AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.1.2025
COM(2025) 10 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Plean gníomhaíochta Eorpach maidir le cibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte
1.Réamhrá
Bíonn timpeallacht slándála an Aontais ag athrú go tapa, agus géarú ag teacht ar ionsaithe hibrideacha agus cibirionsaithe arb é is aidhm dóibh ár sochaí a dhíchobhsú, deighilt agus cur isteach a chothú, ach brabús a dhéanamh as an gcibearchoireacht freisin. Dá bhrí sin, ní mór don Eoraip a hullmhacht agus a hathléimneacht a neartú i gcoinne na réaltachta nua sin go práinneach, thar gach earnáil agus i gcomhréir le cur chuige ‘uile-shochaí’ agus ‘uile-rialtais’, mar a iarradh sa tuarascáil ón gComhairleoir Speisialta d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Sauli Niinistö.
Is bunchloch de shamhail shóisialta an Aontais iad córais cúraim sláinte atá slán agus athléimneach. Tá ag méadú ar na bagairtí atá ar ospidéil agus ar chórais cúraim sláinte, áfach, go háirithe ó dhronganna bogearraí éirice a dhíríonn orthu ar mhaithe le gnóthachan airgeadais, arna spreagadh ag ardluach sonraí othar, lena n‑áirítear ríomhthaifid sláinte. Go deimhin tá an earnáil sláinte ar an tionscal is mó a ndearnadh ionsaí air san Aontas le ceithre bliana anuas, lena n‑áirítear le linn phaindéim COVID-19 nuair a tháinig méadú ar na cibirionsaithe a bhí dírithe ar an mbonneagar sláinte. Tá dochar á dhéanamh ag cibirionsaithe ar ospidéil agus ar sholáthraithe cúraim sláinte go díreach do dhaoine, ag cur moill ar ghnáthaimh leighis, ag cruthú sáinne in aonaid timpistí agus éigeandála, agus sna cásanna is measa, cailltear beatha mar gheall orthu.
Tá níos mó fós i ngeall agus an earnáil ag tabhairt faoi chlaochlú digiteach ríthábhachtach. Is féidir leis an tsláinte dhigiteach agus le húsáid agus athúsáid na sonraí sláinte samhlacha cúraim a chumasú atá níos oiriúnaí do riachtanais agus do roghanna daoine agus othar, trí chosc a chur le tús galair nó trí chóireáil níos luaithe a chumasú ag céim níos luaithe. Is féidir le comhtháthú na n‑uirlisí agus na réiteach digiteach sna próisis chliniciúla chomh maith le húsáid agus athúsáid sonraí sláinte a bheith mar bhonn eolais chun go mbeidh cinntí cliniciúla níos fearr ann, rannchuidiú le huathoibriú sa tsláinte agus le cúram níos tapúla agus níos fearr d’othair. Is den ríthábhachtach freisin iad uirlisí digiteacha, úsáid sonraí agus feistí leighis – a bhíonn nasctha go minic leis an idirlíon agus cumhachtaithe ag an intleacht shaorga (IS) – chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail easpa gairmithe cúraim sláinte.
An tráth céanna, méadaíonn uirlisí digiteacha líon na spriocanna féideartha do chibearchoirpigh. Thairis sin, níl drogall ar ghníomhaithe stáit áirithe díriú ar shaoráidí cúraim sláinte, mar a chonacthas le cogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Fágann sin go bhféadfadh an earnáil a bheith ina sprioc fhéideartha le haghaidh cibirionsaithe mar chuid d’fheachtas hibrideach níos leithne. Ní hamháin go gcuireann cibirionsaithe sábháilteacht othar i mbaol ach creimeann siad muinín an phobail sa bhonneagar sláine agus bíonn costais shuntasacha téarnaimh ag baint leo. Sa bhreis ar bheith ar an airdeall i gcoinne cibirionsaithe, tá bonneagar athléimneach slán ríthábhachtach freisin chun tacú le cur chun feidhme agus cur in úsáid iomlán an Spáis Eorpaigh Sonraí Sláinte (SESS).
Dá bhrí sin, tá sé in am cibearshlándáil agus athléimneacht ospidéil agus sholáthraithe cúraim sláinte na hEorpa a mhéadú agus a neartú, rud a chuir an tUachtarán von der Leyen i dtábhacht sna Treoirlínte Polaitiúla uaithi le haghaidh Choimisiún 2024–2029. Freagraíonn an plean gníomhaíochta seo do phráinn an cháis agus do na bagairtí ar leith nach mór don earnáil déileáil leo. Níl aon réiteach simplí ‘urchair airgid’ ann ar na dúshláin chibearshlándála sa chúram sláinte. Murab ionann agus sin, sa phlean gníomhaíochta iarrtar neartú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí um chosc, ar an ullmhacht agus cur chuig níos comhordaithe a bheith i leith na dlúthpháirtíochta, agus leas á bhaint as saineolas thionscal cibearshlándála na hEorpa ag an am céanna. Dá bhrí sin, léirítear sa phlean gníomhaíochta cur chuige an Aontais maidir leis an tslándáil a fhorbrófar tuilleadh agus a chuirfear ar bhonn foirmiúil sa Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, lena saineofar freagairt chuimsitheach chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí slándála uile agus lena ndíreofar ar an gcumas bagairtí a réamh-mheas, an dochar a chosc agus daoine a chosaint, ag gníomhú ar gach leibhéal le cur chuige uile-shochaí.
Tá raon leathan eintiteas agus gníomhaithe san earnáil sláinte, rud a chuimsíonn ospidéil, clinicí, árais cúraim, ionaid athshlánaithe agus soláthraithe éagsúla cúraim sláinte, mar aon leis an tionscal cógaisíochta, leighis agus biteicneolaíochta, monaróirí feistí leighis, agus institiúidí taighde sláinte. Leis an bplean gníomhaíochta seo dírítear go príomha ar chibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte, rud a thuigtear mar aon duine nádúrtha nó dlítheanach – nó aon eintiteas eile – a sholáthraíonn cúram sláinte ar chríoch Ballstáit. Bíonn ospidéil agus soláthraithe cúraim sláinte idirspleách ar eintitis sláinte eile, agus is iad is gaire do dhaoine. An tráth céanna, ba cheart, leis na bearta chun feabhas a chur ar chibearslándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte, aghaidh a thabhairt freisin ar rioscaí a dhéanann difear don slabhra soláthair agus don éiceachóras níos leithne, rioscaí a eascraíonn mar shampla as eintitis a úsáideann sonraí sláinte le haghaidh taighde nó meaisínfhoghlama nó a tháirgeann feistí leighis, go háirithe feistí leighis a bhfuil cumas digiteach acu a bhíonn ag nascadh leis an idirlíon nó le feistí eile (‘idirlíon na rudaí nithiúla’).
Cé gur inniúlacht náisiúnta go príomha atá i gceist le córais sláinte a dhaingniú, is earnáil chriticiúil í an tsláinte freisin faoin Treoir maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais (NIS2). Bíonn cibearchoirpigh agus gníomhaithe bagartha eile ag feidhmiú thar theorainneacha, agus bíonn na bagairtí cibearshlándála nach mór do na heagraíochtaí cúraim sláinte aghaidh a thabhairt orthu cosúil le chéile ar fud na mBallstát freisin. Tá an comhar ar an leibhéal Eorpach luachmhar chun na cleachtais is fearr ar leibhéal an Aontais agus ar an náisiúnta a chomhroinnt agus a mhéadú ó scála. Dá bhrí sin, moltar comhordú agus bearta ar leibhéal an Aontais faoin bPlean Gníomhaíochta, agus ag an am céanna iarrtar ar na Ballstáit beart a dhéanamh chun difríocht a dhéanamh don chúram sláinte agus don éiceachóras sláinte níos leithne.
Tá an Plean Gníomhaíochta dírithe ar acmhainneachtaí na hearnála a fhorbairt chun teagmhais chibearshlándála a chosc ar an gcéad dul síos, toisc gur fearr i gcónaí cosc ná leigheas. Ar an dara dul síos, tá gníomhaíochtaí sa Phlean Gníomhaíochta chun comhroinnt faisnéise cibearshlándála a fheabhsú agus an cumas cibearbhagairtí a bhrath a fheabhsú, rud a fhágann gur féidir freagairt níos tapúla a thabhairt. Ar an tríú dul síos, tá bearta ann chun freagairt níos fearr a thabhairt ar theagmhais, agus chun teacht aniar níos fearr uathu. Ar deireadh, samhlaítear bealaí sa Phlean Gníomhaíochta chun gníomhaithe cibearbhagairtí a dhíspreagadh ó ionsaithe a dhéanamh i gcoinne na gcóras sláinte san Eoraip.
Cuirfear an Plean Gníomhaíochta chun feidhme i gcomhar le soláthraithe cúraim sláinte, an t‑éiceachóras sláine níos leithne, na Ballstáit agus an pobal cibearshlándála. Tá cur chuige comhoibríoch ríthábhachtach chun na gníomhaíochtaí is mó tionchar a shainiú agus a bheachtú tuilleadh ionas gur féidir le soláthraithe cúraim sláinte criticiúla uile na hEorpa leas a bhaint astu. Dá bhrí sin, seolfar comhairliúchán cuimsitheach le páirtithe leasmhara, leis an tionscal agus leis na Ballstáit ag an am céanna leis an Teachtaireacht seo. Tá an comhar idirnáisiúnta tábhachtach don chibearshlándáil toisc go mbíonn cibearbhagairtí gan teorainn agus idirnasctha. Tá bagairtí cibearshlándála inchomparáide ann freisin i dtíortha an mhéadaithe agus i dtíortha comharsanachta agus i dtíortha comhpháirtíochta straitéiseacha eile de chuid an Aontais. Is féidir leis sin slándáil an bhonneagair chriticiúil san Aontas a chur i mbaol i ndeireadh thiar. Beidh sé tábhachtach dá bhrí sin machnamh a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta i gcomhar an Aontais le tíortha is iarrthóirí agus tíortha comhpháirtíochta eile araon, i bhfianaise leibhéal na mbagairtí nach mór dóibh aghaidh a thabhairt orthu faoi seach.
