gnéaschlaonadh, inscne, míchumas agus eitneacht mar chatagóirí cosanta; á chur i bhfáth go bhfuil gá le straitéis ilghnéitheach lena dtugtar aghaidh ar bhunchúiseanna an idirdhealaithe, lena n-áirítear na bacainní atá ann cheana maidir le rochtain a fháil ar cheartas, chun mionlaigh sa Chirgeastáin a chosaint;

30.

á chur in iúl gur geal léi na gníomhartha reachtacha chun cosaint ar fhoréigean teaghlaigh, gnéasach agus inscnebhunaithe a fheabhsú; á iarraidh ar Rialtas na Cirgise a áirithiú go ndéanfar an dlí a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach agus go gcúiseofar déantóirí na coire go foirmiúil as na coireanna ábhartha, agus iarrachtaí a choinneáil ar bun chun deireadh a chur le foréigean inscnebhunaithe agus foréigean teaghlaigh;

31.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di teacht i bhfeidhm reachtaíochta nua lena gcuirtear srian ar shaoirse reiligiúin nó creidimh sa Chirgeastáin, ós rud é go méadaítear léi faireachas stáit agus rialú ar ghrúpaí reiligiúnacha trí chlárlann stáit a chruthú d’eintitis reiligiúnacha agus d’fhoirgnimh reiligiúnacha, go dtugtar isteach fíneálacha as éide reiligiúnach áirithe a chaitheamh, amhail an niqab, in institiúidí stáit agus in áiteanna poiblí, agus go méadaítear leis an maoirseacht ar an oideachas reiligiúnach; á iarraidh ar údaráis na Cirgise a áirithiú go gcosnófar saoirse reiligiúin nó creidimh sa tír, i gcomhréir le caighdeáin agus gealltanais idirnáisiúnta maidir le cearta an duine faoi Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus faoin gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;

32.

ag spreagadh Rialtas na Cirgise plean gníomhaíochta náisiúnta maidir le cearta an duine a fhorbairt le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, i gcomhréir leis na moltaí a rinne Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine;

33.

á iarraidh ar Rialtas na Cirgise gach iriseoir, blagálaí agus gníomhaí atá i bpríosún nó faoi choinneáil go héagórach, lena n-áirítear Kanyshai Mamyrkulova agus iad siúd atá cleamhnaithe le Temirov Live, amhail Makhabat Tajibek kyzy, agus Aike Beishekeyeva agus Aktilek Kaparov, a scaoileadh saor gan choinníoll, agus gach cúiseamh ina gcoinne a tharraingt siar, chomh maith le saoránacht Bolot Temirov a athbhunú agus staonadh ó chleachtais neamhdhleathacha eile, lena n-áirítear iarrachtaí chun leanbh Temirov a bhaint den teaghlach agus é a chur faoi chúram an stáit agus gach iarracht a dhéanamh Temirov a athaontú lena leanbh i gcomhréir le leas an linbh; ag cáineadh phianbhreith na n-iriseoirí Azamat Ishenbekov agus Makhabat Tajibek kyzy i mí Dheireadh Fómhair 2024, ón ardán Temirov Live a bhfuil aithne air mar gheall ar a imscrúduithe ar éilliú, arb ionann í agus 5 bliana agus 6 bliana i bpríosún faoi seach; á thabhairt chun suntais gur thug Meitheal na Náisiún Aontaithe um Choinneáil Threallach tuairim lena n-aithnítear go bhfuil coinneáil iriseoirí Temirov Live treallach; á chur in iúl gur geal léi an pardún a tugadh don iriseoir agus fostaí de Temirov Live, Azamat Ishenbekov, agus don ghníomhaí Zarina Torokulova, a ciontaíodh as cúisimh as ‘mórchorraíl a ghríosú’; á iarraidh ar Rialtas na Cirgise na moltaí ó Mheitheal na Náisiún Aontaithe a rinneadh i dTuairim Uimh. 57/2024 a chur chun feidhme go hiomlán;

34.

