Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0221

Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Polainne

COM/2025/221 final

An Bhruiséil,4.6.2025

COM(2025) 221 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Polainne

{SWD(2025) 221 final}


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Polainne

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle 1 , agus go háirithe Airteagal 3(3) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

De bharr an mhéid seo a leanas:

Breithnithe ginearálta

(1)Le Rialachán (AE) 2024/1263, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024, sonraítear cuspóirí an chreata rialachais eacnamaíoch, creat a bhfuil sé d’aidhm aige airgeadas poiblí inbhuanaithe fónta agus fás cuimsitheach inbhuanaithe agus athléimneacht a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Sonraítear sa Rialachán go ndéanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún faireachas iltaobhach i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na ceanglais a leagtar amach in CFAE. Áirítear sa Seimeastar Eorpach, go háirithe, foirmliú na moltaí tírshonracha agus faireachas ar chur chun feidhme na moltaí sin. Leis an Rialachán, cuirtear úinéireacht náisiúnta i leith an bheartais fhioscaigh chun cinn, agus béim á leagan ar an bhfócas meántéarmach a bhaineann leis an mbeartas céanna, agus i dteannta leis sin cuirtear forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí chun cinn chomh maith. Ní mór do gach Ballstát plean fioscach‑struchtúrach meántéarmach náisiúnta a chur faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, plean ina mbeidh a chuid gealltanas fioscach, athchóiriúcháin agus infheistíochta, thar thréimhse 4 nó 5 bliana, de réir fhad an téarma reachtaigh náisiúnta. Ní mór an chonair ghlanchaiteachais 2 sna pleananna sin ceanglais an Rialacháin a chomhlíonadh, lena n‑áirítear na ceanglais ollfhiachas rialtais a chur nó a choimeád ar chonair inchreidte anuas faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % den olltáirgeacht intíre (OTI), agus an t‑easnamh rialtais ghinearálta a thabhairt agus/nó a choimeád faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 3 % de OTI, sa mheántéarma. I gcás ina dtugann Ballstát gealltanas i leith sraith ábhartha d’athchóirithe agus infheistíochtaí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán, féadtar síneadh suas le 3 bliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin.

(2)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (‘an tSaoráid’), i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Leis an tSaoráid cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, agus soláthraítear spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch, déanann an tSaoráid an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a chothú, agus spreagann sí athchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe an tráth céanna, go háirithe athchóirithe agus infheistíochtaí trína gcuirtear an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach chun cinn agus trína gcuirtear le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an t‑airgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoi chruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

(3)Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 (‘Rialachán REPowerEU’), a glacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur, de réir a chéile, le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuidíonn sé sin ó thaobh slándáil fuinnimh a bhaint amach agus ó thaobh soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, agus an tráth céanna, cuireann sé le glacadh foinsí in‑athnuaite fuinnimh, le hacmhainneachtaí stórála agus le héifeachtúlacht fuinnimh. Chuir an Pholainn caibidil nua REPowerEU lena plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh ó thaobh cuspóirí REPowerEU a bhaint amach.

(4)An 3 Bealtaine 2021, chuir an Pholainn a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 den Rialachán sin, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V. An 17 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle a Cinneadh Cur Chun Feidhme lena bhformheastar an measúnú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Polainne 5 a leasaíodh de réir Airteagal 18(2) an 8 Nollaig 2023 chun an ranníocaíocht uasta airgeadais le haghaidh tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha a thabhairt cothrom le dáta, agus chun an chaibidil REPowerEU a chur san áireamh 6 . Chun go scaoilfear na tráthchodanna, caithfidh cinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 24(5), ina sonraítear go bhfuil na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle bainte amach go sásúil ag an bPolainn. Ní féidir gnóthú sásúil a bheith i gceist ach sa chás nach ndeachthas siar ar an méid a rinneadh chun na clocha míle agus na spriocanna maidir leis an athchóiriú céanna nó an infheistíocht chéanna a bhaint amach.

(5)An 21 Eanáir 2025, ar mholadh ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle moladh lena bhformhuinítear plean fioscach‑struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Polainne 7 . Cuireadh an plean isteach i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 36(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1263, cumhdaíonn sé an tréimhse ó 2025 go 2028 agus cuireann sé i láthair coigeartú fioscach thar 4 bliana.

(6)An 26 Samhain 2024, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún Tuarascáil 2025 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil nár shainaithin go bhfuil an Pholainn ar cheann de na Ballstáit a mbeadh grinn‑athbhreithniú ag teastáil ina leith. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, agus togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2025, ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro an 13 Bealtaine 2025 agus an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht an 10 Márta 2025.

