Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025IP0076

P10_TA(2025)0076 — Rialú ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2023 — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Bealtaine 2025 ar rialú ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2023 (2024/2052(INI))

IO C, C/2026/574, 24.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/574/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/574/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/574

24.2.2026

P10_TA(2025)0076

Rialú ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2023

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Bealtaine 2025 ar rialú ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2023 (2024/2052(INI))

(C/2026/574)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do thuarascáil ar ghníomhaíochtaí 2023 ó Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (Grúpa BEI) an 1 Feabhra 2024 dar teideal ‘ A Blueprint for Sustainable Living’ [Treoirphlean chun Maireachtáil go hInbhuanaithe], agus do dhoiciméad BEI an 2 Feabhra 2023 dar teideal ‘ EIB Group Operational Plan 2023-2025’ [Plean Oibríochtúil Ghrúpa BEI, 2023-2025],

ag féachaint do Thuarascáil Infheistíochta BEI, 2023/2024, dar teideal Transforming for competitiveness [Claochlú a dhéanamh chun a bheith iomaíoch], a foilsíodh an 7 Feabhra 2024,

ag féachaint do dhoiciméad BEI an 8 Bealtaine 2023 dar teideal ‘ Mid-term review of the EIB Energy Lending Policy’ [Athbhreithniú meántéarma ar Bheartas Iasachta Fuinnimh BEI],

ag féachaint do Thuarascáil Ghrúpa BEI ar chur chun feidhme Bheartas Trédhearcachta Ghrúpa BEI in 2023, a foilsíodh an 1 Iúil 2024,

ag féachaint do dhoiciméad BEI an 27 Samhain 2023 dar teideal ‘ The EIB Group PATH Framework – Version 1.2 November 2023 – Supporting counterparties on their pathways to align with the Paris Agreement’ [Creat PATH Ghrúpa BEI – Leagan 1.2 Shamhain 2023 – Ag tacú le contrapháirtithe ar a gconairí chun ailíniú le Comhaontú Pháras],

ag féachaint do dhoiciméid ó Ghrúpa BEI agus doiciméid BEI an 21 Meitheamh 2024 dar teideal ‘ EIB Group 2024-2027 Strategic Roadmap’ [Treochlár Straitéiseach Ghrúpa BEI, 2024-2027] agus an 29 Samhain 2023 dar teideal ‘ EIB Global Strategic Roadmap’ [Treochlár Straitéiseach Domhanda BEI],

ag féachaint do Thuarascáil Ghrúpa BEI ar Inbhuanaitheacht, 2023, a foilsíodh an 25 Iúil 2024,

ag féachaint do nóta faisnéise ó BEI an 6 Feabhra 2023 dar teideal ‘ The European Investment Bank’s approach to human rights’ [Cur chuige an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta i leith chearta an duine],

ag féachaint do Thuarascáil 2023 ar Shásra Gearán Ghrúpa BEI, a foilsíodh an 10 Meitheamh 2024,

ag féachaint do dhoiciméad ó BEI an 14 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘ Diversity, Equity and Inclusion at the EIB Group’ [Éagsúlacht, Cothromas agus Cuimsiú ag Grúpa BEI],

ag féachaint d’fhoilseachán ó BEI an 23 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘ EIB Audit Committee Annual Reports for the year 2023’ [Tuarascálacha Bliantúla Choiste Iniúchóireachta BEI don bhliain 2023],

ag féachaint do thuarascáil ó Ghrúpa BEI an 15 Iúil 2024 dar teideal ‘ EIB Group activities in EU cohesion regions 2023’ [Gníomhaíochtaí Ghrúpa BEI i réigiúin chomhtháthaithe an Aontais Eorpaigh, 2023],

ag féachaint do thuarascáil ó BEI an 19 Deireadh Fómhair 2023 dar teideal ‘EIB Investment Survey 2023 – European Union overview’ [Suirbhé Infheistíochta BEI, 2023 – Forléargas an Aontais Eorpaigh],

ag féachaint do thuarascáil BEI an 26 Meitheamh 2024 dar teideal ‘ EIB Group support for EU businesses: Evidence of impact in addressing market failures’ [Tacaíocht Ghrúpa BEI do ghnólachtaí an Aontais Eorpaigh: Fianaise ar thionchar maidir le haghaidh a thabhairt ar chliseadh sa mhargadh],

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 5 Márta 2024 dar teideal ‘A new European Defence Industrial Strategy: Achieving EU readiness through a responsive and resilient European Defence Industry’ [Straitéis nua um Thionscal Cosanta na hEorpa: Ullmhacht an Aontais a bhaint amach trí Thionscal Cosanta an hEorpa at bheith níos freagrúla agus níos athléimní] (JOIN(2024)0010),

ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 22/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘ Double funding from the EU budget’ [Cistiú dúbailte ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh],

ag féachaint do thuarascáil ó BEI an 29 Nollaig 2023 dar teideal ‘ European Investment Bank Group Risk Management Disclosure Report – June 2023’ [ Tuarascáil ó Ghrúpa BEI ar Nochtadh Bainistíochta Riosca – Meitheamh 2023],

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 19 Márta 2025 dar teideal ‘Páipéar Bán Comhpháirteach maidir le Todhchaí Chosaint na hEorpa’ (JOIN(2025)0120),

ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0068/2025),

A.

de bhrí go bhfuil BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) mar chuid de Ghrúpa BEI; de bhrí gurb é BEI an banc forbartha iltaobhach is mó ar domhan; de bhrí go bhfuil BEI faoi cheangal conartha rannchuidiú le lánpháirtiú an Aontais; de bhrí go n-áirítear ar phríomhthosaíochtaí BEI cistiú a chur ar fáil do thionscadail chun lánpháirtiú agus comhtháthú sóisialta na hEorpa a chothú; de bhrí go ngníomhaíonn CEI mar chomhlacht tiomnaithe chun tacú le cuspóirí beartais an Aontais Eorpaigh i réimsí na fiontraíochta, an chruthaithe post agus an chomhtháthaithe eacnamaíoch;

B.

de bhrí, mar bhanc atá faoi úinéireacht Bhallstáit an Aontais, go bhfuil BEI á rialú ag Bord Gobharnóirí, Bord Stiúrthóirí agus Coiste Bainistíochta, agus go gcoinníonn sé sásraí inmheánacha láidre maidir le cuntasacht, rialachas agus iniúchóireacht; de bhrí go bhfuil CEI faoi úinéireacht BEI (60 %), an Aontais (30 %) agus institiúidí airgeadais (10 %) ó na Ballstáit, ón Ríocht Aontaithe agus ón Tuirc, agus go bhfuil sé á bhainistiú ag Cruinniú Ginearálta scairshealbhóirí CEI, an Bord Stiúrthóirí agus an Príomhfheidhmeannach, le sásraí inmheánacha neamhspleácha le haghaidh cuntasachta, rialachais agus iniúchóireachta, a chomhroinntear cuid acu ar leibhéal an Ghrúpa;

C.

de bhrí go bhfeidhmíonn BEI agus CEI araon laistigh de mhargadh iomaíoch ach go gcoinnítear iad ar ardchaighdeáin trédhearcachta agus rannpháirtíochta geallsealbhóirí mar chomhlachtaí an Aontais;

D.

de bhrí go gcuireann Grúpa BEI beartais an Aontais chun cinn laistigh agus lasmuigh den Aontas agus go gcomhoibríonn sé go dlúth le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais agus le hinstitiúidí náisiúnta eile, agus go ndéanann sé a mhaoiniú a ailíniú le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais; de bhrí gur leag Grúpa BEI ocht dtosaíocht straitéiseacha amach ina Threochlár Straitéiseach do 2024-2027: gníomhú ar son na haeráide, claochlú digiteach, cosaint, comhtháthú, talmhaíocht, bonneagar sóisialta, maoiniú seachtrach agus Aontas na Margaí Caipitil a chur chun cinn;

E.

de bhrí go bhfuil sé de chúram ar BEI freisin acmhainní a dhaingniú trí ghníomhaíochtaí iasachtaíochta, atá ríthábhachtach chun beartais an Aontais a chur chun feidhme;

F.

de bhrí go mbeartaítear le clár oibre straitéiseach na Comhairle Eorpaí do 2024-2029 ról feabhsaithe do Ghrúpa BEI mar spreagadh do chosaint agus do shlándáil an Aontais, agus ag cur béim ar an ngá atá le borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais agus folláine eacnamaíoch agus shóisialta na saoránach a fheabhsú trí iarrachtaí suntasacha comhinfheistíochta, agus cistiú poiblí agus príobháideach araon á ghiaráil;

G.

de bhrí gur moladh i dtuarascáil Draghi maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa (1) go leor bealaí chun ról BEI a leathnú maidir le beartais an Aontais a mhaoiniú agus chun cur ar chumas BEI níos mó riosca a ghlacadh chuige féin;

H.

de bhrí gurb é príomh-mhisean Ghrúpa BEI acmhainneacht na hEorpa maidir le cruthú post agus fás eacnamaíoch a neartú; de bhrí gur cheart dá infheistíochtaí dul i ngleic le neamhionannais trí rochtain ar phoist, ar dheiseanna oiliúna, ar thithíocht agus ar oideachas a fheabhsú chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar an dífhostaíocht; de bhrí gur den ríthabhacht é bacainní ar mhaoiniú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus do chuideachtaí meánchaipitlithe a shárú; de bhrí go bhfeidhmíonn scéimeanna iasachtaithe agus ráthaíochta poiblí mar uirlisí beartais frith-thimthriallacha ríthábhachtacha, go háirithe le linn cora chun donais eacnamaíocha, agus go gcuidíonn siad le teipeanna struchtúracha margaidh a mhaolú;

I.

de bhrí gur bunchloch d’ollstruchtúr airgeadais na hEorpa don fhorbairt é BEI agus gurb é an t-iasachtóir iltaobhach is mó i réigiúin chomharsanachta an Aontais é, lena n-áirítear tíortha Chomharsanacht an Oirthir, na Balcáin Thiar, an Meánoirthear, agus an Afraic Thuaidh; de bhrí go meastar go gcuideoidh BEI leis an mbearna san infheistíocht tháirgiúil idir an Eoraip agus a phríomhiomaitheoirí a dhúnadh trí infheistíocht sa nuálaíocht, i dteicneolaíocht na cumarsáide agus i maoin intleachtúil a mhéadú;

J.

de bhrí go bhfuil rath chuspóirí beartais an Aontais agus a gcur chun feidhme éifeachtach ag brath níos mó agus níos mó ar Ghrúpa BEI; de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, go mbeadh doimhneacht agus cáilíocht mhaoirseacht na Parlaiminte ar oibríochtaí airgeadais BEI i gcomhréir le déine an chomhair idir BEI agus an Coimisiún, rud atá an-suntasach anois;

K.

de bhrí go n-éilíonn samhail ghnó BEI na caighdeáin is airde sláine, cuntasachta agus trédhearcachta, agus nach mór bearta láidre a chur chun feidhme agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta chun calaois airgeadais, éilliú, sciúradh airgid, sceimhlitheoireacht, coireacht eagraithe agus imghabháil cánach agus seachaint cánach araon a chomhrac; de bhrí go bhfuil creat rialaithe ag Grúpa BEI arb é is aidhm dó rioscaí smachtbhannaí a chosc agus a mhaolú;

L.

de bhrí go gcloíonn Grúpa BEI le sainmhíniú Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht ar riosca comhlíontachta, agus é mar aidhm aige cosc a chur ar an riosca a bhaineann le smachtbhannaí dlíthiúla nó rialála, caillteanas airgeadais ábhartha, nó damáiste do chlú; de bhrí go ndéanann an Banc bearta iomchuí chun na rioscaí sin a mhaolú trína áirithiú go gcomhlíonfar go docht creataí dlíthiúla agus rialála, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon;

Oibríochtaí airgeadais agus feidhmíocht BEI

1.

