Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025IP0105

P10_TA(2025)0105 — An tAontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2024 — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Bealtaine 2025 maidir leis an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2024 (2024/2055(INI))

IO C, C/2026/585, 24.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/585/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/585/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/585

24.2.2026

P10_TA(2025)0105

An tAontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2024

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Bealtaine 2025 maidir leis an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2024 (2024/2055(INI))

(C/2026/585)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2024 maidir leis an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2023 (1),

ag féachaint d’obair leantach an Choimisiúin maidir le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2024 maidir leis ‘an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2023,

ag féachaint don doiciméad a d’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) an 25 Márta 2024 dar teideal ‘Feedback on the input provided by the European Parliament as part of its “Resolution on Banking Union – Annual Report 2023” [Aiseolas maidir leis an ionchur arna sholáthar ag Parlaimint na hEorpa mar chuid dá “Rún maidir leis an Aontas Baincéireachta – Tuarascáil Bhliantúil 2023”],

ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil BCE maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta 2023, a foilsíodh i mí an Mhárta 2024,

ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2023 ón mBord Réitigh Aonair (BRA), a foilsíodh an 28 Meitheamh 2024,

ag féachaint do ghlacadh na Treorach maidir le Frithsciúradh Airgid a Chomhrac (AMLD) (2) agus an Rialacháin maidir le Frithsciúradh Airgid (AMLR) (3), agus do bhunú an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid (ÚSAC) (4),

ag féachaint do chaighdeáin Basel III a chur chun feidhme, eadhon leasuithe a ghlacadh ar an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil (5) agus ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (6),

ag féachaint do ghlacadh an Rialacháin Tharmligthe ón gCoimisiún (AE) 2024/2795 an 24 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (CRR) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm na gceanglas cistí dílse i gcomhair riosca margaidh (7),

ag féachaint do sheasamh uaithi ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a chistiú (8),

ag féachaint do sheasamh uaithi ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a mhaoiniú (9),

ag féachaint do sheasamh uaithi ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/49/AE a mhéid a bhaineann le raon feidhme na cosanta taiscí, úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, comhar trasteorann, agus trédhearcacht (10),

ag féachaint don tuarascáil óna Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta an 23 Aibreán 2024 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 806/2014 chun Scéim Eorpach Árachais Taiscí a bhunú,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 14 Márta 2018 le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhíseoirí creidmheasa, ceannaitheoirí creidmheasa agus comhthaobhacht a aisghabháil (COM(2018)0135),

ag féachaint do Thuarascáil an Chúigear Uachtarán an 22 Meitheamh 2015 dar teideal “Comhlánú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta”,

ag féachaint do thuarascáil Enrico Letta an 10 Aibreán 2024 dar teideal “Much more than a market – Speed, security, solidarity: empowering the Single Market to deliver a sustainable future and prosperity for all EU Citizens” [Margadh Thar an gCoitiantacht - Luas, slándáil, dlúthpháirtíocht: an Margadh Aonair a chumhachtú chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúnas a bhaint amach do shaoránaigh uile an Aontais],

ag féachaint do thuarascáil Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal “The future of European competitiveness” [Todhchaí iomaíochas na hEorpa],

ag féachaint do ráiteas ón nGrúpa Euro an 11 Márta 2024 maidir le todhchaí Aontas na Margaí Caipitil, agus do ráiteas ón nGrúpa Euro an 16 Meitheamh 2022 maidir le todhchaí an Aontais Baincéireachta agus don obair leantach a rinne an Grúpa Euro ina leith an 28 Aibreán 2023,

ag féachaint do chreat nochta ó Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht le haghaidh nochtadh do chripteashócmhainní na mbanc agus do na leasuithe spriocdhírithe ar a chaighdeán stuamachta maidir le neamhchosaintí na mbanc ar chripteashócmhainní, a foilsíodh araon an 17 Iúil 2024,

ag féachaint do chroíphrionsabail Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht do mhaoirseacht baincéireachta éifeachtach, a foilsíodh an 25 Aibreán 2024,

ag féachaint d’Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais BCE ó mhí na Bealtaine 2024,

ag féachaint do Pháipéar Ócáideach BCE Uimh. 328 ó 2023 dar teideal “The Road to Paris: stress testing the transition towards a net-zero economy” [An Bóthar go Páras: tástáil struis ar an aistriú i dtreo geilleagar glan-nialasach],

ag féachaint d’fhoilseachán an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais an 9 Samhain 2015 dar teideal “Prionsabail maidir le Cumas Ionsúcháin Caillteanais agus Cumas Athchaipitlithe na mBanc a bhfuil Tábhacht Shistéamach Domhanda leo (G-SIBanna) atá á Réiteach”,

