This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025IE1400
Opinion of the European Economic and Social Committee – Labour rights for journalists and media professionals as a safeguard for independence and truthful information (own-initiative opinion)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Cearta saothair d’iriseoirí agus do ghairmithe sna meáin mar choimirce don neamhspleáchas agus don fhaisnéis fhírinneach (tuairim féintionscnaimh)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Cearta saothair d’iriseoirí agus do ghairmithe sna meáin mar choimirce don neamhspleáchas agus don fhaisnéis fhírinneach (tuairim féintionscnaimh)
EESC 2025/01400
IO C, C/2026/867, 27.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/867/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/867 |
27.2.2026 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Cearta saothair d’iriseoirí agus do ghairmithe sna meáin mar choimirce don neamhspleáchas agus don fhaisnéis fhírinneach
(tuairim féintionscnaimh)
(C/2026/867)
Rapóirtéir:
José Antonio MORENO DÍAZComhrapóirtéir:
Christian MOOS|
Comhairleoirí |
Ricardo GUTIÉRREZ (thar ceann an rapóirtéara, Grúpa II) Julian PLOTTKA (comhairleoir an chomhrapóirtéara, Grúpa III)) |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
23.1.2025 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta (tuairim féintionscnaimh) |
|
An rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
6.11.2025 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
3 Nollaig 2025 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
601 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
209/4/11 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
An timpeallacht a ndéanann iriseoirí na hEorpa a gceird a chleachtadh ann, is timpeallacht í a bhfuil an naimhdeas ag dul in olcas ann. Is bagairt é sin ar cheart na saoránach chun faisnéise iontaofa iolraíche neamhspleáiche. Ós ionann na hiriseoirí a bheith i gcontúirt, fadhb atá ag dul in olcas lá i ndiaidh lae, agus an daonlathas féin a bheith i gcontúirt, ní mór do na húdaráis phoiblí bearta cosanta a dhéanamh ar bhonn práinne. |
|
1.2. |
Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) teacht i bhfeidhm don Ghníomh Eorpach um Shaoirse na Meán, agus iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm ina iomláine é. |
|
1.3. |
Fágann forlámhas na n-ardán an-mhór ar líne atá ag na Stáit Aontaithe, tír a shlogann 80 % den ioncam ón bhfógraíocht dhigiteach, go bhfuiltear in amhras an féidir earnáil Eorpach na meán a choinneáil ar bun. Ina fhianaise sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit tacaíocht neamhspleách a chur ar fáil d’eagraíochtaí na meán, de bhreis ar na fóirdheontais atá ann faoi láthair. D’fhéadfaí laghdú CBL a áireamh ar na bearta sin. |
|
1.4. |
Is údar eile imní do CESE an comhchruinniú atá ar bun san earnáil, rud ar baol dó an bonn a bhaint ó iolrachas na meán san Eoraip. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach na hinniúlachtaí atá aige a chur chun tairbhe do réimsí dlí na hiomaíochta chun iomaíocht a ráthú, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann iolrachas na meán a ráthú freisin san earnáil. |
|
1.5. |
Éilíonn CESE méadú suntasach ar an gcistiúchán le héiceachóras fónta faisnéise a chosaint, ceann ar féidir leis dálaí sásúla oibre a chur ar fáil do na hiriseoirí. |
|
1.6. |
Thar aon rud eile, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach pacáiste uaillmhianach a chur ar aghaidh a mbeidh bearta beartais agus infheistíocht ann a thacóidh le poist ardchaighdeáin a chur ar fáil in earnáil na meán. |