á aithint go bhfuil BEI ag feidhmiú go héifeachtach agus go héifeachtúil i dtimpeallacht ina bhfuil dúshláin shuntasacha dhomhanda, lena n-áirítear teannas geopholaitiúil, tionchair an athraithe aeráide agus tosca eile a bhfuil tionchar acu ar an ngeilleagar domhanda; á mholadh go bhféachfaí ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht BEI trí anailís mhachnamhach, ag díriú go háirithe ar an tionchar ar iomaíochas agus ar fhás;

2.

á aithint go bhfuil maoiniú BEI ag éirí níos tábhachtaí i gcomhthéacs rátaí arda úis agus airgeadas poiblí srianta; ag dréim leis go dtabharfaidh BEI, i gcomhthéacs ionchas eacnamaíoch dúshlánach agus iomaíocht dhomhanda mhéadaithe, aghaidh a thabhairt ar shrianta ar iomaíochas an Aontais, amhail praghsanna luaineacha fuinnimh, ganntanais scileanna i bpríomhearnálacha agus infheistíochtaí neamhleora sa nuálaíocht agus i dteicneolaíochtaí nua;

3.

ag tabhairt dá haire gur bhain Grúpa BEI torthaí láidre comhdhlúite amach arbh ionann iad agus EUR 2,272 billiún in 2023 faoi na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS), i gcomparáid le EUR 2,327 billiún in 2022, rud a léiríonn laghdú 2,4 % bliain ar bhliain; á iarraidh go ndéanfaí anailís mhionsonraithe ar na tosca a chuireann leis an laghdú sin, go háirithe ós rud é go raibh fás eacnamaíoch seasta i gceist leis an tréimhse; á thabhairt faoi deara gur shroich cúlchistí BEI os cionn EUR 56 bhilliún in 2023, suas ó EUR 53,9 billiún in 2022 agus EUR 36 bhilliún in 2014;

4.

ag tabhairt dá haire gur fhan cóimheas leachtachta iomlán BEI go maith laistigh de theorainneacha inmheánacha go dtí deireadh 2023 agus go raibh cóimheas Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (CET1) BEI ag 33,1 % in 2023, i bhfad níos airde ná meánchóimheas na n-institiúidí suntasacha arna maoirsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) an tráth sin; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach rátáil AAA BEI a choinneáil le hionchas ‘cobhsaí’ chun maoiniú fabhrach margaidh a áirithiú ar rátaí fabhracha agus gur cheart í a chaomhnú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil seasamh creidmheasa ard BEI ríthábhachtach dá shamhail ghnó rathúil;

5.

á iarraidh ar BEI a sheasamh láidir caipitil agus brabúis arda leanúnacha a choinneáil, ach ag tabhairt dá haire go bhfuil sé d’acmhainn ag an mBanc luaineachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i dtorthaí a ionsú gan caipiteal scairshealbhóirí ná a rátáil chreidmheasa a chur i mbaol, go bhfuil sé de chumas aige níos mó riosca a ghlacadh in infheistíochtaí straitéiseacha agus go bhfuil sé in ann níos mó infheistíochta a dhéanamh i dtionscadail nuálacha ardriosca ina bhfuil caipiteal príobháideach fós drogallach;

6.

á iarraidh ar BEI feabhas a chur ar a thrédhearcacht institiúideach trí mhiontuairiscí níos mionsonraithe ar chruinnithe a Bhoird Stiúrthóirí a fhoilsiú, lena n-áirítear taifid vótála agus réasúnuithe a bhaineann go sonrach leis an tionscadal, agus rúndacht dhlisteanach á hurramú i gcás ina bhfuil géarghá leis;

7.

á thabhairt chun suntais gur shroich eisíocaíochtaí iomlána BEI EUR 54,4 billiún in 2023, le EUR 53,4 billiún óna acmhainní dílse, i gcomparáid le EUR 54,3 billiún (EUR 53,3 billiún óna acmhainní dílse) in 2022; ag tabhairt faoi deara gurbh ionann eisíocaíochtaí CEI ar infheistíochtaí cothromais phríobháidigh agus EUR 139,7 milliún in 2023, i gcomparáid le EUR 113,7 milliún in 2022; ag tabhairt dá haire, de réir samhail eacnamaíoch a d’fhorbair Roinn Eacnamaíochta BEI agus Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin go comhpháirteach, go meastar go gcruthóidh infheistíocht fhoriomlán Ghrúpa BEI laistigh den Aontas in 2023 thart ar 1 460 000 post nua in AE-27 faoi 2027 agus go gcuirfidh sí borradh 1.03 pointe céatadáin faoi OTI an Aontais; á iarraidh ar Ghrúpa BEI dáileadh geografach níos cothroime infheistíochtaí a áirithiú chun a dtionchar a uasmhéadú ar fud réigiúin uile an Aontais, agus fás comhtháite agus cuimsitheach á chur chun cinn ar fud an Aontais, agus aird ar leith á tabhairt ar limistéir atá faoi ghannionadaíocht agus ar limistéir bheagfhorbartha;

8.

á mheabhrú go sainordaítear le Reacht BEI cothromaíocht gheografach i measc a fhoirne agus nach mór roghnú na mball foirne a bheith bunaithe ar fhiúntas, agus ionadaíocht chothrom náisiúnach ó na Ballstáit uile á cur san áireamh ag an am céanna; ag spreagadh an Bhainc faireachán leanúnach a dhéanamh ar chothromaíocht gheografach i measc a fhoirne agus an próiseas earcaíochta a choigeartú dá réir, más gá;

9.

ag cur sonrú i dtiomantas Ghrúpa BEI calaois chánach, imghabháil cánach, seachaint cánach, sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac go dian; á iarraidh go ndéanfaí trédhearcacht na dtairbhithe deiridh, sásraí faireacháin, agus rochtain ar fhaisnéis phoiblí a neartú tuilleadh chun cuntasacht iomlán a áirithiú;

10.

á chur i bhfáth gur cheart do BEI, mar chomhlacht de chuid an Aontais, a chleachtais trédhearcachta a ailíniú go hiomlán leis na caighdeáin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 (2) maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid; á iarraidh ar an mBanc a áirithiú go ndéanfar doiciméid a bhaineann le tionscadail arna maoiniú agus cinntí a rinneadh a nochtadh go réamhghníomhach, gan ach eisceachtaí teoranta agus cuí-réasúnaithe a bheith ann; á athdhearbhú a thábhachtaí atá fíor-rochtain phoiblí mar bhunchloch na cuntasachta institiúidí;

InvestEU, simpliú an chreata airgeadais ilbhliantúil, agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

11.

á chur in iúl gur geal léi gur glacadh, an 13 Nollaig 2023, Plean Oibríochtúil Ghrúpa BEI 2024-2026, ina leagtar amach na tosaíochtaí agus na gníomhaíochtaí chun straitéis Ghrúpa BEI a chur chun feidhme sna trí bliana amach romhainn; á iarraidh go ndéanfaí coigeartuithe ar dhálaí nua an mhargaidh, lena n-áirítear simpliú agus laghdú maorlathais chun deireadh a chur le bacainní ar mhaoiniú do FBManna, ar bacainní iad nach mór a mhéadú go suntasach; á aithint go bhfuil sé ríthábhachtach gníomhaíochtaí agus sainorduithe ardriosca a mhéadú chun tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil d’earnálacha ard-bhreisluacha agus nuálacha;

12.

á mheabhrú go ndearnadh 75 % (EUR 19,6 billiún) de ráthaíocht bhuiséadach sin an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear faoi Rialachán InvestEU a leithdháileadh do Ghrúpa BEI (3); á thabhairt chun suntais gur fhormheas BEI, in 2023 amháin, 30 oibríocht faoi InvestEU arbh fhiú EUR 9,1 billiún san iomlán iad; á chreidiúint, chun leanúint de bheith iomaíoch, go bhfuil gá le hinfheistíochtaí suntasacha, ón earnáil phríobháideach go príomha; á chreidiúint go gcuirfí feabhas ar iomaíochas agus fás na hEorpa trí dhíriú ar thionscadail nuálacha, ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar ghnólachtaí atá ag méadú; ag tabhairt dá haire gur gá infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh chuige sin; á iarraidh, dá bhrí sin, ar BEI ról níos suntasaí a bheith aige maidir le dí-rioscú straitéiseach trí ráthaíochtaí, agus ar an gcaoi sin infheistíocht chaipitil phríobháideach a spreagadh;

13.

á iarraidh ar Ghrúpa BEI tairbhithe deiridh a oibríochtaí maoinithe a nochtadh go córasach, i gcás inarb indéanta agus i gcomhréir leis na hoibleagáidí cosanta sonraí, go háirithe i gcás tionscadail a fhaigheann tacaíocht faoi ráthaíochtaí agus sainorduithe buiséadacha an Aontais, chun muinín agus maoirseacht an phobail a áirithiú;

14.

á chur i bhfáth gurb amhlaidh, faoi chuimsiú chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 2021-2027, a bhainistíonn BEI 87 sainordú ón gCoimisiún, líon is ionann agus 130 sainordú má áirítear iadsan a bhaineann le bainistíocht chomhroinnte agus arna sannadh ag na rialtais áitiúla agus ag na Ballstáit, agus ag tabhairt dá haire go ndéanann BEI 457 dtuarascáil ar a laghad a chur i dtoll a chéile in aghaidh na bliana ina leith sin; á chur i bhfios go meastar dímhaorlathú agus simpliú a bheith riachtanach chun gur féidir úsáid níos fearr a bhaint as acmhainní;

15.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé shainordú de chuid na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) á mbainistiú ag BEI i gceithre Bhallstát, a síníodh in 2021 (an Ghréig agus an Iodáil), 2022 (an Rómáin) agus 2024 (an Spáinn), arb ionann iad agus EUR 8,7 billiún san iomlán; á aithint, trí ionstraimí ‘maoinithe nach bhfuil nasctha le costais’ a ghlacadh, ar ionstraimí iad atá leathnaithe go suntasach le RRF, go bhfuil baol ann go mbeidh earráidí agus cistiú dúbailte ann; á chur in iúl gur cúis bhuartha di trédhearcacht, iniúchadh agus faireachán ar chur chun feidhme RRF; á iarraidh ar BEI comhoibriú leis na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar shrianta acmhainneachta rialtais agus ar an easpa scileanna teicniúla chun a áirithiú go ndéanfar acmhainní RRF a bhainistiú ar bhealach chomh héifeachtach agus is féidir, i gcomhréir le struchtúir náisiúnta agus ceanglais tuairiscithe uile RRF a chomhlíonadh, go háirithe maidir le tionscadail agus athchóirithe infheistíochta a chur chun feidhme; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar BEI, ina ról comhairleach, staonadh ó shásraí maoinithe nua a mholadh bunaithe ar shamhail RRF gan bearta ceartaitheacha a dhéanamh, lena n-áirítear sa chreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027 atá ar na bacáin; á chur i bhfáth, cé go bhfuil BEI ag iarraidh simpliú a dhéanamh, nár cheart dó dochar a dhéanamh d’fhóntacht bhainistiú acmhainní an Aontais ná don chumas maoirseacht agus cuntasacht a choinneáil, mar a shainordaítear sna Conarthaí;

16.

á iarraidh go ndéanfar iniúchadh neamhspleách, cuimsitheach ar na hionstraimí comhroinnte riosca uile arna mbainistiú ag Grúpa BEI, lena n-áirítear iad siúd atá nasctha leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chun na caighdeáin is airde trédhearcachta, cuntasachta agus seachanta rioscaí cistiúcháin dhúbailte a áirithiú;

Slándáil fuinnimh

17.

ag tabhairt dá haire go mbíonn BEI ag tacú go leanúnach le slándáil an tsoláthair, agus is é an dóigh a ndéanann sé amhlaidh, go príomha, ná trí eangacha leictreachais agus bonneagar trasteorann a threisiú, tríd an éileamh ar fhuinneamh a laghdú trí bhíthin tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus trí ghiniúint cumhachta ísealcharbóin a chothú; ag moladh an fhíorais gur thacaigh BEI le gnéithe nua den tslándáil fuinnimh, amhail freagairt ar an éileamh agus stóráil fuinnimh, agus go ndearna sé forbairt soláthair inbhuanaithe amhábhar criticiúil (CRM) atá riachtanach don aistriú fuinnimh a chur chun cinn; á iarraidh go ndéanfaí anailís phráinneach ar fhíorthionchar na dtionscadal sin a cuireadh chun feidhme go dtí seo, go háirithe ar a dtionchar ar infhaighteacht agus ar chostas fuinnimh agus, dá bhrí sin, ar iomaíochas ginearálta chuideachtaí na hEorpa;

18.

