Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025IP0146

P10_TA(2025)0146 — Slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2025 ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas (2025/2055(INI))

IO C, C/2026/1433, 31.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1433/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1433/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1433

31.3.2026

P10_TA(2025)0146

Slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2025 ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas (2025/2055(INI))

(C/2026/1433)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194 de,

ag féachaint do Threoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád (1) (an Treoir maidir le Stoic Ola),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2014 dar teideal ‘ European Energy Security Strategy’ [an Straitéis Eorpach um Shlándáil Fuinnimh] (COM(2014)0330),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (2),

ag féachaint do Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (3),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (4),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE (5),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘ The European Green Deal’ [An Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019)0640),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2020 dar teideal ‘ Powering a climate-neutral economy: An EU Strategy for Energy System Integration’ [Geilleagar aeráidneodrach a chumhachtú: Straitéis de chuid an Aontais um Chomhtháthú Córais Fuinnimh] (COM(2020)0299),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014 (6),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘an Dlí Aeráide Eorpach’) (7),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (8),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 18 Bealtaine 2022 dar teideal: Rannpháirtíocht an Aontais i réimse an fhuinnimh sheachtraigh i ndomhan atá ag athrú (JOIN(2022)0023),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal: Plean REPowerEU (COM(2022)0230),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal: An córas fuinnimh a dhigiteáil – plean gníomhaíochta an Aontais (COM(2022)0552),

ag féachaint don tuarascáil measúnachta deiridh ar Thascfhórsa AE-ECAT maidir le hathléimneacht an bhonneagair chriticiúil, a foilsíodh i mí an Mheithimh 2023,

ag féachaint do Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú) (9) (an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh),

ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2023 ó Ghníomhaireacht Soláthair Euratom,

ag féachaint do Threoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite) (10),

Treoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le rialacha comhchoiteanna do na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, do ghás nádúrtha agus do hidrigin, lena leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/73/CE (athmhúnlú) (11),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir leis na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, gás nádúrtha agus hidrigin, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011, (AE) 2017/1938, (AE) 2019/942 agus (AE) 2022/869 agus Cinneadh (AE) 2017/684 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (athmhúnlú) (12),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 (13),

ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1711 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Treoracha (AE) 2018/2001 agus (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas (14),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas (an Rialachán maidir le Dearadh an Mhargaidh Leictreachais) (15),

ag féachaint do rún uaithi an 14 Samhain 2024 maidir le gníomhaíochtaí an Aontais i gcoinne scáthchabhlaigh na Rúise agus forfheidhmiú iomlán smachtbhannaí i gcoinne na Rúise a áirithiú (16),

ag féachaint do thuarascáil ó Sauli Niinistö dar teideal ‘ Safer together – strengthening Europe’s civilian and military preparedness and preparedness’ [Níos Sábháilte le Chéile – Ullmhacht Shibhialtach agus Mhíleata na hEorpa a Neartú] (Tuarascáil Niinistö), a foilsíodh an 30 Deireadh Fómhair 2024,

ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 09/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal: Slándáil an tsoláthair gáis san Aontas (17),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal: Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach (COM(2025)0030),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 21 Feabhra 2025 dar teideal: Plean gníomhaíochta an Aontais maidir le Slándáil Cáblaí (JOIN(2025)0009),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 dar teideal: An Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne (COM(2025)0079),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 26 Márta 2025 maidir leis an Straitéis Eorpach um Aontas na hUllmhachta (JOIN(2025)0130),

ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A10-0121/2025),

A.

de bhrí go bhfuil an tslándáil fuinnimh ina bunchloch thábhachtach de gheilleagar athléimneach, inbhuanaithe agus iomaíoch; de bhrí go bhfuil soláthairtí fuinnimh iontaofa agus inacmhainne bunriachtanach don fhás eacnamaíoch, don táirgiúlacht thionsclaíoch agus do dhea-bhail na sochaí;

B.

de bhrí, i gcomhthéacs géarchéim slándála ghinearálta agus an ghá atá le hullmhacht i gcoinne dúshláin chosanta, gur tosaíocht é an soláthar fuinnimh a áirithiú;

C.

de bhrí, d’ainneoin na hacmhainneachta chun foinsí fuinnimh glana agus in-athnuaite intíre a fhorbairt, go n-allmhairíonn AE níos mó ná 60 % dá fhuinneamh, lena n-áirítear 90 % dá ghás agus 97 % dá ola (18), rud a fhágann go bhfuil sé leochaileach do shuaitheadh a d’fhéadfadh a bheith sa soláthar fuinnimh;

D.

de bhrí go bhfuil sé d’acmhainneacht ag AE acmhainní in-athnuaite a fhorbairt, agus ó foilsíodh an Straitéis dheireanach ón gCoimisiún maidir le Slándáil Fuinnimh in 2014, go bhfuil méadú substaintiúil tagtha ar tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite dúchasacha – cumhacht ghaoithe 98 %, grianfhuinneamh fótavoltach 314 %, grianfhuinneamh teirmeach 22 % agus fuinneamh aigéin 244 %; de bhrí, le linn na tréimhse céanna, go bhfuil laghdú tagtha ar tháirgeadh breosla iontaise intíre an Aontais, agus laghdú 53 % tagtha ar tháirgeadh guail, laghdú 31 % ar ola agus laghdú 73 % ar ghás;

E.

de bhrí, le heangach atá faoi cheannas fuinneamh in-athnuaite, go mbeidh ar an Eoraip os cionn 100 GW de thoilleadh nua cumhachta dhocht ghlain a dhaingniú faoi 2035 chun iontaofacht, slándáil fuinnimh agus costais níos ísle a áirithiú (19);

F.

de bhrí go bhfuil tionchar diúltach ag an mbearna idir táirgeadh fuinnimh agus éileamh an Aontais ar chomhardú trádála an Aontais, agus gurbh ionann allmhairí fuinnimh agus EUR 427 mbilliún in 2024 – laghdú ó bhuaic EUR 602 bhilliún in 2022 – le haghaidh guail, ola agus gáis (20);

G.

de bhrí go bhfuil laghdú 24 % tagtha ar tháirgeadh núicléach an Aontais ó 2014 i leith (21); de bhrí go léiríonn roinnt Ballstát go bhfuil siad tiomanta don fhuinneamh núicléach a leathnú mar cholún dá straitéisí fuinnimh agus dá dtionscadail cumhachta núicléiche a chur chun cinn;

H.

de bhrí go rannchuidíonn éagsúlú foinsí fuinnimh le huathriail straitéiseach oscailte, slándáil fuinnimh agus athléimneacht an Aontais i gcoinne suaitheadh soláthair seachtrach;

I.

de bhrí, trí tháirgeadh fuinnimh intíre in-athnuaite agus glan, éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta coigilte fuinnimh a chur i bhfeidhm ar fud an tslabhra luacha ina iomláine, go laghdaítear an spleáchas ar fhoinsí seachtracha fuinnimh agus go bhfeabhsaítear slándáil an tsoláthair fuinnimh; de bhrí go bhfuil torthaí struchtúracha bainte amach ag beartais éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais, le buaicphointe an éilimh ar fhuinneamh in 2006 agus laghdú 20 % in 2023 (22), agus béim á leagan ar éifeachtúlacht fuinnimh mar an bealach is costéifeachtaí chun astaíochtaí a laghdú, iomaíochas a fheabhsú, tomhaltas fuinnimh a dhéanamh níos inacmhainne agus slándáil fuinnimh a fheabhsú;

J.

de bhrí go bhfuil difríocht idir na Ballstáit ó thaobh saintréithe nádúrtha agus geografacha, soláthar fuinnimh, slándáil, foinsí agus beartais de;

K.

de bhrí go bhfuil úsáid á baint ag Cónaidhm na Rúise as a soláthairtí ola, guail, cumhachta núicléiche agus gáis chuig an Aontas mar uirlis troda le blianta fada anuas chun deighilt a chruthú i measc na mBallstát agus, ó Shamhradh 2021, chun boilsciú a spreagadh agus chun tiomantas na hEorpa do thacú leis an Úcráin ina troid chóir ar son na saoirse a lagú; de bhrí gur cuireadh tús le cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine in 2014; de bhrí go bhfuil cogadh foghach iomlán neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar ar bun ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine ón 24 Feabhra 2022 i leith; de bhrí gur chomhaontaigh na Ballstáit i nDearbhú Versailles (23) athmheasúnú a dhéanamh ar conas slándáil a soláthairtí fuinnimh a áirithiú agus deireadh a chur de réir a chéile lena spleáchas ar allmhairí gáis, ola agus guail ón Rúis ‘a luaithe is féidir’ trí, i measc bealaí eile, dlús a chur le forbairt foinsí in-athnuaite fuinnimh agus le táirgeadh a bpríomh-chomhpháirteanna agus dlús a chur leis an laghdú ar spleáchas foriomlán an Aontais ar bhreoslaí iontaise, agus imthosca náisiúnta agus roghanna meascáin fuinnimh na mBallstát á gcur san áireamh; de bhrí gur cuireadh sraith gníomhaíochtaí chun cinn i bplean REPowerEU chun stop a chur le breoslaí iontaise na Rúise a allmhairiú faoi 2027 ar a dhéanaí;

