Šis dokuments ir izvilkums no tīmekļa vietnes EUR-Lex.
Dokuments 52025DP0282
P10_TA(2025)0282 – Partial renewal of Members of the Court of Auditors - Daniel Caspary – European Parliament decision of 25 November 2025 on the nomination of Daniel Caspary as a Member of the Court of Auditors (C10-0269/2025 – 2025/0809(NLE)) (Consultation)
P10_TA(2025)0282 — Athnuachan pháirteach Comhaltaí den Chúirt Iniúchóirí - Daniel Caspary — Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2025 maidir le Daniel Caspary a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C10-0269/2025 – 2025/0809(NLE)) (Comhairliúchán)
P10_TA(2025)0282 — Athnuachan pháirteach Comhaltaí den Chúirt Iniúchóirí - Daniel Caspary — Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2025 maidir le Daniel Caspary a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C10-0269/2025 – 2025/0809(NLE)) (Comhairliúchán)
IO C, C/2026/1726, 24.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1726/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1726 |
24.4.2026 |
P10_TA(2025)0282
Athnuachan pháirteach Comhaltaí den Chúirt Iniúchóirí - Daniel Caspary
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2025 maidir le Daniel Caspary a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C10-0269/2025 – 2025/0809(NLE))
(Comhairliúchán)
(C/2026/1726)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C10-0269/2025), |
|
— |
ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0238/2025), |
|
A. |
de bhrí, i litir dar dáta an 24 Deireadh Fómhair 2025, go ndeachaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Daniel Caspary a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí; |
|
B. |
de bhrí go ndearna an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa meastóireacht ar dhintiúir Daniel Caspary, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí, mar chuid den mheastóireacht sin, go bhfuair an coiste curriculum vitae ó Daniel Caspary agus na freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a cuireadh chuige; |
|
C. |
de bhrí gur thionóil an coiste ina dhiaidh sin éisteacht an 20 Samhain 2025 le Daniel Caspary, ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ina dhiaidh sin ceisteanna ó chomhaltaí an choiste; |
|
1. |
ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú Daniel Caspary ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar fhaisnéis, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1726/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)