AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.2.2025
COM(2025) 54 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH
maidir leis an meastóireacht mheántéarma ar an gClár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár 'Pericles IV')
{SWD(2025) 44 final}
1.Réamhrá
An clár ‘Pericles IV’, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/840 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é an ceathrú leagan den chlár ‘Pericles’. Is é an bunús dlí atá leis Airteagal 133 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Saothraítear leis an gclár na cuspóirí ginearálta seo a leanas: góchumadh an euro agus calaois ghaolmhar a chosc agus sláine nótaí bainc agus monaí euro a chaomhnú. Dá bhrí sin, is treise an mhuinín atá ag saoránaigh agus gnólachtaí as barántúlacht na nótaí bainc agus na monaí sin mar gheall ar an gclár, agus cuireann sé leis an muinín atá acu as geilleagar an Aontais, agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí á háirithiú an tráth céanna. Is é cuspóir sonrach an chláir nótaí bainc agus monaí euro a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar. Féachann sé leis an gcuspóir sin a bhaint amach ar dhá phríomhbhealach. Is é an chéad bhealach tacú leis na bearta a dhéanann na Ballstáit agus iad a fhorlíonadh. Is é an dara bealach cúnamh a thabhairt do na húdaráis náisiúnta inniúla ina n‑iarrachtaí dlúthchomhar tráthrialta a fhorbairt agus dea‑chleachtais a mhalartú eatarthu féin, leis an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.
Dá bhrí sin, is féidir an clár a cháiliú go ginearálta mar thionscnamh fothaithe acmhainneachta, scaipthe faisnéise agus líonraithe. Tá a chuid gníomhaíochtaí dírithe ar an méid seo a leanas: (i) faisnéis a mhalartú agus a scaipeadh; (ii) cúnamh teicniúil, eolaíochta agus oibríochtúil a sholáthar; agus (iii) trealamh a cheannach a bheidh le húsáid ag údaráis speisialaithe um chomhrac an ghóchumtha de chuid tíortha nach Ballstáit den Aontas iad chun an euro a chosaint ar ghóchumadh.
Tá an clár bunaithe ar thrí phríomhphrionsabal: (i) an trasnáisiúntacht, lena gceanglaítear ar dhá thír ar a laghad a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí uile an chláir; (ii) an ildisciplíneacht, atá beartaithe chun é a dhéanamh níos éasca do spriocghrúpaí cur chuige coiteann a ghlacadh i leith chosaint an euro, is iad sin na spriocghrúpaí dá dtagraítear thíos; agus (iii) an chomhlántacht, le gníomhaíochtaí de chuid an chláir atá beartaithe chun tionscnaimh eile um chosaint an euro a chuireann na Ballstáit nó institiúidí AE/idirnáisiúnta chun feidhme a fhorlíonadh — agus gan iad a ionadú.
Rinneadh an mheastóireacht mheántéarma ar an gclár ‘Pericles IV’ i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/840. Cumhdaíodh leis an meastóireacht na critéir seo a leanas mar a fhorordaítear sna Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr: ábharthacht; éifeachtacht; éifeachtúlacht; comhleanúnachas; agus breisluach AE. Rinneadh breithniú inti freisin ar inbhuanaitheacht ghníomhaíochtaí an chláir chun an euro a chosaint ar ghóchumadh. Rinneadh athbhreithniú sa mheastóireacht ar chur chun feidhme an chláir ó mhí Eanáir 2021 go mí an Mhárta 2024, lenar cumhdaíodh na Ballstáit den Aontas Eorpach (lena n‑áirítear Ballstáit atá sa limistéar euro agus Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro) agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad araon. Bhí páirtithe leasmhara éagsúla páirteach sa mheastóireacht mheántéarma sin, lena n‑áirítear údaráis inniúla náisiúnta ó Bhallstáit den Aontas Eorpach, iarratasóirí agus tairbhithe an chláir, rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí arna gcistiú leis an gclár, institiúidí de chuid an Aontais amhail an Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE), gníomhaireachtaí amhail Europol agus Eurojust, mar aon le comhpháirtithe idirnáisiúnta, amhail údaráis inniúla ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus INTERPOL. Rinneadh athbhreithniú sa mheastóireacht ar gach cineál gníomhaíochta faoin gclár ‘Pericles IV’, lena n‑áirítear comhdhálacha agus imeachtaí móra chun faisnéis a scaipeadh, cruinnithe, seimineáir, ceardlanna, gníomhaíochtaí oiliúna, staidéir agus ceannacháin trealaimh.
Sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an teachtaireacht seo, tugtar tuilleadh mionsonraí maidir le meastóireacht mheántéarma an Choimisiúin. Tá an mheastóireacht bunaithe ar fhoinsí éagsúla, lena n‑áirítear staidéar neamhspleách a rinne conraitheoir seachtrach, agus a fhoilsítear go comhthreomhar. Cuirtear i láthair sa doiciméad inmheánach oibre na príomhléargais ón meastóireacht mheántéarma agus déantar cur chun feidhme an chláir ‘Pericles IV’ a mheas.
2.Conclúid fhoriomlán na meastóireachta
Is é conclúid na meastóireachta go bhfuil ag éirí leis an gclár ‘Pericles IV’ a chuspóir a bhaint amach, is é sin rannchuidiú le góchumadh an euro a chosc agus a chomhrac, agus ar an gcaoi sin sláine nótaí bainc agus monaí euro a chaomhnú.
Tríd is tríd, tá sé cruthaithe go bhfuil an clár éifeachtach ó thaobh feabhas a chur ar mhalartú faisnéise, scileanna teicniúla, creataí institiúideacha agus cumais oibríochtúla chun góchumadh an euro a chomhrac, i mBallstáit an Aontais agus i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad araon. D’éirigh leis líonrú agus imscrúduithe comhoibríocha a éascú, agus is as sin a tháinig éachtaí suntasacha amhail imscrúduithe a ndearnadh nótaí bainc agus monaí euro góchumtha a urghabháil agus eagraíochtaí coiriúla a dhíchóimeáil mar thoradh orthu.
Trí oiliúint theicniúil, seimineáir, malartuithe foirne agus staidéir a chur ar fáil, bhí an clár ina thacú le bearta a dhéanann na Ballstáit, go háirithe i gcásanna ina mbíonn an cistiú náisiúnta teoranta. Dá bhrí sin, áirithíodh leis an gclár ‘Pericles IV’ úsáid éifeachtúil acmhainní go dtí seo chun aschuir, torthaí agus tionchair an chláir a bhaint amach. Cé go bhfuil costais bhainistíochta réasúnta ard i dtéarmaí coibhneasta i gcomparáid le cláir chomhchosúla, is é buiséad foriomlán teoranta an chláir is cúis leis sin den chuid is mó. Tá laghdú ag teacht ar a sciar foriomlán freisin mar gheall ar an digitiú, rud a léiríonn gnóthachain éifeachtúlachta foriomláine. Le dlúth‑rannpháirtíocht AS ECFIN i gcomhordú agus i gcur chun feidhme gníomhaíochta, mar shampla trí chathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe den Ghrúpa Saineolaithe um Ghóchumadh an Euro, áirithítear rannpháirtíocht ghníomhach na mBallstát agus faireachán éifeachtach. Déantar meastóireachtaí meántéarma agus ex post ar an gclár. Mar sin féin, i bhfianaise mhéid bheag an chláir agus an ardleibhéil leanúnachais le himeacht roinnt clárthréimhsí, d’fhéadfadh sé gur ghá breithniú a dhéanamh ar an gceist maidir le comhréireacht dhá cheanglas meastóireachta in aghaidh an timthrialla cistiúcháin i gcoibhneas leis an mbuiséad foriomlán.
Ina theannta sin, meastar go bhfuil an clár comhlántach agus comhleanúnach le tionscnaimh a dhéanann institiúidí eile de chuid an Aontais, amhail BCE, agus gníomhaireachtaí, amhail Europol. Ós rud é go bhfuil raon feidhme thionscnaimh na mBallstát teoranta, líontar an bhearna sin leis an gclár trí ghníomhaíochtaí ilnáisiúnta agus ildisciplíneacha a thairiscint ina gcuirtear saineolas ar fáil agus lena gcothaítear an fhorbairt caidreamh i measc na mBallstát agus le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Go deimhin, tá breisluach AE nach beag ag baint leis an gclár trí chaidrimh agus comhar a bhunú agus a fheabhsú i measc na mBallstát, tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, institiúidí de chuid an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a théann thar raon feidhme na n‑údarás náisiúnta aonair.
Tá an clár fós an‑ábhartha agus tá sé curtha in oiriúint do bhagairtí atá ag teacht chun cinn. Tá gá le haird leanúnach chun bagairtí góchumtha atá ag teacht chun cinn a chomhrac agus chun a áirithiú go bhfanfaidh an líon nótaí bainc agus monaí euro góchumtha a bhraitear faoi smacht agus ar leibhéil ísle araon: fad agus a úsáidtear airgead tirim, is ann fós don riosca a bhaineann le nótaí bainc agus monaí góchumtha. Ar deireadh, oibríonn an clár chun inbhuanaitheacht a aschur agus a dhul chun cinn amach anseo le himeacht ama i dtreo a chuspóirí a áirithiú trí eolas a aistriú trí ghníomhaíochtaí leantacha tráthrialta agus trí thacaíocht leanúnach. Tarraingíonn páirtithe leasmhara aird ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn agus ar ráta ard athraithe foirne laistigh d’údaráis náisiúnta inniúla, agus cuireann siad i dtábhacht an gá atá le hoiliúint a dhéanamh arís gach 2‑3 bliana.