á athdhearbhú gur gá aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ag cur béim ar an ngá atá le haistriú fuinnimh atá cothrom agus cuimsitheach; á mheabhrú go bhfuil an ghéarchéim fuinnimh ag cur leis an mboilsciú, ag méadú neamhshlándáil an tsoláthair bia agus ag cur brú ar bhuiséid teaghlaigh; ag spreagadh BEI chun an Sásra um Aistriú Cóir agus an Ciste don Nuachóiriú a ghiaráil chun tacú leis na réigiúin agus na pobail is mó a ndéanann an t-aistriú fuinnimh difear dóibh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an Sásra um Aistriú Cóir a úsáid chun tacú le hoibrithe agus le réigiúin a ndéanann céimniú amach breoslaí iontaise difear dóibh, lena n-áirithítear rochtain ar athoiliúint agus ar phoist ardcháilíochta; á aithint go bhfuil go leor earnálacha ag dul i ngleic le dúshláin a eascraíonn as éifeachtaí comhcheangailte an oiriúnaithe do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus as iarmhairtí na géarchéime fuinnimh agus an bhoilscithe; á chur i bhfáth gur gá a gcostais a thabhairt go leibhéal atá iomaíoch le breoslaí iontaise agus dul in oiriúint don athchóiriú leanúnach ar na beartais ghlasa chun dlús a chur le húsáid teicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin;

19.

á aithint gur gné nua ríthábhachtach é plean REPowerEU i bhfreagairt bheartais an Aontais ar an ngéarchéim fuinnimh; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, i mí Iúil 2023, a rinne Grúpa BEI spriocanna maoinithe ghealltanas mhí Dheireadh Fómhair 2022 a mhéadú ó EUR 30,0 billiún go dtí 2027 go EUR 45,0 billiún (REPowerEU+), chun dlús a chur lena iarrachtaí ar thacú le slándáil fuinnimh an Aontais Eorpaigh; á iarraidh go dtabharfaí forléargas soiléir ar chistiú dúbailte a d’fhéadfadh a bheith ann do thionscadail fuinnimh;

20.

á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, in 2023, a sholáthair BEI tuairim is EUR 21.4 billiún de mhaoiniú le haghaidh tionscadail fuinnimh, ar de sin a soláthraíodh thart ar EUR 19,8 billiún san Aontas Eorpach agus EUR 1,6 billiún lasmuigh den Aontas Eorpach; á mheas gur gá ní hamháin méid an mhaoinithe do thionscadail a bhaineann le fuinneamh a mhéadú, ach éifeachtúlacht na n-infheistíochtaí a mhéadú freisin; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, a thábhachtaí atá comhthairiscint BEI ar chúnamh teicniúil inniúil agus ar thacaíocht airgeadais nuálach, agus ag spreagadh an Bhainc chun raon na dtáirgí nuálacha maoinithe a thairgtear d’oibreoirí eacnamaíocha a leathnú, a théann níos faide ná an tairiscint mhargaidh chaighdeánach;

21.

á chreidiúint gur féidir le hidrigin agus a díorthaigh, go háirithe nuair a fhaightear ó fhuinneamh in-athnuaite iad, rannchuidiú go suntasach le spriocanna dícharbónaithe an Aontais agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú; ag tathant ar BEI ról ceannasach a ghlacadh maidir le hinfheistíochtaí príobháideacha a shlógadh, atá bunriachtanach chun táirgeadh hidrigine a mhéadú ar fud an Aontais, agus neodracht theicneolaíoch á háirithiú ag an am céanna agus tacú le raon éagsúil réiteach nuálach ar dhícharbónú, lena n-áirítear tuilleadh taighde eolaíoch atá dírithe ar éifeachtúlacht na teicneolaíochta hidrigine a fheabhsú agus a chobhsú; ag spreagadh an Bhainc cost-éifeachtúlacht na dtionscadal sin a mheas ó thaobh a saolré iomláine de;

Beartas cosanta agus slándála

22.

á chur in iúl gur geal léi an ról suntasach atá ag Grúpa BEI maidir le tacú le beartas cosanta agus slándála an Aontais trí chistiú a chur ar fáil agus infheistíocht phríobháideach a ghiaráil chun neamhspleáchas straitéiseach agus athléimneacht an Aontais a fheabhsú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cumais infheistíochta BEI, lena dtacaítear le tionscnaimh a rannchuidíonn le tionscal cosanta an Aontais a neartú, bonneagar cibearshlándála a chur chun cinn agus nuálaíocht i dteicneolaíochtaí cosanta criticiúla a chur chun cinn;

23.

á chur in iúl gur mór aici go socraítear an tslándáil agus an chosaint mar cheann de phríomhthosaíochtaí an Bhainc ina Threochlár Straitéiseach do 2024-2027; á thabhairt chun suntais, i mí na Bealtaine 2024, gur fhormheas Bord Stiúrthóirí BEI Plean Gníomhaíochta Ghrúpa BEI maidir leis an Tionscal Slándála agus Cosanta, a leanann Tionscnamh Straitéiseach Slándála na hEorpa 2022 de chuid Ghrúpa BEI atá dírithe ar thacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíocht dé-úsáide, chun feabhas a chur ar an tacaíocht do thionscal slándála agus cosanta an Aontais; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go gcuirtear tacaíocht ó Ghrúpa BEI ar fáil do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta nuálacha laistigh den earnáil slándála agus cosanta faoin bprionsabal ‘dé-úsáide’, lena seastar leis an gcritéar ‘úsáid shibhialta inchreidte’, ach lena dtarscaoiltear an tástáil ioncaim; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó Bhord Stiúrthóirí BEI an 21 Márta 2025 chun incháilitheacht an Bhainc a leathnú chun tionscal agus bonneagar slándála agus cosanta na hEorpa a mhaoiniú, trína áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí eisiata chomh teoranta agus is féidir ó thaobh raon feidhme de;

24.

á chur in iúl gur geal léi infheistíochtaí spriocdhírithe BEI i mbonneagar cosanta agus sibhialtach araon agus ag cur béim ar an ngá atá le hinfheistíocht straitéiseach i dteicneolaíochtaí a fhreastalaíonn ar chuspóirí sibhialta agus cosanta araon, i gcomhréir le spriocanna níos leithne an Aontais maidir leis an nuálaíocht a chur chun cinn agus slándáil an Aontais a fheabhsú; á iarraidh ar Ghrúpa BEI athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar leathnú a bheartais nua maidir le hearraí dé-úsáide;

25.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí meánchaipitlithe sa tionscal slándála agus cosanta agus chun cómhargadh Eorpach don chosaint a fhorbairt; á chreidiúint go bhfuil ról ríthábhachtach ag gníomhaithe beaga maidir le hacmhainneacht agus neamhspleáchas an Aontais a neartú chun táirgí cosanta nuálacha a fhorbairt; ag spreagadh BEI chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chomhar trasteorann taighde agus forbartha (T&F), go háirithe tríd an mbealach a réiteach do ghníomhaithe beaga chun páirt a ghlacadh i slabhraí soláthair na cosanta; á chur i bhfáth gur féidir le hinfheistíocht mhéadaithe BEI in earnáil na cosanta infheistíocht ó bhainc thráchtála sa réimse céanna a spreagadh agus á mheas gur gá solúbthacht an iasachtaithe do FBManna a mhéadú i ndáil leis sin;

26.

ag tabhairt dá haire go dtagann na hacmhainní a leithdháiltear chun tacú le hearnáil na cosanta agus na slándála go príomha ón gCiste Eorpach Cosanta (EDF) (EUR 8 mbilliún), ó Thionscnamh Straitéiseach Slándála na hEorpa (SESI) (EUR 8 mbilliún) agus ón gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach (EDIP) (EUR 1,5 billiún); á iarraidh go ndéanfaí leithdháileadh tiomnaithe caipitil ar chosaint agus go ndéanfaí raon feidhme na n-infheistíochtaí incháilithe a choigeartú tuilleadh chun an ról uaillmhianach a chomhlíonadh maidir le rannchuidiú le síocháin agus slándáil na hEorpa a leagtar síos sa Pháipéar Bán maidir le hUllmhacht Cosanta Eorpach 2030 do Ghrúpa BEI; á chur in iúl gur geal léi gur comhtháthaíodh SESI de chuid BEI atá ann cheana, ar fiú EUR 8 mbilliún é, i sprioc thrasearnálach bhuan maidir leis an mbeartas poiblí agus gur cuireadh deireadh le huasteorainn réamhshainithe do mhaoiniú sa réimse sin. á chreidiúint go gcuirfidh na bearta sin ar chumas an Bhainc freagairt do na riachtanais infheistíochta sa tslándáil agus sa chosaint, agus a oibríochtaí agus a staid láidir airgeadais á gcoimirciú ag an am céanna; á chreidiúint go gcumasóidh an cinneadh a rinne an Bord Gobharnóirí i mí an Mheithimh 2024 cóimheas giarála an Bhainc a mhéadú infheistíochtaí méadaithe i réimsí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, lena n-áirítear sa tslándáil agus sa chosaint;

27.

á chur i bhfios go láidir breisluach na mbeart nuálach atá glactha ag BEI chun dlús a chur le hinfheistíochtaí sa tslándáil agus sa chosaint, agus breisluach an ‘ionaid ilfhreastail’ a ghníomhaíonn mar phointe iontrála aonair do chliaint agus do gheallsealbhóirí seachtracha, a dtugann sé cúnamh saineolach dóibh chun rochtain a chuíchóiriú agus chun dlús a chur le himscaradh an mhaoinithe atá ar fáil faoi SESI; ag spreagadh BEI leanúint de bhearta comhaontaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena simplítear nósanna imeachta cliant agus lena gcuirtear dlús breise le próisis infheistíochta, agus a áirithiú ag an am céanna go gcaomhnófar rátáil AAA;

28.

ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gur fhormheas BEI i mí an Mheithimh 2023 méadú ar SESI le haghaidh infheistíochtaí slándála san Aontas ó EUR 6,0 billiún go EUR 8,0 billiún don tréimhse ó 2022 go 2027, lena n-áirítear earnálacha an spáis agus na cibearshlándála freisin; ag spreagadh BEI chun comhpháirtíochtaí institiúideacha a neartú le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus le comhpháirtithe eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha, i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais;

29.

ag moladh chomhar BEI leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear rialtais na mBallstát, an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) agus Ciste Nuálaíochta ECAT; á chur in iúl gur mór aici, go háirithe, comhar Ghrúpa BEI le GEC agus á chur in iúl gur geal léi gur síníodh nuashonrú ar an meabhrán tuisceana idir an dá chomhlacht an 3 Deireadh Fómhair 2024, rud a chuirfidh ar a gcumas comhpháirtíochtaí straitéiseacha a neartú agus riachtanais mhaoinithe a shainaithint go comhpháirteach chun tacú ar bhealach níos fearr le taighde, forbairt agus nuálaíocht (TFN) i réimse na slándála agus na cosanta san Aontas;

30.

á iarraidh ar BEI an comhar sin le príomh-gheallsealbhóirí a neartú tuilleadh d’fhonn tionchar, sineirgí agus comhlántacht le cláir chosanta an Aontais a mhéadú, lena n-áiritheofar go gcomhlánóidh a infheistíochtaí spriocanna beartais cosanta níos leithne an Aontais agus go rannchuideoidh siad le barainneachtaí scála a bhaint amach i gcumais chosanta na hEorpa; á iarraidh ar BEI slándáil agus athléimneacht réigiúnach a fheabhsú, go háirithe in Oirthear na hEorpa agus sa Mheánmhuir trí bhonneagar a chruthú lena dtacaítear leis an tslándáil réigiúnach agus lena gcothaítear comhar níos fearr idir Ballstáit an Aontais maidir le cúrsaí cosanta; á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá sé comhar le Ciste Nuálaíochta ECAT a fhiosrú chun feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú do ghnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta, i gcomhthráth le húsáid Shaoráid Cothromais Cosanta CEI;

Bonneagar sóisialta agus tithíocht

31.

