Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0110

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN Faireachán ar chur chun feidhme Threoir 2003/87/CE i ndáil le muiriompar

COM/2025/110 final

An Bhruiséil,18.3.2025

COM(2025) 110 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN

Faireachán ar chur chun feidhme Threoir 2003/87/CE i ndáil le muiriompar


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN

Faireachán ar chur chun feidhme Threoir 2003/87/CE i ndáil le muiriompar

1.Réamhrá

Tháinig leathnú Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE) chuig an muiriompar i bhfeidhm i mí Eanáir 2024, rud atá ina gharsprioc mhór in iarrachtaí an Aontais astaíochtaí gás ceaptha teasa ón loingseoireacht a laghdú.

Leis an leathnú sin, cuirtear oibleagáidí nua ar chuideachtaí loingseoireachta. Gach bliain, ní mór dóibh lamháltais astaíochtaí a cheannach agus a thabhairt suas chun an méid astaíochtaí gás ceaptha teasa a scaoiltear isteach san atmaisféar a chumhdach, rud atá nasctha lena ngníomhaíochtaí faoi raon feidhme CTA.

Tá mórbhuntáistí comhshaoil ag baint leis sin freisin. Go deimhin, trí uasteorainn a chur le méid na ngás ceaptha teasa is féidir a astú faoin gcóras, áirithítear le CTA AE 1   go rannchuidíonn gach earnáil a chumhdaítear faoina raon feidhme, lena n-áirítear muiriompar, le cuspóirí aeráide an Aontais agus le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Laghdaíonn sé freisin an difríocht praghais idir breoslaí malartacha agus breoslaí traidisiúnta. Ina theannta sin, is cumasóir tábhachtach é an t‑ioncam a ghintear trí lamháltais an Aontais a dhíol chun nuálaíocht agus an t‑aistriú chuig teicneolaíochtaí níos glaine a spreagadh.

Ós rud é gurb é seo an chéad uair a cuireadh córas den sórt sin i bhfeidhm in earnáil na loingseoireachta, tá sé fíor-riachtanach faireachán cúramach a dhéanamh ar a chur chun feidhme agus ar a éifeachtacht chun a áirithiú go mbainfidh sé a chuspóirí amach, agus rioscaí eacnamaíocha, comhshaoil agus oibríochtúla neamhbheartaithe á seachaint san am céanna. Is é sin an fáth a gceanglaítear leis an Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme leathnú CTA chuig an muiriompar agus a thorthaí a thuairisciú gach 2 bhliain.

Ceann de chuspóirí an chlásail faireacháin seo is ea athruithe a d’fhéadfadh teacht ar iompraíochtaí cuideachtaí loingseoireachta a bhrath go luath, go háirithe na cinn atá ag iarraidh ceanglais na Treorach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí a sheachaint. Más iomchuí, ceanglaítear leis Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí ar an gCoimisiún bearta a mholadh chun cur chun feidhme éifeachtach CTA sa loingseoireacht a áirithiú, go háirithe bearta chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachanta a d’fhéadfadh a bheith ann.

Ina theannta sin, cumhdaítear leis an gclásal faireacháin tionchair eile a d’fhéadfadh a bheith ag leathnú CTA AE chuig an muiriompar, amhail méaduithe a d’fhéadfadh a bheith ar chostais iompair, impleachtaí ó thaobh iomaíochais de nó tionchair ar na seirbhísí loingseoireachta sin atá ina seirbhísí fíor-riachtanacha maidir le leanúnachas críche, lena n-áirítear aird a thabhairt ar na réigiúin is forimeallaí san Aontas, arb iad na codanna is iargúlta den Aontas iad.

Déantar cur síos sa tuarascáil seo ar an obair a rinneadh go dtí seo chun faireachán a dhéanamh ar na tionchair a bhaineann le CTA AE a leathnú chuig an muiriompar, agus béim á leagan ar na hiompraíochtaí seachanta a d’fhéadfadh a bheith ann. Tógann an anailís a chuirtear i láthair sa tuarascáil seo ar staidéar a rinne cuibhreannas conraitheoirí. 2

2.CTA a chur chun feidhme maidir le muiriompar

2.1. An staid reatha ó thaobh cur chun feidhme de

Bosca téacs 1: Feidhmiú CTA AE le haghaidh muiriompair

Tháinig leathnú CTA AE chuig an muiriompar i bhfeidhm i mí Eanáir 2024. Tá feidhm aige, ó 2024, maidir le soithí a bhfuil olltonnáiste os cionn 5 000 acu a iompraíonn lasta agus paisinéirí chun críoch tráchtála, agus ó 2027 ar aghaidh, maidir le longa amach ón gcósta a bhfuil olltonnáiste os cionn 5 000 acu freisin. Leanann cuimsiú an mhuiriompair in CTA AE céim idirthréimhseach, ina bhfuil, le linn an chéad 2 bhliain, lamháltais astaíochtaí le tabhairt suas le haghaidh cuid de na hastaíochtaí fíoraithe (tá 40 % de na hastaíochtaí fíoraithe le cumhdach in 2024, 70 % in 2025, agus 100 % ó 2026 ar aghaidh).

Ó 2026 ar aghaidh, cumhdóidh CTA AE le haghaidh muiriompair gáis ceaptha teasa eile thar CO2 freisin, is iad sin, meatán (CH4) agus ocsaíd nítriúil (N2O). Áirítear le raon feidhme geografach CTA AE le haghaidh astaíochtaí muirí 100 % d’astaíochtaí ó mhuiraistir idir calafoirt an Aontais agus laistigh de chalafoirt an Aontais, agus 50 % d’astaíochtaí ó mhuiraistir idir calafort an Aontais agus calafort lasmuigh de dhlínse an Aontais, lena gceadaítear do thríú tíortha cinneadh a dhéanamh conas aghaidh a thabhairt ar an 50 % eile in éagmais aon bheart praghsála coibhéiseach ar an leibhéal domhanda.

Cuireann an córas le ceanglais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe Rialachán MRV an Aontais, 3 a tugadh isteach den chéad uair in 2018. In 2023, thuairiscigh beagnach 12 000 soitheach a bhfuil olltonnáiste os cionn 5 000 acu a n-astaíochtaí fíoraithe faoi chóras THETIS‑MRV 4 , agus 127 milliún tona CO2 a bhí iontu.

Agus an tuarascáil seo á scríobh, tá dul chun cinn nach beag déanta maidir le cur chun feidhme CTA AE, agus comharthaí misnigh ann maidir le comhlíonadh foriomlán. Tugtar le fios san aiseolas a fuarthas ó chuideachtaí loingseoireachta, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, go bhfuil siad toilteanach i bhfírinne oibleagáidí dlíthiúla CTA a chur chun feidhme go tráthúil. Go dtí seo, chláraigh níos mó ná 5 000 cuideachta loingseoireachta in THETIS‑MRV (cuntais le longa gníomhacha), agus chuir níos mó ná 15 000 long a bpleananna faireacháin measúnaithe faoi bhráid a n-údarás riaracháin freagrach.

Is toradh iad na comharthaí comhlíontachta dearfacha sin go háirithe ar roinnt gníomhaíochtaí for-rochtana a rinneadh ó bhí deireadh 2023 ann, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) agus d’fhonn ullmhacht na bpáirtithe leasmhara a threisiú. Eagraíodh cúig sheimineár gréasáin idir mí na Nollag 2023 agus mí an Mhárta 2024 chun rialacha CTA AE agus na huirlisí TF a mhíniú do chuideachtaí loingseoireachta, le leibhéal ard rannpháirtíochta (thart ar 500-700 freastalaí ag gach seimineár gréasáin). Tá siad sin fós ar fáil ar líne 5 . Ina theannta sin, d’fhoilsigh an Coimisiún níos mó ná 100 ceist coitianta 6 chun soiléireacht a sholáthar maidir le ceanglais CTA AE agus d’fhreagair deasc chabhrach thiomnaithe (arna comhbhainistiú le EMSA) níos mó ná 1 400 ceist laistigh de bhliain.

Thairis sin, foilsíodh dhá threoirdhoiciméad i mí Iúil 2024. Is doiciméad fairsing í an chéad treoir ina mínítear na ceanglais MRV agus CTA do chuideachtaí loingseoireachta. 7 Is treoir é an dara ceann maidir leis an bpróiseas chun pleananna faireacháin a fhormheas ag údaráis riaracháin 8 . Tá an tríú treoirdhoiciméad faoi ghníomhaíochtaí fíorúcháin agus creidiúnaithe á thabhairt chun críche freisin.

2.2. Na príomhrioscaí agus na príomhábhair imní a bhaineann le leathnú CTA chuig astaíochtaí muiriompair

Ós rud é go bhfuil gníomhairí tráchtála in iomaíocht i margadh domhanda, meastar go nglacfaidh cuideachtaí loingseoireachta bearta chun a n-iomaíochas a mhéadú agus a gcostais a íoslaghdú, lena n-áirítear costais chomhlíontachta CTA. Chun é sin a bhaint amach, d’fhéadfadh cuideachtaí smaoineamh de ghnáth ar réitigh oibríochtúla a chur chun feidhme chun a n-astaíochtaí GCT a laghdú, amhail galú mall, optamú bealaí, nó breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid nó infheistíocht a dhéanamh i longa níos glaine agus in iarfheistithe atá tíosach ar fhuinneamh (e.g. tiomáint ghaothchuidithe, dearadh cabhlach feabhsaithe, etc.). Mar sin féin, féadfaidh cuideachtaí breithniú a dhéanamh freisin ar chleachtais a chur chun feidhme a d’fhéadfaí a mheas mar iompraíochtaí seachanta. Is féidir iompraíochtaí seachanta a shainmhíniú sa chiall is leithne mar choigeartuithe oibríochtúla a théann timpeall ar rialacha CTA agus a laghdaíonn méid na n-astaíochtaí GCT atá le tuairisciú faoi raon feidhme CTA, gan bearta maolaithe GCT a chur chun feidhme go hiarbhír amhail feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh nó breoslaí malartacha/longa níos glaine a úsáid.

Tá fadhbanna ag baint le hiompraíochtaí seachanta ag cuideachtaí loingseoireachta ar thrí bhealach. Ar an gcéad dul síos, is féidir leo sláine comhshaoil chóras CTA AE a chur i mbaol, ós rud é go dtabharfaidh cuideachtaí loingseoireachta atá ag gabháil d’iompraíochtaí seachanta níos lú lamháltas CTA suas, gan a n-astaíochtaí a laghdú i ndáiríre. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh astaíochtaí GCT méadaithe le haghaidh gníomhaíocht iompair choibhéiseach a bheith mar thoradh ar shásraí seachanta fiú (e.g. má mhéadaíonn siad achair seoltóireachta chun cuairt bhreise ar chalafort a áireamh nó cuid den oibríocht a aistriú chuig modhanna iompair eile a bhfuil astaíochtaí níos airde acu). Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh roinnt iompraíochtaí seachanta trácht agus nascacht mhoil trasloingsithe coimeádán an Aontais a laghdú agus d’fhéadfadh impleachtaí diúltacha maicreacnamaíocha níos leithne a bheith mar thoradh orthu. Is féidir le caillteanas nascachta mar thoradh ar iompraíochtaí seachanta dochar a dhéanamh do ghnólachtaí (e.g. rochtain laghdaithe, nó rochtain níos costasaí ar mhargaí tábhachtacha thar lear, níos lú deiseanna chun lasta a chur ar aghaidh chuig calafoirt eile). Ar an tríú dul síos, d’fhéadfadh ioncam laghdaithe CTA a bheith mar thoradh ar shásraí seachanta, rud a d’fhéadfadh níos lú airgid a chur ar fáil chun tacú le dícharbónú na hearnála muiriompair nó leis na cuspóirí aeráide níos leithne.

D’fhéadfadh iompraíochtaí seachanta a bheith tarraingteach do chuideachtaí loingseoireachta i gcás inar mó na costais chomhlíontachta (íocaíochtaí CTA sa chás seo) ná na costais seachanta (costais bhreise a bhaineann leis an iompraíocht seachanta, lena n-áirítear costais oibriúcháin soithí agus costais chalafoirt). Braitheann sé freisin ar chumas cuideachtaí loingseoireachta a gcostas comhlíontachta CTA a chur ar aghaidh chuig a dtomhaltóirí deiridh. De bhreis ar bhreithnithe eacnamaíocha den sórt sin, breithneoidh cuideachtaí loingseoireachta tosca tábhachtacha eile freisin amhail tionchair a d’fhéadfadh a bheith ar a seirbhísí (e.g. am diallta, am feithimh), a indéanta atá sé iompraíochtaí seachanta a chur chun feidhme (e.g. inrochtaineacht calafort neamh‑AE, infhaighteacht beart, nascacht nó comhoiriúnacht lena mbeartais líonra agus infheistíochta) nó rioscaí sonracha eile (e.g. breithnithe maidir le clú, rioscaí slándála, cur isteach a d’fhéadfadh a bheith ar shlabhraí soláthair, geopholaitíocht agus patrúin trádála dhomhanda).

