Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025AP0268

P10_TA(2025)0268 — Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT) — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2025 ar an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT) (COM(2023)0532 – C9-0341/2023 – 2023/0321(CNS)) (An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

IO C, C/2026/1676, 22.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1676/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1676/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1676

22.4.2026

P10_TA(2025)0268

Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT)

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2025 ar an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT) (COM(2023)0532 – C9-0341/2023 – 2023/0321(CNS))

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

(C/2026/1676)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2023)0532),

ag féachaint d’Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0341/2023),

ag féachaint don mheasúnú buiséadach ón gCoiste um Buiséid,

ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, Parlaimint Mhálta agus Tithe an Oireachtais in Éirinn faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

ag féachaint do Riail 84 agus do Riail 58 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0194/2025),

1.

ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.

á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

4.

á iarraidh go rachadh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú 1

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

Níl aon chur chuige coiteann laistigh den Aontas faoi láthair maidir le ríomh an bhoinn cánach do ghnólachtaí. Dá bhrí sin, tá gnólachtaí an Aontais faoi oibleagáid córas cánach corparáide difriúil a chomhlíonadh i ngach Ballstát ina n-oibríonn siad.

(1)

Níl aon chur chuige coiteann laistigh den Aontas faoi láthair maidir le ríomh an bhoinn cánach do ghnólachtaí. Dá bhrí sin, tá gnólachtaí an Aontais faoi oibleagáid córas cánach corparáide difriúil a chomhlíonadh i ngach Ballstát ina n-oibríonn siad. Mar shampla, in 2023, de réir Thuarascáil Bhliantúil 2024 maidir le Cánachas, bhí rátaí cánach corparáide reachtúla éagsúil idir na Ballstáit ó 10 % go 31.5 % (agus ó 9 % go 29 %, agus na scéimeanna tacaíochta cánach a chuir rialtais i bhfeidhm á gcur i gcuntas).

Leasú 2

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

Mar gheall gur ann do 27 gcóras cánach corparáide éagsúla san Aontas, tá castacht ann maidir le comhlíonadh cánach agus tá iomaíocht éagórach ann do na gnólachtaí. Tá sé sin níos soiléire anois toisc go bhfuil an tuiscint ar theorainneacha talún agus samhaltacha gnó athraithe go mór ag an domhandú agus digiteáil an gheilleagair. De réir mar a rinne rialtais iarracht freagairt don réaltacht nua seo, d’eascair tuilleadh saofa sa mhargadh inmheánach as freagairt ilroinnte ó na Ballstáit. Tá cleachtais éagsúla i measc na n-údarás fioscach ar fud na mBallstát de bharr na gcreataí dlíthiúla éagsúla freisin. Is gnách go mbíonn nósanna imeachta fada ag baint leis sin agus is minic a bhíonn dothuarthacht agus neamhréir ann in éineacht le costais chomhlíontachta arda.

(2)

Mar gheall gur ann do 27 gcóras cánach corparáide éagsúla san Aontas, tá castacht ann maidir le comhlíonadh cánach agus tá iomaíocht éagórach ann do na gnólachtaí agus is féidir le cánach dúbailte, seachaint cánach agus neamhchánachas dúbailte a bheith mar thoradh air sin . De réir Thuarascáil Bhliantúil 2024 maidir le Cánachas, measadh gurbh ionann caillteanais ioncaim mar gheall ar aistriú brabúis chorparáidigh agus 20 % de na hioncaim uile ó cháin chorparáide a bailíodh in 2022 san Aontas, arbh ionann é agus thart ar EUR 100 billiún i luach ainmniúil. Is follasaí iad na feiniméin sin anois toisc go bhfuil an bhraistint atá ann i leith teorainneacha talún agus samhaltacha gnó athraithe go mór ag an domhandú agus digiteáil an gheilleagair. De réir mar a rinne rialtais iarracht oiriúnú don réaltacht nua seo, d’eascair tuilleadh saofa sa mhargadh inmheánach as freagairt ilroinnte ó na Ballstáit. Tá cleachtais éagsúla i measc na n-údarás fioscach ar fud na mBallstát de bharr na gcreataí dlíthiúla éagsúla freisin. Is gnách nósanna imeachta fada a bheith ag baint leis sin agus is minic a bhíonn dothuarthacht agus neamhréir ann in éineacht le costais chomhlíontachta arda, ar féidir leis tionchar a imirt ar infheistíochtaí trasteorann . Is féidir leis an gcastacht sin bac a chur ar leathnú gnólachtaí sa mhargadh inmheánach, agus tionchar diúltach a imirt ar an nuálaíocht, ar an iomaíochas agus ar phoist. Dá bhrí sin, tá gá le cur chuige coiteann, ní hamháin chun cánachas cothrom agus éifeachtach a áirithiú, ach freisin chun sláine agus iomaíochas na gcuideachtaí atá gníomhach sa mhargadh inmheánach a neartú.

Leasú 3

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

Cé go bhfuil dearadh na gcóras éagsúil, tá gnéithe bunúsacha na gcóras cánach corparáide cosúil le chéile toisc go leagtar síos leo rialacha atá dírithe ar an gcuspóir céanna, i.e., bonn cánach a shocrú do ghnólachtaí. Ar an dul sin, bheadh sé tábhachtach do ghnólachtaí a oibríonn ar an margadh inmheánach go dtabharfadh na Ballstáit isteach creat dlíthiúil comhchoiteann chun gnéithe bunúsacha córas cánach corparáide a chomhchuibhiú d’fhonn rialacha cánach a shimpliú agus iomaíocht chóir a áirithiú.

(3)

Cé go bhfuil dearadh na gcóras éagsúil, tá gnéithe bunúsacha na gcóras cánach corparáide cosúil le chéile toisc go leagtar síos leo rialacha atá dírithe ar an gcuspóir céanna, i.e., bonn cánach a shocrú do ghnólachtaí. Ar an gcaoi sin, chun tacú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart timpeallacht na cánach corparáide san Aontas a mhúnlú de réir an phrionsabail go n-íocann cuideachtaí a gcion cothrom cánach sna dlínsí ina ngintear a mbrabúis. Dá bhrí sin, bheadh sé tábhachtach do ghnólachtaí a oibríonn ar an margadh inmheánach go ndéanfadh na Ballstáit creat dlíthiúil comhchoiteann a thabhairt isteach chun gnéithe bunúsacha na gcóras cánach corparáide a chomhchuibhiú d’fhonn rialacha cánach a shimpliú , an t-ualach riaracháin a laghdú, iomaíocht chóir a áirithiú, deimhneacht dhlíthiúil do chuideachtaí a oibríonn thar theorainneacha a fheabhsú agus seachaint cánach a chomhrac . Ba cheart raon feidhme an chomhchuibhithe sin a theorannú go docht do na critéir agus do na heintitis dá dtagraítear sa Treoir seo, cé gur faoi na Ballstáit atá sé na beartais ráta cánach agus forfheidhmiúcháin a chinneadh i gcónaí, faoi chuimsiú Threoir (AE) 2022/2523 (1a) ón gComhairle.