|
1.7. |
Iarrann CESE ar na rialtais an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a chur chun cinn ar son na n-iriseoirí uile, na saoririseoirí san áireamh, tríd an Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir le pá íosta leordhóthanach agus na Treoirlínte um chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais maidir le comhaontuithe cómhargála i ndáil le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair (2) a thrasuí i gcás inarb infheidhme. Iarrann sé freisin ar an gCoimisiún Eorpach gona Bhallstáit an fhéinfhostaíocht bhréagach a chomhrac. |
|
1.8. |
Iarrann CESE ar fhostóirí in earnáil na meán an Treoir Réime Eorpach 89/391/CEE (3) a chur i bhfeidhm ina hiomláine. Tá gá le tuilleadh díchill chun forálacha na Treorach sin agus forálacha na dtreoracha gaolmhara a chur i bhfeidhm go hiomlán agus go héifeachtach ar an leibhéal áitiúil (4). Sin rud a tugadh le fios sa chruinniú mullaigh athbhreithnithe maidir leis an tsábháilteacht agus an tsláinte cheirde (OSH) in 2023 (5). |
|
1.9. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach obair leantach a dhéanamh ar an Moladh maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú na n-iriseoirí (6), maille le haird a thabhairt ar an measúnú a rinneadh in Study on Putting in Practice by Member States (7) [Staidéar ar a chur chur i bhfeidhm ag na Ballstáit]. Cuireann CESE i bhfáth gur gá caidreamh níos doimhne a chothú le heagraíochtaí na n-iriseoirí, d’fhonn struchtúir a thógáil a d’fhéadfadh cosaint a thabhairt do na hiriseoirí. |
|
1.10. |
Is oibrithe iad iriseoirí atá neamhchosanta go mór ar strus, tnáitheadh, ciapadh ar líne agus ró-ualach digiteach. Is féidir tionchar díreach a bheith ag éiginnteacht, uaireanta fada oibre, spriocdhátaí agus éagothroime oibre is saoil ar an tsláinte. Tá sé curtha in iúl ag CESE roimhe seo gurbh fhiú don Choimisiún a mhachnamh a dhéanamh ar an obair leantach is féidir a dhéanamh ar an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 ina n-éilítear treoir a ghlacadh maidir le rioscaí síceasóisialta. Tá CESE réidh chun tuairim a eisiúint maidir leis an ábhar sin (8). |
|
1.11. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm chreat reachtach an Aontais maidir le húsáid na hintleachta saorga (IS) d’fhonn cothroime a bhaint amach idir an rochtain ar shonraí Eorpacha i measc soláthraithe IS agus cosaint na n-iriseoirí a áirithiú. |
|
1.12. |
Molann CESE do cheardchumainn na n-iriseoirí agus d’eagraíochtaí na meán aghaidh a thabhairt ar chuimsiú an idirphlé shóisialta ar shaincheisteanna a bhaineann le IS a úsáid sa seomra nuachta lena chinntiú gurb éard a dhéanfaidh IS craobhscaoileadh na scéalta nuachta fíorasacha a éascú, saoirse an phreasa a chosaint, agus an fhostaíocht a chothú. |
|
1.13. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach scéim chistiúcháin a shocrú le haghaidh tionscadail a chothaíonn litearthacht IS na n-iriseoirí. Ba cheart don Choimisiún cuimhneamh ar chistiú comhpháirteach a dhéanamh ar ‘Acadaimh Iriseoireachta Eorpacha’ a mbíonn déchóras oiliúna d’iriseoirí á chleachtadh acu agus féachaint arbh fhéidir cuid de thuarastail na n-iriseoirí a fhóirdheonú ar feadh thréimhse na hoiliúna i gcás iriseoirí óga na gcuideachtaí meán cumarsáide a chomhlíonann ardchaighdeáin maidir le hiriseoireacht ardcháilíochta agus dálaí oibre. |
2. Barúlacha ginearálta
2.1. Réamhrá agus cúlra