2. Dúshlán cibearshlándála ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte
Cibearbhagairtí roimh an earnáil sláinte
Tá méadú ag teacht ar chibirionsaithe ar fud an domhain agus laistigh den Aontas, agus timpeallacht an bhagartha atá ag éirí níos casta agus níos dinimiciúla ann. A bhí leis an dul chun cinn san intleacht shaorga tá uirlisí cumhachtacha ag coirpigh agus ag gníomhaithe mailíseacha chun cruinneas agus tionchar a n‑oibríochtaí a mhéadú, agus, ag an am céanna, tá athmhúnlú á ndéanamh acu ar fhéidearthachtaí na cosanta cibearshlándála trí ghníomhaíocht uathoibrithe agus fíor-ama i gcoinne ionsaithe a chumasú.
Tá na bogearraí éirice fós ar cheann de na dúshláin chibearshlándála chriticiúla san Aontas agus ar fud an domhain, agus meastar i dtuarascáil amháin go mbeidh costas bliantúil domhanda os cionn EUR 250 billiún faoi 2031. Nuair a dhéanann coirpigh bogearraí éirice ionsaí, ní hamháin go gcriptíonn siad sonraí na n‑íospartach le haghaidh airgead fuascailte, ach go minic anois sceitheann siad faisnéis íogair chun brú breise a chur ar fáil. Is dúshlán tábhachtach eile atá ann leochaileachtaí sna bogearraí agus sna crua-earraí: de réir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), is í an earnáil cúraim sláinte an earnáil a dhearbhaigh an líon is mó de teagmhais slándála a bhain le leochaileachtaí den sórt sin. Ar na bagairtí eile atá ag dul i méid tá ionsaithe dáilte um dhiúltú seirbhíse dáilte (DDoS), ionsaithe atá deartha chun tuile tráchta a dhíriú ar an gcóras spriocdhírithe nach mbeidh in ann é a láimhseáil, rud a fhágann nach mbeidh rochtain ag úsáideoirí dlisteanacha air.
Tá treochtaí den chineál céanna roimh an earnáil sláinte ó thaobh na bagartha cibearshlándála de, le béim ar leith ar ionsaithe bogearraí éirice. Dar le ENISA, b’ionann bogearraí éirice agus 54 % de na teagmhais chibearshlándála a ndearnadh anailís orthu san earnáil sláinte sa tréimhse 2021–2023. Bhí spreagadh airgeadais i gceist le 83 % de na hionsaithe, arb é luach ard na sonraí cúraim sláinte ba chúis leis sin, agus bhí spreagadh idé-eolaíoch ag 10 % de na hionsaithe. Ar an gcuma chéanna, fuarthas amach i dtuarascáil 2024 ón gCoimisiún gur ionsaithe den chineál bogearraí éirice iad 71 % de na hionsaithe a raibh tionchar acu ar chúram othar, amhail moill ar chóireáil nó ar dhiagnóis, nó rochtain lagaithe ar sheirbhísí éigeandála. Is féidir le hionsaithe bogearraí éirice éifeacht thar a bheith suaiteach a bheith acu ar sholáthar cúraim sláinte, rud a chuireann sábháilteacht othar i mbaol. Thairis sin, is minic go mbíonn sáruithe ar shonraí othar ann in éineacht le hionsaithe bogearraí éirice, rud a chuimsíonn sonraí íogaire a bhaineann leis an tsláinte agus a sháraíonn an ceart bunúsach atá ag an duine maidir le cosaint sonraí pearsanta.
An tráth céanna, agus méadú ag teacht ar an aistriú digiteach sa chúram sláinte, tá dromchla an ionsaithe ag dul i méid. De réir na Tuarascála ar Staid na Deacáide Digití 2024, tá rochtain ar líne ag 79 % ar an meán de shaoránaigh an Aontais ar na ríomhthaifid sláinte atá acu sa chúram príomhúil. Is samplaí iad ríomhthaifid sláinte, córais faisnéise chliniciúla, córais sreafa oibre ospidéal, córais TF chun aisíocaíocht cóireálacha a láimhseáil, córais íomháithe leighis agus feistí leighis a úsáidtear chun críoch diagnóiseach nó chun faireachán a dhéanamh ar othair d’uirlisí digiteacha ar féidir leo ról mór a bheith acu maidir le héifeachtúlacht agus feidhmíocht na hearnála sláinte a threisiú, ach atá ina spriocanna féideartha ionsaí cibearshlándála freisin. Tá baol ar leith ó chibirionsaithe ann i gcás gníomhaíochtaí sonracha cúraim sláinte amhail an dianchúram agus íomháú raideolaíoch, nó i réimsí leighis amhail oinceolaíocht agus cairdeolaíocht, atá ag brath go mór ar fheistí atá cumasaithe go digiteach. Ina theannta sin, féadfar feistí nach bhfuil cibearshlándáil leordhóthanach ag gabháil leo a fháil mar thoradh ar fhadhbanna a bhaineann leis an slabhra soláthair, rud a chuirfeadh leis na rioscaí ginearálta atá ann cheana.
Mar shampla, le linn phaindéim COVID-19, d’fhág ionsaí bogearraí éirice go raibh codanna móra de chóras cúraim sláinte na hÉireann ina gciseach, agus cuireadh roinnt seirbhísí ar a laghad ar ceal ag 31 den 54 ospidéal géarmhíochaine maidin an teagmhais. Bhí ar na seirbhísí sláinte filleadh ar chóras na dtaifead páipéir, rud a chur moill ar éifeachtúlacht na n‑oibríochtaí. Is as ríomhphost fioscaireachta ina raibh ceangaltán mailíseach a thosaigh an t‑ionsaí. Léirigh an teagmhas an cumas atá ag cibirionsaithe leathnú amach thar chórais éagsúla, agus an tábhacht a bhaineann le dromchla ionsaithe uile atá ag eagraíochta cúraim sláinte a chosaint dá bhrí sin. Leag sí béim freisin ar a thábhachtaí atá sé cibearshláinteachas bunúsach agus cultúr cibearshlándála a áirithiú ar fud eagraíochtaí.
Aibíocht chibearshlándála ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte
Is timpeallacht an-éagsúil atá sa timpeallacht cúraim sláinte san Aontas, agus tá an-éagsúlacht idir ospidéil agus soláthraithe cúraim sláinte eile ó thaobh úinéireachta, struchtúir agus méide de ar fud na mBallstát. I gcásanna áirithe, is féidir leis an rialachas cúraim sláinte a bheith bunaithe ar chur chuige láraithe ar an leibhéal náisiúnta, agus ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil i gcásanna eile; is féidir le soláthraithe cúraim sláinte a bheith faoi úinéireacht phoiblí nó phríobháideach. Thairis sin, is féidir difríochtaí a bheith ann laistigh den tír chéanna freisin, mar shampla i gcásanna ina bhfuil éagothromaíochtaí suntasacha socheacnamaíocha agus críochacha ar fud na réigiún, rud a fhágann go mbíonn staid chasta i gceist. Is féidir le géarchéimeanna sláinte tábhachtacha, i ngeall ar ghalair theagmhálacha, cosúil le paindéim COVID-19, dúshláin a chruthú sa timpeallacht chasta cúraim sláinte sin, ach is féidir rioscaí sláinte eile, cinn a bhaineann leis an athrú aeráide, cuir i gcás, na dúshláin sin a chruthú freisin. Ar deireadh, tá inathraitheacht agus ilroinnt shuntasach ann ó thaobh leibhéal an digitithe de agus maidir le soláthraithe cúraim sláinte a bheith ag glacadh na teicneolaíochta chucu féin. Sampla den chastacht sin is ea go bhféadfadh éaradh seirbhíse arb é teagmhas cibearshlándála is cúis leis damáiste tromchúiseach agus díobháil thromchúiseach a dhéanamh d’othair fiú i saoráidí cúraim sláinte ar mhionscála, lena n‑áirítear clinicí nó seirbhísí éigeandála leighis a chuireann seirbhís fhíor-riachtanach ar fáil do líon réasúnta íseal úsáideoirí.
De réir Thuarascáil ENISA 2024 maidir le Staid na Cibearshlándála san Aontas, tá leibhéal aibíochta na cibearshlándála measartha in earnáil sláinte an Aontais measartha agus tá difríochtaí móra ann ó thaobh leibhéal aibíochta na cibearshlándála idir eintitis cúraim sláinte ar fud na hEorpa. Is féidir easnaimh a thabhairt faoi deara i bpríomhréimsí amhail acmhainní daonna leordhóthanacha, an t‑eolas atá ag eagraíochtaí ar a slabhraí soláthair teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, agus gnéithe slándála cothrom le dáta a bheith suiteáilte sna táirgí. Tá an earnáil ag streachailt le bearta bunúsacha cibearshláinteachais agus slándála, mar a léirítear leis an bhfíric go bhfuil dúshláin ag beagnach gach ceann de na heagraíochtaí sláine a ndearnadh suirbhé orthu maidir le measúnuithe riosca ar an gcibearshlándáil a dhéanamh, agus tá beagnach leath acu nach ndearna anailís riosca riamh.
Is dúshlán suntasach eile do chibearshlándáil ospidéal é an comhéadan idir teicneolaíocht faisnéise agus teicneolaíocht oibríochtúil, áit a dtagann tosaíochtaí slándála éagsúla le chéile i ndáil le rúndacht, infhaighteacht agus iontaofacht, agus áit ar féidir le sárú i réimse amháin tionchar a imirt ar an gceann eile. I dTuarascáil ENISA 2024 maidir le Staid na Cibearshlándála san Aontas cuirtear i dtábhacht freisin nach bhfuil an earnáil sláinte ag feidhmiú go leordhóthanach maidir le slándáil na dtáirgí TFC agus na bpróiseas TFC a úsáideann sí a áirithiú, i ngeall ar éagsúlacht mhór n an-eintiteas, na bhfeistí agus na dtáirgí.
