AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,27.11.2025
COM(2025) 740 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac
CLÁR NA nÁBHAR
1.
RÉAMHRÁ
2.
BEARTA CUR CHUN FEIDHME
2.1.
Próiseáil sonraí pearsanta ag soláthraithe (Airteagal 3(1)(g)(vii))
2.1.1.
Cineál agus méideanna na sonraí a phróiseáiltear
2.1.2. Forais phróiseála faoi Rialachán (AE) 2016/679
2.1.3.
Foras aistrithe sonraí pearsanta lasmuigh den Aontas
2.1.4.
An líon cásanna de mhí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a sainaithníodh, agus idirdhealú á dhéanamh idir ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí agus sirtheoireacht leanaí
2.1.5.
Sásamh agus toradh an úsáideora
2.1.6.
Líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhnigh) na dteicneolaíochtaí éagsúla a úsáidtear
2.1.7.
Na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun an ráta earráide a theorannú agus an ráta earráide a bhaintear amach a theorannú
2.1.8.
Polasaí coinneála agus coimircí maidir le cosaint sonraí
2.1.9.
Eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail agus ar roinneadh sonraí leo
2.2.
Staitisticí na mBallstát (Airteagal 8)
2.2.1. An líon iomlán tuarascálacha ar mhí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a braitheadh
2.2.2. An líon leanaí a sainaithníodh
2.2.3. An líon déantóirí coire a ciontaíodh
2.3.
Forbairtí sa dul chun cinn teicneolaíoch
2.3.1. Ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí aitheanta a bhrath
2.3.2. Ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí nua a bhrath
2.3.3. Sirtheoireacht páistí ar líne chun críoch collaíochta a bhrath
2.3.4. IS giniúnach a úsáid chun críche mí‑úsáid ghnéasach leanaí
3.
CONCLÚIDÍ
1.RÉAMHRÁ
Tá méadú ag teacht ar an mí‑úsáid a bhaintear as seirbhísí cumarsáide idirphearsanta chun ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a chomhroinnt agus le haghaidh sirtheoireacht páistí ar líne chun críoch collaíochta (‘mealltóireacht’). Mar thoradh air sin, bhain soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta áirithe atá neamhspleách ar uimhir, amhail seirbhísí poist gréasáin agus seirbhísí teachtaireachtaí (‘soláthraithe’), úsáid as teicneolaíochtaí sonracha ar bhonn deonach chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a gcuid seirbhísí agus í a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail in aghaidh mí‑úsáid ghnéasach leanaí. Tá ról luachmhar ag gníomhaíochtaí deonacha den sórt sin maidir le cuidiú ó thaobh íospartaigh a shainaithint agus a tharrtháil, mealltóireacht leanaí agus scaipeadh ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí ar líne a laghdú, agus cionta mí‑úsáide gnéasaí leanaí a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Chun gur féidir leanúint d’iarrachtaí deonacha chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí a shainaithint, déantar foráil le Rialachán (AE) 2021/1232
(‘an Rialachán’), arna leasú le Rialachán (AE) 2024/1307 an 29 Aibreán 2024, maidir le maolú sealadach ar Airteagail 5(1) agus 6(1) de Threoir 2002/58/CE.
Le hAirteagal 9 den Rialachán, ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil cur chun feidhme a chur ar fáil, ar bhonn sonraí ó sholáthraithe agus ó na Ballstáit, agus an méid seo a leanas a bhreithniú inti, go háirithe:
(a)na coinníollacha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ábhartha agus sonraí eile a phróiseáiltear faoin Rialachán;
(b)comhréireacht an mhaolaithe dá bhforáiltear sa Rialachán, lena n‑áirítear measúnú ar an staidreamh arna thíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 8;
(c)forbairtí sa dul chun cinn teicneolaíoch maidir leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán, agus a mhéid a fheabhsaítear cruinneas agus a laghdaítear an líon earráidí agus na cóimheasa earráidí (bréagdheimhnigh) de bharr na bhforbairtí sin.
Is í seo an dara tuarascáil cur chun feidhme faoin Rialachán, tar éis na chéad tuarascála a glacadh an 19 Nollaig 2023. Cuireann sí leis na sonraí a fuarthas ó shin, trí thuairisciú ó sholáthraithe agus ó na Ballstáit de bhun Airteagal 3(1)(g)(vii) agus Airteagal 8, faoi seach.
Leis an gcéad tuarascáil, tugadh chun solais éagothromaíochtaí suntasacha maidir le hinfhaighteacht na sonraí, na cineálacha sonraí a bailíodh, agus, dá bhrí sin, inchomparáideacht na sonraí a bhailigh soláthraithe agus na Ballstáit. Léiríonn an dara tuarascáil seo gurb ann fós do na saincheisteanna sin. Níor bhain na soláthraithe úsáid as an bhfoirm chaighdeánach le haghaidh tuairisciú a leagtar amach sa Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún a glacadh an 25 Samhain 2024, arb í an fhoirm í a cheanglaítear le hAirteagal 3(4) den Rialachán, agus d’áitigh siad nach raibh sí ar fáil ach i dtreo dheireadh na tréimhse tuairisciúcháin. Chomh maith leis sin, chomhroinn siad cineálacha éagsúla faisnéise nach gá a bheith inchomparáide. Bhí go leor Ballstát déanach ag soláthar sonraí agus níor sholáthair cuid díobh ach sonraí páirteacha nó ní raibh siad in ann aon sonraí a sholáthar sular foilsíodh an tuarascáil seo. Rinne an Coimisiún measúnú iar-iniúchta mar spreagadh chun na sonraí a chur isteach agus lena gcumasófaí a léirmhíniú ceart. Bhí tionchar nach beag ag an méid sin ar uainiú agus cuimsitheacht na tuarascála i gcoitinne. D’ainneoin iarrachtaí chun comhleanúnachas sonraí agus a n‑inchomparáideacht a áirithiú, tá éagothromaíochtaí fós ann.
Féachtar sa tuarascáil seo le forléargas fíorasach a thabhairt ar staid na himeartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin, bunaithe ar na sonraí atá ar fáil. Níl aon léirmhíniú sa tuarascáil ar an Rialachán agus ní ghlacann sí aon seasamh maidir leis an gcaoi ar léiríodh agus ar cuireadh i bhfeidhm go praiticiúil é.
2.BEARTA CUR CHUN FEIDHME
2.1.Próiseáil sonraí pearsanta ag soláthraithe (Airteagal 3(1)(g)(vii))
Le hAirteagal 3(1)(g)(vii) den Rialachán, leagtar síos na coinníollacha do sholáthraithe atá ag gníomhú faoin maolú atá ann tuarascáil a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid an údaráis inniúil maoirseachta agus faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 3 Feabhra 2022, agus faoin 31 Eanáir gach bliain ina dhiaidh sin, maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo. Chuir Google, LinkedIn, Meta, Microsoft, agus Yubo tuarascálacha isteach, le haghaidh 2023 agus 2024. Cumhdaítear sa tuarascáil seo na sonraí a chuir soláthraithe isteach le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024, is amhlaidh a chumhdaítear na sonraí le haghaidh 2021 agus 2022 sa tuarascáil roimhe seo.
2.1.1.Cineál agus méideanna na sonraí a phróiseáiltear
Thuairiscigh soláthraithe próiseáil a dhéanamh ar ábhar agus ar shonraí tráchta araon. A mhéid a bhaineann le hábhar na sonraí a phróiseáiltear chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath, luaigh gach soláthraí íomhánna agus físeáin. Thagair Google do phróiseáil cineálacha eile meán freisin.
Maidir leis na sonraí tráchta a bailíodh, bhí na tuarascálacha ó na soláthraithe éagsúil go leor:
a)sonraí a bhaineann leis an gcuntas úsáideora (Google, LinkedIn, Microsoft, Yubo), e.g. aitheantas úsáideora, ainm úsáideora, agus seoladh IP;
b)meiteashonraí a bhaineann leis an ábhar (Google, LinkedIn, Microsoft, Yubo);
c)sonraí a bhaineann le híospartach féideartha (Google);
d)sonraí maidir le hoibríochtaí mí‑úsáide (Google).
Sholáthair LinkedIn agus Microsoft faisnéis maidir leis na méideanna sonraí a próiseáladh faoin Rialachán, ach níor chuir na soláthraithe eile sonraí isteach ina leith sin. Thuairiscigh LinkedIn gur próiseáladh os cionn 24 mhilliún íomhá agus os cionn 1 mhilliún físeán in 2023 agus os cionn 22 mhilliún íomhá agus os cionn 2 mhilliún físeán in 2024, ar de thionscnamh an Aontais iad sa dá bhliain sin. Thuairiscigh Microsoft gur próiseáladh os cionn 11,7 billiún mír ábhair ar fud an domhain in 2023, agus 9,6 billiún mír ábhair ar fud an domhain in 2024, gan na sonraí a bhain leis an Aontas a shonrú.
2.1.2. Forais phróiseála faoi Rialachán (AE) 2016/679
Thuairiscigh gach soláthraí go raibh siad ag brath ar cheann amháin nó níos mó de na forais shonracha faoi Rialachán (AE) 2016/679 – an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (‘RGCS’) : Airteagal 6(1)(d) (Google, Meta, Yubo), (e) (LinkedIn, Microsoft, Meta, Yubo) agus (f) (Google, Meta, Yubo).
2.1.3.Foras aistrithe sonraí pearsanta lasmuigh den Aontas
Thuairiscigh gach soláthraí go raibh siad ag brath ar shásraí traschurtha sonraí faoi RGCS, lena n‑áirítear clásail chosanta sonraí arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 46(2)(c) RGCS. Thuairiscigh Google, Microsoft, LinkedIn agus Yubo freisin gur comhlíonadh Creat Príobháideachais Sonraí AE-SAM.
