Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025IP0143

P10_TA(2025)0143 — Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn agus an Danmhairg: Prótacal Cur Chun Feidhme 2025-2030 (Rún) — Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2025 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (2025-2030) (14652/2024 – C10-0227/2024 – 2024/0263M(NLE))

IO C, C/2026/1452, 31.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1452/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1452/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1452

31.3.2026

P10_TA(2025)0143

Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn agus an Danmhairg: Prótacal Cur Chun Feidhme 2025-2030 (Rún)

Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2025 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (2025-2030) (14652/2024 – C10-0227/2024 – 2024/0263M(NLE))

(C/2026/1452)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (14652/2024),

ag féachaint don dréachtphrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus rialtas na Graonlainne agus rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (2025-2030) (14781/2024),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43(2) agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C10-0227/2024),

ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe (CCII) idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis,

ag féachaint d’Airteagal 62 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige,

ag féachaint do Choinbhinsiún Choimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC),

ag féachaint do Choinbhinsiún Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO),

ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (OSPAR),

ag féachaint do chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal,

ag féachaint don Chomhaontú chun cosc a chur ar iascach mórmhara neamhrialáilte i lár an Aigéin Artaigh,

ag féachaint do Phrótacal Uimh. 34 a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le socruithe speisialta don Ghraonlainn,

ag féachaint do Threoirlínte Deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (FAO) chun Inbhuanaitheacht an Iascaigh ar Mionscála a Áirithiú,

ag féachaint do Chompás Iomaíochais an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, go háirithe Airteagail 29 agus 31 de (1),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (2);

ag féachaint do Chinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach, lena n-áirítear caidreamh idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge den pháirt eile (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn) (3),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 13 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal ‘A stronger EU engagement for a peaceful, sustainable and prosperous Arctic’ [Rannpháirtíocht an Aontais a neartú d’fhonn Artach síochánta, inbhuanaithe agus rathúil a bhaint amach] (JOIN(2021)0027),

ag féachaint don staidéar meastóireachta ex ante agus ex post ar Phrótacal 2021-2024 agus do Phrótacal nua a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le cur chun feidhme CCII idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn,

ag féachaint do straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2025 dar teideal ‘ A Vision for Agriculture and Food – Shaping together an attractive farming and agri-food sector for future generations’ [Fís don Talmhaíocht agus don Bhia – Earnáil tharraingteach feirmeoireachta agus agraibhia a mhúnlú le chéile do na glúnta atá le teacht] (COM(2025)0075),

ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 24 Meitheamh 2022 dar teideal ‘An bealach a réiteach do phláinéad inbhuanaithe gorm - Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le clár oibre an Aontais um Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan’ (JOIN(2022)0028),

ag féachaint do rún neamhreachtach an 5 Deireadh Fómhair 2021 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis (4),

ag féachaint do na tuarascálacha ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) dar teideal ‘ Greenland Sea Ecosystem Overview’ [Forbhreathnú Éiceachóras Mhuir na Graonlainne] in 2023 agus Greenland ‘Sea Ecoregion – Fisheries Overview’ [Éiciréigiún Mhuir na Graonlainne – Forbhreathnú Iascaigh] in 2024,

ag féachaint do rún reachtach uaithi an 8 Iúil 2025  (5) ar an dréachtchinneadh,

ag féachaint do Riail 107(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A10-0103/2025),

A.

de bhrí go bhfuil an Ghraonlainn, mar chríoch uathrialach, freagrach as a hacmhainní iascaigh a bhainistiú agus as iascaireacht tráchtála sa Ghraonlainn agus ina limistéar eacnamaíoch eisiach a rialáil, agus as rialáil a dhéanamh ar cé aige a bhfuil cead iascaireacht a dhéanamh ina huiscí;

B.

de bhrí go bhfuil an iascaireacht sa Ghraonlainn roinnte idir an iascaireacht chósta agus an iascaireacht domhainfharraige;

C.

de bhrí go bhfuil 88 % de dhaonra na Graonlainne comhdhéanta de dhaoine a shainaithníonn iad féin mar Ionúitigh na Graonlainne;