Cruthaíonn an éagsúlacht sin, in éineacht le leibhéil éagsúla cibearfheasachta i measc bhaill foirne agus lucht bainistíochta na n‑ospidéal, dúshlán casta maidir le cibearshlándáil na gcóras cúraim sláinte a áirithiú. Mar shampla, de réir Eorabharaiméadar 2024 maidir le Cibearscileanna, ní raibh cúrsa oiliúna nó ardú feasachta maidir leis an gcibearshlándáil déanta ach ag 25 % de na cuideachtaí a ndearnadh suirbhé orthu in earnáil na sláinte, an oideachais agus an chúraim shóisialta sna 12 mhí roimhe sin. Tá beart de dhíth chun cultúr feasachta cibearshlándála a chothú i measc gairmithe cúraim sláinte túslíne. Mar shampla, is foinsí breise leochaileachtaí a dhéanann difear do chibearshlándáil soláthraithe cúraim sláinte iad rothluithe na mball foirne, úsáid stáisiún oibre comhroinnte, drochbhainistiú ar sheirbhísí fíordheimhniúcháin agus úsáid meán inbhainte.
In go leor cásanna, déantar teicneolaíocht faisnéise agus teicneolaíocht oibríochtúil a sheachfhoinsiú go páirteach ar a laghad. Fuarthas amach in Eorabharaiméadar 2024 gurb í earnáil na sláinte, an oideachais agus an chúraim shóisialta an earnáil ina ndéanann an sciar is mó de na cuideachtaí seachfhoinsiú ar ghnéithe áirithe dá gcibearshlándáil ar a laghad, agus go ndéanann 57 % de na cuideachtaí a ndearnadh suirbhé orthu amhlaidh. Ar an gcuma chéanna, tá treocht láidir ann den ascnamh chuig an néalríomhaireacht, á spreagadh ag an ngá le stóráil agus bainistiú sonraí inscálaithe, costéifeachtúlacht, comhar feabhsaithe agus tacaíocht d’ardteicneolaíochtaí amhail IS agus Idirlíon na nEarraí Míochaine. In 2022, bhain 58 % de na heagraíochtaí sláinte ardán sláinte digití néalbhunaithe. Cé gur féidir éifeachtúlachtaí suntasacha a bheith ag baint leis an aistriú sin, tá rioscaí i gceist leis freisin lena gceanglaítear cinntí eolasacha a dhéanamh maidir leis an soláthar agus maidir le cumraíocht shlán.
Ar cheann de na ceisteanna atá taobh thiar de na dúshláin seo uile tá ceist an fhothaithe acmhainní agus an mhaoinithe. Is cistiú teoranta a bhí ann don chibearshlándáil in earnáil na sláinte agus tá sé fós ina dhúshlán uilíoch ar fud an Aontais. Thairis sin, tá na dúshláin maidir le cistiú ag teacht chun cinn i gcomhthéacs daonra atá ag dul in aois, rud a mheastar a chruthóidh brú forleathan buiséadach ar chórais sláinte na hEorpa sna scóir blianta amach romhainn.
Is minic go n‑eascraíonn úsáid leanúnach uirlisí agus córas leagáide atá imithe in éag, acmhainní teoranta chun teagmhais a chosc nó chun freagairt orthu, agus bearnaí san aibíocht chibearshlándála as easnaimh sa chistiú. Bíonn dúshlán leanúnach roimh ospidéil cothromaíocht a fháil idir bonneagar slán agus digiteach atá cothrom le dáta agus infheistíochtaí riachtanacha eile chun feabhas a chur ar chúram othar, amhail dochtúirí agus gairmithe cúraim sláinte eile a fhostú, modhanna úrnua diagnóiseacha agus cóireála a chur chun feidhme agus feistí a fháil. De réir ENISA, níl an earnáil sláinte ach sa 7ú háit as an 12 earnáil a ndearnadh staidéar orthu maidir le cion an chaiteachais ar shlándáil faisnéise den chaiteachas iomlán teicneolaíochta faisnéise, agus is é 8,3 % airmheán san earnáil sláinte.
3. An Lárionad Tacaíochta Cibearshlándála Eorpach le haghaidh ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte
Tá raon leathan uirlisí ar fáil faoi chreat cibearshlándála an Aontais is ceart leas a bhaint astu chun slándáil agus athléimneacht ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte a fheabhsú. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin iomadúla a leagtar béim orthu thuas, is gá cur chuige aontaithe straitéiseach a fhorbairt ar leibhéal an Aontais, lena dtugtar le chéile na hacmhainní, an saineolas agus na huirlisí is gá chun dul i ngleic go héifeachtach le cibearbhagairtí. Tá forléargas cuimsitheach, chomh maith le pleanáil agus comhordú níos fearr, ríthábhachtach chun cabhrú le soláthraithe cúraim sláinte ar fud an Aontais a gcosaintí a neartú. Bhun é seo a bhaint amach, tá ENISA san áit is fearr chun Lárionad Eorpach um Thacaíocht Chibearshlándála le haghaidh ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte a bhun, laistigh dá eagraíocht, mar chuid dá shainordú chun bonneagar criticiúil an Aontais a chosaint agus chun tacú leis.
Ba cheart don Lárionad Tacaíochta catalóg seirbhíse chuimsitheach a fhorbairt de réir a chéile a fhreastalóidh ar riachtanais ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte, ina leagfar amach raon na seirbhísí atá ar fáil i dtaca leis na réimsí seo: ullmhacht, cosc, brath agus freagairt. Agus é ag obair le húdaráis na mBallstát agus ag tarraingt ó thaithí na n‑ospidéal agus na soláthraithe cúraim sláinte, ba cheart don Lárionad Tacaíochta stór soláimhsithe so-rochtana a fhorbairt de na hionstraimí uile atá ar fáil ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach. Agus a ghníomhaíochtaí á ndéanamh aige, ba cheart dó comhar ceart leis na Ballstáit a áirithiú, agus tacú le leagan síos tosaíochtaí agus seachadadh gníomhaíochtaí de réir mar is gá i bhfíor-am.
Mar bhloc tógála tábhachtach chun catalóg seirbhísí an Lárionaid Tacaíochta a fhorbairt, molfaidh an Coimisiún treoirthionscadail a sheoladh ar fud an Aontais chun dea-chleachtais a fhorbairt le haghaidh cibearshláinteachas agus measúnuithe ar rioscaí slándála, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar an ngá atá le faireachán leanúnach cibearshlándála, faisnéis faoi bhagairtí agus freagairt ar theagmhais trí úsáid a bhaint as réitigh chibearshlándála úrscothacha. Beidh torthaí na dtreoirthionscadal sin, a bheidh cistithe ón gClár don Eoraip Dhigiteach, arna fhorghníomhú ag an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála (ECCC), mar bhonn eolais do ghníomhaíochtaí breise ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear obair an Lárionaid Tacaíochta.
Fíor 1: Coincheapa le haghaidh catalóg seirbhísí an Lárionaid Tacaíocht le haghaidh ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte
3.1. Teagmhais chibearshlándála a chosc
Bearta simplí a mhaolaíonn an seans go mbeidh drochtheagmhas ann
Is féidir le bearta bunúsacha cibearshlándála, amhail a áirithiú go gcoinnítear córais cothrom le dáta, cóipeanna cúltaca a bhainistiú agus fíordheimhniú ilfhachtóra a chur chun feidhme, eagraíochtaí a chosaint ar suas le 98 % d’ionsaithe, dar le meastachán amháin. Tá go leor de na bearta cibearshláinteachais agus bainistithe rioscaí simplí go leor le glacadh, rud a fhágann gur cinn éasca iad le cur i bhfeidhm chun an chibearshlándáil a fheabhsú. Dá bhrí sin, is é ceann de na róil ríthábhachtacha is ceart a bheith ag an Lárionad Tacaíochta treoraíocht shoiléir spriocdhírithe a fhorbairt lena leagtar béim ar na cleachtais chibearshlándála is criticiúla agus lena gcuidítear le soláthraithe cúraim sláinte iad a chur chun feidhme. Is gá go mbeadh an tacaíocht seo ag dul níos faide ná ospidéil mhóra chun comhairle shaincheaptha a bheith san áireamh d’eintitis níos lú, amhail oifigí Dochtúirí Ginearálta áitiúla agus clinicí speisialtóirí, nach mbíonn na hacmhainní acu go minic chun foirne tiomnaithe cibearshlándála a bheith acu ach atá chomh leochaileach céanna i leith ionsaithe. Thairis sin, is gá an tábhacht réigiúnach a bhaineann le heintitis cúraim sláinte shonracha chun cúram othar a áirithiú a mheas, i limistéir inar tearc an daonra, mar shampla. D’fhéadfadh institiúidí taighde a láimhseálann méideanna móra sonraí pearsanta leas a bhaint as treoraíocht a fháil maidir le bearta bunúsacha cibearshlándála chun a n‑athléimneacht a fheabhsú.
Bíonn eagraíochtaí cúraim sláinte faoi réir raon oibleagáidí a bhaineann leis an gcibearshlándáil a eascraíonn reachtaíocht an Aontais freisin. Cé go bhfuil na hoibleagáidí ríthábhachtach chun bonnlíne ard a áirithiú don chibearshlándáil agus don tslándáil sonraí, tá sé ríthábhachtach a áirithiú nach bhfuil an timpeallacht rialála deacair gan chúis agus nach bhfuil ualach ag baint le do bhealach a dhéanamh tríd. Níor cheart go mbeadh béim láidir ar chomhréireacht ag teacht salach ar an gcuspóir cultúr láidir cibearshlándála a chothú. Is féidir le huirlis mhapála rialála so-rochtana cabhrú chun an t‑ualach riaracháin a laghdú le haghaidh eintitis atá faoi réir ionstraimí rialála iomadúla rialála. Chomh maith le treoraíocht agus foirne uirlisí a fhorbairt, ba cheart don Lárionad Tacaíochta oibriú i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit chun uirlis den sórt sin a fhorbairt agus a scaipeadh a luaithe is féidir. Bheadh ról tábhachtach ag an Lárionad Tacaíochta dá bhrí sin maidir le rialacha cibearshlándála a fhágáil éasca le tuiscint agus le cur chun feidhme, mar shampla trí threoraíocht faoin gcur chun feidhme a sholáthar agus caighdeáin ábhartha a chur chun cinn i gcás inar gá.