2.1.4.An líon cásanna de mhí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a sainaithníodh, agus idirdhealú á dhéanamh idir ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí agus sirtheoireacht leanaí
Tábla 1: An líon cásanna de mhí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a sainaithníodh in 2023
|
Soláthraí
|
An líon cásanna
|
Barúlacha
|
|
Google
|
1 558 mír ábhair
|
Seoladh 734 thuairisc ar ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí chuig an Lárionad Náisiúnta um Leanaí ar Iarraidh agus Leanaí ar Thángthas i dTír Orthu (NCMEC). Tuairiscíodh maidir le 635 chuntas Google gur sheol siad mír ábhair mí‑úsáide gnéasaí leanaí amháin ar a laghad.
|
|
LinkedIn
|
2 mhír ábhair
|
Shainaithin LinkedIn 2 íomhá agus 0 físeán ar ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhí iontu.
|
|
Meta
|
3,6 milliún mír ábhair
|
Míreanna ábhair ar ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhí iontu i ndáil le húsáideoirí AE.
|
|
Microsoft
|
9 000 mír ábhair
|
Sainaithníodh os cionn 32 000 mír ábhair ar fud an domhain mar ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí le linn na tréimhse, agus ba ón Aontas do níos mó ná 9 000 de na míreanna ábhair sin.
|
|
Yubo
|
7 720 cás
|
Chuir Yubo 7 720 cuntas ar fionraí san Aontas in 2023, agus rinneadh sin i gcás 2 chuntas díobh de bharr ábhar aitheanta mí‑úsáide gnéasaí leanaí a chomhroinnt, i gcás 938 gcuntas díobh de bharr ábhar nua mí‑úsáide gnéasaí leanaí a chomhroinnt, agus i gcás 6 780 cuntas díobh de bharr sirtheoireacht a dhéanamh ar leanbh nó teacht i dtír gnéasach a dhéanamh ar leanbh.
|
Tábla 2: An líon cásanna de mhí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a sainaithníodh in 2024
|
Soláthraí
|
An líon cásanna
|
Barúlacha
|
|
Google
|
1 824 mír ábhair
|
Seoladh 508 dtuairisc ar ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí chuig NCMEC. Tuairiscíodh maidir le 503 chuntas Google gur sheol siad mír ábhair mí‑úsáide gnéasaí leanaí amháin ar a laghad.
|
|
LinkedIn
|
Mír ábhair amháin
|
Shainaithin LinkedIn comhad íomhá amháin arb ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhí ann, agus níor shainaithin sé físeán ar bith arb ábhar den chineál sin a bhí ann.
|
|
Meta
|
1,5 milliún mír ábhair
|
Míreanna ábhair ar ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhí iontu i ndáil le húsáideoirí AE.
|
|
Microsoft
|
Os cionn 5 800 mír ábhair
|
Sainaithníodh níos mó ná 26 000 mír ábhair ar fud an domhain mar ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí, agus ba ón Aontas do níos mó ná 5 800 de na míreanna ábhair sin.
|
|
Yubo
|
4 484 cás
|
Shainaithin Yubo 742 chás a bhain le hábhar nua mí‑úsáide gnéasaí leanaí agus 3 742 chás a bhain le sirtheoireacht leanaí.
|
Ós rud é go dtuairiscíonn na soláthraithe thuasluaite uile do NCMEC sna Stáit Aontaithe (féach Roinn 2.1.9.), chomh maith le soláthraithe eile nár thuairiscigh don Choimisiún, soláthraítear le sonraí NCMEC, i bprionsabal, forléargas níos cuimsithí ar na tuarascálacha ar mhí‑úsáid ghnéasach leanaí san Aontas. Thuairiscigh NCMEC go bhfuarthas an líon míreanna ábhair seo a leanas (íomhánna, físeáin agus comhaid eile) agus cásanna sirtheoireachta leanaí a bhaineann leis an Aontas in aghaidh na bliana:
2.1.5.Sásamh agus toradh an úsáideora
Faoi Airteagal 3(1)(g)(iv) den Rialachán, tá soláthraithe le nósanna imeachta agus sásraí sásaimh iomchuí a bhunú chun a áirithiú gur féidir le húsáideoirí gearáin a thaisceadh leo. Ina theannta sin, leagtar amach rialacha maidir le leigheas breithiúnach in Airteagal 5.
Thuairiscigh gach soláthraí líon gearán úsáideora maidir le hábhair a bhí faoi raon feidhme an Rialacháin laistigh den Aontas, agus torthaí na ngearán sin. Thagair na soláthraithe do ghearáin in aghaidh míreanna ábhair a bheith á mbaint anuas nó do ghearáin in aghaidh fionraí chuntais úsáideora, gan faisnéis ar leithligh a chur isteach maidir leis an dá chatagóir. Thuairiscigh Google agus Yubo ar leithligh freisin maidir le gearáin a taisceadh le húdarás breithiúnachta. Dá bhrí sin, léirítear sna táblaí thíos nósanna imeachta sásaimh inmheánacha, agus áirítear iontu faisnéis maidir le leigheas breithiúnach sna barúlacha i gcás ina bhfuil na sonraí ar fáil; go dtí seo, níor tuairiscíodh aon chás gearán le húdarás breithiúnach.
Tábla 3: An líon cásanna inar thaisc úsáideoir gearán leis an sásra sásaimh inmheánaigh nó le húdarás breithiúnach agus toradh na ngearán sin in 2023
|
Soláthraí
|
Gearáin ó úsáideoirí
|
Cuntais a aischuireadh
|
Míreanna ábhair a aischuireadh
|
Barúlacha
|
|
Google
|
297
|
10
|
neamhbhainteach
|
Tá an líon cásanna gearán ó úsáideoirí ina léiriú ar achomhairc a taisceadh leis an sásra sásaimh inmheánaigh in aghaidh fionraí cuntais úsáideora. Níor thaisc aon úsáideoir gearán le húdarás breithiúnach.
|
|
LinkedIn
|
0
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
|
|
Meta
|
thart ar 254 500
|
neamhbhainteach
|
thart ar 11 600
|
Rinne úsáideoirí achomharc in aghaidh na mbeart a rinneadh i gcás thart ar 254 500 mír ábhair. Tar éis an phróisis achomhairc, athbhunaíodh thart ar 11 600 mír ábhair, agus aisiompaíodh gníomhaíochtaí cuntais.
|
|
Microsoft
|
0
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
|
|
Yubo
|
1 159
|
50
|
neamhbhainteach
|
Measann Yubo gur athbhunaíodh thart ar 50 cuntas atá bunaithe san Aontas tar éis na n‑achomharc sin. Níor thaisc aon úsáideoir gearán leis an údarás breithiúnach san Aontas.
|
Tábla 4: An líon cásanna inar thaisc úsáideoir gearán leis an sásra sásaimh inmheánaigh nó le húdarás breithiúnach agus toradh na ngearán sin in 2024
|
Soláthraí
|
Gearáin ó úsáideoirí
|
Cuntais a aischuireadh
|
Míreanna ábhair a aischuireadh
|
Barúlacha
|
|
Google
|
216
|
19
|
neamhbhainteach
|
Tá an líon cásanna gearán ó úsáideoirí ina léiriú ar achomhairc a taisceadh leis an sásra sásaimh inmheánaigh in aghaidh fionraí cuntais úsáideora. Níor thaisc aon úsáideoir gearán le húdarás breithiúnach.
|
|
LinkedIn
|
1
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
|
|
Meta
|
thart ar 76 900
|
neamhbhainteach
|
thart ar 1 800
|
Rinne úsáideoirí achomharc in aghaidh na mbeart a rinneadh i gcás thart ar 76 900 mír ábhair. Tar éis an phróisis achomhairc, athbhunaíodh thart ar 1 800 mír ábhair, agus aisiompaíodh gníomhaíochtaí cuntais.
|
|
Microsoft
|
0
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
|
|
Yubo
|
31
|
0
|
neamhbhainteach
|
Fuair Yubo 31 ghearán in aghaidh fionraí a bhain le sábháilteacht leanaí san Aontas. Níor aischuireadh aon chuntais.
|
2.1.6.Líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhnigh) na dteicneolaíochtaí éagsúla a úsáidtear
I gcomhréir le hAirteagal 3(1)(e) den Rialachán, tá soláthraithe chun a áirithiú go bhfuil na teicneolaíochtaí a úsáidtear iontaofa go leor sa chaoi a dteorannaíonn siad a mhéid is féidir an ráta earráide i dtaca le hábhar a bhrath arb é atá ann mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne.
I ndáil leis sin, thuairiscigh gach soláthraí gur cur chuige srathach a chuir siad chun feidhme maidir le mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath trí theicneolaíochtaí braite éagsúla a chomhcheangal chun an cruinneas a mhéadú. Thairis sin, bíonn comhbhabhtáil ann idir bréagdheimhnigh (i.e. nuair a mharcálann an uirlis íomhá, mar shampla, a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí, go mícheart) agus bréagdhiúltaigh (i.e. nuair a theipeann ar an uirlis ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a mharcáil, mar shampla), ós rud é go méadaítear ráta earráide amháin de ghnáth má laghdaítear an ceann eile. Ciallaíonn sé sin gur féidir leis an soláthraí na socruithe cruinnis a chur in oiriúint chun an chothromaíocht iomchuí a roghnú bunaithe ar chomhthéacs agus cineál sonrach na seirbhíse.
Bhí na soláthraithe ag brath ar theicneolaíocht hais‑mheaitseála amhail PhotoDNA, MD5 agus CSAI Match chun meaitseanna ábhair mí‑úsáide gnéasaí leanaí a sainaithníodh roimhe sin a bhrath. Tuairiscíodh freisin úsáid na hintleachta saorga (IS) agus aicmitheoirí meaisínfhoghlama chun ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí nua a bhrath (Google, Yubo). Thuairiscigh Yubo freisin gur braitheadh sirtheoireacht leanaí.
Níor sholáthair na soláthraithe an líon earráidí agus na cóimheasa earráidí (bréagdheimhnigh) ar leithligh le haghaidh gach ceann de na teicneolaíochtaí éagsúla a úsáidtear. Ina ionad sin, thuairiscigh siad sonraí comhiomlána le haghaidh na dteicneolaíochtaí go léir a úsáideadh.
Léiríonn na sonraí a cuireadh isteach na modhanna éagsúla a úsáideadh chun an ráta earráide a ríomh. Ní raibh sonraí leordhóthanacha ag soláthraithe áirithe chun an cóimheas earráide a ríomh (Microsoft). Chuir Ballstáit eile modh áirimh i bhfeidhm ar bhonn cóimheas foriomlán na míreanna ábhair a athbhunaíodh agus/nó gníomhaíochtaí cuntais a aisiompaíodh go dtí na míreanna ábhair ar gníomhaíodh ina leith, nó ar bhonn an lín achomharc in aghaidh srianta cuntais (Meta, LinkedIn). Thagair soláthraithe eile (Google agus Yubo) don líon míreanna ábhair a marcáladh go huathoibríoch mar ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí nár deimhníodh gur ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí iad ansin tar éis athbhreithniú daonna (bréagdheimhnigh), arna roinnt ar an líon míreanna ábhair a marcáladh go huathoibríoch mar ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí. Dá bhrí sin, léirítear sna táblaí thíos na héagothromaíochtaí sna tacair sonraí arna gcur i láthair ag na soláthraithe.
Thuairiscigh na soláthraithe gur comhlánaíodh na teicneolaíochtaí sin le hathbhreithniú daonna, chun earráidí agus bréagdheimhnigh a laghdú a thuilleadh. Níl an t‑athbhreithniú daonna sin san áireamh sna staitisticí thíos, nach gcuirtear san áireamh iontu ach cruinneas na dteicneolaíochtaí féin.
