Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DP0201

P10_TA(2025)0201 — Iarraidh ar dhíolúine Michał Dworczyk a tharscaoileadh — Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Michał Dworczyk (2024/2044(IMM))

IO C, C/2026/1533, 15.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1533/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1533/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1533

15.4.2026

P10_TA(2025)0201

Iarraidh ar dhíolúine Michał Dworczyk a tharscaoileadh

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Michał Dworczyk (2024/2044(IMM))

(C/2026/1533)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Michał Dworczyk, a chuir Ard-Ionchúisitheoir Phoblacht na Polainne ar aghaidh an 29 Lúnasa 2024, lena dtarchuireadh iarraidh arna cur isteach ag Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Réigiúnach Vársá i ndáil leis na himeachtaí coiriúla atá le tabhairt i gcoinne Michał Dworczyk, agus a cuireadh in iúl i suí iomlánach an 16 Meán Fómhair 2024,

tar éis di éisteacht a thabhairt do Michał Dworczyk an 13 Feabhra 2025 agus ag féachaint don doiciméad a thíolaic sé i gcomhréir le hAirteagal 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don fhaisnéis bhreise a chuir Ionchúisitheoir Poiblí Réigiúnach Vársá ar fáil an 28 Márta agus an 8 Bealtaine 2025,

ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

ag féachaint do bhreithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013, an 19 Nollaig 2019 agus an 5 Iúil 2023  (1),

ag féachaint d’Airteagail 105(2) agus (5) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne:

ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0178/2025),

A.

de bhrí gur sheol Ard-Ionchúisitheoir Phoblacht na Polainne, i litir dar dáta an 29 Lúnasa 2024, iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Michał Dworczyk, arna tíolacadh ag Oifig an Ionchúisitheora Poiblí Réigiúnach Vársá, i ndáil le sáruithe líomhnaithe faoi Airteagal 231(1) agus Airteagal 239(1) i gcomhar le hAirteagal 11(2) de Chód Coiriúil na Polainne;

B.

de bhrí gur thuairiscigh Michał Dworczyk don Ghníomhaireacht Slándála Inmheánaí an 8 Meitheamh 2021 gur bhain daoine anaithnide mí-úsáid as sonraí rochtana ar a ríomhphost agus, tar éis an tuairiscithe sin, gur chuir Oifig an Ionchúisitheora Poiblí Réigiúnach Vársá tús le himscrúdú an 10 Meitheamh 2021, i ndiaidh ionsaí fioscaireachta, maidir le mí-úsáid sonraí rochtana ríomhphoist a bhain le Michał Dworczyk, a bhí an tráth sin ina Cheann Cabinet Uachtarán Chomhairle Airí na Polainne;

C.

de bhrí, le linn an imscrúdaithe sin, gur líomhnaigh Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Réigiúnach Vársá gur sháraigh Michał Dworczyk, idir an 19 Nollaig 2017 agus an 8 Meitheamh 2021, a chumhachtaí mar Cheann Cabinet Uachtarán Chomhairle na nAirí nó gur mhainnigh sé a dhualgais a chomhlíonadh, agus de bhrí gur chinn oifig an ionchúisitheora chéanna an 13 Meitheamh 2022 imeachtaí coiriúla ar leithligh a thionscnamh maidir le húsáid a bhosca poist phríobháidigh i bhfeidhmiú a dhualgas oifigiúil, cuid den chomhfhreagras ríomhphoist gairmiúil atá ina bhosca ríomhphoist príobháideach a bhaint, tar éis é a bheith curtha ar fáil go poiblí go raibh rochtain ag daoine aonair anaithnide ar an mbosca ríomhphoist sin agus doiciméid rúnaicmithe a choinneáil ina bhosca poist príobháideach, rud a bhain an bonn de leas an phobail agus a chuir bac ar imscrúdú coiriúil arna dhéanamh ag Oifig Ionchúisitheora Poiblí Réigiúnach Vársá; de bhrí gur cuireadh síneadh leis an imscrúdú ar an nós imeachta ar leithligh sin go minic chun na céimeanna nós imeachta a chur i gcrích, inter alia, maidir le hanailís a dhéanamh ar inneachar ríomhphost ó bhosca ríomhphoist príobháideach Michał Dworczyk agus maidir le finnéithe agus amhrastach a chur faoi agallamh, dar dáta an 22 Bealtaine 2024; de bhrí, ós rud é go bhfuil Michał Dworczyk ina Chomhalta de Sejm na Polainne ón 13 Samhain 2023, gur cuireadh iarraidh ar údarú chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh ina choinne faoi bhráid an Sejm an 6 Meitheamh 2024 sular eisíodh ordú chun é a dhíotáil, agus de bhrí gur dúnadh na himeachtaí tar éis na hiarrata sin i bhfianaise dhul in éag an tsainordaithe mar Chomhalta de Sejm de Michał Dworczyk, a toghadh mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;