|
2.1.1. |
Tá dianbhrú ar ghairm na hiriseoireachta san Eoraip. De bhreis ar an meath atá tagtha ar shaoirse an phreasa, a bhfuil sáruithe uirthi (foréigean fisiciúil, imeaglú, ciapadh breithiúnach, reachtaíocht naimhdeach, agus mar sin de) doiciméadaithe ag ardáin de chuid Chomhairle na hEorpa (9) agus an Aontais Eorpaigh (10), is léanmhar na dálaí oibre a mbíonn ar iriseoirí dul i ngleic leo sa chuid is mó de Bhallstáit an Aontais, de réir Thuarascáil 2025 an Mhonatóra ar Iolrachas sna Meáin (11). Maidir le cumas earnáil na hiriseoireachta lucht cumhachta a thabhairt chun cuntais, is i léig atá an cumas sin ag dul, de réir an taighde: ‘Journalism, in its current trajectory, does not fulfil its Fourth Estate or “watchdog” function, and critically, this influences people’s understanding of society (12)’ [An iriseoireacht, sa treo a bhfuil sí ag dul i láthair na huaire, níl feidhm an cheathrú heastát ná feidhm an fhorais faire á comhlíonadh aici, agus bíonn tionchar suntasach aige sin ar an tuiscint atá ag an duine ar an tsochaí]. |
|
2.1.2. |
Mar a luaitear i dtuarascáil bhliantúil Ardán Chomhairle na hEorpa um Iriseoireacht agus Sábháilteacht Iriseoirí a Chosaint,is ríthábhachtach don tsochaí dhaonlathach na hiriseoirí a bheith ag obair go neamhspleách ar thionchar polaitiúil, tráchtála nó corparáideach. An neamhspleáchas sin, de réir na tuarascála, is rud é atá ag brath ar an méid seo a leanas a bheith ann: dálaí oibre cuibhiúla, cosaint láidir ar bhagairtí dlí, neamhspleáchas eagarthóireachta ar úinéirí na gcuideachtaí meán cumarsáide agus ar na heintitis pholaitiúla, agus an tsaoirse a bheith ag na hiriseoirí iad féin a eagrú ina gceardchumainn nó ina n-eagraíochtaí gairmiúla (13). |
|
2.1.3. |
Moladh CM/Rec(2016)4 (14) ó Chomhairle na hEorpa, leagann sé béim ar a thábhachtaí agus atá dlíthe saothair agus fostaíochta maidir le hiriseoirí a chosaint ar an dífhostú treallach, an díoltas agus dálaí forbhásacha oibre a d’fhéadfadh iad a fhágáil faoi réir ag brú míchuí agus géilleadh ar thaobh na heitice dá gcuid oibre. Mar sin féin, cuirtear chun suntais in Tuarascáil 2025 an Mhonatóra ar Iolrachas sna Meáin (15) an neamhshuim institiúideach atá á dhéanamh de na dálaí contúirteacha a mbíonn ar iriseoirí glacadh leo sa chuid is mó de na Ballstáit. |
|
2.1.4. |
De réir Thuarascáil 2025 an Mhonatóra ar Iolrachas sna Meáin (16), ní raibh dálaí oibre ar fónamh ar fáil d’iriseoirí ach i seacht gcinn den 34 thír san Eoraip a ndearnadh anailís orthu, is é sin an Danmhairg, an Ghearmáin, an Bheilg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ísiltír agus an tSualainn. Luaitear sa tuarascáil gur cúis mhór imní iad dálaí oibre na n-iriseoirí i bhformhór Bhallstáit an Aontais — íoctar tuarastail ísle agus tá scéimeanna slándála sóisialta laga ann, sin nó tá na scéimeanna sin in easnamh. |
3. Cúlra na tuairime
3.1. Tionscnamh in aghaidh dlíthíocht mhí-úsáideach atá dírithe ar iriseoirí agus ar chosantóirí cearta
Sa tuairim sin (17), cuireann CESE in iúl gurb iad na hiriseoirí is mó atá i mbaol ó chásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí (SLAPPanna). Ós teoranta don raon feidhme atá aige, níl sa Treoir frith-SLAPPanna ach cuid an-bheag den fhreagra is mithid a thabhairt ar na bagairtí seo.
3.2. Saoirse agus éagsúlacht na meán a áirithiú san Eoraip
Sa tuairim féintionscnaimh sin (18), tarraingíonn CESE aird ar éiginnteacht shóisialta na n-iriseoirí a bheith imithe in olcas agus ar an mbaol atá ann dóibh ó thaobh na SLAPPanna de.