Tábla 5: An líon earráidí agus na cóimheasa earráidí in 2023 agus 2024
|
Soláthraí
|
Cóimheas earráidí 2023
|
Cóimheas earráid 2024
|
Modh áirimh
|
Barúlacha
|
|
Google
|
1,14 % (18:1576)
|
0,54 % (10:1834)
|
Cóimheas an lín míreanna ábhair a mharcáiltear go huathoibríoch mar ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí nach ndeimhnítear amhlaidh tar éis athbhreithniú daonna leis an líon míreanna ábhair a mharcáiltear go huathoibríoch mar ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí
|
Tagraíonn na sonraí do theicneolaíocht hais‑mheaitseála de chuid Google.
|
|
LinkedIn
|
0 % (0:0)
|
0 % (0:0)
|
Cóimheas na mbeart cuntais a aisiompaíodh le hachomhairc in aghaidh srianta ar chuntais
|
|
|
Meta
|
0,32 % (11 600:3,6 milliún)
|
0,12 % (1 800:1,5 milliún)
|
Cóimheas na míreanna ábhair a athbhunaíodh le bearta cuntais a aisiompaíodh go dtí na míreanna ábhair ar gníomhaíodh ina leith
|
|
|
Microsoft
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
Thug Microsoft le fios nach raibh sonraí leordhóthanach ann chun ráta earráide a ríomh. Aisiompaíodh cinntí tosaigh modhnóireachta ábhair a bhain le 34 mhír ábhair. Níor tuairiscíodh aon achomhairc.
|
|
Yubo
|
20 %
|
13 %
|
Cásanna a marcáladh go huathoibríoch mar mhealltóireacht nach ndearna modhnóirí beart iontu
|
Ní thagraíonn na sonraí a chuir Yubo ar fáil ach d’ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí nua a braitheadh agus do mhealltóireacht.
|
2.1.7.Na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun an ráta earráide a theorannú agus an ráta earráide a bhaintear amach a theorannú
Faoi Airteagal 3(1)(e) den Rialachán, ní mór na teicneolaíochtaí a úsáidtear a bheith iontaofa go leor agus ní mór iarmhairtí aon earráidí ócáideacha a cheartú gan mhoill. Ina theannta sin, ceanglaítear le hAirteagal 3(1)(g)(ii) ar sholáthraithe formhaoirseacht dhaonna agus, i gcás inar gá, idirghabháil dhaonna a áirithiú.
Thuairiscigh soláthraithe bearta agus coimircí éagsúla a chur i bhfeidhm chun an ráta earráide a theorannú agus a laghdú maidir le mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath. Áirítear leo sin:
I.faireachán agus measúnú cáilíochta ar fheidhmíocht uirlisí braite mí‑úsáide gnéasaí leanaí, iad araon go beachtas mionchoigeartaithe (gur mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne amháin atá siad á brath) agus a thabhairt chun cuimhne (nach dtéann mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne amú orthu ar a n‑ardáin) (Google);
II.próisis hais‑fhíorúcháin a chur i bhfeidhm ina ndéanann anailísithe athbhreithniú ar mhíreanna a bhfuil baint acu le bunachair sonraí haiseanna agus/nó cáilíocht haiseanna atá ann cheana a sheiceáil (Google, Microsoft, LinkedIn);
III.athbhreithniú agus formhaoirseacht dhaonna: déanann athbhreithneoirí daonna/anailísithe oilte (Google, LinkedIn, Meta, Microsoft, Yubo) iniúchadh ar mheáin a bhraitear gur ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí iad trí theicneolaíochtaí hais‑mheaitseála;
IV.athbhreithniú córasach daonna ar mheáin a bhraitear gur ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí nua féideartha iad roimh an tuairisciú (Google in 2023);
V.athbhreithneoirí daonna a théann faoi oiliúint speisialaithe agus/nó a bhíonn faoi réir athdheimhniú rialta (Google, Yubo);
VI.measúnuithe tréimhsiúla rialaithe cáilíochta ar athbhreithneoirí daonna agus ar na fíoraisc a chuirtear i bhfeidhm (Google, Yubo);
VII.polasaithe agus straitéisí forfheidhmithe maidir le mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne arna bhforbairt agus arna n‑athbhreithniú go rialta ag saineolaithe oilte (Google);
VIII.comhairliúcháin thráthrialta le saineolaithe chun cruinneas a fheabhsú maidir le hábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a shainaithint, lena n‑áirítear bealaí chun aiseolas a fháil ó eagraíochtaí iontaofa a dhéanann mí‑úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac, amhail NCMEC agus Thorn,(Google);
IX.córas foláirimh lena n‑áirithítear go ndéantar braislí mórmhéide a mharcáil agus a athbhreithniú (Meta);
X.bearta chun cáilíocht algartam sábháilteachta a fheabhsú (Yubo).
2.1.8.Polasaí coinneála agus coimircí maidir le cosaint sonraí
Ceanglaítear le hAirteagal 3(1)(h) agus (i) den Rialachán nach ndéanfar sonraí pearsanta ábhartha a stóráil ar bhealach slán ach amháin chun críoch sonraithe áirithe agus chun go mbeidh sonraíochtaí ann maidir leis an tréimhse stórála, faoi seach. Ina theannta sin, ní mór riachtanais RGCS is infheidhme a urramú.
Thuairiscigh na soláthraithe go léir go raibh polasaithe coinneála agus coimircí i bhfeidhm acu maidir le cosaint sonraí pearsanta. Athraíonn polasaithe coinneála sonraí ag brath ar chineál na sonraí. Tugann soláthróirí le fios go bhfuil an tréimhse choinneála teoranta ó thaobh ama de, ag brath ar chineál na sonraí agus ar chuspóir na próiseála agus go scriostar na sonraí ag deireadh na tréimhse coinneála. Thuairiscigh formhór na soláthraithe (Google; Meta agus LinkedIn le haghaidh 2024) uastréimhse choinneála 12 mhí a chur i bhfeidhm freisin maidir le hábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a braitheadh. Thuairiscigh Yubo go gcoinnítear sonraí maidir le modhnóireacht ábhair ar feadh 12 mhí de ghnáth agus go mbraitheann tréimhsí coinneála ar an gcineál ábhair, ar an gcineál sáraithe agus ar na coinníollacha stórála. Thuairiscigh Meta, in 2024, gur coinníodh na sonraí le haghaidh achomhairc úsáideoirí ar feadh tréimhse 195 lá.
Áirítear an méid seo a leanas ar na coimircí maidir le cosaint sonraí a thuairiscigh soláthraithe:
I.teicnící dí‑shainaitheanta nó bréagainmniúcháin a úsáid (e.g. ceilt, haiseáil, príobháideachas difreálach) (Microsoft);
II.úsáid a bhaint as criptiú sonraí faoi bhealach (e.g. prótacail TLS) (Meta, Yubo);
III.rialuithe ar rochtain (Meta, Yubo);
IV.straitéisí rialachais sonraí agus/nó cláir phríobháideachais a chur chun feidhme, lena n‑áirithítear nach ndéantar sonraí a rochtain, a úsáid ná a chomhroinnt ach ar bhealach údaraithe (Google);
V.athbhreithnithe príobháideachais a sheoladh chun sainaithint, rochtain agus maolú a dhéanamh ar rioscaí príobháideachais a d’fhéadfadh eascairt as sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil, a stóráil agus a chomhroinnt, agus na cleachtais chosanta a athbhreithniú nuair a dheartar cumais nua chórais nó próisis nua (Microsoft);
VI.teagmhais arna dtuairisciú ag an bhfoireann freagartha a imscrúdú go pras (Google);
VII.bearta maidir le sásraí sásaimh inmheánacha agus faisnéis d’úsáideoirí, lena n‑áirítear bearta chun ceart rochtana ar shonraí úsáideoirí a áirithiú (Google in 2024).
2.1.9.Eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail agus ar roinneadh sonraí leo
Thuairiscigh na soláthraithe uile go raibh na sonraí á gcomhroinnt acu le NCMEC de bhun an Rialacháin seo. Chuir na soláthraí tuairiscithe uile in iúl don Choimisiún freisin, i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Rialachán, gur thuairiscigh siad mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne faoin Rialachán seo do NCMEC . Thuairiscigh Yubo freisin sonraí a chomhroinnt le Internet Watch Foundation (IWF) sa Ríocht Aontaithe agus le PHAROS (Plateforme d’harmonisation, d’analyse, de recoupement et d’orientation des signalements) sa Fhrainc.
2.2.Staitisticí na mBallstát (Airteagal 8)
De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán, ní mór do na Ballstáit tuarascálacha ina mbeidh staitisticí maidir leis na nithe seo a leanas a chur ar fáil go poiblí agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin:
(a)an líon iomlán tuarascálacha ar mhí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a braitheadh agus a thíolaic soláthraithe agus eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí‑úsáid ghnéasach leanaí do na húdaráis náisiúnta inniúla forfheidhmithe dlí, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil, ar an líon absalóideach cásanna agus na cásanna sin a tuairiscíodh roinnt uaireanta agus an cineál soláthraí ar braitheadh an mhí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne ar a sheirbhís;
(b)an líon leanaí a sainaithníodh trí ghníomhaíochtaí de bhun Airteagal 3, arna idirdhealú de réir inscne;
(c)an líon déantóirí coire a ciontaíodh.
Ós rud é, i gcás na tuarascála roimhe seo, gur thuairiscigh roinnt Ballstát sonraí suas go dtí mí Iúil 2022 agus sonraí eile le haghaidh 2022 ina iomláine, cumhdaítear leis an tuarascáil seo na blianta féilire iomlána 2022, 2023 agus 2024 chun inchomparáideacht a éascú. É sin ráite, baineann an‑éagsúlacht leis na sonraí a thuairiscigh na Ballstáit ó thaobh iomláine agus mionsonraí de. Bhí roinnt Ballstát nár sholáthair na sonraí uile ba ghá le haghaidh gach bliain a bhí i gceist (an Bheilg, an Eastóin, Éire, an Spáinn, an Chróit, an Phortaingéil agus an Rómáin).
2.2.1. An líon iomlán tuarascálacha ar mhí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a braitheadh
Sholáthair formhór na mBallstát staitisticí bliantúla maidir leis an líon iomlán tuarascálacha ar mhí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne le haghaidh bhlianta féilire 2022, 2023 agus 2024, de bhun Airteagal 8(1)(a) den Rialachán. Níor sholáthair an Phortaingéil sonraí le haghaidh aon cheann de na blianta ábhartha, agus níor sholáthair an Spáinn sonraí le haghaidh 2023 ná 2024.
Sholáthair na Ballstáit den chuid is mó an líon iomlán tuarascálacha a chuir soláthraithe nó ó eagraíochtaí eile a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí‑úsáid ghnéasach leanaí faoi bhráid na n‑údarás náisiúnta forfheidhmithe dlí. Thuairiscigh formhór na mBallstát gur ó NCMEC a fuair siad an chuid is mó dá dtuarascálacha nó a dtuarascálacha uile. Níor léirigh na Ballstáit an líon tuarascálacha inghníomhaithe, (i.e.tuarascálacha a bhí oiriúnach le haghaidh imscrúdaithe), ach thagair cuid díobh don líon cásanna a seoladh, rud atá i bhfad níos ísle. Ní dhearna na Ballstáit – cé is moite den Fhionlainn agus den Danmhairg – idirdhealú ach oiread idir an líon iomlán cásanna agus cásanna a tuairiscíodh roinnt uaireanta. Níor thug ach cúpla Ballstát le fios cineál na soláthraithe ar ar a seirbhísí a braitheadh an mhí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne (e.g. an Bheilg, Éire, an Pholainn agus an Rómáin). Sholáthair cuid díobh miondealú mionsonraithe (an Bheilg, an tSeicia, an Fhrainc, Lucsamburg, an Rómáin agus an Fhionlainn).