(7)An 29 Eanáir 2025 d’fhoilsigh an Coimisiún an Compás Iomaíochais, creat straitéiseach arb é is aidhm dó borradh a chur faoi iomaíochas domhanda an Aontais sna 5 bliana amach romhainn. Sainaithnítear ann na trí riachtanas chlaochlaitheacha a bhaineann le fás eacnamaíoch inbhuanaithe: (i) an nuálaíocht; (ii) an dícharbónú agus an t‑iomaíochas; agus (iii) an tslándáil. Chun an bhearna nuálaíochta a dhúnadh, tá sé d’aidhm ag an Aontas nuálaíocht thionsclaíoch a chothú, tacú le fás gnólachtaí nuathionscanta trí thionscnaimh amhail an Straitéis AE um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú, agus glacadh ardteicneolaíochtaí a chur chun cinn, an intleacht shaorga agus an ríomhaireacht chandamach, cuir i gcás. Ar mhaithe le geilleagar níos glaise a bhaint amach, tá Plean Gníomhaíochta cuimsitheach um Fhuinneamh Inacmhainne agus Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan leagtha amach ag an gCoimisiún, rud a áiritheoidh go mbeidh an t‑aistriú chuig fuinneamh glan costéifeachtach, fabhrach don iomaíochas i gcónaí, go háirithe i gcás earnálacha dianfhuinnimh, agus ina spreagadh don fhás. Chun spleáchais iomarcacha a laghdú agus an tslándáil a mhéadú, tá an tAontas tiomanta do chomhpháirtíochtaí trádála domhanda a neartú, do shlabhraí soláthair a éagsúlú agus do rochtain ar amhábhair chriticiúla agus ar fhoinsí fuinnimh glana a áirithiú. Is iad na cumasóirí cothrománacha seo a leanas atá ina mbonn taca ag na tosaíochtaí sin — simpliú rialála, doimhniú an mhargaidh aonair, maoiniú iomaíochais agus Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, cur chun cinn scileanna agus poist ardcháilíochta , agus comhordú níos fearr ar bheartais an Aontais. Tá an Compás Iomaíochais ailínithe leis an Seimeastar Eorpach, rud a áirithíonn go bhfuil beartais eacnamaíocha na mBallstát comhsheasmhach le cuspóirí straitéiseacha an Choimisiúin, ionas go bhfuil cur chuige aontaithe ann maidir le rialachas eacnamaíoch lena gcothaítear fás inbhuanaithe, nuálaíocht agus athléimneacht ar fud an Aontais.

(8)In 2025, beidh an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch ag forbairt leis de réir mar a bheidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta á cur chun feidhme. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais atá ann faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go gcuidíonn na pleananna ó thaobh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Tá na moltaí tírshonracha sin fós chomh hábhartha céanna maidir leis an measúnú ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/241.

(9)Na príomhdhúshláin beartais eacnamaíoch nach dtugtar aghaidh orthu go leordhóthanach leis na bearta atá sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, cumhdaíonn moltaí tírshonracha 2025 iad, agus na dúshláin ábhartha a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2019‑2024 á gcur san áireamh.

(10)An 4 Meitheamh 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2025 maidir leis an bPolainn. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar an dul chun cinn atá déanta ag an bPolainn ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha agus rinneadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Polainne a mheas. I bhfianaise na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre na dúshláin is práinní atá le sárú ag an bPolainn. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na Polainne ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, mar aon leis an dul chun cinn ó thaobh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

Measúnú ar an Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn

(11)An 21 Eanáir 2025, mhol an Chomhairle na huasrátaí fáis glanchaiteachais seo a leanas le haghaidh na Polainne: 6.3 % in 2025, 4,4 % in 2026, 4.0 % in 2027, agus 3.5 % in 2028, rátaí a chomhfhreagraíonn do na rátaí fáis carnacha arna ríomh faoi threoir 2023, mar atá 19.6 % in 2025, 24.9 % in 2026, 29.9 % in 2027, agus 34.4 % in 2028. In 2025‑2028, beidh uasrátaí fáis sin an ghlanchaiteachais ag teacht leis an gconair cheartaitheach i gcomhréir le hAirteagal 3(4) de Rialachán 1467/97, mar a mhol an Chomhairle an 21 Eanáir 2025 d’fhonn deireadh a chur le heasnamh iomarcach 8 . An 30 Aibreán 2025, thíolaic an Pholainn a Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn 9 , maidir le gníomhaíocht a rinneadh mar fhreagairt ar an moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 d’fhonn deireadh a chur le heasnamh iomarcach, agus athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagraítear do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh a chur chun feidhme. An Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, is léiriú freisin í ar thuairisciú débhliantúil na Polainne i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta maidir lena plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241.

(12)Is dúshlán eiseach don Aontas Eorpach é an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin agus a iarmhairtí. Mhol an Coimisiún clásal éalaithe náisiúnta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú ar bhealach comhordaithe chun tacú le hiarrachtaí an Aontais méadú tapa suntasach ar chaiteachas cosanta a bhaint amach agus ba dhíol sásaimh do Chomhairle Eorpach an 6 Márta 2025 an togra sin. Tar éis iarraidh a fháil ón bPolainn an 30 Aibreán 2025, an [dáta], agus ar mholadh ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle moladh lena gceadaítear don Pholainn imeacht ó uasrátaí fáis an ghlanchaiteachais agus iad a shárú 10 .

(13)Ar bhonn sonraí atá fíoraithe ag Eurostat 11 , tháinig méadú ar easnamh rialtais ghinearálta na Polainne ó 5.3 % de OTI in 2023 go 6.6 % in 2024, agus tháinig méadú ar an bhfiachas rialtais ghinearálta ó 49.5 % de OTI ag deireadh 2023 go 55.3 % ag deireadh 2024. De réir ríomhanna an Choimisiúin, comhfhreagraíonn na forbairtí sin do ráta fáis glanchaiteachais 12,7 % in 2024. I dTuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn 2025, measann an Pholainn gur 12,7 % atá san fhás glanchaiteachais in 2024 freisin. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach 12 , lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, bhí staid fhioscach fhorleathnaitheach ann in 2024, mar atá 1,8 % de OTI.

