AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.6.2025
COM(2025) 217 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na hUngáire
{SWD(2025) 217 final}
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025DC0217
Recommendation for a COUNCIL RECOMMENDATION on the economic, social, employment, structural and budgetary policies of Hungary
Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na hUngáire
Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na hUngáire
COM/2025/217 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.6.2025
COM(2025) 217 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na hUngáire
{SWD(2025) 217 final}
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na hUngáire
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle 1 , agus go háirithe Airteagal 3(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú 2 , agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,
De bharr an mhéid seo a leanas:
Breithnithe ginearálta
(1)Le Rialachán (AE) 2024/1263, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024, sonraítear cuspóirí an chreata rialachais eacnamaíoch, creat a bhfuil sé d’aidhm aige airgeadas poiblí inbhuanaithe fónta agus fás cuimsitheach inbhuanaithe agus athléimneacht a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Sonraítear sa Rialachán go ndéanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún faireachas iltaobhach i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na ceanglais a leagtar amach in CFAE. Áirítear sa Seimeastar Eorpach, go háirithe, foirmliú na moltaí tírshonracha agus faireachas ar chur chun feidhme na moltaí sin. Leis an Rialachán, cuirtear úinéireacht náisiúnta i leith an bheartais fhioscaigh chun cinn, agus béim á leagan ar an bhfócas meántéarmach a bhaineann leis an mbeartas céanna, agus i dteannta leis sin cuirtear forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí chun cinn chomh maith. Ní mór do gach Ballstát plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a chur faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, plean ina mbeidh a chuid gealltanas fioscach, athchóiriúcháin agus infheistíochta, thar thréimhse 4 nó 5 bliana, de réir fhad an téarma reachtaigh náisiúnta. Ní mór an chonair ghlanchaiteachais 3 sna pleananna sin ceanglais an Rialacháin a chomhlíonadh, lena n‑áirítear na ceanglais ollfhiachas rialtais a chur nó a choimeád ar chonair inchreidte anuas faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % den olltáirgeacht intíre (OTI), agus an t‑easnamh rialtais ghinearálta a thabhairt agus/nó a choimeád faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 3 % de OTI, sa mheántéarma. I gcás ina dtugann Ballstát gealltanas i leith sraith áirithe d’athchóirithe agus infheistíochtaí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán, féadtar síneadh suas le 3 bliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin.
(2)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 , lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (‘an tSaoráid’), i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Leis an tSaoráid cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, agus soláthraítear spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch, déanann an tSaoráid an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a chothú, agus spreagann sí athchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe an tráth céanna, go háirithe athchóirithe agus infheistíochtaí trína gcuirtear an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach chun cinn agus trína gcuirtear le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an t‑airgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoi chruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.
(3)Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 (‘Rialachán REPowerEU’), a glacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur, de réir a chéile, le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuidíonn sé sin ó thaobh slándáil fuinnimh a bhaint amach agus ó thaobh soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, agus an tráth céanna, cuireann sé le glacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh, le hacmhainneachtaí stórála agus le héifeachtúlacht fuinnimh. Chuir an Ungáir caibidil nua REPowerEU lena plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh ó thaobh cuspóirí REPowerEU a bhaint amach.
(4)An 11 Bealtaine 2021, chuir an Ungáir a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 den Rialachán sin, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V. An 15 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle a Cinneadh Cur Chun Feidhme lena bhformheastar an measúnú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hUngáire 6 a leasaíodh de réir Airteagal 18(2) an 8 Nollaig 2023 chun an chaibidil REPowerEU a chur san áireamh 7 . Chun go scaoilfear na tráthchodanna, caithfidh cinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 24(5), ina sonraítear go bhfuil na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle bainte amach go sásúil ag an Ungáir. Ní féidir gnóthú sásúil a bheith i gceist ach sa chás nach ndeachthas siar ar ghnóthú na gcloch míle agus na spriocanna roimhe sin maidir leis an athchóiriú céanna nó an infheistíocht chéanna.
(5)An 18 Feabhra 2025, ar mholadh ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle moladh lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na hUngáire 8 . Cuireadh an plean isteach i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 36(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1263, cumhdaíonn sé an tréimhse ó 2025 go 2028 agus cuireann sé i láthair coigeartú fioscach thar 4 bliana.
(6)An 26 Samhain 2024, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún Tuarascáil 2025 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil a shainaithin go bhfuil an Ungáir ar cheann de na Ballstáit a mbeadh grinn‑athbhreithniú ag teastáil ina leith. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, agus togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2025, ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro 9 an 13 Bealtaine 2025 agus an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht an 10 Márta 2025.
(7)An 29 Eanáir 2025 d’fhoilsigh an Coimisiún an Compás Iomaíochais, creat straitéiseach arb é is aidhm dó borradh a chur faoi iomaíochas domhanda an Aontais sna 5 bliana amach romhainn. Sainaithnítear ann na trí riachtanas chlaochlaitheacha a bhaineann le fás eacnamaíoch inbhuanaithe: (i) an nuálaíocht; (ii) an dícharbónú agus an t‑iomaíochas; agus (iii) an tslándáil. Chun an bhearna nuálaíochta a dhúnadh, tá sé d’aidhm ag an Aontas nuálaíocht thionsclaíoch a chothú, tacú le fás gnólachtaí nuathionscanta trí thionscnaimh amhail an Straitéis AE um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú, agus glacadh ardteicneolaíochtaí a chur chun cinn, an intleacht shaorga agus an ríomhaireacht chandamach, cuir i gcás. Ar mhaithe le geilleagar níos glaise a bhaint amach, tá Plean Gníomhaíochta cuimsitheach um Fhuinneamh Inacmhainne agus Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan leagtha amach ag an gCoimisiún, rud a áiritheoidh go mbeidh an t‑aistriú chuig fuinneamh glan costéifeachtach, fabhrach don iomaíochas i gcónaí, go háirithe i gcás earnálacha dianfhuinnimh, agus ina spreagadh don fhás. Chun spleáchais iomarcacha a laghdú agus an tslándáil a mhéadú, tá an tAontas tiomanta do chomhpháirtíochtaí trádála domhanda a neartú, do shlabhraí soláthair a éagsúlú agus do rochtain ar amhábhair chriticiúla agus ar fhoinsí fuinnimh glana a áirithiú. Is iad na cumasóirí cothrománacha seo a leanas atá ina mbonn taca ag na tosaíochtaí sin — simpliú rialála, doimhniú an mhargaidh aonair, maoiniú iomaíochais agus Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, cur chun cinn scileanna agus poist ardcháilíochta , agus comhordú níos fearr ar bheartais an Aontais. Tá an Compás Iomaíochais ailínithe leis an Seimeastar Eorpach, rud a áirithíonn go bhfuil beartais eacnamaíocha na mBallstát comhsheasmhach le cuspóirí straitéiseacha an Choimisiúin, ionas go bhfuil cur chuige aontaithe ann maidir le rialachas eacnamaíoch lena gcothaítear fás inbhuanaithe, nuálaíocht agus athléimneacht ar fud an Aontais.
