Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025IP0154

P10_TA(2025)0154 — Sábháilteacht táirgí agus comhlíonadh rialála maidir le ríomhthráchtáil agus allmhairí nach de chuid an Aontais iad — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2025 ar shábháilteacht táirgí agus comhlíonadh rialála maidir le ríomhthráchtáil agus allmhairí nach de chuid an Aontais iad (2025/2037(INI))

IO C, C/2026/1436, 31.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1436/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1436/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1436

31.3.2026

P10_TA(2025)0154

Sábháilteacht táirgí agus comhlíonadh rialála maidir le ríomhthráchtáil agus allmhairí nach de chuid an Aontais iad

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2025 ar shábháilteacht táirgí agus comhlíonadh rialála maidir le ríomhthráchtáil agus allmhairí nach de chuid an Aontais iad (2025/2037(INI))

(C/2026/1436)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do thuarascáil an 31 Márta 2022 ón nGrúpa Saoithe maidir le hAthchóiriú ar Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh dar teideal ‘Putting More Union in the European Customs: Ten proposals to make the EU Customs Union fit for a Geopolitical Europe’ [Tuilleadh den ‘Aontas’ a chur ar bun i réimse an Chustaim Eorpaigh: Deich gcinn de mholtaí chun Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh a chur in oiriúint d’Eoraip Gheopholaitiúil],

ag féachaint dá seasamh an 13 Márta 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Aontais agus Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (1),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2025 dar teideal ‘A comprehensive EU toolbox for safe and sustainable e-commerce’ [Bosca uirlisí cuimsitheach de chuid an Aontais le haghaidh ríomhthráchtáil shábháilte inbhuanaithe] (COM(2025)0037),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/3015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 maidir le táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/19371 (2),

ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859 (3),

ag féachaint do thuarascáil Enrico Letta ó mhí Aibreán 2024 dar teideal ‘Much more than a market: Speed, Security, Solidarity – Empowering the Single Market to deliver a sustainable future and prosperity for all EU Citizens’ [Margadh Thar an gCoitiantacht: Luas, Slándáil, Dlúthpháirtíocht - An Margadh Aonair a chumhachtú chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúnas inbhuanaithe a sholáthar do shaoránaigh uile na hEorpa] (4),

ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A10-0133/2025),

A.

de bhrí go bhfuil athrú ó bhonn tagtha ar an gcaoi a gceannaíonn tomhaltóirí rudaí agus a ndéileálann siad le gnólachtaí ar fud an domhain mar gheall ar an ríomhthráchtáil, rud a chuireann deiseanna nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar fáil; de bhrí go bhfuil dúshláin shuntasacha ag baint leis an ríomhthráchtáil d’iomaíochas an Aontais agus gur ábhair imní í maidir le cearta tomhaltóirí agus sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí, go háirithe ós rud é go n-ardaíonn catagóirí áirithe táirgí ábhair imní phráinneacha maidir lena dtionchar ar ghrúpaí tomhaltóirí leochaileacha; de bhrí go bhfuil tionchar aici ar an gcomhshaol, go háirithe trí ghiniúint dramhaíola mhéadaithe agus astaíochtaí carbóin a eascraíonn as iompar agus lóistíocht; de bhrí go bhfuil tionchar ag an ríomhthráchtáil ar tharraingteacht miondíoltóirí agus, dá bhrí sin, go gcuireann sí leis an mbonn a bhaint ó lár na gcathracha; de bhrí go bhfuil impleachtaí sóisialta ag an ríomhthráchtáil freisin, go háirithe maidir le dálaí oibre in earnáil stórasaithe agus seachadta;

B.

de bhrí go ndéanann os cionn 75 % de thomhaltóirí an Aontais siopadóireacht ar líne; de bhrí go gcuireann fás leanúnach na ríomhthráchtála feabhas ar rochtain do thomhaltóirí, ar cháilíocht agus ar iomaíocht praghsanna; de bhrí go laghdaíonn ríomhthráchtáil bacainní iontrála sa mhargadh d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus d’fhiontraithe, go gcothaíonn sí cuimsiú digiteach, go dtacaíonn sí le pobail nach ndéantar freastal ceart orthu, agus go rannchuidíonn sí leis an nuálaíocht, leis an táirgiúlacht agus leis an bhfás eacnamaíoch ar fud an mhargaidh aonair;

C.

de bhrí, leis an mborradh atá tagtha ar allmhairí ríomhthráchtála, a thagann ón tSín den chuid is mó, go bhfuil géarú déanta ag díoltóirí neamhchomhlíontacha a sheachnaíonn costais rialála agus a bhaineann an bonn de ghnólachtaí atá géilliúil don dlí, trí mhodhanna amhail góchumadh, ar an iomaíocht éagórach; de bhrí go bhfuil géarghá le machaire comhréidh a athbhunú do gach gnólacht, go háirithe FBManna; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí forfheidhmiúcháin a chistiú agus a fheistiú go leormhaith ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, agus tarmligean iomarcach freagrachtaí forfheidhmithe chuig gníomhaithe príobháideacha á sheachaint ag an am céanna;

D.

de bhrí nach mór do chuideachtaí Eorpacha, eadhon FBManna, rialacháin dhochta a chomhlíonadh agus dul san iomaíocht ar éagothroime iomaíochta le hardáin ríomhthráchtála nach de chuid an Aontais iad a sheachnaíonn na hoibleagáidí sin; de bhrí go dtiomnaíonn cuideachtaí Eorpacha acmhainní ábhartha agus daonna chun comhlíonadh rialála a áirithiú, ag tógáil orthu féin na hualaí suntasacha riaracháin agus airgeadais;

E.

de bhrí nach gcomhlíonann cuideachtaí áirithe nach de chuid an Aontais iad rialacháin Eorpacha maidir le cosaint sonraí, lena ráthaítear ardleibhéal príobháideachais do thomhaltóirí, trí dhul i mbun cleachtais phróifílithe tomhaltóirí a úsáideann sonraí pearsanta; de bhrí go bhfuil gá le forfheidhmiú agus comhar feabhsaithe chun cosaintí comhsheasmhacha príobháideachais a áirithiú do gach tomhaltóir;

F.

de bhrí gur thagair Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, ina treoirlínte polaitiúla le haghaidh 2024-2029, don ghá atá le dul i ngleic le dúshláin a bhaineann le hardáin ar líne chun a áirithiú go mbainfidh tomhaltóirí agus gnólachtaí araon tairbhe as machaire comhréidh bunaithe ar rialuithe éifeachtacha custaim, cánach agus sábháilteachta agus ar chaighdeáin inbhuanaitheachta, agus gur chuir sí de chúram ar roinnt Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin agus Coimisinéirí an misean sin a chomhlíonadh;

G.

de bhrí gur cuireadh tús leis an bpróiseas chun acquis an Aontais a chur in oiriúint don timpeallacht ar líne roinnt blianta ó shin, agus go n-áirítear anois le go leor dlíthe maidir le táirgí, cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí forálacha chun coimircí láidre a áirithiú sa tírdhreach digiteach; de bhrí, d’ainneoin na n-iarrachtaí sin, go bhfuil easnaimh chriticiúla fós ann maidir le húdaráis a chumhachtú chun an slabhra soláthair iomlán a thabhairt chun cuntais agus cosaint tomhaltóirí a áirithiú, ar easnaimh iad nach mór aghaidh a thabhairt orthu go práinneach;

H.

de bhrí go rannchuidíonn an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (5) (GSD), an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí (6) (GPSR), an Rialachán maidir le Faireachas Margaidh (7) (MSR) agus an Rialachán maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CPC) (8) le timpeallacht ríomhthráchtála atá níos sábháilte agus cothrom, má chuirtear chun feidhme agus má fhorfheidhmítear go maith é; de bhrí, in ainneoin na ndlíthe sin, gur léirigh eagraíochtaí tomhaltóirí agus eagraíochtaí eile, chomh maith le húdaráis náisiúnta, imní faoin líon mór táirgí neamhshábháilte a bhraitear san Aontas nach gcomhlíonann reachtaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí agus caighdeáin chomhshaoil agus cheimiceacha; de bhrí go bhfuil cistiú agus comhordú níos fearr i measc údaráis forfheidhmithe na mBallstát bunriachtanach chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na rioscaí sin;

I.

de bhrí go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag ríomhthráchtáil ar thomhaltóirí trí áisiúlacht nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, rochtain ar tháirgí éagsúla agus praghsáil iomaíoch a chur ar fáil dóibh; de bhrí go bhfágann ríomhthráchtáil tomhaltóirí neamhchosanta freisin ar rioscaí amhail táirgí neamhshábháilte, easpa trédhearcachta agus cleachtais chúblála a bhaineann leas as a leochaileachtaí;

J.

de bhrí go bhfuil cosaint tomhaltóirí bunriachtanach d’fheidhmiú mhargadh inmheánach an Aontais, toisc go n-áirithítear léi muinín agus cothroime i gcleachtais tráchtála, rud a chumasaíonn fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus nuálaíocht; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin chun trédhearcacht, cothroime agus forbairt fhreagrach seirbhísí digiteacha agus ríomhthráchtála a chur chun cinn;

K.

de bhrí go bhfuil daoine ó chúlraí socheacnamaíocha atá faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear teaghlaigh agus leanaí ar ioncam íseal, níos neamhchosanta ar na rioscaí a bhaineann le táirgí nach bhfuil sábháilte mar gheall ar a bpraghsanna níos ísle, a margaíocht ionsaitheach agus a ndáileadh forleathan;

L.

de bhrí go raibh imní faoi oiriúnacht nósanna imeachta custaim faoi Chód Custaim reatha an Aontais (9) don ríomhthráchtáil ina spreagadh suntasach do phacáiste an Choimisiúin maidir le hathchóiriú custaim, lena n-áirítear na tograí reachtacha maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar Chód Custaim an Aontais agus Údarás Custaim an Aontais a bhunú (athchóiriú ar Chód Custaim an Aontais), agus deireadh a chur leis an tairseach díolúine EUR 150 (de minimis) chun dleachtanna custaim agus CBL ar tháirgí allmhairithe a íoc;

M.

de bhrí go bhfuil infheistíochtaí suntasacha de dhíth ar údaráis chustaim, go háirithe chun a áirithiú gur ann do líon leordhóthanach ball foirne a bhfuil oiliúint chuí orthu chun feidhmiú chórais chustaim an Aontais a ráthú, ar córais iad a bhfuil méadú easpónantúil ar an éileamh le haghaidh seiceálacha custaim le sárú acu; de bhrí nach féidir tairbhí a bhaint amach le réitigh dhigiteacha i dtéarmaí éifeachtúlachta agus comhchuibhithe gan na hinfheistíochtaí riachtanacha a dhéanamh san fhoireann;

N.

de bhrí go bhféadfadh ardteicneolaíochtaí scagtha, amhail an intleacht shaorga agus blocshlabhra, feabhas suntasach a chur ar chumas na n-údarás custaim agus faireachais margaidh lastais ardriosca a mharcáil agus seiceálacha comhlíontachta a uathoibriú ar scála; de bhrí go bhfuil infheistíocht sna teicneolaíochtaí sin fós ilroinnte agus míchothrom ar fud na mBallstát; de bhrí go bhfuil cistiú, comhordú agus iarrachtaí méadaithe ar leibhéal an Aontais chun idir-inoibritheacht a áirithiú bunriachtanach chun dlús a chur lena n-imscaradh agus chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht fhoriomlán na sásraí forfheidhmiúcháin a fheabhsú;

O.

de bhrí gur féidir le huirlisí digiteacha, amhail an intleacht shaorga agus idirlíon na rudaí nithiúla, cabhrú le táirgí neamhchomhlíontacha a rianú, ach nach mór dóibh príobháideachas tomhaltóirí a urramú agus nár cheart faireachán ginearálta ar úsáideoirí a bheith mar thoradh orthu;

P.

de bhrí go dtugtar chun suntais i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2025 maidir le bosca uirlisí cuimsitheach an Aontais don ríomhthráchtáil shábháilte agus inbhuanaithe, go meastar go leanfaidh líon na n-earraí ríomhthráchtála a cheannaíonn tomhaltóirí an Aontais ar ardáin ar líne nach de chuid an Aontais iad de bheith ag fás go tapa, agus tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhleacht chustaim atá ann faoi láthair do choinsíneachtaí ar luach íseal (suas le EUR 150);

An borradh atá tagtha ar earraí neamhchomhlíontacha sa ríomhthráchtáil

1.