ag féachaint do thuarascáil ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 10 Deireadh Fómhair 2023 dar teideal “2023 Bank Failures – Preliminary lessons learnt for resolution” [Teipeanna Bainc 2023 – Réamhcheachtanna a foghlaimíodh le haghaidh réitigh],

ag féachaint do Pháipéar Oibre Uimh. 24-15 ó Institiúid Peterson don Eacnamaíocht Idirnáisiúnta an 25 Meitheamh 2024 dar teideal Europe’s banking union at ten: unfinished yet transformative’ [Aontas baincéireachta na hEorpa ag 10 mbliana: Aontas gan chríochnú ach fós claochlaitheach] (11),

ag féachaint do thosaíochtaí maoirseachta an tSásra Maoirseachta Aonair do 2024-2026, a foilsíodh i mí na Nollag 2023,

ag féachaint do nóta tuairiscithe débhliantúil BRA chuig an nGrúpa Euro an 13 Bealtaine 2024,

ag féachaint do thoradh chleachtadh trédhearcachta uile-Aontais 2023 de chuid an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh, a foilsíodh an 28 Iúil 2023,

ag féachaint don Tuarascáil Speisialta 12/2023 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 12 Bealtaine 2023 dar teideal ‘Maoirseacht an Aontais ar riosca creidmheasa na mbanc -Chuir BCE dlús lena chuid iarrachtaí ach tá gá le tuilleadh chun dearbhú go ndéantar riosca creidmheasa a bhainistiú agus a chumhdach i gceart a mhéadú’,

ag féachaint do na ráitis ó Claudia Buch, Cathaoirleach Bhord Maoirseachta BCE, ag éisteachtaí a rinne an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta de chuid na Parlaiminte an 21 Márta 2024 agus an 2 Meán Fómhair 2024,

ag féachaint do ráitis Dominique Laboureix, Cathaoirleach ar BRA, ag éisteachtaí a rinne an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta de chuid na Parlaiminte an 21 Márta 2024 agus an 23 Meán Fómhair 2024,

ag féachaint do thuarascálacha measúnaithe riosca an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh ó mhí Iúil 2024 agus ó mhí na Nollag 2024,

ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíochta agus airgeadaíochta an Aontais (12),

ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le ról idirnáisiúnta an euro a neartú (13),

ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0044/2025),

A.

de bhrí go gcuimsíonn an tAontas Baincéireachta an Sásra Maoirseachta Aonair, an Sásra Réitigh Aonair agus Scéim Eorpach Árachais Taiscí atá fós in easnamh;

B.

de bhrí gurb é príomhchuspóir an Aontais Baincéireachta cobhsaíocht na hearnála baincéireachta san Eoraip a choimirciú agus cosc a chur ar an ngá atá le bainc atá i mbaol go gclisfeadh iad a tharrtháil le hairgead na gcáiníocóirí;

C.

de bhrí go mbeadh an tAontas Baincéireachta atá curtha i gcrích ina fhorbairt dhearfach do shaoránaigh agus do gheilleagar an Aontais, toisc go gcuirfí feabhas le hiomaíochas agus cobhsaíocht earnáil baincéireachta, go laghdófaí riosca sistéamach, go bhfeabhsófaí soláthar agus rogha na dtomhaltóirí, agus go gcuirfí deiseanna méadaithe ar fáil do bhaincéireacht trasteorann lena bhfeabhsaítear rochtain ar mhaoiniú do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, rud a laghdóidh costais do chustaiméirí na mbanc, agus á áirithiú ag an am céanna nach n-úsáidfear cistí poiblí chun an earnáil baincéireachta a tharrtháil; de bhrí nár tugadh aghaidh go hiomlán fós ar an riosca ‘rómhór le cliseadh’;

D.

de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach an t-athchóiriú ar chreataí an Aontais maidir le bainistiú géarchéime banc agus árachas taiscí a thabhairt chun críche, ag díriú go háirithe ar bhainc bheaga agus mheánmhéide, chun slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht a chur ar fáil d’earnáil baincéireachta na hEorpa; de bhrí gur bunchoinníoll é Aontas Baincéireachta curtha i gcrích le fíorscéim Eorpach árachais taiscí chun a áirithiú go bhfuil muinín ag saoránaigh as bainc Eorpacha;

E.

de bhrí go bhfuil tionchar ag ilroinnt agus an easpa comhdhlúthaithe trasteorann ar earnáil baincéireachta an Aontais ar a hiomaíochas domhanda; de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar an mbearna bhrabúsachta idir bainc an Aontais agus bainc SAM;

F.

de bhrí go bhfuil earnáil baincéireachta láidir éagsúlaithe ríthábhachtach chun fás eacnamaíoch a chur chun cinn, féidearthacht na húinéireachta tithe a mhéadú, infheistíocht agus cruthú post a chothú, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus gnólachtaí nuathionscanta a mhaoiniú agus chun an t-aistriú chuig geilleagar glas agus digiteach á áirithiú;