D.

de bhrí go bhfuil iascaigh chósta ar mionscála agus iascaigh leorchothaitheacha ina ndlúthchuid de chultúr, geilleagar agus struchtúr sóisialta traidisiúnta phobail chósta na Graonlainne agus phobal Ionúiteach na Graonlainne, lena gcuirtear slite beatha ar fáil, go háirithe do lonnaíochtaí iargúlta, agus don oidhreacht chultúrtha;

E.

de bhrí go bhfuil iascaigh chladaigh ríthábhachtach chun slándáil bia a áirithiú sa Ghraonlainn agus go rannchuidíonn siad le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta;

F.

de bhrí gurb é CCII idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn an dara comhaontú iascaigh is suntasaí don Aontas i dtéarmaí airgeadais; de bhrí, de réir thorthaí agus chonclúidí na meastóireachta ex post, gur rannchuidigh CCII agus an Prótacal a ghabhann leis go mór le beartas iascaigh na Graonlainne, go háirithe trí chomhoibriú agus comhar a fheabhsú agus trí thacú le bainistiú iascaigh inbhuanaithe, agus ar an gcaoi sin socrú comhthairbheach a chruthú idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn;

G.

de bhrí go bhfuil dlúthnasc idir CCII idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn agus an comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Iorua, agus deiseanna iascaireachta á malartú ag an Aontas sa Ghraonlainn chun rochtain a fháil ar uiscí na hIorua; de bhrí, le blianta beaga anuas, tar éis malartuithe cuótaí leis an Iorua, gur deonaíodh leis an bPrótacal deiseanna iascaireachta do thart ar dheich soitheach de chuid an Aontais;

H.

de bhrí go bhfuil dlúthchaidreamh ag an Aontas Eorpach leis an nGraonlainn, lena n-áirítear tríd an gcomhaontú comhpháirtíochta iascaigh atá i bhfeidhm ó 1984; de bhrí gurb í an Ghraonlainn an tír agus an chríoch thar lear (TCTL) a fhaigheann an cistiú is mó ón Aontas Eorpach go mór; de bhrí gurb ionann tacaíocht an Aontais Eorpaigh don Ghraonlainn don tréimhse ó 2021 go 2027 agus EUR 225 mhilliún, arb ionann é agus an méid iomlán a fuair an 12 TCTL eile le chéile;

I.

de bhrí, de réir eolaithe, go bhfuil an réigiún Artach ag téamh beagnach ceithre huaire níos tapúla ná an chuid eile den domhan, le méaduithe tapa ar leá oighir agus impleachtaí do líon na n-iasc, d’éiceachórais mhuirí agus do phobail chósta, agus do thionscal na hiascaireachta agus do shlite beatha iascairí, atá ag brath ar uiscí Artacha;

J.

de bhrí go bhfuil líon sláintiúil iasc agus éiceachórais mhuirí ríthábhachtach don athléimneacht i gcoinne éifeachtaí méadaitheacha an athraithe aeráide agus chun todhchaí na bpobal iascaireachta cósta a ráthú;

K.

de bhrí go gcuireann luas méadaitheach an téimh dhomhanda sa réigiún béim ar an ngéarghá atá le gníomhaíocht chomhordaithe dhomhanda, lena n-áirítear san iascach;

L.

de bhrí go ndéanann an Ghraonlainn bainistíocht éifeachtúil ar ghníomhaíochtaí iascaireachta laistigh dá limistéar eacnamaíoch eisiach, agus go bhfuil Údarás na Graonlainne um Rialú Iascaigh agus Fiaigh (GFJK) freagrach as clárú agus faireachán a dhéanamh ar ghabhálacha agus tabhairt i dtír intíre agus eachtracha araon agus as comhlíonadh comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le rialú agus forfheidhmiú a áirithiú, agus malartuithe laethúla sonraí leis na tíortha a bhfuil comhaontuithe iascaigh acu leis an nGraonlainn á n-éascú ag an am céanna;

M.