Chun rioscaí seachanta a mhaolú, áirítear sa Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí sainmhíniú dian ar ‘chalafort cuarda’ (i.e. an oibleagáid lasta agus paisinéirí a luchtú/díluchtú nó a bhordáil/a dhíbhordáil), rud a chuireann cosc ar chuideachtaí cuairteanna bréagacha a thabhairt ar chalafoirt chun críoch sheachaint CTA. Ina theannta sin, eisiatar ‘calafoirt trasloingsithe coimeádán chomharsanacha’ 9 ón sainmhíniú ar ‘chalafort cuarda’ leis an Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí. Ciallaíonn sé sin nach féidir stadanna ag na calafoirt neamh‑AE sin a mheas faoin Treoir mar thús nó mar dheireadh muiraistir, rud a laghdaíonn an dreasacht chun stopadh ag na moil sin nach bhfuil san Aontas roimh dhul isteach i gcalafoirt an Aontais nó ina dhiaidh. Bunaithe ar na critéir a leagtar amach sa Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, tá calafoirt trasloingsithe coimeádán chomharsanacha den sórt sin sainaitheanta ag an gCoimisiún cheana féin 10 agus déanfar an obair sin a thabhairt cothrom le dáta gach 2 bhliain. Faoi láthair, cuimsítear leis na calafoirt trasloingsithe coimeádán chomharsanacha calafoirt East Port Said na hÉigipte agus Tanger Med Mharacó, ina ndéantar thart ar 70 % de na gníomhaíochtaí trasloingsithe a tharlaíonn i dtíortha Meánmhara nach tíortha den Aontas Eorpach iad. Mar a luaitear thuas, tugtar aghaidh sa Treoir freisin ar an riosca seachanta trí na ceanglais faireacháin agus trí thuarascálacha débhliantúla.

Chomh maith leis an riosca seachanta, is ábhar imní eile é an riosca go mbeidh costais mhéadaithe loingseoireachta ann do sheoltóirí agus do thomhaltóirí toisc gur dócha go gcuirfidh cuideachtaí loingseoireachta, go páirteach ar a laghad, costais chomhlíontachta CTA ar aghaidh chuig an bpraghas deiridh iompair. I bhfianaise a thábhachtaí atá an muiriompar mar chnámh droma na trádála domhanda ach freisin do nascacht roinnt oileán nó críoch iargúlta eile, go háirithe na réigiúin is forimeallaí san Aontas, d’fhéadfadh tionchair neamhbheartaithe a bheith mar thoradh ar mhéadú den sórt sin ar chostais iompair.

Tá bearta sonracha sa Treoir cheana féin chun na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ar nascacht réigiún iargúlta a mhaolú trí mhuiraistir shonracha a dhíolmhú go dtí 2030, lena n-áirítear:

·Muiraistir idir calafort sna réigiúin is forimeallaí agus calafort laistigh den Bhallstát céanna;

·Muiraistir áirithe a dhéanann longa paisinéirí idir Ballstát nach bhfuil aon nasc talún aige agus Ballstát eile is gaire i gcomhthéacs conartha/oibleagáide seirbhíse poiblí trasnáisiúnta 11 ;

·Muiraistir áirithe a dhéanann longa paisinéirí idir calafoirt in oileáin na mBallstát (nach bhfuil aon nasc bóthair ná iarnróid acu leis an mórthír) a bhfuil níos lú ná 200 000 buanchónaitheoir iontu 12 agus calafoirt eile laistigh den Bhallstát céanna.

2.3. An méid a bhfuil faireachán á dhéanamh air

De réir cheanglais faireacháin Airteagal 3gg(3) den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, rinneadh anailís ar na hiompraíochtaí seachanta agus ar na tionchair níos leithne seo a leanas (Tábla 1).

Tábla 1: Iompraíochtaí seachanta agus tionchair níos leithne a ndéantar faireachán orthu

Tionchar

Tuairisc

iompraíochtaí seachanta a d’fhéadfadh a bheith ann

Gníomhaíochtaí trasloingsithe a athlonnú

Is éard atá i gceist le trasloingsiú coimeádán coimeádáin a dhíluchtú ó shoitheach amháin ag calafort agus ansin iad a luchtú ar longa coimeádán eile lena seachadadh ar aghaidh chuig ceann scríbe, ar ceann scríbe é a d’fhéadfadh a bheith réasúnta gar (‘trasloingsiú friothála’) nó a bhféadfadh muiraistir níos faide a bheith i gceist leis (‘trasloingsiú athsheachadta’). Is gníomhaíocht é trasloingsiú coimeádán a bhfuil fás mór tagtha air le blianta beaga anuas. Tá roinnt calafort, go háirithe sa Mheánmhuir, tar éis a n-acmhainneacht a leathnú le déanaí chun go mbeidh siad in ann ról a bheith acu sa mhargadh trasloingsithe. Féadfaidh oibreoirí soithí cinneadh a dhéanamh a ngníomhaíochtaí trasloingsithe coimeádán a athlonnú ó chalafoirt trasloingsithe an Aontais chuig calafoirt neamh‑AE chomharsanacha chun a gcostais chomhlíontachta CTA a laghdú. I gcásanna áirithe, sheachnófaí leis sin an íocaíocht le haghaidh astaíochtaí go hiomlán dá mba rud é nach raibh áit tionscnaimh agus ceann scríbe an lasta san Aontas. Nuair a bhíonn ceann scríbe deiridh an lasta san Aontas, bheadh ar shoithí friothála an lasta a iompar ón gcalafort trasloingsithe neamh‑AE go dtí an calafort trasloingsithe de chuid an Aontais nó go díreach chuig an gceann scríbe deiridh (nó an bealach eile timpeall i gcás inarb é an tAontas an áit tionscnaimh).

Cuairteanna seachanta ar chalafoirt nó athrú ar ord na gcuairteanna ar chalafoirt

Féadfaidh cuideachtaí loingseoireachta a chinneadh cuairt bhreise ar chalafort a dhéanamh chun fad na céime deireanaí a laghdú sula dtabharfaidh siad cuairt ar chalafort san Aontas (nó fad na chéad chéime tar éis dóibh calafort san Aontas a fhágáil). Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh oibreoirí ord na gcuairteanna a athrú chun a neamhchosaint CTA a íoslaghdú. Ba cheart a thabhairt faoi deara, faoi Rialachán MRV an Aontais, go gceanglaítear le cuairt ar chalafort ar oibreoir loingseoireachta lasta a luchtú nó a dhíluchtú nó paisinéirí a bhordáil nó a dhíbhordáil. Dá réir sin, bheadh sé riachtanach d’oibreoir loingseoireachta oibríochtaí gnó a dhéanamh sna cuairteanna breise sin ar chalafoirt.

An t‑éileamh a aistriú chuig modhanna eile iompair a bhfuil tionchar níos mó acu ar an gcomhshaol

Féadfaidh cuideachtaí lasta iompar lastais a aistriú ó mhuiriompar go modhanna eile (iompar ar bóthar go háirithe), a bhfuil astaíochtaí níos airde acu ná mar atá ag modhanna muirí. Bheadh tionchar aige sin ar bhealaí loingseoireachta gearrthurais a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar iomaíocht níos mó ó mhodhanna talún.

Soithí is fearr feidhmíocht a shannadh do bhealaí an Aontais

Féadfaidh oibreoirí soithí a chinneadh na soithí is éifeachtúla dá gcuid (ag a bhfuil na hastaíochtaí GCT is ísle in aghaidh an tona-mhíle) a úsáid ar bhealaí lena n-áirítear cuairteanna ar chalafoirt an Aontais agus úsáid a bhaint as na soithí nach bhfeidhmíonn chomh maith céanna ar bhealaí eile. D’fhéadfadh tairbhí comhshaoil a bheith ag baint leis sin don Aontas, lena n-áirítear do cháilíocht an aeir, ach ní laghdódh sé iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Úsáid long faoi bhun na tairsí méide

Féadfaidh oibreoirí soithí, go háirithe iad siúd a oibríonn soithí beaga (ach a bhfuil olltonnáiste os cionn 5 000 acu go fóill féin), a roghnú soithí a úsáid atá (beagán) faoi bhun na tairsí olltonnáiste 5 000 atá eisiata ó raon feidhme CTA.

Aistrithe ó long go long a úsáid lasmuigh de chalafoirt an Aontais

Féadfaidh oibreoirí soithí aistrithe ó long go long a úsáid lasmuigh de chalafoirt an Aontais (go háirithe lastaí leachtacha) chun cuairteanna ar chalafoirt san Aontas a sheachaint agus ar an gcaoi sin a n-oibleagáidí faoi CTA AE a laghdú.

Tionchair eile a d’fhéadfadh a bheith ann

Tionchair ar chostais iompair

Maidir le ceannach lamháltas ag cuideachtaí loingseoireachta chun comhlíonadh CTA AE a áirithiú nó na costais a bhaineann le bearta maolaithe a chur chun feidhme, is dócha go mbeidh tionchar acu ar chostais fhoriomlána loingseoireachta. Cuireann roinnt cuideachtaí loingseoireachta costais CTA ar aghaidh chuig a gcustaiméirí i bhfoirm fhormhuirir CTA.

Tionchair ar sheirbhísí fíor-riachtanacha le haghaidh leanúnachas críche

D’fhéadfadh costais loingseoireachta mhéadaithe a bheith ina gcúis le hathruithe ar sholáthar agus ar phraghas seirbhísí farantóireachta (RoPax) a nascann oileáin an Aontais agus críocha iargúlta leis an mórthír.

Tionchair ar na Réigiúin is Forimeallaí

D’fhéadfadh athruithe ar sholáthar agus ar phraghas na seirbhísí loingseoireachta a nascann na réigiúin is forimeallaí a bheith mar thoradh ar chostais loingseoireachta mhéadaithe. Ina theannta sin, d’fhéadfadh iompraíochtaí seachanta a ndéantar cur síos orthu thuas difear a dhéanamh do sheirbhísí chuig na réigiúin is forimeallaí freisin.

3.Cur chuige faireacháin

3.1. Srianta na hanailíse

Tionchair ghéarchéim na Mara Rua ar thrácht loingseoireachta

Mar thoradh ar ionsaithe Houthi a thosaigh i mí na Samhna 2023, d’athródaigh go leor de na soithí a chuaigh ar idirthuras trí Chanáil Shuais roimhe sin timpeall na hAfraice Theas, trí Rinn an Dóchais. Tháinig laghdú thart ar 60 % ar na hidirthurais trí Chanáil Shuais in 2024 i gcomparáid leis an staid in 2022/2023, agus shroich an laghdú gar do 70 % i gcás longa coimeádán 13 .

Mar thoradh air sin, tháinig laghdú ar chuairteanna ar chalafoirt (go háirithe ó bhealaí loingseoireachta domhainfharraige agus ó longa coimeádán níos mó) agus ar thrácht i gcalafoirt na Meánmhara Thoir agus i roinnt calafort sa Mheánmhuir Láir ó R1 2024. San an am céanna, bhí an t‑athródú ina chúis le méadú ar leibhéil na ngníomhaíochtaí i gcalafoirt na Meánmhara Thiar, agus bhí níos mó seirbhísí friothála ann chuig calafoirt na Meánmhara Thoir. Cruthaíonn an saobhadh sin dúshlán mór maidir le faireachán a dhéanamh ar iompraíochtaí seachanta sa Mheánmhuir toisc gurb iad na cineálacha muiraistear agus soithí atá thíos le géarchéim na Mara Rua (bealaí loingseoireachta domhainfharraige agus soithí coimeádán níos mó) na cineálacha céanna muiraistear agus soithí ar dócha go mbeidh tionchar ag iompraíochtaí féideartha seachanta orthu den chuid is mó.

Chun éifeacht CTA AE a scaradh ó éifeacht ghéarchéim na Mara Rua, glacadh an cur chuige seo a leanas:

·Anailís dhifreáilte ar imchuacha na Meánmhara (Thiar, Lár agus Thoir) chun tionchair éagsúla ghéarchéim na Mara Rua ar gach limistéar a chur san áireamh.

·Comparáid idir calafoirt an Aontais agus calafoirt neamh‑AE laistigh d’imchuach céanna na Meánmhara chun éifeachtaí géarchéime níos leithne sa Mhuir Rua a dhéanann difear don imchuach iomlán a rialú.

