Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0704

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le húdaruithe onmhairiúcháin in 2024 de bhun an Rialacháin maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach

COM/2025/704 final

An Bhruiséil,21.11.2025

COM(2025) 704 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le húdaruithe onmhairiúcháin in 2024 de bhun an Rialacháin maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach


1.Réamhrá

Is é is cuspóir do Rialachán (AE) 2019/125 maidir le trádáil in earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach 1 (‘an Rialachán) cosc a chur, i dtíortha lasmuigh den Aontas, ar phionós an bháis, ar thaobh amháin, agus ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach ar an taobh eile. Déantar idirdhealú leis idir:

-earraí atá mí-úsáideach ó nádúr agus nár cheart a thrádáil in aon chor (Iarscríbhinn II); agus

-earraí a bhféadfadh úsáidí dlisteanacha a bheith acu, amhail trealamh forfheidhmithe dlí (Iarscríbhinn III) agus earraí le haghaidh úsáid theiripeach (Iarscríbhinn IV).

Tá an trádáil in earraí a liostaítear in Iarscríbhinní III agus IV faoi réir srianta áirithe, lena n‑áirítear an ceanglas maidir le hiarratas ar údarú a chur faoi bhráid údarás inniúil Ballstáit chun na hearraí sin a onnmhairiú.

Luaitear in Airteagal 26(3) den Rialachán nach mór do na Ballstáit tuarascáil bhliantúil phoiblí ar ghníomhaíochtaí a tharraingt suas ina gcuirfear faisnéis ar fáil maidir le líon na n‑iarratas arna bhfáil, na hearraí agus na tíortha lena mbaineann, agus na cinntí a rinneadh i leith na n‑iarratas. Luaitear in Airteagal 26(4) nach mór don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas arb éard a bheidh inti na tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí arna bhfoilsiú ag na Ballstáit. Ní mór dó an tuarascáil a chur ar fáil go poiblí.

Cuirtear faisnéis ar fáil sa tuarascáil seo ón gCoimisiún faoi ghníomhaíochtaí údaraithe na mBallstát i dtaca le honnmhairiú earraí in 2024 2 a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh phionós an bháis.

Thuairiscigh na Ballstáit uile maidir leis an líon údaruithe onnmhairiúcháin a deonaíodh agus a diúltaíodh faoi Airteagal 11(1) agus Airteagal 16(1) den Rialachán agus maidir leis na hearraí agus na tíortha is ceann scríbe a bhí i gceist. I gcásanna áirithe, thuairiscigh údaráis inniúla na mBallstát freisin maidir leis an líon nó na cainníochtaí earraí arna n‑údarú lena n‑onnmhairiú agus maidir le catagóir na n‑úsáideoirí deiridh ar soláthraíodh na hearraí dóibh.

Údaruithe faoi Rialachán (AE) 2019/125

Éilítear le hAirteagal 11(1) agus Airteagal 16(1) den Rialachán go mbeidh údarú ag teastáil i leith onnmhairiú 3 earraí a liostaítear in Iarscríbhinn III agus in Iarscríbhinn IV.

Liostaítear in Iarscríbhinn III earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach. Tagann na hearraí in Iarscríbhinn III faoi na ceannteidil seo a leanas: earraí atá ceaptha chun daoine a shrianadh; airm agus gléasanna atá ceaptha chun círéib a smachtú nó le haghaidh féinchosanta; agus airm agus trealamh lena scaiptear substaintí ceimiceacha éagumasúcháin nó greannacha chun círéib a smachtú nó le haghaidh féinchosanta, agus substaintí gaolmhara áirithe.

Liostaítear in Iarscríbhinn IV ceimiceáin áirithe a d’fhéadfaí a úsáid in instealltaí marfacha.

Seachas i gcás ina n‑úsáidtear an t‑údarú ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas a leagtar amach in Iarscríbhinn V le haghaidh onnmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, ní mór an t‑údarú chun earraí a onnmhairiú a fháil ó údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán.

Is iondúil gur féidir onnmhairí chuig na cinn scríbe a liostaítear san údarú ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas a dhéanamh gan údarú aonair nó údarú foriomlán arna dheonú ag Ballstát a fháil. Is é an cur chuige a bhí i bhfeidhm go dtí seo tríú tír a chur le hIarscríbhinn V i gcás inar dhaingnigh sí comhaontú idirnáisiúnta ábhartha agus inar thug sí gealltanas go gcealódh sí pionós an bháis i gcás gach coire. Maidir le tíortha nach comhaltaí de Chomhairle na hEorpa iad, ciallaíonn sin nach mór an Dara Prótacal Roghnach a ghabhann leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla a bheith daingnithe gan forchoimeád ag an tír lena mbaineann.