L.

de bhrí, cé gur forchuireadh smachtbhannaí ar fhormhór allmhairí ola agus guail na Rúise, gur fhan allmhairí gáis agus núicléacha na Rúise lasmuigh de chóras smachtbhannaí an Aontais, ar an drochuair, i bhfianaise imní maidir le slándáil an tsoláthair;

M.

de bhrí gur tháinig laghdú suntasach ar an sciar de ghás píblíne na Rúise, idir ghás nádúrtha leachtaithe (GNL) agus phíblíne, in allmhairí fuinnimh iomlána an Aontais ó 45 % in 2021 go dtí thart ar 19 % in 2024; de bhrí gur sháraigh allmhairí an Aontais de bhreoslaí iontaise na Rúise sa tríú bliain den ionradh an chabhair airgeadais ón Aontas a seoladh chuig an Úcráin sa tréimhse chéanna (EUR 18,7 billiún in 2024) (24); de bhrí, ó thús an chogaidh, go bhfuil ioncam EUR 206 bhilliún san iomlán tuillte ag an Rúis ó onnmhairí breosla iontaise chuig an Aontas; de bhrí gurb iad onnmhairí domhanda breoslaí iontaise an fhoinse ioncaim is mó don Rúis, arb ionann é agus EUR 250 billiún in aghaidh na bliana (25) – atá comhionann le 160 % de bhuiséad míleata na Rúise don bhliain seo (26);

N.

de bhrí, i measc an 100 imoibreoir atá ag feidhmiú in AE, go bhfuil 18 n-imoibreoir lonnaithe i gcúig thír san Aontas agus gur de dhearadh Rúiseach nó Sóivéadach iad, agus leibhéil éagsúla spleáchais ionsuite ar Rosatom ag gach ceann acu, rud atá ina riosca ar leith do shlándáil fuinnimh na hEorpa; de bhrí gur fhreastal an Rúis do thart ar 23 % d’éileamh iomlán an Aontais ar sheirbhísí tiontaithe úráiniam agus 24 % ar sheirbhísí saibhrithe úráiniam in 2024;

O.

de bhrí go bhfuil imchéimniú á dhéanamh ag an Rúis ar smachtbhannaí trína scáthchabhlach, lena n-iompraítear ola chuig ceannaitheoirí toilteanacha faoi bhratacha bréagacha nó gan bratacha agus lena mbaineann rioscaí tromchúiseacha comhshaoil; de bhrí go bhfuil na bearta éifeachtacha a ghlac an Chomhairle sa 15ú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne imghabháil smachtbhannaí tríd an scáthchabhlach fós le cur chun feidhme ag na Ballstáit;

P.

de bhrí, i rún uaithi i mí na Samhna 2024, gur iarr an Pharlaimint ar AE agus ar a Bhallstáit toirmeasc a chur ar gach allmhairiú fuinnimh ón Rúis, lena n-áirítear GNL agus fuinneamh núicléach, chun a cheangal go gcuirfí toirmeasc ar longa a onnmhairíonn GNL ón Rúis ó dhul isteach i gcalafoirt an Aontais agus staonadh ó aon chomhaontú nua a thabhairt i gcrích le Rosatom ná lena fhochuideachtaí;

Q.

de bhrí go bhfuil dochar á dhéanamh do ghnólachtaí, do thionscail agus do theaghlaigh in éagmais straitéis láidir nuashonraithe um shlándáil fuinnimh an Aontais; de bhrí, i measc tosca rannchuiditheacha eile, go bhfuil méadú géar tagtha ar bhochtaineacht fuinnimh agus nach raibh beagnach duine as gach deichniúr (10,6 %) in ann a dtithe a théamh go leormhaith in 2023 (27), méadú ó 6,9 % in 2021 (28);

R.

de bhrí gur féidir le hionsaithe ar bhonneagar criticiúil fuinnimh a bheith ina gcúis le caillteanas cumhachta a dhéanann difear do roinnt Ballstát ag an am céanna agus le damáiste substaintiúil eacnamaíoch, agus an bonn a bhaint ón tslándáil phoiblí agus impleachtaí a bheith acu do chumais chosanta an Aontais; de bhrí go bhfuil cibearionsaithe iomadúla déanta ar earnáil fuinnimh na hEorpa ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin; de bhrí go bhfuil bonneagar criticiúil fuinnimh Mhuir Bhailt faoi ionsaí rialta ón Rúis; de bhrí gur cúis mhór imní é an méadú atá ag teacht ar líon na dteagmhas ciaptha imill i gcoinne bonneagar fuinnimh amach ón gcósta;

S.

de bhrí gur sainíodh ról ECAT sa tslándáil fuinnimh den chéad uair ag Cruinniú Mullaigh 2008 i mBúcairist agus gur neartaíodh é ó shin; de bhrí go bhfuil ECAT ag neartú shlándáil an bhonneagair chriticiúil chun sabaitéireacht a chosc, lena n-áirítear tríd an tionscnamh ‘Baltic Sentry’ a seoladh le déanaí; de bhrí go bhfuil ECAT ag tacú leis na húdaráis náisiúnta feabhas a chur ar a n-athléimneacht i gcoinne suaitheadh sa soláthar fuinnimh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chosaint náisiúnta agus don chosaint chomhchoiteann;

T.

de bhrí go raibh comhtháthú chórais leictreachais na stát Baltach i ngréasán ilchríochach na hEorpa i mí Feabhra 2025 ina chéim chriticiúil i dtreo a slándáil fuinnimh a fheabhsú, ós rud é gur chuir sé deireadh leis an spleáchas ar eangach atá faoi rialú na Rúise, lena laghdaítear, dá bhrí sin, leochaileachtaí geopholaitiúla agus lena neartaítear athléimneacht an réigiúin Bhaltaigh;

Fís nua don tslándáil fuinnimh i dtimpeallacht dhomhanda atá ag athrú

1.

á mheabhrú go sainíonn an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil an tslándáil fuinnimh mar ‘infhaighteacht fuinnimh i gcónaí i bhfoirmeacha éagsúla, i gcainníochtaí leordhóthanacha, agus ar phraghsanna réasúnta agus/nó inacmhainne’; á mheas gur cheart gné an bhonneagair fhisiciúil, infhaighteacht, iontaofacht, cobhsaíocht agus inacmhainneacht soláthairtí agus a n-inbhuanaitheacht a chur san áireamh i gcur chuige cuimsitheach i leith na slándála fuinnimh, agus gur cheart béim a leagan ar na gnéithe geopholaitiúla agus aeráide;

2.

á chur i bhfáth gur saincheist trasearnála í an tslándáil fuinnimh atá mar bhonn agus mar thaca ag feidhmiú na n-earnálacha criticiúla uile, rud a fhágann go bhfuil sí fíor-riachtanach don chobhsaíocht eacnamaíoch, don tsábháilteacht phoiblí agus don athléimneacht náisiúnta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach breithnithe slándála fuinnimh a chomhtháthú i mbeartais ábhartha agus sna measúnuithe tionchair bunúsacha a ghabhann leo chun comhleanúnachas, comhsheasmhacht agus éifeachtacht fhoriomlán cheapadh beartas an Aontais a fheabhsú;

3.

ag cur béim ar an bhfíoras go leagtar béim leis an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair agus le spleáchais chontúirteacha leanúnacha ar an soláthar fuinnimh ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an tuiscint ar an tslándáil fuinnimh agus á aithint gur riachtanas straitéiseach anois é athléimneacht na gcóras fuinnimh, a thuigtear mar an cumas suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann a thuar, a sheasamh, oiriúnú dóibh agus téarnamh uaidh go mear;

4.

á chur i bhfáth, de réir mar a leanann an córas fuinnimh de bheith ag dícharbónú, go mbeidh sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh agus dul chun cinn an leictrithe, margadh fuinnimh dea-fheidhmiúil agus comhtháite, éifeachtúlacht fuinnimh, comhtháthú foinsí solúbthachta (leictreachas agus stóráil teasa, hidrigin, bonneagar atá forbartha go cuimsitheach agus athléimneach, freagairt don éileamh, etc.), agus toilleadh leordhóthanach inseolta ríthábhachtach chun eadrannacht foinsí fuinnimh in-athnuaite a bhainistiú go rathúil agus chun acmhainneacht iomlán an aistrithe fuinnimh a scaoileadh;

5.