ag tathant ar Rialtas na Cirgise a áirithiú go gcloífear le prionsabail na dtoghchán saor agus cothrom trí na cearta chun dul i mbun iomaíochta agus feachtasaíochta a choimirciú, agus neodracht riaracháin á coinneáil i leith na bpáirtithe polaitiúla uile le linn an timthrialla toghcháin reatha, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta; ag cáineadh go láidir gurb ann d’fheachtas Rialtas na Cirgise maidir le himeaglú agus géarleanúint dhlíthiúil i gcoinne pháirtithe an fhreasúra, go háirithe SDK, a bhain údaráis na Cirgise de thoghcháin áitiúla mhí na Samhna 2024 in Bishkek; ag tabhairt dá haire go ndearnadh plé ar athchóiriú toghchánach i bParlaimint na Cirgise; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di iarmhairtí reachtaíocht Pharlaimint na Cirgise lena gcuirtear cosc ar dhaoine aonair a bhfuil taifid choiriúla acu príomhoifigí stáit a shealbhú, lena n-áirítear iarrthóireacht don uachtaránacht agus do theachta parlaiminte, ós rud é go bhféadfaí é sin a chur i bhfeidhm go roghnaitheach chun bac a chur ar lucht freasúra polaitiúil agus ar dhaoine ón tsochaí shibhialta a bheith páirteach sa saol poiblí;

35.

á chur in iúl gur saoth léi go mór coinneáil Temirlan Sultanbekov, Irina Karamushkina agus Roza Turksever an 13 Samhain 2024, agus á iarraidh ar Rialtas na Cirgise deireadh a chur go práinneach lena n-ionchúiseamh a bhfuil údar polaitiúil leis trí dheireadh a chur leis na srianta uile a forchuireadh ar a bpianbhreitheanna faoi seach; ag cáineadh go bhfuil cleachtais amhrasacha, easpa cosaintí dlíthiúla ón tús agus sárú ar a gceart chun na próise cuí tar éis na himeachtaí ina gcoinne a mhilleadh; á mheabhrú gurb taifeadadh fuaime de bhunús anaithnid, a fheidhmíonn mar phríomhfhianaise agus nach bhfuil údarú breithiúnach ann dó, a chuir tús leis an imscrúdú; á chur in iúl gur oth léi gur reáchtáladh a dtrialacha i bhformáid dorais iata gan aon taifeadtaí fuaime ná físe; á cháineadh go bhfuil na coinníollacha chun iad a scaoileadh saor ar promhadh díréireach agus go sáraítear leo a gceart chun páirt a ghlacadh i ngnóthaí poiblí;

36.

ag tathant ar Rialtas na Cirgise staonadh ó ionchúisimh a bhfuil údar polaitiúil leo a shaothrú nó ó bhrú míchuí a chur ar an bhfreasúra polaitiúil agus ar ghuthanna easaontacha, amhail SDK; ag cur béim ar an bhfíoras gur cuid riachtanach d’aon daonlathas nua-aimseartha é an t-iolrachas polaitiúil agus nach mór é a urramú chun dlisteanacht agus cobhsaíocht fhadtéarmach a choinneáil;

37.

ag tathant ar údaráis na Cirgise an ceart chun comhthionóil shíochánta a áirithiú trí dheireadh a chur leis an toirmeasc ar agóidí i lár chathair Bishkek, a tionscnaíodh mar fhreagairt ar iarraidh ó ambasáid na Rúise deireadh a chur le hagóidí frithchogaidh lasmuigh dá háitribh in 2022;

38.

á chur in iúl gur díol sásaimh di éigiontú Klara Sooronkulova, Gulnara Dzhurabayeva, Asya Sasykbayeva agus comhaltaí eile den Choiste um Chosaint Thaiscumar Uisce Kempir-Abad; ag tathant ar Rialtas na Cirgise a achomharc in aghaidh an chinnidh ón gcúirt ghinearálta a tharraingt siar, agus deireadh a chur leis an ionchúiseamh ar chúiseanna polaitiúla;

39.