 

(1a)   Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas (IO L 328, 22.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2523/oj).

Leasú 4

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)

Tríd an mbonn cánach corparáide a chomhchuibhiú trí thacar coiteann rialacha, cuirtear feabhas ar thrédhearcacht, lena gcothaítear, dá bhrí sin, timpeallacht chánach níos cothroime agus níos sláintiúla laistigh den Aontas, a bhfuil teacht i bhfeidhm Threoir (AE) 2022/2523 maidir le híosleibhéal domhanda cánachais mar bhonn taca léi go háirithe, agus a rannchuidíonn le hiomaíochas foriomlán an Aontais chomh maith le gealltanas an Aontais i leith caighdeáin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a neartú.

Leasú 5

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus ualaí riaracháin iomarcacha ar ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar a sheachaint, ba cheart é a bheith d’aidhm ag an Treoir seo comhleanúnachas le forbairtí idirnáisiúnta cánach a bhaint amach, go háirithe na forbairtí sin a shaothraítear le Creat Cuimsitheach ECFE/G20, lena n-áirítear Colún a hAon agus Colún a Dó, agus na seasaimh arna nglacadh ag príomh-chomhpháirtithe idirnáisiúnta agus ag na Ballstáit á gcur i gcuntas freisin, lena n-áirítear cinntí chun gealltanais chomhaontaithe a chaomhnú nó iad féin a dhíolmhú ó ghealltanais chomhaontaithe. In aon chás, ba cheart don Aontas solúbthacht leordhóthanach a choinneáil chun a shásra leithdháilte féin a chinneadh, i gcás inar gá, chun ualaí comhlíontachta a laghdú agus chun an riosca a bhaineann le cánachas dúbailte nó ilchánachas a mhaolú.

Leasú 6

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 4 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4b)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhleanúnachas agus ailíniú na Treorach seo le Rialacha Samhla ECFE/G20 agus le Treoir (AE) 2022/2523 a áirithiú. I gcás inar féidir, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit coincheapa sa Treoir seo a léirmhíniú i bhfianaise na bprionsabal agus na rialacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2022/2523.

Leasú 7

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)

Ba cheart an timpeallacht ina ndéantar gnó sa mhargadh inmheánach a dhéanamh níos mealltaí agus é d’aidhm aige fás agus infheistíocht san Aontas a spreagadh. Chun na críche sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt d’achtú creata chomhchoitinn de rialacha cánach corparáide, d’fhonn é a dhéanamh níos éasca do ghnólachtaí na rialacha sin a chomhlíonadh nuair a oibríonn siad thar theorainneacha agus, chomh maith leis sin, iad siúd ar mian leo tuilleadh leathnaithe a dhéanamh ar an gcoigríoch a spreagadh chun déanamh amhlaidh. Tá coinne leis go mbeidh deimhneacht chánach fheabhsaithe agus líon níos lú díospóidí cánach ann mar thoradh ar thacar amháin rialacha cánach corparáide do ghníomhaíocht idirnáisiúnta, toisc go rachfaí i ngleic le saobhadh agus laghdófaí an líon cásanna de chánachas dúbailte agus róchánachas. Thairis sin, ós rud é gur cuid thábhachtach de bhuiséid na mBallstát í inbhuanaitheacht ioncaim cánach, lena n-áirítear chun infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar, taighde agus forbairt agus chun seirbhísí poiblí a sholáthar, bheadh sé criticiúil a áirithiú go ndéantar leithdháileadh ioncaim i gcomhréir le huirlis bunaithe ar pharaiméadair láidre nach féidir mí-úsáid a bhaint astu.

(5)

Ba cheart an timpeallacht ina ndéantar gnó sa mhargadh inmheánach a dhéanamh níos mealltaí agus é d’aidhm aige fás agus infheistíocht san Aontas a spreagadh. Chun na críche sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt d’achtú creata chomhchoitinn de rialacha cánach corparáide, chun é a dhéanamh níos éasca do ghnólachtaí na rialacha sin a chomhlíonadh nuair a oibríonn siad thar theorainneacha agus, chomh maith leis sin, iad siúd ar mian leo tuilleadh leathnaithe a dhéanamh ar an gcoigríoch a spreagadh chun déanamh amhlaidh agus fiontraíocht sa mhargadh inmheánach a spreagadh . Tá coinne leis go mbeidh deimhneacht chánach fheabhsaithe agus líon níos lú díospóidí cánach ann mar thoradh ar thacar amháin rialacha cánach corparáide a bheith ann le haghaidh gníomhaíocht idirnáisiúnta, toisc go rachfaí i ngleic le saobhadh agus go laghdófaí líon na gcásanna cánachais dhúbailte agus neamhchánachais dhúbailte . Tugann sé seo le tuiscint freisin gur lú na deiseanna atá ann mí-úsáid a bhaint as roinnt forálacha sonracha náisiúnta cánach i gcomhthéacs uile-Eorpach. Thairis sin, ós rud é gur cuid thábhachtach de bhuiséid na mBallstát í inbhuanaitheacht ioncaim cánach, lena n-áirítear chun infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar, i dtaighde agus i bhforbairt, sa tslándáil agus sa chosaint, agus in aistrithe glasa agus sóisialta agus chun seirbhísí poiblí a sholáthar, go háirithe do na teaghlaigh is leochailí, is den ríthábhacht é rialacha maidir le cinneadh brabúis a dhearadh san Aontas nach mbeidh ioncaim níos ísle do na Ballstáit mar thoradh orthu. Ina theannta sin, bheadh sé ríthábhachtach a áirithiú don todhchaí go ndéanfar leithdháileadh ioncam i gcomhréir le huirlis atá bunaithe ar pharaiméadair dhaingne nach féidir mí-úsáid a bhaint astu.

Leasú 8

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

Cé go gcinnfí an tairseach ar bhonn ioncaim chomhcheangailte an ghrúpa ar bhonn domhanda, bheadh sainchúram na bhforálacha teoranta do chomhaltaí an ghrúpa a oibríonn ar an margadh inmheánach toisc nach bhfuil feidhm ag dlí an Aontais ach amháin laistigh den Aontas agus níl sé ina cheangal ar Stáit nach Ballstáit iad. Níor cheart ach fothacar an Aontais de ghrúpa den sórt sin a ghabháil, dá bhrí sin. D’áiritheofaí leis sin cuideachtaí a bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach i mBallstát agus a bhfuil a mbuanbhunaíochtaí ag oibriú i mBallstát, chomh maith le buanbhunaíochtaí, atá san Aontas, de chuideachtaí tríú tír den ghrúpa céanna. Ós rud é go bpléitear le coincheap na buanbhunaíochta i gconarthaí cánach déthaobhacha agus sa dlí náisiúnta agus cé go bhfuil roinnt prionsabail choiteanna sa sainmhíniú, tá roinnt éagsúlachta i gceist ar fud an domhain. Dá réir sin, bheadh sé pragmatach dá mbraithfí ar na conarthaí maidir le cánachas dúbailte atá ann cheana agus ar rialacha náisiúnta na mBallstát, seachas iarracht a dhéanamh comhchuibhiú iomlán a bhaint amach trí dhlí tánaisteach an Aontais.