Is uirlis eile chun cur chun feidhme simplí dea-chleachtas cibearshláinteachais a éascú iad na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití. Tá sé ríthábhachtach an spleáchas ar shásraí aitheantais laga, amhail pasfhocail, chun na rioscaí a bhaineann le rochtain neamhúdaraithe ar shonraí sláinte a mhaolú. Tá athrú i dtreo réitigh shlána logála isteach bunaithe ar fhaisnéis aitheantais iontaofa fíorthábhachtach. Leis an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití cuirtear cur chuige comhchuibhithe uile-Aontais ar fáil do ghairmithe cúraim sláinte i dtaca leis an ríomh-shainaitheantas, rud a chuirfidh réiteach láidir aontaithe ar fáil ó dheireadh 2026. Beidh sé d’oibleagáid ar gach córas faisnéise sláinte a gceanglaítear orthu fíordheimhniúchán láidir úsáideoirí a chur chun feidhme glacadh leis an Tiachóg chun críoch aitheantais ó dheireadh 2027 ar aghaidh.
Ullmhacht agus Tacaíocht Spriocdhírithe
Is bunchloch den chibearshlándáil éifeachtach í an tástáil ullmhachta, lena mbaineann gníomhaíochtaí amhail tástáil treáite, agus tá cistiú leithdháilte ag an gCoimisiún ar ENISA cheana féin le haghaidh treoirthionscnaimh ullmhachta, rud a léirigh go bhfuil an earnáil sláinte ar cheann de na réimsí is mó a bhfuil éileamh orthu le haghaidh tástála agus measúnuithe breise chun bearnaí san aibíocht chibearshlándála a shainaithint. I ndiaidh theacht i bhfeidhm an Ghnímh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, tiocfaidh méadú suntasach ar na hiarrachtaí sin, agus beidh ECCC i gceannas ar an méid sin. Chun aghaidh a thabhairt ar an ngá sin, molfaidh an Coimisiún, ar bhonn comhairliúcháin leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin, EU-CyCLONe agus ENISA, an tsláinte a shainaithint mar earnáil ar féidir tacaíocht a thabhairt di le haghaidh tástáil ullmhachta chomhordaithe faoin nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht. Thairis sin, ba cheart don Lárionad Tacaíochta creat saincheaptha le haghaidh measúnuithe aibíochta cibearshlándála a bhaineann go sonrach leis an gcúram sláinte a fhorbairt. Chuirfeadh measúnuithe aibíochta den sórt sin léargas inghníomhaithe ar fáil d’eintitis ar a leochaileachtaí agus ag an am céanna ligfeadh siad dóibh a n‑ullmhacht chibearshlándála a léiriú d’othair agus do pháirtithe leasmhara, chun iontaoibh as a seirbhísí a thógáil. Ar leibhéal comhiomlánaithe, ba cheart don Lárionad Tacaíochta Measúnú Aibíochta Cibearshlándála Sláinte bliantúil a dhéanamh, rud a bhunódh forléargas soiléir ar chibearshlándáil na hearnála sláinte ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon.
Bíonn an earnáil sláinte ag brath go mór ar chonraitheoirí seachtracha le haghaidh seirbhísí cibearshlándála, rud a chuireann i dtábhacht an gá atá le tacaíocht spriocdhírithe chun cosaintí a neartú. Ag tógáil ar thionscnaimh rathúla amhail Dearbháin Nuálaíochta an Aontais, ba cheart do na Ballstáit bearta spriocdhírithe a mheas amhail Dearbháin Chibearshlándála do mhicrea-ospidéil agus micreasholáthraithe cúraim sláinte, agus do chinn bheaga agus mheánmhéide. Leis na dearbháin sin dhéanfaí cúnamh airgeadais a sholáthar chun bearta cibearshlándála sonracha a chur i bhfeidhm. Ba cheart torthaí na tástála ullmhachta agus na measúnuithe aibíochta a bheith mar bhonn eolais maidir le tosaíochtaí a thabhairt i dtaca le leithdháileadh na ndearbhán.
Tá an t‑eolas agus an comhthéacs áitiúil ríthábhachtach chun dearbháin nó cláir thacaíochta eile a chur i bhfeidhm go héifeachtach, rud a áirithíonn go mbíonn siad ábhartha agus go mbíonn rochtain orthu. Tá cistí ón Aontas, amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, gníomhach cheana féin chun tacú le tionscnaimh chibearshlándála agus sláinte digití, agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís a bheith ina meán chun scéimeanna spriocdhírithe dearbhán cibearshlándála a fhorbairt do sholáthraithe cúraim sláinte. Chun borradh a chur faoin iarracht sin, bheadh an Lárionad Tacaíochta ag oibriú i gcomhar leis na Ballstáit agus le húdaráis na gclár réigiúnach chun tacú le forbairt scéimeanna dearbhán réigiúnach den sórt sin, ag tarraingt ar cheachtanna ó thionscadail náisiúnta atá ann cheana chomh maith le gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, chun cur chun feidhme praiticiúil a mbeadh tionchar aige a áirithiú.
Thairis sin, ó bhí 2014 ann, bhí ról lárnach ag na cláir Fís chun cistiú a dhéanamh ar raon leathana de thionscnaimh taighde a bhí dírithe ar fheabhas a chur ar an athléimneacht in institiúidí cúraim sláinte, amhail ospidéil, i gcoinne cibearbhagairtí agus ar na rioscaí a bhaineann le mí-úsáid na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a mhaolú. Ar na táirgí insoláthartha a tháinig astu sin tá sraith d’uirlisí, creataí agus córais speisialaithe, amhail uirlisí measúnaithe riosca, ardáin chomhroinnte sonraí lena ndéantar an príobháideachas a chaomhnú, réitigh chripteagrafacha, cláir oiliúna um fheasacht ar an gcibearshlándáil agus córais braite bagairtí i bhfíor-am. Go háirithe, rinneadh bailíochtú ar na réitigh sin go dian trí chur chun feidhme píolótach san fhíorshaol i dtimpeallachtaí cúraim sláinte, rud a áirithíonn a n‑éifeachtacht agus a n‑infheidhmeacht phraiticiúil maidir le cosaint i gcoinne cibearbhagairtí.
Slabhraí Soláthair Cúraim Sláinte a Dhaingniú
Dúshlán tábhachtach le haghaidh eagraíochtaí cúraim sláinte is ea slabhraí soláthair casta TFC a bhainistiú, slabhraí a mbíonn raon táirgí i gceist leo, amhail feistí leighis nasctha, córais le haghaidh Ríomhthaifid sláinte agus crua-earraí oifige. Ní mór d’ospidéil agus do sholáthraithe cúraim sláinte córais agus seirbhísí iontaofa slána TFC a bheith acu dá n‑oibríochtaí. Le cabhrú chun dul i ngleic leis na dúshláin chibearshlándála san earnáil sláinte, ba cheart do Ghrúpa Comhair NIS measúnú riosca slándála comhordaithe a dhéanamh, lena ndéanfar measúnú ar rioscaí teicniúla agus straitéiseacha araon a bhaineann le slabhraí soláthair feistí leighis agus lena molfar bearta maolúcháin. De réir mar is iomchuí, ba cheart do Ghrúpa Comhair NIS comhoibriú leis an nGrúpa Comhordaithe maidir le Feistí Leighis.
Is creat nua cuimsitheach é an Gníomh um Chibear-Athléimneacht lena leagtar síos ceanglais chibearshlándála le haghaidh pleanála, dearaidh agus forbartha, chomh maith le leochaileachtaí atá á saothrú go gníomhach a láimhseáil, a phaisteáil agus a thuairisciú i ndáil le beagnach gach táirge crua-earraí agus bogearraí, ag gach céim den slabhra luacha. Is cineál táirge iad feistí leighis a úsáidtear i gceann de na réimsí is íogaire dár sochaí. Eascraíonn na ceanglais chibearshlándála le haghaidh le haghaidh na dtáirgí sin as an Rialachán maidir le Feistí Leighis agus an Rialachán maidir le Feistí Leighis Diagnóiseacha in vitro. Leis an meastóireacht leanúnach atá idir lámha ar na rialacháin sin tá scrúdú á dhéanamh ar an bhféidearthacht comhleanúnachas agus sineirgí níos fearr a bhaint amach idir na creataí sin chun simpliú agus cibearshlándáil úrscothach a ráthú.
Thairis sin, ba cheart do na torthaí ar an measúnú riosca tacú le heagraíochtaí cúraim sláinte athbhreithniú a dhéanamh ar na cleachtais chibearshlándála sa slabhra soláthair mar a cheanglaítear faoin Dara Treoir NIS, agus d’fhéadfadh sin a bheith mar bhonn eolais chun Treoirlínte maidir leis an Soláthar nua a fhorbairt. Treoirlínte a bheidh á bhforbairt ag ENISA trína Lárionad Tacaíochta, ba cheart dóibh léiriú a thabhairt ar threochtaí atá ann le déanaí, amhail úsáid néal-teicneolaíochtaí chun sonraí othar a stóráil, lena n‑áirítear an gá atá le ríomhshonraí sláinte a ascnamh go slán chuig timpeallachtaí néalríomhaireachta. Ina theannta sin, ba cheart uirlisí praiticiúla a chur ar fáil leis na Treoirlínte nua d’eagraíochtaí chun súil a choinneáil ar na slabhraí soláthair atá acu, lena n‑áirítear soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe (MSSPanna), tuarascálacha deimhniúcháin nó measúnuithe riosca tríú páirtí.
I gcás na néalríomhaireachta, tá tuilleadh gníomhaíochta de dhíth chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uathúla a bhaineann le sonraí íogaire cúraim sláinte a bhainistiú, lena n‑áirítear rioscaí méadaithe slándála, príobháideachais agus oibríochtúla. Chun na cosaintí a neartú, molann saineolaithe ‘Slándáil trí réamhshocrú agus tríd an dearadh’ a leabú i néalseirbhísí. Leis an gcur chuige sin tugtar tús áite do bhonneagar slán, bainistíocht leochaileachta réamhghníomhach, agus meascán de réitigh néalríomhaireachta rialtasacha agus príobháideacha. Tá an faireachán leanúnach agus deimhnithe a bhaineann go sonrach leis na díoltóirí – amhail deimhnithe soláthraithe slándála agus iniúchtaí comhlíontachta i gcoinne caighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta – fíor-riachtanach chun cleachtais láidre slándála a áirithiú.