G.

de bhrí gur ó bhainc a thagann thart ar 80 % den mhaoiniú seachtrach do chuideachtaí an Aontais, agus nach dtagann ach 20 % ó na margaí caipitil; de bhrí nach dtagann ach 30 % den chreidmheas do ghnólachtaí de chuid na Stát Aontaithe ó bhainc, agus go maoinítear 70 % trí mhargaí caipitil, lena n-áirítear sealúchais agus scaireanna bannaí corparáideacha;

H.

de bhrí go léirítear leis an EUR 356,1 billiún in iasachtaí neamhthuillmheacha arna dtaifeadadh ag 110 n-institiúid faoi mhaoirseacht in 2024, i gcomparáid le EUR 988,9 billiún in iasachtaí neamhthuillmheacha arna dtaifeadadh ag 102 institiúid faoi mhaoirseacht sa dara ráithe de 2015, conair shuntasach anuas, rud a fhágann stoc iomlán na n-iasachtaí neamhthuillmheacha ag 36 % dá leibhéal in 2015; de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí;

I.

de bhrí gur ghlac sí a seasamh i mí Aibreáin 2024 maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí;

J.

de bhrí, i mí Aibreáin 2024, gur ghlac a Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta tuarascáil maidir leis an togra ón gCoimisiún chun scéim Eorpach árachais taiscí a bhunú;

K.

de bhrí go mbraitheann institiúidí airgeadais níos mó agus níos mó ar úsáid theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC); de bhrí go gcuireann digitiú an airgeadais príomhdheiseanna ar fáil d’earnáil na baincéireachta agus go bhfuil dul chun cinn teicneolaíoch suntasach tagtha chun cinn in earnáil baincéireachta an Aontais trí éifeachtúlacht mhéadaithe i soláthar seirbhísí baincéireachta agus trí spéis níos mó sa nuálaíocht; de bhrí go mbaineann dúshláin leis freisin, lena n-áirítear maidir le cosaint sonraí, rioscaí do chlú, frithsciúradh airgid, agus ábhair imní maidir le cosaint tomhaltóirí; de bhrí nach mór d’earnáil baincéireachta an Aontais a cibear-athléimneacht a mhéadú chun a áirithiú gur féidir le córais TFC cineálacha éagsúla bagairtí cibearshlándála a sheasamh; de bhrí go bhfuil staidéar á dhéanamh ag BCE faoi láthair ar an euro digiteach a bhunú;

L.

de bhrí go bhfuil bainc an Aontais tar éis tionchar fhogha na Rúise a sheasamh; de bhrí go bhfuil ról lárnach acu maidir lena áirithiú go ndéanfar na smachtbhannaí arna bhforchur ag an Aontas i gcoinne na Rúise a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach mar fhreagairt ar an ionradh; de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh comhordaithe chun imchéimniú smachtbhannaí a sheachaint;

M.

de bhrí gur tosca iad an t-athrú aeráide, díghrádú an chomhshaoil agus an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá le cur san áireamh agus rioscaí ar chláir chomhardaithe na mbanc á measúnú, mar fhoinse riosca a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar infheistíochtaí i réigiúin agus in earnálacha éagsúla;

Breithnithe ginearálta

1.

á aithint go ndearnadh dul chun cinn le 10 mbliana anuas tríd an Sásra Maoirseachta Aonair (SSM) agus an Sásra Réitigh Aonair (SRA) a bhunú; ag tabhairt dá haire nach gcuirfear an tAontas Baincéireachta i gcrích gan a thríú colún, an scéim Eorpach árachais taiscí, a bhunú;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go leanfaidh cur i gcrích an Aontais Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil de bheith ina phríomhthosaíocht; á thabhairt chun suntais, leis na tionscadail seo, go dtugtar rochtain do theaghlaigh agus do FBManna ar chistiú níos leithne, go laghdaítear spleáchas ard ar chreidmheas bainc chun infheistíochtaí agus cruthú post a chothú, go méadaítear cobhsaíocht airgeadais, go laghdaítear tionchar sleabhctha eacnamaíoch, tacú le hiomaíochas, go gcuirtear deiseanna breise infheistíochta ar fáil, go gcistítear an t-aistriú chuig geilleagar glas agus digiteach agus go mbaintear leas as acmhainneacht fáis an Aontais; ag tabhairt dá haire go n-iarrtar ar an gCoimisiún sainiúlachtaí na samhlacha baincéireachta éagsúla a chur san áireamh, agus machaire comhréidh á chaomhnú ag an am céanna;

3.

ag tabhairt dá haire gur gá a bheith ullamh d’eachtraí struis baincéireachta a d’fhéadfadh fuadar bainc a bheith mar thoradh orthu amhail iad siúd a chonacthas i roinnt dlínsí lasmuigh den Aontas i mí an Mhárta 2023, agus gur gá cobhsaíocht taiscí a áirithiú;

4.