(14)De réir na Tuarascála Bliantúla ar Dhul Chun Cinn, sa chás maicreacnamaíoch atá mar bhonn taca le réamh‑mheastacháin bhuiséadacha na Polainne, tá coinne le fás fíor‑OTI 3.7 % in 2025, agus réamh‑mheastar go mbeidh boilsciú ICPT 4.5 % ann in 2025. Réamh‑mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún go bhfásfaidh an fíor‑OTI faoi 3,3 % in 2025 agus faoi 3,0 % in 2026, agus go mbeidh boilsciú ICPT 3,6 % ann in 2025 agus 2,8 % in 2026.

(15)Sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an easnamh rialtais ghinearálta go 6.3 % de OTI in 2025, agus tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le méadú go 57.8 % faoi dheireadh 2025. Comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 5,8 % in 2025. Réamh‑mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún go mbeidh easnamh rialtais ghinearálta 6.4 % de OTI ann in 2025. Den chuid is mó, léiríonn an laghdú ar an easnamh in 2025 tionchar na mbeart lánroghnach ioncaim lena n‑áirítear méaduithe ar dhleacht mháil agus neamh‑innéacsú réimeanna cánach ioncaim phearsanta. De réir ríomhanna an Choimisiúin, comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 6,2 % in 2025. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach, lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, réamh‑mheastar go mbeidh staid fhioscach fhorleathnaitheach ann in 2025, mar atá 0.3 % de OTI. Meastar go dtiocfaidh méadú go 58.0 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghineatálta–OTI faoi dheireadh 2025. Den chuid is mó, léiríonn an méadú ar an gcóimheas fiachais rialtais ghineatálta–OTI in 2025 an t‑easnamh rialtais ard réamh‑mheasta agus coigeartuithe sreabhadh i leith stoic a bhaineann le hinfheistíochtaí cosanta.

(16)Meastar go maoineofar caiteachas rialtais ghinearálta a dhéanann suas 1.2 % de OTI le tacaíocht neamh‑inaisíoctha (‘deontais’) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2025, i gcomparáid le 0.3 % de OTI in 2024, de réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún. Le caiteachas a mhaoinítear le tacaíocht neamh‑inaisíoctha ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, beifear in ann infheistíocht ardcháilíochta agus athchóirithe lena gcuirfear leis an táirgiúlacht a dhéanamh gan tionchar díreach a imirt ar chomhardú rialtais ghinearálta agus fiachas na Polainne.

(17)1.6 % de OTI in 2021, 1.6 % de OTI in 2022 agus 2.0 % de OTI in 2023, ba é sin caiteachas cosanta an rialtais ghinearálta sa Pholainn 13 . De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh‑mheastar go gcaithfear 2.7 % de OTI in 2024 agus 2.8 % de OTI in 2025 ar an gcosaint. Comhfhreagraíonn sé sin do mhéadú 1.2 pointe céatadáin de OTI i gcomparáid le 2021. Le linn na tréimhse ina ngníomhachtófar an clásal éalaithe náisiúnta (2025‑2028), beidh an Pholainn in ann tosaíocht a thabhairt an athuair do chaiteachas rialtais nó ioncam rialtais a mhéadú ionas nach gcuirfí an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma i ngeall ar chaiteachas níos airde go marthanach ar an gcosaint.

(18)De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh‑mheastar go bhfásfaidh an glanchaiteachas sa Pholainn faoi 6,2 % in 2025 agus gur fás carnach 19,7 % a bheidh ann in 2024 agus 2025. Ar bhonn Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh‑mheastar go mbeidh glanfhás caiteachais na Polainne in 2025 faoi bhun an uasráta fáis a mholtar arna bhunú leis an gconair cheartaitheach. Agus 2024 agus 2025 á mbreithniú le chéile, réamh‑mheastar go mbeidh ráta fáis carnach an ghlanchaiteachais os cionn an uasráta fáis a mholtar, ráta a chomhfhreagraíonn do dhiall 14 níos lú ná 0,1 % de OTI. Tá an diall réamh‑mheasta laistigh de sholúbthacht an chlásail éalaithe náisiúnta bunaithe ar réamh‑mheastacháin reatha maidir le caiteachas cosanta. Dá bhrí sin, tá an nós imeachta um easnamh iomarcach don Pholainn ar stad.

(19)Ní áirítear réamh‑mheastacháin bhuiséadacha tar éis 2025 sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn maidir le 2025. Ar bhonn bearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, réamh‑mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún barrachas rialtais ghinearálta 6,1 % de OTI in 2026. Den chuid is mó, léiríonn an laghdú ar an easnamh in 2026 tionchar na mbeart lánroghnach ioncaim lena n‑áirítear méaduithe ar dhleacht mháil agus neamh‑innéacsú réimeanna cánach ioncaim phearsanta. Comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 5,4 % in 2026. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach, lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, réamh‑mheastar go mbeidh sí neodrach den chuid is mó in 2026. Is é réamh‑mheastachán an Choimisiúin go dtiocfaidh méadú go 65,3 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI faoi dheireadh 2026. Den chuid is mó, léiríonn an méadú ar an gcóimheas fiachais rialtais ghineatálta–OTI in 2026 an t‑easnamh rialtais ard réamh‑mheasta agus coigeartuithe sreabhadh i leith stoic a bhaineann le hinfheistíochtaí cosanta agus aistrithe aonuaire a bhaineann le hinfheistíochtaí arna maoiniú le hiasachtaí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2026.