á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar líon na gceannachán atá á ndéanamh ag tomhaltóirí an Aontais ar ardáin ar líne nach de chuid an Aontais iad i dtimpeallachtaí idir gnólachtaí agus tomhaltóirí, i dtimpeallachtaí atá ag teacht chun cinn idir monaróirí agus tomhaltóirí agus i dtimpeallachtaí ‘díreach chuig an tomhaltóir’ atá ag teacht chun cinn; ag cur béim ar an bhfíoras, mar a thuairiscítear i dtuarascáil Letta maidir le todhchaí an mhargaidh aonair (10), go bhfuil géarú ag teacht ar chúrsaíocht táirgí díobhálacha sa mhargadh aonair agus go bhfuil tomhaltóirí an Aontais ag cur amú EUR 19,3 billiún in aghaidh na bliana ag ceannach táirgí contúirteacha a bhféadfadh gortuithe a bheith mar thoradh orthu agus atá díobhálach dár ngeilleagair;

2.

ag tabhairt dá haire gur allmhairíodh 4,6 billiún ítim ríomhthráchtála faoin tairseach díolúine EUR 150 isteach san Aontas in 2024, 91 % acu a tháinig ón tSín, ar fiú suas le 12 mhilliún ítim bheaga ríomhthráchtála in aghaidh an lae agus arb ionann é agus beagnach dhá oiread an lín a taifeadadh in 2023 (2,4 billiún), agus níos mó ná trí oiread an lín in 2022 (14 billiún); ag tabhairt dá haire gur ghéaraigh an borradh sin ar dhúshláin chomhlíontachta, go háirithe maidir le sábháilteacht táirgí, agus gur thuairiscigh údaráis faireachais margaidh agus imscrúduithe neamhspleácha rátaí scanrúla neamhchomhlíonta;

3.

á chur i bhfáth go ndéantar formhór na dtáirgí neamhshábháilte agus neamhdhleathacha a sheoladh chuig an Aontas i méideanna móra beartán aonair agus, go minic, beag a dhíoltar le tomhaltóirí an Aontais trí ardáin ar líne ó thíortha nach de chuid an Aontais iad, go háirithe an tSín; á chur i bhfáth go bhfuil sé deacair táirgí den sórt sin a rialú, go háirithe d’údaráis chustaim ag na pointí iontrála, atá lonnaithe den chuid is mó ag calafoirt mhóra agus ag aerfoirt lóistíochta don ríomhthráchtáil; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfágann sé sin go bhfuil sé beagnach dodhéanta stop a chur le táirgí den sórt a theacht isteach san Aontas agus go bhfágann sé go bhfuil sé ag éirí níos deacra d’údaráis faireachais margaidh táirgí den sórt sin a bhrath agus a bhaint den mhargadh inmheánach agus d’údaráis tomhaltóirí é sin a dhéanamh a luaithe a shroicheann na táirgí tomhaltóirí an Aontais;

4.

á chur i bhfáth go bhfuil impleachtaí suntasacha comhshaoil ag fás tapa na ríomhthráchtála mar gheall ar shaincheisteanna amhail méadú ar dhramhaíl ó phacáistíocht, an lorg carbóin níos mó ó tháirgí ísealcháilíochta agus gearrshaolacha agus a loingsiú, agus fadhbanna le bainistiú dramhaíola agus ábhair nach féidir a athchúrsáil; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, gur gá comhlíonadh na reachtaíochta comhshaoil a áirithiú agus bealaí inbhuanaithe tomhaltais a spreagadh;

5.

á chur i bhfáth go bhfuil líomhaintí os comhair roinnt margaí ar líne nach de chuid an Aontais iad maidir le húsáid saothair éigeantais; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, go gcuirtear toirmeasc le Rialachán (AE) 2024/3015 ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais dul isteach i margadh an Aontais, agus nach mór é a fhorfheidhmiú go héifeachtach tar éis a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear le haghaidh díolacháin ar líne;

6.

á thabhairt dá haire, i ndáil le Rialachán (AE) 2023/2411 (11) maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Nollaig 2025; á thabhairt dá haire go bhfuil an baol ann go bhfanfaidh tásca geografacha neamhéifeachtach, mura ndéantar iad a chur chun cinn agus a chosaint go leormhaith, go háirithe maidir le margaí tíortha nach Ballstáit den Aontas iad; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, in éineacht le húdaráis chustaim na mBallstáit, seiceálacha a neartú, arb é is aidhm dóibh táirgí a sháraíonn na rialacha maidir le tásca geografacha a idircheapadh;

7.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an tsamhail ghnó atá i réim ag ardáin mhóra áirithe ar líne nach de chuid an Aontais iad bunaithe ar tháirgeadh agus dáileadh mear, mórscála na dtáirgí mearfhaisin agus na dtáirgí faisin an-ghasta, agus tús áite á thabhairt do luas agus do chostas íseal thar inbhuanaitheacht, sábháilteacht agus cáilíocht; á chur in iúl gur oth léi nach gcomhlíonann go leor táirgí den sórt sin reachtaíocht an Aontais, ach gur minic a sheachnaíonn díoltóirí neamhchomhlíontacha forfheidhmiú nó smachtbhannaí fóinteacha; á chur i bhfáth gur cineál dumpála sóisialta agus comhshaoil iad na cleachtais sin, rud a fhágann go bhfuil buntáiste iomaíoch leanúnach agus éagórach ann do na hardáin sin nach de chuid an Aontais iad, agus a chuireann brú díréireach ar ghnóthais Eorpacha, go háirithe FBManna agus micrifhiontair; ag cur béim ar an bhfíoras go gcuireann sé sin bac ar earnáil teicstíle agus éadaigh an Aontais a fhorbairt;

Crosbhóthar ríomhthráchtála: dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le comhlíonadh

8.

á aithint go bhfuil creat láidir comhlíontachta bunaithe ag an Aontas, a bhfuil feidhm aige freisin maidir le táirgí a dhíoltar ar líne, ach go bhfuil gá fós le hiarrachtaí níos mó chun an creat comhlíontachta a fhorfheidhmiú go hiomlán; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá GSD, DMA, MSR, GPSR, rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí agus dlíthe éagsúla táirgí agus comhshaoil; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil dúshláin roimh údaráis faireachais margaidh maidir leis na creataí sin a chur i bhfeidhm i leith ardáin ar líne mar atá léirithe i dtuarascáil mheastóireachta a d’fhoilsigh an Coimisiún le déanaí ar chur chun feidhme Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus, go háirithe, i gcásanna ina ndíoltar cainníochtaí móra táirge i gcoinsíneachtaí beaga; á mheas go bhfuil gá le GSD agus acquis rialála eile a chur chun feidhme go críochnúil chun táirgí neamhshábháilte, neamhchomhlíontacha agus góchumtha a chomhrac;

9.

á chur i bhfáth gur gá an creat comhlíontachta atá ann cheana a chur chun feidhme agus meastóireacht a dhéanamh ar na bearta sin agus reachtaíocht nua á breithniú, lena n-áirítear oibleagáidí nua do mhargaí ar líne;

10.

ag tabhairt dá haire nach bhfuil sé praiticiúil tástálacha fisiciúla a dhéanamh go háirithe i gcás beartáin bheaga a sheoltar go díreach chuig an tomhaltóir deiridh agus, dá bhrí sin, go leanfaidh na húdaráis chustaim de bheith ag brath go príomha ar sheiceáil a dhéanamh ar an doiciméadacht, seachas ar chigireacht a dhéanamh ar na táirgí iad féin;

11.

á thabhairt chun suntais go bhfuil bearnaí suntasacha forfheidhmiúcháin ann mar thoradh ar acmhainní teoranta agus leibhéal neamhleor digitithe údaráis chustaim agus faireachais margaidh, easpa acmhainní daonna agus uirlisí teicneolaíochta comhchuibhithe idir-inoibritheacha ar fud na mBallstát, agus comhroinnt neamhleor sonraí agus easpa comhair agus comhordaithe ar an iomlán idir údaráis chustaim, ardáin agus eintitis faireachais margaidh; á aithint go bhfuil cigireachtaí fisiciúla teoranta go bunúsach, rud nach bhfuil neart air, i bhfianaise líon na mbeartán ríomhthráchtála a thagann isteach san Aontas;

12.

á mheas gur uirlis thábhachtach iad cleachtaí rúnsiopadóireachta ag údaráis faireachais margaidh, mar a cuireadh chun cinn sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ríomhthráchtáil, chun comhlíonadh táirgí a dhíoltar trí ardáin ar líne a fhíorú; á chur i bhfáth, áfach, i gcás go bhfuil díoltóirí lonnaithe lasmuigh den Aontas nó nach bhfuil siad inrianaithe agus má úsáidtear seoltaí bréige do dhaoine freagracha, nach bhfuil aon eintiteas dlíthiúil faoi dhliteanas ann agus nach féidir le húdaráis faireachais margaidh gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a dhéanamh;

13.