·Bunaíodh dhá ghrúpa cóimheasa de chuid an Aontais: grúpa an Deiscirt, arna dhifreáil a thuilleadh de réir imchuach na Meánmhara agus grúpa cóimheasa an Tuaiscirt (nuair is infheidhme) chun comparáid a dhéanamh le treochtaí a thugtar faoi deara i gcalafoirt trasloingsithe an Aontais agus chun treochtaí margaidh féideartha níos leithne a dhéanann difear do gach calafort a bhrath (i.e. ní hamháin gníomhaíochtaí trasloingsithe).

Uainiú na hanailíse

Mar gheall ar an sprioc-am dlíthiúil dá bhforáiltear sa Treoir don chéad tuarascáil seo, rinneadh an anailís le linn 2024. Cuireann an tuarascáil seo leis an bhfaisnéis agus na sonraí is déanaí a bhí ar fáil tráth na hanailíse, lena gcumhdaítear le haghaidh 2024 an tréimhse ó theacht i bhfeidhm CTA AE don mhuiriompar (Eanáir 2024), go dtí deireadh an tríú ráithe de 2024 (an 30 Meán Fómhair 2024). I roinnt cásanna, áfach, ní raibh sonraí ar fáil ach don chéad leath den bhliain.

I bhfianaise luaineacht ard muirthráchta go háirithe in oibríochtaí trasloingsithe, cuireann an cumhdach páirteach sin teorainn leis an gcumas teacht ar chonclúidí cinntitheacha ó anailís ar shonraí tráchta.

Ina theannta sin, is é 2024 an chéad bhliain de thréimhse chéimniú isteach CTA, nach bhfuil ach 40 % d’astaíochtaí faoi réir chostais chomhlíontachta CTA. D’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar mhéid na n-iompraíochtaí seachanta, ós rud é go mbíonn tionchar ag an gcomhbhabhtáil idir costais seachanta agus praghsáil astaíochtaí CTA (nach mbeidh i bhfeidhm go hiomlán ach ó 2026 ar aghaidh) ar na hiompraíochtaí sin go háirithe.

Tabharfar aghaidh ar an srian ama sin trí fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme CTA ar bhonn leanúnach. Tá an tuarascáil seo mar chuid de phróiseas leanúnach: leanfar d’anailís a dhéanamh ar éabhlóid na dtáscairí ábhartha ar bhonn rialta.

Infhaighteacht sonraí trasloingsithe

Níl sonraí maidir le hoibríochtaí trasloingsithe ar fáil go poiblí ar bhealach comhsheasmhach do gach calafort faoi raon feidhme na tuarascála seo. Chun an bhearna sin a líonadh, úsáideadh sonraí tráchtála ó Econdb. Baintear sonraí Econdb as sampla de choimeádáin rianaithe, ar céatadán beag den chabhlach domhanda (thart ar 2 %) iad ach a dháiltear go hionadaíoch. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sonraí maidir le gluaiseachtaí coimeádán (lena n-áirítear trasloingsithe) ó Econdb go hiomlán cruinn nuair a mheastar iad ar leibhéal calafoirt aonair agus ar leibhéal na míosa; mar sin féin, tugann siad forléargas úsáideach ar threochtaí le himeacht ama agus ar fud na réigiún.

Rinneadh seiceáil céille ar shonraí Econdb in aghaidh sonraí coibhéiseacha agus oifigiúla (gluaiseachtaí iomlána coimeádán agus trasloingsithe) le haghaidh chalafoirt na Spáinne, mar a d’fhoilsigh Puertos del Estado. Úsáideadh ionchuir ó cheistneoirí calafoirt freisin chun ciall a sheiceáil. Léirítear sa chomparáid go bhfuil sonraí Econdb láidir go leor lena n-úsáid le haghaidh treochtaí agus le haghaidh comparáidí coibhneasta idir calafoirt a bhfuil leibhéil mhóra gníomhaíochta trasloingsithe acu. Mar sin féin, ní bheadh na sonraí sin chomh hiomchuí céanna chun anailís mhionsonraithe a dhéanamh ar dhearbhleibhéil trasloingsithe, agus nuair a chuirtear calafoirt a bhfuil gníomhaíocht íseal trasloingsithe acu san áireamh.

3.2. Modh agus uirlisí

Tá an cleachtadh faireacháin seo bunaithe ar shraith ceisteanna taighde agus ar shraith táscairí chun gach ceann acu a fhreagairt. Áirítear leis an gcleachtadh anailísí siarbhreathnaitheacha agus réamhbhreathnaitheacha araon. Is é is aidhm d’anailís shiarbhreathnaitheach fianaise a bhrath maidir le hiompraíochtaí seachanta a d’fhéadfadh a bheith ann nó tionchair níos leithne a d’fhéadfadh a bheith tarlaithe cheana féin le linn na tréimhse a ndearnadh faireachán uirthi, agus is é is aidhm d’anailísí réamhbhreathnaitheacha rioscaí agus tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shainaithint tar éis na tréimhse a ndearnadh faireachán uirthi.

Áirítear ar na táscairí a úsáidtear don anailís shiarbhreathnaitheach sonraí maidir le gníomhaíochtaí calafoirt (cuairteanna ar chalafoirt, méid an tráchta, oibríochtaí trasloingsithe, nascacht) agus sonraí maidir le soithí. Os a choinne sin, bhí an anailís réamhbhreathnaitheach ag brath den chuid is mó ar fhaisnéis cháilíochtúil maidir le fógraí bealaí, athruithe reachtacha i dtíortha comharsanacha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus sonraí maidir le tionscadail chun acmhainneacht calafort a leathnú.

Agus measúnú á dhéanamh ar na táscairí sin, rinneadh dhá phríomhanailís chomparáideacha:

·Comparáid le himeacht ama: Cuirtear sonraí le linn na tréimhse a ndearnadh faireachán uirthi i gcomparáid leis an staid roimh theacht i bhfeidhm CTA AE maidir le muiriompar, lena gcumhdaítear sonraí 2022 agus 2023. Chun na críche sin, déantar anailís ar shonraí ráithiúla thar an tréimhse R1 2022 go R3 2024 chun treochtaí ábhartha a bhaint amach. Ina theannta sin, déantar comparáid bliain ar bhliain trí anailís a dhéanamh ar dhifríochtaí i sonraí R1-R3 2024 vis‑à-vis R1-R3 2023. Is é is aidhm dó sin séasúracht agus luaineacht sonraí muirthráchta a rialú.

·Comparáid le grúpaí cóimheasa: Cuidíonn an anailís sin le hathruithe a aithint a d’fhéadfadh a bheith ann agus atá inchurtha i leith iompraíocht seachanta ó threochtaí níos leithne (e.g. arna spreagadh ag an gcomhthéacs eacnamaíoch domhanda, beartais trádála, geopholaitíocht, lena n-áirítear géarchéim na Mara Rua mar a luaitear thuas, forbairtí i mbonneagar calafoirt agus éifeachtúlacht oibríochtúil, táillí calafoirt, etc.). Úsáidtear an dá ghrúpa cóimheasa de chalafoirt an Aontais (grúpaí cóimheasa an Deiscirt agus an Tuaiscirt) chun treochtaí bonnlíne a léiriú. Áirítear orthu calafoirt ina bhfuil leibhéil níos ísle de ghníomhaíocht trasloingsithe, ar lú, go pointe áirithe, an dóchúlacht go mbeidh tionchar ag an riosca athlonnaithe trasloingsithe orthu.

Ina theannta sin, meastar roinnt cás‑staidéar i gcás inarb ábhartha chun an anailís a dhíriú ar thíreolaíochtaí sonracha nó ar dheighleoga margaidh ar dócha go mbeidh an tionchar is mó orthu. Áirítear orthu sin cás‑staidéar ina bhféachtar ar shreabha AE-SAM (i.e. a bhfuil coinne leis gur lú an tionchar a bheidh ag géarchéim na Mara Rua orthu) chun faireachán a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le cuairteanna seachanta ar chalafoirt agus dhá chás‑staidéar breise ina bhféachtar ar fhianaise ar aistriú módach a d’fhéadfadh a bheith ann in iompar lastais idir an Spáinn agus an Iodáil agus idir an Bhulgáir agus tíortha eile sa Mhuir Dhubh nach tíortha den Aontas Eorpach iad, faoi seach.

3.3. Foinsí sonraí

Tá achoimre thíos ar na foinsí sonraí a úsáideadh sa staidéar seo in Table 2.

Tábla 2: Foinsí sonraí a úsáideadh

Foinse

Úsáid

Sonraí cuairteanna ar chalafoirt ó bhunachar sonraí MARINFO

Sonraí maidir le líon na gcuairteanna ar chalafoirt de réir chineál an mhuiraistir agus chineál/mhéid an tsoithigh. Úsáidtear na sonraí sin chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí i ndáil le hiompraíochtaí seachanta (athlonnú trasloingsithe, cuairteanna seachanta ar chalafoirt agus aistriú módach) agus ar an tionchar ar sheirbhísí loingseoireachta i gcríocha iargúlta agus sna réigiúin is forimeallaí.

Uirlis samhaltaithe bealaí arna forbairt ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA)

Sonraí maidir le muirthrácht stairiúil ar bhealaí sonracha, lena n-áirítear cuairteanna idirmheánacha ar chalafoirt, chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil forbairt tagtha ar chineál na mbealaí lena n-áirítear calafoirt an Aontais. Tógann an uirlis seo ar shonraí MARINFO maidir le cuairteanna ar chalafoirt.

Sonraí tráchtála ó Econdb

Sonraí a bhaineann le trácht coimeádán de réir seirbhíse agus staitisticí de réir calafoirt (lena n-áirítear maidir le trasloingsiú). Úsáidtear é sin chun anailís a dhéanamh ar threochtaí maidir le hoibríochtaí trasloingsithe i gcalafoirt an Aontais agus i gcalafoirt neamh‑AE.

UNCTAD

Sonraí maidir le hinnéacs nascachta loingseoireachta línéir calafoirt (calafoirt an Aontais agus calafoirt neamh‑AE) chun measúnú a dhéanamh ar threochtaí i ndáil le nascacht calafort.

THETIS — MRV

Sonraí maidir le sonraí éifeachtúlachta teicniúla soithí chun faireachán a dhéanamh ar shannadh féideartha na soithí is fearr feidhmíocht san Aontas agus sonraí astaíochtaí CO2 a úsáidtear chun costais CTA AE a mheas.

Suirbhé ar údaráis chalafoirt

Sonraí breise maidir le gníomhaíochtaí calafoirt an Aontais (lena n-áirítear maidir le hinfheistíochtaí) agus faisnéis maidir le tionchair CTA AE ar leibhéal an chalafoirt

Staitisticí calafoirt atá ar fáil go poiblí

Cros‑seiceáil le foinsí sonraí eile a úsáidtear le haghaidh gníomhaíocht calafoirt agus chun léargais bhreise a sholáthar

Athbhreithniú doiciméad ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí

Faisnéis a shainaithint maidir leis na bealaí a úsáideann oibreoirí soithí, lena n-áirítear athruithe fógartha ar na bealaí sin (nó ar bhealaí nua) agus infheistíochtaí fógartha i gcalafoirt (chun acmhainneacht calafort a mhéadú, go háirithe).

Tuarascálacha tráchtála (lena n-áirítear tuarascálacha ó Drewry)

Faisnéis bhreise maidir leis na treochtaí a sainaithníodh agus maidir le comhaontuithe agus infheistíochtaí ag calafoirt ábhartha.

Sonraí idirnáisiúnta Eurostat maidir le hiompar lasta de bhóthar

Rinneadh anailís ar shonraí ráithiúla maidir le hiompar lastais de bhóthar idir an Spáinn agus an Iodáil agus an Bhulgáir agus tíortha eile nach tíortha den Aontas Eorpach iad (an tSeoirsia, an Tuirc) chun fianaise fhéideartha ar aistriú módach i dtreo iompar ar bóthar a shainaithint.

3.4. Calafoirt a áirítear san anailís

Cumhdaítear leis an anailís calafoirt shonracha nó tacair shonracha calafort (le grúpálacha geografacha i gcásanna áirithe), rud a fhágann gur féidir comparáid fhóinteach a dhéanamh idir treochtaí. Is é is aidhm do ghrúpáil calafort sainaithint na dtionchar foriomlán a éascú. Pléadh rogha na ngrúpaí calafoirt le hionadaithe na mBallstát i gcruinnithe sainghrúpaí tiomnaithe agus déantar cur síos orthu i dTábla 3. Liostaítear ainmneacha na gcalafort uile a bhreithnítear faoi gach grúpa san Iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo.