á thabhairt chun suntais nach féidir leis an tslándáil fuinnimh oibriú gan leormhaitheas; ag tabhairt dá haire ‘gur gnách go n-aistríonn na saincheisteanna ganntanais ó limistéir fhorimeallacha na hEorpa in 2025 go dtí codanna lárnacha na mór-roinne faoi 2033’ (29); á chreidiúint go bhfuil ról struchtúrach ag sásraí um íocaíocht ar acmhainneacht maidir le hacmhainneacht chúltaca inseolta a dhaingniú chun leormhaitheas a áirithiú le linn buaicamanna nó tréimhsí ganntanais soláthair agus maidir le cuidiú leis na hinfheistíochtaí is gá a dhreasú i nginiúint acmhainneachta a bhféadfadh comharthaí margaidh, ag brath ar uaireanta praghais teirce annamha amháin, gan údar cuí a thabhairt ina dtaobh; á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go mbeidh na sásraí oscailte do chineálacha éagsúla acmhainní (amhail taobh an éilimh, coigilteas fuinnimh, comhiomlánú, aonaid stórála agus acmhainní trasteorann) atá in ann na seirbhísí riachtanacha a sholáthar, amhail solúbthacht, nach gcruthófar saobhadh míchuí margaidh leo ná nach gcuirfear teorainn le trádáil thraschreasach leo, agus go léireofar leo comhoiriúnacht le córas leictreachais dícharbónaithe amach anseo, lena n-áirítear trí chomhleanúnachas le teorainneacha astaíochtaí sainithe mar a leagtar amach in Airteagal 22 de Rialachán EMD; á mheabhrú nach gcumhdaítear le luach saothair as sásraí acmhainneachta ach a n-infhaighteacht; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá lena bpróisis formheasa a shimpliú agus a chuíchóiriú, mar a iarradh san athbhreithniú ar EMD, agus aird chuí á tabhairt ar fhadhbanna sonracha an mhargaidh leictreachais sna Ballstáit faoi seach i bpróiseas formheasa an Choimisiúin; ag cur sonrú sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an measúnú ar na féidearthachtaí chun an próiseas chun sásra acmhainneachta a chur i bhfeidhm a chuíchóiriú agus a shimpliú (30) agus na hoibreacha leanúnacha ar Chreat Státchabhrach an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan ina bhfuil tograí nithiúla chun dlús a chur leis an bpróiseas formheasa; ag tabhairt dá haire, cé go gcuireann an margadh cothromúcháin seirbhísí riachtanacha gearrthéarmacha ar fáil, nach bhfuil sé fabhrach don infheistíocht go fóill agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún dreasachtaí a fhorbairt chun na sócmhainní solúbtha atá ag teastáil go práinneach ó na margaí a thógáil;

6.

á chur i bhfáth gur cheart sainiúlachtaí na mBallstát agus a réigiún a chur san áireamh sa dícharbónú, lena n-áirítear na críocha is forimeallaí san Eoraip agus réigiúin an Chiste um Aistriú Cóir agus a leibhéal rochtana ar chineálacha éagsúla foinsí fuinnimh ghlain, riachtanais a dtionscal agus leochaileacht a saoránach chun aistriú cóir a áirithiú lena gcoinneofar slándáil fuinnimh trí shineirgí a chruthú idir uaillmhianta aeráide, dálaí geografacha agus nádúrtha, agus réaltachtaí sóisialta agus eacnamaíocha;

7.

ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le cur chuige níos leithne maidir le solúbthacht neamh-iontaise agus stóráil fuinnimh ina n-ionchorpraítear móilíní agus teas; á thabhairt chun suntais acmhainneacht na gcóras téimh ceantair ar féidir leo úsáid a bhaint as teirmeastóráil chun teocht an lúibe a laghdú agus chun dramhtheas, grianfhuinneamh, fuinneamh geoiteirmeach agus foinsí in-athnuaite eile a ionchorprú, i gcás inarb iomchuí, trí úsáid a bhaint as gás nádúrtha le linn idirthréimhse; ag tarraingt aird ar an ról tábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag an úsáid is fearr is féidir a bhaint as comhghiniúint ardéifeachtach, i gcomhréir leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, chun rannchuidiú le cothromú na heangaí leictreachais agus le hiomaíochas roinnt earnálacha tionsclaíocha, go háirithe iad siúd nach bhfuil bealaí malartacha acu chun teas inacmhainne a tháirgeadh ina bpróisis thionsclaíocha; á chur i bhfáth gur gá eangacha téimh ceantair a nuachóiriú agus a leathnú chuige sin;

8.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ról lárnach ag neodracht theicneolaíoch chun slándáil an tsoláthair fuinnimh a fheabhsú lena seachnaítear éifeachtaí glasála agus lena gcothaítear inbhuanaitheacht, éifeachtúlacht eacnamaíoch agus aistriú cóir; á mheabhrú gur gá infheistíocht a dhéanamh i bpunann éagsúil teicneolaíochtaí glana a chuireann ar chumas na réigiún na teicneolaíochtaí is oiriúnaí dá riachtanais a ghlacadh ar bhealach costéifeachtach, rud a fhágfaidh go mbeidh fuinneamh níos inacmhainne agus níos inrochtana;

9.

ag tabhairt dá haire go dtugtar chun suntais i dtuarascáil Draghi (31) go gcuirfeadh laghdú ar spleáchas ar allmhairí breosla iontaise feabhas ar iomaíochas an Aontais agus ar inacmhainneacht agus slándáil an tsoláthair; ag tabhairt dá haire go bhfuil gás nádúrtha ina chomhpháirt de shlándáil fuinnimh an Aontais faoi láthair, le héileamh 320 bcm in 2024, agus ag tabhairt dá haire réamhaisnéisí na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) ina léirítear éileamh measartha 260 bcm in aghaidh na bliana faoi 2035 (32), agus réamh-mheasadh i gcás REpowerEU go bhféadfadh laghdú 184 bcm ar an éileamh a bheith ann faoi 2030, rud a thabharfadh le tuiscint go mbeadh laghdú thart ar 50 % ar an éileamh ar ghás nádúrtha laistigh de níos lú ná 5 bliana, i gcomparáid leis an éileamh 356 bcm in 2022; ag meabhrú an togra ó Draghi straitéis chuimsitheach a bhunú don ghás nádúrtha, a ról le linn an aistrithe a bhainistiú agus a sholáthar a dhaingniú, ar cheart dó roghanna bonneagair, comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta agus reachtaíocht a threorú; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil staid trádála chuideachtaí an Aontais lagaithe mar gheall ar bheartais neamhréireacha maidir le gás nádúrtha, rud a fhágann go bhfuil siad neamhchosanta ar spotphraghsanna margaidh domhanda agus go bhféadfadh siad bearna a chruthú idir an méid atá daingnithe go conarthach ag an Aontas agus an méid a allmhaireofar le himeacht ama;

10.

á chur i bhfáth go bhfuil forbairt an fhuinnimh núicléach fós ina saincheart náisiúnta faoi chuimsiú dhlí an Aontais; ag tabhairt dá haire, i gcás na mBallstát a roghnaíonn cumhacht núicléach a bheith acu ina meascán fuinnimh, gur féidir ról tábhachtach a bheith aige i gcóras fuinnimh comhtháite ina bhfuil méadú ag teacht ar líon na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh; ag tabhairt dá haire go bhfeiceann roinnt Ballstát gur gá tacú le forbairt agus imscaradh glúine teicneolaíochtaí núicléacha atá ann cheana agus glúine nua araon, chomh maith le timthriall iomlán an bhreosla núicléach, a rannchuideoidh le slabhra soláthair teicneolaíoch iomaíoch a thógáil san Aontas chun uathriail straitéiseach oscailte a áirithiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar chostas iomlán shaolré iomlán an fhuinnimh núicléach, lena n-áirítear tógáil, oibriú, slándáil, tionchair chomhshaoil agus sláinte, bainistiú dramhaíola agus díchoimisiúnú; ag cur sonrú sa spleáchas reatha agus leanúnach ar sholáthraithe eachtracha, agus thart ar 97 % de sholáthar úráiniam nádúrtha an Aontais in 2022 ag teacht ó fhoinsí thar muir (33) agus á chur i bhfáth gur gá foinsí soláthair úráiniam agus breosla núicléach a éagsúlú agus an moladh ó Ghníomhaireacht Soláthair Euratom a leanúint maidir le slabhraí soláthair iontaofa a fhorbairt chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar theicneolaíochtaí núicléacha agus núicléacha nua; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gur chinn an Banc Eorpach Infheistíochta le déanaí a thacaíocht a athnuachan chun acmhainneachtaí saibhrithe úráiniam na hEorpa a neartú; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh imoibreoirí modúlacha beaga (SMRanna) agus ard-imoibreoirí modúlacha (AMRanna) feabhas a chur ar an tslándáil fuinnimh trí chumhacht ísealcharbóin a sholáthar; ag tabhairt dá haire, áfach, nach bhfuil an teicneolaíocht forbartha go hiomlán go fóill; á chur in iúl gur geal léi an measúnú a fógraíodh ar an bhféidearthacht cleachtais cheadúnúcháin a chuíchóiriú le haghaidh teicneolaíochtaí nua fuinnimh núicléach amhail SMRanna;

11.