Mar sin féin, má tá amhras réasúnach ann i leith chumas an onnmhaireora téarmaí an údaraithe nó reachtaíocht maidir le rialú ar onnmhairiú a chomhlíonadh, féadfaidh an t‑údarás inniúil toirmeasc a chur ar an onnmhaireoir an t‑údarú ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas a úsáid.

Luaitear in Airteagal 20(2) den Rialachán sin go bhféadfadh údarú aonair (údarú i leith onnmhairí chuig úsáideoir deiridh amháin nó chuig coinsíní amháin i dtríú tír) nó údarú foriomlán (údarú i leith onnmhairí chuig úsáideoir deiridh sonraithe amháin nó níos mó nó chuig dáileoirí i dtríú tír shonraithe amháin nó níos mó) a bheith i gceist le húdarú onnmhairiúcháin arna dheonú ag Ballstát 4 .

Le hAirteagail 3, 4 agus 5 den Rialachán cuirtear toirmeasc ar onnmhairiú, allmhairiú agus idirthuras na n‑earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II faoi seach. Féadfaidh údaráis inniúla maolú ar an toirmeasc a dheonú sa chás go léirítear go mbainfear úsáid eisiach as na hearraí lena mbaineann lena gcur ar taispeáint phoiblí i músaem (i dtríú tír nó, de réir Airteagal 4, i mBallstát) i bhfianaise na tábhachta stairiúla a bhaineann leo, agus sa chás sin amháin.

2.Údaruithe arna ndeonú agus arna ndiúltú

In 2024, ba é 248 an líon iomlán údaruithe tuairiscithe, agus thuairiscigh 7 Bhallstát gur dheonaigh siad údaruithe. Chuir na Ballstáit eile in iúl don Choimisiún nach bhfuair siad aon iarratas ar údarú de bhun an Rialacháin, rud a thugann gníomhaíocht theoranta le fios sa réimse sin. Mar an gcéanna leis na cleachtaí tuairiscithe a rinneadh roimhe seo, ní sholáthraítear mais chriticiúil leis na sonraí chun teacht ar chonclúidí cuí-réasúnaithe.

Ó tharla nach bhfuil gné chainníochtúil i gceist leis na sainmhínithe ar ‘údarú aonair’ agus ar ‘údarú foriomlán’ in Airteagal 2 den Rialachán, ní thugann tásc ar an líon údaruithe an líon ná an chainníocht earraí a bhaineann leis na húdaruithe sin le tuiscint. Ní hiondúil go ndéantar idirdhealú idir údaruithe aonair agus údaruithe foriomlána in aon fhaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil don Choimisiún ach oiread.

Thuairiscigh na Ballstáit gur dhiúltaigh siad dhá iarratas ar údarú onnmhairiúcháin in 2024. Bhain na cásanna diúltaithe a tuairiscíodh le hearraí a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn III cód 3.1 5 a bhí beartaithe lena nonnmhairiú chuig an tSile agus bhí na hearraí a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn IV cód 1.1 d) 6 beartaithe lena nonnmhairiú chuig Iosrael.

Le hAirteagail 3, 4 agus 5 den Rialachán cuirtear toirmeasc ar onnmhairiú, allmhairiú agus idirthuras na n‑earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II faoi seach. Leis an Rialachán, ceadaítear d’údaráis inniúla náisiúnta maolú ar an toirmeasc a dheonú i gcás ina léirítear go mbainfear úsáid eisiach as na hearraí lena mbaineann lena gcur ar taispeáint phoiblí i músaem (i dtríú tír nó, de réir Airteagal 4, i mBallstát) i bhfianaise na tábhachta stairiúla a bhaineann leo, agus sa chás sin amháin. Thuairiscigh na húdaráis inniúla nár dheonaigh siad maoluithe den sórt sin in 2024.

In Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar forléargas ar an líon údaruithe onnmhairiúcháin tuairiscithe arna dheonú agus arna dhiúltú ag na Ballstáit le linn na tréimhse 2017-2024.

In Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar faisnéis faoin líon údaruithe onnmhairiúcháin tuairiscithe a d’eisigh na Ballstáit a mhéid a bhaineann leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III.

In Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar faisnéis faoi cheann scríbe tuairiscithe na n‑onnmhairí údaraithe agus diúltaithe a mhéid a bhaineann leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III.

In Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil seo déantar achoimre ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil don Choimisiúin faoin úsáid deiridh thuairiscithe onnmhairí údaraithe a mhéid a bhaineann leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III.

In Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar forléargas mionsonraithe ar onnmhairí údaraithe earraí Iarscríbhinn III in 2024.

In Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar faisnéis faoin líon údaruithe onnmhairiúcháin tuairiscithe a d’eisigh na Ballstáit a mhéid a bhaineann leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

In Iarscríbhinn 7 a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar faisnéis faoi cheann scríbe tuairiscithe na n‑onnmhairí údaraithe a mhéid a bhaineann leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

In Iarscríbhinn 8 a ghabhann leis an tuarascáil seo déantar achoimre ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil don Choimisiúin faoi úsáid deiridh thuairiscithe onnmhairí údaraithe a mhéid a bhaineann leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

In Iarscríbhinn 9 a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar forléargas mionsonraithe ar onnmhairí údaraithe earraí Iarscríbhinn IV in 2024.

(1)

IO L 30, 31.1.2019, lch. 1.

(2)

Ní chuirtear faisnéis ar fáil sa tuarascáil seo faoin úsáid a bhaineann onnmhaireoirí as an Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas, de bhun Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán, a mhéid a bhaineann le honnmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

(3)

De réir an tsainmhínithe in Airteagal 2(d) den Rialachán, ciallaíonn ‘onnmhairiú’ ‘tabhairt amach earraí ó chríoch chustaim an Aontais, lena n‑áirítear imeacht earraí a n‑éilítear dearbhú custaim ina leith agus imeacht earraí i ndiaidh a stórála i saorchrios de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ’.

(4)

Tugtar sainmhíniú iomlán ar ‘údarú aonair’ in Airteagal 2(p). Tugtar sainmhíniú iomlán ar ‘údarú foriomlán’ in Airteagal 2(q).

(5)

Airm agus trealamh iniompartha chun dáileog de shubstaint cheimiceach éagumasúcháin nó ghreannach a thabhairt nó a scaipeadh.

(6)

Salann sóidiam peantabarbatóin - (CAS 57-33-0)

Top

An Bhruiséil,21.11.2025

COM(2025) 704 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le húdaruithe onmhairiúcháin in 2024 de bhun an Rialacháin maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach


Iarscríbhinn 1:

Forbhreathnú: An líon údaruithe onnmhairiúcháin tuairiscithe a dheonaigh agus a dhiúltaigh na Ballstáit le linn na tréimhse 2017-2024 (earraí a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán)

Iarscríbhinn 2:

Earraí Iarscríbhinn III: An líon údaruithe onnmhairiúcháin tuairiscithe a d’eisigh na Ballstáit in 2024

Iarscríbhinn 3:

Earraí Iarscríbhinn III: Ceann scríbe tuairiscithe 1 na n‑onnmhairí údaraithe agus diúltaithe in 2024

Iarscríbhinn 4:

Earraí Iarscríbhinn III: Úsáid deiridh thuairiscithe na n‑onnmhairí údaraithe chuig tríú tíortha in 2024

Iarscríbhinn 5:

Forléargas ar onnmhairí údaraithe tuairiscithe earraí Iarscríbhinn III in 2024

Tuairisc ar an Táirge

Ceann scríbe

Ballstát

Geimhle agus cuibhrigh bhuíne (seachas gnáthghlais lámh)

an Eilvéis, an Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá

DE

Glais nó fáinní aonair a bhfuil fearas glasála feistithe orthu, ar mó an imlíne taobh istigh ná 165 mm

an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

CZ

Stiúdghunnaí

an Iorua

SE

Airm agus trealamh iniompartha chun dáileog de shubstaint cheimiceach éagumasúcháin nó ghreannach a thabhairt nó a scaipeadh.

an Afraic Theas, an Airgintín, Andóra, Arúba, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Bonaire, Sint Eustatius agus Saba, Ceanada, an Chosaiv, Cuáit, Cúrasó, an Eilvéis, an Iaráic, an Iaráin, an India, Iosrael, an Mhacadóin Thuaidh, an Mháratáin, an Mholdóiv, Montainéagró, Oileán Mhuirís, Peiriú, Polainéis na Fraince, an Ríocht Aontaithe, an tSeapáin (faoi UNSCR 1244), an tSeineagáil, an tSeirbia, an tSeoirsia, Sint Maarten - cuid na hÍsiltíre, an Túinéis, an Úcráin, Uragua.

CZ, DE, ES, FR, NL, SE

Fanailealaimíd aigéid pheileargónaigh (PAVA)

an Afraic Theas, an Astráil, an Chóiré Theas, an India, an Indinéis, an Mhalaeisia, an Ríocht Aontaithe, an tSeapáin, an tSín, Singeapór, an Téaváin

DE

Capsacaim oiléaroisín (OC)

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Bhrasaíl, an Eilvéis, an Ríocht Aontaithe

DE

Meascáin de 0,3 % PAVA ar a laghad de réir meáchain nó OC agus tuaslagóir (sprae piobair)

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Cuáit, an Eilvéis, an India, an Mhacadóin Thuaidh, Óman, an Ríocht Aontaithe, an tSeirbia, an tSín, Singeapór, an Tuirc, an Úcráin

DE, ES, IT

Trealamh suite nó insuite chun oibreáin greannacha nó éagumasúcháin a scaipeadh ar fud limistéar fairsing

an Eilvéis

DE

Iarscríbhinn 6:

Earraí Iarscríbhinn IV: An líon údaruithe onnmhairiúcháin tuairiscithe a d’eisigh na Ballstáit in 2024



Iarscríbhinn 7:

Earraí Iarscríbhinn IV: Ceann scríbe tuairiscithe 2 na n‑onnmhairí údaraithe agus diúltaithe in 2024

Iarscríbhinn 8:

Earraí Iarscríbhinn IV: Úsáid deiridh thuairiscithe na n‑onnmhairí údaraithe chuig tríú tíortha in 2024

Iarscríbhinn 9:

Forléargas ar onnmhairí údaraithe tuairiscithe earraí Iarscríbhinn IV in 2024

Tuairisc ar an Táirge

Ceann scríbe

Ballstát

(c) Peantabarbatón - (CAS RN 76-74-4)

an Chóiré Theas

DE

(d) Salann sóidiam peantabarbatóin - (CAS 57-33-0)

an Afraic Theas, an Airgintín, Arúba, Ceanada, an Chóiré Theas, an Cholóim, Cúrasó, an Eilvéis, Hong Cong, Iosrael, Maracó, Meicsiceo, an Mhalaeisia, Peiriú, an Ríocht Aontaithe, Sint Maarten - cuid na hÍsiltíre

DE, IE, NL

(e) Seacabarbatón - (CAS RN 76-73-3)

an Cholóim

DE

(f) Salann sóidiam seacabarbatóin - (CAS 309-43-3)

Ceanada, an Ríocht Aontaithe

DE

(g) Tiaipeantán - (CAS RN 76-75-5)

an Araib Shádach, an Astráil, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Eilvéis, an Iorua, an Ríocht Aontaithe, Ruanda

AT, DE

(h) Salann sóidiam tiaipeanteáin, (CAS RN 71-73-8), ar a dtugtar sóidiam tiaipeantóin freisin

an Airgintín, an Araib Shádach, an Bhanglaidéis, an Bhrasaíl, Bonaire, Sint Eustatius agus Saba, an Cholóim, Cúba, críoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil, Djibouti, an Éigipt, an Iaráic, an Iaráin, an India, an Indinéis, Iosrael, an Libéir, an Liobáin, Meicsiceo, an Mhalaeisia, an Ríocht Aontaithe, an tSeoirsia, an tSile, an tSomáil, an Tuirc, an Úcráin, Uragua

CZ, DE, IT, LV, NL

Oibreáin ainéistéiseacha barbatúráite eile a ghníomhaíonn go gearrthréimhseach agus go meántréimhseach

an Chasacstáin, an Chóiré Theas

DE, PL

(1)

Má úsáidtear ainm ar leith sa liosta ceann scríbe, níor cheart a fhorléiriú leis sin go dtéann an t‑ainm níos faide ná tagairt do chríoch (críoch chustaim) ar a dtugtar an t‑ainm sin go coitianta.

**Tá an t‑ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(2)

Má úsáidtear ainm ar leith sa liosta ceann scríbe, níor cheart a fhorléiriú leis sin go dtéann an t‑ainm níos faide ná tagairt do chríoch (críoch chustaim) ar a dtugtar an t‑ainm sin go coitianta

Top