Tábla 3: Grúpaí calafoirt a úsáideadh

Grúpa calafoirt

Sainmhíniú agus critéir roghnúcháin

Úsáid

Calafoirt trasloingsithe an Aontais faoi riosca

Calafoirt an Aontais ina bhfuil leibhéil arda trasloingsithe coimeádán ag tarlú agus a mheastar a bheith ar na calafoirt is mó atá neamhchosanta ar an riosca athlonnaithe trasloingsithe, go háirithe i bhfianaise ghaireacht na gcalafort trasloingsithe neamh‑AE.

Faireachán a dhéanamh ar fhianaise ar athlonnú trasloingsithe lasmuigh den Aontas. Baineadh úsáid as an dí‑chomhiomlánú seo a leanas le haghaidh na hanailíse:

-an Mheánmhuir Thiar

-an Mheánmhuir Láir

-an Mheánmhuir Thoir

-an Mhuir Dhubh

-Eile

Calafoirt neamh‑AE chomharsanacha (trasloingsiú)

Meastar gurb iad na calafoirt neamh‑AE is dóichí a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as gníomhaíocht bhreise a eascraíonn as an riosca athlonnaithe trasloingsithe. Áirítear air sin:

-Calafoirt laistigh de 300 muirmhíle ó chalafort san Aontas 14

-Calafoirt ag a bhfuil acmhainneacht trasloingsithe coimeádán cheana féin, nó a d’fhéadfadh an acmhainneacht sin a fhorbairt sa ghearrthéarma

Faireachán a dhéanamh ar fhianaise ar athlonnú trasloingsithe lasmuigh den Aontas. Baineadh úsáid as an dí‑chomhiomlánú seo a leanas le haghaidh na hanailíse:

-an Mheánmhuir Thiar

-an Mheánmhuir Láir

-an Mheánmhuir Thoir

Calafoirt neamh‑AE chomharsanacha (cuairteanna seachanta ar chalafoirt)

Calafoirt neamh‑AE a bhfuil an acmhainneacht is airde acu lena n-úsáid le haghaidh cuairteanna seachanta ar chalafoirt (i.e. laistigh de 300 muirmhíle ó chalafoirt an Aontais). Áirítear leis sin calafoirt atá gar do chalafoirt an Aontais agus a bhfuil sé d’acmhainneacht acu freastal ar shoithí móra domhainfharraige.

Cuimsíonn an chatagóir seo:

-gach calafort a thagann faoin gcatagóir thuas (‘calafoirt neamh‑AE chomharsanacha (trasloingsiú)’), seachas iad siúd níos faide ná 300 muirmhíle;

-calafoirt bhreise laistigh den raon achair sin fiú mura bhfuil siad speisialaithe i ngníomhaíochtaí trasloingsithe

Faireachán ar fhianaise maidir le cuairteanna seachanta ar chalafoirt.

Le haghaidh na hanailíse, úsáideadh an dí‑chomhiomlánú seo a leanas:

-Calafoirt na Ríochta Aontaithe

-Calafoirt sa Tuirc agus san Afraic Thuaidh

Grúpa cóimheasa an Deiscirt

Calafoirt coimeádán an Aontais sa Mheánmhuir nach gcuireann trasloingsiú go mór lena ngníomhaíochtaí.

Rialú le haghaidh athruithe ar phatrúin fhoriomlána tráchta sa Mheánmhuir, gan beann ar oibríochtaí trasloingsithe, chun comparáid a dhéanamh leo siúd a sainaithníodh ag calafoirt trasloingsithe an Aontais.

Dí‑chomhiomlánaithe de réir imchuach:

-an Mheánmhuir Thiar

-an Mheánmhuir Láir

-an Mheánmhuir Thoir

Grúpa cóimheasa an Tuaiscirt

Calafoirt coimeádán an Aontais i dTuaisceart na hEorpa nach é an trasloingsiú is mó a chuireann lena ngníomhaíochtaí (agus a mbeifí ag súil leis gur lú an tionchar a bheadh ag athruithe ar phatrúin tráchta sa Mheánmhuir amhail iad siúd atá mar thoradh ar ghéarchéim na Mara Rua orthu).

Rialú le haghaidh athruithe ginearálta ar ghníomhaíocht mhuirí an Aontais, gan beann ar phatrúin tráchta sa Mheánmhuir, chun comparáid a dhéanamh leo siúd a shainaithnítear ag calafoirt trasloingsithe an Aontais.

Calafoirt ar oileáin agus sna réigiúin is forimeallaí

Príomhchalafoirt atá lonnaithe ar oileáin an Aontais agus sna réigiúin is forimeallaí san Aontas.

Faireachán ar thionchair ar sheirbhísí fíor-riachtanacha loingseoireachta le haghaidh leanúnachas críche agus ar na réigiúin is forimeallaí

Fíor 1: Léarscáil de na calafoirt a áirítear i ngach grúpáil [nach léiríonn ‘Calafoirt ar oileáin agus sna réigiúin is forimeallaí’]

Catagóirí calafoirt

Calafoirt neamh‑AE chomharsanacha (trasloingsiú)

Calafoirt neamh‑AE chomharsanacha (cuairteanna seachanta ar chalafoirt)

Calafoirt trasloingsithe an Aontais faoi riosca

Grúpa cóimheasa an Tuaiscirt

Grúpa cóimheasa an Deiscirt

4.Faireachán ar iompraíochtaí seachanta féideartha in 2024 (R1-R3)

4.1. Faireachán a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hathlonnú trasloingsithe

·Níl aon fhianaise ann faoi láthair chun tacú le treocht inaitheanta a bheith ann maidir le hathlonnú gníomhaíochtaí trasloingsithe coimeádán ón Aontas chuig calafoirt trasloingsithe neamh‑AE.

·Tá méadú foriomlán ar thrácht coimeádán i gcalafoirt an Aontais atá lonnaithe sa Mheánmhuir Thiar agus laghdú ar thrácht (go háirithe muiraistir lasmuigh den Aontas) ag calafoirt an Aontais in imchuach na Meánmhara Thoir (e.g. Piraeus). Mar sin féin, tá treochtaí den sórt sin cosúil le chéile go ginearálta ar fud chalafort an Aontais agus calafoirt neamh‑AE sa réigiún agus is cosúil gurb é staid na Mara Rua is cúis leo den chuid is mó.

Tá anailís déanta ar shonraí calafort suas le R3 2024 de réir imchuach na Meánmhara, lena n-áirítear líon na gcuairteanna ar chalafort a thugann longa coimeádán de réir chineál an mhuiraistir agus mhéid an tsoithigh, leibhéil na n-oibríochtaí trasloingsithe coimeádán agus an innéacs nascachta loingseoireachta línéir calafoirt. Cuirtear na príomhthorthaí i láthair sa Table 4 thíos. Ní léirítear sna torthaí sin fianaise ar athlonnú ginearálaithe gníomhaíochtaí trasloingsithe ó chalafoirt an Aontais chuig calafoirt neamh‑AE go dtí seo. Meastar go bhfuil athruithe ar ghníomhaíocht chalafoirt a tugadh faoi deara sa Mheánmhuir Thiar agus sa Mheánmhuir Thoir comhsheasmhach le héifeachtaí ghéarchéim na Mara Rua.

Tábla 4: Achoimre ar thorthaí ó anailís ar shonraí gníomhaíochta calafoirt de réir imchuach na Meánmhara

An Mheánmhuir Thiar

An Mheánmhuir Láir

an Mheánmhuir Thoir

Cuairteanna ar chalafoirt

(R1-R3 2024 vs 2022-2023)

Líon na gcuairteanna ar chalafoirt: Tá treocht aníos den chineál céanna le sonrú i líon na gcuairteanna ar chalafoirt san Aontas agus i gcalafoirt trasloingsithe neamh‑AE chomharsanacha araon.

Líon na gcuairteanna ar chalafoirt: Is iondúil go mbíonn na treochtaí a thugtar faoi deara ag calafoirt trasloingsithe an Aontais inchomparáide leis na treochtaí a fhaightear sa ghrúpa cóimheasa agus i gcalafoirt trasloingsithe neamh‑AE chomharsanacha.

Líon na gcuairteanna ar chalafoirt: Laghdú beag den chineál céanna ar chuairteanna ar chalafort soithí coimeádán i gcalafoirt trasloingsithe an Aontais agus i gcalafoirt trasloingsithe neamh‑AE chomharsanacha araon. Tá sé sin comhsheasmhach le héifeachtaí ghéarchéim na Mara Rua.

Dáileadh mhéid an tsoithigh: Tá méadú ar chuairteanna ar chalafoirt ó shoithí friothála agus ó shoithí móra araon le sonrú i gcalafoirt an Aontais, rud atá i gcomhréir le treochtaí i gcalafoirt neamh‑AE chomharsanacha.

Dáileadh mhéid an tsoithigh: Méadú ar chuairteanna ar chalafoirt ó shoithí friothála agus laghdú ar chuairteanna ar chalafoirt ó shoithí móra, rud atá i gcomhréir le treochtaí i gcalafoirt neamh‑AE chomharsanacha.

Dáileadh mhéid an tsoithigh: Tá laghdú den chineál céanna le sonrú ar chuairteanna ar chalafoirt ó shoithí móra i gcalafoirt trasloingsithe an Aontais agus i gcalafoirt trasloingsithe neamh‑AE chomharsanacha araon.

Dáileadh chineál an mhuiraistir: Gan aon laghdú ar chuairteanna ar chalafoirt lasmuigh den Aontas ag calafoirt trasloingsithe an Aontais (tháinig méadú beag ar mhuiraistir lasmuigh den Aontas/san Aontas/lasmuigh den Aontas agus ar mhuiraistir lasmuigh den Aontas/san Aontas/san Aontas araon).

Dáileadh chineál an mhuiraistir: Gan aon laghdú ginearálta ar mhuiraistir lasmuigh den Aontas/san Aontas/lasmuigh den Aontas ag calafoirt trasloingsithe an Aontais, ach laghdú beag ar mhuiraistir lasmuigh den Aontas/san Aontas/san Aontas, nach cosúil gurb é aon mhéid soithigh ar leith is cúis leis.

Dáileadh chineál an mhuiraistir: Laghdú ar chuairteanna ar chalafoirt lasmuigh den Aontas ag calafoirt trasloingsithe an Aontais (idir mhuiraistir lasmuigh den Aontas/san Aontas/lasmuigh den Aontas agus mhuiraistir lasmuigh den Aontas/san Aontas/san Aontas), go príomha ó shoithí móra (os cionn 14 500 TEU). 15

Oibríochtaí trasloingsithe

(R1-R3 2024 vs 2022-2023)

Go ginearálta, tá méadú ag teacht ar leibhéil na n-oibríochtaí trasloingsithe, ag calafoirt trasloingsithe an Aontais agus ag calafoirt trasloingsithe neamh‑AE chomharsanacha araon.

Méadú ar ghníomhaíochtaí trasloingsithe coimeádán le himeacht ama ag calafoirt trasloingsithe an Aontais agus ag calafoirt trasloingsithe neamh‑AE chomharsanacha. Le treochtaí iomlána tréchuir coimeádán agus trasloingsithe coimeádán, ní léirítear aon mhórdhifríocht idir calafoirt trasloingsithe an Aontais, calafoirt an ghrúpa cóimheasa agus calafoirt trasloingsithe neamh‑AE.

D’fhan oibríochtaí iomlána tréchuir agus trasloingsithe réasúnta cobhsaí, le treochtaí ginearálta comhchosúla i gcalafoirt trasloingsithe an Aontais agus i gcalafoirt trasloingsithe neamh‑AE chomharsanacha.

Léiríonn faisnéis maidir le calafoirt aonair, áfach, go bhfuil laghdú tagtha ar ghníomhaíocht trasloingsithe i roinnt calafort de chuid an Aontais (e.g. Piraeus) mar aon le méaduithe i roinnt calafort de chuid na Tuirce. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag géarchéim Iosrael/Hamas ar an méadú ar thrácht i gcalafoirt na Tuirce, rud a d’fhéadfadh roinnt tráchta a atreorú ó Iosrael go dtí an Tuirc.

Nascacht

(R1-R3 2024 vs 2022-2023)

Níl aon mhórdhifríocht ann maidir le héabhlóid nascachta chalafoirt trasloingsithe an Aontais i gcomparáid le calafoirt trasloingsithe neamh‑AE chomharsanacha.

Níl aon mhórdhifríocht ann maidir le héabhlóid fhoriomlán nascachta chalafoirt trasloingsithe an Aontais i gcomparáid le calafoirt trasloingsithe neamh‑AE chomharsanacha. Nuair a fhéachtar ar na calafoirt aonair, áfach, tá roinnt difríochtaí ann: Léirítear laghduithe móra nascachta in Cagliari, Marsaxlokk agus Taranto ach léirítear i bhfad níos lú éagsúlachta i bhformhór na gcalafort eile sa Mheánmhuir Láir, idir chalafoirt an Aontais agus chalafoirt nach bhfuil san Aontas.