ag cáineadh go láidir na cniogbheartaíochta leanúnaí agus méadaithí ar an tsochaí shibhialta agus iarrachtaí údaráis na Cirgise na meáin neamhspleácha a chur faoi chois agus easaontú poiblí a theorannú trí mheascán de bhearta dlíthiúla, riaracháin agus comhéigneacha, agus ag tathant ar údaráis na Cirgise deireadh a chur leis an gcniogbheartaíocht sin; á iarraidh ar na húdaráis timpeallacht chomhair a chothú, le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na bpobal áitiúil i gcomhairliúcháin phoiblí agus i bpróisis chinnteoireachta; á chur in iúl gur saoth léi, go háirithe, coinneáil an ghníomhaí um chearta an duine Rita Karasartova ar chúiseanna polaitiúla, atá faoi choinneáil réamhthrialach ó mhí Aibreáin 2025 i leith, gan aon ghníomhaíochtaí imscrúdaitheacha a bheith déanta, rud a sháraíonn noirm nós imeachta, agus a bhfuil a cás aicmithe ag na húdaráis, rud a chuireann cosc dá bhrí sin ar a cosaint cóip den chomhad fianaise a fháil agus a thugann le tuiscint go ndéanfar a triail, atá sceidealaithe do mhí Lúnasa 2025 tar éis dhá thréimhse a cuireadh siar roimh ré, a reáchtáil taobh thiar de dhoirse dúnta, agus á iarraidh go scaoilfear saor go práinneach í; á chur in iúl gur saoth léi an phianbhreith dhíréireach i gcoinne an ghníomhaí um chearta an duine Kanyshai Mamyrkulova, ar gearradh téarma 4 bliana ar a phromhadh le curfáil, toirmeasc ar an tír a fhágáil agus srianta agus faireachas ar a foilseacháin ar líne, le haghaidh post ar na meáin shóisialta atá cáinteach ar Rialtas na Cirgise; á chur in iúl gur saoth léi, thairis sin, an phianbhreith phromhaidh a tugadh do Joomart Karabaev, teangeolaí agus iar-shaineolaí in Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí, as ‘corraíl a ghríosú’ trí phostálacha ar na meáin shóisialta ina gcáintear an t-éilliú breithiúnach; á chur in iúl go bhfuil meas aici do shochaí shibhialta agus meáin neamhspleácha na Cirgise atá fós ar cheann de na sochaithe sibhialta is beoga san Áise Láir, in ainneoin na géarleanúna agus bhaoil phearsanta mhóir;

40.

á iarraidh ar Bhallstáit an Aontais agus ar institiúidí an Aontais tacú le heagraíochtaí sochaí sibhialta na Cirgise, le cosantóirí agus dlíodóirí chearta an duine, le gníomhaithe LADTIA+ agus comhshaoil, leis na meáin agus blagálaithe neamhspleácha, a chur in iúl gur cúis mhór imní dóibh an meath ar chearta an duine sa tír ina malartuithe uile le húdaráis na Cirgeastáine, agus athmheasúnú a dhéanamh ar thairbhí GSP+ na tíre agus bearta iomchuí a ghlacadh, lena n-áirítear smachtbhannaí faoi chóras domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine (‘Gníomh Magnitsky an Aontais’) mar rogha dheireanach, má leanann an Chirgeastáin de neamhaird a thabhairt ar a gealltanais i leith coinbhinsiúin idirnáisiúnta;

41.

á chur in iúl gur saoth léi roinnt cásanna le déanaí de dhaoine aonair a cháineann Rialtas na Cirgise a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Chirgeastáin agus a bhfuil bagairt eiseachadta chuig an gCirgeastáin os a gcomhair, i gcás ina bhfuil siad i mbaol gabháil, príosúnacht agus céasadh ar chúiseanna polaitiúla mar fhrithbheart as a gcáineadh; ag cáineadh chás an ghníomhaí ar deoraíocht Tilekmat Kurenov a eiseachadadh le déanaí ó Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha go dtí an Chirgeastáin, áit ar cuireadh faoi phríosúnacht, céasadh agus bagairtí é ar chúiseanna polaitiúla roimhe sin mar gheall ar a ghníomhaíochas;

42.

