This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025IE0420
Opinion of the European Economic and Social Committee – Commercial determinants of health (own-initiative opinion)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Deitéarmanaint tráchtála na sláinte — Deitéarmanaint tráchtála na sláinte (tuairim féintionscnaimh) — INT/1080
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Deitéarmanaint tráchtála na sláinte — Deitéarmanaint tráchtála na sláinte (tuairim féintionscnaimh) — INT/1080
EESC 2025/00420
IO C, C/2026/3, 16.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3 |
16.1.2026 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Deitéarmanaint tráchtála na sláinte
Deitéarmanaint tráchtála na sláinte
(tuairim féintionscnaimh)
INT/1080
(C/2026/3)
Rapóirtéir:
Alain COHEURComhrapóirtéir:
Christophe LEFÈVRE|
Comhairleoirí |
Martini HAGIEFSTRATIOU (thar ceann an rapóirtéara) |
|
|
Aymeric BOILLOT (thar ceann an chomhrapóirtéara) |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
23.1.2025 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta – Tuairim féintionscnaimh |
|
An coimisiún atá freagrach |
Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
2.9.2025 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.9.2025 |
|
Seisiún iomlánach Uimh |
599 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
95/0/5 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Cuireann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) béim ar an ngá atá le cur chuige cuimsitheach coisctheach atá bunaithe ar chearta bunúsacha an duine i leith na sláinte agus ar choincheap an nochta do dheitéarmanaint tráchtála na sláinte. Is éard is sainmhíniú orthu sin straitéisí agus cleachtais de chuid gníomhaithe príobháideacha a mbíonn tionchar diúltach acu ar an tsláinte agus ar chothromaíocht an daonlathais. |
|
1.2. |
Athdhearbhaíonn CESE an ról lárnach a chaithfidh an tAontas Eorpach agus na Ballstáit a imirt trí bheartais uaillmhianacha, pleananna gníomhaíochta spriocdhírithe agus cistiú straitéiseach. Thar aon ní eile, sa chéad leagan eile den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), is é sin 2028-2034, ní mór tosaíocht a thabhairt don tsláinte agus don chlaochlú coisctheach mar cholún d’athléimneacht na hEorpa. Chomh maith leis sin, ní mór dó freagairt do leochaileachtaí sláinte, sóisialta, eacnamaíocha, ceirde agus comhshaoil ar measaide na paindéimí, na géarchéimeanna ilghnéitheacha agus na neamhionannais struchtúracha atá ann iad. |
|
1.3. |
Is láidir a chuireann CESE i bhfios go bhfuil an aird iomlánaíoch ar gach gné den tsláinte i gcomhréir go huile agus go hiomlán leis na riachtanais eacnamaíocha atá ann, riachtanais is féidir a nascadh le cuspóirí sláinte poiblí agus a mheas i dtaca le leas an phobail. Dá réir sin, is éard atá á mholadh ag CESE creat beartais cothrom a bheith ann, creat lena gcruthófaí na dálaí riachtanacha do ghnólachtaí Eorpacha chun aistriú i dtreo samhlacha níos sláintiúla. Trí phrionsabal an réamhchúraim, chomh maith le clásal trédhearcachta agus clásal díchill chuí a chomhtháthú sna beartais phoiblí, d’fhéadfadh an tAontas cosaint ní b’fhearr a thabhairt do shláinte na saoránach. Rud eile a d’fhéadfadh sé a dhéanamh an acmhainneacht chun nuálaíochta atá i gcuideachtaí na hEorpa a fhorscaoileadh agus rannchuidiú go gníomhach le hAontas ceannródaíoch i ngeilleagar na dea-bhaile, rud a cheanglódh na nithe seo a leanas le chéile: an fheidhmíocht eacnamaíoch, an comhtháthú sóisialta, an dlúthpháirtíocht sláinte agus an rathúnas inbhuanaithe. |