de bhrí go léirítear sa mheastóireacht ar an bPrótacal roimhe seo nach féidir ró-iascaireacht a chur as an áireamh ach i gcás cúig cinn de na 15 stoc a ndéantar iascaireacht orthu faoin bPrótacal, go bhfuil easpa sonraí eolaíocha ar chuid acu agus go meastar fós go bhfuil róshaothrú á dhéanamh ar cheithre cinn díobh;

N.

de bhrí go mbunaíonn comhchoiste deiseanna iascaireachta ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil agus na moltaí arna ndéanamh ag NAFO, NEAFC agus ICES;

O.

de bhrí gur earnáil eacnamaíoch ríthábhachtach don Ghraonlainn é an t-iascach, lena gcuirtear slí bheatha ar fáil do go leor daoine; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach iascaireacht inbhuanathe a áirithiú agus an mhuirthimpeallacht agus todhchaí an iascaigh araon a choimirciú, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha trálaeireachta ar éiceachóras muirí a íoslaghdú; de bhrí, de réir ICES, gurb é trealamh iascaireachta soghluaiste teagmhála grinnill is cúis leis an suaitheadh fisiceach is mó ar ghrinneall na farraige agus ar ghnáthóga beantacha in éiciréigiún Mhuir na Graonlainne agus go bhfuil forluí suntasach ann idir dáileadh coiréil, spúinsí agus peann mara agus na limistéir ina ndéantar trálaeireacht (6); de bhrí, de réir an staidéir meastóireachta ex post agus ex ante, go gciallaíonn na bearta bainistíochta is infheidhme maidir le soithí AE a oibríonn sa Ghraonlainn agus leibhéil riosca shoithí AE a bhfuil tionchair dhiúltacha acu ar éiceachórais gur fíorbheag iad na leibhéil foghabhála agus na tionchair ar éiceachórais;

P.

de bhrí go gcuireann ICES in iúl freisin go bhfuil tionchar ag gníomhaíochtaí eile is cúis le truailliú muirí, bruscar muirí nó torann faoi uisce, chomh maith leis an athrú aeráide, ar na héiceachórais mhuirí agus go gcuireann siad le cothromaíocht an éiciréigiúin;

Q.

de bhrí go bhfuil an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn, thar ceann na Danmhairge, ina suí in NEAFC agus NAFO;

Cúlra agus prionsabail ghinearálta CCII

1.

ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá earnáil an iascaigh don Ghraonlainn, ós rud é gurb ionann onnmhairí bia mara agus níos mó ná 90 % d’onnmhairí iomlána na críche uathrialaithí, agus gurb ionann iascaigh agus tionscal na hiascaireachta le chéile agus 15 % de na poist ar fad; á thabhairt chun suntais gairmiúlacht mhór mhuintir na Graonlainne in earnáil na hiascaireachta agus an saineolas, na sainscileanna agus an sainthaithí atá acu ar bhainistiú iascaigh agus ar oibríochtaí muirí; á thabhairt dá haire go léiríonn a saineolas seanbhunaithe tiomantas láidir do thábhacht eacnamaíoch agus chultúrtha na n-iascach sa Ghraonlainn a choinneáil; á chur i bhfáth go bhfuil an sciar de ghabhálacha iomlána incheadaithe (GIInna) na Graonlainne a leithdháiltear ar an Aontas Eorpach faoin bPrótacal sách beag;

2.

ag meabhrú staid gheostraitéiseach na Graonlainne sa réigiún Artach; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá CCII don chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, go háirithe i bhfianaise an teannais taidhleoireachta agus gheopholaitiúil a d’eascair as Rialtas nua na Stát Aontaithe le déanaí, ach freisin i bhfianaise réaltacht na géarchéime aeráide agus a tionchair ar an réigiún;

3.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé CCII a úsáid mar phríomhchreat chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna amhail an ghéarchéim aeráide agus ábhair imní gheopholaitiúla, slándála agus ullmhachta, chun beartas iascaigh inbhuanaithe, comhar eolaíoch agus athléimneacht chomhshaoil a chur chun cinn in uiscí Artacha, agus chun comhar eacnamaíoch a chothú; á chur in iúl gur gá beartas AE maidir leis an Artach agus comhar AE le Rialtas na Graonlainne a neartú;

4.