(7)

Cé go gcinnfí an tairseach ar bhonn ioncaim chomhcheangailte an ghrúpa ar bhonn domhanda, ba cheart sainchúram na bhforálacha a bheith teoranta do chomhaltaí an ghrúpa a oibríonn ar an margadh inmheánach toisc nach bhfuil feidhm ag dlí an Aontais ach amháin laistigh den Aontas agus nach bhfuil sé ina cheangal ar Stáit nach Ballstáit iad. Níor cheart, dá bhrí sin, ach fothacar an Aontais den ghrúpa sin a bheith i gceist. D’áiritheofaí leis sin cuideachtaí atá cónaitheach i mBallstát chun críoch cánach agus a mbuanbhunaíochtaí , lena n-áirítear aon láithreacht eacnamaíoch shuntasach, atá ag oibriú i mBallstát, chomh maith le buanbhunaíochtaí cuideachtaí tríú tír atá san Aontas, ar den ghrúpa céanna iad.

Leasú 9

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a)

Ba cheart don Aontas plétí idirnáisiúnta maidir le cánachas corparáideach idirnáisiúnta a chur in oiriúint don todhchaí a stiúradh agus a bheith rannpháirteach go gníomhach sna pléití sin, lena n-áirítear trí chineál comhchuibhithe rialacha agus leithdháileadh an bhoinn cánach do chuideachtaí ilnáisiúnta móra a chur chun cinn.

Leasú 10

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8a)

Ba cheart rialacha a leagan síos sa Treoir seo lena leathnófaí coincheap na buanbhunaíochta ionas go n-áireofaí láithreacht shuntasach eacnamaíoch trína seoltar gnó go hiomlán nó go páirteach. Is é an bunchuspóir athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh ina iomláine a fheabhsú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le cánachas an gheilleagair dhigitigh. Mar thoradh ar thábhacht mhéadaitheach na seirbhísí, a gcuirtear dlús léi trí dhigitiú an gheilleagair, bhí tograí ann le déanaí, mar atá leabaithe i dtogra maidir le Colún a hAon de ECFE/G20, chun láithreacht eacnamaíoch shuntasach a shainiú mar nasc inchánach atá bunaithe ar thairseach díolacháin atá go hiomlán cainníochtúil in aon tír ar leith chun gach earnáil a chuimsiú agus simplíocht a áirithiú. Ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n-aonar toisc go bhfuil gnólachtaí digiteacha in ann oibriú ar bhonn trasteorann gan aon láithreacht fhisiceach a bheith acu i ndlínse agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le rialacha chun a áirithiú go n-íocann gnólachtaí digiteacha cánacha sna dlínsí ina ndéanann siad brabús, bíodh sin trí sheirbhísí a sholáthar nó trí tháirgí a dhíol (‘díolachán’).

Leasú 11

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 8 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8b)

Chun foráil a dhéanamh maidir le sainmhíniú láidir ar nasc inchánach gnólachta i mBallstát, bíodh an gnólacht digiteach nó ná bíodh, is gá an sainmhíniú sin a bheith bunaithe ar na hioncaim ó aon díolacháin, lena n-áirítear ioncaim ó na seirbhísí digiteacha a sholáthraítear. Tá an sainmhíniú a áirítear sa Treoir seo comhionann leis an sainmhíniú a chomhaontaítear faoi chuimsiú an togra maidir le Colún a hAon de ECFE/G20, chun comhleanúnachas a áirithiú idir an Treoir seo agus an creat idirnáisiúnta sin. Ba cheart don Aontas dea-shampla a thabhairt sa dioscúrsa idirnáisiúnta maidir le hathchóiriú cánach, chun cinnteacht a thabhairt do cháiníocóirí. Thairis sin, chun comhsheasmhacht a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún moltaí a eisiúint chun tacú le hoiriúnuithe ar choinbhinsiúin um chánachas dúbailte na mBallstát le dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad, chun a áirithiú go gcuirfear coincheap na buanbhunaíochta, lena n-áirítear láithreacht shuntasach eacnamaíoch, agus na rialacha gaolmhara maidir le sannadh brabúis i bhfeidhm ar bhealach atá comhsheasmhach le caighdeáin arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta.

Leasú 12

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)

Cuireann an cuspóir a bhaineann le simpliú na rialacha atá ann faoi láthair an tionscnamh atá beartaithe i dtábhacht. Dá bhrí sin, ba cheart na rialacha maidir le ríomh an bhoinn cánach a fhorbairt trí shraith theoranta coigeartuithe cánach a chur i bhfeidhm maidir le ráitis airgeadais gach comhalta den ghrúpa. Léireofaí leis na coigeartuithe teoranta sin coigeartuithe coiteanna a bhfuil gá leo chun ráitis cuntasaíochta airgeadais a iompú ina mbonn cánach. Agus an gá le hailíniú le Treoir (AE) 2022/2523 á chur san áireamh, ba cheart do na coigeartuithe teacht leis an gcreat sin, rud lenar cheart an cur chun feidhme a éascú do Bhallstáit agus do ghnólachtaí a mbeadh cur amach acu cheana féin ar na prionsabail ghinearálta.

(9)

Cuireann an cuspóir a bhaineann le simpliú na rialacha atá ann faoi láthair an tionscnamh atá beartaithe i dtábhacht , lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht agus iomaíochas an mhargaidh inmheánaigh. Dá bhrí sin, ba cheart na rialacha maidir le ríomh an bhoinn cánach a fhorbairt trí shraith theoranta coigeartuithe cánach a chur i bhfeidhm maidir le ráitis airgeadais gach comhalta den ghrúpa. Léireofaí leis na coigeartuithe teoranta sin coigeartuithe coiteanna a bhfuil gá leo chun ráitis cuntasaíochta airgeadais a thiontú ina mbonn cánach. Agus an gá atá le hailíniú le Treoir (AE) 2022/2523 á chur san áireamh, ba cheart do na coigeartuithe teacht leis an gcreat sin, lenar cheart an cur chun feidhme a éascú do Bhallstáit agus do ghnólachtaí a mbeadh cur amach acu cheana féin ar na prionsabail ghinearálta. Sa chreat sin, ba cheart an íocaíocht cánach breisiúcháin atá dlite i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2523 nó i gcur i bhfeidhm cánach breisiúcháin náisiúnta cáilithe dá dtagraítear sa Treoir sin, nó aon chánacha íosta malartacha eile a aithnítear i bhfóram idirnáisiúnta amhail ECFE, a chur san áireamh.