|
1.4. |
Tá CESE tiomanta don tacaíocht is mithid a thabhairt don Aontas ionas go mbeidh sé iomaíoch. Ní sodar i ndiaidh na gcostas sláinte nó sóisialta is ísle an rud ab fhearr chuige sin ach mór-roinn na hEorpa a bheith ar an mór-roinn is airde caighdeán maireachtála ar domhan. Sin colún de chuid an tionscadail atá i gceist le forbairt na hEorpa. |
|
1.5. |
Tarraingíonn CESE aird freisin ar an ngá atá le cur chuige láidir a áirithiú i leith na sláinte agus na sábháilteachta ar láthair na hoibre, agus sin a bheith i gcomhréir le prionsabal 10 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Tá práinn le neartú na gcreataí atá ann faoi láthair chun rioscaí ceirde a chosc in éadan timpeallachtaí oibre agus bealaí leis an obair a reáchtáil a mbíonn drochthionchar acu ar chúrsaí sláinte. Cur chuige atá dírithe ar cháilíocht na ndálaí oibre, sin rud a chuireann feabhas ar iomaíochas na ngnólachtaí agus ar fholláine na n-oibrithe araon. Is de mheon an rathúnais chomhroinnte a leithéid. |
|
1.6. |
Leagann CESE béim ar roinnt de na tionscadail Eorpacha is léiriú ar an ngá atá le beart a dhéanamh chun déileáil le deitéarmanaint tráchtála na sláinte, go háirithe neartú rialachas na hEorpa maidir le cúram ar luach íseal. Is éard atá i gceist leis sin na tosca tráchtála sin a chur san áireamh i measúnú na gcóras sláinte. Ba cheart sin a bheith i gcomhréir le hobair an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Measúnú ar Fheidhmíocht na gCóras Sláinte (HSPA). Meabhraíonn CESE go bhfuil anailís déanta ag EuroHealthNet d’fhonn creat docht a chruthú le haghaidh cleachtais thionsclaíocha a chothaíonn ró-thomhaltas na dtáirgí cúraim sláinte ainneoin gan aon chruthúnas ann gurb é leas na n-othar é. Tacaíonn CESE le tionscnaimh de leithéid Ghníomhaíocht Chomhpháirteach Prevent-NCD maidir le hAilse agus Galair Neamhtheagmhálacha Eile a Chosc, tionscnaimh a chuireann beartais chomhordaithe chun cinn chun tionscail dhíobhálacha a rialáil, cáin a ghearradh ar tháirgí díobhálacha agus teorainn a chur le margaíocht na dtairgí sin. Cothaíonn CESE cur chuige trasearnála freisin, agus é spreagtha ag samhlacha idirnáisiúnta, an tsamhail atá ag Ceanada, mar shampla, chun deitéarmanaint tráchtála na sláinte a phríomhshruthú i ngach beartas poiblí agus chun córas sláinte atá inbhuanaithe, cothrom agus é bunaithe ar cháilíocht a áirithiú. |
|
1.7. |
Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí an lucht saothair sláinte a ghairmiúlú agus go ndéanfaí infheistíocht san oiliúint eiticiúil agus eolaíoch, faoi mar a mholtar i dtreochlár comhpháirteach na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) agus Chumann na Scoileanna Sláinte Poiblí sa Réigiún Eorpach (ASPHER). Foireann inniúil sin rud riachtanach chun éifeachtacht na mbeartas um chosc a áirithiú. |
|
1.8. |
Molann CESE ról straitéiseach an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) a neartú. Leis sin a dhéanamh, ba cheart an sainordú agus na hacmhainní atá aige a leathnú chun go bhféadfaí, sa bhreis ar na galair theagmhálacha, deitéarmanaint tráchtála na sláinte agus galair neamhtheagmhálacha a chur san áireamh. Is é is aidhm don neartú róil sin acmhainneacht anailíse réamhbhreathnaitheach neamhspleách a thabhairt don Aontas i gcomhréir le dúshláin chomhaimseartha na sláinte poiblí. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE le Faireachlann Eorpach um Dheitéarmanaint Tráchtála na Sláinte a chruthú, faoi choimirce ECDC agus i gcomhar leis na gníomhaireachtaí ábhartha eile (EMA, EU-OSHA, Eurostat, etc.), faoi mar a thuairiscítear i bpointe 6.3. |
|
1.9. |
Tacaíonn CESE leis an gcistiú a leithdháiltear ar earnáil na sláinte sa togra le haghaidh Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034, go háirithe trí bhíthin an Chiste um Iomaíochas, sin agus leis an gcáin ar thobac. Mar sin féin, is oth leis an easpa clár sláinte tiomnaithe arae laghdaíonn sin sofheictheacht na dtosaíochtaí sláinte. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí an cosc, an t-oideachas faoi chúrsaí sláinte agus neartú na gcóras sláinte a phríomhshruthú sna creataí airgeadais náisiúnta agus réigiúnacha (Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí), agus rialachas neartaithe a bheith ann chun déileáil le deitéarmanaint tráchtála na sláinte. |
|
1.10. |
Leagann CESE béim ar an ról tábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag na Ballstáit, ag tacú le comhghuaillíocht de stáit dheonacha a chuireann creataí níos déine chun cinn le haghaidh margaíocht ionsaitheach, an spás digiteach san áireamh. |
|
1.11. |
Tá CESE ag iarraidh go gcruthófaí Lipéad ‘Gnó a bhfuil freagracht na Sláinte air’, lipéad a bhronnfaí ar bhonn critéir dhiana a bheadh fíoraithe go neamhspleách. Tharraingeodh an lipéad sin aird ar chuideachtaí a bhfuil baint acu le laghdú ar chur chun cinn na dtáirgí atá díobhálach don tsláinte, ar an trédhearcacht sna hearnálacha agus ar mhaoiniú na bhfeachtas um chosc. San am céanna, dhéanfaí tionscnaimh chontrártha ‘lena gcruthaítear snas na sláinte’ a rialáil. Sa réimse sin, tharlódh gur maith an spreagadh a bheadh i gcleachtais an gheilleagair shóisialta agus dlúthpháirtíochta. |
|
1.12. |
Tá CESE ag iarraidh go mbeadh an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí na n-othar rannpháirteach go gníomhach agus go córasach ag gach céim d’fhorbairt, de chur chun feidhme agus de mheastóireacht na mbeartas sláinte i gcomhthéacs dheitéarmanaint tráchtála na sláinte, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon. Ag an am céanna, cuireann sé i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé measúnú dian a dhéanamh ar na naisc airgeadais idir eagraíochtaí othar agus tionscail a bhfuil tionchar acu ar an tsláinte, rud a neartóidh trédhearcacht na sásraí cistiúcháin. Is é is aidhm don chur chuige sin anailís a dhéanamh ar thionchar na nasc sin ar bheartais phoiblí, go háirithe i nósanna imeachta údarúcháin, aisíocaíochta agus taighde, agus ionadaíocht éifeachtach ar riachtanais na saoránach á háirithiú san am céanna. |
|
1.13. |
Molann CESE don Aontas an ról atá aige i rialachas domhanda na sláinte poiblí a neartú, go háirithe in obair EDS, G7, G20 agus na Náisiún Aontaithe. |
2. Cur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar dheitéarmanaint na sláinte
|
2.1. |
Ós de chearta bunúsacha an duine í an tsláinte, is le tacar casta de dheitéarmanaint shóisialta, eacnamaíocha, tráchtála, chomhshaoil agus dhigiteacha a mhúnlaítear í, tosca a mbíonn tionchar acu ar stádas na sláinte de ráta is airde ná 70 %. I gcás iompar an duine aonair, ar an taobh eile den scéal, is 10 % atá sa ráta sin. An nochtadh don timpeallacht a tharlaíonn do dhuine ar feadh a shaoil, sin agus ar an tionchar atá ag an nochtadh sin ar shláinte an duine, sin rud arb é an focal ‘easpósóm’ is sainmhíniú air. Molann CESE beartais phoiblí a bheadh bunaithe ar chur chuige córasach a chuireann na deitéarmanaint sin san áireamh. |
|
2.2. |
Galair neamhtheagmhálacha – galair chardashoithíocha, cineálacha éagsúla ailse, galair riospráide ainsealacha, diaibéiteas – is cúis leis an mbás i gcás 90 % de na mairbh, agus is iad is cúis leis an éagumas i gcás 85 % de na daoine san Eoraip a bhfuil éagumas orthu. Is láidir a chuireann CESE i bhfios gur mithid aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna struchtúracha atá leis na donachtaí sin, chomh maith le cosc na dtinneas agus an rochtain ar chúram, d’fhonn feabhas sláinte a áirithiú do chách. |
|
2.3. |
Féachann CESE obair EDS, go háirithe an staidéar a rinne sé ar dheitéarmanaint tráchtála na sláinte (1), ós iontu a shainmhíniú deitéarmanaint tráchtála na sláinte mar straitéisí de chuid na ngníomhaithe príobháideacha a dhéanann uasmhéadú ar a mbrabúis le haimhleas na sláinte poiblí. Tá EDS ag iarraidh go ndéanfaí dianrialáil ar tháirgí díobhálacha agus cánachas athchomhairleach a ghearradh ina leith, mar aon le faireachán breise a dhéanamh ar chleachtais dhíobhálacha trádála. |
|
2.4. |
Is mór an tionchar a imríonn tionscail an tobac, an alcóil, an agraibhia agus an fhuinnimh iontaise ar an tsláinte phoiblí – ardáin dhigiteacha a spreagann bréagaisnéis, cuir i gcás. Is amhlaidh atá ní hamháin de bhrí na dtáirgí a bhíonn á margú acu, ach trí bhíthin na straitéisí brústocaireachta a chleachtann siad, sin agus an tionchar atá acu ar an taighde i ngort na heolaíochta, mar aon leis an acmhainn atá iontu le tionchar a imirt ar bheartais phoiblí ar mhaithe leo féin. |
|
2.5. |
Is mian le CESE béim a chur ar an tábhacht atá leis an gcomhar il-gheallsealbhóra agus leis an gcomhar trasearnála. Ní leor beart aonair gan a mhalairt i dtaca leis: ní mór éirim na mbeartas poiblí a chur in iúl chun na timpeallachtaí ina mairimid a athrú ó bhonn aníos, leis an neamhionannas sláinte go sóisialta a laghdú, sin agus tionchar na ngníomhaithe eacnamaíocha a bhfuil a leas féin ag teacht salach ar an tsláinte phoiblí a atreorú i dtreo gheilleagar na dea-bhaile. |
|
2.6. |
Ós samhail é an tAontas de shochaí chothrom ina mbíonn an t-iomaíochas eacnamaíoch agus an fholláine shóisialta ag neartú a chéile, ní mór dó cur chuige comhtháite a ghlacadh chun tionchair dhiúltacha a bhíonn ag deitéarmanaint tráchtála na sláinte a rialáil agus a chosc. |
3. Tionchar na ndeitéarmanant tráchtála a thuiscint
Doiciméid anailíse na n-institiúidí idirnáisiúnta agus Eorpacha
|
3.1. |
Tá béim curtha ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) ar chleachtais trádála a bhíonn in úsáid ag tionscail áirithe: margaíocht ionsaitheach atá dírithe ar leanaí agus ar phobail leochaileacha (80 % den fhógraíocht le haghaidh bianna sárphróiseáilte, is ar dhaoine óga atá sé dírithe); tionchar ar thaighde trí chistiú tionsclaíoch claonta (contúirt an tobac a cheilt, mar shampla); dianstocaireacht (acmhainní móra a chur chun cinn chun cosc a chur ar bheartais phoiblí a ghlacadh a rachadh chun tairbhe don phobal); costais na ngalar a sheachfhoinsiú chuig an tsochaí; straitéisí chun an fhreagracht a aistriú (e.g. toitíní leictreonacha a chur chun cinn mar rogha nach bhfuil chomh díobhálach céanna), rud a chuireann leis an tionchar a imrítear ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol. |
|
3.2. |
De réir na meastachán is déanaí atá ar fáil (2), tá costais mhóra ann i réimse na heacnamaíochta agus na sláinte, costais arb iad na galair chardashoithíocha, an murtall, agus an díobháil a dhéanann caitheamh an tobac agus ól an alcóil is cúis leo. De réir dealraimh, is airde luach na gcostas sin ar chórais sláinte na hEorpa ná EUR 700 billiún in aghaidh na bliana. Mar a leanas atá an tionchar sin le ríomh: i gcás an tobac – 700 000 bás, EUR 98-130 billiún, suas le 1,39 % de OTI; i gcás an alcóil – 255 000 bás, EUR 125 bhilliún; i gcás an mhurtaill – os cionn EUR 10 mbilliún de chostais cúraim sláinte. Anuas air sin, tá an caiteachas a dhéanann na tionscail dhíobhálacha. Seo sampla den chaiteachas sin: EUR 30 milliún chun cánacha siúcra a shrianadh. Is substaintí díobhálacha (tobac, alcól, bia sárphróiseáilte) is cúis le bás thart ar 2.7 milliún duine in aghaidh na bliana san Eoraip. Is ionann sin agus 25 % de líon iomlán na ndaoine a chailltear (≃ 7 400 duine in aghaidh an lae). |
|
3.3. |
Athdhearbhaíonn CESE gur tosaíocht fós an tsábháilteacht agus an tsláinte cheirde, dhá ní a chumhdaítear i bprionsabal 10 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Neamhláithreacht oibre arb iad na galair ainsealacha agus rioscaí síceasóisialta is cúis leo, is ionann luach an dochair a dhéanann na tréimhsí neamhláithreachta sin agus thart ar 2,5 % go 4 % de OTI an Aontais. Sin idir EUR 470 agus 750 billiún in aghaidh na bliana, de réir staidéir éagsúla, costais dhíreacha agus indíreacha san áireamh (3). |
|
3.4. |
Is mian le CESE béim a chur ar an tábhacht atá le cosc na ngalar néaraimheathlúcháin, galar Parkinson, cuir i gcás. Molann sé go ndéanfaí measúnú riosca feabhsaithe, mar aon le neamhspleáchas eolaíoch agus prionsabal an réamhchúraim, a chur chun cinn (4). |
|
3.5. |
Leagann EDS (5) béim ar an nasc bunúsach idir an tsláinte phoiblí agus an chobhsaíocht eacnamaíoch. Dá réir sin, ba mhian leis nasc a dhéanamh idir cúrsaí beartais agus uirlisí samhaltaithe. |
4. Fáinne óir a chothú do ghnólachtaí Eorpacha
|
4.1. |
Ní bac ar an iomaíochas ar chor ar bith an t-aistriú i dtreo cleachtais ghnó atá fónta freagrach, ach deis rímhaith atá le tapú ag cuideachtaí na hEorpa. Ach aistriú ó tháirgí díobhálacha agus cosc galar neamhtheagmhálach a chomhtháthú sa tsamhail ghnó atá acu, ní hamháin gur féidir le cuideachtaí na rioscaí rialála agus baol an droch-chlú a laghdú, ach is féidir leo an nuálaíocht a spreagadh agus iad féin a dhéanamh níos tarraingtí do na tomhaltóirí agus na hinfheisteoirí. |
|
4.2. |
Le forbairt agus glacadh táirgí atá níos sláintiúla agus inbhuanaithe, cruthaítear fáinne óir ina mbaineann gnólachtaí tairbhe as cobhsaíocht rialála, as éileamh méadaithe ar roghanna malartacha freagracha agus as a bheith i gcomhréir le hionchais na sochaí i réimse na sláinte poiblí. Mar sin féin, ach oiread leis an snas glas, tá riosca iarbhír ag gabháil le snas na sláinte. Dá bhrí sin, tá gá le deimhniú inchreidte Eorpach de chineál ‘Gnó a bhfuil freagracht na sláinte air’ maille le critéir a bheadh dian agus trédhearcach. D’fhéadfadh an tAontas agus na Ballstáit an nuálaíocht fhreagrach a chur chun cinn trí bhíthin scéimeanna dreasachta cánach agus sna nósanna imeachta soláthair phoiblí. |
|
4.3. |
Scor den spleáchas ar thráchtálú na dtáirgí is riosca, sin agus infheistíocht a dhéanamh i roghanna malartacha nuálacha, sin rud a d’fhágfadh ní hamháin go bhféadfadh na cuideachtaí forbairt na rialála a réamh-mheas ach a gcuid iomaíochais a mhéadú go fadtéarmach chomh maith céanna. Nuálaíocht na sláinte poiblí – idir tháirgí, sheirbhísí agus phatrúin tomhaltais – sin luamhán straitéiseach don fhás eacnamaíoch faoin am seo. Ar leibhéal an Aontais, is rud é spreagadh an aistrithe sin atá i gcomhréir go hiomlán leis an dícheall atá á dhéanamh chun an t-iomaíochas a fhorbairt ar bhealach atá bunaithe ar bharr feabhais, ar an nuálaíocht fhreagrach agus ar an inbhuanaitheacht. Is i gcomhthéacs geopholaitiúil lena n-éilítear neartú ar an gceannasacht sláinte, an neamhspleáchas tionsclaíoch agus an tarraingteacht shóisialta atá sin ag tarlú. |
An t-athmhachnamh ar chosc: luamhán straitéiseach i gcomhair an Aontais Eorpaigh
|
4.4. |
Is dímholta dúinn a mheas gur srian nó bagairt don tráchtáil atá sa chostas atá ar an gcosc. A mhalairt atá fíor ós luamhán infheistíochta riachtanach atá ann ó thaobh inbhuanaitheacht na gcóras sláinte de, sin agus ó thaobh fholláine an phobail de chomh maith. Ar an dul céanna, is saintréith de chuid na samhla Eorpaí atá ann, agus saintréith de chuid iomaíochas na hEorpa dá réir. Tacaíonn CESE le córas cánachais atá dírithe ar tháirgí díobhálacha amhail tobac, alcól agus bianna sárphróiseáilte chun gníomhaíochtaí coisctheacha an chórais sláinte a mhaoiniú. |
|
4.5. |
Lucht saothair in earnáil na sláinte poiblí a bheith oilte go maith – sin rud is ríthábhachtach chun dul i ngleic le deitéarmanaint tráchtála na sláinte san Aontas. D’uireasa scileanna agus de cheal eitice, ní leor an dícheall atá á dhéanamh chun tionscail dhíobhálacha a chosc, a rialáil agus chun beartais a chur chun feidhme atá bunaithe ar an bhfianaise. Tacaíonn CESE le treochlár EDS-ASPHER chun acmhainneachtaí an lucht saothair in earnáil na sláinte poiblí a neartú, rud atá ríthábhachtach d’athléimneacht na gcóras sláinte, don rialachas eiticiúil agus don chosaint ar thionchair na tráchtála. |
Éiceachóras fabhrach a chruthú
|
4.6. |
Is mór a rachadh sé chun tairbhe don Aontas dlús a chur leis an aistriú sin chuig geilleagar inbhuanaithe sláinte trí dhreasachtaí airgeadais, creat rialála comhleanúnach agus comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur ar fáil in earnáil an bhia, earnáil na cógaisíochta, earnáil na seirbhísí digiteacha agus in earnáil na dea-bhaile. Ach éiceachóras a fhothú a bheadh fabhrach don nuálaíocht shóisialta agus don tsláinte, d’fhéadfadh an tAontas spreagadh fáis agus spreagadh athléimneachta iarbhír a dhéanamh de chosc na ngalar neamhtheagmhálach. Is cuid den smaoineamh sin freisin feabhsú na gcóireálacha atá ann faoi láthair, sin agus laghdú ar ghalair inchoiscthe, ailse de chineálacha áirithe, cuir i gcás, mar aon le galar Parkinson, nuair a bhraitear iad agus nuair a thugtar aghaidh orthu sula dtéann siad in ainseal. |
|
4.7. |