á chur i bhfáth, agus deiseanna iascaireachta á n-áirithiú do chabhlach AE, gur cheart do CCII cur le saothrú acmhainní iascaigh laistigh de theorainneacha inbhuanaithe agus caomhnú na bithéagsúlachta muirí in uiscí na Graonlainne, i gcomhréir leis na caighdeáin arna leagan síos ag an Aontas Eorpach agus ag fóraim idirnáisiúnta amhail eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh, chun sochair eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhaint amach; á mheabhrú nach ndéanfaidh soithí AE iascaireacht ach amháin ar an mbarrachas atá ar fáil, mar a bhunaítear in Airteagal 3 de CCII;

5.

á thabhairt chun suntais go bhfuil tairbhí curtha ar fáil leis an gcomhaontú don dá pháirtí, lena n-áirítear geallsealbhóirí AE agus na Graonlainne, go háirithe maidir le hinbhuanaitheacht, trédhearcacht, cothromas, taighde eolaíoch, fothú acmhainneachta agus forbairt náisiúnta;

6.

á chur in iúl go gcuideoidh an tacaíocht earnála atá ar fáil faoin bPrótacal le Rialtas na Graonlainne a straitéis náisiúnta um iascach agus geilleagar muirí a chur chun feidhme, lena n-áirítear sa chomhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhdhearbhaithe (NNN), agus dálaí oibre cuibhiúla le haghaidh gníomhaíocht iascaireachta á gcur chun cinn ag an am céanna;

7.

ag tabhairt dá haire an tréimhse 6 bliana ar tugadh an prótacal nua i gcrích ina leith, rud a chuireann feabhas ar infheictheacht na ngeallsealbhóirí, go háirithe earnáil an iascaigh;

8.

ag tabhairt dá haire an méadú ar an ranníocaíocht airgeadais iomlán a íocann an tAontas Eorpach agus na táillí a íocann oibreoirí iascaireachta, lena n-áirithítear go bhfaigheann an Ghraonlainn tairbhí eacnamaíocha ó chearta rochtana ar a huiscí agus go n-oibríonn soithí AE faoi choinníollacha rialáilte ar a ndéantar faireachán, rud a laghdaíonn rioscaí ró-iascaireachta nó damáiste don chomhshaol;

9.

á chur i bhfios go láidir luach ard CCII agus go dtacaíonn gach EUR 1 a infheistítear ó bhuiséad AE san íocaíocht chúitimh le haghaidh rochtana le EUR 6,88 de bhreisluach a chruthú, le EUR 4,32 don Aontas Eorpach agus EUR 2,12 don Ghraonlainn;

Inbhuanaitheacht na n-iascach faoi CCII

10.

á chur in iúl gur geal léi an córas láidir faireacháin, an creat cuimsitheach chun foghabhálacha a bhainistiú, agus an toirmeasc ar aschur atá i bhfeidhm in uiscí na Graonlainne; á mheas gur dearfach an iarracht a rinneadh maidir le rialuithe ar oibríochtaí iascaireachta agus láithreacht breathnóirí sna gníomhaíochtaí sin, lenar rannchuidigh an tacaíocht earnála a cuireadh ar fáil faoi CCII; á thabhairt chun suntais nach mór na gabhálacha go léir, lena n-áirítear foghabhálacha agus ábhar muirí aischurtha, a thaifeadadh agus a thuairisciú de réir speicis i gcomhréir leis an reachtaíocht Ghraonlannach is infheidhme; ag aithint ról bunúsach na mbreathnóirí maidir le comhlíonadh na rialacha is infheidhme a áirithiú, rannchuidiú le trédhearcacht agus tacú le bainistiú inbhuanaithe iascaigh sa réigiún;

11.