Leasú 13

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)

Ós rud é go n-úsáidfear na cuntais airgeadais mar thúsphointe do ríomh bhonn cánach gach comhalta den ghrúpa, chun an simpliú a bhaint amach, is gá rialacha cánach a dhréachtú ar bhealach a mbeidh siad a chóngaraí is féidir don chuntasaíocht airgeadais. I gcásanna inar féidir, ní athródh an cur chuige cuntasaíochta airgeadais i ndáil le sócmhainn nó dliteanas chun críoch cánach agus dá dhroim sin, ní bheadh gá le haon choigeartú. Dá réir sin, i gcomhréir le réasúnaíocht an chánachais, is gá freisin go gcaithfí le heilimintí eile den bhonn cánach chun críoch cánach ar bhealach difriúil leis an mbealach a gcáilítear iad faoi chuntasaíocht airgeadais.

(10)

Ós rud é go n-úsáidfear na cuntais airgeadais mar thúsphointe chun bonn cánach gach comhalta den ghrúpa a ríomh, ar mhaithe le simpliú a dhéanamh, is gá rialacha cánach a dhréachtú ar bhealach ina mbeidh siad chomh gar agus is féidir don chuntasaíocht airgeadais. I gcásanna inar féidir, ní athródh an cur chuige cuntasaíochta airgeadais i ndáil le sócmhainn nó dliteanas chun críoch cánach agus dá réir sin, ní bheadh gá le haon choigeartú. Dá réir sin, i gcomhréir le réasúnaíocht an chánachais, is gá freisin go gcaithfí le heilimintí eile den bhonn cánach chun críoch cánach ar bhealach difriúil leis an mbealach a gcáilítear iad faoi chuntasaíocht airgeadais. Chun comhsheasmhacht a áirithiú le cleachtais chánach idirnáisiúnta amhail na cleachtais sin faoi chreat Cholún a Dó, ba cheart solúbthacht níos mó a cheadú leis an Treoir seo maidir le rogha na gcaighdeán cuntasaíochta airgeadais a úsáidtear chun an réamhthoradh cánach a chinneadh.

Leasú 14

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10a)

Chun an cuspóir maidir le creat cánach simplithe a bhaint amach agus chun go ndéanfadh an Treoir seo Treoir (AE).../... (1a)  (+) ón gComhairle a chomhlánú go leormhaith, ba cheart do na rialacha maidir le hin-asbhainteacht úis a leagtar síos sa Treoir seo ailíniú leis na rialacha dá bhforáiltear i dTreoir (AE).../... (++), i gcás inarb infheidhme.

 

 

 

(1a)   Treoir (AE).../... ón gComhairle an... maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le liúntas um chlaontacht fiachais-cothromais a laghdú agus i dtaca le hin-asbhainteacht úis a theorannú chun críoch cánach ioncaim corparáidí (IO L,..., ELI:...).

(+)   IO: Cuir isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad 2022/0154(CNS) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta.

(++)   IO: Cuir isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad 2022/0154(CNS).

Leasú 15

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 10 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10b)

Chun íosleibhéal cánachais ar ríchíosanna a ráthú, ba cheart riail maidir le teorannú ríchíosanna a thabhairt isteach do chomhaltaí ghrúpa BEFIT i gcomhréir leis an Riail Faoi-Réir-Cánach (1a) amhail atá molta ag Creat Cuimsitheach ECFE/G20 i gColún a Dó.

 

(1a)   ECFE (2023). Dúshláin Chánach a eascraíonn as Digitiú an Gheilleagair – an Riail Faoi-Réir-Cánach (Colún a Dó): Inclusive Framework on BEPS, OECD/G20 Base Erosion and Profit Shifting Project, OECD Publishing, Páras, https://doi.org/10.1787/9afd6856-en. [Creat Cuimsitheach ar BEPS, Tionscadal OECD/G20 maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis].

Leasú 16

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 10 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10c)

Chun cáin níos cothroime a ghearradh ar ioncam éighníomhach, tá gá freisin le rialacha láidre maidir le Cuideachtaí faoi Rialú Eachtrach (CFC) do chomhaltaí ghrúpa BEFIT chun iad a dhéanamh níos athléimní i gcoinne aistriú brabúis.

Leasú 17

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(11a)

Chun infheistíocht a spreagadh, aistriú inbhuanaithe a bhaint amach agus feabhas a chur ar chumas an Aontais bagairtí agus géarchéimeanna atá ag teacht chun cinn a chosc agus freagairt dóibh, ba cheart do na Ballstáit córas dímheasa luathaithe spriocdhírithe a ghlacadh chun cuideachtaí a dhreasú chun na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh chun an dá aistriú a bhaint amach agus a n-athléimneacht a chothú. Leis an gcóras sealadach sin, ba cheart fás eacnamaíoch inbhuanaithe a spreagadh, poist a chruthú, slándáil an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear sna hearnálacha digiteacha agus fuinnimh, agus nuálaíocht i dteicneolaíochtaí inbhuanaithe a chothú. Chun na dreasachtaí sin a oibríochtú agus cur chuige aonfhoirmeach ar fud an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheart sainordú a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.

Leasú 18

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)

Chun an príomhchuspóir a bhaint amach, is é sin creat cánach corparáide simplithe a chruthú, ba cheart na réamhthorthaí cánach do gach comhalta grúpa a chomhiomlánú i mbonn cánach coiteann amháin chun an bonn sin a leithdháileadh ar chomhaltaí grúpa incháilithe ina dhiaidh sin. Mar gheall ar na coigeartuithe cánach ar na ráitis airgeadais bheadh réamhthorthaí cánach do gach comhalta den ghrúpa. Dhéanfaí na torthaí sin a chomhiomlánú ansin, rud a d’fhágfadh go mbeadh faoiseamh caillteanais trasteorann ann idir comhaltaí de ghrúpa BEFIT, agus ina dhiaidh sin, leithdháilfí an bonn cánach comhiomlánaithe ar chomhaltaí grúpa bunaithe ar riail maidir le leithdháileadh idirthréimhseach; leis sin réiteofaí an bealach le haghaidh sásra buan. D’fhéadfadh an sásra buan sin a bheith bunaithe ar chionroinnt de réir foirmle agus d’fhágfaí leis nár ghá d’idirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT a bheith i gcomhréir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách. Bheadh sé de bhuntáiste aige sonraí is déanaí maidir le tuairisciú de réir tíre (‘CbCR’) agus an fhaisnéis arna bailiú le linn na hidirthréimhse a úsáid. Fágfar leis sin go mbeifear in ann measúnú níos críochnúla a dhéanamh ar an tionchar a mheastar a bheidh ag cur chun feidhme an chuir chuige dhécholúnaigh ar bhoinn chánach náisiúnta agus ar bhoinn chánach ghrúpaí BEFIT. Ar an mbealach sin, bheadh sé indéanta fós an príomhchuspóir, is é sin neodracht chánach sa mhargadh inmheánach, a bhaint amach, rud lena laghdófaí cásanna an chánachais dhúbailte agus an chánachais agus lena bhfeabhsófaí deimhneacht chánach agus é d’aidhm aige sin an líon díospóidí cánach a laghdú.