Tháinig méadú ar an nascacht in Limassol ach tháinig laghdú uirthi in Piraeus i gcomparáid le 2023.

Fuarthas éagsúlacht fhoriomlán chomhchosúil i gcalafoirt trasloingsithe neamh‑AE chomharsanacha.

Barúlacha ginearálta

Leibhéil ghníomhaíochta mhéadaithe, gan aon mhórdhifríocht idir calafoirt trasloingsithe san Aontas agus calafoirt trasloingsithe neamh‑AE.

Níl aon éagsúlacht mhór sna treochtaí do chalafoirt trasloingsithe san Aontas ná calafoirt trasloingsithe neamh‑AE. Tá roinnt mórdhifríochtaí idir calafoirt an Aontais, áfach.

Éagsúlacht sna treochtaí i gcalafoirt trasloingsithe an Aontais agus i gcalafoirt trasloingsithe neamh‑AE chomharsanacha ar an iomlán i gcomhréir le héifeachtaí ghéarchéim na Mara Rua. Cé go bhféadfadh roinnt athruithe ar chalafoirt shonracha (i.e. laghdú ar ghníomhaíocht in Piraeus mar aon le méaduithe i roinnt calafort de chuid na Tuirce) roinnt iompraíochtaí seachanta a thabhairt le fios, is cosúil gurb iad éifeachtaí na géarchéime idir Iosrael agus Hamas agus ghéarchéim na Mara Rua na príomhchúiseanna.

4.2. Faireachán a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le cuairteanna seachanta ar chalafoirt nó le hathruithe in ord na gcuairteanna ar chalafoirt ag longa coimeádán

·Ar an iomlán, níl aon fhianaise ann go bhfuil cuideachtaí loingseoireachta ag cur cuairteanna breise ar chalafoirt neamh‑AE chomharsanacha chun feidhme go ginearálta ná go bhfuil longa coimeádán ag déanamh athruithe córasacha in ord na gcuairteanna ar chalafoirt chun dul timpeall ar rialacha CTA.

·Níl aon mhéadú mór ar chuairteanna long coimeádán ag calafoirt na Ríochta Aontaithe roimh (nó tar éis) cuairt a thabhairt ar chalafoirt an Aontais le linn na tréimhse a ndearnadh faireachán uirthi. Léirítear le hanailís mhionsonraithe bhreise ar shreabha ó na Stáit Aontaithe chuig an Aontas, áfach, go bhfuil méadú tagtha ar an sciar de chuairteanna idirmheánacha ar chalafoirt sa Ríocht Aontaithe agus comparáid á déanamh idir 2024 agus 2023.

·Níl aon fhianaise ann go bhfuil treocht ann maidir le cuairteanna seachanta ar chalafoirt (nó athruithe in ord na gcuairteanna ar chalafoirt) a tharlaíonn roimh theacht isteach (nó tar éis teacht isteach) i gcalafoirt an Aontais sa Mheánmhuir.

Forléargas ar leibhéal an Aontais

Ní léirítear leis na torthaí ó uirlis samhaltaithe bealaí EMSA aon mhéadú foriomlán (i dtéarmaí cuairteanna ar chalafoirt ag longa coimeádán agus acmhainneacht iomlán soithí) ar stadanna idirmheánacha ag calafoirt neamh‑AE chomharsanacha sula dtugann siad cuairt ar chalafoirt an Aontais (nó ina dhiaidh sin). Ar an gcaoi chéanna, ní léirítear leis an anailís ar an meánachar ar an gcéad chéim/ar an gcéim dheireanach tar éis/roimh chalafoirt an Aontais a fhágáil nó tar éis/roimh theacht isteach ag calafoirt an Aontais aon laghdú a bhaineann le cuairteanna seachanta nó le hathrú ar ord na gcuairteanna ar chalafoirt. Os a choinne sin, tá méadú beag tagtha ar mheánachar na chéad chéime/na céime deireanaí le linn na tréimhse a ndearnadh faireachán uirthi i gcomparáid le 2023 agus 2022, agus is é is dóichí gur athródú de bharr ghéarchéim na Mara Rua ba chúis leis sin.

An riosca maidir le cuairteanna seachanta ar chalafoirt sa Ríocht Aontaithe

Le sonraí comhiomlána maidir le cuairteanna ar chalafoirt, ní léirítear aon mhéadú mór ar chuairteanna long coimeádán ag calafoirt ábhartha na Ríochta Aontaithe sula dtagann siad isteach i gcalafoirt an Aontais (nó ina dhiaidh sin) (agus iad ag féachaint ar chalafoirt Iarthuaisceart na hEorpa amháin freisin) le linn na tréimhse a ndearnadh faireachán uirthi.

Nuair a bhreathnaítear go sonrach ar shreabha ó na Stáit Aontaithe chuig an Aontas, áfach, is féidir méadú ar sciar na muiraistear le cuairteanna idirmheánacha ar chalafoirt sa Ríocht Aontaithe a thabhairt faoi deara le blianta beaga anuas. Is iad sin 30 % de na muiraistir idir SAM agus an tAontas in 2023 agus 34 % in 2024.

An riosca maidir le cuairteanna seachanta ar chalafoirt sa Tuirc nó san Afraic Thuaidh

Ar an iomlán, agus tionchar ag an ngéarchéim leanúnach sa Mhuir Rua ar líon na gcuairteanna ar chalafoirt sa réigiún, is deacair méid éifeachtaí chur chun feidhme CTA AE sa réigiún sin a shainaithint, más ann dóibh. In aon chás ar bith, ní léirítear leis na torthaí mionsonraithe ó uirlis samhaltaithe bealaí EMSA aon mhéadú foriomlán (i dtéarmaí acmhainneacht iomlán soithí agus líon iomlán na gcuairteanna) ar chuairteanna idirmheánacha ar chalafoirt neamh‑AE sa Mheánmhuir roimh chuairt a thabhairt ar chalafoirt an Aontais sa Mheánmhuir (nó ina dhiaidh sin).

4.3. Faireachán ar an riosca go n-aistreofaí an t‑éileamh chuig modhanna eile iompair

·Ní léiríonn na cás‑staidéir a scrúdaíodh (an Spáinn-an Iodáil agus naisc trasna na Mara Duibhe chun na Bulgáire) aon fhianaise ar threocht i dtreo aistriú módach méadaithe chuig lasta de bhóthar.

Cás‑staidéar idir an Spáinn-an Iodáil (seirbhísí róró agus Ro-Pax)

Tá iomaíocht roimh sheirbhísí róró agus Ro-Pax idir an Spáinn agus an Iodáil le roghanna malartacha iompair talún (iompar lasta de bhóthar den chuid is mó), i bhfianaise an achair réasúnta gearr idir an dá thír sin le haghaidh naisc talún agus mhuirí araon. Chun imscrúdú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ar aistriú módach ó cuireadh leathnú CTA AE chun feidhme, rinneadh faireachán ar chuairteanna ar chalafoirt ó shoithí lastais Ro-Pax agus róró idir an Spáinn agus an Iodáil agus cuireadh i gcomparáid iad le treochtaí ar fud an Aontais maidir leis na cineálacha soithí sin. Ina theannta sin, bailíodh sonraí maidir le trácht lasta de bhóthar suas le R1 2024 chun comparáid a dhéanamh le trácht róró agus Ro-Pax agus chun treochtaí féideartha san aistriú módach a bhrath.

Ar an iomlán, ní léiríonn na sonraí laghdú ginearálta nó córasach ar leibhéal an mhuirthráchta idir na tíortha sin, ná méadú ar iompar lasta de bhóthar in iompar earraí idir an dá thír. Dá bhrí sin, níl aon fhianaise shoiléir ann go bhfuil treocht ann i dtreo aistriú módach méadaithe chuig iompar ar bóthar. Ós rud é go bhfuil na sonraí atá ar fáil teoranta do thréimhse an-ghearr tar éis CTA teacht isteach, áfach, tá sé róluath teacht ar aon chonclúid dhaingean. Meastar go bhfuil gá le sonraí breise maidir le leibhéal an mhuirthráchta lasta agus an tráchta lasta de bhóthar chun bunús breise a thabhairt leis an anailís i dtuarascálacha amach anseo.

Cás‑staidéar An Bhulgáir — tíortha comharsanacha (Ro-Pax agus longa coimeádán)

Chun tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar an riosca a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le haistriú módach, rinneadh faireachán ar shonraí maidir le cuairteanna ar chalafoirt ó longa Ro-Pax agus ó longa coimeádán ag calafoirt Burgas agus Varna sa Bhulgáir.

Léirítear san anailís go bhfuil luaineachtaí beaga sa trácht ó bhí tús 2024 ann nuair a chuirtear cineálacha sonracha soithí san áireamh ach, ar an iomlán, níl aon fhianaise ar fáil ag an bpointe seo maidir le haon laghdú mór ar mhuirthrácht chuig calafort Burgas agus Varna ó chalafoirt chomharsanacha lena léireofaí úsáid mhéadaithe modhanna iompair eile (iompar ar bóthar den chuid is mó) chun na hearraí a sheachadadh.

4.4. Faireachán ar an riosca a bhaineann leis na soithí is fearr feidhmíocht a shannadh do bhealaí an Aontais

·Léirítear san anailís gur tháinig sciar beagán níos airde de shoithí le déanaí (a mheastar a bheidh níos tíosaí ar fhuinneamh) chuig calafoirt an Aontais in 2024 i gcomparáid le 2023; meastar, áfach, gur mó seans go mbeidh tionchar ag breithnithe eile (amhail athsholáthar an chabhlaigh dhomhanda) ar thorthaí den sórt sin.

·Ní léiríonn anailísí ar innéacsanna éifeachtúlachta fuinnimh soithí a thugann cuairt ar chalafoirt an Aontais aon fheabhsuithe tobanna agus comparáid á déanamh idir 2024 agus 2023.

Léirítear in anailísí a rinne EMSA go bhfuil 14 % den chabhlach soithí coimeádán a thugann cuairt ar chalafoirt an Aontais in 2024 5 bliana d’aois nó níos óige, i gcomparáid le 12 % in 2023. An tráth céanna, tá 20 % den chabhlach in 2024 20 bliain d’aois ar a laghad, i gcomparáid le 19 % in 2023. Tá roinnt fianaise ann, dá bhrí sin, go bhfuil an cabhlach a thugann cuairt ar chalafoirt an Aontais in 2024 beagán níos óige, ar an meán, ná mar a bhí in 2023 (agus, dá bhrí sin, glactar leis go bhfuil sé beagán níos tíosaí ar fhuinneamh). Níl an fhianaise chríochnúil ann, áfach, go bhfuil treocht den sórt sin nasctha le hiompraíocht seachanta toisc go meastar gur mó an seans go mbeidh tionchar ag cúinsí eile (is iad sin, leibhéil athsholáthair an chabhlaigh dhomhanda) ar na torthaí. Mar shampla, meastar go raibh 17 % i gcéatadán an chabhlaigh dhomhanda de longa coimeádán faoi bhun 5 bliana d’aois in 2024, i gcomparáid le 14.5 % in 2023. 16

Thairis sin, ní léirítear san anailís ar innéacs éifeachtúlachta fuinnimh a thuairiscigh soithí a thug cuairt ar chalafoirt an Aontais ó 2022 go 2024 ach feabhas beag ar mheánéifeachtúlacht an chabhlaigh ó 2022 go 2023, agus ní léirítear aon fheabhas ó 2023 go 2024. Dá bhrí sin, ní thugtar aon léiriú ann ar athrú mór ar éifeachtúlachtaí fuinnimh soithí a úsáidtear ar bhealaí chuig an Aontas agus uaidh ó bhí 2024 ann.

4.5. Faireachán ar an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as longa faoi bhun na tairsí méide

·Níl aon fhianaise ann gur tháinig méadú ar úsáid soithí a bhfuil olltonnáiste idir 4 000 agus 5 000 acu in 2024 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

Dá n-úsáidfeadh cuideachtaí loingseoireachta soithí beaga chun dul timpeall ar rialacha CTA, is dóichí go n-úsáidfidís soithí a bhfuil olltonnáiste idir 4 000 agus 5 000 acu chun a gcostais fhoriomlána oibreora a laghdú. Agus scrúdú á dhéanamh ar na soithí sin, léirítear san anailís gur céatadán beag iad de líon iomlán na gcuairteanna ar chalafoirt an Aontais, agus roinnt difríochtaí ann i measc cineálacha long. I gcás soithí lastais ginearálta, a mheastar a bheith ar an gcatagóir soithí is ábhartha don riosca sin, bhain thart ar 11 % de na cuairteanna ar chalafoirt ar bhealaí isteach lasmuigh den Aontas le soithí sa raon méide sin in 2024. Is méadú an-bheag é sin i gcomparáid le leibhéil 2022 agus 2023 (ba iad 10.6 % agus 9.9 % iad, faoi seach). Ar bhealaí laistigh den Aontas, tá céatadán na gcuairteanna ar chalafoirt ag soithí lastais ginearálta a bhfuil olltonnáiste idir 4 000 agus 5 000 acu beag freisin, thart ar 9 % in 2024; tá sé an-chobhsaí ó bhí 2022 ann.