I gcomhréir le cosaint na sonraí pearsanta, tá CESE ag iarraidh go mbeadh níos mó trédhearcachta ann i ndáil leis na cuspóirí iarbhír atá le leas a bhaint as sonraí sláinte agus tomhaltais, go háirithe nuair a chothaíonn siad córais algartaim fógraíochta nó uirlisí optamaithe iompraíochta. Is gá toirmeasc a chur ar úsáid sonraí sláinte a neartaíonn samhlacha díobhálacha gnó (moladh algartamach táirgí sárphróiseáilte nó truaillitheacha). Tá CESE ag iarraidh go mbeadh creat docht ann chun díriú ar chórais atá bunaithe ar leas a bhaint as leochaileacht leighis nó leochaileacht shóisialta chun díriú ar phobal áirithe ar na meáin, sin agus go ndéanfaí ardáin agus cuideachtaí a mharcáil de réir an leibhéil comhlíonta eitice atá acu (i.e. prionsabal na ‘freagrachta i leith na sláinte digití’). |
|
4.8. |
Is gníomhaithe daonlathacha príomha iad eagraíochtaí na n-othar, ag a bhfuil taithí ar shaol na saoránach, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Tá tábhacht nach beag leis na nithe sin do dhaonlathas na sláinte agus don idirphlé sóisialta. D’fhonn an dlisteanas sin a chaomhnú, molann CESE timpeallacht chumasúcháin thrédhearcach a áirithiú, timpeallacht a chuirfidh ar a gcumas do na heagraíochtaí sin an ról atá acu i gcosaint, in abhcóideacht agus i seachadadh an leasa ghinearálta a chomhlíonadh fad a bhaineann le forbairt, le cur chun feidhme agus le meastóireacht na mbeartas sláinte. |
5. Éilimh agus taithí nithiúil a thabhairt san áireamh
|
5.1. |
Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé taithí agus moltaí nithiúla ó thionscnaimh Eorpacha a rinneadh le déanaí a chur san áireamh ar bhealach níos fearr. Tá foláireamh sa tuarascáil ó Ghrúpa HSPA an Choimisiúin Eorpaigh (6) maidir le ‘cúram ar luach íseal’ a bheith fós ann, is é sin idirghabhálacha leighis gan tairbhe chruthaithe, rud atá á chur chun cinn ag straitéisí tráchtála ionsaitheacha, agus rud is dochar do cháilíocht an chúraim agus d’inbhuanaitheacht airgeadais na gcóras sláinte. Ar an dul céanna, tá na líonraí Eorpacha EuroHealthNet agus Comhghuaillíocht Dhomhanda na nGalar Neamhtheagmhasach (NCD Alliance) (7) ag iarraidh go ndéanfaí rialáil ní ba láidre ar thionscail dhíobhálacha (tobac, alcól, bia sárphróiseáilte) agus tugann siad foláireamh faoin gcumas atá sna tionscail sin tionchar a imirt ar bheartais phoiblí trí bhrústocaireacht agus trí mhargaíocht spriocdhírithe, dhá rud lena n-áirítear an mhargaíocht dhigiteach. Aontaíonn CESE leis na torthaí sin agus tá sé ag iarraidh go ndéanfaí rialachas níos déine ar dheitéarmanaint tráchtála na sláinte. |
|
5.2. |
I gcomhréir leis an móiminteam sin, tacaíonn CESE leis an gcosc ar ghníomhaíocht chomhpháirteach ‘Prevent-NCD’ (8), is é sin an tionscnamh Eorpach comhordaithe chun deitéarmanaint tráchtála na sláinte a chur san áireamh sna beartais chun galair neamhtheagmhálacha a chosc. Is ann a leagtar amach na príomhthograí atá ann le cáin a ghearradh ar tháirgí díobhálacha, le teorainn a chur le margaíocht na dtáirgí sin, le rialacháin neamhspleácha a chruthú, agus le comhar Eorpach a neartú. Ach oiread le Ceanada, áit a bhfuil mapáil na ndeitéarmanant sláinte agus plean um gheilleagar na dea-bhaile curtha chun feidhme, tá CESE ag iarraidh ar an Aontas creat dá leithéid sin a bheith aige féin le haghaidh gníomhaíocht thrasearnálach. Molann sé go nglacfaí straitéis chuimsitheach Eorpach chun deitéarmanaint tráchtála na sláinte a chomhrac, straitéis a bheadh fréamhaithe sa chothroime, sa chosc agus in athléimneacht na gcóras poiblí. |
6. I dtreo creat Eorpach níos láidre do gheilleagar na dea-bhaile