(12)

Chun an príomhchuspóir a bhaint amach, is é sin creat cánach corparáide simplithe a chruthú, ba cheart na réamhthorthaí cánach i gcás gach comhalta grúpa a chomhiomlánú i mbonn cánach coiteann amháin chun an bonn sin a leithdháileadh ar chomhaltaí grúpa incháilithe ina dhiaidh sin. Ba cheart an creat sin a bheith simplí do ghnólachtaí agus níor cheart aon ualach nua a chur orthu . Mar gheall ar na coigeartuithe cánach ar na ráitis airgeadais bheadh réamhthorthaí cánach ann do gach comhalta den ghrúpa. Dhéanfaí na torthaí sin a chomhiomlánú ansin, rud a d’fhágfadh go mbeadh faoiseamh caillteanais trasteorann caidhpeáilte ann idir comhaltaí ghrúpa BEFIT, agus ina dhiaidh sin, leithdháilfí an bonn cánach comhiomlánaithe ar chomhaltaí grúpa bunaithe ar riail maidir le leithdháileadh idirthréimhseach; leis sin réiteofaí an bealach le haghaidh sásra buan. Ba cheart an sásra buan sin a bheith bunaithe ar chionroinnt de réir foirmle lena n-áirítear ceithre thacar d’fhachtóirí inláimhsithe, ach gan a bheith teoranta dóibh: saothar, sócmhainní, díolacháin agus láithreacht dhigiteach. D’fhágfaí leis nár ghá d’idirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT a bheith i gcomhréir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách. Bheadh sé de bhuntáiste aige na sonraí is déanaí maidir le tuairisciú de réir tíre (‘CbCR’) agus an fhaisnéis a bhailítear le linn na hidirthréimhse a úsáid. Fágfar leis sin go mbeifear in ann measúnú níos críochnúla a dhéanamh ar an tionchar a mheastar a bheidh ag cur chun feidhme an chur chuige dhécholúnaigh ar bhoinn chánach náisiúnta agus ar bhoinn chánach ghrúpaí BEFIT, agus dá bhrí sin, costais comhlíontachta cánach do chuideachtaí a laghdú . Ar an mbealach sin, bheadh sé indéanta i gcónaí an príomhchuspóir, is é sin neodracht chánach sa mhargadh inmheánach, a bhaint amach, rud lena laghdófaí cásanna an chánachais dhúbailte agus an neamhchánachais dhúbailte agus a fheabhsódh deimhneacht chánach agus é d’aidhm aige sin an líon díospóidí cánach a laghdú. I bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta cánach atá ag teacht chun cinn agus cur chun feidhme éiginnte Cholún a hAon ag príomhdhlínsí, is den ríthábhacht é go gcaomhnóidh an tAontas an tsolúbthacht agus sásra leithdháilte atá uathrialach, cóir agus cothrom ó thaobh an gheilleagair de á fhorbairt aige.

Leasú 19

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)

Chun spás don fhás agus don infheistíocht a sholáthar, cheadófaí do na Ballstáit coigeartuithe iar-leithdháilte breise (e.g. cóireáil cánach ranníocaíochtaí pinsin) a chur i bhfeidhm go haonarach i réimsí nach gcumhdaítear le creat comhchoiteann. Bheadh de rogha ag na Ballstáit a sciar leithdháilte a choigeartú tuilleadh, gan uasteorainn, chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit a roghanna beartais náisiúnta a dhéanamh sa réimse sin. An rud is tábhachtaí, go socrófaí go héifeachtach le Treoir (AE) 2022/2523 uasteorainn lena n-áiritheofaí go héifeachtach go mbeadh an ráta cánach éifeachtach ag 15 % ar a laghad.

(14)

Chun spás don fhás agus don infheistíocht a sholáthar, cheadófaí do na Ballstáit coigeartuithe iar-leithdháilte breise (e.g. cóireáil cánach ranníocaíochtaí pinsin) a chur i bhfeidhm go haonarach i réimsí nach gcumhdaítear le creat comhchoiteann. Bheadh de rogha ag na Ballstáit a sciar leithdháilte a choigeartú tuilleadh, gan uasteorainn, chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit a roghanna beartais náisiúnta a dhéanamh sa réimse sin , mar shampla chun éifeachtúlacht acmhainne a ghiniúint, infheistíocht a spreagadh agus poist a chruthú . Féadfar a áireamh ar na coigeartuithe breise sin asbhaintí, liúntais, creidmheasanna cánach nó bearta cánach corparáide náisiúnta eile, lena n-áirítear iad siúd a chuireann taighde agus forbairt nó cuspóirí beartais eile chun cinn, ar choinníoll nach bhfuil feidhm ag na bearta sin ach amháin maidir leis an sciar leithdháilte den bhonn cánach agus nach ndéanann siad difear don bhonn cánach comhdhlúite ná don sásra leithdháilte faoin Treoir seo . Leis an gcoigeartú iar-leithdháilte, áfach, ba cheart díriú ar dhreasachtaí cánach atá bunaithe ar ionchur. Ba cheart do na Ballstáit staonadh ó dhreasachtaí cánach atá bunaithe ar aschur a thairiscint, amhail boscaí paitinne agus córais maoine intleachtúla eile.

Leasú 20

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14a)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhleanúnachas agus ailíniú na Treorach seo le Rialacha Samhla ECFE/G20 agus le Treoir (AE) 2022/2523 a áirithiú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an ráta cánach éifeachtach a ríomh ar bhonn tíre, a bhféadfadh an faoiseamh caillteanais trasteorann idir comhaltaí de ghrúpa BEFIT a bheartaítear sa Treoir seo an bonn a bhaint de. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar an ngné sin san athbhreithniú ar an Treoir seo.