I gcás catagóirí eile soithí, tá an céatadán sin de na cuairteanna ar chalafoirt a dhéanann soithí den mhéid sin beag freisin, mar shampla 0.5 % i gcás soithí coimeádán agus 12 % i gcás tancaeir ola ar mhuiraistir isteach lasmuigh den Aontas. Ar an iomlán, leis na comparáidí idir na céatadáin le haghaidh cuairteanna ar chalafoirt in 2024 agus na céatadáin le haghaidh na mblianta roimhe sin, ní léirítear aon mhéadú mór ar úsáid soithí a bhfuil olltonnáiste os cionn 4 000 agus faoi bhun 5 000 acu le haghaidh aon chatagóir soithigh.

4.6. Faireachán ar an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as aistrithe ó long go long

·Ar an iomlán, níl aon fhianaise ann lena léireofaí go bhfuil méadú tagtha ar líon na n-aistrithe lasta ó long go long a dhéantar in uiscí an Aontais ó bhí mí Eanáir 2024 ann.

Sainaithníodh in anailísí ar aistrithe ó long go long in uiscí an Aontais, cé gur tháinig méadú mór ar líon na n-aistrithe in 2022 tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, nach bhfuil aon mhéadú breise foriomlán ann ó bhí mí Eanáir 2024 ann (i gcomparáid le 2023) lena bhféadfaí a léiriú go mbaintear úsáid níos mó as aistrithe ó long go long mar iompraíocht seachanta a d’fhéadfadh a bheith ann tar éis CTA AE a leathnú chuig an muiriompar.

5.Súil chun cinn: Athbhreithniú ar thorthaí ábhartha tar éis na tréimhse a ndearnadh faireachán uirthi

·Maidir le fógraí faoi bhealaí, cé go bhfuil roinnt samplaí ann a d’fhéadfadh riosca seachanta a thabhairt le fios i ndáil le stadanna sa Ríocht Aontaithe a chuirtear leis an muiraistear, ní thugtar le fios in anailís ar bhealaí trasatlantacha do 2025 go bhfuil aon treocht inaitheanta seachanta ann trí chalafoirt na Ríochta Aontaithe. Is dócha go mbeidh tionchar fós ag géarchéim na Mara Rua ar bhealaí a bhaineann le calafoirt sa Mheánmhuir.

·Ó thaobh infheistíochtaí de, níl aon fhianaise shoiléir ann faoi láthair chun teacht ar an gconclúid go bhfuil athrú ag teacht ar phatrúin infheistíochta i gcalafoirt, rud a d’fhágfadh go ndéanfaí laghdú ginearálta ar infheistíochtaí ag calafoirt an Aontais mar aon le hinfheistíochtaí brostaithe ag calafoirt neamh‑AE chomharsanacha. Is iad na torthaí is ábhartha maidir le hinfheistíochtaí i gcalafoirt neamh‑AE chomharsanacha an méadú acmhainneachta a rinneadh le déanaí i gCalafort Damietta na hÉigipte toisc go bhféadfadh sé go mbeadh seans níos mó ann go meallfadh an calafort sin tuilleadh oibríochtaí trasloingsithe. Ina theannta sin, in 2027, meastar go leathnófar go mór acmhainneacht láimhseála coimeádán Nador i Maracó. Ba cheart dlúthfhaireachán a dhéanamh ar na calafoirt sin sna blianta amach romhainn, i measc blianta eile.

·Maidir le nuacht reachtach agus rialála, níl aon fhorbairt shainaitheanta i dtíortha comharsanacha nach tíortha den Aontas Eorpach iad lena méadófaí rioscaí seachanta amach anseo. Os a choinne sin, leis an gcóras praghsála carbóin a fógraíodh le déanaí le haghaidh muiriompair ag an Tuirc, d’fhéadfaí rannchuidiú le rioscaí seachanta a mhaolú i ndáil le calafoirt na Tuirce. Le cuimsiú astaíochtaí muirí intíre laistigh de CTA na Ríochta Aontaithe — agus b’fhéidir an leath eile d’astaíochtaí muirí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais — ba cheart rioscaí seachanta a mhaolú go páirteach freisin. Déanfar faireachán leanúnach ar fhorbairtí breise.

5.1. Athruithe bealaí ar línte coimeádán

Ar an iomlán, tá fógraí teoranta ann maidir le hathruithe bealaí a dhéanann difear do chalafoirt na Meánmhara Thoir. Is gnách go ndeimhnítear le fógraí ó oibreoirí loingseoireachta a bhaineann leis an réigiún sin go meastar go leanfaidh soithí de bheith ag seachaint na Mara Rua in 2025 agus go n-úsáidfidh siad Rinn an Dóchais, mar gheall ar an staid sa Mhuir Rua a bheith luaineach i gcónaí. Tá coinne leis, mar sin, go mbeidh trácht ag calafort Piraeus á atreorú i gcónaí. Ina ionad sin, meastar go leanfaidh cuid de na seirbhísí atreoraithe ó Piraeus de sheirbhísí friothála níos lú a úsáid ó chalafoirt na Meánmhara Thiar (calafoirt de chuid an Aontais i mórán cásanna) chun lasta a iompar isteach sa Mheánmhuir Thoir. Níl aon fhianaise ann maidir le bealaí atreoraithe ó Piraeus ar chúiseanna seachas athródú timpeall ghéarchéim na Mara Rua.

I gcás chalafoirt na Meánmhara Láir, níl aon fhógraí maidir le bealaí nua sainaitheanta go soiléir a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chalafoirt na Meánmhara Láir ar bhonn córasach ar fud an réigiúin agus a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chur chun feidhme CTA. Meastar go bhféadfadh an t‑atreorú soithí móra ar shiúl ó Shaorphort Mhálta leanúint ar aghaidh in 2025, go bunúsach toisc go bhfuil géarchéim na Mara Rua ann i gcónaí.

I gcalafoirt na Meánmhara Thiar, tá roinnt samplaí de chalafoirt neamh‑AE (go háirithe Tanger Med) a bheith á gcur leis na bealaí atá ann cheana sa limistéar sin. Thairis sin, tá fianaise ann go gcuireann oibreoirí calafoirt an Aontais sa Mheánmhuir Thiar (e.g. Sines, Valencia, Barcelona) le naisc an Chianoirthir agus an Mheánoirthir. Dá bhrí sin, meastar go mbaineann athruithe den sórt sin den chuid is mó le tionchair ó staid na Mara Rua.

Sa Mhuir Thuaidh, tá roinnt fógraí ann maidir le hathruithe bealaí, agus d’fhéadfadh roinnt cuairteanna breise ar chalafoirt sa Ríocht Aontaithe riosca seachanta a thabhairt le fios. San anailís mhionsonraithe ina ndéantar comparáid idir bealaí idir Meiriceá Thuaidh agus Iarthuaisceart na hEorpa in 2024 agus na bealaí a fógraíodh le haghaidh 2025, léirítear samplaí éagsúla de bhealaí a bheith á modhnú ó 2024 go 2025. De réir an chás‑staidéir sin, cé gur beag bealach trasatlantach a chuimsíonn stad nua sa Ríocht Aontaithe in 2025, tá bealaí eile ann ina gcuirtear cuairt ar chalafort de chuid an Aontais isteach agus/nó ina mbaintear cuairt ar chalafort de chuid na Ríochta Aontaithe. Ag an gcéim seo, tá sé deacair, dá bhrí sin, aon treocht shoiléir d’iompraíocht seachanta atá beartaithe do 2025 a shainaithint, i réigiún na Mara Thuaidh freisin. 

5.2. Infheistíochtaí i méadú ar acmhainneacht calafort coimeádán

Sainaithníodh líon mór tionscadal maidir le hacmhainneacht na gcalafort a mhéadú le haghaidh coimeádán i gcalafoirt chomharsanacha an Aontais agus i gcalafoirt neamh‑AE chomharsanacha araon. Tá go leor calafort Eorpach ag leanúint d’fhás orgánach i gcomhthéacs margadh aibí, agus tá críochfoirt coimeádán atá ann cheana ag cur lena n-acmhainneacht de réir a chéile chun feabhas a chur ar a n-iomaíochas agus ar a sciar den mhargadh. Mar gheall ar dhinimic láidir an mhargaidh (méadú 67 % ar mhéideanna coimeádán ó bhí 2010 ann i dtíortha neamh‑AE sa Mheánmhuir), leanann na calafoirt neamh‑AE chomharsanacha dá bhforbairt thapa, agus tá roinnt tionscadail thábhachtacha atá lonnaithe ar shiúl ó lár cathracha níos sine.

Agus achoimre á déanamh ar mhéaduithe ar acmhainneacht coimeádán calafort a sainaithníodh le haghaidh 2025-2035, is é sin, 25 mhilliún TEU breise do chalafoirt an Aontais, i gcomparáid le 34 mhilliún TEU do chalafoirt neamh‑AE chomharsanacha. Maidir leis an réigiún deireanach sin, is iad infheistíochtaí sa Mheánmhuir Thoir (i.e. an Tuirc agus an Éigipt) agus sa Mheánmhuir Thiar (i.e. Maracó) is cúis leis sin den chuid is mó.

Áirítear orthu sin, mar shampla, infheistíochtaí i gcalafoirt Damietta agus Nador. Ag Damietta (an Éigipt), meastar go gcuirfear tús le hoibríochtaí in 2025 le críochfort nua a bhfuil acmhainneacht bhliantúil 3.3 milliún TEU ann (i gcomparáid le 1.2 milliún acmhainneacht TEU faoi láthair) agus tá sé mar aidhm aige a bheith ina mhol tiomnaithe straitéiseach trasloingsithe de chuid Hapag-Lloyd sa Mheánmhuir Thoir. Ag Nador (Maracó), tá an tionscadal chun acmhainneacht láimhseála coimeádán a leathnú ag Críochfort Nador West Med ag dul chun cinn tar éis deich mbliana pleanála. A luaithe a bheidh sé ag feidhmiú go hiomlán faoi 2027, tairgfidh an críochfort acmhainneacht 3.4 milliún TEU in aghaidh na bliana (i gcomparáid le hacmhainneacht diomaibhseach láimhseála coimeádán ag Nador faoi láthair). Déanfaidh comhfhiontar idir CMA CGM agus Marsa Maroc 50 % den chríochfort coimeádán nua a fheistiú agus a oibriú. Is é is aidhm don mhéadú acmhainneachta sin acmhainneacht trasloingsithe Tanger Med a chomhlánú.

Faoi láthair, níl aon fhianaise shoiléir ann chun teacht ar an gconclúid go bhfuil athrú ag teacht ar phatrúin infheistíochta i gcalafoirt (i.e. infheistíochtaí á gcur ar ceal nó á laghdú ag calafoirt an Aontais agus dlús á chur leo i gcalafoirt neamh‑AE atá in iomaíocht le chéile) mar thoradh ar CTA. Mar sin féin, i bhfianaise na n-infheistíochtaí atá beartaithe, tá sé tábhachtach leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar na calafoirt chomharsanacha sin atá ag leathnú go tapa.

5.3. Athruithe ar reachtaíocht i dtíortha comharsanacha

Níl aon fhorbairt reachtach agus rialála i dtíortha comharsanacha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a d’fhéadfadh rioscaí seachanta a mhéadú amach anseo. Os a choinne sin, d’fhógair dhá cheann de na tíortha comharsanacha sin, an Ríocht Aontaithe agus an Tuirc, pleananna maidir le sásraí praghsála carbóin a chur chun feidhme d’earnáil na loingseoireachta.