(8)In 2025, beidh an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch ag forbairt leis de réir mar a bheidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta á cur chun feidhme. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais atá ann faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go gcuidíonn na pleananna ó thaobh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Tá na moltaí tírshonracha sin fós chomh hábhartha céanna maidir leis an measúnú ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/241.
(9)Na príomhdhúshláin beartais eacnamaíoch nach dtugtar aghaidh orthu go leordhóthanach leis na bearta atá sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, cumhdaíonn moltaí tírshonracha 2025 iad, agus na dúshláin ábhartha a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2019-2024 á gcur san áireamh.
(10)An 4 Meitheamh 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2025 maidir leis an Ungáir. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar an dul chun cinn atá déanta ag an Ungáir ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha agus rinneadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na hUngáire a mheas. I bhfianaise na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre na dúshláin is práinní atá le sárú ag an Ungáir. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na hUngáire ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, mar aon leis an dul chun cinn ó thaobh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.
(11)Rinne an Coimisiún grinn-athbhreithniú maidir leis an Ungáir faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011. Príomhthorthaí an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún ar leochaileachtaí maicreacnamaíocha i gcás na hUngáire, ar measúnú é a rinneadh chun críocha an Rialacháin sin, foilsíodh iad an 13 Bealtaine 2025 10 . An 4 Meitheamh 2025, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ag an Ungáir. Go háirithe, tá leochaileachtaí a bhaineann go príomha le hiomaíochas agus le riachtanais maoinithe rialtais fós ábhartha. Chuir fás tapa pá iomaíochas costais i mbaol le blianta beaga anuas agus tá brúnna boilscitheacha atá níos láidre ná mar atá sa chuid eile den Aontas ann i gcónaí, agus tá an téarnamh eacnamaíoch mall agus faoi réir rioscaí neamhfhabhracha. Bhí barrachas sa chuntas seachtrach in 2024, ach baineann rioscaí don inbhuanaitheacht sheachtrach le beartais lena gcuirtear borradh faoin éileamh intíre. Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais in 2024 mar gheall ar infheistíocht níos ísle agus laghdú ar chaiteachas ar fhóirdheontais fuinnimh ach tá sé fós ard agus ní thuartar go dtiocfaidh feabhas mór air i mbliana ná an bhliain seo chugainn. Níl an cóimheas fiachais rialtais ag titim agus tá costais seirbhísithe fiachais agus ollriachtanais mhaoiniúcháin fós ard. Tá an fáinne fí idir na bainc agus fiachas ceannasach níos doimhne mar gheall ar dhreasachtaí cánach do bhainc intíre chun fiachas rialtais a cheannach. Tháinig borradh suntasach faoi phraghsanna tithe in 2024 mar gheall ar éileamh láidir, rud atá níos measa fós mar gheall ar an éileamh a thacaíonn le bearta rialtais. Tá an dul chun cinn beartais teoranta. Beidh ar an Ungáir bearta fioscacha buana a thabhairt isteach agus a bheith ag brath níos lú ar chánacha sealadacha ar bhrabús amhantair nó ar chiorruithe ar infheistíochtaí. Bhí an beartas airgeadaíochta docht, ach tá a éifeachtacht lagaithe ag idirghabhálacha rialtais: tá fóirdheontais atá spriocdhírithe go dona agus iasachtaí do theaghlaigh agus do chorparáidí fós ann agus cuireann rialuithe ar rátaí iasachtaithe teorainn le héifeachtacht an bheartais airgeadaíochta. Ag an am céanna, leanann fóirdheontais tithíochta agus scéimeanna iasachtaithe fhabhraigh de shaobhadh a dhéanamh ar an margadh tithíochta agus de bhrúnna praghsanna tithe a ghéarú.
Measúnú ar an Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn
(12)An 18 Feabhra 2025, mhol an Chomhairle na huasrátaí fáis glanchaiteachais seo a leanas le haghaidh na hUngáire: 4,3 % in 2025, 4,0 % in 2026, 3,9 % in 2027, agus 3,7 % in 2028, rátaí a chomhfhreagraíonn do na huasrátaí fáis carnacha arna ríomh faoi threoir 2023, mar atá 9,1 % in 2025, 13,5 % in 2026, 17,9 % in 2027 agus 22,2 % in 2028. In 2025-2026, beidh uasrátaí fáis sin an ghlanchaiteachais ag teacht leis an gconair cheartaitheach i gcomhréir le hAirteagal 3(4) de Rialachán 1467/97, mar a mhol an Chomhairle an 18 Feabhra 2025 d’fhonn deireadh a chur le heasnamh iomarcach 11 . An 30 Aibreán 2025, thíolaic an Ungáir a Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn 12 , maidir le gníomhaíocht a rinneadh mar fhreagairt ar an moladh ón gComhairle an 18 Feabhra 2025 d’fhonn deireadh a chur le heasnamh iomarcach, agus athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagraítear do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh a chur chun feidhme. An Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, is léiriú freisin í ar thuairisciú débhliantúil na hUngáire i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta maidir lena plean/phlean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241.
(13)Is dúshlán eiseach don Aontas Eorpach é an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin agus a iarmhairtí. Mhol an Coimisiún clásal éalaithe náisiúnta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú ar bhealach comhordaithe chun tacú le hiarrachtaí an Aontais méadú tapa suntasach ar chaiteachas cosanta a bhaint amach agus ba dhíol sásaimh do Chomhairle Eorpach an 6 Márta 2025 an togra sin. Tar éis iarraidh a fháil ón Ungáir an 30 Aibreán 2025, an [dáta], agus ar mholadh ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle moladh lena gceadaítear don Ungáir imeacht ó uasrátaí fáis molta an ghlanchaiteachais agus iad a shárú 13 .
(14)Ar bhonn sonraí atá fíoraithe ag Eurostat 14 , tháinig laghdú ar easnamh rialtais ghinearálta na hUngáire ó easnamh 6,7 % de OTI in 2023 go heasnamh 4,9 % in 2024, agus tháinig méadú ar an fhiachas an rialtais ghinearálta ó 73,0 % de OTI ag deireadh 2023 go 73,5 % ag deireadh 2024. De réir ríomhanna an Choimisiúin, comhfhreagraíonn na forbairtí sin do ráta fáis glanchaiteachais 2,3 % in 2024. Sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, measann an Ungáir gurb é 2,3 % an fás glanchaiteachais in 2024. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach 15 , lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, bhí staid fhioscach chrapthach ann in 2024, mar atá 3,3 % de OTI.