I gcás seirbhísí amhail Bonneagar mar Sheirbhís (IaaS), Ardán mar Sheirbhís (PaaS) agus Bogearraí mar Sheirbhís (SaaS), is minic gurb ar an gcustaiméir a thiteann an cur chun feidhme slándála. Níl na hacmhainní ag go leor eagraíochtaí cúraim sláinte chun na ceanglais sin a chomhlíonadh go neamhspleách, áfach. Chun dul i ngleic leis sin, ba cheart soláthraithe néalseirbhísí a spreagadh chun bearta slándála bonnlíne a chur chun feidhme mar ghné chaighdeánach. Leis na bearta sin laghdófaí riosca na míchumraíochtaí, dhéanfaí cosaint chomhsheasmhach a choinneáil ar bun ar fud na dtimpeallachtaí arna mbainistiú ag custaiméirí, agus thabharfaí leibhéal muiníne níos fearr d’úsáideoirí. Bheidh sé mar aidhm ag bunú bonnlíne réamhshocraithe slándála cothromaíocht a bhaint amach idir cosaint láidir agus an phraiticiúlacht, chun inúsáidteacht a áirithiú do raon leathan eagraíochtaí cúraim sláinte. Bheadh dlúthchomhar idir soláthraithe néalríomhaireachta agus an earnáil sláinte i gceist leis an iarracht sin, chun leas a bhaint as dea-chleachtais an tionscail le réitigh éifeachtacha agus inscálaithe a chruthú.
Oiliúint agus forbairt scileanna
Tá sé tábhachtach lucht saothair a bhfuil scileanna a bhfuil éileamh orthu acu ar mhaithe leis an fás inbhuanaithe agus an t‑iomaíochas fadtéarmach san Eoraip, agus le haghaidh seirbhísí ardchaighdeáin freisin, seirbhísí cúraim sláinte san áireamh. Dúshlán suntasach ar fud na hEorpa is ea an ganntanas gairmithe cáilithe cibearshlándála, agus meastar go bhfuil bearna 299 000 gairmí ann chun riachtanais an lucht saothair a líonadh san Aontas. De réir Eorabharaiméadar 2024 maidir le Cibearscileanna, measann 81 % de na cuideachtaí go bhfuil deacrachtaí maidir le baill foirne cibearshlándála a earcú ina príomhriosca i dtaca le cibirionsaithe féideartha. In earnálacha an oideachais, na sláinte agus na hoibre sóisialta, tá 66 % de na róil chibearshlándála á líonadh ag fostaithe atá ag aistriú ó phost nach post cibearshlándála é, rud a chuireann i dtábhacht an gá práinneach atá ann athsciliú agus uas-sciliú a dhéanamh.
Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin, ba cheart don Lárionad Tacaíochta comhoibriú leis leis an gCuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (CBDE) maidir le scileanna cibearshlándála a bheidh ann amach anseo, mar atá beartaithe sa Teachtaireacht maidir leis an Acadamh Scileanna Cibearshlándála. Ba cheart go n‑éascódh an obair malartuithe i measc gairmithe cibearshlándála san earnáil sláinte, amhail Príomhoifigigh Slándála Faisnéise (CISOnna). Is gníomhaíocht amháin a d’fhéadfadh a bheith ann Líonra CISOnna Sláinte na hEorpa a bhunú, ag tosú le díorma saineolaithe chun dea-chleachtais, straitéisí coinneála tallainne agus réitigh chun gairmithe cibearshlándála a mhealladh chuig an earnáil sláinte a chomhroinnt agus a fhorbairt. Thairis sin, faoi scáth an Acadaimh um Scileanna Cibearshlándála, ba cheart acmhainní a fhorbairt chun an lucht saothair cibearshlándála a fheabhsú san earnáil sláinte le tacaíocht ón lucht tionscail agus ón saol acadúil. Ar an ábhar sin, ba cheart páirtithe leasmhara ón lucht tionscail a spreagadh chun tacaíocht a ghealladh chun oiliúint chibearshlándála a fheabhsú.
Tá earráidí an duine fós ar cheann de na nithe is mó a bhíonn taobh thiar de theagmhais chibearshlándála san earnáil cúraim sláinte, rud a léiríonn an géarghá atá le hoiliúint chuimsitheach do bhaill foirne agus le cibearfheasacht. Ós rud é go mbaineann gairmithe cúraim sláinte úsáid go minic as uirlisí digiteacha, tá sé ríthábhachtach eolas ar chleachtais shlána a thabhairt dóibh. Is féidir rioscaí a laghdú go suntasach ach feachtais oiliúna agus feasachta spriocdhírithe a eagrú. Chun dul i ngleic leis sin, ba cheart don Lárionad Tacaíochta oibriú le gairmithe agus soláthraithe cúraim sláinte, agus comhoibriú le soláthraithe oideachais agus oiliúna, an lucht tionscail agus an CBDE maidir le scileanna cibearshlándála, chomh maith le húdaráis na mBallstát chun modúil agus cúrsaí oiliúna ar líne a bhfuil rochtain éasca orthu agus a chlúdaíonn raon fairsing ábhair a chruthú agus a scaipeadh.
Tá sé ríthábhachtach modúil faoin inniúlacht dhigiteach agus faoin gcibearshlándáil a chuimsiú sna curaclaim oideachais chun bunús láidir cibearshlándála a thógáil san earnáil cúraim sláinte. Leis na modúil sin ba cheart aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna earnáilsonracha cosúil le sonraí othar a chosaint agus leochaileachtaí i slándáil feistí leighis. Ba cheart na gníomhaíochtaí atá déanta roimhe seo a chur san áireamh agus na hacmhainní sin á bhforbairt, amhail an tionscadal BeWell a cistíodh faoin gclár Erasmus+ agus tionscadal PANACEA a cistíodh faoi Fhís 2020.
3.2.Acmhainní Eorpacha chun cibearbhagairtí i gcoinne na hearnála sláinte a bhrath
Tá sé ríthábhachtach chun freagairt phras a thabhairt ar theagmhais cibearbhagairtí a bhrath ar bhealach éifeachtach. Is féidir le gníomhaithe bagartha leas a bhaint as teicnící chun go mbeidh sé deacair ionradh a bhrath, rud a fhágann gur féidir tréimhsí fada de rochtain gan chead ar chóras a bheith ann. Dá bhrí sin, is féidir le cumas braite bagairtí níos fearr bac a chur ar chibirionsaithe agus iad ag tarlú. Mar shampla, san ionsaí bogearraí éirice i gcoinne soláthraí seirbhísí síciteiripe ón bhFionlainn, Vastaamo, ina ndearna déantóir na coire sracaireacht i gcoinne na n‑othar ar goideadh taifid leighis rúnda uathu, tharla an t‑ionradh tosaigh in 2018, ach ní raibh an soláthraí ar an eolas faoi go dtí 2020.
Tá an chomhroinnt faisnéise éifeachtúil agus an comhar éifeachtúil fíor-riachtanach chun brath bagairtí agus feasacht staide a fheabhsú ar fud an Aontais. Tá ról ríthábhachtach ag Foirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRTanna) maidir le tuairiscí a fháil ar theagmhais, ar neasteagmhais agus ar bhagairtí féideartha, agus tugann siad treoraíocht maidir le bearta maolaithe ar an leibhéal náisiúnta. Mar sin féin, moltar go láidir do na Ballstáit gach fógra faoi chibirtheagmhais ó ospidéil agus ó sholáthraithe cúraim sláinte a chomhroinnt le Lárionad Tacaíochta ENISA freisin le gur féidir feasacht staide ar leibhéal an Aontais a bheith ann. Go hidéalach, ba cheart go mbeadh cur síos bríoch ar na tréithe a bhaineann le gnéithe ábhartha éagsúla an teagmhais ag gabháil leis an bhfógra sin, lena n‑áirítear leochaileachtaí fréimhe aitheanta agus tionchair ar sheirbhísí cúraim sláinte agus teagmhais dhíobhálacha d’othair. Thairis sin, spreagtar monaróirí feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro tuairisciú a dhéanamh go deonach, tríd an ardán tuairiscithe aonair atá le bunú agus le bainistiú ag ENISA faoi chuimsiú an Ghnímh um Chibear-Athléimneacht, leochaileachtaí arna saothrú go gníomhach nó cibirtheagmhais thromchúiseacha a bhfuil tionchar acu ar shlándáil na bhfeistí sin, chomh maith le leochaileachtaí, teagmhais, neasteagmhais nó cibearbhagairtí eile a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar phróifíl riosca na bhfeistí sin.
Sa chás nach faisnéis íogair a thuilleadh atá san fhaisnéis atá sna tuarascálacha, d'fhéadfadh an Lárionad Tacaíochta catalóg Eorpach de leochaileachtaí aitheanta arna saothrú go gníomhach faoi urraíocht ENISA a chur le chéile le haghaidh feistí leighis, córais ríomhthaifead sláinte agus soláthraithe trealaimh agus bogearraí san earnáil sláinte. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shuntasacha a bhaineann le bagairtí a bhrath, ba cheart don Lárionad Tacaíochta seirbhís síntiúis luathrabhaidh uile-Aontais a thabhairt isteach don earnáil sláinte, seirbhís a thabharfaidh foláirimh gar d’fhíor-am. Bheadh an tseirbhís sin ag tarraingt ar sonraí próiseáilte ó CSIRTanna, eintitis agus monaróirí cúraim sláinte, Faisnéis Foinse Oscailte (OSINT) agus gníomhaithe ábhartha eile amhail Cibearmhoil, Lárionaid um Chomhroinnt agus Anailís Faisnéise (ISACanna) agus údaráis forfheidhmithe dlí. Chuirfeadh comhar feabhsaithe idir ENISA agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (Europol) – mar shampla maidir le patrúin chibearchoireachta i gcoinne na hearnála sláinte – borradh breise faoin bhfeasacht staide.
Feidhmíonn ISACanna mar acmhainní lárnacha d’fhaisnéis faoi chibearbhagairtí, agus comhroinnt faisnéise dhá threo á cothú acu idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, chomh maith le tógáil muiníne a chur chun cinn. Ba cheart don Lárionad Tacaíochta dlús a chur leis an tacaíocht don ISAC Sláinte Eorpach le huirlisí agus malartú faisnéise agus tuarascálacha feasachta staide earnálacha, chomh maith le pobal iontaofa a chothú le haghaidh comhar taicticiúil agus straitéiseach. Ba cheart do na Ballstáit forbairt ISACanna sláinte náisiúnta a spreagadh. Ba cheart na ISACanna a spreagadh freisin chun soláthraithe cúraim sláinte a thabhairt le chéile le monaróirí chun go mbeidh comhthuiscint ar bhagairtí cibearshlándála ann, cinn sa slabhra soláthair san áireamh, agus chun idirphlé a éascú maidir le dearadh slán táirgí lena gcuirtear san áireamh dáiríre an fíorstaid maidir lena gcur in úsáid ar an láthair.