á iarraidh ar BEI cur leis an nglacadh riosca do thionscadail a sholáthraíonn seirbhísí bunriachtanacha le tairbhí soiléire agus intomhaiste fadtéarmacha; á chur in iúl gur geal léi, ar an gcaoi sin, gníomhaíochtaí agus bearta Ghrúpa BEI i réimse na tithíochta agus an bhonneagair shóisialta a rannchuidíonn le tithíocht inacmhainne, cuimsiú sóisialta agus forbairt réigiúnach, agus a thacaíonn freisin leis an inbhuanaitheacht agus leis an nuálaíocht; á iarraidh ar BEI tosaíocht a thabhairt dá infheistíochtaí i dtreo na spriocanna sin chun fás eacnamaíoch, cuimsiú sóisialta agus comhtháthú réigiúnach níos fearr a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí inbhuanaitheachta an Aontais ag an am céanna; á iarraidh ar an mBanc díriú ar fhorbairt uirbeach inbhuanaithe agus ar fhás cuimsitheach trína áirithiú go gcomhlíonfar riachtanais tithíochta agus bonneagair an Aontais ar mhaithe le hEoraip níos láidre, níos comhtháite agus níos rathúla;

32.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil méadú suntasach tagtha ar chostais ceannaigh agus cíosa tithíochta le blianta beaga anuas, rud a laghdaíonn inacmhainneacht go leor limistéar cathrach san Aontas agus a chuireann teorainn leis an rochtain ar thithíocht; á chur i bhfáth nach mór ról níos láidre a bheith ag BEI maidir le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim tithíochta; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear tacaíocht don bhonneagar sóisialta in ocht dtosaíocht straitéiseacha Ghrúpa BEI do 2024-2027 agus ag aontú go bhfuil infheistíochtaí i dtithíocht atá tíosach ar fhuinneamh, inbhuanaithe agus inrochtana, agus oideachas atá inrochtana go héasca ríthábhachtach chun borradh a chur faoin táirgiúlacht agus chun sochaithe láidre athléimneacha a chothú; ag spreagadh BEI chun tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí i gcomharchumainn tithíochta, i dtionscadail tithíochta sóisialta agus athchóirithe atá tíosach ar fhuinneamh lena ndírítear ar theaghlaigh ar ioncam íseal; á chreidiúint gur gá bacainní infheistíochta airgeadais agus neamhairgeadais araon a shárú agus acmhainní agus acmhainneachtaí a shlógadh ar mhórscála chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí móra infheistíochta tithíochta san Aontas;

33.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil tús curtha ag BEI, i gcomhar leis an gCoimisiún, le hardán infheistíochta uile-Eorpach atá dírithe ar thithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe a chur chun cinn, lena gcomhcheanglaítear seirbhísí comhairleacha agus maoiniú, agus ag spreagadh na rannpháirtithe leanúint den tionscnamh sin;

34.

á chur in iúl gur geal léi tiomantas BEI an brú ar mhargaí tithíochta san Eoraip a mhaolú; á chur i bhfáth go bhfuil méadú suntasach tagtha ar phraghsanna ceannaigh agus cíosa tithíochta le blianta beaga anuas, rud a fhágann inacmhainneacht ceantar meitreapholaiteach iomadúil san Aontas Eorpach a bheith ag dul i laghad agus rochtain orthu sin a bheith á cur i mbaol; ag cur béim ar an bhfíoras go léirítear in anailís BEI go bhfuil thart ar 1,5 milliún aonad tithíochta nua in aghaidh na bliana de dhíth ar an Aontas chun déileáil leis an éileamh, agus gur gá thart ar 75 % de stoc foirgneamh an Aontais a athchóiriú, arb ionann é agus 5 mhilliún aonad breise in aghaidh na bliana; á chur in iúl gur geal léi go dtacaíonn BEI le hatógáil na tithíochta atá ann cheana agus le tógáil cóiríochta sóisialta agus inacmhainne nua; ag spreagadh BEI chun níos mó maoinithe a shlógadh do thionscadail tithíochta inacmhainne i measc na mBallstát;

35.

á iarraidh go neartófaí cúnamh teicniúil agus saineolas airgeadais chun tacú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, go háirithe i réimsí ina bhfuil acmhainneacht infheistíochta íseal, chun rochtain ar chistiú BEI a fheabhsú; á chreidiúint gur cheart go gcothódh comhar le húdaráis áitiúla, le rialtais áitiúla agus le hionadaithe na sochaí sibhialta forbairt tithíochta sóisialta atá oiriúnach do chách a chothú, agus go háirithe do na daoine is leochailí; á chur in iúl gurb eol di go bhfuil éifeachtacht ghníomhaíocht BEI in earnáil na tithíochta agus an bhonneagair shóisialta ag brath freisin ar dheireadh a chur le constaicí beartais agus rialála;

36.

ag tabhairt dá haire gur shínigh BEI, in 2023, EUR 8,3 billiún de thacaíocht airgeadais d’oibríochtaí éifeachtúlachta fuinnimh, a raibh 65 % de le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh; á iarraidh ar BEI tosaíocht a thabhairt do réitigh fhadtéarmacha inacmhainne agus inrochtana, agus d’infheistíochtaí inbhuanaithe, amhail athchóirithe fuinneamhéifeachtúla agus athúsáid foirgneamh folamh;

37.

á chreidiúint gur cheart go n-áiritheodh na hinfheistíochtaí gaolmhara marthanacht leordhóthanach sula n-údarófar aon athrú cinn scríbe nó úsáide;

38.

á iarraidh ar BEI tógáil ar a thaithí sheanbhunaithe mar luasaire infheistíochtaí Eorpacha agus a acmhainneacht a chur in úsáid freisin in earnálacha an oideachais agus na hoiliúna agus an chúraim sláinte, lena n-áirítear trí sheirbhísí comhairleacha; á iarraidh ar an mBanc tacaíocht d’acmhainneachtaí cúraim sláinte a neartú, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, agus ar an gcaoi sin ról níos láidre a áirithiú don Eoraip sa domhan;

Tacaíocht do FBManna, cuideachtaí meánchaipitlithe, gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá i mbun fáis agus gnólachtaí i gceantair thuaithe agus iargúlta, Aontas na Margaí Caipitil agus ról CEI

39.

á thabhairt chun suntais go bhfuil FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis ríthábhachtach do gheilleagar an Aontais; ag tabhairt dá haire go mbíonn bacainní suntasacha roimh na gnólachtaí sin maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú, ar mhargaí agus ar thallann, rud a chuireann srian ar a bhfás; á dhearbhú go bhfuil fás gnó, dinimiceas agus infheistíocht phoiblí bunriachtanach chun nuálaíocht, iomaíochas agus táirgiúlacht a chothú; ag spreagadh Ghrúpa BEI leanúint d’aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, go háirithe sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, trí chláir airgeadais shaincheaptha, sásraí comhroinnte riosca agus ionstraimí airgeadais spriocdhírithe, agus breisíocht na n-acmhainní poiblí chun na gcríoch sin á háirithiú agus plódú caipitil phríobháidigh á sheachaint; ag tabhairt dá haire gur féidir ionstraimí éagsúla chun tacú le hiasachtú do ghnólachtaí a chomhcheangal ag brath ar an gcomhthéacs, agus go ndíríonn ionstraimí éagsúla Ghrúpa BEI ar theipeanna margaidh agus ar chineálacha éagsúla gnólachtaí; á chur i bhfáth gur gá cúnamh teicniúil a chur ar fáil do FBManna sula bhformheasfar an tionscadal, chun rochtain ar chistiú BEI a fheabhsú;

40.

ag tabhairt dá haire go bhféadfadh forbairt margaidh urrúsúcháin a fheidhmíonn go maith a bheith ina chéad chéim thábhachtach i dtreo Aontas láidir na Margaí Caipitil (CMU) a bhunú; á chreidiúint go rachaidh Aontas na Margaí Caipitil chun tairbhe do thomhaltóirí agus do FBManna trí dheiseanna infheistíochta ardtáirgeachta a thairiscint san fhíorgheilleagar agus, ar deireadh, go gcuirfidh sé borradh faoin margadh caipitil fiontair trí rochtain ar fhoinsí cistiúcháin éagsúlaithe a fheabhsú; á chreidiúint gur cheart go mbeadh sé ina thosaíocht gnólachtaí Eorpacha atá i mbun fáis a mhaoiniú le caipiteal Eorpach, mar a léiríodh leis an Tionscnamh Eorpach um Churaidh Teicneolaíochta, a seoladh i mí Feabhra 2023 chun cuideachtaí teicneolaíochta Eorpacha a bhfuil gealladh fúthu a mhaoiniú agus chun cosc a chur ar ghnólachtaí a dhíol le hinfheisteoirí coigríche mar gheall ar an easpa infheistíochta Eorpaí; ag spreagadh CEI féachaint an bhféadfaí an dara glúin den tionscnamh sin a bhunú; á thabhairt faoi deara go bhfuil an Tionscnamh Eorpach um Ghnólachtaí atá i mbun Fáis, a bhfuil sé d’aidhm aige maoiniú ríthábhachtach a sholáthar le haghaidh chuideachtaí ardteicneolaíochta na hEorpa agus iad ar shéala a bheith ina gcuideachtaí cruthanta, ina chomhlánú ar Thionscnamh Crann Taca Teicneolaíochta na hEorpa; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh na hinfheistíochtaí sin i gcomhréir le gníomhaíochtaí beartais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi laigí comparáideacha mhargadh caipitil fiontair na hEorpa i ndáil le margaí iomaitheoirí eile, agus gur minic a bhíonn sé d’oibleagáid ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar ghnólachtaí Eorpacha atá i mbun fáis ceannaitheoirí eachtracha a athlonnú nó a chuardach nó brath ar fhoinsí maoinithe seachas caipiteal fiontair, rud a fhágann nach mbíonn siad chomh hoiriúnach céanna d’ardfhás;

41.

ag aithint gurb é misean CEI tacú le rochtain a bheith ag micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide Eorpacha ar mhaoiniú; á chreidiúint gur cheart do CEI dlús suntasach a chur lena ghníomhaíochtaí chun éiceachóras caipitil fiontair na hEorpa a fhorbairt, agus cothromaíocht gheografach á coinneáil ag an am céanna; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí CEI a neartú, infheistíocht mhéadaithe in earnálacha ardfháis a chumasú, comhroinnt riosca idir infheisteoirí poiblí agus príobháideacha a fheabhsú, agus nuálaíocht a chur chun cinn ar fud na hEorpa; á mheas gur gá faireachán a dhéanamh ar an ráta méadaithe tacaíochta do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus d’fhiontair mheánmhéide;

42.

ag spreagadh CEI chun a uirlisí faireacháin a fhorbairt tuilleadh chun feidhmíocht fhadtéarmach cistí caipitil fiontair agus oibríochtaí maoinithe FBManna a rianú ar bhealach níos fearr, go háirithe maidir le cruthú post, scaipeadh nuálaíochta agus tionchar réigiúnach; á chur i bhfáth freisin go bhfuil ról ríthábhachtach ag cuideachtaí móra Eorpacha i struchtúr eacnamaíoch na hEorpa, go háirithe iad siúd atá ag feidhmiú in earnálacha bunriachtanacha amhail fuinneamh, cosaint agus bonneagar; á iarraidh go mbeadh cur chuige cothrom ann lena n-áiritheofar go leanfaidh BEI de thacaíocht a thabhairt do chuideachtaí móra Eorpacha chun caipiteal infheistíochta a áirithiú do mhórthionscadail agus do thionscnaimh taighde agus forbartha, agus ar an gcaoi sin iomaíochas domhanda na hEorpa a fheabhsú;

43.

ag moladh Ghrúpa BEI as tacaíocht a thabhairt do thart ar 400 000 FBM agus cuideachta mheánchaipitlithe in 2023 amháin, trí bhíthin EUR 31,1 billiún de mhaoiniú, lena n-áirítear iasachtaí agus ráthaíochtaí do ghnólachtaí, (ar de sin a bhain CEI leas as EUR 14,9 billiún), ar slógadh os cionn EUR 134 bhilliún dá bharr, agus ag tabhairt dá haire gur oibrigh sé i gcomhar le beagnach 300 institiúid chomhpháirtíochta ar fud na hEorpa chun na críche sin; ag spreagadh BEI chun leanúint dá ról maidir le feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú do FBManna, a mbíonn bacainní rompu go minic ar chistiú ó institiúidí airgeadais traidisiúnta, lena gcuirtear maoiniú spriocdhírithe ar fáil chun acmhainní leordhóthanacha a áirithiú chun fás agus rath a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi agus á iarraidh go ndéanfaí líon na n-institiúidí comhpháirtíochta a leathnú go leanúnach chun cumhdach leathan geografach agus earnála a bhaint amach;

44.