Príomhdhúshláin bheartais

(20)Tá sochair shóisialta sa Pholainn neamh‑spriocdhírithe den chuid is mó agus níl tástáil acmhainne ar leibhéal an teaghlaigh i gceist leo. Is é an toradh atá air sin córas leasa shóisialta a bhfuil cumhacht athdháilte theoranta aige. I ndoiciméid bhuiséadacha, d’fhéadfaí feabhas a chur ar an trédhearcacht maidir le hinfheistíochtaí leanúnacha agus infheistíochtaí atá beartaithe. Faoi láthair níl forléargas comhtháite cuimsitheach ar infheistíochtaí leanúnacha agus ar a bhfoinsí maoinithe ann, lena n‑áirítear maidir le cistí seachbhuiséadacha agus fiontair faoi úinéireacht stáit. Cé go bhfuil sí ar fáil ar leibhéil éagsúla, tá an fhaisnéis sin scaipthe ar fud doiciméad, amhail cláir infheistíochta ilbhliantúla agus pleananna airgeadais de chuid fiontar atá faoi úinéireacht an stáit nó de chuid cistí seachbhuiséadacha. Na nósanna imeachta chun tionscadail infheistíochta poiblí a mheas agus a roghnú agus chun athbhreithnithe ex post a dhéanamh, tá siad lag. Níl modheolaíochtaí caighdeánaithe measúnaithe tionscadail i bhfeidhm ach amháin le haghaidh infheistíochtaí atá maoinithe ag an Aontas ach d’fhéadfaí iad sin a chur i bhfeidhm maidir le gach infheistíocht mhór atá maoinithe ag an rialtas. Bíonn nósanna imeachta roghnúcháin tionscadal éagsúla in úsáid sna haireachtaí éagsúla agus bíonn siad bunaithe ar an gcineál tionscadail agus ar fhoinse an mhaoinithe. Níl aon chritéir chaighdeánach ann chun tionscadail a roghnú agus a chur in ord tosaíochta ar leibhéal an rialtais láir.

(21)Tá an Pholainn ar cheann de na tíortha is tapúla atá ag dul in aois san Aontas agus beidh tionchar ag na treochtaí déimeagrafacha fadtéarmacha ar a córas pinsean. De réir na haoise scoir reachtúla, is féidir le mná dul ar scor ag 60 bliain d’aois, rud a bhfuil tionchar aige ar an líon ban atá ag obair nó atá ag lorg oibre i gcomparáid le fir a bhfuil aois scoir reachtúil 65 acu. Chun an aois scoir iarbhír a ardú, chuir an Pholainn beart spriocdhírithe amháin chun feidhme ina plean téarnaimh agus athléimneachta chun obair tar éis na haoise scoir reachtúla a chur chun cinn, ach bheadh gá le hiarrachtaí breise chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le leordhóthanacht pinsean a áirithiú amach anseo agus le hinbhuanaitheacht chóras na bpinsean a chosaint. Tá sochair phinsin speisialta ann do ghrúpaí éagsúla sa Pholainn nach mbíonn nasctha i gcónaí le rioscaí gairme agus a fhágann gur gá athbhreithniú críochnúil a dhéanamh chun cothroime an chórais a áirithiú.

(22)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Meastar go gcuideoidh siad sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Laistigh den tréimhse ghairid sin, tá sé ríthábhachtach cur chun feidhme éifeachtach an phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena n‑áirítear an chaibidil REPowerEU, a thabhairt chun críche chun borradh a chur faoi iomaíochas fadtéarmach na Polainne leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus cothroime shóisialta á háirithiú san am céanna. Chun gealltanais an phlean téarnaimh agus athléimneachta a chomhlíonadh faoi mhí Lúnasa 2026, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh an Pholainn dlús le cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ábhartha. Go háirithe, ní mór dlúthchomhordú a bheith ann idir comhlachtaí poiblí, lena n‑áirítear riarachán réigiúnach agus áitiúil, atá freagrach as bearta faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme. Tá rannpháirtíocht chórasach na n‑údarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, na sochaí sibhialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile ríthábhachtach i gcónaí i ndáil le húinéireacht leathan a áirithiú maidir le cur chun feidhme rathúil an phlean téarnaimh agus athléimneachta.

(23)Sa Pholainn, tá dlús curtha le cur chun feidhme chláir an bheartais chomhtháthaithe, lena gcuimsítear tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ón gCiste um Aistriú Cóir (CUAC) agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+). Tá sé tábhachtach leanúint de na hiarrachtaí chun cur chun feidhme tapa na gclár sin a áirithiú, agus a dtionchar ar an láthair á uasmhéadú ag an am céanna. Tá an Pholainn ag gníomhú cheana féin faoina cláir beartais chomhtháthaithe chun borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin bhfás. An tráth céanna, tá dúshláin fós le sárú ag an bPolainn, lena n‑áirítear dúshláin a bhaineann leis an ngá atá le borradh a chur faoi iomaíochas na réigiún thoir atá ar theorainn na Rúise agus na Bealarúise, le dlús a chur leis an aistriú fuinnimh i réigiúin an iardheiscirt atá ag brath ar ghual agus ar thionscail throma agus ar an lárionad tionsclaithe, le dul i ngleic le ganntanas scileanna agus neamhréireanna scileanna agus le haghaidh a thabhairt ar an éileamh ard tithíochta. I gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060, ceanglaítear ar an bPolainn – mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chistí an bheartais chomhtháthaithe – gach clár a athbhreithniú agus na dúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2024, i measc nithe eile, á gcur san áireamh. Leis na tograí ón gCoimisiún a glacadh an 1 Aibreán 2025 15 , cuirtear síneadh leis an spriocdháta chun measúnú a chur isteach – le haghaidh gach cláir – ar thoradh an athbhreithnithe mheántéarma tar éis an 31 Márta 2025. Cuirtear ar fáil leis freisin solúbthachtaí chun cuidiú le dlús a chur le cur chun feidhme clár agus dreasachtaí do na Ballstáit acmhainní an bheartais chomhtháthaithe a leithdháileadh ar chúig réimse tosaíochta straitéisí de chuid an Aontais, is iad sin iomaíochas i dteicneolaíochtaí straitéiseacha, cosaint, tithíocht, athléimneacht uisce agus aistriú fuinnimh.