Tábla 6: An líon iomlán tuarascálacha ar mhí‑úsáid ghnéasach leanaí a braitheadh arna thuairisciú ag na Ballstáit
|
Tír
|
Tuarascálacha in 2022
|
Tuarascálacha in 2023
|
Tuarascálacha in 2024
|
Foinsí na dtuarascálacha
|
Barúlacha
|
|
AT
|
10 130
|
15 882
|
18 276
|
NCMEC
|
|
|
BE
|
19 919
|
11 910
|
4 284
|
Tuarascálacha de thionscnamh soláthraithe (na meáin shóisialta)
|
Mhéadaigh an líon soláthraithe a bhraith mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne idir 2022 agus 2024. Le haghaidh 2024, níor thuairiscigh an Bheilg ach an líon tuarascálacha inghníomhaithe, agus athraíodh an mhodheolaíocht a úsáideadh sna blianta roimhe sin.
|
|
BG
|
25 303
|
38 026
|
71 187
|
NCMEC agus INHOPE (an Comhlachas Idirnáisiúnta um Beolínte Idirlín)
|
Le linn na 3 bliana a bhí i gceist, fuarthas 42 596 dtuarascáil ó NCMEC agus 92 010 ó Safenet.
|
|
CY
|
2 809
|
3 516
|
5 380
|
NCMEC
|
|
|
CZ
|
23 854
|
21 658
|
22 580
|
NCMEC, CZ.NIC (Comhlachas na Seicia um sholáthraithe seirbhíse idirlín)
|
In 2024, fuarthas tuarascálacha ó 57 soláthraí seirbhíse éagsúla, agus ba é Instagram an chéad cheann díobh (11 857 dtuarascáil), agus ina dhiaidh sin Facebook (4 461), Snapchat (3 610), Imgur (1 705), Discord (1 510), Google (1 439), Microsoft – Oibríochtaí ar líne (870), TikTok (825) agus WhatsApp (620).
|
|
DE
|
136 437
|
180 287
|
205 728
|
NCMEC
|
Thuairiscigh an Ghearmáin nach bhféadfadh sí aon staitisticí a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Rialachán, agus í ag áitiú nach bhfuil aon bhunús dlí le brath deonach. Chuir sí staitisticí coireachta ó na póilíní ar fáil, á chur i dtábhacht nach gá go meaitseálann an bhliain ina ndearnadh an choir agus an bhliain ina bhfuil sí le feiceáil sna staitisticí: maidir le mí‑úsáid ghnéasach leanaí agus ógánach, bhí 16 655 chás ann in 2022 agus 17 575 chás ann in 2023 (+ 6 %). Maidir le hábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí agus ógánach a scaipeadh, a fháil agus a shealbhú, bhí 48 853 chás ann in 2022 agus 54 042 chás ann in 2023 (+ 11 %).
|
|
DK
|
7 556
|
9 938
|
10 918
|
NCMEC
|
Tionscnaíodh 2 474 chás in 2022, 2 278 gcás in 2023, agus 2 097 gcás in 2024. Bunaíodh 90 cás a osclaíodh ar ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a tuairiscíodh roinnt uaireanta i mblianta éagsúla.
|
|
EE
|
250
|
305
|
274
|
NCMEC, Child Helpline 116 111
|
Thuairiscigh an Eastóin nach staitisticí poiblí iad staitisticí an Gharda Póilíneachta agus Teorann, lena n‑áirítear sonraí NCMEC. Tuairiscíodh 250 coir ghnéasacha neamhtheagmhála in aghaidh leanaí in 2022 agus 305 choir in 2023. Is sa réimse ar líne a rinneadh 88 % de na coireanna gnéasacha neamhtheagmhála uile in 2022.
Comhfhreagraíonn na sonraí atá ar fáil le haghaidh 2024 do chásanna arna gclárú ag na póilíní agus a cuireadh ar a shúile don phobal sa suirbhé ar choireacht a rinne an Aireacht Dlí agus Cirt agus Gnóthaí Digiteacha. Is staitisticí iad sin a díorthaíodh ó NCMEC agus ní staitisticí náisiúnta iad.
|
|
EL
|
121
|
103
|
123
|
NCMEC, beolíne na Gréige maidir le hábhar neamhdhleathach idirlín – Safeline, INTERPOL, Europol, eagraíocht neamhbhrabúsach de chuid na Gréige – Meangadh an Linbh
|
|
|
ES
|
31 474
|
-
|
-
|
Eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail in aghaidh mí‑úsáid ghnéasach leanaí
|
Níor cuireadh sonraí isteach le haghaidh 2023 ná 2024.
|
|
FI
|
11 248
|
16 781
|
13 954
|
NCMEC agus cainéil eile
|
I gcás shonraí 2024, ní féidir an líon beacht cásanna a tuairiscíodh roinnt uaireanta a dhíorthú ó bhunachair sonraí, ach measann NCMEC go bhfuil idir 20 agus 300 de na tuarascálacha dúblacha sin ann. Is cosúil gur le Snapchat a bhíonn na tuarascálacha dúblacha is mó i gceist. Chomh maith leis na sonraí ó NCMEC, thuairiscigh Save the Children Finland maidir le 71 fhearann agus 439 URL, thuairiscigh an tionscnamh náisiúnta Sua varten somessa (Daoibhse ar na meáin shóisialta) 90 teagmhas, agus thuairiscigh eagraíochtaí/soláthraithe eile níos lú ná 10 dteagmhas.
|
|
FR
|
227 645
|
335 408
|
164 516
|
NCMEC, NCECC (Lárionad Náisiúnta Cheanada um Choireacht sa Teacht i dTír ar Leanaí), Biúrónna Lárnacha Náisiúnta INTERPOL, SIENA, ardán na hAireachta Gnóthaí Baile – PHAROS
|
Fuarthas 158 503 thuarascáil san iomlán ó NCMEC in 2024, ar bhain 28 737 díobh sin le sracadh gnéasach mionaoiseach ar bhonn airgeadais agus le héilliú mionaoiseach.
|
|
HR
|
11 693
|
8 010
|
8 900
|
Soláthraí seirbhísí idirlín
|
|
|
HU
|
109 477
|
25 720
|
25 092
|
Soláthraithe agus eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail in aghaidh mí‑úsáid ghnéasach leanaí
|
Níl aon fhaisnéis ar fáil maidir le cásanna a tuairiscíodh roinnt uaireanta ná maidir leis na seirbhísí ar braitheadh an t‑ábhar orthu.
|
|
IE
|
9 168
|
10 785
|
13 334
|
NCMEC
|
Ní chláraíonn na húdaráis íomhánna ná físeáin a tuairiscíodh roinnt uaireanta.
|
|
IT
|
4 607
|
7 389
|
9 001
|
Comhlachais agus soláthraithe
|
Ós rud é nár próiseáladh na sonraí uile ó 2024 go fóill, ní uimhreacha críochnaitheacha iad.
|
|
LT
|
4 992
|
6 353
|
6 803
|
Ní shonraítear
|
|
|
LU
|
789
|
1 641
|
2 112
|
NCMEC agus BeeSecure (Ionad Idirlín Safer Lucsamburg)
|
Cuireadh sonraí isteach ó NCMEC agus BeeSecure maidir le miondealú na dtuarascálacha le haghaidh 2023 agus 2024 ach tá siad doiléir, toisc nach ionann an líon tuarascálacha de réir soláthraithe agus an t‑iomlán a sonraíodh.
|
|
LV
|
6
|
29
|
30
|
NCMEC, GRID COP, coireanna idirlín in aghaidh leanaí, córas cosanta ar líne le haghaidh leanaí (ICACCOPS), Ionad Idirlín Safer na Laitvia
|
Ní áirítear ar an líon iomlán tuarascálacha a cuireadh isteach tuarascálacha nár tionscnaíodh imeachtaí coiriúla iontu tar éis fíorúcháin, toisc nach ndéantar iad a chomhaireamh ar leithligh. Níl tásca ach i gcuid de na tuarascálacha gur leis an Laitvia a bhaineann an cion.
|
|
MT
|
840
|
1 943
|
272
|
Beolíne náisiúnta (childwebalert.gov.mt), líonra Eorpach na nIonad Idirlín Safer agus beolínte arna mbainistiú ag INSAFE agus INHOPE – BeSmartOnline
|
|
|
NL
|
36 536
|
70 057
|
70 351
|
Soláthraithe agus eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail in aghaidh mí‑úsáid ghnéasach leanaí
|
|
|
PL
|
145
|
117
|
9 293
|
Soláthraithe agus eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail in aghaidh mí‑úsáid ghnéasach leanaí, arb é Dyżurnet.pl ceann díobh
|
|
|
PT
|
-
|
-
|
-
|
-
|
Níor cuireadh sonraí isteach.
|
|
RO
|
5 705
|
1 254
|
13 384
|
Fóir ar na Páistí
|
Tagraíonn an líon tuarascálacha maidir le mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne, dar leis an Rómáin, do mhí‑úsáid ghnéasach leanaí arna hóstáil ag soláthraithe Rómánacha, cé nárbh ón Rómáin d’fhormhór na gcliant.
|
|
SE
|
16 800
|
22 592
|
23 834
|
NCMEC
|
Ní hionann méid iomlán na dtuarascálacha isteach agus an líon iarbhír tuarascálacha ó na póilíní ar tuarascálacha iad atá le himscrúdú, toisc gur féidir le tuarascáil amháin ó na póilíní comhfhreagairt do roinnt tuarascálacha ó sholáthraithe faoin úsáideoir céanna agus toisc nach léiríonn gach tuarascáil coireanna faoi dhlí coiriúil na Sualainne. Tá an líon tuarascálacha ó na póilíní cuid mhaith níos airde in 2023 ná in 2022 agus 2024. Is é is cúis leis sin oibríocht náisiúnta a rinneadh in 2023, chun déileáil le tuarascálacha uile NCMEC nár tugadh tosaíocht dóibh ó 2018 ar aghaidh.
|
|
SI
|
165
|
203
|
251
|
Soláthraithe agus eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail in aghaidh mí‑úsáid ghnéasach leanaí
|
Ní cheadaítear leis na sonraí staidrimh atá ann cheana don tSlóivéin sonraí staidrimh maidir le cionta a imscrúdaíodh ar bhonn tuarascálacha arna chur isteach ag soláthraithe agus eagraíochtaí a dheighilt ó shonraí staidrimh maidir le tuarascálacha eile. Níl aon sonraí ar fáil maidir leis an líon absalóideach cásanna, maidir leis na cásanna a tuairiscíodh roinnt uaireanta, nó a mhiondealaítear de réir an chineáil soláthraí ar braitheadh an mhí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne ar a sheirbhís. Ina theannta sin, níor cuimsíodh an cion coiriúil ionsaí gnéis ar dhuine faoi bhun 15 bliana d’aois faoi Airteagal 173 den Chód Coiriúil sna staitisticí a soláthraíodh, ós rud é gur sa timpeallacht fhisiciúil a tharlaíonn an cion sin i bhformhór na gcásanna, cé go dtarlaíonn an leagan fíorúil freisin, ach ar leibhéal níos lú.
|
|
SK
|
7 628
|
9 601
|
9 017
|
Soláthraithe agus eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail in aghaidh mí‑úsáid ghnéasach leanaí
|
Níl aon fhaisnéis ar fáil maidir le cásanna a tuairiscíodh roinnt uaireanta.