á chur i bhfios gur príomhghné í an chibear-athléimneacht d’iomaíochas earnáil baincéireachta an Aontais, go háirithe agus an staid gheopholaitiúil agus an gá atá le caomhnú cobhsaíocht airgeadais á gcur san áireamh;

5.

ag tabhairt dá haire go gcabhródh Aontas Baincéireachta níos comhtháite le hearnáil baincéireachta an Aontais a dhéanamh níos athléimní, rochtain ar chreidmheas a fheabhsú agus costais a laghdú; ag tabhairt dá haire go méadódh comhtháthú trasteorann níos fearr ar ghnó baincéireachta an acmhainneacht le haghaidh comhroinnt phríobháideach rioscaí agus chun éagsúlú i margadh baincéireachta an Aontais a áirithiú; á chur i bhfios nach gá gurb ionann Aontas Baincéireachta níos comhtháite agus margadh baincéireachta níos comhdhlúite agus go bhfuil tairbhí ann don iomaíocht i margadh baincéireachta éagsúlaithe; á chur i bhfáth, le hAontas Baincéireachta lánfhorbartha, go bhféadfaidh bainc an Aontais fás agus iad a chur i riocht níos fearr chun dul san iomaíocht ar an leibhéal idirnáisiúnta;

6.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil srian ar chumas bhainc an Aontais infheistíochtaí móra a mhaoiniú mar gheall ar bhrabúsacht níos ísle nach bhfuil leordhóthanach chun a n-iomaíochas a áirithiú; ag tabhairt dá haire go bhfuil an bhearna bhrabúsachta i gcomparáid le dlínsí eile mar gheall ar thosca struchtúracha agus rialála araon agus á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú chun an creat rialála a chuíchóiriú; ag tabhairt dá haire go n-iarrann cineál sonrach chóras baincéireachta an Aontais, lena líon mór de bhainc níos lú, ar réitigh chomhréireacha lena gcuirtear an méid sin san áireamh agus atá curtha in oiriúint dá shaintréithe, gan an bonn a bhaint ó chobhsaíocht airgeadais; á chur in iúl go bhfuil sí fós ar an eolas faoin riosca ‘rómhór le cliseadh’;

7.

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le creataí spriocdhírithe a fhorbairt laistigh den Aontas Baincéireachta chun rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, agus aitheantas á thabhairt don ról atá acu mar chnámh droma gheilleagar an Aontais;

8.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil gníomhaíocht trasteorann bhainc an Aontais fós sách teoranta, go háirithe maidir le hiasachtaí a dheonú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, dá bhrí sin, go bhfuil sé tábhachtach an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích chun seasamh le saorghluaiseacht chaipitil i margadh inmheánach lán-chomhtháite;

9.

á iarraidh ar bhainc an Aontais atá fós ag feidhmiú sa Rúis margadh na Rúise a fhágáil a luaithe is féidir; á iarraidh ar institiúidí maoirseachta a áirithiú do na bainc sin leanúint ar aghaidh le margadh na Rúise a fhágáil go pras;

10.

á iarraidh ar an gCoimisiún a fhiosrú tuilleadh an bhféadfadh cruthú dlínse ar leith do bhainc an Aontais a bhfuil oibríochtaí suntasacha trasteorann (14) acu cabhrú leis an Aontas Baincéireachta a chur i gcrích nó an méadódh sé sin ilroinnt na hearnála baincéireachta;

11.

ag tabhairt dá haire go bhféadfaí féachaint le hathbhreithniú ar an gcreat urrúsúcháin chun margaí Eorpacha a neartú agus ar Nótaí Urraithe Eorpacha a thabhairt isteach mar ionstraim cistiúcháin dé-iontaoibhe do FBManna le haghaidh maoiniú fadtéarmach, agus aird chuí á tabhairt ar rioscaí cobhsaíochta airgeadais;

12.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil litearthacht airgeadais bunriachtanach i ngeilleagair nua-aimseartha, rud a rannchuidíonn le hathléimneacht na gcóras baincéireachta ar fud na mBallstát agus a spreagann gníomhaíocht airgeadais trasteorann;

13.

á chur i bhfios go láidir go ndéanfaidh ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí an tAontas Baincéireachta níos athléimní;

14.