(15)De réir na Tuarascála Bliantúla ar Dhul Chun Cinn, sa chás maicreacnamaíoch atá mar bhonn taca le réamh-mheastacháin bhuiséadacha na hUngáire, tá coinne le fás fíor-OTI 2,5 % in 2025 agus réamh-mheastar go mbeidh boilsciú ICPT 4,5 % ann in 2025. Réamh-mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún go bhfásfaidh an fíor-OTI faoi 0,8 % in 2025 agus faoi 2,5 % in 2026, agus go mbeidh boilsciú ICPT 4,1 % ann in 2025 agus 3,3 % in 2026.
(16)Sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an easnamh rialtais ghinearálta go 4,1 % de OTI in 2025, agus tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le laghdú go 73,1 % faoi dheireadh 2025. Comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 7,4 % in 2025. Réamh-mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún go mbeidh easnamh rialtais 4,6 % de OTI ann in 2025. Léiríonn an laghdú ar an easnamh in 2025 den chuid is mó caiteachas úis níos ísle mar gheall ar íocaíochtaí cúpóin laghdaitheacha ar na bannaí atá nasctha le boilsciú agus laghdú breise ar fhóirdheontais do chuideachtaí fóntais as na caillteanais arna dtabhú mar gheall ar chaidhpeanna ar phraghsanna fuinnimh cónaithe. De réir ríomhanna an Choimisiúin, comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 6,1 % in 2025. Tá sé sin níos ísle ná réamh-mheastachán údaráis na hUngáire sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn mar gheall ar chaiteachas níos ísle a mhaoinítear go náisiúnta. Réamh-mheastar sa réamhaisnéis ón gCoimisiún easnamh níos airde mar gheall ar ioncam i bhfad níos ísle ó tháirgeadh agus ó chánacha ioncaim arb é fás OTI níos laige is cúis leis. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach, lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, réamh-mheastar go mbeidh staid fhioscach fhorleathnaitheach ann in 2025, mar atá 0.4 % de OTI. Meastar go dtiocfaidh méadú go 74,5 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI faoi dheireadh 2025. Léiríonn an méadú ar an gcóimheas idir fiachas agus OTI in 2025 den chuid is mó an t‑easnamh ard rialtais ghinearálta agus coigeartú dearfach sreabhaidh i leith stoic i ngeall ar íocaíochtaí móra úis i dtéarmaí airgid a fabhraíodh an bhliain roimhe sin.
(17)Meastar go maoineofar caiteachas rialtais ghinearálta a dhéanann suas 0,4 % de OTI le tacaíocht neamh-inaisíoctha (‘deontais’) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2025, i gcomparáid le 0,2 % de OTI in 2024, de réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún 16 . Le caiteachas a mhaoinítear le tacaíocht neamh-inaisíoctha ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, beifear in ann infheistíocht ardcháilíochta agus athchóirithe lena gcuirfear leis an táirgiúlacht a dhéanamh gan tionchar díreach a imirt ar chomhardú rialtais ghinearálta agus fiachas na hUngáire.
(18)1,1 % de OTI in 2021, 1,4 % de OTI in 2022 agus 1,9 % de OTI in 2023, ba é sin caiteachas cosanta an rialtais ghinearálta san Ungáir 17 . De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go gcaithfear 2,0 % de OTI in 2024 agus in 2025 ar an gcosaint. Comhfhreagraíonn sé sin do mhéadú 0,9 pointe céatadáin de OTI i gcomparáid le 2021. Le linn na tréimhse ina ngníomhachtófar an clásal éalaithe náisiúnta (2025-2028), beidh an Ungáir in ann tosaíocht a thabhairt an athuair do chaiteachas rialtais nó ioncam rialtais a mhéadú ionas nach gcuirfí an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma i ngeall ar chaiteachas níos airde go marthanach ar an gcosaint.
(19)De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go bhfásfaidh an glanchaiteachas san Ungáir faoi 6,1 % in 2025 agus gur fás carnach 8,6 % a bheidh ann in 2024 agus 2025. Ar bhonn Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go mbeidh glanfhás caiteachais na hUngáire in 2025 os cionn an uasráta fáis arna bhunú leis an gconair cheartaitheach, ráta a chomhfhreagraíonn do dhiall 18 0,7 % de OTI i dtéarmaí bliantúla. Agus 2024 agus 2025 á mbreithniú le chéile, réamh-mheastar go mbeidh ráta fáis carnach an ghlanchaiteachais faoi bhun an uasráta fáis a mholtar. Tá an diall réamh-mheasta laistigh de sholúbthacht an chlásail éalaithe náisiúnta bunaithe ar réamh-mheastacháin reatha maidir le caiteachas cosanta. Dá bhrí sin, tá an nós imeachta um easnamh iomarcach don Ungáir ar stad.
(20)Ina theannta sin, mhol an Chomhairle go ndéanfadh an Ungáir na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála a fhoirceannadh roimh shéasúr téimh 2024/2025. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún, cé go meastar gurb é 1,0 % de OTI a bhí i nglanchostas buiséadach 19 na mbeart tacaíochta éigeandála fuinnimh in 2024, réamh-mheastar go laghdóidh sé go 0,5 % in 2025. Go háirithe, fhóirdheontais do chuideachtaí fóntais as na caillteanais arna dtabhú mar gheall ar chaidhpeanna ar phraghsanna fuinnimh cónaithe, d’fhan siad i bhfeidhm. Níor foirceannadh na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála roimh shéasúr téimh 2024/2025. Níl sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle.
(21)Ní áirítear réamh-mheastacháin bhuiséadacha tar éis 2025 sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn. Ar bhonn bearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, réamh-mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún easnamh rialtais 4,7 % de OTI in 2026. Léiríonn an méadú beag ar an easnamh rialtais ghinearálta in 2026 den chuid is mó tionchar na ndíolúintí cánach níos airde do mháithreacha agus méaduithe pá agus bónais san earnáil phoiblí. Comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 6,0 % in 2026. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach, lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, réamh-mheastar go mbeidh staid fhioscach fhorleathnaitheach ann in 2026, mar atá 1,0 % de OTI. Is é réamh-mheastachán an Choimisiúin go dtiocfaidh laghdú go 74,3 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI faoi dheireadh 2026. Den chuid is mó léiríonn an laghdú ar an gcóimheas fiachais–OTI in 2026 fás ainmniúil OTI níos airde.
Príomhdhúshláin bheartais
(22)Déanann roinnt cleachtas saobhadh ar fheidhmiú an mhargaidh airgeadais agus mhiondíola, rud a d’fhéadfadh éifeachtacht an bheartais airgeadaíochta a theorannú freisin. Cé gur cuireadh deireadh de réir a chéile le huasteorainneacha ar rátaí taisce bainc agus iasachtaithe chorparáidigh in 2024, táthar ag súil go forleathan go n‑ísleoidh na bainc rátaí iasachta. Ina theannta sin, chun borradh a chur faoin éileamh intíre, tá úsáid fhorleathan á baint as iasachtaí fóirdheonaithe atá spriocdhírithe go forleathan ar theaghlaigh agus ar chorparáidí, chomh maith le rátaí morgáiste atá faoi rialú riaracháin. Tá cion na n‑iasachtaí fóirdheonaithe fós ard i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann roimh COVID-19, rud as a n‑eascraíonn leithdháileadh caipitil fo-optamach trí thionscadail a bhfuil torthaí ísle agus gnóthachain táirgiúlachta theoranta acu a mhaoiniú. Cé gur cuireadh deireadh de réir a chéile le caidhpeanna praghais ar tháirgí bia in 2024, in 2025, chuir an rialtas uasteorainn leis an difríocht idir an praghas ceannaigh miondíola agus praghas díola raon leathan táirgí bia.