|
|
Iomlán
|
705 297
|
799 508
|
708 894
|
|
|
Ós rud é gurb é NCMEC príomhfhoinse na dtuarascálacha, is díol faisnéise an líon tuarascálacha a fheiceáil a fuair NCMEC a bhaineann leis na Ballstáit agus a chuir sé ar aghaidh chuig na Ballstáit:
Seo a leanas an miondealú in aghaidh an Bhallstáit ar an líon iomlán tuarascálacha:
Tábla 7: Tuarascálacha NCMEC maidir le mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhaineann le Ballstáit an Aontais in 2022, 2023 agus 2024
|
Tír
|
Iomlán na dtuarascálacha 2022
|
Iomlán na dtuarascálacha 2023
|
Iomlán na dtuarascálacha 2024
|
|
an Ostair
|
18 501
|
19 630
|
17 425
|
|
an Bheilg
|
50 255
|
41 926
|
26 752
|
|
an Bhulgáir
|
31 937
|
17 726
|
30 684
|
|
an Chróit
|
11 693
|
16 339
|
8 821
|
|
an Chipir
|
7 361
|
7 564
|
5 750
|
|
an tSeicia
|
61 994
|
34 342
|
21 589
|
|
an Danmhairg
|
30 215
|
12 048
|
10 330
|
|
an Eastóin
|
6 408
|
4 338
|
4 540
|
|
an Fhionlainn
|
10 904
|
16 364
|
12 779
|
|
an Fhrainc
|
227 465
|
310 519
|
150 684
|
|
an Ghearmáin
|
138 193
|
173 560
|
197 201
|
|
an Ghréig
|
43 345
|
24 985
|
16 737
|
|
an Ungáir
|
109 434
|
25 643
|
16 718
|
|
Éire
|
19 770
|
13 265
|
13 604
|
|
an Iodáil
|
96 512
|
90 424
|
75 274
|
|
an Laitvia
|
3 688
|
4 671
|
6 618
|
|
an Liotuáin
|
16 603
|
12 005
|
7 682
|
|
Lucsamburg
|
2 004
|
3 000
|
2 115
|
|
Málta
|
4 713
|
1 713
|
1 233
|
|
an Ísiltír
|
57 012
|
72 913
|
68 611
|
|
an Pholainn
|
235 310
|
108 800
|
79 174
|
|
an Phortaingéil
|
42 674
|
45 675
|
24 707
|
|
an Rómáin
|
96 287
|
133 054
|
44 424
|
|
an tSlóvaic
|
39 748
|
13 164
|
8 647
|
|
an tSlóivéin
|
14 795
|
6 204
|
4 685
|
|
an Spáinn
|
77 727
|
104 748
|
68 733
|
|
an tSualainn
|
48 883
|
29 237
|
25 300
|
|
Iomlán
|
1 503 431
|
1 343 857
|
950 817
|
Tugann an éagothromaíocht mhór idir an líon tuarascálacha a liostaíonn NCMEC mar thuarascálacha a seoladh chuig an mBallstát agus an líon tuarascálacha a liostaíonn an Ballstát mar thuarascálacha a fuarthas le fios nach bhfuil bailiú agus tuairisciú sonraí na mBallstát iomlán.
Ní idirdhealaíonn staitisticí NCMEC in aghaidh an Bhallstáit idir foinse na tuarascála, go háirithe i dtaobh ar eascair an tuarascáil as seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir. Mar sin féin, soláthraíonn NCMEC staitisticí faoin líon foriomlán tuarascálacha a bhaineann leis an Aontas a eascraíonn as seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, mar shampla, as comhrá, as teachtaireacht nó as seirbhís ríomhphoist. Chomhroinn NCMEC figiúirí freisin maidir le tuarascálacha a eascraíonn as na meáin shóisialta nó as ardáin chearrbhachais ar líne, lena n‑áirítear a seirbhísí comhtháite teachtaireachtaí nó comhrá.
Tá laghdú suntasach (30 %) in 2024 ar an líon tuarascálacha a bhaineann leis an Aontas. Léiriú é sin ar threocht dhomhanda, agus bhí suas le 31,9 milliún tuarascáil ann in 2022 agus 35,93 milliún ann in 2023, sular thit siad go 19,85 milliún in 2024. Leagann NCMEC an titim sin i bpáirt ar laghdú ar thuarascálacha ó sheirbhísí teachtaireachtaí idirphearsanta de réir mar a bhogann na seirbhísí sin chuig criptiú ó cheann go ceann agus mar a chuireann soláthraithe stop le hiarrachtaí braite. Go deimhin, is cosúil go léiríonn an laghdú ar sciar na dtuarascálacha ó sheirbhísí teachtaireachtaí idirphearsanta gur féidir cuid mhór den laghdú a leagan ar thitim sa tuairisciú ó sheirbhísí den sórt sin.
2.2.2. An líon leanaí a sainaithníodh
Sholáthair formhór na mBallstát staitisticí maidir leis an líon leanaí a sainaithníodh, de bhun Airteagal 8(1)(b) den Rialachán. Bhí trí Bhallstát nár sholáthair aon sonraí (an Bheilg, an Phortaingéil agus an Rómáin), agus bhí Ballstáit eile nár sholáthair ach sonraí le haghaidh blianta áirithe (e.g. an Fhionlainn le haghaidh 2023 agus 2024 agus an Spáinn le haghaidh 2022). Bhí go leor Ballstát nach raibh in ann difreáil de réir inscne a dhéanamh.
Bhí roinnt Ballstát nár thuairiscigh ach staitisticí páirteacha, agus chuir siad in iúl, mar shampla, nach bhfuil sonraí ar fáil toisc nach mbailítear iad mar chuid den bhailiúchán náisiúnta sonraí staitistice, nó nach ndéanann údaráis náisiúnta na staitisticí sin a thaifeadadh (an Bheilg, an Fhrainc agus an Fhionlainn), nó nach bhfuil sonraí imdhealaithe de réir inscne sa bhailiúchán náisiúnta sonraí staitistice (an tSeicia, an Chipir, an Liotuáin, an Ungáir agus an Ísiltír). I roinnt mhaith Ballstát, ní dhifreáiltear leis na sonraí thíos idir íospartaigh mí‑úsáide gnéasaí leanaí ar líne agus as líne ar leanaí iad, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé nach gcomhfhreagraíonn na sonraí don líon iarbhír cásanna mí‑úsáide gnéasaí leanaí ar líne (e.g. an Ghearmáin, an Chipir agus Lucsamburg). Dá bhrí sin, áirítear ar na sonraí íospartaigh a sainaithníodh bunaithe ar thuarascáil ó sholáthraí agus cásanna ina bhféadfadh sé, mar shampla, gur thuairiscigh na híospartaigh féin an cion coiriúil nó gur tríú páirtí a thuairiscigh é (e.g. an Ghearmáin agus Lucsamburg). I gcásanna eile, ní thagraíonn an líon íospartach sainaitheanta mí‑úsáide gnéasaí leanaí ach do shaoránaigh na tíre sin nó do dhaoine a bhfuil cónaí orthu inti, agus ar an gcaoi sin eisiatar leanaí ó náisiúntachtaí eile agus leanaí nár sainaithníodh (e.g. an Laitvia agus an Liotuáin).
Tábla 8: An líon leanaí a sainaithníodh, arna dhifreáil de réir inscne
|
Tír
|
2022
|
2023
|
2024
|
Barúlacha
|
|
|
Baineann (B)/
Fireann (F)/
Níor sainaithníodh inscne
|
Iomlán
|
B/F/Níor sainaithníodh Inscne
|
Iomlán
|
B/F/Níor sainaithníodh Inscne
|
Iomlán
|
|
|
AT
|
4/2
|
6
|
9/4
|
13
|
3/3
|
6
|
An líon leanaí a sainaithníodh ar bhonn thuarascálacha NCMEC.
|
|
BE
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
Níl sonraí ar fáil.
|
|
BG
|
50/12
|
62
|
25/27
|
52
|
32/28
|
60
|
|
|
CY
|
-
|
102
|
-
|
106
|
-
|
131
|
Níl sonraí a dhifreáiltear de réir inscne ar fáil. Tagraíonn na huimhreacha iomlána d’íospartaigh maidir le gach cás teacht i dtír gnéasach ar leanaí a imscrúdaíodh.
|
|
CZ
|
-
|
45
|
-
|
53
|
5/15
|
20
|
Níl sonraí a dhifreáiltear de réir inscne ar fáil ach le haghaidh 2024 amháin. Is íospartaigh comhéigin ghnéasaigh iad na leanaí a ndearnadh cuntas orthu in 2024.
|
|
DE
|
-
|
18 379
|
14 979/
4795
|
19 774
|
-
|
19 344
|
Ós rud é nach ndifreáiltear de réir chúis nó thionscnamh na n‑imscrúduithe leis na staitisticí, d’fhéadfadh cásanna a bheith sna sonraí ar de bharr thuarascáil an tsoláthraí amháin a braitheadh iad, chomh maith le cásanna nach mbaineann leis an idirlíon ar bhealach ar bith.
|
|
DK
|
62/70
|
132
|
22/35
|
57
|
62/43
|
105
|
Bunaíodh na staitisticí ar uimhreacha ó chóras na bpóilíní um bhainistiú cásanna (POLSAS) agus ní staitisticí críochnaitheacha iad, toisc go bhfuil roinnt cásanna fós ar feitheamh.
Chomh maith leis sin, ní léirítear sna staitisticí leanaí a sainaithníodh ar bhealaí eile, lena n‑áirítear i gcásanna roimhe seo nó i gcomhthéacs idirnáisiúnta.
|
|
EE
|
24/23
|
47
|
22/29
|
51
|
19/14
|
33
|
|
|
EL
|
9/0
|
9
|
26/1
|
27
|
14/0
|
14
|
|
|
ES
|
80/39
|
119
|
-
|
-
|
-
|
-
|
Níor cuireadh isteach sonraí le haghaidh 2023 agus 2024.
|
|
FI
|
-
|
Níl fáil air
|
-
|
526
|
-
|
1 045
|
Is dócha go mbeidh an líon íospartach ar leanaí iad níos mó, ós rud é nach mór aicmiú de láimh a dhéanamh chun an cás a lipéadú mar mhí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne.
|
|
FR
|
-
|
neamhbhainteach
|
-
|
5
|
-
|
60
|
|
|
HR
|
4/0
|
4
|
6/0
|
6
|
6/17
|
23
|
|
|
HU
|
-
|
30
|
-
|
12
|
-
|
200
|
Níl sonraí a dhifreáiltear de réir inscne ar fáil.
|
|
IE
|
25/26
|
51
|
50/65
|
115
|
20/53
|
73
|
|
|
IT
|
-
|
385
|
-
|
434
|
-
|
500
|
Is é a bhí sna cásanna sainaitheanta comhéigin gnéis: 21 B agus 111 F in 2022; 20 B agus 117 F in 2023; 21 B agus 109 F in 2024.