á mheas go bhfuil iomaíocht éagórach roimh mhonaróirí agus mhiondíoltóirí an Aontais, go háirithe FBManna, mar gheall ar ardáin ar líne nach de chuid an Aontais iad a chuireann ar chumas monaróirí nach de chuid an Aontais iad agus a dtáirgí neamhchomhlíontacha dul isteach go héasca i margadh an Aontais, agus na rialacháin agus na caighdeáin is infheidhme a sheachaint; á thabhairt chun suntais, cé nach mór do mhonaróirí am Aontais rialacha dochta sábháilteachta, comhshaoil agus cáilíochta a chomhlíonadh, go seachnaíonn go leor táirgí ar luach íseal a dhíoltar trí na hardáin sin seiceálacha custaim agus faireachais margaidh mar gheall ar an gcaoi a seoltar chuig an Aontas iad; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbaineann roinnt de na hardáin sin agus trádálaithe nach de chuid an Aontais iad leas d’aon ghnó as an mbealach éalaithe sin, rud a fhágann gur féidir le hallmhairí neamhchomhlíontacha teacht isteach i margadh aonair an Aontais gan seiceáil, rud a chuireann monaróirí, mórdhíoltóirí agus miondíoltóirí Eorpacha faoi mhíbhuntáiste, a lagaíonn a n-iomaíochas agus a chuireann bac ar a gcumas nuálaíochta, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le dúnadh go leor micrifhiontar agus fiontar beag;

14.

á chur i bhfáth go bhfuil monaróirí an Aontais, de facto, faoi réir faireachas margaidh atá i bhfad níos déine i gcomparáid le monaróirí nach de chuid an Aontais iad a shroicheann tomhaltóirí an Aontais trí ardáin ríomhthráchtála; á chur in iúl gur oth léi go mór gur cailleadh sciar den mhargadh agus poist mar gheall ar insreabhadh táirgí níos saoire nach gcomhlíonann caighdeáin Eorpacha, go háirithe maidir le sábháilteacht agus cáilíocht, chomh maith le táirgí neamhdhleathacha eile, a seoladh ó thíortha nach de chuid an Aontais iad, a mbíonn tionchar díreach acu ar FBManna an Aontais agus ar neart chuideachtaí an Aontais agus ar a gcumas infheistíocht a dhéanamh agus brabúsacht a choinneáil;

15.

á thabhairt chun suntais go bhfuil difríocht ann idir ardáin ar líne atá ag gníomhú mar idirghabhálaithe agus ardáin ar líne atá ag gníomhú mar allmhaireoirí; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go mbíonn costais chomhlíonta le híoc ag ardáin ríomhthráchtála an Aontais a ghníomhaíonn mar allmhaireoirí, ar costais iad a mhéadaíonn a bpraghsanna miondíola suas le 40 %, ag a mbíonn tionchar ar thomhaltóirí deiridh; á chur i bhfios go láidir go mbíonn ar allmhaireoirí atá bunaithe san Aontas aghaidh a thabhairt ar oibleagáidí níos déine agus costais níos airde, agus go dtugann ardáin idirmheánacha ag an am céanna deis do dhíoltóirí nach de chuid an Aontais iad táirgí a sheoladh díreach chuig tomhaltóirí an Aontais gan comhlíonadh a áirithiú;

16.

á aithint go bhfuil ardáin ríomhthráchtála faoi réir oibleagáidí éagsúla faoi GSD agus GPSR agus go bhféadfaí iad a chur faoi dhliteanas faoin Treoir maidir le Dliteanas i leith Táirgí (12) (PLD) in imthosca sonracha; á mheabhrú, ina leith sin, go bhfuil ardáin ar líne faoi dhliteanas mura n-urramaíonn siad a n-oibleagáidí sonracha mar idirghabhálaithe; á chreidiúint, áfach, nach mór sásamh tomhaltóirí a áirithiú sna cásanna uile; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, i gcás ina bhfuil an monaróir bunaithe lasmuigh den Aontas agus nach féidir aon allmhaireoir, ionadaí údaraithe, ná soláthraí seirbhíse comhlíonta a shainaithint, gur cheart do mhargaí ar líne leigheasanna leormhaithe agus comhréireacha a chur ar fáil do thomhaltóirí i gcás nach gcomhlíonann siad le GSD, go háirithe Airteagail 30 agus 31 nó Airteagal 22 de GPSR;

17.

ag cur béim ar an bhfíoras go n-iarrtar ar mhargaí ar líne a dtrádálaithe a rianú (‘bíodh aithne agat ar do chustaiméir gnó’) faoi GSD, rud ba cheart trádálaithe a dhíspreagadh ó earraí neamhshábháilte nó góchumtha a dhíol, agus go bhfuil sé d'oibleagáid orthu na rialacha ‘comhlíontacht trí dhearadh’ a chomhlíonadh chun inrianaitheacht fhoriomlán a mhéadú; á thabhairt chun suntais nach ann do chuntasacht na n-ardán ar líne i gcás díoltóirí nó díoltóirí neamh-inrianaithe atá bunaithe lasmuigh de dhlínse an Aontais; ag cur sonrú i leibhéal suntasach neamhchomhlíonadh leis an bprionsabal ‘bíodh aithne agat ar do chustaiméir gnó’ agus go bhfuil méadú tagtha ar chleachtais nua díolacháin trí ardáin meán sóisialta, ar ardáin iad nach gcuirtear an oibleagáid sin i bhfeidhm go héifeachtach iontu, lena lamháiltear do dhíoltóirí nach de chuid an Aontais iad earraí neamhchomhlíontacha a thairiscint go díreach d’úsáideoirí an Aontais; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá d’ardáin ar líne a ndícheall a dhéanamh chun inrianaitheacht iomlán díoltóirí agus táirgí a áirithiú, rud a chuireann cosc ar liostuithe a bheith le feiceáil gan mionsonraí fíoraithe maidir le comhlíonadh táirgí;

18.

á thabhairt chun suntais gur minic a bhíonn faisnéis maidir le hoibreoir eacnamaíoch freagrach san Aontas faoi GPSR mícheart nó in easnamh, ar oibreoir é a bhíonn ag gníomhú thar ceann trádálaí nó ardán nach de chuid an Aontais é; ag tabhairt dá haire, fiú nuair a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil, go bhféadfadh sé nach mbeadh an duine freagrach san Aontas cuntasach, go háirithe nuair is ionadaí údaraithe é an duine freagrach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go dtuairiscíonn údaráis faireachais margaidh deacrachtaí suntasacha maidir le teagmháil a dhéanamh leis na trádálaithe sin nach de chuid an Aontais iad agus dlí an Aontais a fhorfheidhmiú, agus fiú nuair a bhunaítear teagmháil, gur minic nach féidir pionóis a fhorfheidhmiú ina gcoinne;

19.

á mheas go bhféadfaí trédhearcacht a fheabhsú agus cuntasacht a threisiú ar fud shlabhra soláthair allmhairí ríomhthráchtála trí bhunachar sonraí de na daoine freagracha san Aontas a chruthú chun cros-seiceáil fíor-ama a dhéanamh le haghaidh fíoraithe, mar aon le nós imeachta creidiúnaithe a bhunú dóibh;

20.

ag tacú le gníomhaíochtaí taighde agus forfheidhmiúcháin ó eagraíochtaí tomhaltóirí agus le hoscailt na n-imscrúduithe a thionscain údaráis tomhaltóirí san Aontas, mar chuid den Ghréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí, agus faoi GSD, i gcoinne ardáin ar líne nach de chuid an Aontais iad i gcás sáruithe féideartha ar dhlíthe sábháilteachta táirgí an Aontais agus ar dhlíthe tomhaltóirí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di dul chun cinn mall na n-imscrúduithe sin agus á iarraidh go dtabharfaí chun críche go pras iad; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá leis an bhforfheidhmiú a bheith ina bhac lena n-áirítear smachtbhannaí leordhóthanacha chun comhlíontacht a áirithiú; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, gur gá aird ar leith a thabhairt ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíonadh athfhillteach a d’fhéadfadh a bheith sainaitheanta i rialuithe a rinneadh roimhe seo ar tháirgí comhchosúla, lena n-áirítear trí bhearta eatramhacha a chur i bhfeidhm; á chur i bhfáth gur cheart dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú agus ar éifeachtacht na ngealltanas a fhaightear ó ardáin ar líne;

21.

ag tathant ar an gCoimisiún agus ar údaráis CPC tús a chur le hidirphlé struchtúrtha forfheidhmiúcháin le hionadaithe tomhaltóirí, trádálaithe agus geallsealbhóirí eile chun sáruithe sistéamacha a shainaithint a éilíonn forfheidhmiú níos láidre;

22.

ag tabhairt dá haire a chasta atá sé d’údaráis an Aontais dlíthe an Aontais a fhorfheidhmiú nuair a bhíonn na hoibreoirí eacnamaíocha bunaithe lasmuigh den Aontas; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le comhaontuithe comhair idirnáisiúnta feabhsaithe, go háirithe le honnmhaireoirí móra ríomhthráchtála;

Beartais láidre forfheidhmiúcháin chun dul i ngleic le táirgí ríomhthráchtála neamhchomhlíontacha

An géarghá atá le bearta gearrthéarmacha

23.

ag tathant ar na Ballstáit cistiú agus acmhainní a mhéadú d’údaráis faireachais margaidh, d’údaráis chustaim, d’údaráis cosanta tomhaltóirí agus seirbhísí digiteacha ionas gur féidir leo aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar na dúshláin a bhaineann le táirgí nach bhfuil sábháilte agus aindleathacha; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le comhar, comhroinnt faisnéise agus malartú sonraí níos láidre idir na húdaráis inniúla lena n-áirítear údaráis faireachais margaidh agus údaráis chustaim agus á chur i bhfáth gur cheart feabhas a chur ar an gcomhar ar fud earnálacha éagsúla; ag tathant ar na Ballstáit comhordú éifeachtach a áirithiú i measc na n-údarás éagsúil faireachas margaidh ina gcríocha, agus cumhachtaí na n-oifigí idirchaidrimh aonair a neartú; á thabhairt chun suntais go bhfuil an fhreagracht ar na Ballstáit agus ar an Aontas a a áirithiú go mbeidh na hacmhainní cuí, an oiliúint chuí agus an trealamh cuí ag na húdaráis um fhaireachas margaidh agus ag na húdaráis chustaim chun go mbeidh an cumas acu a misean a chomhlíonadh, lena n-áirítear cumhachtaí imscrúdaithe cuí;

24.

á iarraidh ar na húdaráis faireachas margaidh níos mó acmhainní a infheistiú i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha nó comhordaithe le Ballstáit eile nó le húdaráis ábhartha agus, go háirithe, líon agus minicíocht na ngníomhaíochtaí comhordaithe forfheidhmiúcháin amhail scuab-imscrúduithe, cleachtaí rúnsiopadóireachta agus athbhreithnithe piaraí a mhéadú; ag tathant ar na húdaráis ábhartha páirt ghníomhach a ghlacadh sna gníomhaíochtaí sin agus ar an gCoimisiún lánúsáid a bhaint as a chumhachtaí comhordúcháin;

25.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún comhordú a dhéanamh ar rialú na n-údarás custaim agus faireachais margaidh faoi réimsí rialaithe tosaíochta atá dírithe ar tháirgí ó thíortha nach de chuid an Aontais iad, ar táirgí iad lena mbaineann guaiseacha suntasacha sábháilteachta agus riosca neamhchomhlíonta; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go nginfeadh an tionscnamh sin sonraí luachmhara próifíle riosca, a d’fhéadfaí a úsáid i ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin breise agus i bpionóis do ghníomhaithe neamhchomhlíontacha; á iarraidh ar an gCoimisiún an comhar laistigh de Líonra an Aontais um Chomhlíontacht Táirgí a neartú agus cistiú an Aontais a mhéadú don chomhar custaim faoin gclár custaim agus d’oibríochtaí faireachais margaidh faoi chlár an mhargaidh aonair; á chur i bhfáth gur chuir an easpa acmhainní leormhaithe bac ar imscaradh éifeachtach uirlisí, amhail úsáid fhorleathan gníomhaíochtaí rúnsiopadóireachta ag údaráis faireachais margaidh nó úsáid comharthóirí iontaofa faoi GSD; á chur i bhfios don Choimisiún, sa bhreis ar na saoráidí tástála atá ann cheana le haghaidh bréagán agus trealamh raidió, go bhfuil géarghá le tuilleadh saoráidí tástála le haghaidh earraí ríomhthráchtála, amhail le haghaidh ceallraí, teicstílí, cosmaidí agus fearais leictreacha agus táirgí eile; á iarraidh ar na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha a imscaradh chun acmhainneacht mhéadaithe saoráidí tástála a ráthú agus chun infheistíochtaí i dtrealamh a mhéadú chun earraí neamhshábháilte agus neamhdhleathacha a bhrath;

26.

ag cur béim ar an bhfíoras, ar chúiseanna sonraí agus slándála, gur cheart do na Ballstáit srian a chur ar dhíoltóirí ardriosca oibriú ina mbonneagar criticiúil agus ina gcórais slándála teorann, lena n-áirítear chun trealamh scagtha slándála agus trealamh scanta lasta a úsáidtear ag aerfoirt agus ag calafoirt a sholáthar;

27.

á thabhairt chun suntais go bhfuil sé d’oibleagáid ar mhargaí ar líne, faoi GPSR, pointe teagmhála aonair a bhunú, clárú leis an Tairseach Safety Gate agus an fhaisnéis maidir lena bpointe teagmhála aonair a léiriú ar an tairseach; á iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid sin agus oibleagáidí eile de mhargaí ar líne a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus tacú le húdaráis faireachas margaidh na mBallstát GPSR agus MSR a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire gur tugadh isteach le GPSR malartuithe díreacha sonraí idir údaráis forfheidhmithe agus ardáin ríomhthráchtála; á chreidiúint, áfach, gur cheart nasc díreach le húdaráis chustaim a chur ar fáil chun go n-oibreoidh an córas go héifeachtach;

28.

ag tabhairt dá haire go bhfuil an córas atá ann faoi láthair ina chóras frithghníomhach seachas ina chóras coisctheach, ós rud é nach ndéanann na húdaráis idirghabháil ach amháin tar éis táirgí contúirteacha a bheith díolta le tomhaltóirí cheana féin, seachas a ndáileadh a chosc; á mheabhrú, faoi GPSR, go moltar do sholáthraithe margaidh ar líne táirgí a sheiceáil i gcoinne na Tairsí Safety Gate sula liostaítear ar a gcomhéadain iad; á chur i bhfios go láidir nach féidir le tástáil samplála randamach a bheith éifeachtúil ach amháin má dhéantar í go rialta;

29.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach an Pas Táirge Digiteach a chur chun feidhme go pras le haghaidh roinnt táirgí criticiúla a dhíoltar ar líne chun forfheidhmiú na reachtaíochta atá ann cheana a neartú; ag tathant ar an gCoimisiún an reachtaíocht thánaisteach is gá maidir leis an bPas Táirge Digiteach a thíolacadh a luaithe is féidir, go háirithe maidir le teicstílí, bréagáin, cosmaidí, leictreonaic agus táirgí eile a bhfuil rátaí arda neamhchomhlíonta agus rioscaí gaolmhara ag baint leo; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú leanúnach a dhéanamh ar cheanglais, ar dhearadh teicniúil agus ar oibriú an Phas Táirge Dhigitigh faoin Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe (13) (ESPR) mar thosaíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le gnólachtaí, go háirithe micrifhiontair agus FBManna, i gcur chun feidhme an Phas Táirge Dhigitigh;

30.

ag moladh Pas Táirge Digiteach éigeantach agus fíorú luath ar chomhlíonadh ag gabháil leis i gcás na dtáirgí uile a allmhairítear trí ríomhthráchtáil, lena n-áirítear sonraí mionsonraithe cáilíochta agus comhlíonta, a bheidh le comhtháthú go díreach i mol sonraí custaim an Aontais, rud a lamhálfaidh do na húdaráis faisnéis faoi tháirgí a réamhscagadh sula gcuirfear ar an margadh aonair iad;

31.

ag tathant ar na Ballstáit iarrachtaí suntasacha a dhéanamh chun rialuithe custaim a mhéadú agus anailís riosca a fheabhsú, ós rud é gur féidir an díobháil do thomhaltóirí an Aontais a laghdú trí earraí neamhchomhlíontacha a bhrath agus a bhaint agus leasanna eacnamaíocha ghnólachtaí an Aontais a chosaint; á chur i bhfios go láidir go bhféadfaí rialuithe na n-údarás custaim a éascú agus cost-éifeachtúlacht a fheabhsú trí thoimhde neamhchomhlíonta a thabhairt isteach san anailís riosca custaim maidir le hearraí atá comhionann le hearraí a fuarthas amach cheana go raibh siad neamhchomhlíontach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé ionaid chustaim a threisiú ionas gur fearr is féidir leo déileáil leis an líon mór beartán beag atá deacair a rialú trí mhodhanna traidisiúnta a úsáid, lena n-áirítear ardteicneolaíochtaí scagtha chun pacáistí amhrasacha a shainaithint ag pointí iontrála; á iarraidh go ndéanfadh na húdaráis seiceálacha níos déine maidir le comhlíonadh, chomh maith le seiceálacha randamacha ar iompar ardtonnáiste; ag tathant ar na Ballstáit, thairis sin, leibhéal digitithe nósanna imeachta allmhairiúcháin na n-údarás custaim a mhéadú go suntasach chun an reachtaíocht atá i bhfeidhm cheana a chur chun feidhme agus chun dlús a chur le nósanna imeachta custaim, go háirithe i bhfianaise an líon ard beartán;

32.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá ag gnólachtaí, go háirithe FBManna, le treoirlínte soiléire ón gCoimisiún chun GPSR a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n-áirítear soiléiriú ar a idirghníomhú le reachtaíocht fhorluiteach, amhail GSD, MSR, PLD, agus dlíthe earnáilsonracha maidir le bréagáin, cosmaidí agus glantaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún na treoirlínte sin a eisiúint roimh dheireadh an chéad leath de 2025 chun comhlíonadh gnólachtaí a éascú; á mheas gur cheart reachtaíocht éagsúil a chur san áireamh sa tuarascáil mheastóireachta ar idirghníomhaíocht GSD le gníomhartha dlí eile, atá le bheith ann an 17 Samhain 2025, go háirithe maidir le comhlíonadh táirgí, oibleagáidí na margaí ar líne, rialacha forfheidhmiúcháin agus feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo maidir le simpliú agus cur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar gach gníomhaíocht bhreise a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear meastóireacht ar reachtaíocht earnála, atá riachtanach chun intuarthacht dhlíthiúil a áirithiú agus nach bhfágfar aon bhealach éalaithe dlíthiúil ná aon bhearna forfheidhmiúcháin ann a mhéid a bhaineann le hallmhairí díreacha ó thíortha nach de chuid an Aontais iad trí mhargaí ar líne;

33.

á iarraidh ar na húdaráis náisiúnta ábhartha leas iomlán a bhaint as an mbosca uirlisí forfheidhmiúcháin atá ann cheana agus a glacadh le déanaí, go háirithe i ndáil le forálacha maidir le ríomhthráchtáil a leagtar amach in MSR, GPSR agus GSD, amhail orduithe baint anuas, toirmeasc, srian ar tháirge a chur ar fáil ar an margadh nó é a bhaint, aisghairmeacha agus smachtbhannaí mar bhearta chun cur i gcoinne an mhéadaithe ar allmhairí neamhdhleathacha agus neamhchomhlíontacha ó thíortha nach de chuid an Aontais iad;

34.

á chur i bhfios go láidir nár cheart, le bearta forfheidhmiúcháin rialála a dhéantar i gcoinne gníomhaithe neamhchomhlíontacha, ualaí díréireacha a chur ar ghníomhaithe comhlíontacha ná díobháil neamhbheartaithe a dhéanamh don mhargadh athláimhe;

35.

á chur i bhfáth gur gá cosaint ceart maoine intleachtúla a áirithiú i bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar earraí góchumtha neamh-Eorpacha ar ardáin ríomhthráchtála; á thabhairt dá haire go ndéanann na cleachtais sin dochar d’iomaíochas cuideachtaí Eorpacha agus go mbaineann rioscaí leo don nuálaíocht agus do dhreasachtaí le haghaidh taighde agus forbartha; á iarraidh go mbeadh bearta níos láidre ann i gcoinne earraí góchumtha a dhíol ar líne; ag tathant ar an gCoimisiún treoirlínte soiléire a eisiúint maidir le comharthóirí iontaofa agus á chur i bhfáth gur cheart sealbhóirí ceart a aithint mar chomharthóirí iontaofa incháilithe nuair a chomhlíonann siad na critéir a leagtar amach in Airteagal 22 de GSD;

36.

á chur i bhfios gur cheart do na Ballstáit úsáid níos fearr a bhaint as na tacair pionós agus smachtbhannaí atá ar fáil i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha, chomh maith le huirlisí eile atá ar fáil lena n-áirítear bearta eatramhacha, chun éifeacht dhíspreagthach a chruthú chun oibreoirí eacnamaíocha a dhíspreagadh ó shárú a dhéanamh ar an reachtaíocht is infheidhme;

37.

ag tathant ar an gCoimisiún bearta éifeachtacha a dhéanamh, lena n-áirítear bearta reachtacha i gcás ina sainaithnítear bealaí éalaithe dlíthiúla go soiléir, gan mhoill chun deimhneacht dhlíthiúil agus machaire comhréidh a áirithiú do chuideachtaí Eorpacha, agus béim ar leith á leagan ar FBManna;

An gá atá le hathchóirithe rialála

38.

á iarraidh go gcuirfí deireadh le bacainní ar chearta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, amhail éilimh maidir le baránta dlíthiúil agus an ceart chun ítimí a thabhairt ar ais; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir leis an nGréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí gan mhoill toisc go mbeidh sé sin bunriachtanach chun dlí tomhaltóirí an Aontais a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí ar bhonn trasteorann agus chun comhrac i gcoinne táirgí neamhshábháilte; á iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, foráil a dhéanamh maidir le bearta soiléire chun cumhachtaí forfheidhmiúcháin ar thrádálaithe agus ardáin nach de chuid an Aontais iad a neartú tuilleadh agus chun comhordú níos fearr ar ghníomhaíochtaí an Aontais agus gníomhaíochtaí náisiúnta agus ar mhalartú faisnéise i measc údarás, chomh maith le húdaráis i dtíortha nach de chuid an Aontais iad, a áirithiú; á thabhairt chun suntais go bhféadfaí struchtúr an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta a úsáid mar shampla le haghaidh forfheidhmiú agus malartú faisnéise i gcás sáruithe amhrasta a mbíonn tionchar acu ar roinnt Ballstát, go háirithe chun táirgí neamhchomhlíontacha a chomhrac go héifeachtach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cumhachtaí díreacha a thabhairt don Choimisiún chun sáruithe ardtionchair áirithe ar dhlí tomhaltóirí a imscrúdú agus pionóis a ghearradh ina leith, agus ar an gcaoi sin forfheidhmiú agus smachtbhannaí níos éifeachtaí, níos comhuainí agus níos aonfhoirmí faoi dhlí tomhaltóirí an Aontais a áirithiú;

39.

á thabhairt dá haire go dtugtar de chumhacht cheana, leis an Rialachán maidir leis an nGréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí, d’údaráis forfheidhmithe gníomhú i gcoinne trádálaithe neamhchomhlíontacha agus fiú go dtugtar an fhéidearthacht do na Ballstáit pionóis agus bearta eatramhacha a fhorchur amhail srian a chur le rochtain ar an suíomh gréasáin; á aithint, áfach, go bhfuil teorainn ann nach mór an ghníomhaíocht sin a dhéanamh ar bhonn tír ar thír seachas ar leibhéal an Aontais, agus a pionóis féin á gcur i bhfeidhm ag gach tír, rud a fhágann go bhfuil iarmhairtí na sáruithe míchothrom;

40.

ag tabhairt dá haire go bhfuil an forfheidhmiú sna Ballstáit ilroinnte, rud a mbíonn neamhéifeachtúlachtaí mar thoradh air; á iarraidh go ndéanfaí comhordú níos fearr ar fhorfheidhmiú agus ar fhormhaoirseacht ar chomhlíonadh, go mbeadh malartú faisnéise éifeachtach idir na Ballstáit agus go gcuirfí acquis an Aontais i bhfeidhm ar bhealach níos aonfhoirmí; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar MSR, go háirithe ar an ngá atá le hÚdarás de chuid an Aontais um Fhaireachas Margaidh lena n-áiritheofaí comhsheasmhacht agus lena gcuirfí tacaíocht oibríochtúil ar fáil do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta faireachas margaidh agus lena gcothófaí comhar le hÚdarás Custaim nua an Aontais (EUCA), agus ar chur chun feidhme Airteagal 4 de MSR, lena sainítear na hoibreoirí eacnamaíocha freagracha san Aontas maidir le comhlíonadh táirgí; á chur i bhfáth, go dtí seo, gur minic nach mbíonn sé d’acmhainn ag an oibreoir eacnamaíoch freagrach ainmnithe sásamh nó cúiteamh a chur ar fáil do thomhaltóirí, go háirithe nuair is ionadaí údaraithe é an t-oibreoir;

41.

ag tacú le huaillmhian an Choimisiúin an chaibidlíocht idirinstitiúideach atá ar na bacáin leis an bParlaimint agus leis an gComhairle maidir le hathchóiriú ar Chód Custaim an Aontais agus an dá thogra le haghaidh gníomhartha ón gComhairle maidir le deireadh a chur leis an tairseach díolúine i leith dleachtanna custaim le haghaidh earraí a bhfuil luach faoi bhun EUR 150 orthu a chur chun cinn go pras; ag tathant, dá bhrí sin, ar na Ballstáit dlús a chur leis an nós imeachta caibidlíochta sa Chomhairle, agus aitheantas á thabhairt don phráinn a bhaineann leis an athchóiriú custaim d’iomaíochas an Aontais agus do chosaint thomhaltóirí an Aontais; á chur i bhfios go láidir gur céim riachtanach é deireadh a chur leis an tairseach ach nach réiteach aonair é, ós rud é nach mbeidh na húdaráis chustaim fós in ann cigireacht a dhéanamh ach ar chéatadán teoranta beartán; á chur i bhfáth gur gá deireadh a chur láithreach leis an díolúine ó dhleacht chustaim le haghaidh allmhairí ardriosca ó thaobh shábháilteacht na dtáirgí agus na dtomhaltóirí de; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá leis an athchóiriú custaim chun comhleanúnachas a áirithiú ar fud na gcreataí rialála, go háirithe dúbláil nó coinbhleachtaí le GSD a sheachaint, agus á thabhairt chun suntais go bhfuil ról bunriachtanach ag na húdaráis chustaim maidir le táirgí neamhchomhlíontacha agus neamhshábháilte a bhrath;

42.

á chur i bhfáth go gcuirfidh athchóiriú ar Chód Custaim an Aontais na huirlisí is gá ar fáil d’údaráis chustaim chun maoirseacht agus rialú níos fearr a dhéanamh ar na hearraí a thagann isteach san Aontas, go gcuideoidh sé leis an margadh aonair agus leis an aontas custaim a neartú, go gcuirfidh sé feabhas ar bhrath táirgí neamhshábháilte agus aindleathacha agus go rannchuideoidh sé le machaire comhréidh i measc oibreoirí eacnamaíocha; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an togra faoin Rialachán maidir le Cód Custaim an Aontais chun an sásra comhair a bhunú le húdaráis faireachas margaidh lena bhfeabhsófar éifeachtacht na rialuithe táirgí; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an mbonneagar agus foireann custaim chun ríomhthráchtáil a bhainistiú go héifeachtach; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le próisis shimplithe um chomhlíonadh atá saincheaptha go sonrach do FBManna; á iarraidh ar na Ballstáit córais imréitigh custaim uathoibrithe, réamhbhreathnaitheacha a thabhairt isteach, mar shampla trí oibleagáid a chur ar ardáin clárú ag an díolphointe agus imréiteach custaim uathoibríoch a dhéanamh;

43.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil roinnt trádálaithe nach de chuid an Aontais iad ag dul timpeall ar sheiceálacha custaim an Aontais trí earraí a imréiteach ag an bpointe tionscnaimh; á chur i bhfáth gur fearr le cuideachtaí trádála, ar cuideachtaí trádála nach de chuid an Aontais iad, i roinnt mhaith cásanna pionóis a íoc seachas pacáistí a oscailt ar theacht isteach dóibh chuig údaráis chustaim an Aontais, agus é mar aidhm acu lastais a dhíluchtú agus imeacht láithreach; á chur in iúl gur cúis imní di go bhfaigheann na húdaráis chustaim amach go mbíonn go leor de na pacáistí neamhdhearbhaithe nó dearbhaithe go mícheart agus go mbíonn siad lipéadaithe go calaoiseach uaireanta; á thabhairt chun suntais gur cheart aghaidh a thabhairt ar na gnéithe sin freisin leis an athchóiriú ar Chód Custaim an Aontais;

44.

ag cur sonrú san imní a chuir líonra an Lárionaid Eorpaigh do Thomhaltóirí in iúl maidir leis an tsamhail ghnó dírlastais, a chruthaíonn dúshláin maidir le cosaint tomhaltóirí, sábháilteacht táirgí agus comhlíonadh rialála; á chur in iúl gur oth léi gur minic a bhíonn ar thomhaltóirí aghaidh a thabhairt ar chleachtais mhíthreoracha, deacrachtaí maidir le táirgí a thabhairt ar ais, agus dleachtanna allmhairiúcháin gan choinne, agus go dteipeann ar sciar suntasach de tháirgí dírlastais caighdeáin sábháilteachta an Aontais a chomhlíonadh; á chur i bhfáth go bhfuil forfheidhmiú níos casta mar gheall ar dhírlastas de bharr gnólachtaí neamh-inrianaithe agus castachtaí trasteorann, agus go bhfuil comhlíonadh CBL agus cosanta sonraí fós ina bpríomhábhair imní; ag tabhairt dá haire, nuair a bhíonn sé comhcheangailte le margaíocht tionchairí, go bhféadfadh dírlastas saincheisteanna trédhearcachta, rioscaí clú agus torthaí neamhréireacha a ghéarú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar conas aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le dírlastas;

45.

á thabhairt chun suntais go bhfuil sé mar aidhm leis an gcoincheap ‘allmhaireoir measta’ machaire comhréidh a áirithiú d’ardáin ar líne an Aontais agus d’ardáin ar líne nach de chuid an Aontais iad araon; ag tabhairt dá haire, i gcomhthéacs díolachán ar líne ó lasmuigh den Aontas, leis an mbeart sin, nach measfaí gur allmhaireoirí iad custaiméirí ardán ar líne nach de chuid an Aontais iad, mar is amhlaidh faoi Chód Custaim an Aontais atá ann faoi láthair, agus go measfaí ina ionad sin gurb é ardán nó trádálaí nach de chuid an Aontais é an ‘allmhaireoir measta’; á chreidiúint gur cheart freagrachtaí ‘allmhaireora mheasta’ a shainiú go soiléir agus a bheith comhsheasmhach le forálacha GSD; ag cur béim ar an bhfíoras go laghdófar calaois agus imghabháil cánach más árdáin a bheidh freagrach as a áirithiú go mbaileofar CBL agus dleachtanna custaim ag an díolphointe, seachas ar theacht isteach san Aontas dóibh,

46.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di cineál roghnach scéim an Ionaid Ilfhreastail Allmhairiúcháin (IOSS) do gach oibreoir ar líne, ar cineál é a imíonn ó chuspóirí bunaidh an tionscnaimh CBL sa ré dhigiteach (ViDA); á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le gníomhaíochtaí breise chun stóinseacht an chórais a neartú agus chun srian a chur le mí-úsáid fhéideartha; ag tathant ar an gCoimisiún dul i dteagmháil go dlúth le geallsealbhóirí chun coimircí a bhunú do IOSS i gcoinne cleachtais chalaoiseacha; á mholadh go mbeadh na coimircí sin cuimsitheach agus cuíchóirithe araon chun calaois a dhíspreagadh go héifeachtach agus ualaí riaracháin iomarcacha á seachaint ag an am céanna; á chur i bhfáth gur gá infheidhmeacht IOSS a leathnú chuig earraí thar an tairseach díolúine ó dhleacht chustaim de EUR 150 chun tearcluacháil a chosc agus iomaíocht chóir a áirithiú;

47.