(24)Deis atá san Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) infheistíocht a dhéanamh i gceann de phríomhthosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, is é sin iomaíochas an Aontais a neartú. Cuirtear STEP ar fáil trí 11 chiste AE atá ann cheana. Is féidir leis na Ballstáit rannchuidiú leis an gclár InvestEU freisin, clár a thacaíonn le hinfheistíochtaí sna réimsí tosaíochta. D’fhéadfadh an Pholainn na tionscnaimh sin a úsáid chun tacú le forbairt nó monarú teicneolaíochtaí criticiúla, teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní san áireamh.

(25)Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus i gcistí eile de chuid an Aontais, tá roinnt dúshláin bhreise roimh an bPolainn a bhaineann le simpliú, taighde agus nuálaíocht, fuinneamh, bainistiú uisce, scileanna agus oideachas, agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste a chuimsiú sa mhargadh saothair.

(26)Mar a leagtar amach sa Chompás Iomaíochais, ní mór do na hinstitiúidí Eorpacha, náisiúnta agus áitiúla uile iarracht mhór a dhéanamh rialacha níos simplí a chur ar fáil agus dlús a chur le luas na nósanna imeachta riaracháin. Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag an gCoimisiún chun an t‑ualach riaracháin a laghdú: 25 % ar a laghad agus 35 % ar a laghad i gcás FBManna; agus tá uirlisí nua cruthaithe aige chun na spriocanna sin a bhaint amach, lena n‑áirítear tástáil struis chórasach ar chorpas reachtaíocht an Aontais agus idirphlé feabhsaithe le páirtithe leasmhara. Chun teacht leis an uaillmhian sin, ní mór don Pholainn beart a dhéanamh freisin. Measann 66 % de ghnólachtaí gur fadhb í castacht na nósanna imeachta riaracháin dá gcuideachta agus iad i mbun gnó sa Pholainn 16 . Cé go bhfuil creat rialála atá fabhrach don iomaíocht i gcoitinne ag an bPolainn, tá roinnt dúshlán fós le sárú aici maidir le castacht reachtach agus maidir le creat institiúideach éifeachtach a áirithiú. Baineann siad sin le luaineacht mhéadaitheach an dlí agus leis an am laghdaithe atá ar fáil do chuideachtaí chun ullmhú d’athruithe reachtacha. Mar thoradh air sin, tá an t‑ualach riaracháin ar ghnólachtaí ard, mar shampla, i ndáil le dlíthe cánach, agus tá na costais a bhíonn ar chuideachtaí, go háirithe FBManna, chun córais saothair agus chánach a chomhlíonadh ard go comparáideach. De réir Shuirbhé Infheistíochta BEI, leithdháileann 25 % de ghnólachtaí sa Pholainn níos mó ná 10 % dá bhfoireann ar cheanglais rialála. D’ainneoin an mhéadaithe a tháinig le déanaí, tá ráta na ngnólachtaí nua atá ag tosú fós íseal, go háirithe i gcás gnólachtaí a bhfuil fostaithe acu. Tá an córas soláthair phoiblí fós thíos leis an líon íseal cuideachtaí a chuireann tairiscintí isteach, chomh maith le nósanna imeachta fada casta. Trí dhigitiú an phróisis soláthair phoiblí a neartú a thuilleadh agus trí fhorbairt a dhéanamh ar an tairiscint oiliúna do FBManna, is féidir cuidiú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

(27)Tá fás eacnamaíoch agus iomaíochas na Polainne amach anseo ag brath níos mó ná riamh ar a cumas leas a bhaint as cumhacht na heolaíochta agus na nuálaíochta. D’ainneoin méaduithe seasta ar chaiteachas gnó T&F, tá torthaí nuálaíochta na Polainne fós teoranta, agus níor shroich a feidhmíocht T&F ach 65.9 % de mheán an Aontais in 2024 — is feabhas 3.3 pointe céatadáin é sin i gcomparáid le 2023. Tá teorainn leis an gcomhar idir an eolaíocht agus an gnó, rud a laghdaíonn cumas na Polainne a taighde a thráchtálú. Is measa fós an tsaincheist sin mar gheall ar bhonn taighde tearcfhorbartha agus cláir nach bhfuil spriocdhírithe go leor chun taighde feidhmeach agus comhpháirtíochtaí príobháideacha acadúla a chur chun cinn. Beidh sé ríthábhachtach naisc idir an eolaíocht agus gnólachtaí a neartú agus gairmeacha taighde a dhéanamh níos tarraingtí. Na hionstraimí tacaíochta atá ann faoi láthair a athbhreithniú agus feabhas a chur orthu agus dreasachtaí a chruthú do thaighdeoirí chun oibriú leis an tionscal, tá na nithe sin i measc na bpríomhchéimeanna chun éiceachóras nuálaíochta agus eolaíochta ardfheidhmíochta a bhaint amach. Braitheann tuilleadh dul chun cinn freisin ar mhéaduithe leanúnacha ar an gcaiteachas poiblí ar T&F agus ar athchóirithe chun feabhas a chur ar iomaíochas agus ar idirnáisiúnú institiúidí eolaíocha.