Is é a bhí sna cásanna mealltóireachta: 75 B agus 46 F in 2022; 81 B agus 82 F in 2023; 124 B agus 11 F in 2024.
|
|
LT
|
-
|
10
|
-
|
25
|
-
|
21
|
Tagraíonn na huimhreacha do leanaí a sainaithníodh mar íospartaigh ar saoránaigh den Liotuáin iad nó a bhfuil cónaí orthu sa Liotuáin. Baineann formhór na n‑imscrúduithe le leanaí nach sainaithnítear, a bhaineann den chuid is mó le hábhar a tugadh ar aird i dtír eachtrach.
|
|
LU
|
-
|
0
|
3/0
|
3
|
1/0
|
1
|
Ní gá go mbeadh na huimhreacha nasctha le brath ar líne.
|
|
LV
|
-
|
0
|
5/1
|
6
|
8/0
|
8
|
Ní thagraíonn na huimhreacha ach do leanaí a bhfuil cónaí orthu sa Laitvia.
|
|
MT
|
2/4
|
6
|
408/470/11
|
889
|
9/9
|
18
|
Tagraíonn na sonraí le haghaidh 2023 do leanaí arna sainaithint ag an bhFondúireacht um Sheirbhísí Leasa Shóisialaigh (FSWS), agus tagraíonn na sonraí le haghaidh 2022 agus 2024 do staitisticí fhorfheidhmiú an dlí.
|
|
NL
|
-
|
neamhbhainteach
|
-
|
676
|
-
|
359
|
Níl sonraí a dhifreáiltear de réir inscne ar fáil.
|
|
PL
|
520/82/23
|
566
|
133/34/140
|
307
|
109/25
|
134
|
|
|
PT
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
Níor cuireadh sonraí isteach.
|
|
RO
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
Níor cuireadh sonraí isteach. Níor sainaithníodh aon íospartaigh Rómánacha ná aon ábhair a táirgeadh sa Rómáin, rud a chuireann an Rómáin síos d’fhormhór na n‑ábhar a bheith aitheanta go hidirnáisiúnta cheana féin.
|
|
SE
|
3/0
|
3
|
16/10/2
|
28
|
53/65
|
118
|
Eisiatar ó na staitisticí leanaí a sainaithníodh i gcásanna nach raibh tuarascálacha ó na póilíní mar thoradh orthu. I gcásanna áirithe, fiú i gcas íospartach a sainaithníodh, ní i gcónaí a bhí ciontú mar thoradh ar an imscrúdú.
Áirítear sna staitisticí an líon leanaí a sainaithníodh le logaí comhrá.
|
|
SI
|
83/15
|
98
|
121/38
|
159
|
161/30
|
191
|
Faightear na sonraí staitistice ón mbunachar sonraí reatha agus d’fhéadfadh athrú teacht orthu.
|
|
SK
|
11/6
|
17
|
3/2
|
5
|
7/2
|
9
|
|
|
IOMLÁN
|
|
20 071
|
|
23 329
|
|
22 473
|
|
Ós rud é gur thuairiscigh na Ballstáit uimhreacha páirteacha den chuid is mó le haghaidh na dtréimhsí i gceist nó nach raibh siad in ann idirdhealú a dhéanamh i dtaobh an brath deonach a bhí mar bhunús leis an imscrúdú, agus go raibh roinnt díobh nár chuir sonraí isteach, ní féidir an líon iomlán leanaí a sainaithníodh mar íospartaigh a ríomh ar bhonn tuarascálacha maidir le mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne san Aontas. Mar sin féin, is féidir a thuiscint as na sonraí agus as an bhfaisnéis a sholáthair na Ballstáit gur sainaithníodh líon mór íospartach le cabhair tuairisciú deonach i gcomhréir leis an Rialachán.
2.2.3. An líon déantóirí coire a ciontaíodh
Cé gur chomhlíon formhór na mBallstát a n‑oibleagáid staitisticí a sholáthar maidir leis an líon déantóirí coire a ciontaíodh, bhí trí Bhallstát nár chuir aon sonraí ar fáil de bhun Airteagal 8(1)(c) den Rialachán (an Bheilg, an Chipir agus an Spáinn). Theip ar roinnt Ballstát staitisticí a sholáthar le haghaidh bliain amháin ar a laghad de na blianta a bhí i gceist de bhun Airteagal 8(1)(c), go príomha toisc nach raibh na sonraí ar fáil (an Bheilg, an Ghearmáin, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Chipir, Málta, an Phortaingéil agus an Fhionlainn).
Thuairiscigh na Ballstáit sonraí ilroinnte agus neamhiomlána den chuid is mó maidir leis an líon déantóirí coire a ciontaíodh agus d’úsáid siad critéir éagsúla chun an fhaisnéis ábhartha a thaifeadadh, a léirítear sa tábla thíos.
Tábla 9: An líon déantóirí coire a ciontaíodh
|
Tír
|
An líon ciontuithe 2022
|
An líon ciontuithe 2023
|
An líon ciontuithe 2024
|
Barúlacha
|
|
AT
|
768
|
323
|
334
|
|
|
BE
|
-
|
-
|
-
|
Mar gheall ar cheisteanna teicniúla, níl na sonraí ar fáil go dtí deireadh 2025.
|
|
BG
|
17
|
52
|
60
|
|
|
CY
|
Gan aon chiontuithe
|
Níl sonraí ar fáil
|
Níl sonraí ar fáil
|
Níl staitisticí ar fáil toisc nach gcuirtear na póilíní ar an eolas i gcónaí faoi thorthaí cásanna cúirte.
|
|
CZ
|
33
|
25
|
12
|
|
|
DE
|
1 847
|
1 779
|
Níl sonraí ar fáil
|
Thug rialtas cónaidhme na Gearmáine le fios nach raibh aon sonraí aige maidir le himeachtaí coiriúla, ós rud é gur sna 16 stát cónaidhme amháin a bhailigh ionchúisitheoirí agus cúirteanna na sonraí sin agus gur chuig Oifig Staitisticí Cónaidhme na Gearmáine (Statistisches Bundesamt) amháin a seachadadh iad. D’aimsigh rialtas cónaidhme na Gearmáine figiúirí le haghaidh 2022 agus 2023 ar shuíomh gréasáin Statistisches Bundesamt, figiúirí a thuairiscigh sé anseo.
|
|
DK
|
318
|
175
|
44
|
Bunaíodh na staitisticí ar uimhreacha ó POLSAS agus ní staitisticí críochnaitheacha iad, toisc go bhfuil roinnt cásanna fós ar feitheamh. Tá siad faoi réir roinnt foláireamh freisin bunaithe ar shainiúlachtaí an bhailiucháin sonraí náisiúnta.
|
|
EE
|
1
|
13
|
4
|
Níl san áireamh sna huimhreacha ach ciontuithe a eascraíonn as tuarascálacha NCMEC, arna soláthar ag Google, Dropbox, Facebook Messenger, Instagram Messenger, KIK Messenger, Snapchat agus Twitch.
|
|
EL
|
10
|
13
|
18
|
|
|
IE
|
Níl sonraí ar fáil
|
80
|
72
|
Tá na figiúirí le haghaidh déantóirí ciontuithe fós á n‑athbhreithniú. Tagraíonn na sonraí a cuireadh isteach do na cúisimh agus toghairmeacha in aghaidh na bliana féilire.
|
|
ES
|
Níl sonraí ar fáil
|
-
|
-
|
Níor cuireadh sonraí isteach.
|
|
FI
|
Níl sonraí ar fáil
|
3 621
|
Níl sonraí ar fáil
|
Baineann na staitisticí a soláthraíodh le haghaidh 2023 leis an líon foriomlán ciontuithe le haghaidh na gcoireanna uile a bhaineann le mí‑úsáid ghnéasach leanaí (i.e. ar líne agus as líne araon). Tháinig reachtaíocht nua maidir le cionta gnéasacha i bhfeidhm in 2023, ach tá an líon daoine ar gearradh pianbhreith orthu faoin seanchód coiriúil in 2023 sna staitisticí freisin.
|
|
FR
|
1 124
|
1 223
|
Níl sonraí ar fáil
|
|
|
HR
|
157
|
146
|
155
|
|
|
HU
|
8
|
16
|
12
|
|
|
IT
|
627
|
668
|
395
|
Is gannmheastachán atá sna sonraí, mar gheall ar thagairtí neamhiomlána ó na cúirteanna. Cumhdaítear le sonraí 2024 ciontuithe le haghaidh réimse laghdaithe cionta i gcomparáid le sonraí 2022 agus 2023.
|
|
LT
|
3
|
6
|
2
|
|
|
LU
|
11
|
20
|
21
|
Ní dhéantar idirdhealú leis na staitisticí idir cionta a dhéantar ar líne agus as líne. Thairis sin, d’fhéadfadh ciontuithe a taifeadadh le haghaidh na mblianta a tugadh a bheith nasctha le tuarascálacha a rinneadh sna blianta roimhe sin.
|
|
LV
|
1
|
12
|
15
|
Is iad seo a leanas na sonraí arna ndifreáil de réir inscne: Fireannach amháin in 2022; Baineannach amháin agus 11 fhireannach in 2023; 15 fhireannach in 2024.
|
|
MT
|
-
|
-
|
-
|
Níl sonraí ar fáil in aghaidh na bliana.
|
|
NL
|
190
|
240
|
240
|
Is figiúirí táscacha iad, arna slánú go dtí an deich is gaire, agus is réamhfhigiúirí fós iad na figiúirí is déanaí.
|
|
PL
|
194
|
144
|
125
|
|
|
PT
|
3
|
3
|
Níl sonraí ar fáil
|
|
|
RO
|
690
|
804
|
715
|
|
|
SE
|
123
|
95
|
14
|
Ní bhaineann an líon ach le ciontuithe a bhfuil baint acu le tuarascálacha ó NCMEC, agus i ndiaidh breithiúnais chríochnaitheacha.
|
|
SI
|
19
|
22
|
26
|
|
|
SK
|
137
|
118
|
125
|
Níl na staitisticí le haghaidh 2024 críochnaitheach. Ní dhifreáiltear leis na sonraí ó 2022 agus 2023 idir an líon ciontuithe a eascraíonn as tuarascálacha NCMEC agus iad siúd a eascraíonn as tuarascálacha eile, ná idir cionta a dhéantar ar líne agus as líne.
|
Ní hionann an líon ciontuithe agus an líon déantóirí coire a ciontaíodh, toisc go bhféadfaí duine a chiontú i gcion amháin nó níos mó a bhaineann le mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne. Ina theannta sin, ní gá go mbeadh na staitisticí maidir le ciontuithe a tuairiscíodh le haghaidh tréimhse áirithe nasctha leis na tuarascálacha a fuarthas sa tréimhse áirithe sin (e.g. an Eastóin agus Lucsamburg). I gcásanna áirithe, níor bailíodh aon staitisticí i dtaobh ar eascair ciontuithe as tuarascálacha ar mhí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne (e.g. trí NCMEC), nó gur eascair ciontuithe as an bhfaisnéis a chuir soláthraí nó eagraíocht phoiblí ar fáil. Níor dheimhnigh ach an Eastóin agus an tSualainn go sainráite nach léiríonn na staitisticí ach ciontuithe a eascraíonn as tuarascálacha NCMEC. Bhí go leor Ballstát a thuairiscigh nach raibh na huimhreacha críochnaitheach, toisc go raibh imscrúduithe fós ar siúl nó cásanna fós ar feitheamh nó faoi réir achomharc (an Bhulgáir, an Danmhairg, an Iodáil, an Ísiltír agus an tSlóvaic). I gcásanna áirithe, ní dhifreáiltear leis na sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit idir cionta a dhéantar ar líne agus as líne (Lucsamburg, an tSlóvaic, an Fhionlainn agus an tSualainn).