(23)Tá teorainn le trédhearcacht beartais de bharr laigí i bpleanáil agus i gcur i bhfeidhm an bhuiséid agus chuir siad le claonadh forleathnaitheach an bheartais fhioscaigh san am a chuaigh thart. Le glacadh an-luath na mbuiséad bliantúil ó bhí 2016 ann, cé is moite d’eisceacht in 2024, laghdaíodh iontaofacht na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha. Le tabhairt isteach ‘staid chontúirte’, atá i bhfeidhm ó 2020 i leith, méadaíodh an discréid maidir leis na buiséid bhliantúla a chur chun feidhme. Níl staid fhioscach níos stuama mar thoradh ar chreat fioscach náisiúnta na hUngáire agus tá roinnt easnamh ann, amhail gnéithe comhthimthriallacha den riail fiachais agus forfheidhmiú lag na pleanála buiséadaí meántéarmacha. Le hathbhreithnithe rialta agus suntasacha ar spriocanna fioscacha, baineadh an bonn de ról an bhuiséid mar ancaire le haghaidh rannpháirtithe sa mhargadh agus caitheadh amhras ar inchreidteacht na bpleananna fioscacha meántéarmacha. Trí phleanáil fhioscach mheántéarmach a bhunú ar uasteorainneacha caiteachais ilbhliantúla, mar a leagtar amach i rialacha fioscacha athbhreithnithe an Aontais, chuideofaí le haghaidh a thabhairt ar chlaontacht fhorleathnaitheach an bheartais fhioscaigh. Tá sainordú agus acmhainneachtaí oibríochtúla Chomhairle Fhioscach na hUngáire fós teoranta. Lagaíonn na struchtúir nua bainistithe cistí poiblí amhail iontaobhais leasa phoiblí maoirseacht bhuiséadach toisc go ndealraíonn sé go n‑oibríonn siad gan sásraí rialaithe éifeachtacha.
(24)Tá sé beartaithe go gcuirfidh aosú an daonra leis na dúshláin fhadtéarmacha maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach san Ungáir. Meastar go dtiocfaidh laghdú ar an gcóimheas idir an daonra in aois oibre agus daoine atá 65 bliana d’aois nó níos sine ó 2,9 in 2023 go 1,8 faoi 2070. De thoradh air sin, tuartar go dtiocfaidh méadú suntasach ar an gcaiteachas ar phinsin, ó thart ar 7,7 % in 2022 go dtí os cionn 12 % de OTI in 2070. De réir anailís an Choimisiúin ar inbhuanaitheacht fiachais, tá rioscaí fioscacha ard sa mheántéarma agus meánach san fhadtéarma. Cruthaíonn dearadh chóras na bpinsean saincheisteanna cothromais, amhail caiteachas ar phinsin a mhéadú do dhaoine aonair ardioncaim agus bearnaí móra pinsin idir pinsinéirí ó chohóirt aoise éagsúla mar gheall ar íogaireacht mhodh ríofa na bpinsean i leith luaineachtaí sa mheánphá náisiúnta. D’fhan an pinsean íosta gan athrú ó bhí 2008 ann agus níl sé éifeachtach maidir le pinsin leordhóthanacha a áirithiú dóibh siúd a bhfuil briseadh sa stair fostaíochta agus meántuilleamh íseal acu le linn a ngairmréime.
(25)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Meastar go gcuideoidh siad sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Laistigh den tréimhse ghairid sin, tá sé ríthábhachtach cur chun feidhme éifeachtach an phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena n‑áirítear an chaibidil REPowerEU, a thabhairt chun críche chun borradh a chur faoi iomaíochas fadtéarmach na hUngáire leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus cothroime shóisialta á háirithiú san am céanna. Chun gealltanais an phlean téarnaimh agus athléimneachta a chomhlíonadh faoi mhí Lúnasa 2026, tá sé ríthábhachtach don Ungáir dlús práinneach a chur le cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ábhartha, ar an gcéad dul síos trí na bearta is gá a chur chun feidhme go pras chun cosaint éifeachtach leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú. Is príomhghnéithe i ndáil leis sin iad an creat frithéillithe a neartú agus iomaíocht sa soláthar poiblí a mhéadú agus tá siad ríthábhachtach freisin chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus chun iomaíochas a chothú. Tá rannpháirtíocht chórasach na n‑údarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, na sochaí sibhialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile ríthábhachtach i gcónaí i ndáil le húinéireacht leathan a áirithiú maidir le cur chun feidhme rathúil an phlean téarnaimh agus athléimneachta.
(26)San Ungáir, tá dlús curtha le cur chun feidhme chláir an bheartais chomhtháthaithe, lena gcuimsítear tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ón gCiste um Aistriú Cóir (CUAC), ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus ón gCiste Comhtháthaithe (CC). Tá sé tábhachtach leanúint de na hiarrachtaí chun cur chun feidhme tapa na gclár sin a áirithiú, agus a dtionchar ar an láthair á uasmhéadú ag an am céanna. Thairis sin, tá sé ríthábhachtach do chur chun feidhme rathúil chláir an bheartais chomhtháthaithe go réitíonn an Ungáir na saincheisteanna atá ar feitheamh maidir leis na coinníollacha cumasúcháin, lena n‑áirítear na saincheisteanna atá fós gan réiteach maidir le comhlíonadh na Cairte um Chearta Bunúsacha, agus maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Tá an Ungáir ag gníomhú cheana féin faoina cláir beartais chomhtháthaithe chun borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin bhfás. Ag an am céanna, tá dúshláin fós le sárú ag an Ungáir, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann le feabhas a chur ar an iomaíochas i gcomhthéacs an aistrithe thionsclaíoch, an nuálaíocht agus acmhainneachtaí digiteacha a neartú, dlús a chur leis an aistriú fuinnimh, rochtain ar thithíocht inacmhainne a fheabhsú, lena n‑áirítear tithíocht shóisialta, uas-sciliú agus lánpháirtiú grúpaí faoi mhíbhuntáiste i margadh an tsaothair, an bhochtaineacht agus an t‑eisiamh sóisialta a chomhrac, agus neamhionannais oideachais a chomhrac, agus athléimneacht uisce a mhéadú. I gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060, ceanglaítear ar an Ungáir – mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chistí an bheartais chomhtháthaithe – gach clár a athbhreithniú agus na dúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2024, i measc nithe eile, á gcur san áireamh. Leis na tograí ón gCoimisiún a glacadh an 1 Aibreán 2025 20 , cuirtear síneadh leis an spriocdháta chun measúnú a chur isteach – le haghaidh gach cláir – ar thoradh an athbhreithnithe mheántéarma tar éis an 31 Márta 2025. Cuirtear ar fáil leis freisin solúbthachtaí chun cuidiú le dlús a chur le cur chun feidhme clár agus dreasachtaí do na Ballstáit acmhainní an bheartais chomhtháthaithe a leithdháileadh ar chúig réimse tosaíochta straitéisí de chuid an Aontais, is iad sin iomaíochas i dteicneolaíochtaí straitéiseacha, cosaint, tithíocht, athléimneacht uisce agus aistriú fuinnimh.