ag athdhearbhú a himní maidir leis an easpa sonraí eolaíocha beachta faoi staid na stoc éisc, a ndéantar measúnú orthu le sonraí teoranta nó trí úsáid a bhaint as cur chuige réamhchúraim; á chur in iúl gur oth léi, go háirithe, stad an tséacla Artaigh, a bhfuil soithí na Graonlainne agus soithí de chuid an Aontais araon dírithe orthu (arb ionann iad agus sciar níos imeallaí); ag tabhairt dá haire, ina leith sin, an chéim dhearfach a glacadh trí dheiseanna iascaireachta bliantúla táscacha a laghdú do roinnt stoc éisc ar bhonn na sonraí eolaíocha atá ar fáil;

12.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí saothrú an tséacla Artaigh, go háirithe i limistéir áirithe den Ghraonlainn Thoir, áit a bhfuil comharthaí ann go bhfuil laghdú tagtha ar stoic mar thoradh ar bhrú iascaireachta, ar théamh domhanda agus ar chreachóireacht mhéadaithe ag troisc; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé bearta bainistithe inbhuanaithe a neartú, lena n-áirítear cuótaí gabhála a choigeartú ar bhonn moltaí eolaíocha ó ICES agus NAFO, agus a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar chleachtais iascaireachta chun foghabháil a laghdú agus an t-éiceachóras muirí a chaomhnú; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcomhar le húdaráis na Graonlainne chun a áirithiú go ndéanfar an acmhainn sin a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe agus cothrom, rud atá bunriachtanach don gheilleagar áitiúil;

13.

á athdhearbhú, ar bhonn CCII, gur cheart don Choimisiún agus don Ghraonlainn leanúint de chur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm agus leas a bhaint as an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear na moltaí eolaíocha arna n-eisiúint ag na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh ábhartha, mar bhonn chun deiseanna iascaireachta bliantúla a shocrú, agus na gnéithe socheacnamaíocha á gcur san áireamh ag an am céanna;

14.

ag tabhairt dá haire go dtéann sciar suntasach de na deiseanna iascaireachta a leithdháileann an Ghraonlainn ar AE chuig soithí na hIorua i malartuithe cuótaí; á mheabhrú nach mór na caighdeáin inbhuanaitheachta chéanna agus na rialacha céanna maidir le rialú iascaigh a leanann soithí AE a bheith i bhfeidhm ar shoithí na hIorua chun cóir chomhionann a áirithiú;

Comhairle eolaíoch agus bailiú sonraí feabhsaithe

15.

á mheabhrú go bhfuil gá le sonraí iontaofa agus láidre chun an barrachas atá ar fáil a ríomh; á athdhearbhú gur cúis bhuartha di na bearnaí atá ann cheana i gcás stoc áirithe; á mholadh, i ndáil leis an méid sin, go dtabharfaí aird ar leith ar na barrachais atá ar fáil a ríomh; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí earnáil an iascaigh comhoibriú le faireachán eolaíoch agus bailiú sonraí agus á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an gcomhar eolaíoch agus airgeadais leis an nGraonlainn, lena n-áirítear, mar shampla, trí leanúint de thacaíocht a thabhairt d’Institiúid Acmhainní Nádúrtha na Graonlainne;

16.

á chur i bhfios go láidir nach bhfuil ach infhaighteacht theoranta sonraí maidir le gnáthóga beantacha in éiciréigiún Mhuir na Graonlainne, amhail gnáthóga a d’fhéadfaí a mheas mar éiceachórais mhuirí leochaileacha; á chur i bhfáth gur gá sonraí eolaíocha níos cuimsithí a fháil chun na gnáthóga sin a mhapáil, chun bearta iomchuí a ghlacadh, go háirithe bearta teicniúla agus spásúla atá dírithe ar thionchar na n-iascach ar na héiceachórais sin a mhaolú, agus chun tuairisciú ar theagmhálacha le speicis éiceachórais mhuirí leochailigh (ÉMLanna) ag soithí a spreagadh; á iarraidh ar údaráis na Graonlainne machnamh a dhéanamh ar sciar den tacaíocht earnála a thiomnú chun mapáil agus brath ÉMLanna a chomhdhlúthú;

17.