Tá sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe raon feidhme CTA na Ríochta Aontaithe a leathnú chun astaíochtaí muirí a chumhdach ó 2026 ar aghaidh. Seoladh comhairliúchán i mí na Samhna 2024 17 agus é mar chuspóir aige breathnú ar roghanna éagsúla cur chun feidhme chomh maith le dul i gcomhairle maidir le leathnú féideartha CTA na Ríochta Aontaithe amach anseo chuig astaíochtaí muirí breise. Luaitear sa chomhairliúchán go bhféadfaí leath d’astaíochtaí na Ríochta Aontaithe-an Aontais sa bhreis ar astaíochtaí intíre na Ríochta Aontaithe a chumhdach, agus d’fhéadfadh sé go gcumhdófaí leath d’astaíochtaí ó mhuiraistir idirnáisiúnta a thosaíonn nó a chríochnaíonn sa Ríocht Aontaithe ó thar lear, dá gcuirfí moill ar ghníomhaíocht iltaobhach trí IMO nó mura leor í chun astaíochtaí GCT ó loingseoireacht idirnáisiúnta a laghdú.

 Sa Tuirc, leasaigh an Pharlaimint a dlí maidir le calafoirt i mí Iúil 2024 agus é ar intinn aici oibleagáid a chur ar longa tráchtála a thagann isteach i gcalafoirt na Tuirce íoc as a n-astaíochtaí GCT. Ba cheart cumhdach an chórais (tonnáiste, cineálacha muiraistear), rátaí táillí astaíochtaí, agus nósanna imeachta maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú ar astaíochtaí a mhionsonrú tuilleadh i rialachán. Dá bhrí sin, níl sé soiléir fós an mbeidh feidhm ag CTA maidir le muiraistir idir an Tuirc agus an tAontas, muiraistir intíre amháin, agus/nó an mbeadh feidhm aige freisin maidir le muiraistir lasmuigh den Tuirc, agus sa chás sin thabharfaí aghaidh go hiomlán ar an riosca seachanta i ndáil le calafoirt na Tuirce.

Sheol an Éigipt margadh carbóin deonach le déanaí freisin, ach ní luaitear cumhdach muirí.

Níor sainaithníodh aon athrú reachtaíochta ábhartha a fógraíodh i Maracó ná in aon tír chomharsanach eile a bheadh ábhartha don anailís reatha.

Chomh maith leis na hathruithe reachtaíochta náisiúnta sin i dtíortha comharsanacha, tá an tAontas lánpháirteach freisin ar an leibhéal domhanda chun creat rialála uaillmhianach a éileamh. Tá plé leanúnach ar siúl ar leibhéal na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le bearta nithiúla chun na cuspóirí a comhaontaíodh faoi straitéis athbhreithnithe GCT IMO a bhaint amach. Tabharfar aird chuí ar thorthaí ar leibhéal IMO, lena n-áirítear i gcomhthéacs an fhaireacháin ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí i ndáil le muiriompar.

6.Faireachán ar thionchair eile

·Meastar gur mbaineann méadú 3.7 % ar an meán ar chostais fhoriomlána loingseoireachta in 2024 le costais CTA, agus éagsúlacht mhór i gcatagóirí soithí.

·Léirítear in anailís ar chostais agus formhuirir CTA go gcuireann oibreoirí long coimeádán costais CTA go hiomlán ar aghaidh chuig seoltóirí. Is méadú thart ar 1 % go 5 % ar last‑táillí an toradh atá ar na formhuirir CTA a fógraíodh ar phraghsanna iompair do sheoltóirí. An tráth céanna, tháinig méadú thart ar 120 % ar last‑táillí domhanda le haghaidh loingseoireacht coimeádán ó mhí Dheireadh Fómhair 2023 go mí an Mheithimh 2024 mar gheall ar ghéarchéim na Mara Rua den chuid is mó.

·Tá fianaise ann freisin go bhfuil formhuirir shonracha CTA á gcur i bhfeidhm ar bhealaí loingseoireachta gearrthurais. Tugann anailís ar bhealaí farantóireachta éagsúla le fios go bhfuil éagsúlacht tionchair ar chostais CTA maidir le praghsanna ticéad den chuid is mó ar fud na mbealaí roghnaithe, le méadú praghais idir 3 % agus 11 %.

·Níl aon fhianaise ann faoi láthair a thugann le fios gur tháinig laghdú ar sheirbhísí loingseoireachta chuig oileáin an Aontais, bunaithe ar an treocht i gcuairteanna ar chalafoirt a ndearnadh anailís orthu.

·Ní léirítear san anailís ar thrácht calafort sna réigiúin is forimeallaí aon laghdú neamhghnách in aon cheann de na réigiúin is forimeallaí in 2024. Ina theannta sin, is beag léiriú atá ann ar aon difríochtaí i dtreochtaí na gcuairteanna ar chalafoirt sna réigiúin is forimeallaí ag brath ar thionscnamh an mhuiraistir. Tá gníomhaíochtaí trasloingsithe sách beag i gcalafoirt na réigiún is forimeallaí, ach amháin i gcás na nOileán Canárach, agus níor sainaithníodh aon mhóriompraíocht seachanta maidir leo.

6.1. Tionchair ar chostais iompair

I bhfianaise meánphraghas do lamháltais CTA ag EUR 64/tCO2 in 2024, agus 40 % a thabharfar isteach go céimniúil, meastar go dtabharfaidh cuideachtaí loingseoireachta thart ar 34 mhilliún lamháltas de chuid an Aontais suas in 2024 (ag glacadh leis go mbeidh leibhéil ghníomhaíochta 2023 ann), rud a thabharfadh le tuiscint go mbeadh costas thart ar EUR 2,200 milliún ann chun lamháltais CTA a fháil. I gcomparáid leis na costais iomlána loingseoireachta (e.g. costais bhreosla, costais foirne, táillí calafort, costais chaipitil, etc.), is méadú thart ar 3.7 % é sin mura ndéanann oibreoirí agus/nó úinéirí long aon bhearta éifeachtúlachta fuinnimh ná aon bhearta laghdaithe astaíochtaí.

Tá éagsúlacht mhór sna tionchair chostais ar fud catagóirí soithí, ag brath ar a sciar coibhneasta d’astaíochtaí laistigh den Aontas agus lasmuigh de. Mar shampla, is iondúil go mbíonn sciar níos airde d’astaíochtaí lasmuigh den Aontas ag longa coimeádán, tancaeir nó bulc-iompróirí i gcomparáid le longa paisinéirí.

Measadh gur thart ar EUR 145 000 in aghaidh an turais a bhí sna tionchair chostais iomlána CTA in 2024 le haghaidh bealach roghnaithe ón gCianoirthear go Tuaisceart na hEorpa (Shang-hai go Rotterdam agus long coimeádán tógtha in 2015 ina raibh thart ar 14 000 TEU) agus gan ach breoslaí iontaise á n-úsáid agus iad á n-athródú trí Rinn an Dóchais agus ag EUR 106 000 agus iad ag seoladh trí Chanáil Shuais. Is costas breise é sin de thart ar EUR 10/TEU agus EUR 7/TEU, faoi seach, agus lódfhachtóir measta 78 % ann.

D’fhógair oibreoirí línéar formhuirir CTA chun costais CTA a chur ar aghaidh chuig seoltóirí. Mar léiriú air sin, is é EUR 30/TEU ar an meán (agus EUR 20/TEU sa treo eile) formhuirir CTA ar an mbealach ón Áise go Tuaisceart na hEorpa, sa dá chás níos airde ná an costas EUR 7-10/TEU a mheastar thuas don bhealach sin in 2024. Is cosúil go léiríonn sé sin gur féidir le hoibreoirí línéar costais CTA a chur ar aghaidh go hiomlán, agus léiríonn sé nach gá go léiríonn formhuirir den sórt sin fíorchostais CTA AE a bhfuil coinne leo ar bhealach sonrach.

Léirítear san anailís ar fhormhuirir CTA i gcomparáid le last‑táillí gur dócha go mbeidh tionchar CTA ar phraghsanna iompair do sheoltóirí teoranta in 2024. Tá formhuirir CTA fógartha ag oibreoirí línéar laistigh de raon 1-5 % de last‑táillí coimeádán den chuid is mó. Tá sé sin i gcomparáid leis an méadú 120 pointe céatadáin ar last‑táillí coimeádán ó mhí Dheireadh Fómhair 2023 go mí an Mheithimh 2024, arb í géarchéim na Mara Rua is cúis leis den chuid is mó, mar a mheas UNCTAD. 18

Tá fianaise ann freisin go bhfuil formhuirir shonracha CTA á gcur i bhfeidhm ar bhealaí loingseoireachta gearrthurais. Léirítear in anailís ar bhealaí farantóireachta éagsúla san Aontas go n-athraíonn tionchar chostais CTA ar phraghsanna ticéad ar fud na mbealaí, agus go n-athraíonn an praghas ó 3 % go 11 % in 2024.

6.2. Tionchair ar sheirbhísí fíor-riachtanacha le haghaidh leanúnachas críche

Léirítear san anailís ar chuairteanna ar chalafoirt le haghaidh na 10 seirbhís farantóireachta is mó chuig oileáin an Aontais, sna cásanna sin nach bhfuil aon díolúine ann le haghaidh seirbhísí intíre d’oileáin a bhfuil níos lú ná 200 000 cónaitheoir iontu, gur féidir coinne a bheith leis go mbeidh tionchair réasúnta mór ag CTA ar chostais iomlána bhliantúla na muiraistear, agus go mbeidh tionchair níos mó aige sin sna blianta ina dhiaidh sin. In 2024, meastar gur 8 % breise é costas CTA os cionn an chostais loingseoireachta iomláin le haghaidh bealaí farantóireachta a úsáideann 100 % de bhreoslaí iontaise. In 2025 agus 2026, meastar go dtiocfaidh méadú ar chostas CTA i gcomhréir leis an gcur chuige céimnithe maidir le lamháltais CTA atá le tabhairt suas. Chuige sin, níl aon fhianaise ann faoi láthair a thugann le fios gur tháinig laghdú ar sheirbhísí loingseoireachta chuig oileáin, bunaithe ar an treocht i gcuairteanna ar chalafoirt a ndearnadh anailís orthu, i gcás calafoirt oileánacha dhíolmhaithe agus neamhdhíolmhaithe araon. Ní chuireann na freagraí ar an gceistneoir a seoladh chuig údaráis chalafoirt aon fhianaise bhreise ar fáil maidir le coigeartuithe soláthair i seirbhísí farantóireachta chuig oileáin. Dá bhrí sin, is cosúil nach ndearna costas CTA sa bhliain reatha difear do mhinicíocht na seirbhísí loingseoireachta chuig oileáin ná do chuideachtaí a dhíspreagadh tabhairt faoi na bealaí sin, bunaithe ar na sonraí atá ar fáil.

6.3. Tionchair ar sheirbhísí loingseoireachta chuig na réigiúin is forimeallaí nó uathu

Sainaithníodh sa mheasúnú tionchair maidir le CTA AE a leathnú chuig an muiriompar go bhfuil na críocha is iargúlta de chuid an Aontais, na réigiúin is forimeallaí, neamhchosanta go háirithe ar thionchair eacnamaíocha ó athruithe in earnáil na loingseoireachta. Is iomaí cúis leis sin, lena n-áirítear céimeanna muiraistir i bhfad níos faide chuig na réigiúin is forimeallaí ná turais laistigh den Aontas (tá roinnt de na réigiúin is forimeallaí 10 000 ciliméadar ón Eoraip) agus OTI per capita i bhfad níos ísle sna réigiúin sin i gcomparáid lena meáin náisiúnta (agus meán an Aontais i gcoitinne). Is ar na cúiseanna sin go léir, i gcomhréir le hAirteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go n-áirítear sa Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí maoluithe sonracha i ndáil le hastaíochtaí loingseoireachta a bhaineann leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas.

Leis an anailís ar chuairteanna ar chalafoirt ag na réigiúin is forimeallaí éagsúla in 2024, léirítear treochtaí atá comhsheasmhach le blianta roimhe sin nó atá nasctha le hathruithe ar thrácht réigiúnach (go háirithe laistigh de Mhuir Chairib). Níl aon fhianaise ann go raibh laghduithe neamhghnácha ar thrácht ar fud aon cheann de na réigiúin is forimeallaí in 2024.

Ina theannta sin, is beag éagsúlacht atá ann i dtreochtaí na gcuairteanna ar chalafoirt sna réigiúin is forimeallaí ag brath ar thionscnamh an mhuiraistir. Sna hOileáin Chanáracha, bhí méadú níos mó in 2024 ar chuairteanna ar chalafoirt maidir le muiraistir ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, ach is cosúil go mbaineann siad sin le tionchair na staide sa Mhuir Rua, seachas le leathnú CTA AE. Níl aon léiriú ann ach oiread ar aon laghdú ar thrácht ó Bhallstáit eile de chuid an Aontais i dtreo na réigiún is forimeallaí, ná ar mhéaduithe ar thrácht náisiúnta ó chríoch ilchríochach na hEorpa de Bhallstát ar leith i dtreo na réigiún is forimeallaí ná idir na réigiúin is forimeallaí den Stát céanna, rud a d’fhéadfadh athruithe ar bhealaí a léiriú (i.e. athruithe ar ord na gcuairteanna ar chalafoirt) lena bhféachtar le híocaíochtaí CTA a laghdú trí úsáid a bhaint as maoluithe atá ann cheana le haghaidh muiraistir laistigh den Bhallstát céanna.