3.3.Mearfhreagairt agus téarnamh
I bhfianaise ardleibhéal íogaireachta shonraí sláinte na n‑othar agus an tionchar is féidir a bheith tubaisteach a d’fhéadfadh a bheith ag cibirionsaithe ar sheirbhísí cúraim sláinte, tá freagairt thapa agus éifeachtach ar theagmhais chibearshlándála ríthábhachtach chun sábháilteacht othar a chosaint. Sa chás go mbeidh ar ospidéal nó soláthraí cúraim sláinte dul i ngleic le cibirionsaí, is é an CSIRT náisiúnta ábhartha an chéad phointe teagmhála. Tá an CSIRT freagrach as tacaíocht thráthúil a chur ar fáil, laistigh de 24 uair an chloig go hidéalach, le cuidiú chun teagmhais shuntasacha a bhainistiú. Más rud é go sáraíonn teagmhas an acmhainneacht atá ag CSIRT, ba cheart tacaíocht ón Aontas a bheith ar fáil chun freagairt thapa éifeachtach a áirithiú, áfach.
Cuireann Cúltaca Cibearshlándála an Aontais, a bunaíodh faoin nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, seirbhísí freagartha ar theagmhais ar fáil ó sholáthraithe iontaofa bainistithe slándála chun cúnamh a thabhairt le teagmhais shuntasacha nó mhórscála agus leis na hiarrachtaí téarnaimh tosaigh. Tá an cúltaca seo deartha chun comhlánú a dhéanamh ar iarrachtaí CSIRTanna na mBallstát, rud a chuireann ar a gcumas tacaíocht bhreise a iarraidh i gcásanna ina mbíonn earnálacha criticiúla, amhail an tsláinte, i gceist. Chun feabhas a chur ar an gcóras sin, ba cheart don Choimisiún agus do ENISA a áirithiú go mbeidh Seirbhís Mearfhreagartha shonrach don earnáil sláinte mar chuid den Chúltaca. Ar bhonn comhlántachta le creataí eile atá ann cheana, dhéanfaí saineolaithe a imscaradh faoin tseirbhís sin chun teagmhais chibearshlándála shuntasacha nó mhórscála san earnáil cúraim sláinte a bhainistiú gan mhoill sa chás nach leor an tacaíocht náisiúnta.
Chun feabhas a chur ar an bhfreagairt agus ar an téarnamh, ba cheart don Lárionad Tacaíochta, i gcomhar leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise agus, i gcás inarb ábhartha, Europol, leabhair bheartaíochta ‘freagairt ar theagmhais chibearshlándála’ atá curtha in oiriúint don chúram sláinte a fhorbairt. Leis na leabhair bheartaíochta thabharfaí treoir do CSIRTanna agus d’eagraíochtaí cúraim sláinte araon maidir le freagairt do bhagairtí cibearshlándála sonracha, bogearraí éirice san áireamh. I bhfianaise a thábhachtaí atá comhar éifeachtach i measc CSIRTanna agus údaráis forfheidhmithe dlí maidir le freagairt a thabhairt ar theagmhais chibearshlándála de chineál coiriúil agus imscrúdú a dhéanamh orthu, ba cheart, i measc rudaí eile, treoraíocht shoiléir a thabhairt sna leabhair bheartaíochta maidir le teagmhais den sórt a thuairisciú do lucht forfheidhmithe dlí. Thairis sin, d’fhéadfadh an Lárionad Tacaíochta feidhmiú céimneach ar bhonn leathan ar chleachtaí cibearshlándála náisiúnta a éascú, ag tógáil ar chleachtaí amhail cleachtadh Cyber Europe ENISA 2022, chun tástáil a dhéanamh ar na leabhair bheartaíochta agus chun prótacail freagartha ar theagmhais a neartú.
Chun bonn eolais a chur faoi bheartais agus chun measúnú ar éifeachtacht na mbeart a dhéantar i gcoinne ionsaithe bogearraí éirice a mheasúnú, tá sé riachtanach tuilleadh sonraí a bhailiú. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a iarraidh ar eintitis atá faoi réir ag Dara Treoir NIS, lena n‑áirítear eagraíochtaí cúraim sláinte, tuairisciú a dhéanamh ar aon íocaíocht fuascailte a dhéantar agus ar íocaíochtaí fuascailte atá beartaithe acu a dhéanamh, in éineacht le faisnéis eile a sholáthraíonn siad agus tuairisciú á dhéanamh acu ar theagmhais shuntasacha. Tacaíonn tuairisciú den sórt sin le himscrúdú éifeachtach a dhéanamh ar theagmhais bogearraí éirice, lena n‑áirítear rianú íocaíochtaí ar ardáin malartaithe criptea-airgeadraí chun na faighteoirí a shainaithint.
Is fachtóir criticiúil é luas an téarnaimh chun athléimneacht agus muinín an phobail a choinneáil ar bun, go háirithe san earnáil cúraim sláinte, earnáil inar féidir le hagaí neamhfhónaimh cur isteach ar chúram othar. Chun téarnamh éifeachtach a dhéanamh ar ionsaithe bogearraí éirice, ní mór do sholáthraithe cúraim sláinte cúltacaí slána, cothrom le dáta agus aonraithe a bheith acu ar féidir iad a aischur go tapa. Mar chuid dá chatalóg seirbhísí, d’fhéadfadh an tIonad Tacaíochta seirbhís síntiúis um théarnamh ó bhogearraí éirice, a chabhródh le hospidéil agus le soláthraithe cúraim sláinte pleananna téarnaimh a ullmhú roimh ré. Ba cheart do ENISA agus Europol comhoibriú chun na cineálacha bogearraí éirice is coitianta a dhíríonn ar eagraíochtaí cúraim sláinte a shainaithint agus stór na n‑uirlisí díchriptiúcháin atá ar fáil tríd an tionscadal No More Ransom a leathnú. Ba cheart dóibh freisin treoraíocht inrochtana a fhorbairt agus a chur chun cinn freisin chun cabhrú le soláthraithe cúraim sláinte gan airgead fuascailte a íoc trí uirlisí díchriptiúcháin a úsáid.
Is fóram luachmhar é an Tionscnamh Idirnáisiúnta i gcoinne Bogearraí éirice chun malartú a dhéanamh maidir le malartú faisnéise a dhéanamh faoi theagmhais shonracha bogearraí éirice, chomh maith le hacmhainneachtaí na dtíortha a bhfuil ballraíocht acu ann a thógáil chun a gcreataí cibearshlándála agus a gcumais imscrúdaithe i gcoinne gníomhaithe bogearraí éirice a neartú. Leanfaidh an Coimisiún, ag obair dó i gcomhar leis an Ardionadaí, den chomhar a chur chun cinn sa Tionscnamh Idirnáisiúnta i gcoinne Bogearraí éirice, lena n‑áirítear i gcoinne bagairtí bogearraí roimh an earnáil sláinte. Thairis sin, féachfaidh an Coimisiún le comhar a bhaint amach i Meitheal Chibearshlándála G7, chun an chibearshlándáil san earnáil sláinte a neartú. Go háirithe, d’fhéadfadh an Mheitheal machnamh a dhéanamh ar fhéidearthachtaí chun tacú leis an earnáil sláinte i gcoinne bagairtí amhail bogearraí éirice, ag tógáil ar an machnamh atá déanta amhail Ráiteas Comhpháirteach maidir le hIonsaithe Bogearraí Éirice i gcoinne Saoráidí Cúraim Sláinte an 8 Samhain 2024, a tíolacadh i gcomhthéacs Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
4.Bearta Náisiúnta
Tá cumas an Phlean Gníomhaíochta seo chun feabhas a chur ar an gcibearshlándáil in earnáil na sláinte ag brath ar rannpháirtíocht ghníomhach agus tiomantas na mBallstát. Chun an Plean Gníomhaíochta a chur chun feidhme go rathúil, d’fhéadfadh na Ballstáit Lárionaid Tacaíochta Chibearshlándála Náisiúnta a ainmniú go sonrach d’ospidéil agus do sholáthraithe cúraim sláinte. Bheadh na lárionaid sin ag feidhmiú mar phríomhphointí teagmhála don earnáil sláinte ar an leibhéal náisiúnta, agus iad ag comhoibriú go dlúth le Lárionad Tacaíochta ENISA. I gcás inar féidir agus inarb ábhartha, ba cheart do na Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana, amhail CSIRTanna sláinte náisiúnta nó údaráis ábhartha, a ainmniú mar Lárionaid Tacaíochta Chibearshlándála Náisiúnta.
Spreagtar na Ballstáit freisin chun pleananna gníomhaíochta náisiúnta a chruthú a bheidh dírithe ar an gcibearshlándáil in earnáil na sláinte. Sna pleananna sin leagfaí amach na rioscaí sonracha cibearshlándála atá roimh chórais cúraim sláinte agus na gníomhaíochtaí náisiúnta atá á ndéanamh chun aghaidh a thabhairt orthu, agus a áirithiú ag an am céanna go mbaintear úsáid éifeachtach as acmhainní agus cleachtais ar an leibhéal Eorpach. Is féidir le Lárionad Tacaíochta ENISA cúnamh a thabhairt chun na pleananna sin a fhorbairt, ag cur pleananna náisiúnta atá ann cheana san áireamh agus ag comhordú iarrachtaí chun a áirithiú go mbeidh acmhainní agus straitéisí na mBallstát aonair ina gcomhlánú ar a chéile.
Príomhréimse eile do na Ballstáit le díriú air is ea comhroinnt acmhainní a éascú i measc soláthraithe cúraim sláinte, rud a d’fhéadfaí a bhaint amach trí sholáthar comhpháirteach nó trí acmhainní comhthiomsaithe ag an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó Eorpach fiú. Leis an gcur chuige sin laghdófaí an t‑ualach airgeadais ar eintitis aonair agus ag an am céanna mhéadófaí a gcumhacht mhargála le soláthraithe seirbhísí cibearshlándála.