Leasú 21

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)

Oibríonn roinnt Ballstát córais cánach corparáide atá tógtha ar phrionsabail atá difriúil leis an gcur chuige is coitianta, amhail córais chánach atá bunaithe ar dháileadh. Tá sé fíorthábhachtach, dá bhrí sin, na coigeartuithe a bhfuil gá leo a chur i bhfeidhm, chun a áirithiú go mbíonn idirghníomhaíocht inoibrithe ann leis na córais sin. D’fhéadfaí an réiteach a lorg i gcoigeartuithe áirithe iar-leithdháilte. Leis sin, ba ghá an chuid a leithdháilfear ar chomhalta grúpa faoi chóras bunaithe ar dháileadh a mhodhnú i gcoibhneas leis na dáiltí arna ndéanamh le linn na bliana fioscaí. Choinneofaí croí an chórais cánach atá bunaithe ar dháileadh, toisc gur pointe ama é an dáileadh i ndáil le cáin a ghearradh ar an gcuid leithdháilte agus leis sin d’fhéadfaí a chinneadh cé mhéad de sin ar ghá cáin a ghearradh air, dá réir sin. I ndáil leis sin, ba cheart é a bheith beartaithe sásra tabhairt ar aghaidh a úsáid chun a áirithiú go mbeadh an chuid leithdháilte, nach ngearrtar cáin uirthi sa bhliain reatha, inchánach sna blianta ina dhiaidh sin.

(15)

Oibríonn roinnt Ballstát córais cánach corparáide atá tógtha ar phrionsabail atá difriúil leis an gcur chuige is coitianta, amhail córais chánach atá bunaithe ar leithdháileadh. Tá sé fíorthábhachtach, dá bhrí sin, na coigeartuithe a bhfuil gá leo a chur i bhfeidhm, chun a áirithiú go mbíonn idirghníomhaíocht inoibrithe ann leis na córais sin agus gan contrárthacht idir an dá chóras a thabhairt isteach, lena ndéanfaí cruthú gnó a dhíspreagadh . D’fhéadfaí an réiteach a lorg i gcoigeartuithe áirithe iar-leithdháilte. Bheadh sé i gceist leis an méid sin, go gcaithfí an chuid a leithdháilfí ar chomhalta grúpa faoi chóras atá bunaithe ar leithdháileadh, a mhodhnú i gcoibhneas leis na leithdháiltí a dhéantar le linn na bliana fioscaí. Choinneofaí croí an chórais cánach atá bunaithe ar leithdháileadh, toisc gur pointe ama é an leithdháileadh maidir le cáin a ghearradh ar an gcuid leithdháilte agus dá réir sin d’fhéadfaí a chinneadh cé mhéad de sin a mbeadh gá le cáin a ghearradh air. Ina leith sin, ba cheart é a bheith beartaithe sásra tabhairt ar aghaidh a úsáid chun a áirithiú go mbeadh an chuid leithdháilte, nach ngearrtar cáin uirthi sa bhliain reatha, inchánach sna blianta dár gcionn. Ba cheart measúnú a dhéanamh tar éis 5 bliana ar an bhféidearthacht córais chánach atá bunaithe ar leithdháileadh a áireamh faoi raon feidhme na Treorach seo.

Leasú 22

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)

Ba ghá córas riaracháin a chumhdach i gcreat comhchoiteann le haghaidh cánachas corparáideach, creat lena ndéanfar foráil maidir le leibhéal deimhneachta cánach agus simpliú, go hidéalach. Chun aonfhoirmeacht a chur chun cinn, bheadh ar an gcóras riaracháin tógáil ar an tábhacht a bhaineann le pointe tagartha láraithe a oibriú chun dul i ngleic le roinnt saincheisteanna coiteanna, amhail Tuairisceán Faisnéise don ghrúpa iomlán, agus leibhéal leordhóthanach comhordúcháin agus comhair a áirithiú idir údaráis fhioscacha náisiúnta. An tráth céanna, ba cheart don chóras riaracháin ceannasacht chánach náisiúnta a urramú ina hiomláine mar go mbeidh tuairisceáin chánach áitiúla, iniúchtaí agus réiteach díospóidí ar leibhéal na mBallstát fós den chuid is mó.

(17)

Is gá go mbeadh córas riaracháin mar chuid de chreat coiteann le haghaidh cánachas corparáideach, agus ba cheart, go hidéalach, go bhforálfaí leis do mhéid áirithe deimhneachta cánach agus simplithe cánach. Chun aonfhoirmeacht a chur chun cinn, bheadh ar an gcóras riaracháin tógáil ar an tábhacht a bhaineann le pointe tagartha láraithe a oibriú chun dul i ngleic le roinnt saincheisteanna coiteanna, amhail Tuairisceán Faisnéise don ghrúpa iomlán, agus leibhéal leormhaith rúndachta agus slándála, chomh maith le leibhéal leormhaith comhordúcháin agus comhair a áirithiú idir údaráis fhioscacha náisiúnta. An tráth céanna, le linn an aistrithe , ba cheart don chóras riaracháin ceannasacht chánach náisiúnta a urramú ina hiomláine mar go mbeadh ar thuairisceáin cánach áitiúla, iniúchtaí agus réiteach díospóidí fanacht go príomha ar leibhéal na mBallstát.

Leasú 23

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

Chun a áirithiú go gcuirtear rialacha an chreata chomhchoitinn chun feidhme agus go bhforfheidhmítear iad i gceart, ba cheart do na Ballstáit rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme, maidir le sáruithe ar na forálacha náisiúnta a ghlactar de bhun na Treorach seo, a leagan síos. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(18)

Chun a áirithiú go gcuirtear rialacha an chreata chomhchoitinn chun feidhme agus go bhforfheidhmítear iad i gceart, ba cheart do na Ballstáit rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme, maidir le sáruithe ar na forálacha náisiúnta a ghlactar de bhun na Treorach seo, a leagan síos. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart na pionóis sin a shocrú ag íosráta 0,1 % de láimhdeachas an ghrúpa BEFIT i gcás ina mainnítear an tuairisceán faisnéise BEFIT a chomhdú dá réir agus i gcás míthuairisciú d’aon ghnó i dtuairisceán faisnéise BEFIT.

Leasú 24

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 18 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(18a)

Príomhcholún chun feabhas a chur ar chomhlíonadh cánach corparáide is ea córas cuimsitheach ilfhreastail a bhunú lena gcuirtear ar chumas gnólachtaí a n-oibleagáidí cánach a chomhlíonadh ar fud na mBallstát trí chomhéadan cuíchóirithe aonair, lena ndéantar, dá bhrí sin, ualaí riaracháin a laghdú, forfheidhmiú comhsheasmhach a áirithiú, agus deimhneacht dhlíthiúil sa mhargadh inmheánach a fheabhsú.