3.Na príomhcheachtanna a foghlaimíodh
Ar an iomlán, deimhnítear leis an meastóireacht go bhfuil gá fós le gníomhaíochtaí Pericles agus gur dócha go dtiocfaidh méadú ar an ngá sin. Leagtar amach inti roinnt príomhcheachtanna a foghlaimíodh, atá úsáideach chun leanúint den chlár a chur chun feidhme.
Maidir le héifeachtacht an chláir, tugtar le fios sa mheastóireacht gur cheart an clár a leanúint de bheith dírithe ar na Ballstáit sin agus na tíortha nach Ballstáit iad a bhfuil leas díreach nó saineolas acu i réimse ar leith a nascadh, ionas gur féidir a áirithiú leis an gclár go mbeidh na gníomhaíochtaí fóinteach agus táirgiúil. Léirítear sa mheastóireacht freisin gur gá an chothromaíocht a choinneáil idir na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí atá incháilithe do chistiú, amhail staidéir agus trealamh a cheannach do thíortha nach Ballstáit den Aontas iad, ar feadh a bhfuil fágtha den chlárthréimhse.
Léirítear sa mheastóireacht gur féidir an clár ‘Pericles IV’ a dhéanamh níos ábhartha fós trína bhéim a choinneáil ar bhagairtí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, lena n‑áirítear nótaí bainc dearaidh athraithe agus dáileadh nótaí bainc agus monaí góchumtha ar an idirlíon. Mar sin féin, tugtar le fios sa mheastóireacht freisin gur cheart an clár a bheith dírithe ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don euro digiteach amach anseo agus ar thionchar na hintleachta saorga ar tháirgeadh agus ar shainaithint airgeadra ghóchumtha. Chun go seasfaidh an clár an aimsir, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le saineolas sonrach a mhealladh, mar shampla tríd an raon feidhme maidir le saineolaithe rannpháirteacha a leathnú chun aghaidh a thabhairt ar na forbairtí sin agus ar bhagairtí nua a d’fhéadfadh a bheith ann. Bheadh cur chuige dériain úsáideach i ndáil leis sin, agus aird leordhóthanach á tabhairt ar an dá rud seo a leanas: (i) an gá atá ann go bhforbróidh na Ballstáit (agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad) bunscileanna teicniúla frith‑ghóchumtha agus (ii) bagairtí atá ag teacht chun cinn agus na húdaráis sin a bhfuil an cumas acu aghaidh a thabhairt ar na bagairtí sin. I measc na mbealaí eile chun an clár a neartú d’fhéadfaí iarraidh ar na breithiúna, ar an lucht custaim agus ar na seirbhísí beartsheachadta a bheith níos rannpháirtí i ngníomhaíochtaí an chláir, cláir oibre agus ábhair na ngníomhaíochtaí sin a roinnt roimh ré agus ábhar na ngníomhaíochtaí a chur in oiriúint don lucht féachana a bhfuil coinne leis. Na cruinnithe den Ghrúpa Saineolaithe um Ghóchumadh an Euro agus straitéisí Pericles a thugtar cothrom le dáta go bliantúil, is iad sin na fóraim is fearr chun na ceachtanna a foghlaimíodh a chur i bhfeidhm.