(27)Deis atá san Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) infheistíocht a dhéanamh i gceann de phríomhthosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, is é sin iomaíochas an Aontais a neartú. Cuirtear STEP ar fáil trí 11 chiste AE atá ann cheana. Is féidir leis na Ballstáit rannchuidiú leis an gclár InvestEU freisin, clár a thacaíonn le hinfheistíochtaí sna réimsí tosaíochta. D’fhéadfadh an Ungáir na tionscnaimh sin a úsáid chun tacú le forbairt nó monarú teicneolaíochtaí criticiúla, teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní san áireamh.
(28)Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus i gcistí eile de chuid an Aontais, tá roinnt dúshláin bhreise roimh an Ungáir a bhaineann leis an timpeallacht ghnó, rochtain ar mhaoiniú, nuálaíocht, spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise, fóirdheontais breosla iontaise, cothromaíocht an líonra leictreachais, bainistiú uisce, oideachas, leibhéil scileanna agus lánpháirtiú grúpaí faoi mhíbhuntáiste i margadh an tsaothair, cúnamh sóisialta, idirphlé sóisialta agus tithíocht.
(29)Mar a leagtar amach sa Chompás Iomaíochais, ní mór do na hinstitiúidí Eorpacha, náisiúnta agus áitiúla uile iarracht mhór a dhéanamh rialacha níos simplí a chur ar fáil agus dlús a chur le luas na nósanna imeachta riaracháin. Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag an gCoimisiún chun an t‑ualach riaracháin a laghdú: 25 % ar a laghad, agus 35 % ar a laghad i gcás FBManna; agus tá uirlisí nua cruthaithe aige chun na spriocanna sin a bhaint amach, lena n‑áirítear tástáil struis chórasach ar stoc reachtaíocht an Aontais agus idirphlé feabhsaithe le páirtithe leasmhara. Chun teacht leis an uaillmhian sin, ní mór don Ungáir beart a dhéanamh freisin. Measann 49 % de ghnólachtaí gur fadhb í castacht na nósanna imeachta riaracháin dá gcuideachta agus iad i mbun gnó san Ungáir 21 . Tá an timpeallacht lag ghnó fós ina bacainn mhór ar an nuálaíocht. De réir táscairí iomaíochais, bhí an Ungáir i measc na dtíortha is measa feidhmíocht san Aontas in 2024. Tá ardleibhéal luaineachta rialála roimh ghnólachtaí, rud a fhágann go bhfuil sé deacair do ghnólachtaí pleanáil fhadtéarmach a dhéanamh. Ní théitear i gcomhairle leis an bpobal ná le páirtithe leasmhara maidir le dréachtdlíthe tábhachtacha, ós rud é gur minic a chuireann feisirí aonair seachas an rialtas síos iad sa pharlaimint, rud nach n‑éilíonn comhairliúchán poiblí. Leanann an rialtas d’fhoraitheanta éigeandála a úsáid go forleathan chun dlíthe a leasú le linn na ‘staide na contúirte’, a bhfuil síneadh leanúnach curtha leis le 5 bliana anuas ar chúiseanna éagsúla. Cuireann an córas éigeandála atá ann le fada teorainn leis an gcomhairliúchán poiblí agus fágann sé gur féidir athruithe tobanna beartais, go minic mór, a thabhairt isteach a d’fhéadfadh cur isteach ar ghnáthoibríochtaí gnó. Cuireann an easpa córa comhionainne do chuideachtaí teorainn leis an iomaíocht. Tá struchtúr an mhargaidh comhchruinnithe agus níl ach líon beag gnólachtaí san iomaíocht i margaí sonracha 22 . Cuirtear roinnt seirbhísí de chúram ar ghnólachtaí faoi úinéireacht stáit nó ar ghnólachtaí príobháideacha a oibríonn gan iomaíocht. Cuireann úsáid mhórscála creat-chomhaontuithe i nósanna imeachta soláthair phoiblí teorainn freisin leis an iomaíocht trí ghnólachtaí áirithe a ghaibhniú agus trí chabhrú leo ceannasacht sa mhargadh a fháil. Oibríonn an earnáil miondíola, go háirithe, i dtimpeallacht ghnó éagobhsaí. Déanann idirghabhálacha riaracháin difear do mhiondíoltóirí freisin, amhail caidhpeanna ar phraghsanna miondíola, teorainneacha ar chorrlaigh díolacháin, lascainí éigeantacha, toirmeasc ar tháirgí bia a dhíol 48 n‑uair an chloig roimh a ndáta éaga agus tuairisciú éigeantach praghsanna ar líne. Laghdaíonn bearta beartais agus cánacha arda iomaíochas miondíoltóirí. Leis an méadú atá ag teacht ar an úsáid a bhaintear as cánacha earnáilsonracha, déantar an córas cánach níos casta agus bíonn tionchar díréireach aige ar ghnólachtaí níos mó, ar gnólachtaí faoi úinéireacht eachtrach iad go minic. In 2023, b’ionann ioncam ó chánacha earnáilsonracha agus 2,7 % de OTI. Áirítear ar na hearnálacha is mó a ndéantar difear dóibh baincéireacht, fuinneamh, miondíol, ábhair thógála, árachas, teileachumarsáid agus fóntais. Tá an Stát gníomhach in idirbhearta gnó agus déanann sé gníomhaithe príobháideacha a bhrú amach trí cheannach roinnt cuideachtaí móra a bhfuil maoiniú fóirdheonaithe acu nó tríd an gceannach sin a éascú. Baineadh úsáid as idirghabhálacha stáit éagsúla chun iallach a chur ar úinéirí - ar úinéirí eachtracha iad den chuid is mó - a ngnólachtaí a dhíol, rud a éascaíonn seaimpíní náisiúnta poiblí nó rialtas-nasctha a chruthú. Cruthaíonn an méadú atá ag teacht ar líon na gcistí cothromais phríobháidigh dúshláin nua. Is iad daoine aonair a bhfuil naisc acu leis an rialtas a bhaineann úsáid as an struchtúr cuideachta sin, go háirithe, toisc go gcinntíonn sé anaithnideacht, cosúil le cuideachtaí easchósta. Tá méadú suntasach tagtha ar líon agus ar mhéid na gcistí cothromais phríobháidigh le blianta beaga anuas agus b’ionann iad agus níos mó ná 2,5 % de OTI in 2024. Níos mó agus níos mó cistí cothromais phríobháidigh, is infheisteoirí iad i gcuideachtaí a ghnóthaíonn soláthairtí poiblí agus a bhaineann amach lamháltais ardluacha, agus tá láithreacht láidir acu in idirbhearta gnó leis an Stát. Chuir an timpeallacht lag ghnó le creimeadh an iomaíochais agus cuireann sí bac ar infheistíochtaí, agus i ndeireadh na dála bíonn boilsciú níos airde agus téarnamh eacnamaíoch mall mar thoradh uirthi mar a léiríodh san ghrinn-athbhreithniú ar an Ungáir faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha.