á mheabhrú gur scoireadh de leas a bhaint as an gCiste Ráthaíochta Eorpach in 2023 agus go ndearnadh eisíocaíochtaí, a bhfuil sé d’aidhm acu cuidiú le FBManna téarnamh ó dhrochthionchar na paindéime, le tuairim is 200 000 FBM ar fud an Aontais; ag meabhrú gur léiríodh imní i rúin roimhe seo faoi thrédhearcacht na bpróiseas cinnteoireachta agus faoi fhaisnéis ar na faighteoirí deiridh;

45.

á chur in iúl gur geal léi go gcuimsíonn bearta CEI maidir le frithsciúradh airgid, cur i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus seachaint cánach measúnuithe riosca do tháirgí agus d’idirbhearta, dícheall cuí críochnúil ar chontrapháirtithe agus scagadh a dhéanamh ar na struchtúir úinéireachta agus ar phríomhdhaoine aonair i gcoinne smachtbhannaí agus na meáin dhíobhálacha; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach oiliúint éigeantach foirne agus gur tugadh comhaontú i gcrích le hAonad um Fhaisnéis Airgeadais Lucsamburg maidir le tuairisciú agus obair leantach ar aon idirbhearta amhrasacha a bhraitear;

46.

á iarraidh ar Ghrúpa BEI beartas cuimsitheach agus ceangailteach uile-ghrúpa cosanta do sceithirí a bhunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937 (4), lena n-áiritheofar bealaí tuairiscithe slána, cosaint i gcoinne frithbhirt, agus sásraí leantacha iomlána;

Príomhréimsí beartais an chomhtháthaithe, an ghníomhaithe ar son na haeráide agus na hinbhuanaitheachta comhshaoil, agus an digitithe

47.

á chur in iúl gur mór aici gur gheall BEI ina threoshuíomh comhtháthaithe 2021-2027 40 % ar a laghad dá mhaoiniú iomlán san Aontas a thiomnú idir 2022 agus 2024 do thionscadail i réigiúin chomhtháthaithe; ag tabhairt dá haire, in 2023, gurbh ionann an maoiniú sin agus EUR 29,8 billiún, arb ionann é agus 45 % de shínithe iomlána an Bhainc san Aontas; á chur i bhfios go láidir gur tháinig méadú ar an sciar sin de mhaoiniú BEI a leithdháiltear ar réigiúin bheagfhorbartha ó 24 % in 2022 go 26 % in 2023, rud a d’fhág gur méid EUR 17,2 billiún a bhí ann, atá i bhfad os cionn na sprice 21 % a leagtar síos i dTreoshuíomh Comhtháthaithe BEI do 2023; á iarraidh an athuair ar BEI leanúint d’fhaireachán, d’anailís agus d’aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh lena gcuirtear cosc ar réigiúin nó ar thíortha áirithe tairbhe iomlán a bhaint as tacaíocht agus cúnamh airgeadais BEI;

48.

ag aithint an róil atá ag CEI maidir le rannchuidiú le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta san Aontas trí raon leathan ionstraimí airgeadais; ag tabhairt dá haire gurbh ionann gealltanais CEI maidir le ráthaíochtaí creidmheasa, caipiteal fiontair agus infheistíochtaí cothromais phríobháidigh do réigiúin chomhtháthaithe in 2023 agus EUR 6,8 billiún, arb ionann é agus 48 % de ghealltanais iomlána CEI san Aontas; ag tabhairt dá haire go raibh CEI gníomhach go háirithe in 2023 i Lár agus in Oirthear na hEorpa;

49.

ag tabhairt dá haire go n-áirítear i gCreat Inbhuanaitheachta Comhshaoil agus Sóisialta BEI beartas agus caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta athbhreithnithe lena gcuirtear cur chuige comhtháite chun cinn maidir le measúnú tionchair agus riosca agus bainistiú riosca;

50.

ag aithint gur thacaigh Seirbhísí Comhairleacha BEI le níos mó ná 1 000 tionscadal i réigiúin chomhtháthaithe le 15 bliana anuas; á iarraidh ar an mBanc deiseanna maoinithe a chur chun cinn go gníomhach i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula, lena n-áirítear trí bhorradh a chur faoi sheirbhísí comhairleacha a bheith in oifigí áitiúla BEI; á mheas gur gá dáileadh geografach thacaíocht BEI chun comhtháthú sóisialta a mhéadú a chur san áireamh freisin;

51.

á thabhairt chun suntais tionscnaimh BEI i réigiúin chomhtháthaithe chun tacú leis an earnáil cúraim sláinte, lena n-áirítear clár HERA Invest, ráthaíocht EUR 100 milliún a bunaíodh leis an gCoimisiún chun tacú le taighde agus forbairt chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí práinneacha sláinte trasteorann; ag moladh do BEI chun infheistíochtaí spriocdhírithe a chur chun cinn i bpríomhchumasóirí sistéamacha amhail cúram sláinte, oideachas, tithíocht shóisialta, nascacht dhigiteach agus maoiniú áitiúil do chathracha agus do réigiúin, lena n-áiritheofar cothromaíocht gheografach níos fearr, trí iasachtú díreach nó trí ionstraimí airgeadais, agus sineirgí a ghiaráil idir deontais an Aontais agus iasachtaí BEI chun nascacht iarnróid trasteorann a fheabhsú, rud atá ríthábhachtach chun comhtháthú níos fearr laistigh de mhargadh aonair an Aontais;

52.

ag aithint gur Banc Aeráide AE é treoshuíomh straitéiseach BEI ó 2019 i leith; ag cur béim ar an bhfíoras gurb amhlaidh, in 2023 amháin, a shínigh BEI EUR 41,8 billiún de mhaoiniú le haghaidh an ghníomhaithe ar son na haeráide agus EUR 25,1 billiún de mhaoiniú le haghaidh na hinbhuanaitheachta comhshaoil (EUR 35,1 billiún agus EUR 15,9 billiún, faoi seach, in 2022); ag tabhairt dá haire gurbh ionann maoiniú BEI d’oiriúnú don athrú aeráide agus EUR 2,7 billiún in 2023, arbh ionann é agus 6,4 % dá ghníomhú iomlán ar son na haeráide (i gcomparáid le EUR 1,9 billiún, nó 5,4 %, in 2022); á chur in iúl gur geal léi gurbh ionann an maoiniú don ghníomhú ar son na haeráide agus don inbhuanaitheacht comhshaoil, ina iomláine, agus 60 % de mhaoiniú BEI in 2023; á iarraidh go gcoinneofaí neodracht theicneolaíoch ina straitéis infheistíochta maidir leis an aeráid agus maoiniú inbhuanaithe;

53.

á mheabhrú gur bunaíodh le Beartas BEI um Iasachtú Fuinnimh (ELP), a glacadh in 2019, ‘céimniú amach tacaíochta do thionscadail fuinnimh atá ag brath ar bhreoslaí iontaise neamhlaghdaithe’ agus gur tugadh isteach idirthréimhse ina bhféadfadh an Banc leanúint de thionscadail atá faoi bhreithmheas cheana féin a fhormheas, ach nár fhormheas an Bord Stiúrthóirí aon tionscadal den sórt sin tar éis dheireadh 2021; á thabhairt dá haire, in 2022, gur thug Grúpa BEI síneadh sealadach agus eisceachtúil isteach ar na díolúintí ó Chreat Ailíniú Pháras do Chontrapháirtithe (ar a dtugtar PATH) chun tacú le REPowerEU, chun tionscadail a chumhdach a bhfuil ardábhar nuálach agus tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha san Aontas acu; á thabhairt faoi deara, in 2023, gur chinn Grúpa BEI an síneadh sealadach agus eisceachtúil céanna a chur i bhfeidhm freisin maidir le tionscadail de mheon REPowerEU lasmuigh den Aontas; ag tabhairt dá haire go meastar go mbeidh na síntí sealadacha agus eisceachtúla sin i bhfeidhm go dtí 2027, faoi réir athbhreithniú ar threochlár an Bhainc Aeráide a bhfuiltear ag dréim leis in 2025; ag meabhrú a rúin roimhe seo (5) agus á áitiú go gcuireann PATH an creat iomchuí ar fáil chun tacú le contrapháirtithe ar a gconairí chun ailíniú le cuspóirí Chomhaontú Pháras; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuiltear ag dréim leis go gcuirfidh BEI dlús lena rannpháirtíocht lena chliaint uile chun forbairt a bpleananna dícharbónaithe a chothú;

54.

ag cur sonrú san athbhreithniú meántéarma ar Threochlár Bhanc Aeráide Ghrúpa BEI, a formheasadh in 2023, lena n-áirítear creat simplithe Ailínithe Pháras do mhicrifhiontair, an t-athbhreithniú ar cheanglais nochta chreat PATH d’idirghabhálaithe airgeadais agus síneadh sealadach ar liosta na dtíortha inar féidir le BEI gníomhú mar airgeadaí aonair de thionscadail um oiriúnú don athrú aeráide mar gheall ar a leochaileacht ar leith i leith an athraithe aeráide;

55.

á chur in iúl gur geal léi gur chuir Grúpa BEI talmhaíocht agus bithgheilleagar san áireamh i measc a phríomhthosaíochtaí, ach ag tabhairt dá haire nach bhfuair an talmhaíocht, an t-iascach agus an fhoraoiseacht ach 1,1 % de stoc iasachtaithe BEI in 2023; á mheas go bhfuil sé tábhachtach do BEI méideanna suntasacha a chlárú chun earnáil na talmhaíochta a mhaoiniú agus trí nósanna imeachta simplithe;

56.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil an talmhaíocht ina príomhspreagadh don fhás agus don fhorbairt i gceantair thuaithe; ag aithint na ndúshlán méadaitheach atá roimh earnáil na talmhaíochta agus gur gá d’fheirmeoirí an Aontais iad féin a chur in oiriúint do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh agus boilsciú atá ag dul i méid a bhainistiú; á iarraidh ar Ghrúpa BEI tacaíocht a fheabhsú agus nuálaíocht a chothú don earnáil ríthábhachtach sin, a bhfuil ról suntasach aici maidir le slándáil bia a áirithiú, agus leas á bhaint as cur chuige Aon Sláinte Amháin AE trí shláinte an duine, sláinte ainmhithe, sláinte plandaí agus sláinte an chomhshaoil a chomhtháthú chun córais agraibhia inbhuanaithe, athléimneacha agus tháirgiúla a chruthú; á thabhairt chun suntais na dúshláin airgeadais atá roimh fheirmeoirí, go háirithe oibreoirí óga agus beaga, ag tabhairt dá haire go mbíonn rátaí ratha níos ísle ag feirmeoirí agus ag na fiontair san earnáil sin agus iad ag cur isteach ar mhaoiniú;

57.