á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart don Choimisiún béim a leagan ar ghnéithe a rannchuidíonn le spriocanna an digitithe, an nuachóirithe, an tsimplithe, an chuíchóirithe agus an iomaíochais mhéadaithe a bhaint amach; á áitiú go bhfuil deimhneacht dhlíthiúil, slándáil, intuarthacht agus cobhsaíocht bunriachtanach chun go mbeidh bainc an Aontais in ann feidhmiú faoi dhálaí fabhracha;

15.

ag tabhairt dá haire, sa bhreis ar iasachtaí traidisiúnta, gur féidir le foinsí éagsúla maoinithe a bheith tairbheach d’fhás an Aontais agus d’iomaíochas an Aontais, agus ag aithint nádúr ísealriosca na réiteach maoinithe de bhun sócmhainní;

16.

ag tabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn déanta ag BCE maidir leis an euro digiteach agus go bhfuil an t-idirphlé parlaiminteach á reáchtáil le BCE ar an ábhar; á chur in iúl go dtuigeann sí forchoimeádais atá ann cheana, amhail maidir lena feidhmiúlacht as líne, ós rud é go laghdaíonn idirbhearta as líne infheictheacht agus go gcuireann siad isteach ar chosc na coireachta airgeadais; á mheabhrú gur cheart go gcomhlánódh an euro digiteach airgead tirim seachas é a ionadú; á mheas gur cinneadh polaitiúil é an cinneadh maidir le cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar euro digiteach a thabhairt isteach nach mór do chomhreachtóirí an Aontais a dhéanamh ar deireadh, i bhfianaise an tionchair mhóir a d’fhéadfadh a bheith ag an gcinneadh sin ar raon leathan réimsí an Aontais, lena n-áirítear príobháideachas, cosaint tomhaltóirí, cobhsaíocht airgeadais, beartas airgeadais agus réimsí eile a théann thar raon feidhme docht an bheartais airgeadaíochta;

17.

á chur in iúl gur oth léi gur theip ar roinnt institiúidí airgeadais cothromaíocht inscne a áirithiú, go háirithe ina gcomhlachtaí bainistíochta; á chur i bhfáth go dtagann torthaí sochaíocha agus eacnamaíocha araon as an gcothromaíocht inscne ar bhoird agus sa lucht saothair; á iarraidh ar institiúidí airgeadais a mbeartais éagsúlachta agus chuimsithe a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus cabhrú le cultúir oibre shláintiúla a chothú ina dtugtar tús áite don chuimsitheacht; á iarraidh go dtabharfadh eintitis phríobháideacha agus phoiblí aghaidh ar an easpa éagsúlachta agus cothromaíochta inscne i gcomhlachtaí bainistíochta na n-institiúidí airgeadais;

Maoirseacht

18.

á chur in iúl gur geal léi gur ghlac na comhreachtóirí pacáiste nua baincéireachta chun caighdeáin Basel III a chur chun feidhme san Aontas; ag tabhairt dá haire go bhfuil easpa soiléireachta ann faoi láthair maidir le caighdeáin Basel III a chur chun feidhme i roinnt dlínsí eile agus an riosca a d’fhéadfadh a bheith ann do mhachaire comhréidh idirnáisiúnta; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún a mheas an bhféadfadh athruithe spriocdhírithe cabhrú le hiomaíochas idirnáisiúnta bhainc an Aontais a choinneáil gan a n-athléimneacht a lagú; á mheabhrú go ndearnadh dáta chur i bhfeidhm an chreata nua riosca margaidh a chur siar bliain amháin go dtí an 1 Eanáir 2026 leis an ngníomh tarmligthe ar dháta chur i bhfeidhm na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an gá athbhreithniú a dhéanamh ar na cinntí coibhéise a rinneadh leis na dlínsí nach gcuireann caighdeáin Basel III chun feidhme chun cobhsaíocht airgeadais earnáil airgeadais an Aontais a chaomhnú;

19.

ag aithint go bhfuil craobhacha bainc á ndúnadh mó sa mhó, rud a fhágann baol níos mó a bheith ann nach mbeidh aon bhainc ann i réigiúin áirithe, rud a mbeadh tionchar diúltach nach beag aige ar shaoránaigh leochaileacha nach bhfuil rochtain dhigiteach acu; ag cur béim ar ról ríthábhachtach banc beag maidir le rochtain ar sheirbhísí baincéireachta bunriachtanacha a áirithiú, go háirithe i gceantair thuaithe agus iargúlta, rud a fhágann go dtacaítear le teaghlaigh, le FBManna agus le geilleagair áitiúla; ag tabhairt dá haire gur féidir na costais arda mhaoirseachta agus na hualaí rialála a bheith ina ndúshláin shuntasacha do bhainc bheaga; á chur i bhfios go láidir go gcaithfear prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus maoirseacht á déanamh ar bhainc, agus fós a áirithiú go mbeidh déine na rialála in oiriúint do mhéid, próifíl riosca agus samhail ghnó institiúidí, agus ról críochach bunriachtanach banc beag agus a saintréithe sonracha á gcur i gcuntas ag an am céanna.