(30)Margaí caipitil mar chainéil chun gnólachtaí nuathionscanta agus fiontair bheaga agus mheánmhéide atá an-nuálach a mhaoiniú, tá siad tearcfhorbartha san Ungáir. In 2023, b’ionann caipitliú an stocmhargaidh agus 17,6 % de OTI (meán an Aontais: 68 %). Chuir bearta beartais a rinneadh le déanaí bac breise ar fhorbairt margaí caipitil, amhail bannaí fadtéarmacha saor ó cháin d’infheisteoirí miondíola agus dreasachtaí cánach le haghaidh infheistíocht tithíochta.
(31)Níor tháinig ach méadú beag ar dhéine T & F le 10 mbliana anuas agus bhí sí fós i bhfad faoi bhun mheán an Aontais in 2023 (1.4 % i gcomparáid le 2.2 % de OTI). Tá caiteachas poiblí T & F, lena n‑áirítear in ollscoileanna, ar cheann de na cinn is ísle san Aontas, rud a chuireann bac ar bharr feabhais eolaíoch. Cuireann atheagrú leanúnach na n‑institiúidí taighde, chomh maith le sásraí meastóireachta inmheánacha doiléire, le dálaí oibre éiginnte do thaighdeoirí. Níl oifigí aistrithe teicneolaíochta leabaithe go leordhóthanach go fóill i gciorcail acadúla ná ní ghlacann siad leo, agus níl bealaí mac-chuideachta forbartha go maith go fóill. Tá an comhar idir an saol acadúil agus gnólachtaí teoranta go príomha do ghnólachtaí atá ann faoi láthair a bhfuil naisc acu le hollscoileanna. Níl ach líon beag cuideachtaí, cuideachtaí móra den chuid is mó, i mbun nuálaíochta agus baineann siad tairbhe as na fóirdheontais éagsúla mar gheall ar an ualach trom riaracháin agus ní i gcónaí a bhíonn rialacha incháilitheachta soiléire maidir le caiteachas nuálaíochta i bhfeidhm.
(32)Tá an Ungáir fós ag brath go mór ar an Rúis le haghaidh breoslaí iontaise. In 2024, ba de thionscnamh na Rúise níos mó ná 70 % den ghás nádúrtha agus níos mó ná 80 % den amhola a ídíodh. Tá iarrachtaí na hUngáire imeacht ó spleáchas na Rúise mall.
(33)Tá fóirdheontais breosla iontaise ábhartha nach beag ag an Ungáir nach bhfuil sé beartaithe deireadh a chur leo de réir a chéile roimh 2030. Go háirithe, maidir le fóirdheontais breosla iontaise nach dtugann aghaidh ar bhochtaineacht fuinnimh ar bhealach spriocdhírithe ná ar fhíorábhair imní maidir le slándáil fuinnimh, a chuireann bac ar leictriú agus nach bhfuil ríthábhachtach don iomaíochas tionsclaíoch, d’fhéadfaí iad a mheas mar thosaíocht deireadh a chur leo de réir a chéile. San Ungáir, fóirdheontais breosla iontaise, amhail an clár laghdaithe costas fóntais, laghdú cánach breisluacha le haghaidh téamh ceantair a úsáideann gás nádúrtha, agus aisíocaíochtaí cánach máil ar úsáid talmhaíochta díosail, tá siad neamhéifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de, buanaíonn siad spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus ní spreagann siad leictriú san earnáil chónaithe. Tá laghdú agus céimniú amach na bhfóirdheontas sin i gcomhréir le gealltanais an Aontais agus is féidir leo cabhrú leis an Ungáir caiteachas rialtais a rialú.
(34)Gan níos mó solúbthachta córais, ní laghdaíonn cur in úsáid tapa foinsí in-athnuaite fuinnimh spleáchas ar allmhairí leictreachais agus mar thoradh air sin tá an-luaineacht sa phraghas mórdhíola leictreachais le linn laethanta aonair. Tá rochtain theoranta ag tomhaltóirí teaghlaigh ar phraghsáil dhinimiciúil, agus tá rolladh amach méadar cliste íseal (faoi bhun 10 %), rud a chuireann bac ar sholúbthacht freisin. Cuireann trádáil theoranta trasteorann cosc ar an Ungáir leas iomlán a bhaint as an margadh aonair trí ligean don leictreachais dul chuig an áit ina bhfuil an t‑éileamh níos airde. Ina theannta sin, bíonn costais níos airde ann mar thoradh ar iomaíocht íseal i margadh cothromúcháin na hUngáire. Tá an praghas fuinnimh do ghnólachtaí san Ungáir ar cheann de na praghsanna is airde san Aontas. Tháinig laghdú ar allmhairí fuinnimh in 2024 ach tá siad fós suntasach, rud a fhágann go bhfuil an comhardú seachtrach i mbaol méaduithe ar phraghsanna fuinnimh, rud ar dúshlán é a sainaithníodh faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha.
(35)Tá tionchar níos mó ag rioscaí aeráide ar an Ungáir, a léirítear leis na triomaigh a bhí aici in 2022, go háirithe, ach in 2024 freisin, as ar eascair caillteanais shuntasacha in earnáil na talmhaíochta. Baineann acmhainneachtaí riaracháin laga agus bonneagar glas neamhleor an bonn d’athléimneacht fhoriomlán uisce na hUngáire, agus go háirithe a hacmhainneacht nádúrtha coinneála uisce. Thairis sin, tá cáilíocht an uisce go dona mar gheall ar thruailliú ón talmhaíocht, ón tionsclaíocht agus ó lonnaíochtaí daonna, agus níl stádas maith éiceolaíoch ach ag 11,3 % d’uiscí dromchla (meán an Aontais: 37,3 %). Tá an dul chun cinn atá déanta ag an Ungáir maidir le glacadh leis an ngeilleagar ciorclach mall, agus ní leor an bhéim a chuirtear ar athúsáid, deisiú agus athchúrsáil. De réir shonraí 2023, tá táirgiúlacht acmhainní na hUngáire de EUR 1,33/kg agus ráta úsáide ciorclaí 5,9 % go mór faoi bhun mheán an Aontais (EUR 2,74/kg agus 11,8 %) agus ní féidir aon chóineasú a thabhairt faoi deara. Is ann do rátaí athchúrsála réasúnta íseal agus róspleáchas ar líonadh talún de thoradh ar leithdháileadh acmhainní gann agus acmhainneachtaí cóireála neamhleora in earnáil an bhainistithe dramhaíola.