|
6.1. |
Agus aghaidh á tabhairt ag an Aontas ar na dúshláin a bhaineann le deitéarmanaint tráchtála na sláinte, ní mór dó creat uaillmhianach struchtúrtha dea-bhaile a chur i bhfeidhm, creat lena gcomhtháthófaí an tsláinte ina buncholún de chuid na mbeartas poiblí. Tá gá le cur chuige cuimsitheach chuige sin, cur chuige lena gceanglaítear rialachas neartaithe, agus gealltanais cuideachtaí, dreasachtaí eacnamaíocha agus comhar idirnáisiúnta ar a lorg sin. |
|
6.2. |
Prionsabal an réamhchúraim a chur i bhfeidhm i ngach beartas trádála agus tionsclaíoch a dhéanann difear don tsláinte:
|
|
6.3. |
Síneadh a chur le sainordú agus acmhainní an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), e.g. an comhordú le gníomhaireachtaí Eorpacha eile (EMA (cógais leighis), EU-OSHA (antsláinte ar láthair na hoibre):
|
|
6.4. |
An cosc a chomhtháthú sa chéad leagan eile den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil Eorpach:
|
|
6.5. |
Deimhniú Eorpach ‘Gnó a bhfuil freagracht na sláinte air’ a chruthú agus é a bheith bunaithe ar an ngeilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta:
|
|
6.6. |
Beartais Eorpacha a ailíniú le cuspóirí EDS agus na Náisiún Aontaithe:
|
An Bhruiséil, an 18 Meán Fómhair 2025.
Uachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) EDS, Commercial Determinants of Health, 2023.
(2) ` An Coimiún Eorpach (2021 agus blianta eile ina dhiaidh sin): Tionscnamh darb ainm ‘Healthier Together’; Tionscnamh an Aontais i leith na ngalar neamhtheagmhálach: galair neamhtheagmhálacha a chosc; Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (2024): Report on the Commercial Determinants of Noncommunicable Diseases [Tuarascáil ar ghníomhaíochtaí tráchtála a bhfuil tionchar cinntitheach acu ar an tsláinte]; an Coimisiún Eorpach agus ECFE (2024): Health at a Glance: Europe 2024; factóirí riosca agus cosc ar ghalair neamhtheagmhálacha; an Coimisiún Eorpach (2021): Plean Sáraithe Ailse na hEorpa; Eufic (2025): Obesity in Europe [An murtall san Eoraip]; An Tascfhórsa um Beartas Fioscach don tSláinte (2024): Report on industrial pressure: lobbying by the sugar industry [Tuarascáil ar an mbrú tionsclaíoch: an stocaireacht a dhéanann tionscal an tsiúcra].
(3) Institiúid Eorpach na gCeardchumann (ETUI) (2025): The cost of psychosocial exposure in the workplace [Costais shocheacnamaíocha tionóiscí ag an obair agus drochshláinte a bhaineann leis an obair]; an Coimisiún Eorpach agus ECFE (2024): Health at a Glance: Europe 2024; EU-OSHA (2017): An international comparison of the cost of work-related accidents and illnesse [Comparáid idirnáisiúnta idir costas na dtionóiscí agus na ngalar a bhaineann leis an obair], an Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Fostaíochta (2011): Socio-economic costs of accidents at work and work-related ill health [Costais shocheacnamaíocha tionóiscí ag an obair agus drochshláinte a bhaineann leis an obair].
(4) Shan, L, Heusinkveld, H. J., Paul, K. C. et al. ‘ Towards improved screening of toxins for Parkinson’s risk ’, npj Parkinsons Dis. 9, 169 (2023).
(5) EDS Shifting towards fiscally resilient, healthy societies, 2024.
(6) https://ec.europa.eu/newsroom/sante/newsletter-archives/60029.
(7) https://ncdalliance.org/resources/dispelling-health-harming-industry-myths-ncds.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)