Mar gheall ar an mbealach a bhailítear sonraí staitistice ar an leibhéal náisiúnta ní thugtar forbhreathnú cuimsitheach ar an líon déantóirí coire a ciontaíodh as mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne san Aontas. Ní féidir nasc soiléir a bhunú faoi láthair ach oiread, ar bhonn na sonraí atá ar fáil, idir na ciontuithe sin agus na tuarascálacha arna gcur isteach ag soláthraithe agus eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail in aghaidh mí‑úsáid ghnéasach leanaí le linn tréimhsí tuairisciúcháin ar leith.
2.3.Forbairtí sa dul chun cinn teicneolaíoch
I measc na dteicneolaíochtaí a úsáidtear faoi láthair chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí a bhrath ar líne tá teicneolaíochtaí agus uirlisí chun ábhar aitheanta mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhrath (i.e. ábhar a deimhníodh roimhe seo mar ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí), ábhar nua mí‑úsáide gnéasaí leanaí (i.e. ábhar seachas ábhar aitheanta mí‑úsáide gnéasaí leanaí) agus sirtheoireacht páistí ar líne chun críoch collaíochta (ar a dtugtar ‘mealltóireacht’ freisin).
Cuimsítear sa liosta neamh‑uileghabhálach samplaí thíos cuid de na huirlisí is mó a úsáidtear. Cuirtear go leor de na huirlisí sin ar fáil do sholáthraithe, d’údaráis forfheidhmithe an dlí agus d'eagraíochtaí eile ar féidir leo leas dlisteanach a thaispeáint. Cuirtear athbhreithniú daonna leis na huirlisí sin de ghnáth ar mhaithe le cruinneas.
2.3.1. Ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí aitheanta a bhrath
Braitheann teicneolaíochtaí atá ann cheana chun ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí aitheanta a bhrath ar anailís uathoibríoch ar ábhar agus is gnách go mbíonn siad bunaithe ar haiseáil. Is cineál méarlorgaireachta digití í an teicneolaíocht haiseála. Cruthaíonn sí síniú digiteach uathúil (‘hais’) d’íomhá, a chuirtear i gcomparáid ansin le sínithe (haiseanna) grianghraf eile chun cóipeanna den íomhá chéanna a aimsiú. Ní bhraitheann an teicneolaíocht sin ach haiseanna meaitseála agus ní ‘fheiceann’ sí aon ábhar nach meaitseálann an hais. Níl na haisluachanna sin inchúlaithe ach an oiread, agus dá bhrí sin ní féidir iad a úsáid chun íomhá a athchruthú.
Is iomaí leagan éagsúil den teicneolaíocht haiseála atá ann agus is iomaí slí ina gcuirtear chun feidhme í, lena n‑áirítear haischripteagrafaíocht chun meaitseanna beachta a shainaithint, agus haiseáil aireachtála chun ábhar cosúil le breathnú air a shainaithint, fiú agus mionmhodhnuithe déanta air (e.g. íomhánna a bearradh, a athraíodh ó thaobh méide de, nó ar cuireadh scagaire leo) . Ar na huirlisí a shainaithnítear mar uirlisí a úsáidtear chun ábhar aitheanta mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhrath tá: (i) Microsoft PhotoDNA ; (ii) Meaitseáil IMGL Google ; (iii) Apple NeuralHash; (iv) PDQ agus TMK+PDQF ; (v) MD5 Hash Matching; agus (vi) Safer (Thorn) .
Is é Microsoft PhotoDNA an uirlis is mó a úsáidtear, uirlis atá in úsáid le breis is 15 bliana. Meastar, ar bhonn tástála, nach bhfuil an ráta bréagdheimhneach níos mó ná 1 as 50 billiún . Cé go mbraitheann PhotoDNA bunaidh ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí aitheanta in íomhánna, tá leagan ar fáil chun ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhrath i bhfíseáin freisin .
Tá an teicneolaíocht á feabhsú i gcónaí. I mí na Bealtaine 2023, d'fhógair Microsoft go gcuirfear cumais mheaitseála nua a chumasaíonn cuardach níos tapúla (thart ar 350 uair níos tapúla) in úsáid, fad a laghdófar costas an phróisis mheaitseála gan aon chaillteanas cruinnis. Dar le Microsoft, cumasaítear leis an leabharlann nua íomhánna atá casta nó rothlaithe a bhrath ar bhealach níos cuimsithí freisin.
2.3.2. Ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí nua a bhrath
I measc na dteicneolaíochtaí a úsáidtear faoi láthair chun ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí nua a bhrath tá aicmitheoirí agus IS. Is éard is aicmitheoir ann aon algartam a shórtálann sonraí ina n‑aicmí lipéadaithe, nó ina gcatagóirí faisnéise, trí aithint patrún. I measc na samplaí d’aicmitheoirí tá iad siúd ar féidir leo nochtacht, cruthanna nó dathanna a bhrath. Teastaíonn aicmitheoirí a oiliúint trí úsáid a bhaint as sonraí agus feabhsaíonn a gcruinneas dá mhéad sonraí a thugtar dóibh.
I measc na n‑uirlisí chun ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí nua a bhrath tá: (i) Safer Predict (Thorn) ; (ii) Content Safety API de chuid Google ; agus (iii) teicneolaíocht intleachta saorga Facebook .
Chun ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí nua a bhrath, is féidir an ráta cruinnis (a shainmhínítear i dtéarmaí bréagdheimhnigh a sheachaint) a shocrú go maith os cionn 90 %. Mar shampla, tugann Thorn le fios gur féidir a Aicmitheoir ábhair mí‑úsáide gnéasaí leanaí a shocrú ag ráta cruinnis 99 % (le haghaidh ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí aitheanta agus nua araon), rud a chiallaíonn 0,1 % mar ráta bréagdheimhniúcháin . Is dócha go bhfeabhsóidh an mhéadracht sin – agus an ráta bréagdhiúltach comhfhreagrach – le breis úsáide agus aiseolais.
Tá cumas an tionscail ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí nua a bhrath ag borradh is ag fás: mar shampla, an uirlis nua chun ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhrath atá forbartha ag Discord trí úsáid a bhaint as CLIP (algartam foinse oscailte arna chruthú ar an gcéad dul síos ag OpenAI), a oileadh chun ceangal a dhéanamh idir íomhánna agus téacs, rud a chuireann ar chumas na huirlise na gaolmhaireachtaí séimeantacha eatarthu a thuiscint. Ach an modh sin a chur i bhfeidhm chun ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhrath, bhí an uirlis in ann ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí aitheanta agus anaithnid araon a bhrath agus torthaí dearfacha a thabhairt. Rinne Discord teicneolaíocht foinse oscailte di chun an nuálaíocht a chomhroinnt le cuideachtaí eile saor in aisce agus chun a chion a dhéanamh ar son an chomhraic níos leithne in aghaidh ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí ar líne .
2.3.3. Sirtheoireacht páistí ar líne chun críoch collaíochta a bhrath
Chun mealltóireacht a bhrath in am sula roinneann an leanbh ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí, de rogha ar íomhánna nó físeáin a mhalartú, bíonn uirlisí téacsbhunaithe an‑ábhartha. Sa chumarsáid théacsbhunaithe is amhlaidh a bhraitheann uirlisí braite mealltóireachta patrúin a thugann mealltóireacht le fios, gan a bheith in ann substaint an ábhair a dhéanamh amach. Déantar comhráite amhrasacha a rátáil ar shraith tréithe agus sanntar rátáil dóchúlachta fhoriomlán dóibh, rud a léiríonn an dóchúlacht mheasta gurb ionann an comhrá agus mealltóireacht ar líne. Is féidir leis na rátálacha sin fónamh chun comhráite a mharcáil le haghaidh athbhreithniú daonna breise. Dála ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhrath, is féidir le cuideachta a chinneadh cá háit a shocrófar an tairseach dóchúlachta, leis na hiarmhairtí céanna a leagtar amach thuas a mhéid a bhaineann le bréagdheimhnigh nó bréagdhiúltaigh: ciallaíonn tairseach dóchúlachta níos airde gur líon níos lú cásanna nach mealltóireacht iad a mharcáiltear lena n‑athbhreithniú, ach freisin go bhféadfaí níos mó cásanna mealltóireachta a chailleadh.
I measc na n‑uirlisí a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí braite téacs tá: (i) Project Artemis de chuid Microsoft; (ii) Amazon Rekognition; (iii) Spirit, teicneolaíocht IS de chuid Twitch; (iv) Aicmitheoir meaisínfhoghlama ‘rangaithe’ Meta (teicneolaíocht anailíse teanga inmheánach á chomhcheangal le meiteashonraí); (v) scagadh comhrá Roblox; (vi) uirlis de chuid Yubo chun mealltóireacht a bhrath; (vii) uirlis de chuid Safer Predict chun téacs a bhrath; agus (viii) Hive Text Moderation.
Thuairiscigh Yubo gur aimsíodh ráta cruinnis 87 % ar an meán le haghaidh brath mealltóireachta téacsbhunaithe ar a sheirbhísí, rud a chiallaíonn, as 100 cás mealltóireachta amhrasta a marcáladh go huathoibríoch i gcomhair modhnóirí daonna, gur deimhníodh 87 gcinn díobh mar mhealltóireacht. Léiríonn taighde gur féidir le modhanna meaisínfhoghlama chun mealltóireacht ar líne a bhrath cruinneas 92 % a bhaint amach, agus go bhfuil siad ar fheabhas chun patrúin chasta neamhlíneacha a ghabháil atá riachtanach chun anailís a dhéanamh ar idirghníomhaíochtaí caolchúiseacha ar líne.
Úsáideann an uirlis de chuid Safer Predict lena mbraitear téacs samhail meaisínfhoghlama um aicmiú téacs chun teacht i dtír gnéasach ar leanaí a bhrath. Déanann sí anailís ar théacs agus sannann sí scór riosca bunaithe ar an dóchúlacht go mbeidh baint ag an ábhar le hiompraíocht dhíobhálach, amhail teachtaireachtaí a bhaineann le hábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a chomhroinnt, lena n‑áirítear ábhar féinghinte, chomh maith le teachtaireachtaí a bhaineann le mí‑úsáid leanaí as líne agus gníomhaíochtaí sracaireachta gnéasaí.
Tá uirlisí IS eile á bhforbairt d’fhonn mealltóireacht ar líne a chomhrac. Mar shampla, bheartaigh tionscadal CESAGRAM de chuid Missing Children Europe, a dhíríonn ar thuiscint a fháil ar na sásraí atá taobh thiar den mhealltóireacht agus teacht rompu, uirlis IS a tháirgeadh a chuideoidh chun mealltóireacht a chosc le hanailís teanga, a bhunaítear ar theicnící próiseála teanga nádúrtha, chun gníomhaíochtaí mealltóireachta a bhrath .