á aithint gur cumasóir neamhspleáchais fuinnimh agus shlándáil fhadtéarmach an tsoláthair é an fuinneamh in-athnuaite; á chur i bhfáth go bhfuil foinsí in-athnuaite fuinnimh bunriachtanach chun slándáil fuinnimh a sholáthar ós rud é gurb iad an phríomhfhoinse fuinnimh de thionscnamh an Aontais cheana féin iad; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé úsáid na n-acmhainneachtaí in-athnuaite atá ann cheana a uasmhéadú, go háirithe trí dhul i ngleic le saincheist an chiorraithe, ós rud é gur chiorraigh plódú eangaí san Aontas os cionn 12 TWh de leictreachas in-athnuaite in 2023, rud a d’fhág go raibh 4,2 milliún tona breise d’astaíochtaí CO2 ann (34); ag tabhairt dá haire gur chuidigh foinsí in-athnuaite fuinnimh cheana féin le spleáchas an Aontais ar ghás na Rúise a laghdú toisc gurbh ionann iad agus 25 % den fhuinneamh agus 45 % den leictreachas a ídíodh san Aontas in 2023; á athdhearbhú a thábhachtaí atá tacaíocht leanúnach ón Aontas d’fhorbairt agus d’úsáid teicneolaíochtaí inathnuaite seanbhunaithe, amhail grianfhuinneamh, cumhacht ghaoithe, fuinneamh geoiteirmeach agus teaschaidéil; á athdhearbhú go bhfuil gá le tacaíocht bheartais agus infheistíochta d’earnálacha beagfhorbartha nó d’earnálacha atá ag teacht chun cinn chun dlús a chur le húsáid na dteicneolaíochtaí in-athnuaite is ábhartha i bhfianaise a gcúinsí náisiúnta agus áitiúla, amhail teicneolaíochtaí geoiteirmeacha nuálacha, bithmheatán, grianfhuinneamh teirmeach, fuinneamh muirí, fuinneamh taoide, fuinneamh osmóiseach agus grianchumhacht comhchruinnithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh sé, gan beartais tacaíochta spriocdhírithe, go dteipfeadh ar roinnt teicneolaíochtaí nuálacha tráchtálú a bhaint amach go tráthúil, agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit tacú lena dtaighde, lena dtaispeáint, lena nglacadh sa mhargadh agus lena méadú; á iarraidh ar an gCoimisiún plean infheistíochta a thíolacadh do na teicneolaíochtaí in-athnuaite sin;

12.

ag cur sonrú, go háirithe, in acmhainneacht an fhuinnimh gheoiteirmigh, a mheastar a shroichfidh 510 GW faoi 2035 ag fachtóir acmhainneachta 80-90 %; ag cur béim ar na hacmhainní ollmhóra neamhshaothraithe i réigiúin áirithe an Aontais agus á iarraidh ar an gCoimisiún an iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa tacú le forbairt an fhuinnimh gheoiteirmigh a chur i gcrích, lena n-áirítear trí ionstraimí maolaithe riosca a bhunú;

13.

á iarraidh ar IEA anailís a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar na féidearthachtaí maidir le hacmhainní gáis nádúrtha an Aontais a úsáid; ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú níos mó ná aon trian ar tháirgeadh intíre gáis nádúrtha an Aontais idir 2020 agus 2023 agus go meastar go leanfaidh an laghdú sin ar aghaidh gan aon mhéadú suntasach gearrthéarmach ar tháirgeadh gás glas, lena n-áirítear bithghás agus bithmheatán, san Aontas; ag tabhairt dá haire go dtugtar chun suntais i dtuarascáil Draghi, agus dícharbónú á dhéanamh de réir a chéile agus bogadh á dhéanamh i dtreo na hidrigine agus na ngás glas i gcomhréir le RED III agus REPowerEU mar bheart idirthréimhseach, go bhféadfadh ról a bheith ag táirgeadh intíre gáis nádúrtha – i gcás ina measann Ballstáit aonair údar cuí a bheith leis – chun rannchuidiú le slándáil an tsoláthair agus nochtadh d’fhorbairtí diúltacha geopholaitiúla a sheachaint;

14.

á thabhairt chun suntais go bhfuil an t-éagsúlú ríthábhachtach chun an riosca a bhaineann le ceannas soláthraithe a mhaolú i gcomhthéacs geopholaitiúil atá ag athrú; á chreidiúint gur gá don Aontas comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a neartú le soláthraithe iontaofa fuinnimh, amhábhar agus comhpháirteanna teicneolaíochta glaine i réigiúin uile an domhain, agus, go háirithe, le tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch;

15.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le cur chuige iomlánaíoch chun feabhas a chur ar an tslándáil fuinnimh, go háirithe trí éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú i bpríomhearnálacha fuinnimh críochúsáide, amhail foirgnimh agus tionsclaíocht, coigilteas fuinnimh a chur chun cinn, borradh a chur faoin infheistíocht i dtaighde agus i bhforbairt, agus rannpháirtíocht fhóinteach na saoránach a áirithiú, ar nithe iad uile atá bunriachtanach chun córas fuinnimh athléimneach, inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach;

16.

á iarraidh ar an gCoimisiún aird a thabhairt ar chumas míleata agus ar riachtanais soghluaisteachta amach anseo agus córas fuinnimh an Aontais á fhorbairt; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil an tAontas ag brath go mór ar allmhairiú amhola agus táirgí peitriliam; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach a ullmhú maidir le breoslaí leachtacha chun a áirithiú go mbeidh rochtain ar fáil go héasca ag na fórsaí armtha i gcás géarchéime, agus chun spleáchais ar shlabhraí allmhairí leochaileacha agus ar tháirgeoirí neamhiontaofa a laghdú, go háirithe forbairt chuimsitheach breoslaí sintéiseacha ardfhorbartha (amhail breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus leictribhreoslaí) san Eoraip;

17.

ag tarraingt aird ar an moladh i dtuarascáil Niinistö maidir leis an ngá atá le tuilleadh oibre a dhéanamh ar chonairí iompair dé-úsáide tosaíochta le haghaidh riachtanais lóistíochta shibhialtacha agus riachtanais lóistíochta a bhaineann leis an gcosaint, agus maidir le slabhraí soláthair breosla a leathnú do na fórsaí armtha feadh na gconairí sin, chomh maith le stoc-charnadh agus cúltacaí straitéiseacha fuinnimh, a d’fhéadfadh a bheith úsáideach go háirithe do na réigiúin nach bhfuil bonneagar píblíne agus stóráil breosla forbartha go leordhóthanach iontu; á iarraidh, ina leith sin, ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Stoic Ola i bhfianaise athruithe geopholaitiúla le déanaí agus na riachtanas ullmhachta míleata chun slándáil fuinnimh agus athléimneacht i gcoinne rioscaí míleata atá ag teacht chun cinn a neartú;

18.

ag aithint an éilimh atá ag méadú go mear ar fhuinneamh atá á thiomáint ag an earnáil dhigiteach, go háirithe riachtanais shuntasacha fuinnimh na lárionad sonraí agus na gcóras intleachta saorga; á chur i bhfáth go dtugann an treocht sin chun suntais an géarghá atá le beartais láidre éifeachtúlachta fuinnimh agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé don Aontas réitigh inbhuanaithe réamhbhreathnaitheacha a shaothrú go réamhghníomhach chun freastal ar an éileamh méadaitheach sin agus athléimneacht a chórais fuinnimh á cosaint ag an am céanna;

Bonneagar fuinnimh athléimneach

19.

ag tabhairt dá haire go gcuireann scrogaill sa bhonneagar bac ar na tairbhí a bhaineann le comhtháthú earnálacha agus gur déine na bagairtí ar an tslándáil fuinnimh dá mbarr; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i ngréasáin nua fuinnimh, lena n-áirítear idirnascairí trasteorann agus eangacha amach ón gcósta, agus an bonneagar atá ann cheana a bharrfheabhsú chun acmhainneacht a mhéadú trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí feabhsaithe eangaí (GETanna) agus riachtanais nua bhonneagair á laghdú ag an am céanna, chun comhtháthú foinsí in-athnuaite fuinnimh agus saoráidí giniúna nua eile a chumasú, bearnaí praghsanna a dhúnadh, éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais a fheabhsú agus dlúthpháirtíocht a chothú i measc na mBallstát i gcás géarchéim fuinnimh; ag cur béim ar an ngá atá le pleanáil bonneagair atá fónta go teicniúil lena gcuirtear saintréithe geografacha agus nádúrtha san áireamh agus lena n-áirithítear inmharthanacht fhadtéarmach agus lena seachnaítear cruthú sócmhainní tréigthe ag an am céanna;

20.

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú práinneach a dhéanamh ar limistéir nach leor na hidirnascairí atá iontu chun an sprioc reatha 15 % maidir le hidirnascadh a bhaint amach mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1999 (35); á chur i bhfáth a thábhachtaí atá Tionscadail Leasa Choitinn (TLCanna) chun sreabhadh éifeachtúil agus slán leictreachais a éascú ar fud na mBallstát agus na réigiún, agus ar an gcaoi sin comhtháthú trasteorann agus dlúthpháirtíocht fuinnimh laistigh den Aontas a neartú; ag aithint ról na Saoráide um Chónascadh na hEorpa don Fhuinneamh (SCE-E) chun na hinfheistíochtaí thuas a thabhairt chun críche agus á iarraidh an athuair go méadófaí a cistiú go suntasach agus an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile á mholadh;

21.