Leasú 25

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)

Chun na tairbhí, a bhainfeadh le creat dlíthiúil comhchoiteann a bheith ann chun an bonn cánach corparáide sa mhargadh inmheánach a ríomh, a uasmhéadú, ba cheart cur i bhfeidhm na rialacha a bheith roghnach do ghrúpaí, lena n-áirítear grúpaí FBManna, a thuilleann ioncaim chomhcheangailte bhliantúla is lú ná EUR 750 000 000 a fhad agus a ullmhaíonn siad ráitis airgeadais chomhdhlúite agus a bhfuil bunaíocht inchánach san Aontas acu. Ós rud é go mbeidh cur i bhfeidhm na rialacha ann mar rogha do ghrúpaí níos lú, d’fhéadfadh níos mó grúpaí ag a bhfuil struchtúir agus gníomhaíochtaí trasteorann tairbhiú den simpliú a chuirtear ar fáil leis an gcreat comhchoiteann.

(19)

Chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na tairbhí a bhainfeadh le creat dlíthiúil comhchoiteann a bheith ann chun an bonn cánach corparáide sa mhargadh inmheánach a ríomh, ba cheart cur i bhfeidhm na rialacha a bheith roghnach do ghrúpaí, lena n-áirítear grúpaí FBManna, a thuilleann ioncaim chomhcheangailte bhliantúla ar lú é ná EUR 750 000 000 a fhad agus a ullmhaíonn siad ráitis airgeadais chomhdhlúite agus a bhfuil bunaíocht inchánach san Aontas acu. Trí chur i bhfeidhm na rialacha a bheith mar rogha do ghrúpaí níos lú, d’fhéadfadh níos mó grúpaí ag a bhfuil struchtúir agus gníomhaíochtaí trasteorann tairbhiú den simpliú a chuirtear ar fáil leis an gcreat comhchoiteann. Ba cheart do chuideachtaí a roghnaíonn a bheith cumhdaithe faoin Treoir seo tairbhe a bhaint as cúnamh teicniúil na mBallstát agus an Choimisiúin chun na rialacha nua a chomhlíonadh agus, dá bhrí sin, a ngníomhaíochtaí trasteorann a chothú.

Leasú 26

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 21 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(21a)

Chun comhar éifeachtúil idir foirne BEFIT a ráthú, ba cheart do na Ballstáit acmhainní daonna leormhaithe a thiomnú don fhoireann BEFIT, lena n-áirítear trí oiliúint ábhair agus teanga a sholáthar d’ionadaithe na foirne BEFIT agus trí dhul ar iontaoibh an chláir FISCALIS.

Leasú 27

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 21 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(21b)

Ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh le haghaidh comhuimhir aitheantais chomhchuibhithe, choiteann Eorpach do cháiníocóirí. Ní hamháin go n-éascódh sé sin an chumarsáid idir ionadaithe na mBallstát agus an fhoireann BEFIT, ach mhéadódh sé éifeachtúlacht an mhalartaithe faisnéise cánach laistigh den Aontas freisin.

Leasú 28

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 25 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(25a)

I gcomhréir leis an treochlár atá ceangailteach ó thaobh dlí de maidir le hacmhainní dílse nua a leagtar amach i gComhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 agus le Teachtaireacht 2021 ón gCoimisiún ‘Pacáiste coigeartaithe le haghaidh na chéad ghlúine eile d'acmhainní dílse’, féadfar cuid den ioncam a ghintear trí chur i bhfeidhm na Treorach seo a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais, i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 (1a) ón gComhairle.

 

(1a)   Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1; ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2053/oj).

Leasú 29

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 2 – pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea)

coincheap na buanbhunaíochta a leathnú, chun láithreacht eacnamaíoch shuntasach a áireamh trína seoltar gnó go hiomlán nó go páirteach.

Leasú 30

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 74 chun Iarscríbhinní I agus II a leasú chun athruithe ar dhlíthe na mBallstát a chur i gcuntas , athruithe a bhaineann le foirmeacha cuideachtaí agus cánacha corparáide.

8.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 74 chun Iarscríbhinní I agus II a leasú chun athruithe ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le foirmeacha cuideachtaí agus cánacha corparáide a léiriú go beacht .

Leasú 31

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 3a

 

Láithreacht eacnamaíoch shuntasach

 

1.     Chun críoch cánach corparáide, measfar buanbhunaíocht a bheith ann más ann do láithreacht eacnamaíoch shuntasach trína seoltar gnó go hiomlán nó go páirteach.

 

2.     Beidh mír 1 sa bhreis ar aon tástáil eile faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta chun a chinneadh an ann do bhuanbhunaíocht i mBallstát chun críoch cánach corparáide, agus ní dhéanfaidh sí difear ná teorainn a chur lena cur i bhfeidhm, bíodh sin go sonrach i ndáil le soláthar seirbhísí digiteacha nó ar shlí eile.

 

3.     Measfar láithreacht eacnamaíoch shuntasach a bheith ann i mBallstát i dtréimhse chánach más mó ná EUR 1 000 000 na hioncaim iomlána a dhíorthaíonn grúpa BEFIT ón mBallstát sin.

 

4.     Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, modheolaíocht mhionsonraithe a leagan síos maidir leis na rialacha foinsithe chun na hioncaim a shainiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 73.

 

5.     Féadfaidh an Coimisiún moltaí a eisiúint chun tacú le hoiriúnuithe ar choinbhinsiúin um chánachas dúbailte na mBallstát le dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad, chun a áirithiú go gcuirfear coincheap na buanbhunaíochta, lena n-áirítear láithreacht shuntasach eacnamaíoch, agus na rialacha gaolmhara maidir le sannadh brabúis i bhfeidhm ar bhealach atá comhsheasmhach le caighdeáin arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta.

Leasú 32

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

is máthaireintiteas deiridh an ghrúpa í an chuideachta nó is cuideachta eile den ghrúpa í a bhfuil 75 % ar a laghad de na cearta úinéireachta nó na cearta lena dtugtar teidlíocht ar bhrabús i seilbh an mháthaireintitis deiridh, go díreach nó go hindíreach;

(a)

is máthaireintiteas deiridh an ghrúpa í an chuideachta nó is cuideachta eile den ghrúpa í a bhfuil 50 % ar a laghad de na cearta úinéireachta nó na cearta lena dtugtar teidlíocht ar bhrabús i seilbh an mháthaireintitis deiridh, go díreach nó go hindíreach;

Leasú 33

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

is máthaireintiteas deiridh an ghrúpa í ceannoifig na buanbhunaíochta nó is comhalta eile (cuideachta nó eintiteas) den ghrúpa í a bhfuil 75 % ar a laghad de na cearta úinéireachta nó na cearta lena dtugtar teidlíocht ar bhrabús i seilbh an mháthaireintitis deiridh, go díreach nó go hindíreach.