3.3. Stádas fostaíochta
|
3.3.1. |
De réir na staitisticí is déanaí (19), tá 400 000 iriseoir, ar a laghad, i mBallstáit an Aontais, rud is ionann agus 0,2 % de líon iomlán na ndaoine fostaithe san Aontas. Idir 20 % agus 30 % díobh sin, is saoririseoirí iad (20). Tá na saoririseoirí i measc na gcleachtóirí is mó atá i mbaol san earnáil (21). Bíodh sin mar atá, is rud í an éiginnteacht seo atá ag goilleadh ar na hiriseoirí fostaithe iad féin: tá an chuma ar an scéal go bhfuil líon na gcomhaontaithe comhchoiteanna ag dul i laghad, ar leibhéal na hearnála go háirithe (22). |
|
3.3.2. |
I dtíortha áirithe, baineann cuideachtaí meán mí-úsáid as stádas an tsaoroibrí chun costais agus freagrachtaí i leith a gcuid oibrithe a laghdú a oiread agus is féidir (23). Fadhb atá ag dul in olcas i gcuid de na tíortha í an fhéinfhostaíocht bhréagach. Sin rud a fhágann go mbíonn na hiriseoirí gan slándáil shóisialta, an tsaoire breoiteachta, saoire máithreachais ar pá, agus pinsin, cuir i gcás (24). |
|
3.3.3. |
Tá an Ísiltír ar cheann den bheagán tíortha ina bhfuil feabhas tagtha ar dhálaí oibre do shaoroibrithe, áit ar mhéadaigh an comhaontú comhchoiteann saothair tuarastail iriseoirí, lena n-áirítear táillí saoroibrithe atá ag obair do phríomhnuachtáin. |
3.4. Éiginnteacht fostaíochta
|
3.4.1. |
Tá a fhios ag an saol gur gairm í an iriseoireacht a mbaineann ualach mór mothúchánach léi mar aon le dálaí oibre ina mbíonn daoine faoi bhrú mór (25). Léiríonn fianaise OSHwiki go bhfuil an éiginnteacht fostaíochta ar cheann de na tosca a imríonn tionchar ar shláinte agus folláine na n-oibrithe. Oibrithe a bhfuil imní orthu go gcuirfear deireadh leis an bpost atá acu, sin iad is minice a luann go mbíonn siad faoi strus, go mbíonn siad tuirseach traochta agus go mbíonn dúlagar orthu (26). Na hathruithe atá tagtha ar dhreach na meán cumarsáide, sin rud a thug ar fhostóirí go leor a bhfoireann a laghdú. Sin rud a fhágann go bhfuil súil go ndéanfaidh an dream a bhfuil post acu go fóill an obair a bhíodh ag a gcuid iar-chomhghleacaithe de bhreis ar an ualach oibre a bhíodh á láimhseáil acu féin. Fadhb mhór í traochadh na n-iriseoirí de réir anailís Institiúid Eorpach na gCeardchumann (27) agus suirbhé Eorpach a rinneadh le déanaí (28), agus tá deacrachtaí meabhairshláinte á dtuairisciú ag sciar ard de na hiriseoirí agus cuid mhaith acu ag cuimhneamh ar an gceird a chaitheamh san aer (29). |
|
3.4.2. |
Staidéir atá luaite i dtaighde de chuid Ollscoil Luimnigh (30), léiríonn siad go bhfuil an obair sa seomra nuachta ag éirí níos déine i gcónaí. An cur isteach ar chúrsaí de dheasca an aistrithe dhigitigh, sin rud eile a luaitear i measc na n-údar imní atá ann, ó tá faitíos ar dhaoine go leor go mbainfidh an intleacht shaorga ghiniúnach a bpost díobh (31). Bíonn ar an-chuid iriseoirí glacadh go rialta le bearta costchiorraithe, leithéidí reonna pá, ciorruithe pá agus ciorruithe foirne (32). |
3.5. Uaireanta oibre agus déine oibre
|
3.5.1. |
Tá sé léirithe ag suirbhéanna náisiúnta (33) agus Eorpacha (34) go raibh ar thromlach na n-iriseoirí dualgais agus freagrachtaí breise a ghlacadh, gan ardú pá comhréireach a bheith faighte ag a bhformhór. An gnáthrud anois is ea an iomarca oibre: is minic a bhíonn iriseoirí ag obair ag aon am amháin ar scéalta éagsúla a bhfuil spriocdhátaí dochta leo go léir, rud ar féidir leis brú as cuimse a chur ar an duine (35). |
|
3.5.2. |
Bíonn ar go leor saoririseoirí obair nach obair iriseoireachta í a dhéanamh chun greim a choinneáil faoin bhfiacail. Sciar ollmhór de na hiriseoirí atá ann, chuimhnigh siad cheana féin ar an iriseoireacht a chaitheamh san aer ar mhaithe le gairm a bhfuil pá níos fearr ag gabháil léi, sin cúis amháin nach maireann gairmréim an iriseora chomh fada agus a mhaireadh sí tráth den saol (36). |
|
3.5.3. |
Tá iriseoirí áitiúla agus réigiúnacha faoi mhíbhuntáiste, agus is minic a fhaigheann siad tuarastail níos ísle. D’fhéadfadh sé go mbeadh rochtain theoranta ag saoroibrithe ar scéimeanna slándála sóisialta nó nach mbeadh rochtain ar bith acu ar na scéimeanna sin. Sna Ballstáit go léir, is iad na meáin áitiúla is mó atá buailte ag fadhbanna cónasctha an t-ioncam ón bhfograíocht a bheith ag dul i laghad agus fógraíocht agus fóirdheontais an stáit a bheith á leithdháileadh go leataobhach (37). |
|
3.5.4. |
Luaitear i dTuarascáil 2024 an Mhonatóra ar Iolrachas sna Meáin (38) gur deacra i gcónaí comhaontuithe comhchoiteanna a shocrú. Fágann sé sin gur minice anois an iriseoireacht gan chosaint ar thionchair sheachtracha, mar shampla an brú tráchtáil nó polaitiúil (39). |
|
3.5.5. |
Sa Fhrainc, tá cáineadh déanta ag na ceardchumainn ar ‘uberization’ na n-iriseoirí óga. Tá mí-úsáid á baint ag eagraíochtaí meán as conarthaí gearrthéarmacha, socruithe féinfhostaíochta, íocaíochtaí i bhfoirm dleachtanna údair, agus tréimhí oiliúna (40). |
3.6. Caidreamh oibre
|
3.6.1. |
Agus ualach oibre an tseomra nuachta ag dul ó smacht, bíonn an baol ann go dtiocfaidh iompar do-ghlactha teacht chun cinn. Is féidir go dtarlóidh bulaíocht agus ciapadh, rudaí a mbíonn iarmhairtí tromchúiseacha ag gabháil leo, ina measc sin strus, dúlagar, laghdú féinmheasa, féinmhilleán agus neamhchodladh (41). Bíonn baol an ghnéaschiaptha ann freisin. Tá staidéir ann a tharraingíonn aird freisin ar a fhorleithne is atá an traochadh i measc na n-iriseoirí, agus ar an mbrú atá ag dul in olcas (42). Na hiriseoirí is mó a bhíonn i mbaol a dtraochta ná na mná óga nach bhfuil taithí na mblianta acu go fóill, mná a bhíonn ag obair le nuachtáin nach bhfuil acu ach lucht léitheoireachta beag. I suirbhé Eorpach amháin, dúirt 60 % de na hiriseoirí a iarradh eolas orthu go raibh taithí acu ar an traochadh (43). |
3.7. Foréigean tríú páirtí agus bagairtí ar líne
Tá méadú tagtha san Eoraip ar líon na n-ionsaithe fisiciúla a dhéantar ar iriseoirí (44). Sa tuarascáil mhonatóireachta is déanaí ó Media Freedom Rapid Response, luadh 1 548 sárú dhoiciméadaithe ar shaoirse an phreasa a díríodh ar 2 567 nduine nó eintiteas a raibh baint acu leis na meáin in 2024 (45).
|
3.7.1. |
Is féidir le meabhairshláinte na n-iriseoirí a bheith buailte ag an méadú as cuimse atá tagtha ar líon na mbagairtí agus na n-ionsaithe ar líne (ciapadh, imeaglú, docsáil, cuntais bhréige a úsáid chun drochtheist a chur ar dhaoine), rudaí a dhírítear go háirithe ar iriseoirí ban agus ar irseoirí de bhunadh grúpaí mionlaigh. Ag deireadh 2023, d’eisigh ESCE treoirlínte (46) chun cabhrú le hiriseoirí ban déileáil níos fearr leis an gcineál nua brú sin. In 2024, shainaithin Ardán Chomhairle na hEorpa (47) cineálacha nua ionsaithe digiteacha i bhfoirm ábhar domhainbhrionnaithe a bhfuil léiriú ar iriseoirí ann. |
3.8. An intleacht shaorga
|
3.8.1. |
Tá deiseanna ag baint leis an intleacht shaorga d’iriseoirí ach tá ról an iriseora féin á chur i mbaol aici freisin. Bagairt ar ról an iriseora is ea uirlisí intleachta saorga giniúnaí, lethéidí ChatGPT, agus tá imní ar go leor acu go dtógfaidh an intleacht shaorga a bpost. I mí Mheán Fómhair 2024, rinne Off Radio Kraków sa Pholainn conspóid a tharraingt air féin nuair a thug sé bóthar do na hiriseoirí ar daoine iad gur cuireadh láithreoirí a gineadh leis an intleacht shaorga ina n-áit (48). Rinneadh craoltóir poiblí sa Bheilg, VRT NWS (49), iniúchadh ar shuíomh gréasáin an irisleabhair faisin Elle agus léiríodh go raibh lámh ag an intleacht shaorga in os cionn leath na n-alt a foilsíodh ann. D’fhéadfadh samhlacha intleachta saorga atá oilte ar thacair shonraí mhóra d’ábhar iriseoireachta aschuir a ghiniúint atá an-chosúil le hábhar faoi chóipcheart, rud a d’fhéadfadh sárú cóipchirt a bheith mar thoradh leis. |
3.9. Bréagaisnéis
|
3.9.1. |
Mar gheall ar scaipeadh ollmhór na bréagaisnéise trí na meáin shóisialta, bídís de thionscnamh eachtrach nó intíre, cuirtear iallach ar iriseoirí a bheith ar an airdeall i gcónaí, lena n-áirítear lasmuigh d’uaireanta oibre. Tagann an brú sin sa bhreis ar an ualach oibre méadaithe. Meastar gur dúshlán nua é an ceart chun cothromaíocht oibre is saoil níos fearr agus chun bheith in ann dícheangal. Cuid de Bhallstáit an Aontais, tá reachtaíocht curtha i bhfeidhm acu a thugann de cheart do na hoibrithe iad féin a dhícheangal ón obair, mar atá an Danmhairg, an Bheilg, Éire, an Phortaingéil, an Fhrainc, an Spáinn agus an Iodáil (50). |
|
3.9.2. |
Léirítear i dtuarascálacha go bhfuil méadú ag teacht ar an gcaillteanas muiníne sna meáin, arna spreagadh ag méid na mífhaisnéise. Bíonn tionchar ag an gcailliúint inchreidteachta sin ar mheanma agus ar fhéinmheas iriseoirí. I suirbhé amháin a rinneadh ar 47 margadh, ní dúirt ach 40 % de na freagróirí go raibh muinín acu as an gcuid is mó de na scéalta nuachta (51). I bhfianaise nimhiú na díospóireachta poiblí ag an mbréagaisnéis, braitheann go leor iriseoirí nach bhfuil neart acu ar an mbagairt go bhféadfaí róil bhunúsacha cuntasachta agus maoirseachta na gairme a bhaint. |
3.10. Na meáin seirbhíse poiblí
|
3.10.1. |
Cé go mbíonn siad níos fearr as, ar an iomlán, ó thaobh dálaí oibre agus cinnteacht na bpost de, is minice anois a bhíonn na hiriseoirí in earnáil na craoltóireachta poiblí ag sracadh le srianta airgeadais, le hathstruchtúrú agus le cur isteach polaitiúil (52). Beagnach leath de Bhallstáit an Aontais ní dheimnhíonn siad neamhspleáchas rialachais agus airgeadais na meán seirbhíse poiblí atá ina dtír féin (53). Níl ann ach 14 thír a bhfuil craoltóirí poiblí acu atá go hiomlán neamhspleách: an tSualainn, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Bheilg, an Ghearmáin, an Phortaingéil, an Danmhairg, an Laitvia, an Fhionlainn, Éire, an Ostair, an tSeicia agus an Eastóin. |
|
3.10.2. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go ndéanfar an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go docht agus go tráthúil chun neamhspleáchas bainistíochta a meán seirbhíse poiblí a áirithiú, chomh maith le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach a chistithe. Bíonn tionchar díreach ag neamhspleáchas oibríochtúil agus ag cistiú inbhuanaithe ar dhálaí oibre iriseoirí na meán seirbhíse poiblí. |