ag tathant ar Rialtas na Cirgise an dlí ‘ionadaithe eachtracha’ de chineál na Rúise a chúlghairm, rud a chuireann isteach go mór ar chumas na sochaí sibhialta obair dhlisteanach ar mhaithe le leas an phobail a dhéanamh agus oibriú gan cur isteach agus ciapadh míchuí agus timpeallacht oibre shábháilte á háirithiú ag an am céanna, agus a thagann salach ar oibleagáidí idirnáisiúnta na Cirgeastáine faoin gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus a gealltanais mar chomhpháirtí de chuid an Aontais faoi CCCF; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú nach gcuirfear cláir agus tionscnaimh an Aontais i mbaol leis na dlíthe atá beartaithe, rud a d’fhéadfadh srian a chur leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus srian a chur le gníomhaíochtaí eagraíochtaí neamhrialtasacha;

43.

ag tathant ar an gCirgeastáin saoirse agus iolrachas na meán a urramú agus a chosaint, ar coinníollacha bunúsacha iad don daonlathas, staonadh ó eagraíochtaí neamhspleácha meán a dhúnadh go héigeantach, amhail i gcás Kloop, nó líomhaintí gan bhunús a dhéanamh ina gcoinne mar gheall ar a dtuairisciú imscrúdaitheach agus criticiúil; ag cáineadh go láidir na cniogbheartaíochta a rinneadh le déanaí ar Kloop agus á iarraidh go scaoilfí saor gan choinníoll na hiriseoirí eile atá cleamhnaithe le Kloop – Aleksandr Aleksandrov agus Zhoomart Duulatov – agus go gcuirfí stop le hionchúisimh agus ciapadh a bhfoirne; á chur in iúl gur geal léi an cáineadh a rinne eagraíochtaí um chearta an duine amhail Amnesty International agus Ardán Gníomhaíochta na Meán ar an gcniogbheartaíocht, atá mar chuid d’iarracht níos leithne chun deireadh a chur le hiriseoireacht neamhspleách sa tír; á iarraidh ar údaráis na Cirgise cead a thabhairt do ghairmithe neamhspleácha sna meáin a gcuid oibre a dhéanamh, ráthaíocht a thabhairt d’iriseoirí agus do thuairisceoirí nach mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar ghéarleanúint díoltais as a ngníomhaíochtaí gairmiúla, lena n-áirítear iriseoireacht iniúchach, agus cosaint leormhaith a sholáthar do thuairisceoirí a d’fhéadfaí a chiapadh as a dtuairisciú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Bhallstáit an Aontais a áirithiú go leanfar de sheirbhís Radio Free Europe/Radio Liberty de chuid na Cirgise a oibriú;

44.

á iarraidh ar SEGS agus ar Thoscaireacht an Aontais sa Chirgeastáin taidhleoireacht phoiblí ghníomhach a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt ar insintí bréagacha arna scaipeadh ag údaráis na Cirgise, go háirithe iad siúd a thugann bréagléiriú ar luachanna agus beartais an Aontais agus é mar aidhm míchlú a tharraingt ar na meáin neamhspleácha agus ar an tsochaí shibhialta; ag tathant ar thaidhleoirí an Aontais agus na mBallstát sa Chirgeastáin freastal ar thrialacha arb í an pholaitíocht is cúis leo agus tacaíocht a thabhairt do na daoine aonair a ndearnadh géarleanúint éagórach orthu agus dá dteaghlaigh;

45.

ag cáineadh iarrachtaí údaráis na Cirgise Aprel TV a dhúnadh trína cheadúnas craolacháin a chúlghairm agus a oibríochtaí ar na meáin shóisialta a fhoirceannadh ar bhonn imscrúdú arna dhéanamh ag Coiste Stáit na Cirgeastáine um Shlándáil Náisiúnta; á chur in iúl gur saoth léi rialú Chúirt Dúiche Bishkek Dheireadh Fómhair an 9 Iúil 2025, lenar ordaíodh leachtú an chainéil agus a leathanaigh meán sóisialta a bhaint, lena ndúnaítear an craoltóir go héifeachtach; á chur in iúl gur oth léi na gníomhaíochtaí sin i gcomhthéacs eagraíochtaí meán a dhúnadh ar fhorais neamhdhlisteanacha;

46.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di athchoiriúlú na ndlíthe leabhail agus masla agus á iarraidh ar Rialtas na Cirgise gan mí-úsáid a bhaint as na forálacha sin chun díriú ar iriseoirí agus ar an bhfreasúra polaitiúil dlisteanach; á iarraidh ar na húdaráis athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht sin i gcomhréir le moltaí Choimisiún na Veinéise; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin an dréachtbhille maidir leis an leasú ar an gCód Coiriúil arna mholadh ag riarachán na huachtaránachta, go háirithe na hathruithe ar Airteagal 18 lena sainítear cad is coir ann, toisc go dtugtar isteach leis foclaíocht ar ábhar imní é a bhféadfadh mí-úsáid dhlíthiúil a bheith mar thoradh uirthi trí dhliteanas a bhaint agus trí údar a thabhairt le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ag oifigigh, ag oibrithe an Choiste um fhorfheidhmiú an dlí agus ag oibrithe an Choiste Stáit um Shlándáil Náisiúnta (GKNB);

47.

ag tathant ar údaráis na Cirgise an dlí maidir le ‘faisnéis bhréagach’ agus an dlí lena dtoirmisctear ‘bolscaireacht LADT’ a chúlghairm, a sháraíonn oibleagáidí na Cirgeastáine faoin dlí idirnáisiúnta agus a úsáideadh go córasach chun guthanna criticiúla a chur ina dtost, lena n-áirítear iriseoirí agus gníomhaithe na sochaí sibhialta; á chur in iúl gur oth léi go mór formheas deiridh an Dlí chonspóidigh maidir leis na Mórmheáin, a dtugann saineolaithe meán agus baill den tsochaí sibhialta rabhadh ina leith go bhfágfaidis go bhféadfaí rialú diansmachtúil a dhéanamh ar na meáin agus á iarraidh ar údaráis na Cirgise a áirithiú go mbeidh dlí na n-ollmheán i gcomhréir go hiomlán le caighdeáin idirnáisiúnta agus nach mbeidh sáruithe ar shaoirsí na meán ná ar shaoirsí chun tuairimí a nochtadh mar thoradh air;

48.

ag iarraidh ar Rialtas na Cirgise iriseoirí, oibrithe eagraíochtaí neamhrialtasacha agus gníomhaithe a chosaint ar imeaglú agus ar chiapadh, lena n-áirítear iad siúd a ndéantar bagairtí bás agus bagairtí eile a bhaineann lena slándáil orthu agus iad i bpríosún, agus á iarraidh ar Thoscaireacht an Aontais dlúthfhaireachán a dhéanamh ar na bagairtí sin agus tuairisciú rialta a dhéanamh ar chás na ndaoine aonair atá i mbaol; á chur in iúl gur saoth léi ruathair an rialtais, suíomhanna nuachta a bhlocáil agus iriseoirí agus blagálaithe a ionchúiseamh; ag cáineadh dhúnadh na heagraíochta atá taobh thiar d’ardán imscrúdaitheach Kloop ag an gcúirt maidir lena cumhdach ‘diúltach’ líomhnaithe; á chur in iúl gur oth léi gur iarr an tUachtarán Japarov go ndúnfaí Radio Free Europe/Radio Liberty de chuid na Cirgise, agus seirbhís na Cirgise á cur i leith na mífhaisnéise a scaipeadh;

49.

ag tathant ar Rialtas na Cirgise gan seilbh ábhar ‘antoisceach’ a choiriúlú, toisc go bhfuil rabhadh tugtha ag forais faire um chearta an duine go bhféadfadh sé go dtiocfadh tuilleadh meatha ar an tsaoire cainte sa Chirgeastáin as sin, ós rud é go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as an dlí, agus coimircí dlíthiúla soiléire a chothabháil chun mí-úsáid na ndlíthe lena ngearrtar pionóis as gníomhaíocht antoisceach a spreagadh go poiblí a chosc; ag tathant ar Ard-Chomhairle na Cirgeastáine seasamh leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus á mheabhrú nár cheart do chniogbheartaíocht i gcoinne na meán neamhspleácha, an fhreasúra agus daoine eile atá cáinteach ar an rialtas a bheith mar thoradh ar ‘fhaisnéis bhréagach’ a chomhrac;

50.

ag tathant ar Rialtas na Cirgise an smacht reachta, scaradh na gcumhachtaí agus neamhspleáchas na mbreithiúna a neartú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, próisis a bhunú chun feidhmíocht bhreithiúnach a thomhas, maoirseacht phoiblí a fheabhsú agus trédhearcacht laistigh de na breithiúna a mhéadú, agus rannpháirtíocht na mbreithiúna leis an tsochaí shibhialta agus le craobhacha rialtais eile a fheabhsú; á iarraidh ar údaráis na Cirgise dlús a chur lena n-iarrachtaí chun rochtain chomhionann ar cheartas, an ceart chun triail chóir a fháil agus comhlíonadh an chirt chun na próise cuí a ráthú;

51.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di líon ard na gcásanna coinneála réamhthrialach, atá tugtha chun suntais ag Ombudsman na Cirgise, Dzhamilia Dzhamanbaeva, agus ag athdhearbhú iarraidh an Ombudsman ar údaráis forfheidhmithe dlí agus ar chomhlachtaí breithiúnacha na Cirgise cloí le caighdeáin idirnáisiúnta, lena n-áirítear Rialacha Íosta Caighdeánacha na Náisiún Aontaithe maidir le Bearta Neamhchoinneála;

52.

ag tabhairt dá haire go bhfuil athchóirithe déanta ar an gcóras príosún a rinneadh le blianta beaga anuas, lena gcuimsítear den chuid is mó promhadh a fhorbairt, próisis éagsúla a dhigitiú agus bearta coisctheacha malartacha a thabhairt isteach; á chur in iúl gur oth léi, áfach, cásanna drochíde a bheith á tabhairt do phríosúnaigh agus ag spreagadh údaráis na Cirgise gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh íde ná riochtaí mídhaonna nó táireacha ar phríosúnaigh, agus go bhfaighidh siad cúram sláinte leormhaith i ndálaí sábháilte agus slána;

53.

á chur i bhfios go láidir gur gá reachtaíocht nua a fhorbairt i réimse an dlí riaracháin agus an cheartais, lena n-áirítear athchóiriú an riaracháin phoiblí agus réiteach malartach díospóidí, agus acmhainneachtaí gairmiúla an riaracháin phoiblí agus ionadaithe na mbreithiúna a neartú, rud a d’fhéadfaí a bhaint amach go páirteach trí chórais ríomhrialachais a ghlacadh;

54.

á iarraidh ar údaráis na Cirgise seasamh le neamhspleáchas ghairm an dlí agus a áirithiú nach gcuirfear dlíodóirí faoi réir cur isteach ná ciaptha mar thoradh ar a ndualgais ghairmiúla a chomhlíonadh, lena n-áirítear a gcliaint a chosaint i gcásanna atá íogair ó thaobh na polaitíochta de;

55.

ag moladh rannpháirtíocht na Cirgeastáine i gClár Smachta Reachta na hÁise Láir, a thacaigh le hiarrachtaí náisiúnta chun éilliú agus sciúradh airgid a chosc agus a chomhrac, agus a d’ardaigh feasacht maidir le caighdeáin chearta an duine i measc gairmithe dlíthiúla, i measc ábhair eile;

56.

ag tabhairt dá haire gur fhill an tUachtarán Japarov ar an gCód Talún conspóideach ar Pharlaimint na Cirgise, tar éis agóidí poiblí ina choinne;

°

° °

57.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Cirgise.


(1)   IO L, 2024/2141, 13.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/2141/oj.

(2)   IO C, C/2024/5718, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5718/oj.

(3)   IO C, C/2025/1969, 11.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1969/oj.

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0170.

(5)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Iúil 2023 ar mholtaí maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar rialacha Pharlaimint na hEorpa maidir le trédhearcacht, sláine, cuntasacht agus frith-éilliú, IO C, C/2024/4011, 17.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4011/oj .


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1491/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top