á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach córais um fhaireachán soithí a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, ós rud é go gceadaítear leis sin rianú fíor-ama a dhéanamh ar shoithí iascaireachta, rud a fhágann gur féidir faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha is infheidhme, lena n-áirítear i limistéir mhuirí íogaire;

18.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an nGraonlainn measúnú breise a sholáthar ar na tionchair ar stoic éisc a bhíonn ag gníomhaíochtaí eile a dhéanann difear do na héiceachórais, amhail iompar muirí, taighde seismeolaíoch, truailliú agus an t-athrú aeráide;

Tacaíocht don bheartas iascaigh sa Ghraonlainn

19.

ag tabhairt dá haire gur chruthaigh CCII deiseanna fostaíochta do náisiúnaigh na Graonlainne agus go bhfuil tacaíocht earnála á cur chun feidhme go héifeachtach, lena gcuirtear tairbhí suntasacha comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha ar fáil don Ghraonlainn; á chur i bhfios go láidir, mar sin féin, an sciar beag gabhálacha arna dtabhairt i dtír ag cabhlach an Aontais Eorpaigh sa Ghraonlainn agus an líon teoranta maraithe ón nGraonlainn a síníodh ar bord le soithí AE (cúigear, de réir na meastóireachta ar an gcomhaontú roimhe sin, arb ionann iad agus 2,5 % de na poist iomlána);

20.

á mheabhrú, ina leith sin, an líon teoranta soithí de chuid an Aontais Eorpaigh a dhéanann iascaireacht sa Ghraonlainn faoin bPrótacal (8-10 soitheach), agus á thabhairt dá haire nach dtugann a bhformhór i dtír i gcalafoirt na Graonlainne ná nach dtugann siad cuairt orthu; ag spreagadh oibreoirí chun dea-chomhar a choinneáil agus deiseanna fostaíochta a fheabhsú tuilleadh; á thabhairt chun suntais, de réir an staidéir meastóireachta ex ante agus ex post, nach raibh aon leas cómhalartach ann i gcomhfhiontair a bhunú i bhfianaise thosaíochtaí na hearnála príobháidí sa Ghraonlainn agus i mBallstáit AE;

21.

á mheas go bhféadfadh an breisluach indíreach a chuirtear ar fáil do gheilleagar na Graonlainne leis an bPrótacal a bheith níos airde ná mar a bhí le prótacail roimhe seo; á chreidiúint gurb é an sprioc atá ann comhaontú comhthairbheach a áirithiú don Aontas Eorpach agus don Ghraonlainn, agus don Ghraonlainn tairbhe fhoriomlán a bhaint as comhaontuithe den sórt sin trí fhorbairt inbhuanaithe iascaigh agus earnálacha cúnta sa Ghraonlainn, a mbeidh tionchar dearfach marthanach aige ar an ngeilleagar áitiúil;

22.

á chur in iúl gur chuidigh acmhainní le haghaidh tacaíocht earnála faoin bprótacal roimhe seo le taighde eolaíoch agus acmhainneacht riaracháin na Graonlainne a neartú agus gur rannchuidigh siad le rialachas níos fearr na n-aigéan sa Ghraonlainn;

23.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé, don dá thaobh, na gealltanais idirnáisiúnta ábhartha uile a urramú agus an Prótacal á chur chun feidhme, lena n-áirítear Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach;

24.

á chur in iúl gur geal léi freisin gur úsáideadh cuid shuntasach den tacaíocht earnála faoin bprótacal roimhe seo chun faireachán iascaigh, taighde eolaíoch agus bailiú sonraí, riarachán agus tacaíocht d’iascaireacht chósta ar mionscála a neartú;

25.

ag spreagadh an Choimisiúin agus na Graonlainne, faoi chuimsiú CCII, tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil d’iascaigh chósta ar mionscála na Graonlainne, i gcomhréir le Treoirlínte Deonacha FAO chun Inbhuanaitheacht an Iascaigh ar Mionscála a Áirithiú agus le tosaíochtaí agus riachtanais údaráis na Graonlainne;

26.