20.

á mheabhrú go bhfuil líon ard sainorduithe don Údarás Baincéireachta Eorpach sa Phacáiste Baincéireachta; á iarraidh ar an Údarás Baincéireachta Eorpach na sainorduithe sin a urramú;

21.

ag tabhairt dá haire, fiú laistigh den chreat rialála atá ann cheana, go bhfuil athléimneacht léirithe ag an earnáil baincéireachta le linn imeachtaí margaidh le blianta beaga anuas, agus go bhfuil an meánchóimheas Ghnáthchothromas Leibhéal 1 fós ag leibhéil arda, ar 15,81 %;

22.

ag tabhairt dá haire go bhfuil cóimheas iasachtaí neamhthuillmheacha fós cobhsaí ag 2,30 % agus an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht ag 159,39 %;

23.

ag tabhairt dá haire go bhfuil leibhéil éagsúla neamhchosanta ar iasachtaí neamhthuillmheacha agus á mheabhrú go bhfuil Ballstáit ann a bhfuil leibhéil neamhchosanta thart ar 1 % acu nó níos ísle fós, agus go bhfuil leibhéil neamhchosanta níos mó ná 4 % ag Ballstáit eile; á mheas gur cheart leanúint de na hiarrachtaí chun neamhchosaint bhainc na hEorpa ar an gcineál sin iasachta a laghdú mar dhea-chleachtas bainistithe riosca;

24.

á thabhairt chun suntais go bhféadfadh meath ar cháilíocht sócmhainní a bheith mar thoradh ar dhálaí maicreacnamaíocha díobhálacha, ar dhúshláin gheopholaitiúla agus ar fhorbairt thapa seirbhísí íocaíochta iarchurtha agus go bhféadfadh siad difear a dhéanamh do leibhéal na n-iasachtaí neamhthuillmheacha amach anseo; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá bainistiú riosca stuama agus soláthar iomchuí;

25.

ag tabhairt dá haire go bhféadfadh leibhéil reatha bhrabúsachta na hearnála baincéireachta deis a thabhairt do mhaoláin mhacrastuamachta a mhéadú agus cabhrú le hathléimneacht na hearnála baincéireachta a chaomhnú; á iarraidh ar an gCoimisiún an rogha sin a fhiosrú tuilleadh agus meastóireacht chúramach a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar athbhreithniú ar an gcreat macrastuamachta, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar cheanglais chaipitil á chur san áireamh agus aird á tabhairt ar an machaire comhréidh le dlínsí eile;

26.

ag tabhairt dá haire go bhfuil ról ag earnáil na baincéireachta chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar digitithe atá neodrach ó thaobh carbóin de, maidir le cistí a threorú chuig foinsí fuinnimh in-athnuaite agus maidir le tacú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Aontas agus le Dlí Aeráide an Aontais a bhaint amach;

27.

á thabhairt dá haire go gcuireann BCE rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra san áireamh ina chleachtais mhaoirseachta agus go ndéanann sé faireachán géar ar rioscaí fisiciúla agus aistrithe atá ag dul i méid;

28.

á chur in iúl gur geal léi an smaoineamh caipiteal fiontair a mhéadú agus caipiteal a scaoileadh chun cuideachtaí atá ag fás go tapa san Aontas a mhaoiniú; ag cur sonrú i dtiomantas Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen bearta lena n-ionsúfar riosca a chur chun cinn chun é a dhéanamh níos éasca do bhainc thráchtála, d’infheisteoirí agus do chaipiteal fiontair cuideachtaí atá ag fás go tapa a mhaoiniú (15); ag tabhairt dá haire nach mór é sin a dhéanamh ar bhealach nach bhfuil riosca sistéamach ná baol morálta ag baint leis;

29.

á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh an tÚdarás nua um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac, lena bhféadfar bealaí níos éifeachtaí a bheith ann chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac trí mhaoirseacht dhíreach a dhéanamh ar eintitis airgeadais áirithe agus trí chomhar níos fearr, sreabhadh faisnéise níos fearr idir údaráis náisiúnta agus comhordú níos fearr i measc údaráis forfheidhmithe smachtbhannaí sna Ballstáit chun bearnaí i gcur chun feidhme smachtbhannaí spriocdhírithe a dhúnadh;

30.