(36)Tá acmhainneacht iomaíochais agus nuálaíochta na hUngáire teoranta mar gheall ar bhunscileanna laga i measc mic léinn faoi mhíbhuntáiste agus i measc mic léinn gairmoideachais agus gairmoiliúna, leibhéal íseal oideachais threasaigh, agus uas-sciliú agus athsciliú teoranta do ghrúpaí leochaileacha. Fágann neamhionannais láidre san oideachas, a dhéanann difear go háirithe do na Romaigh, duine as gach beirt daltaí faoi mhíbhuntáiste a bhfuil bunscileanna ísle acu. Léirítear i suirbhé PISA 2022 ceann de na bearnaí is mó sa mheánfheidhmíocht mhatamaitice idir cláir ghinearálta agus cláir ghairme san Aontas, mar gheall ar éagothromaíochtaí socheacnamaíocha den chuid is mó. Tá méadú ag teacht ar rannpháirtíocht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, ach níl an córas fós tréscaoilteach go leor 23 agus ní chuireann na cláir ghairmoideachais agus ghairmoiliúna 3 bliana — lena n‑ábhar oideachais ghinearálta laghdaithe — rochtain dhíreach ar chonairí oideachais ar fáil as a dtagann leibhéil cháilíochta níos airde. Is ábhar mór imní iad ganntanais múinteoirí i gcomhthéacs lucht saothair atá ag dul in aois, go háirithe sna réigiúin is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus sna ceantair thuaithe. In 2024, thosaigh an Ungáir ar athchóiriú mór a chur chun feidhme ar thuarastail múinteoirí, arna chómhaoiniú ag CSE+. Ina theannta sin, d’fhéadfadh neamhspleáchas méadaithe múinteoirí agus córas measúnaithe múinteoirí lena dtugtar aitheantas do chuir chuige oideolaíocha nuálacha agus cuimsitheacha, cuidiú le hiarrthóirí ardchumasacha a mhealladh agus múinteoirí óga a choinneáil sa ghairm. D’ainneoin éileamh méadaitheach ar lucht saothair ardoilte, tá gnóthachtáil oideachais threasaigh fós ar cheann de na leibhéil is ísle san Aontas. Tá sé sin nasctha le sciartha ísle céimithe eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice, rud a laghdaíonn a thuilleadh cumas na hUngáire infheistíocht a mhealladh in earnálacha ardteicneolaíochta.
(37)Tá an meánráta fostaíochta ard, ach tá bacainní fós roimh roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine a bhfuil leibhéal íseal gnóthachtála oideachais acu, daoine faoi mhíchumas agus Romaigh, maidir le rochtain a fháil ar dheiseanna uas-scilithe agus athscilithe agus maidir le dul i mbun fostaíochta cobhsaí. Tá sé sin fós ina chúltaisce oibrithe nár baineadh leas as go fóill, agus tá an Ungáir ag brath freisin ar oibrithe eachtracha. Tá deiseanna éifeachtacha athscilithe agus uas-scilithe, agus seirbhísí tacaíochta saincheaptha iomchuí — lena n‑áirítear forbairt scileanna idirdhisciplíneacha, tacaíocht sláinte agus shíceolaíoch agus tacaíocht cuardaithe poist — in easnamh do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste. Leis an leasú a rinneadh le déanaí ar an gcreat dlíthiúil lena rialaítear an tseirbhís phoiblí fostaíochta, is féidir oiliúint a chur ar fáil, agus tá deis ann feabhas a chur ar acmhainneachtaí na seirbhísí poiblí fostaíochta ina leith sin. Tá meánfhad na dífhostaíochta os cionn 12 mhí. Cuireann an sochar dífhostaíochta trí mhí teorainn leis an am chun uas-sciliú nó fostaíocht oiriúnach a aimsiú agus méadaíonn sé rioscaí maidir le poist ar cháilíocht íseal, dífhostaíocht fhadtéarmach agus bochtaineacht.
(38)Tá an t‑idirphlé sóisialta idir fostóirí agus ceardchumainn fós lag, go háirithe san earnáil phoiblí. Cé go bhfuair fóram trípháirteach na hearnála príobháidí creat dlíthiúil le haghaidh caibidlíocht maidir le pá íosta in 2024, glacadh mórbheartais eacnamaíocha a moladh in 2024 agus 2025 gan dul i gcomhairle le fostóirí agus ceardchumainn ábhartha. Tá laghdú tagtha de réir a chéile ar chearta oibrithe san earnáil phoiblí. I gcás fostaithe poiblí áirithe, cruthaíodh stádas fostaíochta ar leith, rud a lagaíonn a gcumas a leasanna a chosaint i dteannta a chéile.
(39)Tá méadú ag teacht ar an eisiamh sóisialta agus ar an mbochtaineacht, go háirithe i measc leanaí, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas. Tá méadú suntasach tagtha ar neamhionannas saibhris agus tá sé ar na rátaí is airde san Aontas. Tá an córas cánach i bhfabhar teaghlaigh ardioncaim, agus cuirtear an chuid is mó den tacaíocht shóisialta ar fáil trí chreidmheasanna cánach. Tá leordhóthanacht an ioncaim íosta, go háirithe leordhóthanacht an tsochair athsholáthair fostaíochta (FHT), ar cheann de na cinn is ísle san Aontas. Tháinig laghdú breise ar thionchar na sochar sóisialta in 2023 i dtéarmaí an bhochtaineacht a laghdú (go háirithe i gcás leanaí) agus d’fhan sé íseal ó thaobh neamhionannas ioncaim a laghdú. Is céim mhór chun cinn é clár arna mhaoiniú ag an Aontas a thacaíonn le tithíocht, seirbhísí sóisialta agus oideachas sna 300 bardas is mó atá faoi mhíbhuntáiste, ach tá gá le bearta níos spriocdhírithe chun rochtain ar sheirbhísí príomhshrutha sóisialta agus bunúsacha a fheabhsú. Tá dáileadh míchothrom geografach dochtúirí ina bhacainn mhór ar rochtain a fháil ar chúram i réigiúin fhorimeallacha na tíre. Tá bearta beartais chun aghaidh a thabhairt ar chaiteachas íseal ar chúram sláinte agus ar ghanntanais leanúnacha gairmithe sláinte teoranta i gcónaí. Tá an t‑ionchas saoil tráth breithe ar cheann de na cinn is ísle san Aontas. Trí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, thacófaí freisin leis an gcóineasú sóisialta aníos, i gcomhréir le hanailís tíre dara céim de sheirbhísí an Choimisiúin i gcomhréir leis an gCreat maidir le Cóineasú Sóisialta 24 .