á iarraidh go mbunófaí EUCA nua in 2026 chun tacaíocht shaineolach a chur ar fáil d’údaráis chustaim na mBallstát; á chur i bhfios go láidir gur cheart do EUCA, ina ról comhordúcháin, cumais tástála agus rialaithe na n-údarás custaim agus faireachais margaidh sna Ballstáit agus ar fud na mBallstát a mhapáil freisin agus gur cheart sainordú a thabhairt dó cigireachtaí gan réamhfhógra a dhéanamh chun táirgí neamhshábháilte nó neamhchomhlíontacha a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath agus smachtbhannaí a eisiúint i gcás neamhchomhlíonta; ag tabhairt dá haire go lamhálfar le mol nua sonraí custaim an Aontais comhar feabhsaithe idir EUCA agus údaráis chustaim agus údaráis eile trí mhalartú sonraí agus idir-inoibritheacht na gcóras náisiúnta teicneolaíochta faisnéise, agus ar an gcaoi sin go n-éascófar rialuithe comhordaithe agus brath táirgí neamhchomhlíontacha; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach feidhmiúlachtaí an Ionaid Ilfhreastail maidir le Custam a chomhtháthú go hiomlán i mol sonraí custaim an Aontais; ag tabhairt dá haire, i gcomhthéacs EUCA atá beartaithe, a thábhachtaí atá sé dul i gcomhairle go rialta le hionadaithe geallsealbhóirí éagsúla chun luathrabhadh a thabhairt do EUCA;

48.

á chur i bhfáth, i bhfianaise na práinne, gur cheart dlús a chur le teacht i bhfeidhm na n-oibleagáidí éagsúla atá beartaithe san athbhreithniú ar Chód Custaim an Aontais, amhail mol sonraí custaim an Aontais a bhunú; á iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur láithreach leis an obair ullmhúcháin is gá chun mol sonraí custaim an Aontais a bhunú, ionas go gcuirfear dlús le hullmhú a fheidhmeanna ríomhthráchtála in 2026;

49.

ag tathant ar an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh maidir leis an smaoineamh ítimí ríomhthráchtála a sheoladh chuig an Aontas ar an mórchóir agus, dá réir sin, go mbunódh trádálaithe nach de chuid an Aontais iad trádstórais san Aontas le haghaidh na n-earraí sin sula gcuirfear i mbeartáin iad lena seachadadh chuig custaiméirí; á aithint go bhféadfadh lastais ítimí ríomhthráchtála ar an mórchóir den sórt sin agus a stóráil i dtrádstórais san Aontas an fhormhaoirseacht ar údaráis chustaim agus faireachais margaidh a mhéadú agus feabhas a chur ar a rialuithe agus ar a mbrath ar earraí neamhchomhlíontacha i gcomparáid le lastais beartán aonair; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar na roghanna uile a d’fhéadfadh a bheith ann chun cleachtais den sórt sin a dhreasú, lena n-áirítear stádas simplithe le haghaidh trádálaithe iontaoibhe agus seiceála agus measúnuithe costais is tairbhe do scéimeanna dreasachta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhféadfadh sé nach mbeadh lastas ar an mórchóir indéanta do gach trádálaí nach de chuid an Aontais é, go háirithe trádálaithe a oibríonn samhlacha tomhaltóir go tomhaltóir (C2C) nó samhlacha athláimhe; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart cothromaíocht a bhaint amach leis an gcur chuige sin idir na buntáistí um chomhlíonadh agus ceanglais phraiticiúla na n-oibreoirí ríomhthráchtála, lena n-áiritheofar go seachnófar scrogaill lóistíochta a chruthú nó ualach míchuí a chur ar shamhlacha gnó éagsúla;

50.

á aithint gur eisigh an Coimisiún páipéar leathoifigiúil ina leagtar amach tabhairt isteach táille láimhseála neamh-idirdhealaitheach ar ítimí ríomhthráchtála, a bheidh le gearradh ag údaráis chustaim ar earraí a dhíoltar trí chiandíolachán agus é mar aidhm leis costais mhaoirseachta mhéadaithe na n-údarás custaim a chumhdach, eadhon na sonraí a sheiceáil, anailís riosca a dhéanamh, rialuithe doiciméadacha agus fisiceacha a dhéanamh agus go sonrach EUCA agus an mol sonraí a mhaoiniú; á áitiú gur cheart do na Ballstáit táillí aontaobhacha a sheachaint chun ilroinnt an aontais custaim a sheachaint; á chur i bhfios go láidir go moltar sa togra ráta comhréidh EUR 2 in aghaidh na hítime a sheachadtar go díreach chuig an gcustaiméir nó táille níos lú de 50 cent do Thrádálaithe Iontaoibhe agus Seiceála a oibríonn samhail ghnó de thrádstóras custaim le haghaidh ciandíolachán laistigh den Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht chuí a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann an méid atá beartaithe rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT), agus an bhfuil sé leordhóthanach agus comhréireach chun na cuspóirí a bhaint amach; á áitiú nach dtabhóidh an tomhaltóir an táille láimhseála sin;

51.

ag cur sonrú sa chostas ollmhór bainistithe dramhaíola agus scriosta táirgí a eascraíonn as an méid ollmhór táirgí neamhchomhlíontacha agus neamhshábháilte a allmhairítear trí ríomhthráchtáil tíortha nach de chuid an Aontais iad; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sciar mór de na táirgí sin neamh-inathchúrsáilte, díobhálach don chomhshaol nó neamhchomhlíontach leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le ceimiceáin, rud a chuireann leis na costais chomhshaoil d’údaráis phoiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, meastóireacht a dhéanamh ar na bearta is gá chun an tionchar atá ag gníomhaíochtaí ríomhthráchtála de thíortha nach de chuid an Aontais iad ar an gcomhshaol a mhaolú, lena n-áirítear a indéanta atá sé táille bainistithe dramhaíola a ghearradh i gcás gach táirge a dhíoltar trí mhargaí ar líne de thíortha nach de chuid an Aontais iad chun a áirithiú nach mbeidh ar cháiníocóirí an Aontais costais chomhshaoil a sheasamh;

52.

á chur i bhfáth go mbíonn ‘siopadóireacht teorann’ nó ‘siopadóireacht chustaim’ mar thoradh ar phionóis neamhréireacha agus ar straitéisí forfheidhmithe éagsúla maidir le neamhchomhlíonadh i mBallstáit éagsúla; ag tacú le comhchuibhiú íosta na sáruithe agus na smachtbhannaí neamhchoiriúla maidir le neamhchomhlíonadh ar fud na mBallstát agus trí EUCA toisc go seachnófaí leis sin pointí iontrála laga a chruthú i gcríoch chustaim an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart creat comhchoiteann a bheith i gceist leis sin le haghaidh comhchuibhiú íosta chun bealaí éalaithe atá ann cheana a dhúnadh agus, ar an gcaoi sin, dul i ngleic le dúshláin ríomhthráchtála; á chur i bhfios go láidir gur féidir leis na Ballstáit smachtbhannaí breise a fhorchur atá saincheaptha do chomhthéacsanna náisiúnta;

53.

ag tabhairt dá haire go bhfuil grinnscrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar mhargaí áirithe ar líne nach de chuid an Aontais iad as cleachtais ionramhálacha a úsáid, lena n-áirítear patrúin dhorcha, gnéithe dearaidh andúile, margaíocht tionchairí chealgach, agus léirmheasanna bréagacha nó míthreoracha ar líne a scaipeadh; á aithint, de réir na tuarascála maidir le Seiceáil Oiriúnachta na Cothroime Digití, go gcosnaíonn cleachtais tráchtála éagóracha beagnach EUR 8 mbilliún in aghaidh na bliana ar thomhaltóirí, agus go mbíonn ró-thomhaltas agus róchaitheamh mar thoradh ar úsáid teicnící éagóracha chun brú a chur ar thomhaltóirí, go háirithe tomhaltóirí leochaileacha agus leanaí, tobcheannach; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin sa Ghníomh um Chothroime Dhigiteach atá ar na bacáin, mura bhfuil siad cumhdaithe cheana féin leis an reachtaíocht atá ann cheana, d’fhonn dul i ngleic go héifeachtach le cleachtais éagóracha agus bealaí éalaithe dlíthiúla atá ann cheana a dhúnadh, agus ag an am céanna fanacht comhsheasmhach leis na creataí dlíthiúla atá ann cheana agus ualaí rialála nach bhfuil gá leo a sheachaint;

54.

ag cur béim ar an bhfíoras gur gá a áirithiú nach mbeidh ualaí breise riaracháin ar ghnólachtaí Eorpacha, go háirithe FBManna, mar thoradh ar aon tionscnaimh nua arna moladh ag an gCoimisiún i réimse an fhorfheidhmithe custaim nó an chomhlíonta custaim;

55.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ról Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i réimse na n-imscrúduithe trasteorann ar chionta custaim, lena n-áirítear go háirithe calaois, mar shampla tearcluacháil aindleathach phraghas na dtáirgí ionas go seachnófaí cánacha ar allmhairí a íoc; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór seachaint dleachtanna custaim ar mhórscála, lena n-áirítear dearbhuithe calaoiseacha ríomhthráchtála agus tearcluacháil, chomh maith le seachaint rialuithe agus ‘siopadóireacht dlínse’, a chomhrac go héifeachtach trí imscrúduithe an dlí choiriúil arna ndéanamh ag OIPE, le tacaíocht ó údaráis chustaim; á chur i bhfáth gur cheart creat dlíthiúil láidir OIPE le haghaidh imscrúduithe trasteorann a ghiaráil chun deireadh a chur leis na líonraí coiriúla atá taobh thiar de na hoibríochtaí sin;

Gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin breise

56.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis inniúla náisiúnta GSD a fhorfheidhmiú go láidir maidir leis an bhfreagracht atá ar mhargaí ar líne, go háirithe a n-oibleagáidí maidir le córais moltaí, dearadh comhéadain, an ceart chun faisnéise, na rialacha maidir le comhlíonadh trí dhearadh chun inrianaitheacht fhoriomlán a mhéadú, agus an oibleagáid ‘bíodh aithne agat ar do chustaiméir gnó’ atá orthu; á thabhairt chun suntais gur cheart, le comhlíonadh na n-oibleagáidí sin, trádálaithe neamhchomhlíontacha a dhíspreagadh óna dtáirgí a thairiscint san Aontas trí mhargaí nó seirbhísí siopadóireachta na meán sóisialta a thagann faoin gcatagóir sin, agus á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil chun trádálaithe nach gcloíonn le rialacha an Aontais a rianú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le líonra comharthóirí iontaofa atá bunaithe ar GSD le haghaidh táirgí neamhdhleathacha agus na ríomhthráchtála chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh ardáin a n-oibleagáidí go héifeachtach;

57.

á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú leis na húdaráis inniúla náisiúnta; á iarraidh go mbeadh tuilleadh comhair ann i measc na n-údarás ábhartha uile, amhail údaráis na mBallstát, údaráis chustaim, agus údaráis cosanta tomhaltóirí, agus go mbeadh comhordú níos láidre ann i measc na ngrúpaí saineolaithe seanbhunaithe uile; á chur i bhfáth, faoi GSD, nach mór do na gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha i gcoinne margaí neamhchomhlíontacha ar líne torthaí a bhaint amach agus smachtbhannaí díspreagthacha a bheith mar thoradh orthu chun cosc a chur ar tháirgí neamhchomhlíontacha a thairiscint; ag cur béim ar a thábhachtaí atá na himscrúduithe sin chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sistéamacha, teipeanna comhlíonta, scaipeadh inneachair neamhdhleathaigh, gnéithe dearaidh andúile, patrúin dhorcha agus úsáid tionchairí le haghaidh fógraíocht ionramhálach;

58.