á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe le haghaidh suiteálacha agus líonraí leictreachais; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh nósanna imeachta ceadaithe atá rófhada éiginnteacht dhlíthiúil a chruthú, rud a bhainfeadh an bonn ó leormhaitheas acmhainní trí mhoill a chur ar chur chun feidhme tionscadal criticiúil – bíodh sin chun láithreáin ghiniúna atá ann cheana a athchumhachtú nó a athchóiriú, nó chun bonneagar tarchurtha, dáileacháin nó stórála a fhorbairt; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn dearfach a rinneadh maidir leis na forálacha a glacadh san athbhreithniú is déanaí ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus ar an Rialachán Éigeandála maidir le Ceadú (36) chun nósanna imeachta deonaithe ceadanna a luathú, a chuíchóiriú agus a shimpliú;

22.

á mheabhrú go bhfuil an t-athrú aeráide ag dul in olcas i gcónaí, rud a chuireann strus méadaitheach ar an gcóras fuinnimh mar gheall ar theagmhais adhaimsire, amhail tonnta teasa, as a n-eascraíonn múchadh gléasraí cumhachta teirmí, triomaigh lena laghdaítear aschur giniúna, agus stoirmeacha tromchúiseacha, tuilte agus dóiteáin a dhéanann dochar d’eangacha leictreachais agus do phíblínte gáis; á chur i bhfáth gur cheart tionchar an athraithe aeráide ar shócmhainní giniúna, ar ghréasáin agus ar phatrúin tomhaltais a chomhtháthú ar bhealach níos fearr i samhaltú agus in ullmhacht an bhonneagair fuinnimh; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le pleanáil athléimneach maidir le córais fuinnimh, lena n-ionchorpraítear straitéisí atá oiriúnaithe don aeráid amhail ardteicneolaíochtaí fuaraithe, solúbthacht eangaí, giniúint dhíláraithe in-athnuaite agus cosaintí bonneagair neartaithe; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé plean maidir le díonadh ar an athrú aeráide, a bheidh bunaithe ar mheasúnú rioscabhunaithe tosaigh, a chomhtháthú i dtionscadail fuinnimh ó na céimeanna is luaithe den fhorbairt;

23.

á iarraidh ar an gCoimisiún cur le Treoir (AE) 2022/2557 (37) maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil trína cur chun feidhme iomlán agus comhchuibhithe a éascú trí dhea-chleachtais, ábhair threoracha agus modheolaíochtaí a sholáthar, agus gníomhaíochtaí agus cleachtaí oiliúna trasteorann chun tacú leis na Ballstáit, le húdaráis inniúla agus le heintitis chriticiúla fuinnimh;

24.

ag cur béim ar an bhfíoras gur gá infheistiú i gcosaint agus i mianach an bhonneagair fuinnimh ar bhagairtí de dheasca an duine, amhail ionsaithe míleata, hibrideacha agus cibearionsaithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na teagmhais sabaitéireachta le déanaí i Muir Bhailt agus á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht níos láidre ar leibhéal AE chun bonneagar criticiúil fuinnimh AE a chosaint, lena n-áirítear naisc trasteorann le tíortha nach bhfuil in AE, amhail píblínte agus cáblaí fomhuirí, feirmeacha gaoithe amach ón gcósta agus idirnaisc, atá ceaptha chun tacú leis na Ballstáit is mó atá buailte, agus chun bearta náisiúnta a chomhlánú; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, an teachtaireacht chomhpháirteach ar Phlean Gníomhaíochta AE maidir le Slándáil Cháblaí;

25.

ag tabhairt dá haire go ndéanann dílárú an chórais fuinnimh, a neartaíonn mianach agus a éascaíonn an t-aistriú fuinnimh araon, agus éagsúlacht mhéadaithe foinsí agus neamhspleáchais, spleáchas ar ghléasraí cumhachta láraithe a laghdú, rioscaí bristeach a íoslaghdú, cobhsaíocht eangaí a fheabhsú, agus téarnamh níos tapúla ó shuaitheadh a chumasú; ag cur béim ar an bhfíoras, ag an am céanna, gur gá bearta feabhsaithe chun cosaint láidir bonneagair a chinntiú mar gheall ar an méadú atá tagtha ar líon na bhfoinsí cianda agus scaipthe fuinnimh, stórála fuinnimh agus nasc nua;

26.

á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh ón gcogadh san Úcráin, go háirithe ról ríthábhachtach an idirnaisc leictreachais, na micrea-eangacha, na grianchumhachta dáilte, na cumhachta gaoithe agus na stórála ceallraí chun mianach níos fearr na heangaí leictreachais a chinntiú i gcoinne ionsaithe míleata, lena n-áirítear cibearionsaithe, ladrainn agus diúracáin; ag moladh síoriarrachtaí na hÚcráine feidhmiúlacht agus sábháilteacht a córais fuinnimh a choimeád i bhfianaise chogadh foghach na Rúise, agus á chur i bhfios go láidir gurb é atá i gceist le tacú leis an Úcráin chomh maith cabhrú le fóntacht a heangaí leictrí náisiúnta a chosaint;

27.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach gcumhdaítear acmhainní fuinnimh dáilte (DERanna) beaga atá nasctha leis an idirlíon, amhail inbhéartóirí, le nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta faoin reachtaíocht chibearshlándála, amhail an Gníomh um Chibear-Athléimneacht (38), agus ós féidir iad a rialú go cianda agus a mbogearraí a nuashonrú ag an monaróir, is díoltóirí neamhiontaofa, i mórán cásanna, d’fhéadfaidís smacht a thabhairt do na díoltóirí neamhiontaofa sin ar eangacha leictreachais AE; ag tathant ar an gCoimisiún measúnuithe riosca éigeantacha a bhunú chun DERanna bunaithe ar an tír thionscnaimh, lena n-áiritheofar go mbeidh feistí a rialaítear ó dhlínsí ina bhfuil ábhair imní slándála féideartha faoi réir diancheanglais mhaoirseachta agus logánaithe; á iarraidh go bhfeabhsófaí mianach i slabhraí soláthair na hEorpa trí mhonarú DERanna atá bunaithe in AE a chur chun cinn agus trí chomhghuaillíochtaí a chothú le comhpháirtithe idirnáisiúnta iontaofa; á thabhairt chun suntais gur gá líon leordhóthanach gairmithe atá speisialaithe sa chibearshlándáil agus le dlúthchomhar i measc na mBallstát chun aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí sin;

28.

á iarraidh ar chuideachtaí fuinnimh a bhainistíonn bonneagar criticiúil oibriú go dlúth le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil agus iad féin a fheistiú leis na huirlisí cibearshlándála is forásaí; á mheas gur cheart comhar le ECAT i réimse na cibearshlándála a neartú chun bagairtí hibrideacha ar shlándáil fuinnimh na hEorpa a chomhrac;

29.

ag tabhairt dá haire gur gá do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh chun a mianach a mhéadú, lena gcuimsítear an cumas teagmhais a chosc, cosaint ina gcoinne, freagairt orthu, iad a chomhrac, a mhaolú, a ionsú, freastal orthu agus téarnamh uathu, agus idirspleáchas mhargadh fuinnimh AE agus éifeacht fhéideartha na dteipeanna bonneagair i dtír amháin ar fud an Aontais á gcur i gcuntas go hiomlán; á chur i bhfios go láidir, go háirithe, gur gá gné an téarnaimh a neartú, a d’fhéadfaí a bhaint amach trí shásra éifeachtúil deisiúcháin agus freagartha Eorpach agus trí phleananna oibríochtúla náisiúnta agus réigiúnacha, a d’fhéadfadh a bheith ina ngné thábhachtach de straitéis díspreagtha AE; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá dlúthpháirtíocht AE chun freagairt do theagmhais bhonneagair fhéideartha, lena n-áirithítear gníomhaíocht chomhordaithe agus tacaíocht fhrithpháirteach i measc na mBallstát;

30.

á mheabhrú gur earnáil fíoríogair é an bonneagar fuinnimh a bhfuil cosaint de dhíth uirthi i gcoinne leasanna eachtracha; ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na rioscaí slándála a bhaineann le hinfheistíocht choigríche i mbonneagar fuinnimh agus lena fháltais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di sraith infheistíochtaí coigríche iníogaire, go háirithe in eangacha; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an síor-athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Scagadh Infheistíochta Coigríche (39) mar chéim thráthúil i dtreo cur chuige straitéiseach dian a ghlacadh chun bonneagar fuinnimh na hEorpa a fhorbairt agus maoirseacht a dhéanamh air;

31.