(28)Cuireann costais arda fuinnimh isteach ar iomaíochas gnólachtaí sa Pholainn. Ba cheart don tír comharthaí praghais a chur chun cinn don leictreachas a thacaíonn le hinfheistíocht i nginiúint leictreachais ghlain agus a chuireann le praghsanna inacmhainne fuinnimh. Is féidir é sin a dhéanamh, mar shampla, trí phraghsáil dhinimiciúil a spreagadh agus trí chánacha agus tobhaigh ar leictreachas a choigeartú do theaghlaigh agus don tionscal araon tríd an ualach cánach a aistriú ó leictreachas go breoslaí iontaise. D’fhéadfadh solúbthacht mhéadaithe eangaí agus idirnaisc trasteorann cuidiú le praghsanna leictreachais a laghdú freisin. Ní mór conair dhícharbónaithe a leagan amach lena dtugtar tús áite d’éifeachtúlacht fuinnimh, d’fhoinsí inbhuanaithe teasa in‑athnuaite agus d’úsáid dramhtheasa. Tá fóirdheontais breosla iontaise ábhartha nach beag ag an bPolainn nach bhfuil sé beartaithe aici deireadh a chur leo de réir a chéile roimh 2030. Go háirithe, maidir le fóirdheontais breosla iontaise nach dtugann aghaidh ar bhochtaineacht fuinnimh ar bhealach spriocdhírithe ná ar fhíorábhair imní maidir le slándáil fuinnimh, a chuireann bac ar leictriú agus nach bhfuil ríthábhachtach don iomaíochas tionsclaíoch, d’fhéadfaí iad a mheas mar thosaíocht deireadh a chur leo de réir a chéile. Sa Pholainn, tá fóirdheontais breosla iontaise amhail fóirdheontais leanúnacha a thugtar do thionscal na mianadóireachta guail agus díolúintí cánach le haghaidh guail agus ola bhreosla neamhéifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de agus cuireann siad fad leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise, go háirithe gual. Tá tacar beartas náisiúnta curtha chun feidhme ag an bPolainn chun athchóirithe ar fhoirgnimh chónaithe a chur chun cinn, lena n‑áirítear mórscéimeanna fóirdheontais arna maoiniú faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta. Ní mór na beartais sin a neartú agus a ailíniú a thuilleadh le cuspóirí aeráide 2030 an Aontais. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht spriocdhírithe chun astaíochtaí carbóin ó fhoirgnimh a laghdú, agus béim ar leith á leagan ar éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus ar an téimh ceantair a dhícharbónú.

(29)Tá dúshláin roimh an bPolainn a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide, mar shampla, maidir le rioscaí triomaigh agus tuilte. Áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta bearta chun feabhas a chur ar choinneáil uisce i gceantair thuaithe. D’fhéadfadh an tír comhtháthú beartais níos fearr a bhaint amach trí chomhordú níos dlúithe idir na hinstitiúidí éagsúla atá i gceannas ar na beartais ábhartha. D’fhéadfadh sé sin cuidiú le réitigh inbhuanaithe a chur chun feidhme amhail réitigh oiriúnaithe dhúlrabhunaithe chun soláthairtí uisce a mhéadú agus chun oiriúnú don athrú aeráide agus, an tráth céanna, dul chun tairbhe d’inbhuanaitheacht fhadtéarmach na talmhaíochta agus d’earnálacha eile a bhíonn ag brath ar sheirbhísí éiceachórais.

(30)Cuireann ganntanais leanúnacha scileanna, lena n‑áirítear iad siúd don aistriú glas agus digiteach, isteach ar iomaíochas na Polainne agus cuireann siad bac ar ghníomhaíocht infheistíochta. Go háirithe, tá clárú leanúnach íseal le sárú ag an bPolainn i gcláir staidéir eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM) agus tá sí chun deiridh i sciar na gcéimithe sna réimsí sin, rud a chuireann teorainn le cumas nuálaíochta na tíre. Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar an gcaoi a múintear ábhair ETIM i scoileanna, gairmthreoir níos fearr a chur ar fáil do dhaltaí, agus grúpaí faoi ghannionadaíocht a spreagadh chun tabhairt faoi staidéar ETIM, go háirithe mná. Ní mór dlús a chur le beartais ábhartha chun borradh a chur faoi inniúlachtaí agus scileanna glasa tríd an oideachas agus an oiliúint. Cuireann an ráta íseal rannpháirtíochta san fhoghlaim aosach leis an nganntanas foirne oilte freisin. Bunaithe ar an suirbhé is déanaí ar oideachas aosach a foilsíodh in 2024, ba é 20.3 % an ráta rannpháirtíochta daoine fásta san fhoghlaim, ráta a bhí i bhfad faoi bhun mheán an Aontais de 39.5 % agus sprioc 51.7 % do 2030. Tá gá le tuilleadh tacaíochta ó fhostóirí freisin chun rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach a mhéadú. Tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar an laghdú ar leibhéil na mbunscileanna chun deiseanna foghlama, uas‑scilithe agus fostaíochta a chur ar fáil do dhaoine níos déanaí sa saol. Tá easpa éifeachtachta ag baint le córas gairmoideachais agus gairmoiliúna na Polainne, rud a bhaineann an bonn go mór den soláthar scileanna atá ar éileamh, a laghdaíonn infhostaitheacht na gcéimithe agus a chuireann iad i mbaol dífhostaíochta agus eisiaimh shóisialta níos mó.