Mar shampla, faoi chlár CaRE de chuid na Fraince tugadh isteach roinnt beart ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le hacmhainní a chur ar fáil: tá cibearchatalóg ann ina dtugtar forléargas ar na réitigh chibearshlándála agus ar na pacáistí a chuirtear ar fáil d’ospidéil tríd an ngníomhaireacht chibearshlándála náisiúnta, an ghníomhaireacht um an tsláinte dhigiteach agus eagraíochtaí náisiúnta ceannaigh, chomh maith le réitigh tráchtála. Déantar comhlánú ar an méid sin le cistiú breise le haghaidh gníomhaireachtaí réigiúnacha chun réitigh chomhroinnte a thairiscint.
Ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt freisin ar leibhéil neamhleora infheistíochta sa chibearshlándáil laistigh den earnáil sláinte. Chun cistiú leordhóthanach a áirithiú, ba cheart dóibh tagarmharcanna neamhcheangailteacha a shocrú agus faireachán a dhéanamh ar spriocanna cistiúcháin atá dírithe go sonrach ar an gcibearshlándáil, agus a áirithiú ag an am céanna nach mbainfidh na hinfheistíochtaí sin den chúram othar fíor-riachtanach. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na spriocanna cistiúcháin sin freisin ábhair imní slándála a chomhtháthú sna hinfheistíochtaí digiteacha uile san earnáil. Is féidir leis na Ballstáit dea-chleachtais agus comhairle a mhalartú maidir leis na spriocanna sin trí ardáin amhail an Líonra r-Shláinte.
5.An Comhar Poiblí Príobháideach
Tá an comhar poiblí príobháideach: agus comhairliúchán le soláthraithe cúraim sláinte agus eintitis eile san earnáil sláinte, chomh maith le gníomhaithe ábhartha an tionscail cibearshlándála, ríthábhachtach chun an Plean Gníomhaíochta a chur chun feidhme go rathúil. Chun cur tuilleadh le hobair an Lárionaid Tacaíochta bunóidh an Coimisiún, le tacaíocht ó ENISA, Bord Comhairleach Cibearshlándála Sláinte comhpháirteach ina mbeidh ionadaithe ardleibhéil ón dá réimse, an cúram sláinte agus an chibearshlándáil, a bheidh in ann comhairle a chur ar an gCoimisiún agus ar an Lárionad maidir le gníomhaíochtaí a mbeidh tionchar acu agus a bheidh in ann plé a dhéanamh ar fhorbairt bhreise na gcomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha sa réimse seo. Tógfaidh an bord ar na hiarrachtaí atá ann cheana féin i dtaca le comhpháirtíochtaí poiblí príobháideachas, lena n‑áirítear an ISAC Sláinte Eorpach.
Thairis sin, seolfaidh an Coimisiún glao ar ghníomhaíochtaí le haghaidh cuideachtaí cibearshlándála, fondúireachtaí, institiúidí oideachais agus páirtithe leasmhara an tionscail chun gníomhaíochtaí a ghealladh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin san earnáil. Ag tógáil ar thaithí an Acadaimh um Scileanna Cibearshlándála, is éard a d’fhéadfadh a bheith i ngealltanais den sórt sin gealltanais faoin Acadamh um Scileanna Cibearshlándála chun soláthar cúrsaí oiliúna agus ábhar atá ar an earnáil sláinte a bheith san áireamh ann do ghairmithe cibearshlándála. D’fhéadfadh gealltanais eile aghaidh a thabhairt freisin ar ghníomhaíochtaí ardaithe feasachta nó soláthar seirbhísí slándála bainistithe d’eintitis leochaileacha a bhfuil leochaileacht ar leith orthu saor in aisce nó ar chostas laghdaithe chun a n‑ullmhacht agus a n‑athléimneacht chibearshlándála a mhéadú. Thairis sin, d’fhéadfadh comhroinnt faisnéise faoi chibearbhagairtí le Lárionad Tacaíochta ENISA a bheith i gceist leis na gealltanais. Ba cheart don Lárionad Tacaíochta forléargas a choinneáil ar bun de na gealltanais arna ndéanamh faoin nglao ar ghníomhaíochtaí, agus é mar aidhm aige a gcomhleanúnachas agus a gcomhlántacht a áirithiú.
6.Gníomhaithe cibearbhagairtí a dhíspreagadh
Ba cheart do bheartais chibearshlándála inmheánacha agus sheachtracha an Aontais tacú leis an sprioc maidir le gníomhaithe cibearbhagairtí a dhíspreagadh ó ionsaí a dhéanamh ar chórais cúraim sláinte Eorpacha. Is cineál cibearghníomhaíochta mailísí a bhfuil leibhéal doghlacachta ar leith ag baint leis iad cibirionsaithe i gcoinne eagraíochtaí cúraim sláinte, ós rud é gur féidir leo sábháilteacht othar agus beatha daoine a chur i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart neart iomlán an chumais díspreagtha atá ag an Aontas i réimse na cibearshlándála agus fhorfheidhmiú an dlí a úsáid chun an bonn a bhaint de shamhail ghnó fhoriomlán na ngníomhaithe bagartha a dhíríonn ar an earnáil sláinte, chun brabús éasca a cheilt orthu. Mar chuid de sin áirítear imscrúduithe trasteorann a chothú trí chomhroinnt fheabhsaithe ar tháscairí go bhfuil baol ann agus ar shonraí ábhartha eile, agus béim níos mó a leagan ar spriocanna ardluacha agus ar na príomhéascaitheoirí coiriúla amhail óstáil philéardhíonach nó seirbhísí um meascadh criptea-airgeadraí.
Cuireann Bosca Uirlisí na Cibearthaidhleoireachta creat ar fáil chun cibirionsaithe i gcoinne an Aontais, na mBallstát agus comhpháirtithe a chosc agus a dhíspreagadh, agus chun freagairt a thabhairt orthu. Leanfaidh an tArdionadaí d’úsáid a bhaint as an gcreat cibearsmachtbhannaí atá ann cheana chun freagairt a thabhairt ar bhagairtí atá dírithe ar chórais sláinte.
Is díspeagadh tábhachtach é an fhreagracht a chur ar ghníomhaithe coiriúla as a mbearta. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar forfheidhmiú an dlí a chomhtháthú go hiomlán ina bpleananna gníomhaíochta náisiúnta. Go háirithe, ba cheart dóibh leas iomlán a bhaint as na forálacha faoin Treoir maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus faoi Choinbhinsiún Bhúdaipeist maidir le Cibearchoireacht atá ag Comhairle na hEorpa chun ionsaithe a dhíspreagadh, coirpigh a thabhairt os comhair na cúirte agus agus an bonneagar coiriúil lena ndéantar ionsaithe a éascú a bhaint as a chéile. Ach na huirlisí sin a chur chun feidhme go rathúil, ba cheart a áirithiú go ngearrfar pionós ar ghníomhaíochtaí coiriúla agus mailíseacha i gcoinne na hearnála cúraim sláinte.
7.An Plean Gníomhaíochta a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air
Ar fud an Phlean Gníomhaíochta seo, tá foráil déanta maidir le roinnt cúraimí le haghaidh Lárionad atá le bunú laistigh de ENISA. Áirithítear leis sin go ndéanfar an Plean Gníomhaíochta a chur chun feidhme go hiomlánaíoch comhleanúnach agus gan eintitis nua a chruthú ag an am céanna, rud a d’fhéadfadh forluí féideartha agus forchostais a bheith mar thoradh air. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear acmhainní iomchuí ar fáil don Lárionad Tacaíochta.
Nuair a bheidh an Lárionad Tacaíochta ag feidhmiú, ba cheart do ENISA, ar bhonn comhairliúcháin leis an gCoimisiún, nuashonruithe rialta a sholáthar ar obair an Lárionaid Tacaíochta do Bhord Bainistíochta ENISA agus do líonraí ábhartha na mBallstát chomh maith, go háirithe an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, an Líonra CSIRTanna, an Líonra r-Shláinte agus, i gcás inarb ábhartha, an Bord maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte. Thairis sin, ba cheart do ENISA malartú leanúnach a dhéanamh leis an mBord Comhairleach um Chibearshlándáil Sláinte poiblí príobháideach faoi chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí arna soláthar ag an Lárionad Tacaíochta.
Ba cheart do thuarascálacha rialta ENISA, amhail an Tuarascáil ar Staid na Cibearshlándála san Aontas, ina dtugtar measúnú comhiomlánaithe ar leibhéal aibíochta na hacmhainneachta agus na n‑acmhainní cibearshlándála ar fud an Aontais, lena n‑áirítear san earnáil sláinte, a bheith mar dheiseanna chun sonraí ábhartha a fhoilsiú, rud a thacóidh le faireachán a dhéanamh ar an bPlean Gníomhaíochta. Thairis sin, is féidir le hInnéacs Cibearshlándála an Aontais de chuid ENISA sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla a sholáthar, sonraí a bheidh mar bhonn fianaise chun measúnú ar chriticiúlacht agus ar aibíocht na hearnála sláinte.
8.Na chéad chéimeanna eile
Sa Teachtaireacht seo leagadh amach clár oibre uaillmhianach le haghaidh earnáil sláinte níos sláine ó thaobh na cibearshlándála san Aontas. Leis an bhforbairt atá beartaithe ar an Lárionad Tacaíochta Cibearshlándála d’Ospidéil agus do Sholáthraithe Cúraim Sláinte i gcroílár ENISA, leagtar amach bóthar i dtreo cur chuige comhleanúnach comhroinnte Eorpach a chruthú roimh dhúshlán na cibearshlándála san earnáil.
Ba cheart féachaint ar an Teachtaireacht seo mar thús próisis chun feabhas a chur ar an gcibearshlándáil san earnáil sláinte. Dá bhrí sin, an tráth céanna a ghlacfar an Teachtaireacht seo seolfar comhairliúchán cuimsitheach le páirtithe leasmhara agus leanfar de na malartuithe leis na Ballstáit agus le líonraí ábhartha chun léargais a bhailiú. Bunaithe ar thorthaí na gcomhairliúchán, tá sé i gceist ag an gCoimisiún moltaí a chur chun cinn sa cheathrú ráithe de 2025 chun an Plean Gníomhaíochta a bheachtú tuilleadh.
Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit agus ar na páirtithe leasmhara uile a bheith ag obair i gcomhar le chéile chun uaillmhian an Phlean Gníomhaíochta a bhaint amach.
IARSCRÍBHINN – Forléargas ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe
Maidir leis an gCoimisiún:
|
Lárionad Tacaíochta Cibearshlándála ENISA le haghaidh Ospidéal agus Soláthraithe Cúraim Sláinte
|
|
Acmhainní iomchuí a áirithiú don Lárionad Tacaíochta cibearshlándála
Obair a dhéanamh le ECCC chun treoirthionscadail a sheoladh chun dea-chleachtais a fhorbairt le haghaidh cibearshláinteachas agus measúnuithe ar rioscaí slándála, agus chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le faireachán leanúnach cibearshlándála, faisnéis faoi bhagairtí agus freagairt ar theagmhais trí úsáid a bhaint as réitigh chibearshlándála úrscothacha, chun catalóg seirbhísí an Lárionaid Tacaíochta Cibearshlándála Eorpaigh a fhorbairt
|
2025
|
|
Teagmhais chibearshlándála a chosc
|
|
Ar bhonn comhairliúcháin leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin, EU-CyCLONe agus ENISA, fiosrú ar an tsláinte a shainaithint mar earnáil ar féidir tacaíocht a thabhairt di le haghaidh tástáil ullmhachta chomhordaithe faoin nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht
|
R1 2025
|
|
Mearfhreagairt agus Téarnamh
|
|
In éineacht le ENISA, a áirithiú go mbeidh Seirbhís Mearfhreagartha shonrach don earnáil sláinte mar chuid de Chúltaca Cibearshlándála an Aontais
|
R4 2025
|
|
An Comhar Poiblí Príobháideach
|
|
Le tacaíocht ó ENISA, Bord Comhairleach Cibearshlándála Sláinte comhpháirteach a chur ar bun
|
R1 2025
|
|
Glao ar ghníomhaíochtaí a sheoladh le haghaidh cuideachtaí cibearshlándála, fondúireachtaí, institiúidí oideachais agus páirtithe leasmhara an tionscail chun gníomhaíochtaí a ghealladh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin san earnáil sláinte
|
R2 2025
|
|
Gníomhaithe cibearbhagairtí a dhíspreagadh
|
|
In éineacht leis an Ardionadaí, fiosrú a dhéanamh ar bhearta ó Bhosca Uirlisí na Cibearthaidhleoireachta chun gníomhaíochtaí mailíseacha i gcoinne na gcóras sláinte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhímholadh, agus chun freagairt a thabhairt orthu
|
2025
|
|
An comhar idirnáisiúnta i gcoinne gníomhaithe bogearraí éirice a chur chun cinn, go háirithe mar chuid den Tionscnamh Idirnáisiúnta i gcoinne Bogearraí éirice, ag obair i gcomhar leis an Ardionadaí
|
2025-2026
|
|
Comhar a bhaint amach i Meitheal Chibearshlándála G7, chun an chibearshlándáil san earnáil sláinte a neartú
|
2025-2026
|
|
Na chéad chéimeanna eile
|
|
Comhairliúcháin chuimsitheacha a sheoladh le páirtithe leasmhara
|
R1 2025
|
|
Moltaí a ghlacadh chun an Plean Gníomhaíochta a bheachtú tuilleadh
|
R4 2025
|
ENISA:
|
Lárionad Tacaíochta Cibearshlándála an Aontais le haghaidh Ospidéal agus Soláthraithe Cúraim Sláinte
|
|
Tús a chur leis an obair chun Lárionad Tacaíochta Cibearshlándála Eorpach le haghaidh ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte a bhunú
|
R2 2025
|
|
Catalóg seirbhísí cuimsitheach a fhorbairt a bheidh le soláthar ag an Lárionad Tacaíochta Cibearshlándála
|
Ó R4 2025
|
|
Teagmhais chibearshlándála a chosc
|
|
Treoraíocht shoiléir spriocdhírithe a fhorbairt lena leagtar béim ar na cleachtais chibearshlándála is criticiúla agus lena gcuidítear le soláthraithe cúraim sláinte iad a chur chun feidhme
|
R3 2025
|
|
I ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit, uirlis mhapála rialála a fhorbairt
|
R1 2025
|
|
Creat a fhorbairt le haghaidh measúnuithe aibíochta cibearshlándála a bhaineann go sonrach leis an earnáil cúraim sláinte
|
R3 2025
|
|
Measúnú Aibíochta Cibearshlándála Sláinte bliantúil a dhéanamh
|
2025-2026
|
|
Oibriú i gcomhar leis na Ballstáit agus le húdaráis na gclár réigiúnach chun samhailchláir ‘Dearbhán Cibearshlándála’ a chruthú
|
2025-2026
|
|
Treoirlínte nua maidir leis an soláthar a fhorbairt maidir le cibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte
|
R3 2025
|
|
Líonra CISOnna Sláinte na hEorpa a chruthú
|
R1 2026
|
|
Modúil agus cúrsaí cibearshlándála do ghairmithe cúraim sláinte a dhearadh agus a chur chun cinn
|
R1 2026
|
|
Acmhainní Eorpacha chun cibearbhagairtí i gcoinne na hearnála sláinte a bhrath
|
|
Catalóg Eorpach de leochaileachtaí aitheanta a chur le chéile le haghaidh feistí leighis, córais ríomhthaifead sláinte agus soláthraithe trealaimh agus bogearraí san earnáil sláinte
|
R4 2025
|
|
Seirbhís síntiúis luathrabhaidh uile-Aontais a thabhairt isteach don earnáil sláinte
|
Ó 2026 ar aghaidh
|
|
Tacú leis an ISAC Sláinte Eorpach le huirlisí agus malartú faisnéise
|
2025-2026
|
|
Mearfhreagairt agus Téarnamh
|
|
In éineacht leis an gCoimisiún, a áirithiú go mbeidh Seirbhís Mearfhreagartha shonrach don earnáil sláinte mar chuid de Chúltaca Cibearshlándála an Aontais
|
R4 2025
|
|
I gcomhar leis an líonra CSIRTanna, leabhair bheartaíochta ‘freagairt ar theagmhais’ a fhorbairt a bheidh curtha in oiriúint don earnáil cúraim sláinte
|
R3 2025
|
|
Éascú a dhéanamh ar chur in úsáid leathan na gcleachtaí cibearshlándála náisiúnta chun tástáil a dhéanamh ar na leabhair bheartaíochta agus chun prótacail freagartha ar theagmhais a neartú
|
Ó R4 2025 ar aghaidh
|
|
Seirbhís síntiúis um théarnamh ó bhogearraí éirice a sholáthar
|
Ó 2026 ar aghaidh
|
|
I gcomhar le Europol, na cineálacha bogearraí éirice is coitianta a dhíríonn ar eagraíochtaí cúraim sláinte a shainaithint agus stór na n‑uirlisí díchriptiúcháin atá ar fáil tríd an tionscadal No More Ransom a leathnú
|
R4 2025
|
|
I gcomhar le Europol, treoraíocht inrochtana a fhorbairt agus a chur chun cinn freisin chun cabhrú le soláthraithe cúraim sláinte gan airgead fuascailte a íoc
|
R3 2025
|
|
Bearta Náisiúnta
|
|
Cúnamh a thabhairt do Bhallstáit chun pleananna gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt
|
2025
|
|
Iarrachtaí a chomhardú chun a áirithiú go mbeidh acmhainní agus straitéisí na mBallstát aonair ina gcomhlánú ar a chéile
|
2025-2026
|
|
An Plean Gníomhaíochta a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air
|
|
Ar bhonn comhairliúcháin leis an gCoimisiún, nuashonruithe rialta a sholáthar maidir le hobair an Lárionaid Tacaíochta Cibearshlándála do líonraí ábhartha de Bhallstáit
|
2025-2026
|
|
Malartú leanúnach a dhéanamh leis an mBord Comhairleach um Chibearshlándáil Sláinte
|
2025-2026
|
Na Ballstáit:
|
Acmhainní Eorpacha chun cibearbhagairtí i gcoinne na hearnála sláinte a bhrath
|
|
Fógraí faoi theagmhais ó ospidéil agus ó sholáthraithe cúraim sláinte a chomhroinnt faoin dara Treoir NIS leis an Lárionad Tacaíochta Eorpach um Chibearshlándáil
|
Ó R4 2025 ar aghaidh
|
|
Forbairt ISACanna sláinte náisiúnta a spreagadh
|
2025-2026
|
|
Teagmhais chibearshlándála a chosc
|
|
Laistigh de Ghrúpa comhar NIS, measúnú riosca slándála comhordaithe a dhéanamh, lena ndéanfar measúnú ar rioscaí teicniúla agus straitéiseacha araon a bhaineann le slabhraí soláthair feistí leighis
|
R4 2025
|
|
Mearfhreagairt agus Téarnamh
|
|
Cleachtaí cibearshlándála náisiúnta a chur in úsáid chun tástáil a dhéanamh ar na leabhair bheartaíochta agus chun prótacail freagartha ar theagmhais a neartú
|
Ó 2026 ar aghaidh
|
|
Bearta Náisiúnta
|
|
Lárionaid Tacaíochta Chibearshlándála Náisiúnta a ainmniú le haghaidh ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte
|
R2 2025
|
|
Pleananna gníomhaíochta náisiúnta a chruthú a bheidh dírithe ar an gcibearshlándáil in earnáil na sláinte
|
R4 2025
|
|
Comhroinnt acmhainní a éascú i measc soláthraithe cúraim sláinte
|
2025-2026
|
|
Tagarmharcanna neamhcheangailteacha a shocrú agus faireachán a dhéanamh ar spriocanna cistiúcháin atá dírithe go sonrach ar an gcibearshlándáil
|
R4 2025
|
|
Iarraidh ar eagraíochtaí cúraim sláinte agus ar eintitis eile atá faoi réir ag an Dara Treoir NIS an rún atá acu airgead fuascailte a íoc a thuairisciú
|
R4 2025
|