á iarraidh ar údaráis forfheidhmithe gníomhaíochtaí faireacháin agus forfheidhmithe, lena ndírítear ar bhealaí nua díolacháin, a neartú; á mholadh go mbeadh acmhainní leormhaithe, uirlisí teicneolaíochta agus sásraí comhair trasteorann ag na húdaráis inniúla chun trádálaithe neamhchomhlíontacha a oibríonn trí na meáin shóisialta agus trí ardáin eile atá ag teacht chun cinn a shainaithint go héifeachtach agus chun beart a dhéanamh ina gcoinne;

59.

á mholadh nach mór do dhíoltóirí margaidh ar líne seoladh fillte agus pointe teagmhála laistigh den Aontas a chur ar fáil chun go mbeidh tomhaltóirí in ann earraí neamhchomhlíontacha a chur ar ais go héasca gan costais mhíchuí agus chun go mbeidh na húdaráis in ann cigireacht a dhéanamh ar earraí; á chreidiúint gur cheart go mbeadh margaí ar líne freagrach as an méid sin a sheiceáil agus gur cheart iad a thabhairt chun cuntais as an bhforfheidhmiú;

60.

á iarraidh go ndéanfaí grinnmheastóireacht phráinneach ar éifeachtacht sholáthar ‘an duine atá freagrach as táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais’, go háirithe táirgí trádálaithe nach trádálaithe de chuid an Aontais iad, ag tógáil ar thorthaí na tuarascála meastóireachta maidir le hAirteagal 4 de Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh, i measc na ngníomhaíochtaí a dhéanfaidh sé amach anseo, ar cheanglas éigeantach a thabhairt isteach do thrádálaithe neamh-AE duine freagrach a cheapadh san Aontas a bhfuil dliteanas dlíthiúil agus airgeadais méadaithe aige;

61.

ag tabhairt dá haire go bhfuil claochluithe suntasacha ag teacht ar sheirbhísí poist agus ar sheirbhísí seachadta eile mar gheall ar fhás tapa na ríomhthráchtála; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil feidhm iarbhír ag córas dleachtanna críochfoirt an Aontais Phoist Uilechoitinn maidir le sreafaí ríomhthráchtála; ag tabhairt dá haire, mar thoradh air sin, go ndéanann gnólachtaí ríomhthráchtála na Síne, mar gheall ar mhéideanna lastais, comhaontuithe tráchtála go díreach le hoibreoirí poist AE do rátaí seachadta thar a bheith tarraingteach atá níos ísle ná na rátaí d’earraí a mhonaraítear laistigh den Aontas, rud a fhágann go bhfuil ilroinnt níos doimhne ar an margadh aonair do sheirbhísí poist; ag tathant ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na ríomhthráchtála ar sheirbhísí poist agus ar an margadh inmheánach, agus machnamh a dhéanamh ar conas is féidir le seirbhísí poist rannchuidiú leis an margadh aonair a neartú agus le leas tomhaltóirí, agus le hiomaíochas foriomlán AE;

62.

á chur in iúl gur geal léi gur formheasadh athchóirithe ViDA, ar céim shuntasach iad i dtreo bailiú CBL a nuachóiriú in earnáil na ríomhthráchtála; leagann sí béim ar a thábhachtaí atá an t-aitheantas aonair CBL do mhargaí ar líne agus do mhonaróirí Eorpacha, rud a chuirfidh ar a gcumas dul san iomaíocht ar bhonn cothrom trí chomhlíonadh CBL a shimpliú ar fud na mBallstát; á thabhairt chun suntais gur féidir leis an mbeart sin allmhairiú i mbulc agus stórasú earraí laistigh den Aontas a éascú freisin, rud a laghdóidh an spleáchas ar lastais trasteorann ilroinnte agus a áiritheoidh go ndéanfar seirbhísí breisluacha, amhail comhlíonadh agus lóistíocht, laistigh den mhargadh aonair; á chur i bhfáth go bhfeabhsóidh na hathchóirithe sin comhlíonadh cánach, go laghdófar ualaí riaracháin, agus go bhfeabhsófar forfheidhmiú agus, ag an am céanna, go dtacófar le hiomaíocht chóir agus go neartófar slabhraí soláthair an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chun feidhme éifeachtach na mbeart sin a áirithiú chun a dtairbhí do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí Eorpacha a uasmhéadú;

63.

á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar bhearta arb é is aidhm dóibh an t-ualach rialála agus comhlíontachta riaracháin nach bhfuil gá leis do mhonaróirí AE a laghdú, go háirithe do FBManna, chun machaire comhréidh a bhaint amach agus chun a chur ar a gcumas dul in iomaíocht níos fearr le hiomaitheoirí domhanda atá ag feidhmiú faoi chaighdeáin chomhlíontachta níos éifeachtúla;

64.

á iarraidh ar an gCoimisiún comhar idirnáisiúnta a fheabhsú le tíortha atá ar aon intinn leis chun dea-chleachtais a mhalartú, dúshláin choiteanna agus rioscaí coiteanna a shainaithint agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a fhorbairt maidir le ríomhthráchtáil;

65.

á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, Tionscnamh Comhráiteas EDT maidir le Ríomhthráchtáil; á thabhairt dá haire go rachaidh an comhaontú chun tairbhe tomhaltóirí agus gnólachtaí trí idirbhearta leictreonacha trasteorann a éascú, trí bhacainní ar thrádáil dhigiteach a laghdú, agus trí nuálaíocht sa ríomhthráchtáil a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir, áfach, nach bhfuil sa chomhaontú ach bunús agus ag spreagadh an Choimisiúin comhaontuithe trádála uaillmhianacha a shaothrú i gcaibidlíocht le comhpháirtithe chun forálacha ceangailteacha maidir le ríomhthráchtáil a áirithiú;

Úsáid mhéadaithe a bhaint as uirlisí teicneolaíochta faisnéise

66.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil tionscadal á ullmhú ag an gCoimisiún chun cuíchóiriú a dhéanamh ar na bunachair sonraí atá ann cheana, lena n-áirítear an Córas Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh, Safety Gate an Aontais agus an Córas Bainistíochta Riosca Custaim, ina gcomhchóras idir-inoibritheach lena mbailítear an fhaisnéis uile maidir le sábháilteacht táirgí, rianú táirgí góchumtha agus fógraí faoi thionóiscí agus chun idir-inoibritheacht a áirithiú le DPP agus le mol sonraí custaim an Aontais a bheidh ann amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis a fhoilsiú maidir le hamlíne cur chun feidhme agus riachtanais acmhainní an tionscnaimh seo;

67.

ag tacú le haidhm an Choimisiúin an uirlis ‘e-Surveillance WebCrawler’ a chur ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh chun táirgí contúirteacha a thagann chun cinn arís a mharcáil; á iarraidh ar an gCoimisiún ransaitheoir gréasáin eile a chur ar fáil chun liostuithe nua a bhrath a luaithe is féidir, chun táirgí neamhchomhlíontacha a mharcáil sula sroichfidh siad tomhaltóirí;

68.

ag tacú leis an úsáid fhreagrach, a bhaintear as an intleacht shaorga, blocshlabhra agus idirlíon na rudaí nithiúla chun liostuithe táirgí ar ardáin ríomhthráchtála a scanadh agus anailís a dhéanamh orthu, iniúchtaí custaim agus faireachais margaidh agus sainaithint riosca a uathoibriú agus bunachair sonraí um chomhlíonadh táirgí a chomhtháthú le haghaidh seiceálacha fíor-ama idir údaráis faireachais margaidh agus údaráis chustaim, i gcomhréir le dlíthe an Aontais agus dlíthe náisiúnta; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil costais arda cur chun feidhme na dteicneolaíochtaí sin fós ina mbacainn; á chur i bhfios go láidir go bhfágfaidh glacadh iomlán na dteicneolaíochtaí sin go mbeidh an láimhseáil níos éifeachtúla, go háirithe i gcás earraí ar luach íseal, agus go mbeidh cumais chigireachta theoranta ag baint le líon ard na mbeartán ina bhfuil go leor ítimí éagsúla;

69.

á éileamh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit dea-chleachtais a mhalartú agus dreasachtaí a aimsiú chun an cistiú agus an tacaíocht is gá a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta chun an úsáid fhreagrach a bhaintear as réitigh theicneolaíocha a mhéadú; á mholadh go bhféadfaí an intleacht shaorga, blocshlabhra agus idirlíon na rudaí nithiúla a úsáid chun liostuithe táirgí ar ardáin ríomhthráchtála a scanadh agus anailís a dhéanamh orthu, chun cigireachtaí agus próifíliú riosca a uathoibriú, agus chun bunachair sonraí um chomhlíonadh táirgí a chomhtháthú le haghaidh seiceálacha fíor-ama ag roinnt údarás;

70.

á chur i bhfios go láidir gur cheart do na Ballstáit seiceálacha custaim a threisiú go háirithe le lastais ar luach íseal trí chórais measúnaithe rioscabhunaithe agus rianú digiteach a chur chun feidhme chun cosc a chur ar tháirgí neamhchomhlíontacha rialuithe custaim a sheachaint; á iarraidh ar na Ballstáit leibhéal na bpróiseas uathoibrithe a mhéadú, amhail scanadh uathoibrithe lipéad agus beartáin á bpróiseáil ag custaim;

71.

á aithint go n-úsáideann roinnt margaí ar líne líon uirlisí teicneolaíochta faisnéise freisin chun táirgí neamhshábháilte agus aindleathacha atá le fáil ar a n-ardáin a bhrath agus a bhaint; á thabhairt chun suntais, áfach, nach mór do mhargaí ar líne tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sna huirlisí teicneolaíochta faisnéise sin agus an úsáid a bhaineann siad astu a mhéadú chun tairiscint agus díol táirgí neamhshábháilte agus aindleathacha a sheachaint go héifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid uirlisí TF ag margaí ar líne a dhreasú tuilleadh ina leith sin, agus comhlíonadh iomlán Airteagal 8 de DSA á áirithiú ag an am céanna, lena bhforáiltear nach bhfuil aon oibleagáid ghinearálta ann faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tharchuireann nó a stórálann soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha;

72.