2.3.4. IS giniúnach a úsáid chun críche mí‑úsáid ghnéasach leanaí
Le blianta beaga anuas tháinig forbairt thapa ar thimpeallacht na bagartha atá nasctha le mí‑úsáid IS giniúnach le haghaidh mí‑úsáid ghnéasach leanaí. Is féidir uirlisí intleachta saorga giniúnaí, atá ar fáil go forleathan, a úsáid mar arm chun dochar a dhéanamh do leanaí, agus tá úsáid na teicneolaíochta chun teacht i dtír gnéasach a dhéanamh ar leanaí ag dul i méid. Is féidir an teicneolaíocht sin a úsáid chun íomhánna a chruthú nó a athrú, chun treoirlínte a sholáthar maidir le mealltóireacht a dhéanamh ar leanaí nó mí‑úsáid a bhaint astu, nó fiú chun an t‑eispéireas de chomhrá gháirsiúil le leanbh a ionsamhlú. In 2024, thuairiscigh NCMEC méadú 1 325 % ar thuarascálacha a bhain le IS giniúnach: ó 4 700 tuarascáil in 2023 go 67 000 in 2024. Ina theannta sin, fuair staidéar roghbhlúire IWF ar fhóram ábhair mí‑úsáide gnéasaí leanaí sa ghréasán dorcha os cionn 20 000 íomhá arna nginiúint ag IS a postáladh i dtréimhse míosa, inar léiríodh níos mó ná 3 000 gníomhaíocht choiriúil mhí‑úsáide gnéasaí leanaí.
Baineann ciontóirí úsáid as intleacht shaorga ghiniúnach chun teacht i dtír ar leanaí ar bhealaí éagsúla, lena n‑áirítear iad siúd a liostaítear thíos.
·Téacs go téacs: leideanna téacs a úsáid chun treoracha/físeáin teagaisc/moltaí a ghiniúint maidir le mealltóireacht a dhéanamh ar leanaí agus mí‑úsáid ghnéasach a bhaint astu.
·Téacs go híomhá: leideanna téacs a iontráil lena nginfear ábhar nua mí‑úsáide gnéasaí leanaí nó lena n‑athrófar comhaid a uaslódáladh cheana chun iad a dhéanamh gáirsiúil.
·Íomhá go híomhá (ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí aitheanta a athrú chun ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí nua a chruthú): ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí aitheanta a uaslódáil chun ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí nua a ghiniúint bunaithe ar íomhánna atá ann cheana, lena n‑áirítear eilimintí mí‑úsáideacha nua (e.g. cuibhriú nó cineálacha eile mí‑úsáide) a athrú nó a chur le híomhánna atá ann cheana.
·Íomhá go híomhá (íomhá neamhurchóideach a athrú chun íomhá dhúshaothraithe a chruthú): íomhánna neamhurchóideacha de leanbh a uaslódáil chun íomhánna gáirsiúla nó dúshaothraithe den leanbh a ghiniúint (e.g. aipeanna nochtacha). Déantar comhéigean gnéis i gcomhair airgid in aghaidh leanaí leis an intleacht shaorga ghiniúnach ar an mbealach sin freisin.
Thug NCMEC dá aire an easpa prótacal sábháilteachta rialáilte atá ann, a thapa a scaiptear uirlisí intleachta saorga giniúnaí trí aipeanna, ardáin agus inrochtaineacht foinse oscailte, agus a éasca atá sé an teicneolaíocht sin a úsáid. Thairis sin, le hiomadú na mí‑úsáide gnéasaí leanaí arna ghiniúint ag IS cruthaítear dúshláin nua shuntasacha d’fhorfheidhmiú an dlí, lena n‑áirítear maidir le sainaithint íospartach, mar gheall ar a dheacra atá sé a chinneadh an fíoríomhánna nó íomhánna sintéiseacha atá ann, rud a d’fhéadfadh ar a sheal iarrachtaí a atreorú ó chásanna a bhaineann le fíorleanaí a bhfuil géarghá acu le coimirciú.
3.CONCLÚIDÍ
Bearta cur chun feidhme arna ndéanamh ag soláthraithe
Léirigh tuairisciú na soláthraithe go raibh mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne á brath agus á tuairisciú acu faoin Rialachán le teicneolaíochtaí agus próisis braite éagsúla. Thuairiscigh na soláthraithe uile na tuarascálacha sin a sheoladh chuig NCMEC. Le haghaidh na bliana 2024, níor chomhlíon na soláthraithe a n‑oibleagáid an tuarascáil ar phróiseáil sonraí pearsanta a chur isteach trí úsáid a bhaint as an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún a glacadh an 25 Samhain 2024. Mar thoradh air sin, tá easnaimh fós sna tuarascálacha a cuireadh isteach a dhéanann difear d’inchomparáideacht fhoriomlán na sonraí.
Bearta cur chun feidhme arna ndéanamh ag na Ballstáit
Tá saincheisteanna fós ag baint leis na tuarascálacha a chuir na Ballstáit isteach, saincheisteanna atá cosúil leo siúd a cuireadh i dtábhacht sa chéad tuarascáil maidir leis an Rialachán a chur chun feidhme. Is cosúil gur sonraí neamhiomlána ilroinnte atá curtha isteach ag na Ballstáit. Dá bhrí sin, ní féidir forléargas cuimsitheach iontaofa a thabhairt ar an líon tuarascálacha ar mhí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a braitheadh, an líon leanaí a sainaithníodh, ná an líon déantóirí coire a ciontaíodh. Deimhnítear leis na héagothromaíochtaí idir sonraí NCMEC agus sonraí na mBallstát go bhfuil easnaimh shuntasacha fós ar bhailiú agus tuairisciú sonraí na mBallstát.
Breithnithe ginearálta
Ar an iomlán, léiríonn an tuarascáil seo éagothromaíochtaí suntasacha sa tuairisciú ar shonraí maidir le mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac faoin Rialachán ó sholáthraithe agus ó na Ballstáit araon. Caighdeánú níos fearr a dhéanamh ar na sonraí atá ar fáil agus ar thuairisciú na sonraí sin.
Léiríonn na sonraí atá ar fáil, maidir le hábhair a mharcáiltear go huathoibríoch mar ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí féideartha go ndeimhnítear amhlaidh a bhformhór tar éis athbhreithniú daonna, ach go bhféadfadh sé nach ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí atá i gcodán beag díobh, tar éis athbhreithniú daonna. Cé go bhfuil an ráta bréagdheimhneach chomh híseal le 1 as 50 billiún i gcás roinnt uirlisí, braitheann an codán sin freisin ar rogha an tsoláthraí socruithe cruinnis na huirlise a oiriúnú chun bréagdhiúltaigh a íoslaghdú, agus méadú iarmhartach a chur ar bhréagdheimhneacha a scagfar amach ina dhiaidh sin le hathbhreithniú daonna.
Ó na sonraí tugtar le fios freisin éagsúlachtaí móra sa líon iarratas ar athbhreithniú, agus i rátaí ratha athbhreithnithe, nach féidir conclúidí a bhaint astu, i bhfianaise na heaspa faisnéise a chomhroinneann na soláthraithe maidir le, go háirithe, raon feidhme na n‑iarrataí ar athbhreithniú agus na gcúiseanna le hathbhunú.
I ndáil le ceanglais Airteagal 9(2) maidir leis na coinníollacha do phróiseáil sonraí, tugtar le fios san fhaisnéis a soláthraíodh go gcomhfhreagraíonn na teicneolaíochtaí a úsáidtear d'fheidhmchláir theicneolaíocha a ceapadh chun críche ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhrath agus a bhaint agus chun é a thuairisciú d'údaráis forfheidhmithe dlí agus d'eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí‑úsáide gnéasaí leanaí, agus chun na críche sin amháin. Níor chuir na soláthraithe aon fhaisnéis isteach maidir le cé acu a cuireadh nó nár cuireadh na teicneolaíochtaí in úsáid i gcomhréir leis an úrscothacht agus ar an mbealach is lú a chuir isteach ar phríobháideachas, ná maidir le cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh réamh‑mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 agus nós imeachta réamhchomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán sin.
Maidir le comhréireacht Rialachán (AE) 2021/1232, is í an cheist cé acu an mbaintear amach leis an Rialachán an chothromaíocht atá á lorg idir, ar thaobh amháin, cuspóir an leasa ghinearálta a bhaint amach maidir leis na coireanna thar a bheith tromchúiseach atá i gceist a chomhrac go héifeachtach agus an gá atá le cearta bunúsacha leanaí a chosaint (e.g. dínit, sláine, toirmeasc ar chóir mhídhaonna nó táireach, saol príobháideach, cearta an linbh) agus, ar an taobh eile, cearta bunúsacha úsáideoirí na seirbhísí a chumhdaítear a chosaint (e.g. príobháideachas, cosaint sonraí pearsanta, saoirse chun tuairimí a nochtadh, leigheas éifeachtach etc.). Ní leor na sonraí atá ar fáil chun freagra cinntitheach a sholáthar ar an gceist sin. Ní féidir ná ní bheadh sé iomchuí caighdeán uimhriúil a chur i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh ar chomhréireacht ó thaobh an líon leanaí a tarrtháladh, i bhfianaise an tionchair dhiúltaigh shuntasaigh ar shaol agus ar chearta an linbh arb é mí‑úsáid ghnéasach is cúis leis. Mar sin féin, i bhfianaise an mhéid thuas, níl aon tásc ann a léiríonn nach bhfuil an maolú comhréireach.
Cé nach féidir an pictiúr iomlán a fháil mar gheall ar easnaimh na sonraí, léiríonn na sonraí atá ar fáil gur sainaithníodh na mílte leanaí sa tréimhse thuairisciúcháin agus gur baineadh na milliúin íomhánna agus físeán den chúrsaíocht, rud a laghdaíonn an íospairt thánaisteach. Dá bhrí sin, is cosúil go rannchuidíonn tuairisciú deonach i gcomhréir leis an Rialachán seo go mór ó thaobh líon mór leanaí a chosaint, lena n‑áirítear cosaint ar mhí‑úsáid leanúnach.
An tráth céanna, tugadh aghaidh ar easnaimh thábhachtacha a sainaithníodh i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n‑áirítear caighdeánú níos fearr a dhéanamh ar na sonraí atá ar fáil agus ar a dtuairisciú, dá réir, chun léargas níos fearr a fháil ar na gníomhaíochtaí ábhartha sa chomhrac in aghaidh na coireachta sin agus ar úsáid táscairí sonracha chun ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí neamhdhleathach a bhrath agus ábhar a bheith á fhíorú ag lárionad neamhspleách, sa Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán lena leagtar síos rialacha chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac. Is tosaíocht i gcónaí é go nglacfaidh na comhreachtóirí é. Beidh sé fíor-riachtanach a áirithiú nach dtiocfaidh aon bhearna dlíthiúil chun cinn idir an creat dlíthiúil atá ann cheana agus an creat dlíthiúil feabhsaithe a bheidh ann amach anseo, agus, idir an dá linn, go leanfar den chreat dlíthiúil atá ann faoi láthair a chur i bhfeidhm ar an mbealach is éifeachtaí.