Is iad calafoirt sna hOileáin Chanáracha is mó is cúis le gníomhaíocht trasloingsithe coimeádán ag calafoirt sna réigiúin is forimeallaí san Aontas, agus tháinig méadú mór ar na calafoirt sin go luath in 2024. Meastar go bhfuil an borradh sin mar gheall ar thionchair na staide sa Mhuir Rua. I gcodarsnacht leis sin, d’fhan gníomhaíocht trasloingsithe i gcalafoirt na réigiún is forimeallaí eile ar leibhéal íseal. Dá bhrí sin, ní féidir aon éifeacht dhíreach a bhí ag CTA AE ar na gníomhaíochtaí sin in 2024 a shainaithint.

7.Conclúidí

Tugtar anailís tosaigh sa tuarascáil seo ar thionchair leathnú CTA AE chuig an muiriompar, ar leathnú é ar cuireadh tús leis an 1 Eanáir 2024, agus é mar chuspóir aige treochtaí seachanta a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath go luath agus measúnú a dhéanamh ar impleachtaí níos leithne an chórais, lena n-áirítear na héifeachtaí atá aige ar chostais iompair agus ar phríomhsheirbhísí loingseoireachta.

Nuair a bhreathnaítear ar threochtaí sa mhargadh le linn na chéad trí ráithe de 2024, léiríonn na sonraí atá ar fáil gur tharla athruithe tábhachtacha ar mhuirthrácht agus ar bhealaí muirí in 2024. Is cosúil go mbaineann na hathruithe sin go príomha le tionchair leanúnacha ghéarchéim na Mara Rua, áfach, rud a d’fhág go raibh go leor cuideachtaí loingseoireachta ag imeacht óna mbealaí timpeall na hAfraice Theas, trí Rinn an Dóchais.

Chun éifeachtaí na Mara Rua a scaradh ó éifeachtaí leathnú CTA a mhéid is féidir, déantar comparáid san anailís idir na treochtaí ag calafoirt an Aontais agus ag calafoirt neamh‑AE, agus a ngníomhaíocht eacnamaíoch, a suíomh agus a neamhchosaint ar ghéarchéim na Mara Rua á gcur san áireamh. Ní léirítear san anailís aon fhianaise nithiúil ar threocht ghinearálta maidir le hathlonnú gníomhaíochtaí trasloingsithe coimeádán, trína mbainfeadh calafoirt neamh‑AE chomharsanacha tairbhe as laghdú ar ghníomhaíocht chalafoirt ag calafoirt an Aontais. Níl aon fhianaise shoiléir ann ach oiread a thugann le fios go bhfuil cuideachtaí loingseoireachta ag cur stadanna ag calafoirt neamh‑AE chomharsanacha nó ag modhnú ord na gcuairteanna ar chalafoirt chun dul timpeall ar oibleagáidí CTA. Ina theannta sin, ní sholáthraíonn anailís ar na sonraí atá ar fáil maidir le dhá chás‑staidéar (an Spáinn-an Iodáil agus an Bhulgáir-tíortha comharsanacha) aon fhianaise ar aistriú módach i dtreo iompar ar bóthar. Ina theannta sin, ní léiríonn na sonraí atá ar fáil méadú ar úsáid long níos lú lasmuigh de raon feidhme an chórais ná aistrithe ó long go long, rud a d’fhéadfadh a thabhairt le fios go bhfuil iompraíochtaí seachanta den sórt sin á gcur chun feidhme ag cuideachtaí.

Agus táscairí réamhbhreathnaitheacha á scrúdú, lena n-áirítear fógraí bealaí do 2025 agus infheistíochtaí beartaithe i gcalafoirt, ní nochtar san anailís aon treochtaí inaitheanta a d’fhéadfadh athrú ar iompraíocht an mhargaidh a léiriú mar thoradh ar leathnú CTA chuig muiriompar. Idir an dá linn, leagtar béim sa staidéar ar thírdhreach an-dinimiciúil thionscal na loingseoireachta, e.g. le cuideachtaí loingseoireachta coimeádán ag oiriúnú a mbealaí agus a n-oibríochtaí go tapa mar fhreagairt ar ghéarchéim na Mara Rua. Cé go dtugann roinnt samplaí le fios go bhféadfadh cuideachtaí a bheith ag smaoineamh ar iompraíochtaí chun teacht timpeall ar oibleagáidí agus a mbealaí amach anseo á ndearadh acu, ní sholáthraíonn an anailís fianaise chríochnúil agus ghinearálaithe ar threocht den sórt sin. Ina theannta sin, níl athrú mór tagtha ar na hinfheistíochtaí atá beartaithe i gcalafoirt, san Aontas agus i dtíortha comharsanacha araon, i gcomparáid le treochtaí atá ar siúl cheana féin le blianta beaga anuas, agus tá go leor calafort ag leanúint d’infheistíochtaí uaillmhianacha a phleanáil chun a n-iomaíochas agus a sciar den mhargadh a mhéadú, go háirithe i gcás gníomhaíochtaí trasloingsithe coimeádán.

Maidir le tionchair níos leithne, meastar go dtiocfaidh méadú 3.7 %, ar an meán, ar chostais iomlána loingseoireachta in 2024 le leathnú CTA chuig an muiriompar agus leis an oibleagáid atá ar chuideachtaí loingseoireachta lamháltais an Aontais a thabhairt suas, mura ndéanfaidh oibreoirí agus/nó úinéirí long aon bheart éifeachtúlachta fuinnimh ná aon bheart laghdaithe astaíochtaí. Meastar go mbeidh méaduithe níos airde in 2025 agus 2026, a bheidh nasctha leis an gcur chuige céimnithe. Is iondúil go gcuireann cuideachtaí loingseoireachta na costais sin ar aghaidh chuig seoltóirí, agus tionchar réasúnta teoranta acu ar phraghsanna iomlána iompair. Is fiú méadú idir 1 % agus 5 % ar last‑táillí le haghaidh seirbhísí coimeádán domhainfharraige formhuirir CTA arna bhforchur ag cuideachtaí loingseoireachta in 2024 agus idir 3 % agus 11 % le haghaidh línte farantóireachta éagsúla san Eoraip. Ní léirítear san anailís fianaise ar laghdú ar sheirbhísí loingseoireachta chuig oileáin an Aontais nó chuig na réigiúin is forimeallaí, agus trácht calafoirt agus gníomhaíochtaí trasloingsithe fós réasúnta cobhsaí.

Cé nach n-aimsítear sa chéad tuarascáil seo fianaise ar athruithe móra atá inchurtha go díreach i leith thabhairt isteach CTA AE, ba cheart féachaint go cúramach ar na conclúidí sin mar gheall ar theorainneacha na hanailíse sin. Go háirithe, mórthionchair iarmharta ghéarchéim na Mara Rua ar mhuirthrácht, an t‑am teoranta ó tugadh isteach é agus, dá bhrí sin, taithí theoranta ar chur chun feidhme an chórais le haghaidh astaíochtaí muirí, agus teorainneacha sonraí, tá siad uile san áireamh i dteorainneacha na hanailíse. Dá bhrí sin, ba cheart breathnú ar an tuarascáil tosaigh sin mar an chéad chéim de phróiseas leanúnach lena gcuirtear bonn ar fáil le haghaidh anailís a dhéanfar amach anseo agus le haghaidh feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcur chuige faireacháin, go háirithe a mhéid a bhaineann le peirspictíochtaí a bheidh ann amach anseo a mheas — lena n-áirítear breithniú ar theacht i bhfeidhm Rialachán FuelEU Maritime ó mhí Eanáir 2025 ar aghaidh. San iarracht sin, leanfaidh an Coimisiún dá ghníomhaíochtaí faireacháin mar a cheanglaítear leis an Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí agus féachfaidh sé le tacaíocht ghníomhach agus comhoibriú gníomhach a fháil ó na Ballstáit, ó ghníomhaireachtaí agus ó pháirtithe leasmhara ábhartha chun a áirithiú go sainaithneofar go tapa treochtaí, patrúin agus saincheisteanna nua atá ag teacht chun cinn a bheidh mar bhonn eolais don chinnteoireacht agus d’fhorbairt beartais.

(1)

Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(2)

Ricardo et al., 2024 — ‘Supporting study for the implementation of the ETS Directive and MRV requirements for maritime transport’ [Staidéar tacaíochta chun an Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí agus ceanglais MRV maidir le muiriompar a chur chun feidhme], foilseachán atá le teacht

(3)

Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena leasaítear, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:02015R0757-20240101 ).

(4)

Is é THETIS‑MRV an córas TF chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar a thuairisciú de bhun Rialachán MRV an Aontais ( https://mrv.emsa.europa.eu/#public/eumrv ).

(5)

Suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh, https://climate.ec.europa.eu/eu-action/transport/reducing-emissions‑shipping-sector_en#events  

(6)

Suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh, https://climate.ec.europa.eu/eu-action/transport/reducing-emissions‑shipping-sector_en#faq  

(7)

Treoirdhoiciméad Uimh. 1: The EU ETS and MRV Maritime – General guidance for shipping companies [CTA AE agus Rialachán MRV — Treoir ghinearálta do chuideachtaí loingseoireachta] ( https://climate.ec.europa.eu/eu-action/transport/reducing-emissions‑shipping-sector_en#documentation )

(8)

Treoirdhoiciméad Uimh. 2: ETS and MRV Maritime Regulation – General guidance on the process for approval of monitoring plans by administering authorities [CTA agus Rialachán MRV — Treoir ghinearálta maidir leis an bpróiseas chun pleananna faireacháin a fhormheas ag údaráis riaracháin] ( https://climate.ec.europa.eu/eu-action/transport/reducing-emissions‑shipping-sector_en#documentation )

(9)

Arna shainmhíniú in Airteagal 3ga(2) den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí mar chalafoirt ina bhfuil 1) sciar trasloingsithe na gcoimeádán níos mó ná 65 % de thrácht iomlán coimeádán an chalafoirt, 2) suíomh an chalafoirt lasmuigh den Aontas ach níos lú ná 300 muirmhíle ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit, 3) an calafort lonnaithe i dtír nach tír den Aontas Eorpach í agus nach gcuireann an tír sin nach tír den Aontas Eorpach í bearta atá coibhéiseach leis an Treoir seo i bhfeidhm go héifeachtach ina leith.

(10)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2297 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2023 lena sainaithnítear calafoirt trasloingsithe coimeádán chomharsanacha de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 2023/2297, 27.10.2023, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R2297 .

(11)

Foilsítear liosta na mbealaí trasnáisiúnta faoi chonradh seirbhíse poiblí nó faoi oibleagáid seirbhíse poiblí lena mbaineann an maolú seo i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2895: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:02023D2895-20240101  

(12)

Foilsítear an liosta ina bhfuil oileáin agus calafoirt lena mbaineann an maolú seo i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2895: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:02023D2895-20240101  

(13)

Foinse: Anailís dhílis EMSA ar thionchar forbairtí ar mhuirthrácht sa Mhuir Rua.

(14)

Measadh roinnt calafort neamh‑AE eile atá níos faide i gcéin, de réir mar a measadh iad a bheith ábhartha.

(15)

TEU: Aonad Coibhéise Fiche Troigh, tomhas caighdeánach ar thoilleadh lasta bunaithe ar choimeádán loingseoireachta 20 troigh.

(16)

Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt, Athbhreithniú 2024 ar Mhuiriompar (UNCTAD/RMT/2024) agus Athbhreithniú 2023 ar Mhuiriompar (UNCTAD/RMT/2023).

(17)

Leathnú Scóip Scéim Trádála Astaíochtaí na Ríochta Aontaithe: An earnáil mhuirí: Comhchomhairliúchán idir Rialtas na Ríochta Aontaithe, Rialtas na hAlban, Rialtas na Breataine Bige agus an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe do Thuaisceart Éireann. Dáta deiridh: 23 Eanáir 2025.

https://assets.publishing.service.gov.uk/media/6747627277462f7809147537/uk-ets‑scope-expansion-maritime-consultation.pdf  

(18)

 UNCTAD, Athbhreithniú 2024 ar mhuiriompar (Caibidil 3) RMT 2024 — Caibidil III. Last‑táillí, costais mhuiriompair agus a dtionchar ar phraghsanna do thomhaltóirí agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch

Top