á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh cur chuige aistrithe cóir ag tacaíocht BEI chun talmhaíocht inbhuanaithe a bhaint amach lena gcosnaítear an comhshaol, sláinte an duine agus leas ainmhithe, agus feabhas á chur ag an am céanna ar shlite beatha feirmeoirí, go háirithe d’fheirmeacha beaga agus meánmhéide; á áitiú go bhfuil sé ríthábhachtach tacú le ceantair thuaithe chun forbairt chothrom agus chuimsitheach, athnuachan ó ghlúin go glúin agus rochtain chomhionann ar dheiseanna airgeadais do mhná agus d’fhir a chur chun cinn; ag athdhearbhú a hiarrata ar Ghrúpa BEI a rannpháirtíocht in earnáil na talmhaíochta a mhéadú trí rochtain ar chistiú a fheabhsú;

58.

á chur in iúl gur mór aici go bhfuil Grúpa BEI ar cheann de phríomhthacaithe an digitithe san Aontas, go háirithe maidir le bonneagar digiteach a mhaoiniú agus tacú le gnólachtaí nuathionscanta digiteacha nuálacha; ag spreagadh BEI chun feabhas a chur ar a thacaíocht do líonraí digiteacha lena neartaítear uathriail theicneolaíoch agus nuálaíocht an Aontais in eochairtheicneolaíochtaí;

59.

á chreidiúint go bhfuil gá le hinfheistíocht shuntasach phoiblí i mbonneagar teileachumarsáide, go háirithe i gceantair thuaithe, chun neamhionannas digiteach a laghdú agus eisiamh sóisialta a chosc; ag spreagadh BEI chun tacú le saoránaigh Eorpacha litearthacht dhigiteach leormhaith a fháil chun páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine scothaosta agus orthu siúd atá faoi mhíchumas;

60.

á aithint go bhfuil ról ríthábhachtach ag earnáil na cibearshlándála maidir le gnólachtaí agus rialtais a chosaint ar ardbhagairtí digiteacha agus ar thionchar eachtrach; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig méadú ar infheistíochtaí slándála ó EUR 6 bhilliún go EUR 8 mbilliún, arna maoiniú trí SESI chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála, lena n-áirítear iad siúd i dtionscal an Spáis Nua;

61.

á chur in iúl gur geal léi fócas BEI ar chomhionannas inscne agus ar chumhachtú eacnamaíoch na mban, rud a d’fhág go ndearnadh infheistíocht EUR 5,8 billiún san iomlán sa réimse sin in 2023 (i gcomparáid le EUR 5,1 billiún in 2022); á chreidiúint go bhféadfadh BEI méadú breise a dhéanamh ar iasachtaí micreamhaoiniúcháin do ghnólachtaí atá faoi stiúir ban, a bhfuil idirdhealú fós le déanamh orthu i dtaca le rochtain ar mhaoiniú;

62.

á thabhairt chun suntais go bhfuil slándáil soláthair amhábhar criticiúil ríthábhachtach don aistriú glas agus don aistriú digiteach araon, agus d’earnáil na cosanta agus do bhonn tionsclaíoch an Aontais i gcoitinne; á iarraidh ar BEI infheistíochtaí in earnáil CRM a mhéadú chun cabhrú le soláthar amhábhar príomhúil agus tánaisteach araon a éagsúlú agus chun réitigh an gheilleagair chiorclaigh a fhorbairt, go háirithe T & F le haghaidh ábhair mhalartacha, amhail ábhair bhithbhunaithe; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gur glacadh tionscnamh straitéiseach nua CRM an 21 Márta 2025, lena bhfuiltear ag dréim le maoiniú EUR 2 bhilliún d’infheistíocht CRM in 2025, Tascfhórsa nua CRM agus ionad ilfhreastail tiomnaithe chun píblíne oibríochtaí CRM agus gníomhaíochtaí comhairleacha agus saineolas teicniúil agus comhpháirtíochtaí méadaithe a thógáil agus a bhainistiú;

Gníomhaíochtaí BEI lasmuigh den Aontas Eorpach

63.

á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, agus é dhá bhliain ar an bhfód, a sholáthair BEI Domhanda EUR 8,4 billiún de mhaoiniú (i gcomparáid le EUR 9,1 billiún in 2022); ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ós rud é go bhfuil maoiniú BEI Dhomhanda teoranta do 50 % de chostas iomlán tionscadail, a bhíonn infheistíochtaí á cómhaoiniú i gcomhar le hinstitiúidí maoinithe forbraíochta agus bainc forbartha iltaobhacha go féiltiúil; á iarraidh ar BEI agus ar an gCoimisiún infheistíocht a dhéanamh in iniúchadh inmheánach agus i bhfeidhmeanna rialaithe neamhspleácha chun sláine agus fóntacht na n-oibríochtaí uile a ráthú;

64.

á mheabhrú go bhfuil BEI Domhanda i measc phríomhghníomhaithe cur chun feidhme na Tairsí Domhanda Eorpaí agus, dá réir sin, go bhfuiltear ag dréim leis go gcuirfidh sé na caighdeáin is airde trédhearcachta agus cuntasachta i bhfeidhm;

65.

ag tabhairt dá haire gur ghlac Bord Stiúrthóirí BEI Treochlár Straitéiseach Domhanda BEI agus go bhfuil sé tiomanta cearta an duine agus an smacht reachta a urramú agus a chur chun cinn sna tionscadail a dtacaíonn sé leo;

66.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh idirghabhálacha Ghrúpa BEI san Úcráin á dtreorú ag na tosaíochtaí maidir le hatógáil na tíre a comhaontaíodh leis an Aontas, agus go mbeidh siad comhsheasmhach leis na modhanna agus na creataí a leagtar amach i bPlean na hÚcráine agus le forálacha Chonarthaí AE; ag tabhairt dá haire go bhfuil breis iarrachtaí á ndéanamh ag BEI chun tabhairt faoi chalaois agus éilliú i ndáil le tionscadail sin Ghrúpa BEI arna gcur chun feidhme san Úcráin; á iarraidh go leanfaí de choinníollacht iomchuí a chur i bhfeidhm maidir leis an gcúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil don Úcráin, agus béim á leagan ar shásraí éifeachtacha formhaoirseachta a áirithiú, amhail rochtain ar fhaisnéis agus ar áitribh, agus ar fhaireachán a dhéanamh ar chuairteanna, agus á iarraidh go leathnófaí coinníollacht chuig gach tír nach bhfuil san Aontas a gcuireann sé maoiniú ar fáil dóibh;

67.

ag tathant go neartófaí cumas riaracháin agus iniúchóireachta údaráis na hÚcráine atá freagrach as gníomhaíochtaí cistithe a chur chun feidhme, faireachán, rialú agus maoirseacht a dhéanamh orthu, go háirithe chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc; á athdhearbhú gur cheart go mbeadh maoirseacht shoiléir agus neamhshrianta ag BEI i gcónaí;

68.

á chreidiúint go bhfágfaidh ról treisithe a bheith ag BEI go mbeidh breisluach ag roinnt le hatógáil na hÚcráine agus an próiseas um méadú araon agus leis na comhpháirtíochtaí ionchasacha faoi chlár oibre Global Gateway an Aontais agus an beartas comharsanachta agus go mbeifear in ann tacú tuilleadh leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe; ag moladh don Choimisiún breis comhair a dhéanamh le BEI chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir le fuinneamh agus amhábhair, a threisiú;

69.

á chur in iúl gur geal léi gur glacadh, in 2024, an tSaoráid don Úcráin, a leanann tionscnamh BEI don Úcráin (EU4U) agus lena mbunaítear sásra tacaíochta bunaithe ar acmhainní buiséadacha an Aontais; ag spreagadh na mBallstát chun a áirithiú go leanfar de thacaíocht láidir a chur ar fáil don tír i gcomhréir lena riachtanais;

70.

á chur i bhfáth gurb amhlaidh, chun tacú leis an Úcráin, atá punann iasachta dar luach os cionn EUR 7 mbilliún tiomargtha ag BEI ó thús na coinbhleachta leis an Rúis in 2014; á chur i bhfios go láidir gurbh ionann risíocht BEI (idir eisíoctha agus gan a bheith eisíoctha go fóill) agus EUR 5,750 billiún amhail an 31 Nollaig 2023, a cumhdaíodh go príomha le ráthaíochtaí de chuid an Aontais Eorpaigh faoin Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur dheonaigh an Banc ráthaíochtaí airgeadais freisin ar neamhchosaintí do chontrapháirtithe atá lonnaithe san Úcráin, a chumhdaítear go hiomlán le Ráthaíochtaí Cuimsitheacha AE, ar mhéid sínithe de EUR 388,7 milliún ag deireadh 2023 (i gcomparáid le EUR 478,8 milliún ag deireadh 2022);

71.

ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar rannpháirtíocht airgeadais BEI san Úcráin; á iarraidh ar an mBanc nuashonruithe rialta, mionsonraithe a chur ar fáil don údarás buiséadach agus do na comhlachtaí iniúchóireachta ábhartha maidir le heisíocaíocht agus cur chun feidhme na gcistí a chumhdaítear le ráthaíochtaí an Aontais;

72.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar díréireach ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar réigiúin thoir an Aontais atá ar theorainn na Rúise agus na Bealarúise; ag tarraingt aird ar na costais a sheasann na réigiúin agus na Ballstáit sin mar thoradh ar a dteorainn chomhroinnte le tíortha comharsanacha naimhdeacha, go háirithe an gá atá acu cistí poiblí a atreorú níos mó i dtreo na slándála, na cosanta agus na hullmhachta, agus ag an am céanna déileáil le hacmhainní atá laghdaithe go mór mar gheall ar chur isteach ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, ar thrádáil trasteorann agus ar mhalartuithe eile, agus i gcláir chomhtháthaithe; á iarraidh ar BEI é sin a chur san áireamh ina chinntí maoinithe;

73.

á chur in iúl gur geal léi na hinfheistíochtaí suntasacha a rinneadh sa Mholdóiv chun tacú leis an athléimneacht eacnamaíoch, chun feabhas a chur ar an tslándáil fuinnimh, chun feabhas a chur ar an mbonneagar agus chun cabhrú le dul chun cinn na tíre i dtreo lánpháirtiú an Aontais; á aithint gur infheistigh BEI domhanda EUR 1,2 billiún in 2023, móide EUR 700 milliún breise sna Balcáin Thiar chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus chun gréasáin iarnróid a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar in 2024 agus an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis don Mholdóiv a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa;

74.

ag aithint an róil atá ag BEI maidir le tacú leis na Balcáin Thiar agus iad ag iarraidh ballraíocht san Aontas a bhaint amach, i gcomhréir le beartas an Aontais um méadú; á thabhairt faoi deara gur infheistigh BEI Domhanda EUR 1,2 billiún sna Balcáin Thiar in 2023, lenar slógadh breis agus EUR 6 bhilliún in infheistíochtaí; ag tabhairt dá haire gur leithdháileadh formhór an mhaoinithe ar nascacht inbhuanaithe, agus ina dhiaidh sin línte creidmheasa do FBManna, tionscadail bhonneagair in earnálacha an chúraim sláinte, an oideachais agus na scileanna, agus soláthar uisce agus sláintíocht;

75.

á iarraidh ar BEI comhoibriú le hinstitiúidí déthaobhacha agus iltaobhacha eile chun modheolaíochtaí coiteanna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le haghaidh anailís tionchair forbartha, d’fhonn breisluach agus tionchair dhearfacha fhadtéarmacha a áirithiú;

Ollstruchtúr cuntasachta BEI

76.

á mheabhrú gurb í an Ard-Chigireacht (IG) atá i gceannas ar fhormhaoirseacht inmheánach BEI, ina bhfuil trí rannán a bhaineann le cuntasacht – meastóireacht ar oibríochtaí, an sásra gearán, agus imscrúdú calaoise – a bhfuil róil chomhlántacha acu agus a rannchuidíonn le láimhseáil chomhsheasmhach líomhaintí agus gearán;

77.

