This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025DP0204
P10_TA(2025)0204 – Request for the waiver of the immunity of Péter Magyar – European Parliament decision of 7 October 2025 on the request for the waiver of the immunity of Péter Magyar (2024/2101(IMM))
P10_TA(2025)0204 — Iarraidh ar dhíolúine Péter Magyar a tharscaoileadh — Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2025 ar an iarraidh ar dhíolúine Péter Magyar a tharscaoileadh (2024/2101(IMM))
P10_TA(2025)0204 — Iarraidh ar dhíolúine Péter Magyar a tharscaoileadh — Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2025 ar an iarraidh ar dhíolúine Péter Magyar a tharscaoileadh (2024/2101(IMM))
IO C, C/2026/1536, 15.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1536/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1536 |
15.4.2026 |
P10_TA(2025)0204
Iarraidh ar dhíolúine Péter Magyar a tharscaoileadh
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2025 ar an iarraidh ar dhíolúine Péter Magyar a tharscaoileadh (2024/2101(IMM))
(C/2026/1536)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Péter Magyar a thíolaic Cúirt Dúiche Lárnach Pest san Ungáir dar dáta an 3 Deireadh Fómhair 2024 i dtaca le himeachtaí coiriúla a tionscnaíodh ina choinne trí thairiscint phríobháideach, agus a fógraíodh sa Pharlaimint an 13 Samhain 2024, |
|
— |
tar éis éisteacht a thabhairt do Péter Magyar an 24 Meitheamh 2025 i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal (Uimh. 7) ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 4(2) de Dhlí Bunúsach na hUngáire, |
|
— |
ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013, 19 Nollaig 2019 agus an 5 Iúil 2023 (1), |
|
— |
ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0181/2025), |
|
A. |
de bhrí, an 3 Deireadh Fómhair 2024, gur thíolaic Cúirt Dúiche Lárnach Pest san Ungáir iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Péter Magyar, Feisire de Pharlaimint na hEorpa a toghadh san Ungáir, i ndáil le himeachtaí coiriúla mar gheall ar chlúmhilleadh os comhair an phobail i gcoitinne, a thionscain páirtí ionchúisimh príobháideach ina choinne; |
|
B. |
de bhrí, de réir na tairisceana príobháidí atá san iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh, gur mhaígh Péter Magyar, ag freagairt dó don phreas ag imeacht ceiliúrtha a reáchtáladh i mBúdaipeist an 20 Lúnasa 2024, gur ‘choirpeach coiteann’ a bhí sa pháirtí ionchúisimh príobháideach; |
|
C. |
de bhrí, de réir an pháirtí ionchúisimh phríobháidigh, gur cuireadh an ráiteas a rinne Péter Magyar in iúl mar fhíric ag imeacht ar fhreastail líon mór daoine air, lena n-áirítear baill an phreasa; de bhrí go maíonn an páirtí ionchúisimh príobháideach, mar sin, go ndearna Péter Magyar clúmhilleadh os comhair an phobail i gcoitinne, cion de bhun Alt 226(1), i gcomhar le pointe (b) de mhír (2) den alt céanna, d’Acht C 2012 den Chód Coiriúil (Cód Coiriúil na hUngáire); |
|
D. |
de bhrí gur toghadh Péter Magyar sna toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh 2024 agus go raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth an chiona líomhnaithe; |
|
E. |
de bhrí nach ionann an cion líomhnaithe, agus nach bhfuil baint ag an iarraidh ina dhiaidh sin ar dhíolúine a tharscaoileadh, le tuairim a thug Péter Magyar ná le vóta a chaith sé agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh; |
|
F. |
de bhrí go sonraítear i bhfomhír 1(a) d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go dteachtann Feisirí Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar d’fheisirí pharlaimint na tíre sin; |
|
G. |
de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 4(2) de Dhlí Bunúsach na hUngáire go dteachtann comhaltaí de Pharlaimint na hUngáire díolúine pharlaiminteach; de bhrí, de bhun Alt 79(2) d’Acht Uimh. XXXVI 2012 maidir leis an Tionól Náisiúnta, go mbeidh an díolúine chéanna ag duine atá cláraithe le héifeacht chríochnaitheach agus cheangailteach mar iarrthóir agus atá ag comhaltaí go dtí go mbeidh toradh an toghcháin críochnaitheach agus ceangailteach, agus de bhrí, in aon chás, de bhun Alt 79(1) de, go mbeidh díolúine ag na Feisirí ó lá a dtofa; de bhrí, de bhun Airteagal 74(1) de Dhlí Uimh. XXXVI de 2012 a bhaineann leis an bParlaimint Náisiúnta, nach féidir imeachtaí coiriúla nó, i gcás ina ndiúltaítear díolúine a tharscaoileadh go deonach sa chás i dtrácht, imeachtaí sáraithe a thionscnamh ná a ionchúiseamh, agus nach féidir bearta comhéigneacha faoin nós imeachta coiriúla ceangailteacha a chur i bhfeidhm i gcoinne Feisire ach amháin i gcás ina bhfuil toiliú faighte roimh ré ón bParlaimint Náisiúnta; |