á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí leis an tslándáil fuinnimh soláthar príomhtheicneolaíochtaí, príomh-chomhpháirteanna glana agus príomh-amhábhar criticiúil agus ag tabhairt dá haire go bhfuil gá lena bhfoinsiú éagsúlaithe; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht mhéadaithe do thionscal monaraíochta eangaí AE mar cholún straitéiseach den aistriú fuinnimh, agus béim ar leith á leagan ar thimpeallacht rialála atá cothrom agus iomaíoch a chinntiú do mhonaróirí Eorpacha, agus féachaint ag an am céanna ar phoitéinseal na gceanglas ábhair áitiúil chun slándáil fuinnimh, athléimneacht an tslabhra soláthair agus iomaíochas tionsclaíoch a neartú; á iarraidh go nuashonrófaí an Creat Soláthair Phoiblí chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eangaí a shimpliú agus a laghdú chun rochtain a fháil ar na teicneolaíochtaí eangaí is gá;

32.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé prionsabail na ciorclaíochta a chomhtháthú i ndearadh bonneagair agus trealaimh chriticiúil, agus á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht mhéadaithe dá gcur chun feidhme, agus é mar aidhm leis spleáchas AE ar allmhairiú amhábhar eachtrach a laghdú agus éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú;

Deireadh a chur de réir a chéile le soláthairtí fuinnimh na Rúise

33.

á thabhairt chun suntais, mar gheall ar na dúshláin a bhaineann le heaspa dlúthpháirtíochta in AE agus i roinnt Ballstát a thugann tús áite do leasanna ar leith, go bhfuil an mhór-roinn ina hiomláine ar an eolas faoi chontúirtí an spleáchais ar sholáthróir fuinnimh neamhiontaofa a úsáideann onnmhairí fuinnimh mar uirlis troda; á chur i bhfios go láidir nach mór na ceachtanna a foghlaimíodh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a bheith i gcroílár ghníomhaíochtaí AE amach anseo, go háirithe agus béim á leagan ar a ríthábhachtaí atá freagairt aontaithe Eorpach chun spleáchais chontúirteacha i soláthairtí fuinnimh a dhíothú;

34.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil dul chun cinn déanta ag AE ina spleáchas fuinnimh a laghdú a bhuí, den chuid is mó, le plean REPowerEU agus leis na 16 phacáiste smachtbhannaí, as ar tháinig laghdú ar allmhairí gáis na Rúise (píblíne agus GNL) ó 45 % d’allmhairí gáis iomlána an Aontais in 2021 go 19 % ó 2024 ar aghaidh;

35.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil AE fós ag brath ar ghás na Rúise agus, thairis sin, go bhfuil méadú tagtha air le déanaí, le méadú 18 % ar allmhairí in 2024 agus leanann den fhás in 2025 (40); ag tabhairt dá haire gur cheannaigh na Ballstáit EUR 7 mbilliún de GNL na Rúise in 2024 amháin, agus ó ionradh na Rúise ar an Úcráin, gur allmhairigh AE EUR 200 billiún d’ola agus gás na Rúise – a (41) chothaíonn meaisín cogaidh na Rúise go hiomlán;

36.

á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh treochlár chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí fuinnimh na Rúise, nach mór an bealach a réiteach chun deireadh cinntitheach a chur leo a luaithe is féidir;

37.

á chur in iúl gur geal léi an toirmeasc céim ar chéim ar allmhairí gáis na Rúise a mhol an Coimisiún; á chur i bhfáth gur gá cosc uile-Aontais a thabhairt isteach ar allmhairí gáis nádúrtha uile na Rúise faoi 2027 ar a dhéanaí, agus ar chonarthaí nua agus ar spotchonarthaí láithreacha faoi dheireadh 2025; á áitiú gur cheart do na Ballstáit, lena n-áirítear na cinn sin a thairbhíonn faoi láthair de mhaoluithe spriocdhírithe d’allmhairí ola na Rúise, deireadh a chur de réir a chéile leis na hallmhairí sin faoi 2027 ar a dhéanaí; á chur in iúl gur geal léi na tograí reachtacha atá ag teacht aníos i ndáil leis sin agus á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí na hionstraimí idirthréimhseacha uile atá ar fáil a úsáid a bhféadfadh deireadh a chur le hallmhairí breosla iontaise ón Rúis faoi 2027, amhail gnáthchóras cuótaí a thabhairt isteach d’allmhairí gáis na Rúise isteach san Aontas agus buaicphraghas a thabhairt isteach do GNL na Rúise, tar éis measúnú a dhéanamh ar thionchair an mhargaidh agus ar phraghsanna; á iarraidh ar an gCoimisiún sraith straitéisí éifeachtacha atá fónta ó thaobh an dlí de a chur ar fáil do chuideachtaí AE chun cabhrú leo éalú ó chonarthaí fadtéarmacha le soláthróirí Rúiseacha gan pionóis a thabhú;

38.

á iarraidh ar na Ballstáit seachadtaí gáis chun AE ó chríochfoirt GNL Yamal agus GNL Artach 2 a áireamh i raon feidhme smachtbhannaí AE agus smachtbhannaí faoi seach a chur ar fhlít aonair iompróirí GNL d’aicme oighir atá nasctha le tionscadal GNL Yamal; ag tabhairt dá haire go mbeadh smachtbhannaí ar iompróirí GNL an-éifeachtach, ó tá líon teoranta iompróirí GNL d’aicme oighir ar domhan; á chur i bhfáth gur ghá measúnuithe leormhaithe ar na tionchair dhlíthiúla agus eacnamaíocha ar na cuideachtaí Eorpacha lena mbaineann agus chun a chinntiú go mbeidís ábalta éirí as conarthaí;

39.

ag moladh go n-áireofaí an slabhra soláthair núicléach sa treochlár; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil breosla núicléach na Rúise fós i margadh AE, lena n-áirítear trí shlabhraí soláthair indíreacha, agus gur tháinig 23,5 % den úráiniam a ídítear in AE ón Rúis in 2023 agus gur shaibhrigh an Rúis 30,1 % den úráiniam a úsáidtear i bhflít núicléach AE; ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil soláthraithe baile ag cur le toilleadh ina saoráidí Eorpacha chun freastal ar éileamh méadaithe, de réir mar a imíonn fóntais go réamhghníomhach ó sholáthar na Rúise, go bhfuil géarghá le cinntí beartais soiléire ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí thuas sa slabhra soláthair núicléach; á iarraidh, mar sin, go dtacófaí le tionscadail laistigh den Aontas a chuireann le neamhspleáchas agus slándáil níos fearr sa soláthar breosla núicléach;

40.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil léargas iomlán ar allmhairí fuinnimh na Rúise agus a gceann scríbe deiridh le fáil sna sonraí oifigiúla, toisc ola agus gás athlipéadaithe na Rúise fós a bheith ag teacht isteach i margadh AE; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, go dtarlaíonn sé sin, i gcásanna áirithe, le toiliú na ngníomhaithe stáit atá bainteach;

41.

ag aontú go bhfuil measúnú leormhaith ar mhéid allmhairí fuinnimh na Rúise ina réamhriachtanas chun deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas sin; á chur in iúl gur oth léi an plána mín leanúnach a chuirtear ar allmhairí fuinnimh na Rúise agus á chur i bhfáth gur gá trédhearcacht níos fearr i margadh fuinnimh AE; á iarraidh ar na Ballstáit sonraí a fhoilsiú ar thionscnamh an gháis ón Rúis a allmhairítear, a onnmhairítear agus a thomhlaítear, agus ag tathant go gcuirfí i bhfeidhm na bearta uile i gcoinne plána mín a chur ar allmhairí fuinnimh na Rúise; ag tabhairt dá haire gur féidir le hoibleagáidí tuairiscithe ábhartha a leagtar síos faoi Rialachán (AE) 2024/1787 ar astaíochtaí meatáin a laghdú in earnáil an fhuinnimh rannchuidiú leis an sprioc sin a bhaint amach;

42.

á chur in iúl gur geal léi na tograí atá ag teacht aníos le haghaidh sásraí trédhearcachta, faireacháin agus inrianaitheachta, mar braitheann cur chun feidhme éifeachtach smachtbhannaí ar shásraí rialaithe comhoiriúnacha a bheith ann sna Ballstáit uile; á chur i bhfios go láidir a phráinní atá sé go bhforbrófaí sásra dlíthiúil chun trédhearcacht agus inrianaitheacht an gháis nádúrtha is de thionscnamh na Rúise agus a onnmhairítear chun AE mar ghás nádúrtha leachtaithe agus trí phíblíne a áirithiú, agus allmhairí ola a chumhdach ar deireadh; á chur i bhfáth gur cheart an sásra sin a leathnú chun allmhairí fuinnimh ó chinn scríbe eile amach anseo; á mheas go gceanglófaí leis an sásra comhar idir seirbhísí éagsúla, lena n-áirítear seirbhísí iomaíochta AE, an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) agus údaráis custam náisiúnta; á iarraidh ar na Ballstáit breithniú ar chumhachtaí imscrúdaithe choiriúil na n-údarás custam náisiúnta a neartú chun éifeachtacht an tsásra thuas a chinntiú agus bearta agus fíneálacha leordhóthanacha díspreagthacha a thabhairt isteach, amhail pionóis airgeadais leormhaithe i leith imghabháil smachtbhannaí;

43.