á thabhairt faoi deara gur láimhseáil Sásra Gearán BEI (BEI-CM) 104 chás san iomlán in 2023 (97 in 2022); ag tabhairt dá haire go bhfuarthas 60 gearán nua in 2023 (54 in 2022), ar measadh go raibh 44 díobh inghlactha agus gur bhain 29 díobh le tionscadail arna maoiniú ag BEI, a raibh 27 díobh lonnaithe in áiteanna lasmuigh den Eoraip;

78.

ag tabhairt dá haire gurb é Coiste BEI um Ghearáin Soláthair coiste neamhspleách sin BEI a láimhseálann gearáin faoi nósanna imeachta soláthair tionscadail a bhaineann le tionscadail arna maoiniú ag BEI in áiteanna lasmuigh den Aontas;

79.

á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Rannáin Imscrúdaitheach (IG/IN) ar oibriú i gcomhar leis na comhlachtaí eile d’ollstruchtúr frithchalaoise AE, agus ar iarrachtaí a dhéanamh ina dteannta, go háirithe an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, a fuair 37 % de na tarchuir arna ndéanamh i leith imscrúduithe in 2023 (27 gcás as 74 chás); ag spreagadh IG/IN a chomhar le gach comhpháirt d’ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais a neartú;

80.

ag tabhairt dá haire go ndéanann IG/IN gníomhaíochtaí réamhghníomhacha braite calaoise trí úsáid a bhaint as an Uirlis Scórála Riosca Calaoise agus Sláine agus as an róbat um Baol Éillithe sa Soláthar agus, in 2023, gur sainaithníodh, in 24 athbhreithniú, spriocanna le haghaidh trí athbhreithniú réamhghníomhacha iomlána agus chríochnúla ar shláine; á iarraidh ar an mBanc measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí na huirlisí digiteacha sin a fheabhsú tuilleadh chun tacú le trédhearcacht agus cuntasacht airgeadais;

81.

á chur in iúl gur oth léi gurb amhlaidh, in ainneoin na n-iarrataí a rinne an Pharlaimint arís agus arís eile, nach bhfuil faisnéis leormhaith ar áireamh i dtuarascáil bhliantúil IG/IN ar mhéid airgeadais na gcásanna a láimhseálann sí, na cistí nó na sainorduithe a ndéantar difear dóibh, na cineálacha tionscadal lena mbaineann, na bearta maolaitheacha arna nglacadh, ról sheirbhísí BEI agus na n-idirghabhálaithe nó na gcomhpháirtithe sna cásanna, nó fiú na Ballstáit lena mbaineann; á iarraidh ar ionadaithe IG/IN leibhéal na rannpháirtíochta, na n-idirghníomhaíochtaí agus na trédhearcachta leis an bParlaimint a mhéadú, go háirithe maidir le rialú na ngníomhaíochtaí airgeadais; ag athdhearbhú a hiarrata ar IG/IN dul níos faide ná tuairisc insinte amháin a thabhairt ar roinnt cás-staidéar, agus léargais luachmhara a thuairisciú go tréimhsiúil ar a mhéid a chosnaítear leasanna airgeadais; á mholadh go nglacfadh IG/IN samhail tuairiscithe atá cosúil leo siúd a úsáideann comhlachtaí imscrúdaitheacha eile, amhail OIPE agus OLAF, ina saothraítear cothromaíocht chuí idir trédhearcacht agus dualgas rúndachta nó rúndachta gairmiúla;

82.

á chur in iúl gurb eol di go ndéantar foráil i mBeartas Eisiaimh BEI do phróiseas eisiaimh uathrialach nach bhfuil go hiomlán coibhéiseach le Córas Luathbhraite agus Eisiaimh an Choimisiúin ó thaobh caighdeáin chinnteoireachta, torthaí agus leigheasanna de; ag athdhearbhú a hiarrata ar Ghrúpa BEI agus ar an gCoimisiún comhoibriú chun na bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus leigheasanna a mholadh, lena n-áirítear nós imeachta brostaithe chun cinntí eisiaimh BEI a fhorfheidhmiú tríd an gCóras Luathbhraite agus Eisiaimh; ag tabhairt faoi deara gurb amhlaidh, in 2023, mar thoradh ar imeachtaí eisiaimh bunaithe ar thorthaí IG/IN, a cuireadh cosc ar chúig chuideachta páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíocht arna maoiniú ag BEI go ceann tréimhse cúig bliana;

83.

á chur in iúl gur geal léi gur formheasadh Creat-Bheartas Rialaithe Inmheánaigh Ghrúpa BEI in 2023; ag aithint thorthaí an phróisis ailínithe grúpa idir BEI agus CEI a mhéid a léiríonn siad samhlacha gnó agus struchtúir rialachais éagsúla an dá eintiteas; ag tagairt, go háirithe, do bharúlacha an Choiste Iniúchóireachta gur cheart go bhforbródh iniúchóireacht inmheánach agus an creat rialaithe inmheánaigh araon chun bheith ina bhfeidhmeanna grúpa;

84.

ag tabhairt dá haire gurb é iniúchóir seachtrach neamhspleách BEI an tríú líne chosanta; á chur i bhfios go bhfágann uainíocht rialta iniúchóirí agus sannachán dearcthaí úra a bheith ann, agus á thabhairt faoi deara, uime sin, gur cheart uainíocht a dhéanamh ar iniúchóir seachtrach BEI go tréimhsiúil, ach go ndearnadh a shainordú a fhadú go dtí 2027 agus gurb é iniúchóir Ghrúpa BEI é ó bhí 2009 ann;

85.

á chur in iúl gur mór aici go bhfuil Creat Bainistithe Riosca Ghrúpa BEI agus na Tuarascálacha leathbhliantúla ó Ghrúpa BEI ar Nochtadh Bainistíochta Riosca éifeachtach agus go bhfuil siad ailínithe le ceanglais agus caighdeáin theicniúla an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh;

86.

á chur i bhfáth, in 2023, in ainneoin dálaí deacra margaidh, gur lean punann BEI de leibhéil an-íseal neamhchosaintí neamhthuillmheacha (NPEnna) a léiriú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, fiú má bhaineann cuid shuntasach de phunann iasachta an Bhainc tairbhe as feabhsuithe creidmheasa nó as ráthaíochtaí Bhallstáit AE, go n-eascraíonn ardcháilíocht phunann BEI as cur chun feidhme dícheallach bheartais iasachtaithe BEI an-éifeachtach;

87.

á thabhairt chun suntais nach dtagann BEI faoi raon feidhme chur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa, go háirithe an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (6) agus an Treoir (7) (CRR, CRD), agus dá bhrí sin go bhfuil an Banc i dteideal a cheanglais chaipitil agus leachtachta a chinneadh ar bhealach atá leormhaith agus iomchuí dá ghníomhaíochtaí, dá mhisean agus do dhálaí an mhargaidh; á chur i bhfios go bhfuil Grúpa BEI tiomanta do chomhlíonadh na gcleachtas baincéireachta agus margaidh is fearr agus gur féidir leis a n-infheidhmeacht a chinneadh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta; á chur i bhfáth nár cheart go gcruthódh cur chun feidhme na norm sin ualach gan údar; á chur in iúl gur geal léi go ndearna Grúpa BEI an Próiseas Athbhreithnithe agus Meastóireachta go deonach; á chur i bhfios gur cheart go mbeadh sé sin i gcomhréir le struchtúr rialachais agus misean BEI;

88.

á chur in iúl go dtuigeann sí gurb amhlaidh, i gcomhréir le riachtanais iomlaoideacha AE, a d’fhormheas institiúidí AE, in 2024, an t-athrú ar an reacht arna mholadh ag Bord Gobharnóirí BEI tríd an teorainn reachtúil ar a chóimheas giarála (8) a leasú agus é a ardú ó 250 % go 290 %, chun a chur ar a chumas do BEI níos mó infheistíochta a dhéanamh gan a bhonn cothromais a mhéadú;

89.

ag tabhairt dá haire go bhfágann an cóimheas giarála leasaithe go bhféadfar dul san fhiontar tuilleadh; ag aithint go bhfuil infheistíochtaí i bhfuinneamh in-athnuaite, i mbonneagar inbhuanaithe agus i dteicneolaíochtaí nuálacha ríthábhachtach d’iomaíochas an Aontais, ach gur minic a bhíonn riosca níos mó ag baint leo mar gheall ar éiginnteacht na bhfillteacha; á chur i bhfios go bhféadfadh méadú ar ghlacadh riosca luaineacht thorthaí BEI a mhéadú, ach ag tabhairt faoi deara go gcoinníonn BEI maoláin chaipitil a thacódh le gníomhaíochtaí riosca leathnaithe;

90.

á chur in iúl gur cúis mhór imní di staid Northvolt AB, monaróir ceallraí a mheastar a bheith ríthábhachtach san aistriú glas; á chur i bhfáth gur bhain Northvolt tairbhe as pacáiste suntasach iasachtaithe BEI de bheagán os cionn EUR 942,6 milliún mar chuid den mhaoiniú fiachais chun suíomh gigeamhonarchach a leathnú; ag tabhairt dá haire go ndearna Northvolt iarratas ar fhéimheacht i mí an Mhárta 2025; á iarraidh ar BEI mionsonraí a chur ar fáil maidir leis an bpróiseas meastóireachta agus cinnteoireachta chun Northvolt AB a chistiú agus maidir leis na cúiseanna ba chúis le teip an tionscadail;

91.

á chur i bhfáth go rabhthas ag dréim leis go méadódh leathnú an láithreáin gigeamhonarcha an acmhainneacht aschuir bhliantúil do tháirgeadh ceallraí agus go raibh tábhacht straitéiseach ag baint leis don iomaíochas domhanda agus go raibh sé comhsheasmhach le straitéisí an Aontais san earnáil;

92.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Bhord Stiúrthóirí BEI grinn-athbhreithniú inmheánach a sheoladh gan moill mhíchuí chun an damáiste airgeadais, na cúiseanna agus an cúlra a bhaineann le cliseadh an tionscadail shuaitheanta sin a fhíorú agus chun foghlaim ón taithí sin chun atarlú staide comhchosúla a chosc nó chun luathbhrath na staide sin a chumasú;

93.

á áitiú gurb an breisluach is mó atá ag roinnt le tacaíocht ón Aontas ná go bhfágann sí gur féidir infheistíochtaí ardriosca i dtionscadail nuálacha a chothú, spriocanna straitéiseacha de chuid an Aontais Eorpaigh a mhéadú agus tabhairt faoi thionscadail aistrithe fhadtéarmacha nach féidir maoiniú a fháil ón earnáil phríobháideach; á chreidiúint, chun a spriocanna maidir le nuálaíocht agus iomaíochas a shaothrú go héifeachtach, gur cheart go ndíreodh clár InvestEU ar infheistíocht ardriosca agus mhéadaithe a mhaoiniú agus gur cheart do Ghrúpa BEI níos mó agus níos mó tionscadal ardriosca a dhéanamh, ar cheart infheisteoirí Eorpacha a bheith rannpháirteach go príomha agus go fabhrach iontu, lena gcomhcheanglaítear imscaradh acmhainní InvestEU atá níos dírithe ar ionsú riosca le treoshuíomh coibhéiseach in úsáid acmhainní airgeadais dílse Ghrúpa BEI; ag tathant ar BEI coinníollacha níos déine a thabhairt isteach chun cosc a chur ar mhaoiniú poiblí an Aontais a úsáid chun cuideachtaí a athlonnaíonn táirgeadh lasmuigh den Eoraip a fhóirdheonú, lena n-áiritheofar go rannchuideoidh gach tionscadal arna chistiú ag BEI le hathléimneacht thionsclaíoch fhadtéarmach na hEorpa;

94.