á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar athléimneacht idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc, lena n-áirítear trí uirlisí sonracha rialála agus maoirseachta a cheapadh; á chur i bhfios nach mór do bhearta den sórt sin slándáil an chórais airgeadais a ráthú agus a bheith chun leasa an chustaiméara; á chur in iúl gur geal léi comhairliúchán an Choimisiúin maidir le beartais mhacrastuamachta d’idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc; ag tacú leis an moladh ón Eurochóras tástálacha struis ar fud an chórais a thabhairt isteach chun rioscaí d’athléimneacht na gcroí-mhargaí a shainaithint agus a chainníochtú; á iarraidh ar an gCoimisiún a imscrúdú an bhfuil aon bhearnaí sa tsraith straitéisí maoirseachta, lena n-áirítear maidir le géarchor leachtachta a d’fhéadfadh a bheith ann agus impleachtaí do riosca sistéamach;

31.

ag tabhairt dá haire go gcruthaíonn cripteashócmhainní dúshláin agus deiseanna nua don chóras airgeadais ach go mbaineann rioscaí leo freisin, agus gur gá do na maoirseoirí náisiúnta, don Sásra Maoirseachta Aonair (SAM) agus don Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach aird a thabhairt orthu sin;

Rún

32.

á mheabhrú go n-áirithítear leis an seasamh arna ghlacadh ag an bParlaimint i mí Aibreáin 2024 maidir le creat bainistíochta géarchéime agus árachais taiscí cur chuige níos comhsheasmhaí ar fud na mBallstát uile maidir le huirlisí réitigh agus árachas taiscí a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar chobhsaíocht airgeadais, ar chosaint do cháiníocóirí agus ar mhuinín taisceoirí; ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt sainiúlachtaí ag bainc bheaga a d’fhéadfadh a bheith ina n-údar le cur chuige comhréireach; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh uirlisí iomchuí agus leordhóthanacha ar fáil d’údaráis inniúla Eorpacha agus náisiúnta chun freagairt go héifeachtach do theipeanna bainc agus chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint, agus gur gá do bhainc oibriú i dtimpeallacht rialála éifeachtach lena gcothaítear a bhforbairt;

33.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé príomhfhreagracht na scairshealbhóirí agus na gcreidiúnaithe a chaomhnú chun caillteanais a iompar i gcás mainneachtain bainc; á chur i bhfáth nach mór úsáid airgead na gcáiníocóirí a sheachaint, rud atá fós ina phríomhcheacht a foghlaimíodh ón ngéarchéim airgeadais dhomhanda; á chur i bhfáth nach mór tarrtháil inmheánach na scairshealbhóirí agus na gcreidiúnaithe a bheith fós ina bpríomhfhoinse le haghaidh maoiniú réitigh sula mbainfear aon leas as foinsí arna gcistiú ag an tionscal;

34.

á mheabhrú go bhfuil íoscheanglas leordhóthanach le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) ríthábhachtach le haghaidh creat réitigh inchreidte agus chun a áirithiú go mbeidh solúbthacht leordhóthanach ag na húdaráis réitigh chun na straitéisí réitigh is gá a chur i bhfeidhm go héifeachtach i gcás géarchéime ar leith; á chur i bhfios go láidir gur cheart gur leor an t-íoscheanglas sin chun aon cheann de na straitéisí réitigh atá san áireamh i bplean réitigh banc a chur chun feidhme go héifeachtach; á mheabhrú gur cheart don chreat réitigh méaduithe míchuí ar chalabrú ICDI agus ranníocaíochtaí díréireacha leis an gCiste Réitigh Aonair a sheachaint;

35.

á chur i bhfáth, má eisítear dliteanais incháilithe bainc d’infheisteoirí nach as an Aontas dóibh, gur cheart díluacháil nó comhshó na ndliteanas sin a bheith in-fhorfheidhmithe le cinnteacht iomlán chun cur i bhfeidhm éifeachtach uirlisí réitigh a choimirciú;

36.

ag tabhairt dá haire gur cheart aon spleáchas ar airgead cáiníocóirí chun réiteach na mbanc a sheachaint, lena n-áirítear tacaíocht leachtachta, i gcomhréir le prionsabail na freagrachta fioscaí agus sóisialta agus smacht an mhargaidh;

37.

á mheabhrú gur gá do na bainc leanúint dá n-oibleagáidí a chomhlíonadh agus a bpríomhfheidhmeanna a chomhlíonadh tar éis chur chun feidhme cinneadh réitigh;

38.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé ról BCE mar sholáthraí leachtachta i gcás réitigh a shoiléiriú, agus aird chuí á tabhairt ar ráthaíochtaí iomchuí agus ar shainordú BCE;

39.

á chur i bhfios go láidir gur fhógair BRA go gcuirfidh sé feabhas ar a chumais gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a sheoladh chun deireadh a chur le baic shubstainteacha ar inréiteacht; á iarraidh go bhfoilseofaí, ag deireadh gach timthrialla pleanála réitigh, liosta anaithnidithe de bhaic shainaitheanta ar inréiteacht agus de na gníomhaíochtaí a glacadh chun aghaidh a thabhairt orthu;

40.