(40)Bíonn tionchar diúltach ag costais tithíochta, ar tháinig méadú 230 % orthu idir 2010 agus 2024, ar chaighdeáin mhaireachtála, go háirithe i measc daoine atá ag maireachtáil faoi bhun thairseach na bochtaineachta. Tá an stoc tithíochta sóisialta beag agus ag laghdú, agus tá rochtain theoranta ag teaghlaigh ar ioncam íseal ar thacaíocht tithíochta in éagmais tacaíocht beartais tithíochta rialtais atá níos soiléire agus níos spriocdhírithe. Chuir fóirdheontais tithíochta fhlaithiúla agus neamh-spriocdhírithe agus soláthar tithíochta srianta le méaduithe ar phraghsanna tithe.
(41)I bhfianaise ghrinn-athbhreithniú an Choimisiúin agus a chonclúide maidir le míchothromaíochtaí a bheith ann, léirítear moltaí faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 i moltaí (1), (2), (3), (4) agus (6). Cuidíonn beartais dá dtagraítear i moltaí (1), (2), (4) agus (6) le haghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann le riachtanais mhaoinithe sheachtracha agus rialtais. Cuidíonn beartais dá dtagraítear i moladh (3) le haghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann le hiomaíochas costais agus brúnna praghsanna,.
AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an Ungáir in 2025 agus in 2026 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
1.Caiteachas agus ullmhacht fhoriomlán i réimse na cosanta a threisiú i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 6 Márta 2025. Cloí le huasrátaí fáis an ghlanchaiteachais a mhol an Chomhairle an 18 Feabhra 2025, d’fhonn deireadh a chur le heasnamh iomarcach, agus úsáid á baint as an liúntas faoin gclásal éalaithe náisiúnta le haghaidh caiteachas cosanta níos airde. Na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála a fhoirceannadh. Comhordú éifeachtach agus críochú soiléir na mbeartas maicreacnamaíocha a shaothrú chun inbhuanaitheacht fhioscach agus sheachtrach a áirithiú. Deireadh a chur de réir a chéile le caidhpeanna ar phraghsanna agus ar rátaí úis, agus bearta coibhéiseacha, atá ann go fóill chun éifeachtaí saofa a laghdú agus chun tarchur rianúil an bheartais airgeadaíochta a éascú. An creat buiséadach meántéarmach a neartú, ullmhú na mbuiséad bliantúil a ailíniú leis an mbliain bhuiséadach, agus lánrogha a theorannú i gcur chun feidhme na mbuiséad bliantúil. Inbhuanaitheacht fhadtéarmach chóras na bpinsean a fheabhsú, agus leordhóthanacht á caomhnú an tráth céanna go háirithe trí aghaidh a thabhairt ar neamhionannais ioncaim.
2.I bhfianaise na sprioc-amanna is infheidhme chun athchóirithe agus infheistíochtaí a thabhairt chun críche go tráthúil faoi Rialachán (AE) 2021/241, dlús a chur ar bhonn práinne le cur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena n‑áirítear an chaibidil REPowerEU, agus na bearta is gá a chur chun feidhme go pras chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú. Dlús a chur le cur chun feidhme chláir an bheartais comhtháthaithe (CFRE, CUAC, CSE+, CC), agus, i gcás inarb iomchuí, na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an athbhreithniú meántéarma a thapú agus dul chun cinn a dhéanamh dá réir. An úsáid is fearr is féidir a bhaint as ionstraimí an Aontais, na deiseanna a chuirtear ar fáil le InvestEU agus leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip san áireamh, chun cur leis an iomaíochas.
3.Feabhas a chur ar an gcreat rialála agus feabhas a chur ar an iomaíocht i margaí táirgí agus i seirbhísí, go háirithe sa mhiondíol, trí idirghabhálacha riaracháin treallacha, reachtaíocht shaincheaptha lena soláthraítear buntáiste nó míbhuntáiste míchuí do chuideachtaí sonracha agus idirbhearta a fhaigheann tacaíocht ón Stát agus a shaobhann an margadh a sheachaint, agus trí úsáid beart éigeandála a laghdú go dtí an méid a bhfuil fíorghá leis, i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh aonair agus an smachta reachta. Forbairt margaí caipitil a spreagadh trí dhreasachtaí cánach agus rialála a mhéadú. An creat nuálaíochta don earnáil phoiblí agus do ghnólachtaí a neartú trí intuarthacht an chaiteachais phoiblí ar T&F a fheabhsú agus trí na bearta atá ann cheana a dhíriú ar FBManna ar bhealach níos fearr.
4.Dlús a chur le héagsúlú an tsoláthair breosla iontaise chun deireadh a chur leis an spleáchas ar fhoinsí Rúiseacha de réir a chéile agus bearta nithiúla a dhéanamh chun deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breosla iontaise, go háirithe iad siúd a bhaineann le dleachtanna máil ar dhíosal agus iad siúd a chuireann bac ar leictriú san earnáil chónaithe. Solúbthacht agus iomaíocht in earnáil an leictreachais a fheabhsú, tríd an margadh cothromúcháin a neartú agus trí bhorradh a chur faoi thrádáil leictreachais trasteorann. Feabhas a chur ar athléimneacht uisce trí choinneáil nádúrtha uisce agus acmhainneachtaí riaracháin neartaithe, agus ciorclaíocht a fheabhsú, go háirithe trí acmhainneachtaí cóireála dramhaíola a neartú.
5.Feabhas a chur ar thorthaí oideachais agus ar an ráta gnóthachtála threasaí, agus rannpháirtíocht grúpaí faoi mhíbhuntáiste a mhéadú, go háirithe na Romaigh, in oideachas príomhshrutha ar ardchaighdeán trí tharraingteacht ghairm na múinteoireachta agus sciar na ndaltaí a fhaigheann cáilíocht meánscoile uachtaraí lena dtugtar rochtain ar oideachas treasach a mhéadú a thuilleadh.
6.Rochtain ar bhearta gníomhacha éifeachtacha maidir leis an margadh saothair a mhéadú, go háirithe trí dheiseanna uas-scilithe agus athscilithe a chur ar fáil do na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste, agus idirphlé sóisialta éifeachtach a áirithiú. Feabhas a chur ar leordhóthanacht an chúnaimh shóisialta agus na sochar dífhostaíochta, agus rochtain ar sheirbhísí riachtanacha a áirithiú do chách. Bearta tacaíochta san earnáil tithíochta a dhíriú ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus an soláthar tithíochta a mhéadú, lena n‑áirítear le haghaidh tithíocht shóisialta.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán