AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.7.2025
COM(2025) 528 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Straitéis an Aontais um stoc-charnadh: Borradh a chur faoi ullmhacht ábhair an Aontais i leith géarchéimeanna
Réamhrá
Ar feadh na mblianta fada, bhí soláthar leordhóthanach earraí bunriachtanacha ag an Aontas Eorpach. Ach léirigh scála na ngéarchéimeanna a bhí ann le déanaí nach féidir talamh slán a dhéanamh de sin a thuilleadh. Le linn phaindéim COVID-19, nochtadh na leochaileachtaí i slabhraí soláthair an Aontais maidir le táirgí leighis, fuinneamh, táirgí agraibhia agus amhábhair chriticiúla. Léiríodh le cogadh foghach neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine an tábhacht straitéiseach a bhaineann le rochtain iontaofa ar fhuinneamh inacmhainne, ar theicneolaíochtaí criticiúla agus ar bhonneagar agus bhí tionchar aige ar sholáthairtí talmhaíochta ar fud an domhain.
Sa lá atá inniu ann, tá aghaidh á tabhairt ag an Aontas ar thimpeallacht riosca atá ag éirí níos casta agus atá ag dul in olcas, timpeallacht ina bhfuil an teannas geopholaitiúil ag dul i méid, lena n‑áirítear coinbhleacht, tionchair mhéadaitheacha an athraithe aeráide, díghrádú an chomhshaoil, agus bagairtí hibrideacha agus cibearbhagairtí, arna spreagadh ag gníomhaíocht mhéadaithe ó haiceálaithe cúise, ó chibearchoirpigh agus ó ghrúpaí Státurraithe. Thairis sin, is minic a bhíonn na dúshláin gheopholaitiúla fite fuaite ina chéile agus bíonn tionchar acu ar chaidreamh an Aontais le háiteanna éagsúla den domhan, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le slabhraí soláthair. Tá méadú seasta ag teacht ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag rioscaí, agus iarmhairtí agus éifeachtaí indíreacha ag forleathnú le himeacht ama. Ar deireadh, is ionann sin agus bagairt fhoriomlán níos airde ar shlándáil agus ar infhaighteacht soláthairtí riachtanacha.
Tar éis na moltaí i dtuarascáil Niinistö, fógraíodh sa Straitéis um Aontas na hUllmhachta () Straitéis uile-AE um stoc-charnadh (1) lena gcomhtháthófar na hiarrachtaí stoc-charntha earnála uile atá ann cheana, (2) lena neartófar rochtain ar acmhainní criticiúla ar fud an Aontais agus (3) lena gcomhcheanglófar cúlchistí láraithe ar leibhéal an Aontais le ranníocaíochtaí na mBallstát, le tacaíocht ó chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí chun éifeachtúlacht, inscálaitheacht agus cost-éifeachtúlacht a áirithiú.
Leis an Straitéis AE seo um stoc-charnadh, glactar cur chuige cuimsitheach maidir le stoc-charnadh agus tugtar aghaidh ar a timthriall iomlán, ó réamh-mheas go faireachán a dhéanamh ar shlabhraí soláthair, bearta chun slándáil an tsoláthair a neartú, stoc-charnadh a bhainistiú, agus imscaradh. Tá feidhm aige maidir le hearraí bunriachtanacha (), a thuigtear chun na gcríoch sin mar aon réad fisiceach is gá chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun(). Le Straitéis an Aontais um Stoc-charnadh, cothófar cúlchistí comhordaithe poiblí agus príobháideacha d’ionchuir chriticiúla agus áiritheofar go mbeidh siad ar fáil i ngach cás.
Beidh an Straitéis á threorú ag bunphrionsabail na dlúthpháirtíochta, na trédhearcachta, na cuntasachta agus na rochtana cothroime ar acmhainní ar fud an Aontais, rud atá ríthábhachtach chun comhionannas do chách a áirithiú, go háirithe i gcúinsí tromchúiseacha. I gcomhréir le creat Aontas an Chomhionannais() , cuirfear san áireamh i gcur chun feidhme na Straitéise riachtanais shonracha grúpaí éagsúla, lena n‑áirítear riachtanais maidir le hinscne, míchumas, aois agus cúlra ciníoch nó eitneach.
Agus Straitéis um Aontas na hUllmhachta á leanúint, léirítear sa Straitéis um Stoc-Charnadh aistriú meoin ó chur chuige frithghníomhach earnála maidir le bainistiú géarchéime go cur chuige ullmhachta réamhghníomhach, solúbtha agus comhtháite ar bhealach níos fearr.
An fáth a bhfuil gá againn le Straitéis AE um Stoc-charnadh
Tá dúshláin chomhchosúla roimh na Ballstáit ar fud an Aontais le blianta beaga anuas. Tá deis ann sineirgí a spreagadh maidir le hullmhacht chomhchoiteann ar leibhéal an Aontais trí thaithí a chomhroinnt agus trí oibriú le chéile ar an mbealach is fearr chun rochtain thráthúil ar earraí bunriachtanacha a áirithiú d’údaráis, do ghnólachtaí agus don phobal ar bhealach cuimsitheach. Dá bhrí sin, tá gá le cur chuige uile-Aontais chun iarrachtaí na mBallstát a chomhlánú agus chun tacú leo.
Is cuid ríthábhachtach d’ullmhacht an Aontais i gcomhair géarchéimeanna é stoc-charnadh agus is cuid lárnach é den díspreagadh foriomlán agus den ullmhacht le haghaidh cásanna coinbhleachta. D’fhéadfadh sé nach mbeadh géarchéimeanna agus bagairtí teoranta do Bhallstát amháin, rud a dhéanfadh ullmhúchán leordhóthanach ar leibhéal an Aontais níos ábhartha. Mar Mhargadh Aonair amháin, ina bhfuil slabhraí luacha agus soláthair an-chomhtháite, tá gá le cumas freagartha ar leibhéal an Aontais i gcás cur isteach ar infhaighteacht ábhar criticiúil nó teicneolaíochtaí criticiúla.
Le blianta beaga anuas, glacadh roinnt tionscnaimh, straitéisí agus dlíthe ábhartha de chuid an Aontais() chun an uathriail straitéiseach, an tslándáil inmheánach agus eacnamaíoch, an t‑iomaíochas, an chosaint agus an athléimneacht a fheabhsú agus chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí agus spleáchais sna slabhraí soláthair. I measc na dtionscnamh sin tá bearta atá dírithe go sonrach ar fheabhas a chur ar an rochtain ar earraí bunriachtanacha, amhail ceangal a chur ar na Ballstáit stoic ola a choinneáil; comhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach le haghaidh gáis; bearta chun borradh a chur faoin rochtain ar amhábhair chriticiúla agus faoi phróiseáil agus athchúrsáil na n‑amhábhar sin; vacsaíní in aghaidh COVID-19 a sholáthar go comhpháirteach; nó cúltaca straitéiseach rescEU an Aontais a fhorbairt (féach Iarscríbhinn 1 chun forléargas a fháil ar chreataí dlíthiúla agus beartais ábhartha an Aontais).
Mar sin féin, tá an cur chuige foriomlán fós ilroinnte, agus léirigh taithí roinnt easnamh suntasach, a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile, i gcreat an Aontais.
1.Comhthuiscint theoranta ar na hearraí bunriachtanacha is gá le haghaidh ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna i gcomhthéacs thimpeallacht na rioscaí atá ag athrú go tapa. Cuireann sé sin bac ar an gcomhar thar earnálacha agus thar theorainneacha. Trí thuiscint a fháil ar na hearraí atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann, is féidir le rialtais agus gnólachtaí araon cinntí eolasacha comhordaithe a dhéanamh maidir leis an mbealach is fearr chun ullmhú do ghanntanais a d’fhéadfadh a bheith ann.
2.Comhroinnt agus comhordú teoranta faisnéise idir an tAontas agus na Ballstáit, agus idir na hearnálacha sibhialtacha agus míleata. Mar thoradh air sin, níl aon fhorléargas cuí ann ar iarrachtaí stoc-charntha na mBallstát ar fud an Aontais, rud a fhágann nach mbaintear an úsáid is fearr is féidir as na hacmhainní, na hacmhainneachtaí agus an saineolas atá ar fáil. Thairis sin, d’fhéadfadh bacainní riaracháin, struchtúracha agus lóistíochta atá fós ann ar fud an Aontais bac a chur ar imscaradh trasteorann, ar iompar agus ar rochtain i gcásanna géarchéime.
3.Acmhainneacht tearcúsáidte maidir le comhar leis an earnáil phríobháideach thar earnálacha agus thar theorainneacha. Tá saineolas mór ag an earnáil phríobháideach maidir le stoc-chairn, lóistíocht agus imscaradh a bhainistiú. Is féidir comhar struchtúrach poiblí príobháideach méadaithe maidir le stoc-charnadh éigeandála a chothú, dea-chleachtais a chomhroinnt, agus ceachtanna a fhoghlaim thar earnálacha agus thar theorainneacha.
4.Creataí náisiúnta nó earnála atá ann cheana nach léiríonn go leordhóthanach an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an ngníomhaíocht sheachtrach agus ag uirlisí comhair chun ullmhacht ábhair náisiúnta agus ullmhacht ábhair an Aontais a neartú, mar shampla maidir le slándáil an tslabhra soláthair. Is féidir le comhpháirtíochtaí le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta rannchuidiú le hathléimneacht fhrithpháirteach a fheabhsú agus le hearraí bunriachtanacha a fháil.
Ar mhaithe le hullmhacht an Aontais, tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar an easpa anailís chuimsitheach chomhroinnte atá ann i measc na bpáirtithe leasmhara ábhartha uile, thar earnálacha agus thar theorainneacha, agus iarrachtaí a chomhordú chun ullmhú agus freagairt go tapa agus go héifeachtach. Dá bhrí sin, tá peirspictíocht trasearnála agus trasteorann ag baint leis an straitéis sin, áit ar féidir leis an Aontas an breisluach is mó a chur ar fáil.
Is é cuspóir foriomlán na straitéise sin feabhas a chur ar an rochtain ar earraí bunriachtanacha i ngach uile chás. Cuirfidh sé feabhas ar idir-inoibritheacht na gcóras stoc-charntha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon ar feadh an timthrialla stoc-charntha ar fad – na stoic a phleanáil, a cheannach, a bhainistiú agus a imscaradh. Áirithítear leis an straitéis ullmhacht ábhair, rud a chiallaíonn ullmhacht, infhaighteacht agus inrochtaineacht earraí bunriachtanacha mar chuid de fhreagairt éifeachtach ar ghéarchéimeanna agus ar choinbhleacht. An tráth céanna, tacaíonn sí freisin le huathriail straitéiseach don Aontas, trí spleáchais agus leochaileachtaí a laghdú agus trí tháirgeadh earraí bunriachtanacha san Aontas a fheabhsú.
Straitéis AE um Stoc-charnadh a thógáil
Cuireann an Straitéis seo le creataí earnála an Aontais atá ann cheana agus leanann sí prionsabail Straitéis um Aontas na hUllmhachta, a leagtar amach thíos.
·Cur chuige uile-ghuaise, lena gcumhdaítear speictream iomlán na rioscaí nádúrtha agus na rioscaí de dheasca an duine agus na mbagairtí ar ullmhacht ábhartha. Is é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus bagairtí méadaithe do shlándáil an tsoláthair ar bhealach cuimsitheach, lena n‑áirítear cás coinbhleachta, agus idirghníomhú rioscaí agus a n‑éifeachtaí cascáideacha.
·Cur chuige uile-rialtais, lena dtugtar le chéile na páirtithe leasmhara ábhartha uile, ar gach leibhéal rialtais (áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus AE), cuirtear comhar, comhleanúnachas beartais agus comhroinnt acmhainní chun cinn. Cuimsítear leis sin comhar éifeachtach idir na húdaráis shibhialtacha agus chosanta, agus comhtháthú comhleanúnach na ngnéithe inmheánacha agus seachtracha.
·Cur chuige uile-shochaí, lena gcothaítear cultúr cuimsitheach ullmhachta ábhair ina mbeidh na gníomhaithe ábhartha uile páirteach i slándáil an tsoláthair, go háirithe an earnáil phríobháideach. Ciallaíonn sé freisin go mbeifear ag cuidiú le saoránaigh a bheith ina ngníomhaithe i dtaca lena n‑athléimneacht féin, trí acmhainní a bheith acu chun neamhthuilleamaíocht 72 uair an chloig ar a laghad a áirithiú agus a riachtanais shonracha á gcur san áireamh, mar a chuirtear i dtábhacht i Straitéis um Aontas na hUllmhachta.
I gcomhréir leis na torthaí thuas, sainaithnítear sa straitéis seo seacht bpríomhréimse le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais:
1.feabhas a chur ar an gcomhordú i measc na mBallstát agus leis an Aontas;
2.fadbhreathnaitheacht, réamhaíocht agus pleanáil straitéiseach;
3.bearnaí a líonadh trí stoc-charnadh straitéiseach an Aontais;
4.feabhas a chur ar bhonneagar láidir idir-inoibritheach iompair agus lóistíochta;
5.feabhas a chur ar an gcomhar sibhialta-míleata;
6.comhar poiblí príobháideach a chothú;
7.comhar a chothú sa ghníomhaíocht sheachtrach agus i gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta.
Dírítear sa Straitéis ar dhúshláin trasearnála, agus comhlántacht iomlán le gníomhaíochtaí earnálacha sonracha á lorg ag an am céanna(). Cuirfear an Straitéis seo chun feidhme i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara ábhartha, agus an choimhdeacht, inniúlachtaí náisiúnta agus sainiúlachtaí na mBallstát á n‑urramú go hiomlán.
1.Feabhas a chur ar an gcomhordú i measc na mBallstát agus leis an Aontas
Tá gach Ballstát freagrach as a ullmhacht ábhartha féin. Mar sin féin, i ngéarchéimeanna diana, fadtéarmacha, casta, trasteorann, tá sé ríthábhachtach bearta náisiúnta a chomhordú chun soláthar seasta earraí bunriachtanacha a áirithiú agus chun a áirithiú go leanfar d’fheidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha. Ní hamháin go gcothaítear dlúthpháirtíocht leis an gcomhordú ach cuirtear cosc freisin ar shuaitheadh sa mhargadh aonair. Gan comhordú, d’fhéadfadh na Ballstáit dul san iomaíocht le haghaidh earraí, cumais táirgthe, acmhainneachtaí stórála agus imscartha, agus d’fhéadfadh siad cur isteach ar mhargaí dea-fheidhmiúla, rud a d’fhágfadh go mbeadh dúbailt neamhriachtanach, costais, agus freagairtí neamhéifeachtúla ar ghéarchéimeanna ann agus go gcuirfí brú breise ar shlabhraí soláthair atá leochaileach cheana féin.
Mar chéad chéim, ní mór muinín fhrithpháirteach agus tuiscint fhrithpháirteach a neartú, agus ábhair imní maidir leis an tslándáil náisiúnta á gcur san áireamh. Forbróidh an tAontas uirlisí slána comhroinnte faisnéise () a thuilleadh, chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit, don Choimisiún, do ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus do pháirtithe leasmhara, faisnéis a chomhthiomsú maidir le slabhraí soláthair, socruithe stoc-charntha, agus pleananna imscartha. Ní mór cosaint mhaith a bheith ag na huirlisí sin agus ní mór dóibh ceanglais slándála an Aontais a chomhlíonadh. Le comhroinnt faisnéise, lena n‑áirítear le hEagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) i gcás inarb ábhartha, ba cheart go gcuirfí feabhas ar an idir-inoibritheacht agus, ar an gcaoi sin, go gcuirfí feabhas ar éifeachtúlacht chomhpháirteach na freagartha ar ghéarchéimeanna.
Thairis sin, beidh gnóthachain éifeachtúlachta mar thoradh ar fheabhas a chur ar shineirgí agus ar idir-inoibritheacht earraí stocáilte, ar shocruithe agus ar phleananna cur chun feidhme ar fud an Aontais. Ba cheart feabhas a chur ar an gcomhordú ag céimeanna éagsúla den timthriall stoc-charntha – stoic a phleanáil, a cheannach, a bhainistiú agus a imscaradh. Ba cheart comhar níos fearr a bheith i gceist leis sin freisin maidir le spleáchais chriticiúla ar an slabhra soláthair a shainaithint, pleananna éagsúlaithe agus comhar le custaim a ailíniú chun insreabhadh earraí bunriachtanacha isteach san Aontas a éascú nó chun cur i bhfeidhm srianta onnmhairiúcháin féideartha a áirithiú. Le soláthar comhpháirteach agus lárnach() , is féidir fáil acmhainní agus comhar le haghaidh earraí bunriachtanacha a bharrfheabhsú go héifeachtach i measc na mBallstát agus ba cheart tuilleadh feabhais a chur air. Leis an gcomhar maidir le suíomhanna slána agus straitéiseacha le haghaidh earraí bunriachtanacha ar fud an Aontais, agus riachtanais réigiúnacha á gcur san áireamh, feabhsófar an athléimneacht agus an éifeachtúlacht fhoriomlán. Is féidir dea-chleachtais agus ceachtanna a chomhroinnt maidir le bainistiú stoic, rianú fíor-ama, faireachán ar riochtaí, foláirimh éaga, uainíocht stoic, seilfré, agus bainistiú dramhaíola.
I measc na samplaí maithe de thionscnaimh earnála, cuir chuige stoc-charntha na mBallstát a chomhordú agus a neartú, tá sásraí le haghaidh táirgí agraibhia, ionchuir riachtanacha talmhaíochta agus frithbhearta leighis. Is féidir stoc-charnadh na mBallstát a mheas freisin le haghaidh breosla núicléach mar chuid de chur chun feidhme an treochláir chun deireadh a chur le hallmhairí fuinnimh ón Rúis. In earnáil na dtáirgí agraibhia, ba cheart an Sásra Eorpach um Ullmhacht agus um Fhreagairt i leith Géarchéimeanna Slándála Bia (EFSCM) a dhoimhniú agus a oibríochtú chun feabhas a chur ar mhalartú faisnéise, trédhearcacht agus dlúthpháirtíocht sa stoc-charnadh() i measc na mBallstát, na bpáirtithe leasmhara agus institiúidí an Aontais, i gcomhar le hionstraimí faoi Chomheagrú na Margaí (CEM). I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, is é an t‑ardán le haghaidh comhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach amhábhar an chéad chéim i dtreo Lárionad Amhábhar Criticiúil an Aontais a bhunú ar cheart dó cabhrú le hamhábhair a cheannach go comhpháirteach, stoc-chairn straitéiseacha a chomhordú, faireachán a dhéanamh ar an slabhra soláthair, agus infheistíochtaí a spreagadh. Ba cheart foghlaim agus comhordú trasearnála a áirithiú.
De réir shamhail an Díorma Eorpaigh um Chosaint Shibhialta faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (SACS), ba cheart roghanna a fhiosrú le haghaidh córas malartaithe faisnéise le haghaidh na mBallstát chun fógra a thabhairt don Aontas faoi aon earraí bunriachtanacha atá ar fáil lena n‑aistriú go deonach chuig Ballstát eile le linn géarchéimeanna. D’fhéadfaí a áireamh leis sin costais iompair agus imscartha a chomhordú tríd an gCoimisiún laistigh de SACS. Ar deireadh, tá sé ríthábhachtach critéir choiteanna a bhunú chun stoc-chairn a scaoileadh ar bhealach comhordaithe le linn éigeandálaí.
|
Príomhghníomhaíochtaí:
·Bunóidh an Coimisiún líonra stoc-charntha de chuid an Aontais i gcomhar leis na Ballstáit. Is fóram plé a bheidh sa líonra agus beidh ról comhairleach aige. Gan teacht roimh ról na Comhairle maidir leis an ábhar sin, ba cheart don líonra sin dea-chleachtais a phlé maidir le fadbhreathnaitheacht, réamhaíocht, pleanáil straitéiseach agus measúnuithe costéifeachtúlachta agus liostaí dinimiciúla neamh-uileghabhálacha, a thabharfar cothrom le dáta go tráthrialta, a fhorbairt d’earraí bunriachtanacha agus atá saincheaptha do chásanna géarchéime éagsúla agus do réigiúin éagsúla, agus na liostaí earnála atá ann cheana á gcur san áireamh(). Ba cheart don líonra moltaí a cheapadh maidir le saincheisteanna amhail ceanglais mhéide, córais formhaoirseachta ghaolmhara agus comhordú na n‑íoscheanglas.
·Déanfaidh an Coimisiún - laistigh de líonra stoc-charntha nua seo an Aontais - idir-inoibritheacht stoc agus socruithe stoc-charntha a fheabhsú, malartuithe dea-chleachtais a chur chun cinn agus comhoibriú leis na Ballstáit chun critéir agus nósanna imeachta trasearnála uile-Aontais a bhunú le haghaidh gnéithe oibríochtúla sa timthriall stoc-charntha.
·Agus na córais earnála atá ann cheana á gcur san áireamh, féachfaidh an Coimisiún an bhféadfaí ardán a bhunú le haghaidh malartuithe sonraí slána, mionsonraithe idir an tAontas agus na Ballstáit maidir le stoc-chairn éigeandála, agus sin ag tógáil ar acmhainneachtaí an Lárionaid Comhordaithe Práinnfhreagartha.
·Déanfaidh an Coimisiún sásraí soláthair láraithe agus/nó comhpháirteacha a chur chun cinn a thuilleadh ar fud earnálacha, agus sin ag tógáil ar shamhlacha amhail comhaontú soláthair na bhfrithbheart leighis, nó an soláthar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime faoin nGníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargadh Inmheánaigh, rescEU nó an t‑ardán um chomhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach amhábhar chun fáil acmhainní a bharrfheabhsú. Thairis sin, déanfaidh sé athbhreithniú ar an gcreat soláthair phoiblí mar a fógraíodh sa Straitéis um Aontas na hUllmhachta.
|
2.Fadbhreathnaitheacht, Réamhaíocht agus pleanáil straitéiseach
An fhadbhreathnaitheacht agus an réamhaíocht, sainaithin bagairtí tráthúla (agus deiseanna stoc-charntha), is gnéithe ríthábhachtacha iad sin chun ceanglais soláthair agus stoc-charntha le haghaidh earraí bunriachtanacha a phleanáil go héifeachtach. Thairis sin, tá gá le pleanáil straitéiseach chun na bearta is iomchuí, is ábhartha ó thaobh ama de agus is costéifeachtúla a chinneadh chun a áirithiú go mbeidh earraí bunriachtanacha ar fáil agus réidh le linn géarchéime nó coinbhleachta. Tá creataí dlíthiúla an Aontais fós ilroinnte ina leith sin() agus tá difríochtaí idir na cleachtais ar fud na mBallstát. I réimsí áirithe, amhail cáblaí faoin bhfarraige agus slándáil eangacha fuinnimh ar tír, spás, cosaint, táirgí agraibhia agus ionchuir thalmhaíochta fhíor-riachtanacha, cúram sláinte, agus ceimiceáin chun uisce a chóireáil, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an easpa socruithe ar leibhéal an Aontais chun soláthar agus athléimneacht a áirithiú.
Mar chuid den Straitéis um Aontas na hUllmhachta, déanfaidh an tAontas measúnú cuimsitheach ar rioscaí agus bagairtí. Tabharfaidh sé léargas níos doimhne ar chásanna géarchéime agus coinbhleachta agus feabhsóidh sé an fheasacht ar rioscaí trasearnála agus trasteorann maidir le feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha. Ba cheart go dtacódh sin leis na malartuithe leis na Ballstáit maidir le measúnuithe riosca, pleanáil agus sainaithint bearnaí i dtaca le hearraí bunriachtanacha agus deiseanna soláthair agus ar deireadh thiar, ba cheart go n‑éascódh sé comhthuiscint ar riachtanais chriticiúla. I measc na samplaí den dea-chleachtas atá ann faoi láthair i ndáil leis sin tá an Bord a bunaíodh faoi IMERA agus an Sásra Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i leith Géarchéimeanna Slándála Bia.
Thairis sin, ar leibhéal an Aontais, ba cheart léargais ó mheasúnuithe riosca agus bagairtí() atá ann cheana agus ó chórais faireacháin ar an slabhra soláthair() a thabhairt le chéile agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, agus staidéir fadbhreathnaitheachta ar fhorbairtí fadtéarmacha maidir le slándáil an tsoláthair á gcomhtháthú iontu(). Le córais faireacháin uathoibrithe fíor-ama, a bhféadfadh an intleacht shaorga tacú leo i gcás inarb iomchuí, d’fhéadfaí míshocracht sa mhargadh a réamh-mheas agus a rianú ar bhealach níos éifeachtaí(). Trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar na hionstraimí éagsúla, cuirfear feabhas ar fheasacht trasearnála agus trasteorann i dtaca le rioscaí agus le ganntanas earraí bunriachtanacha agus seachnófar dúbláil iarrachtaí.
Áirítear leis an gcomhordú feabhsaithe sin prionsabal dlúthpháirtíochta an Aontais a chur san áireamh i socruithe pleanála – amhail tacaíocht ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, nó ó stoc-chairn straitéiseacha an Aontais – chun ganntanais soláthair nó suaitheadh sa slabhra soláthair lena mbaineann costais arda agus iarmhairtí tromchúiseacha a sheachaint nó a shárú agus chun gluaiseacht fhéideartha ó stoc ó thír amháin go tír eile san Aontas a éascú.
Ba cheart do na Ballstáit plé a dhéanamh ar spriocraon feidhme na stoc (bunaithe ar na measúnuithe riosca a thuairiscítear thuas, chun réimsí fócais a chinneadh) agus ar íosleibhéil iomchuí stoic faoi imthosca sonracha ar fud earnálacha éagsúla, chun róstocáil dramhaíola a sheachaint freisin. Is é an toradh a bheidh ar chur chuige coiteann maidir le méideanna earraí agus riachtanais bhunriachtanacha a shocrú ná leibhéil inchomparáide ullmhachta ábhair ar fud an Aontais, lena neartófar ullmhacht agus athléimneacht fhoriomlán, dlúthpháirtíocht agus comhar éifeachtach, agus lena seachnófar saobhadh ar ghnáthfheidhmiú agus inbhuanaitheacht an Mhargaidh Inmheánaigh.
Ós rud é go bhfuil stoc-charnadh costasach agus gur féidir leis míchothromaíochtaí ar an margadh a chruthú, ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas meastóireacht a dhéanamh ar bhealaí éagsúla chun infhaighteacht earraí bunriachtanacha a áirithiú ina bpróiseas pleanála agus measúnú a dhéanamh ar an modheolaíocht stoc-charntha ábhartha. Ba cheart an méid seo a leanas a áirithiú leis sin: an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag riosca ar fheidhm shochaíoch ríthábhachtach; criticiúlacht ama freagartha; forluí idir uirlisí agus iomarcaíocht. Chomh maith leis sin, ní mór machnamh a dhéanamh ar theipeanna margaidh, infhaighteacht acmhainneachtaí táirgthe agus athchúrsála agus spleáchais an Aontais ar thíortha eile – i gcomhthéacs teannas geopholaitiúil atá ag dul i méid.
Ba cheart stoc-charnadh nó bearta ullmhachta ábhair eile a dhearadh ar bhealach lena n‑íoslaghdaítear an saobhadh margaidh agus lena seachnaítear éifeachtaí díobhálacha na ngnáthdhinimicí soláthair agus éilimh. Tá roinnt bealaí ann chun slabhraí soláthair a dhéanamh níos solúbtha agus níos athléimní, amhail foghlaim ó dhea-chleachtais sna Ballstáit agus i dtíortha nach Ballstát den Aontas iad, infheistíocht a dhéanamh sa taighde agus sa nuálaíocht, borradh a chur faoi neamhthuilleamaíocht an Aontais agus a Bhallstát, éifeachtúlacht agus ciorclaíocht na n‑ábhar atá i mbaol a mhéadú agus roghanna malartacha a aimsiú. Ba cheart breithniú a dhéanamh freisin ar shocruithe a bhunú leis an earnáil phríobháideach() chun earraí bunriachtanacha a sholáthar ar ghearrfhógra i gcásanna éigeandála.
|
Príomhghníomhaíochtaí:
·Déanfaidh an Coimisiún sásraí faireacháin earnála i dtaca le slabhraí soláthair a mhapáil agus déanfaidh sé measúnuithe ar rioscaí do shlándáil an tsoláthair agus measúnuithe leochaileachta sa slabhra soláthair a ionchorprú sa mheasúnú cuimsitheach atá beartaithe ag an Aontas ar rioscaí agus ar bhagairtí (príomhghníomhaíocht faoin Straitéis um Aontas na hUllmhachta). Déanfaidh Mol Comhordaithe Géarchéime an Aontais a bheidh ann amach anseo réamh-mheas agus faireachán ar na rioscaí a bhaineann le géarchéimeanna trasearnála.
|
3.Bearnaí a líonadh trí stoc-charnadh straitéiseach an Aontais
Léirigh paindéim COVID-19 gur tapa is féidir córais náisiúnta a fhágáil sa riocht nach bhfuil siad in ann earraí bunriachtanacha a sholáthar, fiú amháin nuair a dhéantar iad a chomhordú go maith. Bhí gá le gníomhaíocht bhreise ar leibhéal an Aontais chun déileáil le ganntanas forleathan comhuaineach i ngach Ballstát, lena n‑áirítear sna Réigiúin is Forimeallaí. Is dócha go mbeidh géarchéimeanna casta comhchosúla ann ina mbeidh na ganntanais chéanna le sárú ag gach tír ag an am céanna, agus go mbeidh méadú ag teacht ar mhinicíocht na ngéarchéimeanna sin amach anseo; dá bhrí sin, is gá stoc-charnadh straitéiseach a fhorbairt a thuilleadh ar leibhéal an Aontais. Go dtí seo, is cur chuige earnála agus teoranta a bhí sa chur chuige ar leibhéal an Aontais.
Mar shampla, coinníonn SACS cúlchistí straitéiseacha ar leibhéal an Aontais faoi thionscnamh rescEU le haghaidh mear-imscaradh éigeandála, lena n‑áirítear freagairt ar thubaistí agus frithbhearta leighis. Tá stoc-chairn soláthairtí daonnúla ag ReliefEU, an Acmhainneacht Eorpach um Fhreagairt Dhaonnúil, ar fud an domhain. I ndáil le sláinte ainmhithe, coinníonn an Coimisiún bainc éigeandála antaiginí agus vacsaíní le haghaidh galair thrasteorann. Tá soithí cúltaca ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí le haghaidh freagairtí doirte ola. Bainistíonn an Banc Ceannais Eorpach cúlchiste straitéiseach nótaí bainc. Samplaí eile de chur chuige stoc-charntha uile-Aontais i réimse an fhuinnimh is ea Treochlár REPowerEU, ina leagtar amach an bealach a gcuirfear deireadh de réir a chéile, agus ar bhonn comhordaithe slán, le hallmhairí gáis, ola agus fuinnimh núicléach ón Rúis chomh maith le príomh-chomhpháirteanna a stoc-charnadh chun téarnamh tapa ó lándorchú tras-sheolta agus dáileacháin fuinnimh a áirithiú.
I measc na sásraí stoc-charntha sin ar leibhéal an Aontais, tá rescEU ar cheann de na sásraí trasearnála agus is ilfheidhmí is mó. Tá sé i gcroílár shocruithe stoc-charntha éigeandála an Aontais, i gcomhthéacs ina bhfuil socruithe stoc-charntha ar leibhéal an Aontais ann in earnálacha teoranta.
Amach anseo, ba cheart don Aontas a chúltacaí straitéiseacha de chuid an Aontais a choinneáil agus a mhéadú, ag tógáil ar shamhail rescEU (féach Iarscríbhinn 2 le haghaidh tuilleadh sonraí maidir le cúltaca rescEU atá ann cheana agus bealaí féideartha don todhchaí a chomhdhlúthú). Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a iomchuí atá sé na cúlchistí straitéiseacha a leathnú chuig cineálacha eile acmhainneachtaí a sainaithnítear bearnaí ina leith.
Ba cheart an anailís sin a thabhairt le chéile le hanailísí eile agus sainaithint bearnaí ó earnálacha nach bhfuil nasctha go traidisiúnta leis an gcosaint shibhialta, amhail iad siúd atá sa Straitéis Eorpach maidir le hathléimneacht i réimse an uisce le déanaí agus i bPlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Slándáil Cáblaí. Mar shampla, d’fhéadfadh modúil fheidhmiúla deisiúcháin cáblaí a bheith mar chuid de straitéis an Aontais um stoc-charnadh chun téarnamh pras ó shuaitheadh fuinnimh nó cábla snáthoptaice a áirithiú. I gcás earraí áirithe, amhail tearcithreacha agus buanmhaighnéid, is féidir le stoc-chairn éigeandála a bheith ina maolán freisin fad is atá slabhraí soláthair suaite ag dul in oiriúint do réaltacht nua.
Breithneofar freisin comhar feabhsaithe i measc na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí agus réitigh níos nuálaí amhail stoc-chairn fhíorúla agus fardail atá bunaithe ar dhíoltóirí. Mar shampla, bunóidh an Coimisiún Lárionad an Aontais um Amhábhair Chriticiúla in 2026 chun amhábhair a cheannach go comhpháirteach thar ceann cuideachtaí leasmhara agus i gcomhar leis na Ballstáit. Déantar faireachán ar an slabhra soláthair agus comhordú stoc-charn straitéiseach a mharcáil mar chúraimí breise a d’fhéadfadh a bheith ann().
Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag áirithiú go gcloífear le cleachtais éifeachtúla bainistithe stoc-charntha, a oireann go sonrach do chineál agus do nádúr an chúlchiste. Ní hamháin go mbaineann cleachtais bainistithe stoc-charntha éifeachtúla le hardteicneolaíocht nó ardchórais a bheith i bhfeidhm, ach baineann siad freisin le gairmithe oilte a bheith ann chun na stoc-chairn a dhearadh agus a bhainistiú, is é sin freagairt do thubaistí nádúrtha agus d’éigeandálaí. Is cuid lárnach d’fheabhas agus d’éifeachtúlacht leanúnach é oiliúint agus forbairt an lucht saothair sa réimse sin a éascú.
Áirítear le bainistíocht stoc-charntha éifeachtúil freisin cleachtais ina ndéantar sealaíocht agus athshlánú ar earraí agus ina n‑úsáidtear tabhartais earraí gar dá ndáta éaga. Baineann sé freisin le measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht stoc-chairn fhíorúla a bhunú agus socruithe a dhéanamh le hoibreoirí san earnáil phríobháideach chun earraí sonracha a sholáthar, le linn géarchéime. Maidir leis an bpointe sin, féachfaidh an Coimisiún freisin ar earraí a thabhairt ar ais ar féidir iad a athúsáid tar éis iad a imscaradh den chéad uair, chun breisluach shócmhainní rescEU a uasmhéadú.
Agus an straitéis sin á cur chun feidhme, ba cheart a chur san áireamh freisin na dúshláin shonracha stoc-charntha agus soláthair a bhaineann le táirgí nach féidir a stóráil ach ar feadh tréimhse ghearr, amhail raidiseatóip leighis agus na bunábhair chun iad a tháirgeadh.
|
Príomhghníomhaíochtaí:
·Neartóidh an Coimisiún rescEU mar chúltaca acmhainneachtaí freagartha ar leibhéal an Aontais. Leathnófar é chun níos mó acmhainneachtaí a chumhdach, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus ar bhonn measúnaithe ar bhearnaí, lena gcuirtear san áireamh freisin an fhéidearthacht chun leochaileacht a laghdú trí úsáid acmhainní agus ionadú féideartha a bharrfheabhsú (féach Iarscríbhinn 2).
·Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar stoic rescEU a athshlánú tar éis a n‑imscartha, agus saothróidh sé cur chuige réamhghníomhach maidir le hacmhainneacht rescEU a fhorbairt.
·Oibreoidh an Coimisiún chun na huirlisí atá ann cheana a chomhdhlúthú chun cúnamh comhchineáil ón earnáil phríobháideach a dhíriú mar chuid de rescEU, ar mhaithe le hullmhacht agus freagairt araon, mar chomhlánú ar stoc-chairn straitéiseacha an Aontais.
|
4.Bonneagar láidir idir-inoibritheach iompair agus lóistíochta a fheabhsú
Chun infhaighteacht earraí bunriachtanacha a áirithiú le linn géarchéime thar earnálacha agus thar theorainneacha, braitheann sé ar bhonneagar iompair, lóistíochta agus stoc-charntha atá láidir agus idir-inoibritheach. Baineann sin leis an timthriall stoc-charntha ar fad, idir bhainistiú slabhraí soláthair agus imscaradh, agus tá baint aige le gach páirtí – na Ballstáit, an Coimisiún, an earnáil mhíleata agus an earnáil phríobháideach. Is féidir le suaitheadh i slabhraí lóistíochta tionchar mór a imirt ar an bhfreagairt ar ghéarchéimeanna, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon.
Ba cheart don Aontas an comhar agus an comhordú a fheabhsú chun beartais agus creataí rialála inoiriúnaithe a chruthú le haghaidh gluaiseacht trasteorann tráth géarchéime agus suaite. Cuimsítear leis sin nósanna imeachta a shimpliú chun acmhainní a bhogadh agus a leithdháileadh thar theorainneacha agus solúbthacht spriocdhírithe a chur ar fáil i rialacháin iompair(). Ba cheart an cur chuige sin a mheas i gcomhthéacs na hoibre atá ar siúl faoi láthair agus atá ar na bacáin maidir leis an tsoghluaisteacht mhíleata, i gcás ina bhfuil sé ríthábhachtach iompar rianúil trasteorann uile-Aontais i dtaca le trealamh míleata agus pearsanra míleata a éascú, go háirithe tráth géarchéime agus suaite, chun ullmhacht, freagrúlacht agus staid díspreagtha inchreidte an Aontais a fheabhsú.
Thairis sin, ba cheart don Aontas a áirithiú go mbeidh a bhonneagar stoc-charntha athléimneach, slán agus inrochtana. Tá sé ríthábhachtach faisnéis a chomhroinnt maidir le riachtanais agus, i gcás inar féidir, suíomhanna le haghaidh stoc-charn chun an gréasán iompair a fhorbairt dá réir sin. Is féidir le stoc-charnadh cuidiú freisin le cosaint a dhéanamh ar infhaighteacht na n‑earraí is gá chun eintitis iompair chriticiúla athléimneacha a choinneáil ar bun, leanúnachas gnó a áirithiú agus feidhmeanna ríthábhachtacha iompair agus lóistíochta a choinneáil ar bun.
Ar deireadh, tá córais iompair agus lóistíochta idir-inoibritheacha shibhialtacha agus mhíleata ríthábhachtach chun gluaiseacht mhear pearsanra, trealaimh agus stoc a áirithiú ar fud an Aontais le linn géarchéimeanna agus coinbhleachtaí. Ba cheart d’infheistíocht i mbonneagar criticiúil iompair agus i sócmhainní criticiúla iompair a n‑acmhainneacht dé-úsáide a ghiaráil.Ba cheart pleanáil suíomhanna stoc-charntha sibhialtacha a chomhordú ar bhealach níos fearr leis an obair leanúnach ar leibhéal an Aontais maidir leis an tsoghluaisteacht mhíleata agus go háirithe leis an bpacáiste soghluaisteachta míleata atá ar na bacáin. Le haon mheasúnú riosca stoc-charntha, ba cheart scrogaill ag bealaí iompair straitéiseacha agus nóid straitéiseacha a shainaithint agus a sheachaint.
|
Príomhghníomhaíochtaí:
·Éascóidh an Coimisiún comhar idir Líonra na bPointí Teagmhála Náisiúnta don Iompar le haghaidh comhordú feabhsaithe in earnáil an iompair agus líonra stoc-charntha an Aontais.
·Agus an Coimisiún ag tógáil ar na próisis atá ann cheana, oibreoidh sé, in éineacht le gníomhaireachtaí ábhartha agus le páirtithe leasmhara eile, chun ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna a chur chun cinn i gcomhréir le Plean Teagmhasach an Aontais maidir le hIompar().
·Agus aird chuí á tabhairt ar ábhair imní slándála ábhartha, déanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), in éineacht leis na Ballstáit, a ndícheall suíomhanna stoc-charntha a ailíniú níos fearr le soghluaisteacht mhíleata an Aontais. Cuirfidh siad infheistíocht chun cinn freisin i mbonneagar iompair agus i sócmhainní iompair a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu.
|
|
|
5.Comhar sibhialta-míleata a fheabhsú
I roinnt mhaith cásanna géarchéime, amhail teagmhais adhaimsire, teastaíonn tacaíocht mhíleata ó údaráis shibhialtacha. Os a choinne sin, is éard atá i gceist le cur chuige uile-ghuaise i leith ullmhacht ábhair an Aontais ullmhú do ghéarchéimeanna agus coinbhleachtaí mórscála, i gcás ina bhfuil comhar sibhialta-míleata fíor-riachtanach. Chun iarmhairtí gach cineál ionsaithe a chomhrac agus a bhainistiú go héifeachtach, lena n‑áirítear bagairtí hibrideacha agus fogha armtha, táthar ag brath go mór ar chumais agus ar acmhainní sibhialtacha. Chun a ullmhacht ábhair, a chumas lóistíochta agus a athléimneacht a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, braitheann an t‑arm ar fheidhmiú córas sochaíoch níos leithne.
Mar shampla, cuirtear i bhfios go láidir sa Straitéis Frithbheart Leighis gur minic gurb iad na frithbhearta leighis céanna is gá le haghaidh úsáid shibhialtach in ospidéil agus is gá le haghaidh úsáid mhíleata ar na línte tosaigh. Trí fheabhas a chur ar an gcomhar sibhialta-míleata maidir le frithbhearta leighis, neartaítear ullmhacht shochaíoch agus mhíleata le haghaidh éigeandálaí agus cuirtear borradh faoin acmhainneacht táirgeachta agus imscartha.
Sa togra reatha ón gCoimisiún maidir leis an gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach, tá tograí móra maidir le gníomhaíochtaí stoc-charntha míleata, chomh maith le gnéithe nua a bhaineann le comhar sibhialta-míleata in ullmhacht ábhair. Cuireann sí i bhfios go láidir go bhfuil gá le córas de chuid an Aontais maidir le slándáil an tsoláthair do thionscal na cosanta, lenar cheart go mbeadh an tAontas agus na Ballstáit in ann iarmhairtí géarchéimeanna soláthair a réamh-mheas agus aghaidh a thabhairt orthu trí ghníomhaíochtaí éagsúla, amhail táirgí sibhialtacha a oiriúnú agus stoc-chairn straitéiseacha a chruthú. A luaithe a bheadh sé i bhfeidhm, chuirfeadh Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach creat ar fáil chun comhar maidir le stoc-charnadh míleata a neartú a thuilleadh, mar shampla trí thacaíocht airgeadais a thabhairt do ghníomhaíochtaí stoc-charntha na mBallstát a bhaineann le cosaint. Tá acmhainneacht shoiléir ann chun idir-inoibritheacht, idirmhalartacht agus comhlántacht sócmhainní sibhialtacha agus cosanta, earraí dé-úsáide agus/nó stoc-chairn chomhroinnte a mhéadú, i gcás inarb ábhartha don dá earnáil, lena n‑áirítear le haghaidh bonneagar dé-úsáide le haghaidh cumarsáid, loingseoireacht agus breathnóireacht spásbhunaithe.
Ag an am céanna, tá deis ann comhar agus comhordú feabhsaithe a bheith ann idir páirtithe leasmhara sibhialtacha agus míleata maidir le hullmhacht ábhair, lena n‑áirítear comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, go háirithe ECAT. Féadfar a áireamh ar na réimsí ábhartha le haghaidh comhar agus comhordú méadaithe slándáil soláthairtí agus stoc, slándáil fuinnimh agus uisce, frithbhearta leighis agus bainistiú straitéiseach acmhainní.
|
Príomhghníomhaíochtaí:
·In éineacht le SEGS, éascóidh an Coimisiún plé laistigh de líonra stoc-charntha an Aontais chun dea-chleachtais maidir le comhar sibhialta-míleata a mhalartú, go háirithe chun féachaint ar an gcaoi a bhféadfaí ceanglais agus riachtanais mhíleata a chur san áireamh i stoc-chairn shibhialtacha.
·In éineacht le SEGS, leathnóidh an Coimisiún an comhar foirne atá ann cheana le ECAT, go háirithe tríd an Idirphlé Struchtúrtha maidir leis an Athléimneacht, chun aghaidh a thabhairt ar ullmhacht ábhair agus stoc-charnadh.
|
6.Comhar poiblí príobháideach a chothú
Gach lá, faigheann, táirgeann, stoc-charnann agus dáileann gnólachtaí earraí bunriachtanacha agus bainistíonn siad bonneagar criticiúil. Mar sin féin, tá siad ag éirí níos neamhchosanta ar rioscaí agus ar bhagairtí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a slabhraí soláthair agus ar a ngnáthoibríochtaí. I gcásanna géarchéime, d’fhéadfadh rioscaí tromchúiseacha a bheith i gceist leis an suaitheadh sin don tsochaí. Thairis sin, tá saineolas nach beag ag an earnáil phríobháideach atá ábhartha d’ullmhacht ábhair, mar a aithnítear i Straitéis Slándála Eacnamaíche an Aontais. Tá rannpháirtíocht ghnó i ngach céim den stoc-charnadh - réamhaíocht, bainistiú slabhraí soláthair, acmhainneachtaí táirgeachta, ceannach, bainistiú stoc-charn agus imscaradh – ríthábhachtach chun borradh a chur faoin éifeachtúlacht. Ar leibhéal an Aontais, tá creataí éagsúla ann cheana lena n‑éascaítear comhar príobháideach poiblí i ndáil leis sin() , ach cuideoidh cur chuige trasearnála agus uile-Aontais níos cuimsithí leis na tionscnaimh sin atá ann cheana a chomhordú agus a chomhlánú.
An Tascfhórsa um Ullmhacht phríobháideach phoiblí atá le bunú faoin Straitéis um Aontas na hUllmhachta, déanfaidh sé teagmháil éifeachtach le hionadaithe gnólachtaí ábhartha chun cineál ullmhachta níos sofhreagraí a thógáil lenar féidir aghaidh a thabhairt ar scrogaill nó ar rioscaí sna slabhraí soláthair nó iad a réamh-mheas agus lena dtacófar le stoc-charnadh agus táirgeadh éigeandála, nuair is gá. Ba cheart don Tascfhórsa um Ullmhacht phoiblí phríobháideach ionchur ábhartha a thabhairt i líonra stoc-charntha an Aontais.
Is féidir le comhar laistigh den Tascfhórsa um Ullmhacht phoiblí phríobháideach mapáil de na príomhchuideachtaí Eorpacha a bhfuil baint acu le hullmhacht ábhair a éascú, bunaithe ar chritéir shoiléire. Leis an gcomhar, ba cheart malartú dea-chleachtas a chur chun cinn freisin chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát agus na gcuideachtaí a bheith níos athléimní i leith suaití inmheánacha agus seachtracha a bhaineann le socruithe stoc-charntha, i gcomhréir le rialacha agus prionsabail na hiomaíochta agus an mhargaidh aonair chomh maith le híoscheanglais ullmhachta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo mar a bheartaítear sa Straitéis um Aontas na hUllmhachta.
Ina theannta sin, ba cheart don Aontas comhar a éascú idir an tAontas, na Ballstáit agus an tionscal chun uirlisí a fhorbairt le haghaidh comhroinnt faisnéise maidir le slabhraí soláthair criticiúla agus stoc-charnadh, ag tógáil ar na creataí earnála atá ann cheana, agus i gcomhréir iomlán le dlí iomaíochta an Aontais.
Thairis sin, tá gá le samhail AE le haghaidh idirphlé réamhghníomhach idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach chun leanúnachas gnó a áirithiú le linn géarchéimeanna. D’fhéadfadh sé a bheith tairbheach nósanna imeachta a fhorbairt chun earraí bunriachtanacha a sholáthar i gcásanna éigeandála, le haghaidh oibríochtaí stoc-charntha comhpháirteacha agus comhpháirtíochtaí géarchéime le cuideachtaí lóistíochta. Ba cheart saineolas na hearnála príobháidí a úsáid chun bainistiú nuálach stoc-charn a chur chun cinn, lena n‑áirítear stoc-chairn fhíorúla.
Tá samhlacha rathúla curtha chun feidhme ag na Ballstáit chun comhar na hearnála príobháidí a dhreasú i stoc-charnadh straitéiseach agus costais bhreise a bhaineann le stoc-charnadh a fhritháireamh, mar shampla dreasachtaí cánach agus scéimeanna ráthaíochta. Ba cheart na samhlacha sin a fhiosrú a thuilleadh leis an earnáil phríobháideach agus ba cheart iad a roinnt idir na Ballstáit.
|
Príomhghníomhaíochtaí:
·Déanfaidh líonra stoc-charntha an Aontais dea-chleachtais, réitigh nua agus dreasachtaí a mhapáil agus a shainaithint, rud a fhágfaidh go mbeidh sé tarraingteach do chuideachtaí rannchuidiú le hathléimneacht mhéadaithe agus le soláthar earraí bunriachtanacha. Nascfaidh sé é sin le machnamh ar neamhspleáchas straitéiseach.
·I sraith oibre thiomnaithe sa Tascfhórsa um Ullmhacht phoiblí phríobháideach dá bhforáiltear faoi Straitéis um Aontas na hUllmhachta, pléifear critéir a bheidh le húsáid chun príomhchuideachtaí Eorpacha a mhapáil a bhfuil baint acu le hearraí bunriachtanacha a tháirgeadh agus chun comhroinnt dea-chleachtas a éascú i dtaca le hearraí bunriachtanacha a dhaingniú le linn géarchéimeanna, lena gcumhdaítear slándáil an tslabhra soláthair, éifeachtúlacht agus ciorclaíocht acmhainní, idir-inoibritheacht, samhlacha stoc-charntha nuálacha, bainistiú stoc-charntha, uainíochtaí stoc-charntha a áirithiú agus stoc-chairn a imscaradh.
|
7.Comhar a chothú sa ghníomhaíocht sheachtrach agus i gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta
I saol idirnasctha an lae inniu, táthar ag brath ar shlabhraí soláthair domhanda chun rochtain ar earraí bunriachtanacha a áirithiú le linn géarchéimeanna. Tá dlúthnasc idir slándáil agus athléimneacht an Aontais agus a chomharsanachta agus is gné chobhsaíochta iad. Trí chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a chothú, trí dhea-chleachtais a mhalartú agus trí úsáid a bhaint as a uirlisí beartais sheachtraigh, is féidir leis an Aontas feabhas a chur ar a ullmhacht ábhair.
Ba cheart don Aontas an comhar le tíortha comharsanachta maidir le hullmhacht ábhair a neartú a thuilleadh, ag tógáil ar an gcomhar atá ann cheana, amhail le Stáit Rannpháirteacha SACS (), nó le tíortha comhpháirtíochta i gCóras an Chomhphobail Eorpaigh don Mhalartú Faisnéise i gCás Éigeandáil Raideolaíoch(). Leis an gComhshocrú Nua don Mheánmhuir atá ar na bacáin, beidh deiseanna breise ann a mhéid a bhaineann le tíortha in imchuach na Meánmhara agus sa Mheánoirthear, agus le Straitéis an Aontais um réigiún na Mara Duibhe () a seoladh le déanaí, méadófar ullmhacht na hEorpa trí fheabhas a chur ar naisc iompair, fuinnimh agus dhigiteacha. Tá maoiniú ó ionstraimí amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI - An Eoraip Dhomhanda) nó an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III fíor-riachtanach chun athléimneacht fhrithpháirteach a chruthú. Ina theannta sin, ba cheart don Aontas ceachtanna a fhoghlaim go sonrach ó thaithí na hÚcráine maidir le soláthar earraí bunriachtanacha a áirithiú le linn coinbhleacht armtha. Ina theannta sin, ba cheart don Aontas an Úcráin a áireamh ar bhealach níos córasaí ina hiarrachtaí stoc-charntha, lena n‑áirítear i slabhraí soláthair na hEorpa, i bhfianaise thaithí na hÚcráine
Chun leochaileachtaí sa slabhra soláthair a mhaolú agus chun a neamhspleáchas straitéiseach a neartú, ba cheart don Aontas na comhaontuithe agus na comhghuaillíochtaí déthaobhacha straitéiseacha idirnáisiúnta atá ann cheana a neartú, agus, i gcás inarb iomchuí, comhpháirtíochtaí saincheaptha a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh a fhorbairt nó a chruthú a thuilleadh le tíortha nach bhfuil san Aontas in earnálacha amhail fuinneamh, sláinte, uisce, cosaint agus amhábhair, agus rannchuidiú leis an bhforbairt inbhuanaithe ag an am céanna. Ba cheart comhpháirtíochtaí comhthairbheacha faoin Straitéis Global Gateway a ghiaráil nuair is ábhartha. Thairis sin, ba cheart úsáid a bhaint as uirlisí amhail Comhaontuithe Saorthrádála, Comhpháirtíochtaí Trádála agus Infheistíochta Glana, Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha maidir le hamhábhair, nó amach anseo, comhpháirtíochtaí straitéiseacha maidir le táirgí íocshláinte criticiúla agus Comhpháirtíochtaí Digiteacha.
Ba cheart don Aontas an comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus i bhfóraim iltaobhacha a mhéadú a thuilleadh. Mar shampla, is díol suntais rannpháirtíocht an Aontais sa Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, go háirithe sa Chlár Slándála um Mianraí Criticiúla, agus comhpháirtíocht an Aontais le hEagraíocht na Seapáine um Miotail agus um Shlándáil Fuinnimh chun amhábhair chriticiúla a rianú, mar aon leis an rannpháirtíocht in Gavi, an Chomhghuaillíocht Vacsaíní in earnáil na sláinte, le haghaidh stoc-charnadh vacsaíní ar fud an domhain.
Ba cheart don Aontas beartais sheachtracha eacnamaíocha agus chomhair a úsáid freisin chun tacú le bonneagar ábhartha iompair, lóistíochta agus digiteach. Tá rochtain oscailte shlán ar choimíneacht dhomhanda agus ar réimsí straitéiseacha, amhail bealaí soláthair muirí agus cáblaí faoin bhfarraige, ríthábhachtach freisin do shlándáil an tsoláthair. Cuirfidh cábla fomhuirí MEDUSA, le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta Domhanda, nascacht ardluais ar fáil idir cladaigh thuaidh agus theas na Meánmhara agus leathnófar é chun an Afraic Thiar a chumhdach. Ina theannta sin, is príomhshamplaí iad an Chonair Iompair Thras-Chaispeach agus an 12 Chonair Tosaíochta Global Gateway san Afraic d’fhócas an Aontais ar bhealaí iompair malartacha agus inbhuanaithe a bhunú. Leis an gConair Eacnamaíoch idir an India, an Meánoirthear agus an Eoraip atá beartaithe, beifear in ann nascacht a neartú ar fud na mór-roinne.
Agus a straitéisí um stoc-charnadh á bhforbairt aige, ba cheart don Aontas a áirithiú nach mbainfidh na bearta sin an bonn den tslándáil bia ar fud an domhain. Sa chomhthéacs sin, leanfaidh an tAontas dá rannpháirtíocht i gcreataí comhair idirnáisiúnta amhail tionscnamh Chóras Faisnéise na Margaí Talmhaíochta G20 lena gcuirtear trédhearcacht agus comhordú chun cinn i margaí domhanda agraibhia.
Ar deireadh, ba cheart don Aontas sineirgí a mhéadú idir iarrachtaí stoc-charntha inmheánacha agus seachtracha an Aontais, cabhair dhaonnúil agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta. D’fhéadfadh gnóthachain éifeachtúlachta nach beag a bheith mar thoradh ar an machnamh atá á dhéanamh faoi láthair ar shlabhraí soláthair straitéiseacha i bhfianaise na mbearnaí suntasacha cistiúcháin atá ann faoi láthair san earnáil dhaonnúil agus d’fhéadfadh sé a bheith ina eiseamláir do ghnóthachain éifeachtúlachta laistigh den Aontas. Le ReliefEU, dúntar an bhearna idir na riachtanais phráinneacha i limistéir atá buailte ag géarchéimeanna agus na hacmhainní atá ar fáil ó chomhpháirtithe Eorpacha. Rannchuidíonn sé le córas solúbtha freagrúil a théann in oiriúint do thubaistí láithreacha agus do dhúshláin dhaonnúla leanúnacha araon, lena n‑áirithítear go ndéantar acmhainní a sheachadadh go héifeachtach agus go héifeachtúil sna háiteanna is mó a bhfuil gá leo.
|
Príomhghníomhaíochtaí:
·Ba cheart don Aontas Eorpach agus do Bhallstáit an Aontais an comhar le tíortha comharsanachta, le tíortha comhpháirtíochta atá ar aon intinn leo agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna a neartú, amhail i réimse na n‑éigeandálaí sláinte.
·Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit i dtreo comhordú níos dlúithe maidir le stoc-chairn, agus féachfaidh sé ar roghanna maidir le soláthar comhpháirteach agus trádstóráil chomhroinnte ar fud an domhain, i gcomhar agus i gcomhordú leis na húdaráis Réigiúnacha um Fhreagairt i gcás Tubaistí chun seoladh tapa optamach earraí fóirithinte daonnúla a éascú.
·Cuirfidh an Coimisiún feabhas ar shineirgí idir iarrachtaí stoc-charntha inmheánacha agus seachtracha an Aontais.
|
8.Conclúid agus na chéad chéimeanna eile
Is gné ríthábhachtach é ullmhacht ábhair agus stoc-chairn straitéiseacha an Aontais a neartú chun feabhas a chur ar an ullmhacht i sochaithe na hEorpa atá faoi rioscaí agus bagairtí géarchéime atá ag dul i méid. Le Straitéis an Aontais um Stoc-charnadh, tugtar céim thosaigh i dtreo cur chuige cuimsitheach comhordaithe, lena dtacaítear leis na Ballstáit le gníomhaíochtaí comhpháirteacha ar leibhéal an Aontais nuair is gá.
Tá gá le hinfheistíochtaí i dtaca le hullmhacht ábhair. Is mó na gnóthachain ná na costais san athléimneacht, suaitheadh laghdaithe, caiteachas téarnaimh níos ísle, iomaíochas fadtéarmach méadaithe agus costais níos ísle is dócha a bheidh ann ó thaobh beatha agus slite beatha de. Prionsabal na hullmhachta agus na slándála trí dhearadh, ar príomhghníomhaíocht de chuid na Straitéise um Aontas na hUllmhachta é, beidh ról nach beag ag an bprionsabal sin chun tacaíocht airgeadais inbhuanaithe fhadtéarmach a áirithiú le haghaidh ullmhacht ábhair fheabhsaithe agus le haghaidh cothabháil cúltacaí straitéiseacha. Breithneoidh an Coimisiún a thábhachtaí atá ullmhacht ábhair an Aontais agus stoc-chairn straitéiseacha an Aontais a chothabháil sna tograí don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.
Amach anseo, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leis na Ballstáit, le SEGS, le Parlaimint na hEorpa agus le páirtithe leasmhara chun na gníomhaíochtaí tosaigh a leagtar amach sa straitéis sin a phlé agus a chur chun feidhme. Le sruthanna oibre an líonra stoc-charntha agus Thascfhórsa um Ullmhacht, beifear in ann an anailís ar bhearnaí agus ar riachtanais a dhoimhniú, cur chun feidhme na mbeart a threorú agus riachtanais bhreise le haghaidh gníomhaíochta a shainaithint. Ag an am céanna, comhlánóidh Straitéis an Aontais um Stoc-charnadh tionscnaimh ullmhachta earnála. In 2026, déanfaidh an Coimisiún cur chun feidhme na straitéise sin a mheas.
Le foghlaim leanúnach, comhroinnt dea-chleachtas agus nuálaíocht spreagfar beartas láidir ullmhachta agus stoc-charntha ábhair ar fud an Aontais.
Trína ullmhacht ábhair a neartú, is féidir leis an Aontas infhaighteacht agus inrochtaineacht earraí bunriachtanacha a áirithiú, agus ar an gcaoi sin, feidhmiú gan bhriseadh slabhraí soláthair agus feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha a chosaint agus folláine agus slándáil shaoránaigh na hEorpa a fheabhsú.