D.

de bhrí, le linn na n-imscrúduithe sin, gur líomhnaíodh, idir an 1 Márta 2017 agus an 18 Nollaig 2017 gur mhainnigh Michał Dworczyk mar Státrúnaí san Aireacht Cosanta Náisiúnta agus ón 19 Nollaig 2017 go dtí an 8 Meitheamh 2021 mar Aire, mar chomhalta de Chomhairle na nAirí agus mar Cheann Cabinet Uachtarán Chomhairle na nAirí na hoibleagáidí a chomhlíonadh a leagtar síos, inter alia, le dlí an 5 Lúnasa 2010 maidir le faisnéis rúnaicmithe a chosaint, a mhéid a d’úsáid sé bosca ríomhphoist príobháideach neamhdheimhnithe agus neamhshlán chun comhfhreagras a mhalartú le linn dó a dhualgais oifigiúla a dhéanamh, comhfhreagras ina bhfuil, inter alia, faisnéis rúnaicmithe, saincheisteanna cosanta agus slándála Stáit, saincheisteanna seirbhísí speisialta, saincheisteanna slándála faisnéise, etc., agus ar an gcaoi sin dochar a dhéanamh don leas ginearálta; de bhrí gur sárú de bhun Airteagal 231(1) de Chód Coiriúil na Polainne iad a ghníomhaíochtaí líomhnaithe;

E.

de bhrí go líomhnaítear, sa tréimhse ón 8 go dtí an 22 Meitheamh 2021, gur chuir Michał Dworczyk bac ar imeachtaí coiriúla ina dhiaidh sin trí threoir a thabhairt do thríú duine faisnéis áirithe a bhaint go buan dá bhosca poist príobháideach, agus ar an gcaoi sin fianaise a scriosadh; de bhrí gurb ionann a ghníomhaíocht líomhnaithe agus cion de bhun Airteagal 239(1) i gcomhar le hAirteagal 11(2) de Chód Coiriúil na Polainne;

F.

de bhrí gur toghadh Michał Dworczyk chuig Parlaimint na hEorpa i dtoghcháin Eorpacha mhí an Mheithimh 2024; de bhrí nach raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth na sáruithe líomhnaithe, ná tráth thionscnamh an imscrúdaithe choiriúil, lena n-áirítear na himeachtaí coiriúla ar leithligh, maidir leis na sáruithe líomhnaithe;

G.

de bhrí nach bhfuil baint ag na sáruithe líomhnaithe agus an iarraidh ar tharscaoileadh a dhíolúine a eascraíonn astu leis na tuairimí a thug Michał Dworczyk ná leis na vótaí a chaith sé i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;

H.

de bhrí go sonraítear i bhfomhír 1(a) d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go bhfuil ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a stáit féin, na díolúintí a thugtar d’fheisirí pharlaimint na tíre sin;

I.

de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 105(2) agus (5) de Bhunreacht na Polainne, ón lá a fógraíodh torthaí na dtoghchán go dtí an lá a rachaidh a shainordú nó a sainordú in éag, nach gcuirfear Teachta faoi réir cuntasacht choiriúil gan toiliú Sejm Phoblacht na Polainne agus nach gcoinneofar ná nach ngabhfar é nó í gan toiliú an Sejm, ach amháin i gcásanna inar gabhadh é nó í agus cion á dhéanamh aige nó aici agus inar gá é nó í a choinneáil chun conair cheart na n-imeachtaí a áirithiú;

J.

de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;

K.

de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a Feisirí;

L.

de bhrí nár aimsigh an Pharlaimint, sa chás seo, aon fhianaise ar fumus persecutionis, is é sin, na gnéithe fíorasacha a thugann le fios go bhféadfadh sé gurb é rún an nós imeachta dlíthiúil atá i gceist ná dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;

M.

de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chúisí (2);

1.

ag cinneadh dhíolúine Michał Dworczyk a tharscaoileadh

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Phoblacht na Polainne agus chuig Michał Dworczyk.


(1)  breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v an Pharlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543. EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Iúil 2023, Puigdemont i Casamajó e.a. v an Pharlaimint, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373;

(2)  breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v an Pharlaimint, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1533/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top