Maidir le hinbhuanaitheacht an chláir chun leanúint de bheith éifeachtach, is é an príomhcheacht a foghlaimíodh a thábhachtaí atá sé gníomhaíochtaí leantacha leordhóthanacha a dhéanamh agus seisiúin oiliúna thráthrialta a chur ar fáil. Is féidir iad sin a bheidh ina gcuidiú le torthaí foghlama a chur i bhfeidhm agus a threisiú i gceart, agus a áirithiú go roinnfear nuashonruithe ar threochtaí agus forbairtí reatha go forleathan trí aird a tharraingt ar chineál na bagartha a bhaineann le góchumadh an euro atá ag síorathrú. Trí pháirt thráthrialta a ghlacadh i ngníomhaíochtaí arna gcistiú leis an gclár, fágann an Ard‑Stiúrthóireacht de chuid an Choimisiúin a chuireann an clár chun feidhme gur féidir measúnú a dhéanamh ar cháilíocht agus ar inbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí sin ar bhonn leanúnach. Baineann gné láidir ‘oiliúint a chur ar na hoiliúnóirí’ le go leor gníomhaíochtaí – gníomhaíochtaí a eagraíonn an Coimisiún féin agus gníomhaíochtaí na mBallstát araon – agus déantar iad arís agus arís eile go tréimhsiúil, rud a áirithíonn go bhfanann an t‑eolas cothrom le dáta de réir mar a athraíonn foireann na n‑údarás inniúil. Ceacht deiridh amháin a foghlaimíodh is ea gur cheart bacainní teanga a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n‑áirítear bacainní teanga idir an lucht cur chun feidhme agus rannpháirtithe eile i ngníomhaíochtaí an chláir, a íoslaghdú, mar shampla tríd an lucht cur chun feidhme a spreagadh chun ateangaireacht a chur ar fáil i gcás inarb iomchuí.
4.Leanúint den chlár ‘Pericles IV’ agus an bealach chun cinn
Is é conclúid na meastóireachta go bhfuil struchtúr cur chun feidhme reatha an chláir ‘Pericles IV’ éifeachtach, éifeachtúil agus inbhuanaithe tríd is tríd, agus go bhfuil sé fós ábhartha maidir le hoiriúnú do bhagairtí atá ag teacht chun cinn. Leis an gclár ‘Pericles IV’ tugtar aghaidh ar bhearna chriticiúil i roinnt mhaith Ballstát, inar minic a bhíonn teorainn leis na hacmhainní chun oiliúint idirnáisiúnta agus ildisciplíneach maidir le góchumadh an euro a eagrú. Trí thacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil, neartaíonn an clár cumas an Aontais góchumadh an euro a chomhrac agus tacaíonn sé le caidrimh nua, líonraí agus iarrachtaí comhair thrasnáisiúnta a fhorbairt.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leanúint de thíortha ábhartha a nascadh le chéile agus, an tráth céanna, cothromaíocht a choinneáil agus cineálacha sonracha gníomhaíochta a spreagadh. Is féidir é sin a bhaint amach trína straitéisí bliantúla Pericles agus trí chruinnithe den Ghrúpa Saineolaithe um Ghóchumadh an Euro. Déanfaidh an Coimisiún machnamh ar na féidearthachtaí maidir le síneadh a chur le fad na gcruinnithe sin go 2 lá. Measann sé gur fiú rannpháirtíocht mhéadaithe ionadaithe na n‑údarás breithiúnach a spreagadh sna cruinnithe den Ghrúpa Saineolaithe um Ghóchumadh an Euro agus i ngníomhaíochtaí de chuid an chláir ‘Pericles IV’, go háirithe i bhfianaise géarbhagairtí amhail nótaí bainc dearaidh athraithe. Céim thábhachtach atá déanta cheana sa treo sin is ea iarraidh ar Eurojust freastal go tráthrialta ar na cruinnithe den Ghrúpa Saineolaithe um Ghóchumadh an Euro.
Cé go bhfuil buiséad an chláir iomchuí go ginearálta chun ardleibhéal éifeachtachta a choinneáil ar bun, d’fhág laghdú ar chistiú gur cuireadh níos lú gníomhaíochtaí chun feidhme agus gur cuireadh níos lú oiliúna ar rannpháirtithe ná mar a cuireadh ar na glúnta roimhe seo den chlár. Go deimhin, léiríonn aiseolas a fuarthas ó pháirtithe leasmhara go bhfuil tionchar diúltach ag buiséad laghdaithe an chláir ‘Pericles IV’ i gcomparáid leis na glúnta roimhe seo den chlár ar a gcinnteoireacht agus ar a gcumas gníomhaíochtaí Pericles a eagrú.
Is mar gheall ar dhearadh an chláir go príomha atá rath air go dtí seo, rud a léiríonn a bhunús dlí uathúil agus a bhéim uathúil lena gcumasaítear dlúthchomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún Eorpach trí AS ECFIN. Ós rud é gur clár neamhspleách é ‘Pericles IV’, gníomhaíonn an Ard‑Stiúrthóireacht de chuid an Choimisiúin a bhainistíonn é mar aonad gnó oibríochtúil, atá ina dhlúthchuid d’fhorbairt straitéise, de phleanáil agus de chur chun feidhme gníomhaíochtaí. Áirithítear leis sin go leanfaidh an clár de bheith ailínithe le riachtanais na mBallstát agus na rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí, rud a thabharfaidh breisluach agus éifeachtacht.