(31)Tá imní fós ann maidir le grúpaí faoi mhíbhuntáiste a lánpháirtiú sa mhargadh saothair, lena n‑áirítear mná, daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhain leibhéal níos ísle oideachais amach. Cé gur tháinig laghdú ar an mbearna fostaíochta idir na hinscní (20‑64 bliana d’aois) ó 14,8 pointe céatadáin in 2020 go 11.6 pointe céatadáin in 2024, tá sí fós os cionn mheán an Aontais de 10 bpointe céatadáin. Ba é 33,9 pointe céatadáin an bhearna fostaíochta maidir le daoine faoi mhíchumas in 2023, bearna atá i bhfad os cionn mheán an Aontais, mar atá 21,5 pointe céatadáin. Tugann sé sin le fios go bhfuil deiseann ann éifeachtacht na mbeartas gníomhachtúcháin a fheabhsú, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: i) bearta a dhíriú ar bhealach níos fearr chun cuidiú le grúpaí faoi mhíbhuntáiste a lánpháirtiú sa mhargadh saothair; ii) éifeachtúlacht seirbhísí poiblí fostaíochta a fheabhsú; agus iii) leanúint d’fheabhas a chur ar cháilíocht an chúraim fhadtéarmaigh fhoirmiúil bhaile, an chúraim phobalbhunaithe, an oideachais luath‑óige agus an chúraim luath‑óige agus ar an rochtain orthu. Cé go gcumhdaítear na réimsí sin in athchóirithe agus in infheistíocht faoi phlean téarnaimh agus athléimneachta na Polainne, beidh gá le tuilleadh iarrachtaí amach anseo. In éineacht le beartais uas‑scilithe agus athscilithe, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag na grúpaí rannpháirtíochta a bhfuil na rátaí fostaíochta is ísle acu a mhéadú, lena n‑áirítear daoine faoi mhíchumas, ar iomaíochas na Polainne san fhadtéarma. Is ábhar imní é freisin an bhearna oideachais i gcás daoine faoi mhíchumas. Ba é 32 % ráta a ngnóthachtáil oideachais iar‑mheánscoile in 2021/2022, agus ba é 18,4 pointe céatadáin an mheánbhearna oideachais iar‑mheánscoile sna blianta sin (AE 11.3 pc). Ina theannta sin, tá cion na ndaoine óga faoi mhíchumas nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEETanna) (40 %) ar cheann de na cinn is airde san Aontas. Chun cuimsitheacht an chórais oideachais agus oiliúna a fheabhsú, tá gá le cur chuige straitéiseach cuimsitheach, lena n‑áirítear feabhas a chur ar scileanna múinteoirí agus ar an tacaíocht a thugtar dóibh.

AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an Pholainn in 2025 agus in 2026 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.Caiteachas agus ullmhacht fhoriomlán i réimse na cosanta a threisiú i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 6 Márta 2025. Cloí le huasrátaí fáis an ghlanchaiteachais a mhol an Chomhairle an 21 Eanáir 2025, d’fhonn deireadh a chur le heasnamh iomarcach, agus úsáid á baint as an liúntas faoin gclásal éalaithe náisiúnta le haghaidh caiteachas cosanta níos airde. Feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí, lena n‑áirítear trí na sochair shóisialta a spriocdhíriú ar bhealach níos fearr, an próiseas buiséadach a fheabhsú, níos mó trédhearcachta sa phleanáil infheistíochta a chur ar fáil agus úsáid níos leithne a bhaint as nósanna imeachta caighdeánaithe chun tionscadail a mheasúnú agus a roghnú. Tionscadail infheistíochta phoiblí aibí a thús‑ualú agus infheistíocht phríobháideach a chur chun cinn chun an téarnamh eacnamaíoch a chur chun cinn. Leordhóthanacht na sochar pinsin a bheidh ann amach anseo agus inbhuanaitheacht chóras na bpinsean a áirithiú, lena n‑áirítear trí bhearta a dhéanamh maidir leis an aois scoir iarbhír agus trí na scéimeanna pinsin fabhracha a athchóiriú.

2.I bhfianaise na sprioc‑amanna is infheidhme chun athchóirithe agus infheistíochtaí a thabhairt chun críche go tráthúil faoi Rialachán (AE) 2021/241, dlús a chur le cur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena n‑áirítear an chaibidil REPowerEU. Dlús a chur le cur chun feidhme chláir an bheartais comhtháthaithe (CFRE, CUAC, CSE+, CC), agus, i gcás inarb iomchuí, na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an athbhreithniú meántéarma a thapú agus dul chun cinn a dhéanamh dá réir. An úsáid is fearr is féidir a bhaint as ionstraimí an Aontais, an raon feidhme a chuirtear ar fáil le InvestEU agus leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip san áireamh, chun cur leis an iomaíochas.

3.Rialáil a shimpliú, uirlisí rialála a fheabhsú agus a áirithiú go bhfuil an creat dlíthiúil cobhsaí agus soiléir don earnáil ghnó. Bearta a thabhairt isteach chun an t‑ualach riaracháin a chuirtear ar chuideachtaí a laghdú. Iomaíocht a spreagadh i bpróisis soláthair phoiblí, rud a fhágfaidh go mbeidh na próisis sin níos éifeachtúla agus nach mbeidh siad chomh hanásta céanna, go háirithe do FBManna. Naisc idir an eolaíocht agus gnólachtaí a neartú trí struchtúir tacaíochta a fheabhsú, scéimeanna cistiúcháin spriocdhírithe a chur chun feidhme, agus dreasachtaí a chruthú do thaighdeoirí chun bheith rannpháirteach leis an earnáil phríobháideach. An córas taighde poiblí a fheabhsú agus a nuachóiriú trí ghairmeacha taighde a dhéanamh níos tarraingtí, infheistíocht phoiblí i dtaighde agus nuálaíocht a ardú, agus tacú le hinstitiúidí taighde. Beartas eacnamaíoch a bhaineann le hinfheistíocht a dhíriú ar an nuálaíocht.