á chur i bhfáth gur gá creat dlíthiúil a ghlacadh i gcás éagsúlú, lena gceanglófar ar gach Ballstát plean scoir a ullmhú, ar shlí chomhordaithe agus trí na húdaráis inniúla iomchuí, d’fhoinsí fuinnimh na Rúise agus tacú le hullmhú agus maoirseacht a dhéanamh ar ullmhú agus ar chur chun feidhme sainphleananna éalaithe ar leibhéal na ngnóthas atá gníomhach ina n-earnálacha fuinnimh faoi seach; á mheas gur cheart go n-áireofaí sna pleananna sin toisí táirgthe baile agus laghdaithe éilimh;

44.

ag cáineadh go láidir na n-iarrataí go ndéanfaí fuinneamh na Rúise a allmhairiú athuair mar chuid den socrú síochána san Úcráin; ag diúltú go láidir don smaoineamh go bhféadfaí píblíne Nord Stream 2 a dheimhniú agus á áitiú go ndíchoimisiúnófaí píblínte Nord Stream go hiomlán; ag moladh gan AE a bheith ag brath athuair ar sholáthróir neamhiontaofa agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit coimircí ina choinne sin a fhorbairt, amhail aon chonarthaí a d’fhéadfaí a dhéanamh leis an Rúis a bheith á gcomhshíniú ag an gCoimisiún agus úsáid éigeantach an ardáin AggregateEU don chineál sin ceannaigh;

45.

á mheabhrú gur bunriachtanas é an fuinneamh; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór gur chomhiarracht deireadh a chur le hallmhairí fuinnimh na Rúise de réir a chéile, lena n-áiritheofar nach bhfágfar aon Bhallstát, cuideachta ná teaghlach ar lár; ag cur béim ar an bhfíoras nach bhfuil na Ballstáit ábalta deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí fuinnimh na Rúise sa tslí chéanna, agus mar sin ag tathant go mbeadh dlúthpháirtíocht láidir eatarthu, in éineacht le bearta tacaíochta iomchuí ón gCoimisiún chun aistriú cothrom agus comhordaithe a chinntiú;

46.

ag tabhairt dá haire, sa ghearrthéarma, gur gá foinsí iontaofa nach de chuid AE iad a chur in ionad allmhairí fuinnimh na Rúise ar cuireadh deireadh leo agus ag tathant ar an gCoimisiún, mar sin, bearta a mholadh a áiritheoidh go ndéanfar iad a ionadú go leordhóthanach ó chomhpháirtithe iontaofa; á chur i bhfáth, áfach, nár cheart spleáchais nua ar sholáthairtí a chur in ionad sholáthairtí fuinnimh na Rúise, agus mar sin, san fhadtéarma, gur cheart allmhairí fuinnimh a laghdú de réir a chéile trí bhearta éifeachtacha chun tacú le dícharbónú, leictriú agus éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas sna hearnálacha ina bhfuil sé indéanta agus costéifeachtach, agus trí tháirgeadh fuinnimh baile a fhorbairt i gcomhréir le plean REPowerEU;

47.

ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart spleáchais nua ar sholáthróirí aonair teicneolaíochtaí fuinnimh, comhpháirteanna nó amhábhar criticiúil a chur in ionad spleáchais fuinnimh ar an Rúis;

Athbhreithniú ar an gcreat um shlándáil an tsoláthair

48.

á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú ag teacht aníos ar ailtireacht Shlándáil an tSoláthair, lena n-áirítear an Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis agus an Rialachán maidir le Riosca-Ullmhacht an Leictreachais, agus reachtaíocht ábhartha eile; á mheas gur cheart go léireodh ollstruchtúr nua shlándáil soláthair AE na hathruithe bunúsacha sin amhail comhtháthú trasearnála an chórais fuinnimh a mhéadú, an tírdhreach geopholaitiúil nua, na hathruithe móra ar bhealaí soláthair, tionchar an athraithe aeráide, chomh maith le hathruithe ar aibíocht na dteicneolaíochtaí fuinnimh a léirítear in aistrithe ar chostais chothromaithe fuinnimh agus na deiseanna a thugtar don aistriú fuinnimh;

49.

á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag an éifeachtúlacht fuinnimh i slándáil an tsoláthair fuinnimh a fheabhsú tríd an éileamh foriomlán ar fhuinneamh, an spleáchas ar allmhairí fuinnimh a laghdú agus athléimneacht an chórais a mhéadú; á mheas go bhféadfaí an creat nua um shlándáil an tsoláthair a leathnú chun dearcadh úr ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh, atá bunaithe ní hamháin ar fhoinsí fuinnimh, ach freisin ar phrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh ar dtús, coigilteas fuinnimh, éifeachtúlacht costais, chomh maith leis an gcumas cineálacha éagsúla fuinnimh a tháirgeadh sa bhaile, a léiriú; ag tabhairt dá haire gur cheart don Aontas, sa ghearrthéarma, díriú ar allmhairí fuinnimh na Rúise a bhaint go héifeachtach agus go daingean gan lúba ar lár, lena n-áirítear trí sholáthairtí malartacha a dhaingniú ó chomhpháirtithe iontaofa agus tríd an mbonneagar láithreach a úsáid níos fearr, agus, ag an am céanna, leanúint de roghanna malartacha baile ar tháirgí fuinnimh allmhairithe a fhorbairt, i gcás inar féidir; á chur i bhfáth, mar sin féin, gur den riachtanas ollstruchtúr slándála an tsoláthair a fhorbairt a sheasfaidh an aimsir a laghdóidh go córasach an spleáchas ar ghníomhaithe seachtracha, go háirithe trí éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, coigilteas fuinnimh a chur chun cinn, ciorclaíocht a fheabhsú agus fás marthanach tháirgeadh fuinnimh ghlain na tíre agus bonneagar díláraithe fuinnimh atá cosanta go maith a chinntiú;

50.

ag cur béim ar an bhfíoras gur gá tosaíocht a thabhairt d’athléimneacht an bhonneagair fuinnimh, agus leas á bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, as na hionsaithe spriocdhírithe ar a córais fuinnimh agus as tairbhí na gcóras fuinnimh díláraithe; á mheas gur cheart sócmhainní fuinnimh nua a bheith ‘athléimneach trí dhearadh’, lena n-áirítear i leith bagairtí míleata féideartha agus imeachtaí aimsire as cuimse;

51.

á chur i bhfáth gur gá breis comhair i measc na ngníomhaithe uile ar athléimneacht an bhonneagair fuinnimh i leith thionchar an athraithe aeráide agus i leith bagairtí arb é an duine is cúis leo; á áitiú go n-éilíonn cosaint an bhonneagair sin rannpháirtíocht níos mó ó na rialtais, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, moladh thuarascáil Niinistö chun plé leis an earnáil phríobháideach chun iarrachtaí dí-rioscaithe, tástálacha struis trasearnála agus bearta slándála réamhghníomhacha a institiúidiú; á iarraidh ar an gCoimisiún a chinntiú go léireofar an comhar sin i bpleananna lena gclúdaítear bainistiú agus téarnamh teagmhas, agus go mbeidh sé faoi réir cleachtaí rialta; ag tabhairt dá haire go n-áirítear i straitéis ullmhachta an Aontais gníomhaíochtaí chun comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a neartú agus á iarraidh ar an gCoimisiún bearta sonracha ábhartha a fhorbairt tuilleadh don earnáil fuinnimh san athbhreithniú ar ailtireacht shlándáil an tsoláthair;

52.

ag tabhairt dá haire gur gá freastal in ailtireacht shlándáil an tsoláthair ar chomhtháthú gás in-athnuaite agus ísealcharbóin, amhail bithmheatán agus hidrigin; á mheabhrú gur aithníodh cheana féin sa Straitéis Hidrigine an ról is féidir a bheith ag táirgeadh hidrigine in-athnuaite agus ísealcharbóin i solúbthacht agus i stóráil a chur ar fáil i gcóras fuinnimh comhtháite ina bhfuil sciar ard d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh; á iarraidh ar an gCoimisiún na comhlántachtaí idir hidrigin agus leictreachas sa Phlean Gníomhaíochta um Leictriúchán sa todhchaí a aithint, i gcomhréir le comhtháthú na hearnála fuinnimh, agus coinníollacha soiléire a leagan síos chun cur le hidrigin chun rannchuidiú leis an aistriú fuinnimh, go háirithe in earnálacha is deacair a chiúnú;

53.