|
H. |
de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) de na Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta d’Fheisire díolúine pharlaiminteach, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas Pharlaimint na hEorpa ina hiomláine agus a cuid Feisirí; |
|
I. |
de bhrí gurb é is cuspóir don díolúine dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh an Pharlaimint agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin; |
|
J. |
de réir go leanann sé ó chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhfuil rogha leathan ag an bParlaimint ‘nuair a chinntear iarraidh ar tharscaoileadh díolúine a dheonú nó diúltú di (...), de bharr cineál polaitúil cinnidh den sórt sin’ (2); |
|
K. |
de bhrí gurb é Péter Magyar uachtarán Pháirtí Tisza (Tisztelet és Szabadság Párt), atá anois ar an bpáirtí freasúra is mó san Ungáir ó chuaigh sé isteach ann in Aibreán 2024; de bhrí go raibh Péter Magyar, a bhí ina cheann chomh maith ar liosta iarrthóirí an pháirtí sin do thoghcháin Eorpacha 2024, ina fhreasúra glórach ar bheartais agus ar sheasaimh rialtas na hUngáire, lena n-áirítear iad siúd a bhain leis an Aontas; |
|
L. |
de bhrí go raibh an páirtí ionchúisimh príobháideach ina pholaiteoir agus ina Chomhalta de Thionól Náisiúnta na hUngáire do Fidesz, páirtí rialaithe na hUngáire go dtí Bealtaine 2022 agus gur polaiteoir áitiúil agus méara baile é ó Mheitheamh 2024 i leith; de bhrí go ndúirt Péter Magyar — mar fhreagairt ar agallamh níos luaithe leis an bpreas inar luaigh an páirtí ionchúisimh príobháideach go raibh barúlacha Péter Magyar [i dtaobh Fidesz] fíor — ‘Sílim gur iarr Fidesz air [an páirtí ionchúisimh príobháideach] na rudaí sin a rá fúm [Péter Magyar] mar mhalairt ar an bhféidearthacht moill a chur ar na himeachtaí coiriúla beagán níos faide agus gan dul chun príosúin’; de bhrí gur deimhin go raibh baint ag an bpáirtí ionchúisimh príobháideach le scannal caimiléireachta mór le rá agus go bhfuil cúisimh choiriúla i ndán dó; |
|
M. |
de bhrí go ndealraíonn sé gur féidir éilimh chlúmhillte faoi dhlí na hUngáire a shaothrú ar bhonn an dlí choiriúil agus ar bhonn dlí shibhialta araon, agus difríochtaí suaithinseacha sna hiarmhairtí dlíthiúla comhfhreagracha féideartha, lena n-áirítear príosúnacht; de bhrí, sa chás seo, go gcuireann an rogha chun caingean choiriúil a thionscnamh amhras ar an gcuspóir maíte díobháil iarbhír do chlú a cheartú agus, mar sin, go bhféadfaí go sáródh aidhm na caingne an cuspóir dlisteanach sin agus go bhfuil sé chun dochar a dhéanamh do chlú Péter Magyar; |
|
N. |
de bhrí go gcuireann na gnéithe a nochtadh thuas amhras faoin rún atá taobh thiar den tairiscint phríobháideach a rinne an páirtí ionchúisimh príobháideach; de bhrí go ndealraíonn sé, mar sin, sa chás sin gur féidir glacadh leis gur ann do chás fumus persecutionis, i.e. ‘fianaise nithiúil’ (3) ina léirítear gur tionscnaíodh na himeachtaí dlíthiúla le hintinn an bonn a bhaint ó ghníomhaíocht pholaitiúil Péter Magyar, agus go háirithe a ghníomhaíocht mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa; |
|
O. |
de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir (4); |
|
1. |
á chinneadh gan díolúine Péter Magyar a tharscaoileadh; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil na hUngáire agus chuig Péter Magyar. |
(1) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v an Pharlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Iúil 2023, Puigdemont i Casamajó agus Eile v an Pharlaimint, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373;
(2) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23, mír 59 agus an cásdlí a luaitear.
(3) Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 17 Meán Fómhair 2020, Troszczynski, C-12/19, ECLI:EU:C:2020:725, mír 26.
(4) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v an Pharlaimint, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1536/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)