4.Comharthaí praghais cothromaithe don leictreachais a chur chun cinn lena dtacaítear le hinfheistíochtaí i nginiúint leictreachais ghlain trí chánacha agus tobhaigh ar leictreachas do theaghlaigh agus don tionscal a choigeartú i gcoibhneas leis na cánacha agus na tobhaigh ar bhreoslaí iontaise. Borradh a chur faoi acmhainneacht agus solúbthacht na heangaí, trádáil leictreachais trasteorann a mhéadú, agus srianta a theorannú do chásanna a bhfuil údar cuí leo faoi rialacha mhargadh fuinnimh an Aontais, go háirithe i gcásanna a bhaineann le srianta maidir le hacmhainneacht náisiúnta a leithdháileadh. An spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí dhlús a chur le deireadh a chur de réir a chéile le gual in earnáil an téimh trí aistriú chuig córais dhícharbónaithe lena gcomhtháthaítear fuinneamh in‑athnuaite, lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht fuinnimh, agus trí dheireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breosla iontaise, go háirithe iad siúd a bhaineann le mianadóireacht ghuail. Feabhas a chur ar rialachas maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, go háirithe beartais atá dírithe ar acmhainní uisce a bhainistiú, a chosaint agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe, lena n‑ionchorpraítear measúnuithe reatha ar thionchair an athraithe aeráide chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach earnálacha agus gníomhaíochtaí atá ag brath ar sheirbhísí éiceachórais uisce a áirithiú.

5.Oideachas agus scileanna ardcháilíochta cuimsitheacha a chothú atá ábhartha don mhargadh saothair, lena n‑áirítear scileanna glasa agus digiteacha, dlús a chur le rannpháirtíocht i réimsí ETIM san ardoideachas, cáilíocht an oideachais múinteoirí a fheabhsú agus éifeachtúlacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a neartú a thuilleadh. Rannpháirtíocht daoine fásta san fhoghlaim a éascú agus a mhéadú, lena n‑áirítear san fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus i réimsí atá ríthábhachtach d’iomaíochas na Polainne. Bearta a dhéanamh chun rannpháirtíocht grúpaí faoi mhíbhuntáiste sa mhargadh saothair a mhéadú, lena n‑áirítear trí oideachas éifeachtach chuig aistrithe fostaíochta.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj .
(2)    Glanchaiteachas mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (2) de Rialachán (AE) 2024/1263: ciallaíonn ‘glanchaiteachas’ caiteachas rialtais atá glan ar na rudaí seo a leanas: (i) caiteachas úis; (ii) bearta lánroghnacha ioncaim; (iii) caiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais; (iv) caiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas; (v) gnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta; agus (iv) bearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(3)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj ).
(4)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/435/oj ).
(5)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Polainne (11805/2022).
(6)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 7 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme an 17 Meitheamh 2022 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Polainne (15835/2023).
(7)    Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 lena bhformhuinítear plean fioscach‑struchtúrach meántéarmach na Polainne, IO C/2025/642, 10.2.2025.
(8)    Moladh ón gComhairle d’fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh sa Pholainn, C/2025/5037.
(9)    Tá na Tuarascálacha Bliantúla ar Dhul Chun Cinn maidir le 2025 le fáil ar: https://economy‑finance.ec.europa.eu/economic‑and‑fiscal‑governance/stability‑and‑growth‑pact/preventive‑arm/annual‑progress‑reports_en?prefLang=ga
(10)    Moladh ón gComhairle lena gceadaítear don Pholainn imeacht ón gconair ghlanchaiteachais mholta agus í a shárú (Gníomhachtú an chlásail éalaithe náisiúnta), IO C/2025/xxx, x.x.2025.
(11)    Táscairí Eurostat‑Euro, 22.4.2025.
(12)    Sainmhínítear an staid fhioscach mar thomhas ar an athrú bliantúil ar riocht buiséadach foluiteach an rialtais ghinearálta. Is é is aidhm dó measúnú a dhéanamh ar an spreagadh eacnamaíoch a eascraíonn as beartais fhioscacha, idir na cinn sin a mhaoinítear go náisiúnta agus na cinn a mhaoinítear le buiséad an Aontais. Déantar an staid fhioscach a thomhas mar an difríocht idir (i) an fás féideartha meántéarmach agus (ii) an t‑athrú ar chaiteachas príomhúil glan ar bhearta ioncaim lánroghnacha agus lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú le tacaíocht neamh‑inaisíoctha (deontais) faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile an Aontais.
(13)    Eurostat, caiteachas rialtais de réir aicmiú fheidhmeanna an rialtais (COFOG).
(14)    Ó 2026 ar aghaidh beidh na figiúirí sin le feiceáil sa chuntas rialaithe a bhunaítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/1263.
(15)    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1058 agus (AE) 2021/1056 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma ‑ COM(2025) 123 final.
(16)    ‘Dearcadh gnólachtaí i leith an éillithe san Aontas’, Flaistuarascáil, Tuarascáil Eorabharaiméadair (Aibreán 2024)  Suirbhé Infheistíochta BEI 2024, Forléargas Tíre: an Pholainn .
Top