|
3.10.3. |
Tacaíonn CESE leis an éileamh atá déanta ag 14 Bhallstát de chuid an Aontais tacaíocht airgeadais inmharthana a thabhairt do Radio Free Europe/Radio Liberty. Is díol sásaimh dó an cinneadh tacaíocht Eorpach éigeandála a thabhairt dó ó chuir rialtas na Stát Aontaithe an deontas ar ceal orthu (54). Ní fhéadfaidh Radio Free Europe/Radio Liberty an ról ríthábhachtach atá aige a imirt agus ábhar iriseoireachta neamhspleách ilteangach a chraobhscaoileadh i stáit uathlathacha ach amháin má dhéanann siad poist chuibhiúla agus dálaí oibre maithe a chur ar fáil d’iriseoirí. |
3.11. Féinchinsireacht
|
3.11.1. |
I staidéar a choimisiúnaigh Comhairle na hEorpa (55), is éard a dúirt 37 % de na freagróirí, daoine a raibh cónaí orthu i gceann de 47 mBallstát Chomhairle na hEorpa nó sa Bhealarúis, go mbíonn cur isteach gan údar á dhéanamh orthu agus iad i mbun a gcuid oibre. Bhí an fhéinchinsireacht go mór chun tosaigh mar chuid de sin. Mhaígh 69 % acu go raibh taithí acu ar an bhforéigean síceolaíoch, agus gurbh iad na húdaráis phoiblí ba chiontach leis an bhforéigean sin den chuid is mó. Áiríodh san fhoréigean síceolaíoch go príomha mímheas agus náire arna gcur ar dhaoine ag údaráis phoiblí (48 %), imeaglú ag údaráis phoiblí (56 %), bagairtí go ndéanfadh údaráis phoiblí díobháil dóibh (41 %) agus clúmhilleadh nó feachtais clúmhillte ag údaráis phoiblí (43 %). |
An Bhruiséil, an 3 Nollaig 2025.
Uachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Séamus BOLAND
(1) Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2041/oj).
(2) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A52020DC0784.
(3) (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1989/391/oj).
(4) Occupational safety and health (OSH) stocktaking summit conclusions — an Coimisiún Eorpach.
(5) (IO C, C/2025/2958, 16.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2958/oj), pointe 1.1.
(6) https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/recommendation-protection-safety-and-empowerment-journalists.
(7) https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/bca5a5bd-090a-11ef-a251-01aa75ed71a1/language-en.
(8) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Cothú na ndeiseanna a bhaineann le teicneolaíocht nua sna seirbhísí poiblí agus bainistiú na rioscaí, dea-eagrú na hoibre agus sochaithe ar cothroime agus ar cuimsithí iad (tústuairim arna hiarraidh sin don Choimisiún Eorpach) (IO C, C/2025/114, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/114/oj).
(9) https://fom.coe.int/en/accueil.
(11) Monitoring Media Pluralism in the EU , 2025, lch. 6.
(12) The Impact of Changing Work Practices in Journalism in Ireland, Emer Connolly, 2024.
(13) Europe Press Freedom Report, arna scríobh ag eagraíochtaí comhpháirtíochta Ardán Chomhairle na hEorpa um Iriseoireacht agus Sábháilteacht Iriseoirí a Chosaint, Márta 2025.
(14) Moladh CM/Rec(2016)4 ó Choiste na nAirí do na Ballstáit maidir le hiriseoireacht agus sábháilteacht iriseoirí agus gníomhaithe meán eile a chosaint, https://search.coe.int/cm?i=09000016806415d9.
(15) https://cadmus.eui.eu/server/api/core/bitstreams/6f582946-bb17-49fc-ab81-9a4b79b4d0ce/content.
(16) https://cadmus.eui.eu/server/api/core/bitstreams/6f582946-bb17-49fc-ab81-9a4b79b4d0ce/content.
(17) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí-úsáideach (‘Imeachtaí sibhialta straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí’) (COM(2022) 177 final — 2022/0117 COD) (IO C 75, 28.2.2023, lch. 143).
(18) (IO C 517, 22.12.2021, lch. 9).
(19) https://ec.europa.eu/eurostat/en/web/products-eurostat-news/-/edn-20200503-1.
(20) https://transitionsmedia.org/2025/03/27/newtaktaksurvey/.
(21) https://cadmus.eui.eu/server/api/core/bitstreams/6f582946-bb17-49fc-ab81-9a4b79b4d0ce/content.