á mheas gur féidir le tacaíocht earnála rannchuidiú le slite beatha na bpobal iascaireachta cósta a dhaingniú trí bhearta amhail rochtain ar oiliúint, tacaíocht do chomhbhainistíocht i limistéir chósta nó bearta chun gníomhaíochtaí iascaireachta a oiriúnú don athrú aeráide agus sonraí a fheabhsú, lena n-áirítear sonraí faoina n-iarracht iascaireachta, ach gan a bheith teoranta do na bearta sin;

27.

ag tacú le cuimsiú iomchuí phobail iascaireachta agus shochaí shibhialta na Graonlainne le linn an phróisis as a dtiocfaidh glacadh na bprótacal, agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cabhrú lena rannpháirtíocht i gcur chun feidhme CCII a áirithiú;

28.

á thabhairt chun suntais go ndéanann soithí AE iascaireacht thar 12 mhuirmhíle ó bhunlíne na Graonlainne, rud a chuireann cosc ar iomaíocht le hiascaigh chósta ar mionscála;

29.

ag spreagadh an dá pháirtí chun malartú dea-chleachtas a éascú i socruithe maidir le rochtain ar acmhainní iascaigh agus maidir lena gcaomhnú;

30.

á thabhairt dá haire go bhfuil an Ghraonlainn toilteanach a hearnáil iascaigh a fhorbairt tuilleadh; ag tabhairt dá haire an t-athchóiriú a rinneadh le déanaí ar a reachtaíocht iascaigh; á thabhairt chun suntais gur féidir le CCII tacú le forbairt leanúnach bheartas iascaigh na Graonlainne; á thabhairt dá haire go n-áirítear sa bheartas sin gnéithe amhail sláinte agus táirgiúlacht fhadtéarmach éiceachórais mhuirí na Graonlainne agus dáileadh acmhainní iascaireachta, lena n-áirítear do phobail iascaigh chósta; á mheabhrú go bhfuil inniúlacht eisiach ag reachtóirí na Graonlainne i leith na bhforbairtí sin;

Rialachas réigiúnach iascaigh agus dúshláin don Artach

31.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an comhaontú iascaigh a chur i gcomhthéacs níos leithne an rialachais iascaigh tar éis Brexit agus rialachais réigiúnaigh iascaigh, an chaidrimh iascaigh idir AE agus an Iorua, agus stáit cósta eile, agus bheartas Artach an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le comhpháirtíocht láidir tháirgiúil a choinneáil leis an nGraonlainn agus lena comharsana Nordacha;

32.

ag spreagadh na Graonlainne leanúint de neartú a dhéanamh ar a trédhearcacht atá láidir cheana féin agus ar chomhar faoi chuimsiú eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus comhaontuithe stát cósta chun stoic áirithe a bhainistiú;

33.

á iarraidh ar an gCoimisiún leas breise a bhaint as na deiseanna a chuireann oifig an Choimisiúin in Nuuk ar fáil, go háirithe maidir leis an gcomhar le Rialtas na Graonlainne a neartú;

34.

á mheabhrú an teachtaireacht chomhpháirteach an 13 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal ‘A stronger EU engagement for a peaceful, sustainable and prosperous Arctic’ [Rannpháirtíocht an Aontais a neartú d’fhonn Artach síochánta, inbhuanaithe agus rathúil a bhaint amach];

°

° °

35.

á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus na Graonlainne.

(1)   IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj.

(2)   IO L 347, 28.12.2017, lch. 81, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2403/oj.

(3)   IO L 355, 7.10.2021, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1764/oj.

(4)   IO C 132, 24.3.2022, lch. 217.

(5)  Téacsanna arna nglacadh an dáta sin, P10_TA(2025)0142.

(6)  Féach na tuarascálacha ó ICES dar teideal ‘ Greenland Sea Ecosystem Overview’ [Forbhreathnú Éiceachóras Mhuir na Graonlainne] (2023) agus ‘ Greenland Sea Ecoregion – Fisheries Overview’ [Éiciréigiún Mhuir na Graonlainne – Forbhreathnú Iascaigh] (2024).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1452/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top