á chur i bhfáth gur gá rioscaí inacmhainneachta a áireamh i measúnuithe riosca náisiúnta; á iarraidh go mbeadh trédhearcacht ann maidir le cur chun feidhme beart riosca-ullmhachta náisiúnta chun go mbeadh muinín níos mó ag na Ballstáit as a chéile; ag tabhairt dá haire buntáistí an chomhleanúnachais níos mó ar chatagóirí tomhaltóirí cosanta (catagóirí comhsheasmhacha agus tosaíocht dícheangail a ghrádú d’úsáideoirí eangaí) chun gur féidir pleananna comhordaithe lódsceite do thomhaltóirí a shainmhíniú, lena n-áirítear pleananna chun tacú le teaghlaigh leochaileacha atá buailte le tearcrochtain fuinnimh nó ina baol le linn géarchéim fuinnimh;

54.

á thabhairt chun suntais gur gá beartas fuinnimh aontaithe, athléimneach agus comhordaithe go straitéiseach; ag cur béim ar an bhfíoras, de réir mar a éiríonn margaí fuinnimh AE níos comhtháite, gur freagracht chomhroinnte ar na Ballstáit níos mó í an tslándáil fuinnimh, rud a éilíonn dlúthpháirtíocht agus comhordú chun gníomhaíochtaí aontaobhacha a chosc a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de shlándáil AE ina iomláine; ag tabhairt rabhaidh i dtaobh cinneadh aontaobhach ó ghníomhaí aonair chun comhaontú díobhálach fuinnimh a dhéanamh le tír nach bhfuil in AE go bhféadfadh sé AE ar fad a fhágáil gan chosaint do ghéarchéimeanna fuinnimh athnuaite, do luaineacht praghsanna agus do bhrú geopholaitiúil;

55.

ag tabhairt dá haire gur gá comhordú níos láidre idir na Ballstáit maidir le díchoimisiúnú aonad giniúna aosaithe a bhfuil tionchar trasteorann acu, agus maidir le tarraingt siar ón gcóras toillte giniúna chun a áirithiú go mbeidh suiteálacha malartacha curtha i gcrích agus i bhfeidhm, ó dhéanann sé sin difear d’infhaighteacht agus d’inacmhainneacht fuinnimh i dtíortha comharsanachta;

56.

á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh dea-thionchar ag teicneolaíochtaí de réir sonraí ar bhainistiú slándála fuinnimh; ag aithint a thábhachtaí atá faisnéis agus sonraí cuimsitheacha fuinnimh i mbagairtí slándála fuinnimh atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus freagairt dóibh agus i bpleanáil bonneagair, agus á iarraidh go mbeadh comhordú feabhsaithe ann i mbailiú na faisnéise agus na sonraí sin;

57.

á iarraidh ar an gCoimisiún forálacha teicniúla i gcás caighdeánú agus idir-inoibritheacht chomhpháirteanna criticiúla chóras fuinnimh AE, go háirithe claochladáin leictreacha, a áireamh sa togra slándála soláthair chun a áirithiú nach gcuirfidh easpa caighdeánaithe bac ar dhlúthpháirtíocht na hEorpa;

58.

á chur in iúl gur geal léi gur bhunaigh an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E) Tascfhórsa nua maidir le Slándáil an Bhonneagair Chriticiúil, arb é is aidhm dó anailís a dhéanamh ar mholtaí ar shlándáil an bhonneagair chriticiúil agus moltaí a mholadh ina leith; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí na hÚcráine a ionchorprú, lena n-áirítear saineolas luachmhar an aonaid thiomnaithe in Oibreoir Chóras Tarchurtha na hÚcráine (OCT) a bhfuil sé de chúram air bagairtí ar bhonneagar criticiúil a shainaithint agus a mhaolú; á iarraidh ar an gCoimisiún comhoibriú go dlúth le ENTSO-E chun measúnú cuimsitheach córasach a dhéanamh ar bhagairtí ar eangach leictreachais AE, a bheidh le comhlánú faoi 2026;

°

° °

59.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)   IO L 265, 9.10.2009, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/119/oj.

(2)   IO L 280, 28.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1938/oj.

(3)   IO L 158, 14.6.2019, lch. 125, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/944/oj.

(4)   IO L 158, 14.6.2019, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/943/oj.

(5)   IO L 158, 14.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/941/oj.

(6)   IO L 249, 14.7.2021, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1153/oj.

(7)   IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj.

(8)   IO L 152, 3.6.2022, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/869/oj.

(9)   IO L 231, 20.09.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/1791/oj.

(10)   IO L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj.

(11)   IO L, 2024/1788, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1788/oj.

(12)   IO L, 2024/1789, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1789/oj.

(13)   IO L, 2024/1787, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1787/oj.

(14)   IO L, 2024/1711, 26.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1711/oj.

(15)   IO L, 2024/1747, 26.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1747/oj.

(16)   IO C, C/2025/809, 11.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/809/oj.

(17)   IO C, C/2024/3937, 27.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3937/oj.

(18)  An Coimisiún Eorpach, ‘Ceisteanna agus Freagraí maidir le REPowerEU: Gníomhaíocht chomhpháirteach Eorpach le haghaidh fuinneamh a bheidh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe, https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/qanda_22_1512.

(19)  An Tascfhórsa um Aer Glan, ‘24/7 fuinneamh saor ó charbón: Conas is féidir leis an Eoraip agus conas nach mór di leictreachas glan a dhaingniú de lá agus d’oíche’, https://www.catf.us/2023/11/24-7-carbon-free-energy-europe-secure-clean-electricity-around-clock/?utm.

(20)  Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le praghsanna fuinnimh agus costais fuinnimh san Eoraip (COM(2025)0072) lch. 13.

https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:52025DC0072.

(21)  Eurostat, ‘Staidreamh fuinnimh núicléach’, https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Nuclear_energy_statistics.

(22)  Fuinneamh Comhshaoil Eorpach, ‘Tomhaltas fuinnimh príomhúil agus deiridh san Aontas Eorpach, an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil’, https://www.eea.europa.eu/en/analysis/indicators/primary-and-final-energy-consumption/primary-and-final-energy-consumption-1?activeTab=6fbd444d-c422-4a78-8492-fd496bd61b7a.

(23)  Féach https://www.consilium.europa.eu/media/54773/20220311-versailles-declaration-en.pdf.

(24)  An Lárionad um Thaighde ar Fhuinneamh agus Aer Glan, ‘Sáraíonn allmhairí an Aontais de bhreoslaí iontaise na Rúise sa tríú bliain den ionradh an chabhair airgeadais a seoladh chuig an Úcráin’, https://energyandcleanair.org/publication/eu-imports-of-russian-fossil-fuels-in-third-year-of-invasion-surpass-financial-aid-sent-to-ukraine/.

(25)  Fíor in aghaidh na bliana ó ionradh na Rúise ar an Úcráin in 2021 go 2024. Féach: An Lárionad um Thaighde ar Fhuinneamh agus Aer Glan, ‘ Sáraíonn allmhairí an Aontais de bhreoslaí iontaise na Rúise sa tríú bliain den ionradh an chabhair airgeadais a seoladh chuig an Úcráin ’.

(26)  Féach: Institiúid Idirnáisiúnta Stócólm um Thaighde ar an tSíocháin, ‘ Ag ullmhú don Cheathrú Bliain Chogaidh:Caiteachas Míleata i mBuiséad na Rúise le haghaidh 2025’.

(27)  Féach: Eurostat, ‘ 10.6 % de dhaonra an Aontais ag streachailt chun tithe a choinneáil te’.

(28)  Féach: Eurostat, ‘ Príomhfhigiúirí maidir le Dálaí Maireachtála na hEorpa – eagrán 2024 ’.

(29)  An Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E), ‘An Measúnú Eorpach ar Leormhaitheas Acmhainní’, Nollaig 2023.

(30)  COM(2025)0065.

(31)  Féach ‘Tuarascáil Draghi maidir le hiomaíochas an Aontais’, https://commission.europa.eu/topics/eu-competitiveness/draghi-report_en.

(32)  An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, Ionchas Fuinnimh Domhanda 2024, Tuarascáil CE 4Q 2024 ar an Margadh Gáis.

(33)  Tuarascáil Bhliantúil 2023 ó Ghníomhaireacht Soláthair Euratom.

(34)  ACER, Acmhainneachtaí tarchuir le haghaidh trádáil thraschriosach leictreachais agus bainistiú ar phlódú san Aontas. Tuarascáil Faireacháin ar an Margadh 2024, lch. 52.

(35)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1999/oj).

(36)  Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite (IO L 335, 29.12.2022, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2577/oj).

(37)  Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2557/oj).

(38)  Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Chibear-Athléimneachta) (IO L, 2024/2847, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj).

(39)  Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/452/oj).

(40)  Athraithe go sonraí níos déanaí – An brú deiridh chun deireadh a chur de réir a chéile le gás AE ón Rúis, ‘Ember’, an 27 Márta 2025.

(41)  Ionad Taighde ar Fhuinneamh agus Aer Glan, Financing Putin’s war: Fossil fuel imports from Russia during the invasion of Ukraine [Cogadh Putin a mhaoiniú: Allmhairí breosla iontaise ón Rúis i rith an ionraidh ar an Úcráin]’, https://energyandcleanair.org/financing-putins-war/.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1433/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top