á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú straitéiseach ‘Fís SRA 2028’ arna thionscnamh ag BRA chun a spriocanna fadtéarmacha a leagan síos, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua agus chun an comhar leis na húdaráis réitigh náisiúnta agus le geallsealbhóirí eile a neartú tuilleadh; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go bhfuil sé ar intinn ag BRA réimsí a shainaithint inar féidir an inbhuanaitheacht a leabú tuilleadh ina chuid oibríochtaí laethúla agus ina phríomhghnó; á thabhairt chun suntais gur gá éifeachtúlacht agus cost-éifeachtúlacht a áirithiú i gcur chun feidhme na straitéise nua;

41.

á chur in iúl gur geal léi plean BRA an timthriall pleanála réitigh bliantúil a chuíchóiriú chun a áirithiú go mbeidh sé ag éirí níos éifeachtúla agus go ndíreofar níos mó ar thástáil a dhéanamh ar inréititheacht na mbanc agus ar oibríochtú na straitéisí réitigh;

42.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Ciste Réitigh Aonair forbartha anois; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit uile an Comhaontú Leasaitheach a ghabhann le Conradh SCE a dhaingniú go hiomlán lena n-áirítear cúlstop coiteann a bhunú don Chiste Réitigh Aonair;

43.

á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le hiarrachtaí breise chun inréiteacht iomlán a áirithiú do na bainc uile a thagann faoi raon feidhme an réitigh; á mheabhrú nach féidir a mheas gur ‘sprioc aistrithe’ é inréiteacht a bhaint amach agus, dá bhrí sin, á iarraidh go ndéanfaí an measúnú ar inréiteacht a chaighdeánú agus a chomhchuibhiú tuilleadh; á mheabhrú, mar sin féin, go bhfuil ról tábhachtach ag na húdaráis náisiúnta réitigh sa mheasúnú ar inréiteacht;

Árachas taiscí

44.

á chur i bhfios go láidir gur foilsíodh an togra ón gCoimisiún maidir le scéim Eorpach árachais taiscí a bhunú in 2015, agus go bhfuil athrú suntasach tagtha ar an tírdhreach ó shin i leith;

45.

á mheabhrú gur glacadh seasamh a Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta maidir le scéim Eorpach árachais taiscí i mí Aibreáin 2024; ag tabhairt dá haire nach ionann an seasamh sin agus an togra 2015 ón gCoimisiún agus glacann sí cur chuige nua; á chur in iúl go bhfuil sí ag fanacht leis an gcaibidlíocht maidir le scéim Eorpach árachais taiscí, agus ag spreagadh na Comhairle chun dul ar aghaidh léi;

46.

ag tabhairt dá haire gur tugadh isteach scéimeanna náisiúnta ráthaithe taiscí go rathúil agus gur chruthaigh siad a bhfeidhmiúlacht i roinnt cásanna; á chur i bhfios go láidir gur gá saintréithe náisiúnta sonracha a chur san áireamh agus na córais dhea-fheidhmiúla do bhainc bheaga atá i bhfeidhm cheana i roinnt Ballstát a chaomhnú, amhail scéimeanna cosanta institiúideacha, ar bhealach lena n-áirithítear machaire comhréidh ar fud an Aontais Baincéireachta;

°

° °

47.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig an mBord Réitigh Aonair agus chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach.

(1)   IO C, C/2024/5706, 17.10.2024, ELI: htp://data.europa.eu/eli/C/2024/5706/oj.

(2)  Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta (IO L, 2024/1624, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1624/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj).

(5)  Treoir (AE) 2024/1619 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024, lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, agus rioscaí comhshaoil, shóisialta, agus rialachais (IO L, 2024/1619, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1619/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2024/1623 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh riosca creidmheasa, riosca um choigeartú luachála creidmheasa, riosca oibriúcháin, riosca margaidh agus an t-íosráta aschuir (IO L, 2024/1623, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1623/oj).

(7)   IO L, 2024/2795, 31.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2795/oj.

(8)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0326.

(9)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0327.

(10)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0328.

(11)  Véron, N., ‘Europe’s banking union at ten: unfinished yet transformative’ [Aontas baincéireachta na hEorpa ag 10 mbliana: Aontas gan chríochnú ach fós claochlaitheach], Institiúid Peterson don Eacnamaíocht Idirnáisiúnta, Páipéar Oibre Uimh. 4-15, Meitheamh 2024.

(12)   IO C 23, 21.1.2021, lch. 105.

(13)   IO C 494, 8.12.2021, lch. 118.

(14)  Tuarascáil Draghi, lch. 61.

(15)  Von der Leyen, Ursula, Rogha na hEorpa: Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún eile 2024-2029, lch. 11.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/585/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top