(22) https://www.etuc.org/en/speech/backing-journalists-etuc-stands-efj-collective-bargaining-and-quality-work.
(23) Tuarascáil 2024 an Mhonatóra ar Iolrachas sna Meáin, lch. 91.
(24) https://cadmus.eui.eu/bitstream/handle/1814/77028/Media%20Pluralism%20Monitor%20Report_2024.pdf.
(25) Together, stronger: a collective approach to mental health, Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, 2023.
(26) https://oshwiki.osha.europa.eu/en/themes/journalism-and-psychosocial-risk-factors#_edn23.
(27) https://www.etui.org/topics/health-safety-working-conditions/hesamag/journalism-an-increasingly-precarious-profession/burnout-among-journalists-a-symptom-of-discontent-in-newsrooms.
(28) https://taktak.media/2025/03/27/new-survey-of-europes-journalists-finds-more-than-60-are-forced-to-work-other-jobs/.
(29) https://europeanjournalists.org/wp-content/uploads/2025/10/SUJ_Stronger-Minds-Stronger-Media_10.2025-1_compressed-1.pdf.
(30) Labouring the news: Management control strategies and work intensification in the digital newsroom, 2023.
(31) ‘We need to set the terms or we’re all screwed’: how newsrooms are tackling AI’s uncertainties and opportunities’, Michael Savage, The Guardian, 22 Márta 2025.
(32) Liberties Media Freedom Report 2025, lch. 13.
(33) The Impact of Changing Work Practices in Journalism in Ireland, Emer Connolly, 2024.
(34) https://taktak.media/2025/03/27/new-survey-of-europes-journalists-finds-more-than-60-are-forced-to-work-other-jobs/.
(35) The impact of stress, anxiety, and burnout on journalists: a systematic review, 2025.
(36) Hier, journalistes: ils ont quitté la profession, Jean-Marie Charon, Entremises, 2021.
(37) Staidéar ó LM4D, Uncovering news deserts in Europe: Risks and opportunities for local and community media in the EU, Verza, et al., https://cmpf.eui.eu/wp-content/uploads/2024/02/CMPF_Uncovering-news-deserts-in-Europe_LM4D-final-report.pdf.
(38) https://cadmus.eui.eu/bitstream/handle/1814/77028/Media%20Pluralism%20Monitor%20Report_2024.pdf.
(39) https://cadmus.eui.eu/server/api/core/bitstreams/b0fef1e3-043a-5880-93ce-cb3ee9ed5d54/content.
(40) https://cadmus.eui.eu/bitstream/handle/1814/77028/Media%20Pluralism%20Monitor%20Report_2024.pdf.
(41) https://oshwiki.osha.europa.eu/en/themes/journalism-and-psychosocial-risk-factors#_edn28.
(42) Rafter, Kevin & Wheatley, Dawn., Irish Journalists at Work: Values, Roles & Influences, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Éire, 2023. Le fáil ar: https://www.dcu.ie/sites/default/files/inline-files/full_irish-journalists-at-work-11122023-1.pdf.
(43) https://wan-ifra.org/2025/04/new-survey-finds-europes-journalists-marked-by-burnout-fearful-of-ai-yet-still-passionate-professionals/.
(44) https://www.mfrr.eu/; https://fom.coe.int/en/accueil.
(45) https://www.ecpmf.eu/mfrr-monitoring-report-2024/.
(46) https://www.osce.org/files/f/documents/b/0/554098_1.pdf.
(47) Tuarascáil 2025 Ardán Chomhairle na hEorpa, lch. 59.
(48) https://edition.cnn.com/2024/10/24/media/polish-radio-ai-presenters-scli-intl.
(49) https://www.vrt.be/vrtnws/nl/2025/06/26/modeblad-elle-gebruikt-nepjournalisten-voor-online-artikels/.
(50) https://oshwiki.osha.europa.eu/en/themes/journalism-and-psychosocial-risk-factors#_edn31.
(51) https://reutersinstitute.politics.ox.ac.uk/digital-news-report/2024.
(52) Monitoring Media Pluralism in the EU, 2025.
(53) Monitoring Media Pluralism in the European Union, 2025.
(54) https://www.publicmediaalliance.org/filling-the-gap-left-by-rfe-rl/.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/867/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)