á chur in iúl gurb eol di gur minic is státseirbhísigh ina dtíortha tionscnaimh iad comhaltaí Choiste Bainistíochta BEI sula gcuirtear tús lena dtéarmaí sa Bhanc Eorpach Infheistíochta, a mhaireann idir dhá bhliain agus sé bliana de ghnáth, agus a bhíonn siad i dteideal, uime sin, deiseanna forbartha gairmiúla a shaothrú faoi réir coinníollacha áirithe le linn na tréimhse marana (a fadaíodh go tréimhse 24 mhí tar éis dheireadh a dtéarma sa Bhanc Eorpach Infheistíochta); ag tabhairt dá haire go n-iarrtar ar chomhaltaí an Choiste Bainistíochta an Coiste um Eitic agus um Chomhlíonadh a chur ar an eolas faoi aon chaibidlíocht ar fhostaíocht ionchasach agus formheas a lorg lena haghaidh a luaithe is féidir;

95.

ag athdhearbhú go láidir gur iarr an Pharlaimint arís agus arís eile go neartófaí an sásra chun coinbhleachtaí leasa laistigh de BEI a chosc agus chun feabhas a chur ar láimhseáil cásanna den sórt sin, agus chun sainiú níos fearr a dhéanamh ar na téarmaí faoinar féidir le leas-uachtaráin BEI páirt a ghlacadh i gcinntí maidir le hoibríochtaí ina dtíortha tionscnaimh, agus á áitiú go dtabharfar aghaidh ar na hábhair sin in athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar chód iompair an Choiste Bainistíochta;

96.

á thabhairt chun suntais gur rialaigh an tOmbudsman Eorpach i gCás 611/2022/KR an 31 Deireadh Fómhair 2023 gur ghlac iar-leas-uachtarán páirt i gcomhaontuithe maoinithe a fhormheas idir BEI agus banc náisiúnta le haghaidh spreagadh (9) ina thír thionscnaimh díreach seachtainí sular tháinig sé chun bheith ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar an mbanc náisiúnta le haghaidh spreagadh sin, in ainneoin gur thug Príomhoifigeach Comhlíontachta BEI comhairle i gcoinne na ngníomhaíochtaí sin le linn an phróisis ceapacháin; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil an cás seo ann roimh theacht i bhfeidhm chód iompair reatha an Choiste Bainistíochta, ina bhfuil forálacha sonracha anois maidir le fostaíocht ionchasach a chomhaltaí; ag tabhairt dá haire, san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar na rialacha is infheidhme maidir lena Choiste Eitice agus Comhlíontachta, go bhfuil gealltanas tugtha ag BEI breithniú a dhéanamh ar mholadh an Ombudsman Eorpaigh cinntí an Choiste a phoibliú;

97.

á thabhairt faoi deara go bhfuil bearta maolaitheacha, amhail imfhálú agus tréimhsí marana, ar na clásail réamhchúraim is coitianta a bhíonn le húsáid agus cás imrothlach á láimhseáil agus á chur in iúl go dtuigeann sí gurb iad comhaltaí an Choiste Bainistíochta a chuireann bearta den sórt sin i bhfeidhm, nó a chloíonn leo, lena n-áirítear iadsan a tuairiscíodh sna meáin le deireanas;

98.

ag teacht le tuairim an Ombudsman Eorpaigh gur cheart ról Choiste Eitice agus Comhlíontachta BEI a neartú a mhéid a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar na poist nua atá beartaithe do chomhaltaí an Choiste Bainistíochta agus gur cheart go mbeadh sé in ann bearta maolaithe riosca a fhorchur agus a fhorfheidhmiú; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil ról an Choiste um Eitic agus um Chomhlíonadh tar éis éirí níos feiceálaí le blianta beaga anuas agus go bhfuil plé inmheánach ar siúl maidir le conas a éifeachtúlacht a fheabhsú;

99.

á iarraidh ar an mBanc borradh a chur faoi rannpháirtíocht cuideachtaí Eorpacha i bpróisis soláthair a sheoltar le haghaidh tionscadail arna maoiniú ag BEI; ag spreagadh an Bhainc chun comhairle a thabhairt d’iasachtaithe tosaíocht a thabhairt d’incháilitheacht do chuideachtaí Eorpacha chun iomaíochas na hEorpa a neartú;

100.

ag athdhearbhú a hiarrata ar BEI ionadaíocht gheografach chuí a áirithiú, lena n-áirítear ar leibhéil na meánbhainistíochta agus na hardbhainistíochta, agus á iarraidh air miondealú bliantúil ar inscne agus ar náisiúntacht a fhoilsiú do phoist mheánbhainistíochta agus ardbhainistíochta;

Grinnscrúdú, trédhearcacht agus maoirseacht

101.

á chur in iúl gur oth léi go mór nach bhfuil rochtain iomlán fós ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) ar na sonraí uile a bhaineann le hoibríochtaí BEI; á aithint nach ndéanann an tAontas gníomhaíochtaí uile BEI a mhaoiniú go díreach agus, dá bhrí sin, nach bhfuil rochtain uathoibríoch ag CIE ar na gníomhaíochtaí uile; á áitiú gur cheart rochtain a bheith ag CIE ar an bhfaisnéis is gá chun measúnú cuimsitheach agus uileghabhálach a dhéanamh ar oibríochtaí uile BEI a bhaineann le cistí an Aontais, lena n-áirítear iad siúd a dhéantar trí idirghabhálaithe airgeadais, atá ceaptha chun beartais an Aontais a chur chun feidhme; á iarraidh ar CIE grinnscrúdú iomlán a dhéanamh, ar feadh a cumais, ar na hoibríochtaí uile a bhaineann le buiséad an Aontais ar aon slí;

102.

á thabhairt faoi deara go gcuirtear na príomhchúraimí iniúchta ábhartha de chúram ar Choiste Iniúchóireachta BEI, ar comhlacht lán-neamhspleách é; á chreidiúint go bhféadfaí, mar thoradh ar ionadaithe seachtracha cáilithe a bheith rannpháirteach i gcúraimí sonracha de chuid an Choiste Iniúchóireachta, oibiachtúlacht anailísí an Choiste Iniúchóireachta a fheabhsú;

103.

ag tabhairt dá haire go n-aimsítear comhréiteach i mBeartas Trédhearcachta BEI idir prionsabal na hoscailteachta agus an gá atá le faisnéis íogair a choimirciú; ag tabhairt faoi deara go léirítear sa bheartas cén fhaisnéis ba cheart a fhoilsiú go réamhghníomhach agus cá huair ba cheart déanamh amhlaidh – lena sonraítear, mar shampla, gur cheart achoimrí ar thionscadail a fhoilsiú trí seachtaine ar a laghad sula ndéantar breithniú i dtaobh maoiniú an tionscadail a bheith á fhormheas ag Bord Stiúrthóirí BEI – agus go leagtar amach ann na maoluithe ábhartha; á iarraidh go gcuirfí faisnéis fhiúntach ar fáil do gheallsealbhóirí sna hachoimrí sin;

104.

ag tabhairt dá haire gur fhormheas Bord Stiúrthóirí BEI 449 dtionscadal in 2023 agus gur foilsíodh beagnach gach ceann (94 %) de na hachoimrí ar thionscadail, i bhformhór na gcásanna (57 %) sular formheasadh iad; ag tabhairt faoi deara go ndéantar oibríochtaí uile sin BEI a dhéantar trí idirghabhálaithe airgeadais a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BEI agus go soláthraíonn BEI sonraí arna iarraidh sin;

105.

á mheabhrú go bhfuil rochtain ag an bpobal ar dhoiciméid uile BEI i gcomhréir leis an toimhde i bhfabhar nochtadh; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart gach iarratasóir a chur ar an eolas roimh ré faoi rochtain phoiblí ar dhoiciméid, agus gur cheart aon diúltú a bheith bunaithe ar eisceachtaí sonraithe amháin; á chur i bhfáth gur cheart do BEI breithniú a dhéanamh ar fhaisnéis a fhoilsiú, ar bhealach tráthúil, maidir le réasúnaíocht agus comhthéacs na dtionscadal agus maidir leis an míniú ar a n-ailíniú le spriocanna beartais an Aontais agus ar a rannchuidiú leo; á iarraidh ar BEI torthaí iniúchóireachta ar a oibríochtaí airgeadais is mó a fhoilsiú go córasach, lena n-áiritheofar grinnscrúdú neamhspleách ar a bhainistiú riosca agus ar a mheasúnuithe tionchair; ag dréim leis go ndéanfaidh BEI neamhnochtadh a theorannú do na heisceachtaí is infheidhme a liostaítear i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 (10) agus i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 (11); á iarraidh go ndéanfar moltaí an Ombudsman arna n-eisiúint tar éis a fhiosrúcháin ar bheartas nochta BEI agus iarrataí gaolmhara ar rochtain ar dhoiciméid a chur chun feidhme ina n-iomláine;

106.

á mheabhrú go bhfuil oibleagáid ghinearálta ar fhaighteoirí uile chistiú an Aontais aitheantas a thabhairt dá bhunús agus infheictheacht aon chistithe ón Aontas a fhaightear a áirithiú; á iarraidh ar Ghrúpa BEI a áirithiú go gcomhlíonfaidh na faighteoirí deiridh critéir infheictheachta thacaíocht airgeadais AE;

107.

á thabhairt chun suntais go bhfuil an Banc ag obair chun an t-am is gá a laghdú chun táirge a thabhairt ó cheapadh go dtí infhaighteacht ar an margadh (am go margadh) trína thimthriallta tionscadail a dhigitiú go hiomlán; á iarraidh ar an mBanc dlús a chur lena iarrachtaí maidir lena oibríochtaí a dhigitiú;

108.

ag athdhearbhú a hiarrata ar BEI a bheartas maidir le calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a neartú agus a chur chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear trí staonadh ó chistiú a thabhairt do thairbhithe nó d’idirghabhálaithe airgeadais a bhfuarthas amach go bhfuil baint acu le cleachtais den sórt sin, nó a bhfuil baol mór ann go mbeidh siad rannpháirteach iontu;

109.

á athdhearbhú go bhfeabhsófaí idirphlé níos struchtúrtha idir an Pharlaimint agus BEI trí mheabhrán comhair a ghlacadh; ag moladh, ina leith sin, chomhar suaithinseach BEI leis an bParlaimint i ndáil le hullmhú an rúin seo, agus ag tabhairt dá haire gur solaoid fhollasach leathanaigeantachta agus trédhearcachta é;

Gníomh iardain i leith na moltaí ón bParlaimint

110.

ag tathant ar BEI leanúint de thuairisciú a dhéanamh ar stádas na moltaí a d’eisigh an Pharlaimint roimhe seo, go háirithe maidir leis na torthaí a baineadh amach agus tionchar na ngníomhaíochtaí a rinneadh chun a thosaíochtaí agus beartais an Aontais a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

tionchair (eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta) a straitéise infheistíochta agus na torthaí arna mbaint amach ó thaobh rannchuidiú le forbairt chothromaithe agus sheasta an mhargaidh inmheánaigh chun leasa an Aontais;

(b)

gníomhaíochtaí arna nglacadh chun feabhas a chur ar chosc agus ar chomhrac coinbhleachtaí leasa, calaoise, éillithe agus cineálacha féideartha mí-iompair eile;

(c)

bearta nua chun trédhearcacht a neartú;

(d)

bearta chun tacaíocht do FBManna agus d’oibreoirí eacnamaíocha incháilithe a neartú le linn beartais an Aontais á gcur chun feidhme;

(e)

obair leantach ar na héilimh agus ar na hiarrataí a ghlactar trí bhíthin an rúin seo;

°

° °

111.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus á iarraidh go ndéanfadh an Chomhairle agus Bord Stiúrthóirí BEI díospóireacht ar sheasaimh sin na Parlaiminte a léirítear ann.

(1)  Draghi, M., The future of European competitiveness [A bhfuil i ndán d’iomaíochas na hEorpa], Meán Fómhair 2024.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/523/oj.

(4)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1937/oj).

(5)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2023 maidir le rialú ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2022 (2023/2046(INI)) (IO C, C/2024/4007, 17.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4007/oj).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj).

(7)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338. ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj).

(8)  Is éard atá sa chóimheas giarála an méid is féidir le BEI a thabhairt ar iasacht i ndáil lena acmhainní dílse.

(9)  Is idirghabhálaithe airgeadais idir BEI agus tionscadail ar mhionscála a ndéanann BEI infheistíocht iontu iad bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh.

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1367/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/574/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top