á mholadh, gan dochar don phrionsabal a chumhdaítear in DSA nár cheart soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ar líne a bheith faoi réir oibleagáid faireacháin maidir le hoibleagáidí de chineál ginearálta, gur cheart d’idirghabhálaithe ar líne atá i mbun táirgí a dhíol, a chur chun cinn nó a dháileadh laistigh de mhargadh an Aontais breithniú a dhéanamh as a stuaim féin ar chórais faireacháin dhigitigh rioscabhunaithe a úsáid chun inneachar neamhdhleathach a shainaithint agus a chosc (cur i láthair, tuairisc nó tairiscint táirgí neamhdhleathacha nó contúirteacha lena ndíol); á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé sásraí mearfhreagartha a chur chun feidhme chun a áirithiú go mbainfear anuas go buan ábhar neamhdhleathach sonrach a luaithe a bheidh eolas iarbhír ag soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ar líne ar ábhar neamhdhleathach den sórt sin a bheith á chur i láthair ar a gcomhéadain, chomh maith leis an ngá atá ann do sholáthraithe seirbhísí óstála gach beart is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar an ábhar neamhdhleathach céanna nó coibhéiseach a bheith ar a n-ardán arís;

Feabhas a chur ar fheasacht agus ar fhaisnéis na dtomhaltóirí

73.

ag cur béim ar an bhfíoras gur minic nach mbíonn faisnéis leordhóthanach ag tomhaltóirí AE agus ag FBManna Eorpacha atá i mbun gníomhaíochtaí allmhairiúcháin maidir leis na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le táirgí a d’fhéadfadh a bheith contúirteach agus maidir leis an dochar a d’fhéadfadh siad a dhéanamh; á chur i bhfáth go ndírítear níos mó agus níos mó ar thomhaltóirí ag trádálaithe nach gcuireann tomhaltóirí ar an eolas go minic, in ainneoin a n-oibleagáidí dlíthiúla, go ndéantar a gcuid táirgí agus go seoltar iad lasmuigh den Aontas; á aithint go bhfuil éileamh i measc thomhaltóirí AE ar tháirgí níos saoire, a cheannaítear ar mhargaí ar líne neamh-AE mar gheall ar a gcostais táirgthe i bhfad níos ísle agus coinníollacha neamhiomaíocha do ghnólachtaí agus d’ardáin ar líne an Aontais; á chur i bhfáth go bhféadfaidh margaí ar líne teicnící deartha ionramhála (patrúin dhorcha) a úsáid chun tionchar a imirt ar chinntí ceannaigh; ag tabhairt rabhadh i gcoinne na rioscaí a bhaineann le hiompraíochtaí ceannaigh éigeantacha, deacrachtaí airgeadais agus carnadh earraí neamhriachtanacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feachtais faisnéise agus múscailte feasachta a eagrú maidir le táirgí neamhshábháilte a cheannach ar líne agus maidir leis na hiarmhairtí sláinte, príobháideachais, comhshaoil agus iomaíochais a d’fhéadfadh a bheith acu, agus béim ar leith á leagan ar thomhaltóirí leochaileacha agus ag buaicamanna tomhaltais;

74.

á mholadh tomhaltas athláimhe a chothú mar chur chuige inbhuanaithe chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá ag tomhaltóirí an Aontais le hearraí inacmhainne; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé athúsáid táirgí athláimhe a chur chun cinn agus a dhreasú mar spreagadh tábhachtach chun leas a bhaint as acmhainneacht an gheilleagair chiorclaigh;

75.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na ceanglais éicidhearthóireachta do theicstílí agus do tháirgí eile faoi ESPR a fhorfheidhmiú go docht, chomh maith le forálacha na Treorach maidir le Tomhaltóirí a Chumhachtú don Aistriú Glas (14) chun a áirithiú go mbeidh tomhaltóirí níos eolaí faoi ghnéithe inbhuanaitheachta, amhail tionchair chomhshaoil, úsáid fuinnimh, indeisitheacht agus marthanacht táirgí a cheannaítear ar mhargaí ar líne;

76.

á mheas gur cheart údaráis tomhaltóirí, eagraíochtaí, comhlachais tionscail agus comhlachais tráchtála a spreagadh chun feachtais mhóra chomhordaithe múscailte feasachta a sheoladh maidir le cearta tomhaltóirí, rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear na féidearthachtaí maidir le comhshásamh, agus sásraí sásaimh agus ceannach á dhéanamh ar líne, go háirithe ar ardáin ar líne nach de chuid an Aontais iad; hgá chur i bhfáth gur gá feasacht a mhúscailt freisin maidir leis na tionchair chomhshaoil, sláinte agus shóisialta a bhíonn ag cleachtais ghnó neamh-inbhuanaithe agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin ról atá ag teicnící nua fógraíochta, amhail tionchairí agus ceannairí tuairimí digiteacha, maidir le dearcthaí ar shábháilteacht agus iontaofacht táirgí a mhúnlú; á iarraidh ar an gCoimisiún ról comhordaithe a ghlacadh mar a luaitear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2025 maidir le ríomhthráchtáil agus féachaint an bhféadfaí feachtais faisnéise trasteorann arna bhforbairt i gcomhar le taighdeoirí, leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí ábhartha eile a mhaoiniú;

Breithnithe trádála agus forbartha

77.

á iarraidh ar an gCoimisiún a leibhéal uaillmhéine a chur chun feidhme i gcomhaontuithe le comhpháirtithe idirnáisiúnta ar an leibhéal iltaobhach, ós rud é nach amháin gur dúshlán Eorpach iad táirgí neamhshábháilte, ach gur dúshlán domhanda iad freisin; á athdhearbhú, mar a leagtar amach i seasamh na Parlaiminte maidir leis an athbhreithniú ar Chód Custaim an Aontais, gur cheart do EUCA socruithe oibre a bhunú le húdaráis tíortha nach de chuid an Aontais iad agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta; á chur i bhfáth gur cheart go gcuirfeadh socruithe den sórt sin ar chumas EUCA faisnéis a mhalartú, lena n-áirítear dea-chleachtais, le húdaráis neamh-AE agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh; ag tacú le rannpháirtíocht leanúnach i meitheal na Náisiún Aontaithe um Thrádáil agus Forbairt maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais, a bhfuil ról ríthábhachtach aici maidir le dea-chleachtais a fhorbairt d’fhorfheidhmiú trasteorann;

78.

á iarraidh ar an gCoimisiún comhar a mhéadú le comhpháirtithe idirnáisiúnta, laistigh d’fhóraim amhail EDT, an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim (EDC), agus G7, chun tionchar na Síne a fhrithchothromú agus chun cómhalartaíocht agus trádáil atá bunaithe ar rialacha a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún oibleagáidí láidre infhorfheidhmithe a ionchorprú go sainráite chun aghaidh a thabhairt ar shaothar éigeantais agus comhaontuithe trádála agus infheistíochta atá i bhfeidhm faoi láthair á n-athbhreithniú agus á n-athchaibidliú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le sásraí comhair níos láidre idir an tAontas agus an tSín agus le ceanglais deimhniúcháin thrédhearcacha chun comhlíonadh a áirithiú;

79.

á thabhairt chun suntais gur gá sábháilteacht seirbhísí agus táirgí agus forálacha maidir le comhlíonadh rialála a chur san áireamh agus comhaontuithe trádála de chuid an Aontais amach anseo á gcaibidliú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá idirphlé sonrach rialála agus comhar trí shocruithe riaracháin, comhar feabhsaithe maidir le forfheidhmiú custaim, inrianaitheacht loingsithe chuig na caighdeáin is airde agus socruithe feabhsaithe comhroinnte sonraí idir údaráis chustaim chun dul i ngleic go héifeachtach le hallmhairí neamhchomhlíontacha;

80.

ag tathant ar an gCoimisiún a bheith réamhghníomhach agus ionstraimí cosanta trádála spriocdhírithe a úsáid go pras, lena n-áirítear imscrúduithe frith-fhóirdheontais, chun aghaidh a thabhairt ar na drochthionchair ar ghnólachtaí Eorpacha; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór gníomhaíochtaí den sórt sin a chomhordú go dlúth leis na príomh-chomhpháirtithe idirnáisiúnta, chun forfheidhmiú domhanda éifeachtach agus cothroime chómhalartach an mhargaidh a áirithiú;

81.

ag spreagadh an Choimisiúin chun feabhas a chur ar iarrachtaí taidhleoireachta agus ar chomhar laistigh d’fhóraim idirnáisiúnta, go háirithe EDT, EDC agus G7, chun leathnú straitéiseach na Síne i gcreataí rialachais dhigitigh a fhrithchothromú, lena n-áirítear a tionscnamh dar teideal ‘Digital Silk Road’; á chur i bhfáth go bhfuil gá le rialacha trádála digití atá oscailte, níos trédhearcaí agus níos freagraí i gcomhlachtaí idirnáisiúnta a leagann síos caighdeáin chun ilroinnt an idirlín a chosc agus chun na rioscaí a bhaineann le samhlacha sriantacha rialachais dhigitigh a mhaolú;

82.

á chur in iúl gur geal léi Tionscnamh Comhpháirteach EDT maidir le Ríomhthráchtáil mar chéim ríthábhachtach i dtreo rialacha domhanda maidir le trádáil dhigiteach; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil teorainneacha leis faoi láthair, go háirithe maidir le trédhearcacht custaim; ag tathant ar an gCoimisiún forálacha ceangailteacha níos láidre a mholadh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach é agus go ndéanfar é a chomhtháthú i gcreat dlíthiúil EDT, agus chun caighdeáin chomhlíontachta dhomhanda fheabhsaithe a áirithiú;

83.

ag cur béim ar an ngá atá le tionscnaimh idirnáisiúnta fothaithe acmhainneachta chun tacú le rannpháirtíocht inbhuanaithe agus chomhlíontach na dtíortha atá i mbéal forbartha sa trádáil dhigiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún comhoibriú go dlúth le heagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe EDT, chun feabhas a chur ar chreataí rialála agus ar chúnamh teicniúil don ríomhthráchtáil i dtíortha i mbéal forbartha;

°

° °

84.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)   IO C, C/2025/1035, 27.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1035/oj.

(2)   IO L, 2024/3015, 12.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3015/oj.

(3)   IO L, 2024/1760, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1760/oj.

(4)  Letta, E., ‘Much more than a market: Speed, Security, Solidarity – Empowering the Single Market to deliver a sustainable future and prosperity for all EU Citizens’ [Margadh Thar an gCoitiantacht: Luas, Slándáil, Dlúthpháirtíocht - An Margadh Aonair a chumhachtú chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúnas inbhuanaithe a sholáthar do shaoránaigh uile na hEorpa], Aibreán 2024, https://www.consilium.europa.eu/media/ny3j24sm/much-more-than-a-market-report-by-enrico-letta.pdf.

(5)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/988/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1020/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2394/oj).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).

(10)  Letta, E., ‘Much more than a market: Speed, Security, Solidarity – Empowering the Single Market to deliver a sustainable future and prosperity for all EU Citizens’ [Margadh Thar an gCoitiantacht: Luas, Slándáil, Dlúthpháirtíocht - An Margadh Aonair a chumhachtú chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúnas inbhuanaithe a sholáthar do shaoránaigh uile na hEorpa], Aibreán 2024.

(11)  Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/1753 (IO L, 2023/2411, 27.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2411/oj).

(12)  Treoir (AE) 2024/2853 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le dliteanas i leith táirgí lochtacha agus lena n-aisghairtear Treoir 85/374/CEE ón gComhairle (IO L, 2024/2853, 18.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2853/oj).

(13)  Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE) (IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj).

(14)  Treoir (AE) 2024/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr (IO L, 2024/825, 6.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/825/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1436/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top