(b)

is máthaireintiteas deiridh an ghrúpa í ceannoifig na buanbhunaíochta nó is comhalta eile (cuideachta nó eintiteas) den ghrúpa í a bhfuil 50 % ar a laghad de na cearta úinéireachta nó na cearta lena dtugtar teidlíocht ar bhrabús i seilbh an mháthaireintitis deiridh, go díreach nó go hindíreach.

Leasú 34

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     I gcás nach mbeidh sé indéanta go réasúnach an glanioncam nó an glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais atá ag comheintiteas a chinneadh bunaithe ar an gcaighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha nó ar an gcaighdeán cuntasaíochta airgeadais údaraithe a úsáidtear chun ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh a ullmhú, féadfar glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis le haghaidh na bliana fioscaí a chinneadh trí chaighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha nó caighdeán cuntasaíochta airgeadais údaraithe eile a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

 

(a)

go gcoinnítear cuntais airgeadais an chomheintitis ar bhonn an caighdeáin cuntasaíochta sin;

 

(b)

go bhfuil an fhaisnéis atá sna cuntais airgeadais iontaofa; agus

 

(c)

go ndéantar na difríochtaí buana ar mó iad ná EUR 1 000 000 a eascraíonn as prionsabal nó as caighdeán áirithe a chur i bhfeidhm ar mhíreanna ioncaim nó costais nó ar idirbhearta, i gcás ina bhfuil an prionsabal nó an caighdeán sin éagsúil leis an gcaighdeán airgeadais a úsáidtear chun ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh a ullmhú, a choigeartú chun go mbeidh siad i gcomhréir leis an gcur chuige is gá le haghaidh na míre sin faoin gcaighdeán cuntasaíochta a úsáidtear chun na ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú.

Leasú 35

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 13 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 13a

 

Riail maidir le teorannú ríchíosanna

 

Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais comhalta de ghrúpa BEFIT chun aon mhéid costas ríchíosa agus íocaíochtaí táille ceadúnais a áireamh a bhfuil an t-ioncam comhfhreagrach arna dhíorthú ag an gcomhalta is faighteoir de ghrúpa BEFIT faoi réir ráta cánach éifeachtach atá faoi bhun 9 %, mura ndéanann an t-eintiteas is faighteoir gníomhaíocht eacnamaíoch shubstainteach le tacaíocht ó fhoireann, sócmhainní agus áitribh, arna fhianú le fíorais agus imthosca ábhartha.

Leasú 36

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 16a

 

Costais siamsaíochta

 

Déanfar glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais comhalta de ghrúpa BEFIT a choigeartú chun 50 % de mhéid na speansas a fabhraíodh le haghaidh costais siamsaíochta a chur san áireamh.

Leasú 37

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 20 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comhalta de ghrúpa BEFIT chun an méid seo a leanas a eisiamh:

Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comhalta de ghrúpa BEFIT i gcomhréir le hAirteagal 16(1), pointe (e), de Threoir (AE) 2022/2523.

Leasú 38

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 20 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

an méid d’aon ghnóthachan nó caillteanas de thoradh malartú airgeadra eachtraigh neamhréadaithe i ndáil le sócmhainní dochta agus dliteanais;

scriosta

Leasú 39

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 20 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

an méid d’aon fhoráil arna taifead le haghaidh caillteanas de thoradh malartú airgeadra eachraigh neamhréadaithe.

scriosta

Leasú 40

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 21 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 21a

 

Cuideachtaí faoi rialú eachtrach

 

1.     Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais comhalta de ghrúpa BEFIT chun go n-áireofar ioncam neamhdháilte eintitis nó buanbhunaíochta a láimhseáiltear mar chuideachta faoi rialú eachtrach amhail dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle, a dhíorthaítear ó na catagóirí seo a leanas:

 

(i)

ús nó aon ioncam eile a ghintear ó shócmhainní airgeadais;

 

(ii)

ríchíosanna nó aon ioncam eile a ghintear ó mhaoin intleachtúil;

 

(iii)

díbhinní agus ioncam ó scaireanna a dhiúscairt;

 

(iv)

ioncam ó léasú airgeadais;

 

(v)

ioncam ó árachas, ó bhaincéireacht agus ó ghníomhaíochtaí airgeadais eile;

 

(vi)

ioncam ó chuideachtaí sonraiscthe a thuilleann ioncam díolacháin agus seirbhísí ó earraí agus seirbhísí a cheannaítear ó fhiontair chomhlachaithe agus a dhíoltar leo, agus nach gcuireann aon luach eacnamaíoch leo nó nach gcuireann mórán luacha eacnamaíoch leo.

 

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina ndéanann an chuideachta faoi rialú eachtrach gníomhaíocht eacnamaíoch shubstainteach le tacaíocht ó fhoireann, trealamh, sócmhainní agus áitribh, arna fhianú le fíorais agus imthosca ábhartha.

 

I gcás ina bhfuil an chuideachta faoi rialú eachtrach cónaitheach nó lonnaithe i dtríú tír nach tír de chuid LEE í, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh staonadh ón mír seo a chur i bhfeidhm.

 

2.     Déanfar an t-ioncam atá le háireamh sa bhonn cánach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir (AE) 2016/1164.

Leasú 41

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 22 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comhalta de ghrúpa BEFIT chun aon sócmhainn inláimhsithe sheasta a eisiamh, sa bhliain fhioscach éadála, sócmhainn ag a bhfuil luach de réir na leabhar roimh dhímheas atá faoi bhun EUR  5 000 .

1.   Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comhalta de ghrúpa BEFIT chun aon sócmhainn sheasta inláimhsithe a eisiamh, sa bhliain fhioscach éadála, sócmhainn ag a bhfuil luach de réir na leabhar roimh dhímheas atá faoi bhun EUR  7 500 .

Leasú 42

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 22 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

na foirgnimh uile chomh maith le haon chineál maoine dochorraithe agus struchtúr atá in úsáid don ghnó: 28 mbliana;

(a)

gach foirgneamh chomh maith le haon chineál eile maoine dochorraithe agus struchtúir atá in úsáid don ghnó, cé is moite d’fhoirgnimh agus struchtúir thionsclaíocha: 30 bliain;

Leasú 43

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 22 – mír 2 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)

foirgnimh agus struchtúir thionsclaíocha: 25 bliana;

Leasú 44

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 22 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

na sócmhainní inláimhsithe seasta uile eile: a saolré ionchais mar a ndéantar measúnú uirthi i gcomhréir leis an gcaighdeán cuntasaíochta inghlactha san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 7;

(b)

na sócmhainní seasta inláimhsithe uile eile: a saolré úsáideach, arna measúnú i gcomhréir leis an gcaighdeán cuntasaíochta inghlactha san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 7, ach a bhfuil 10 mbliana ar a laghad ag baint léi ;

Leasú 45

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 22 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 22a

 

Rialacha dímheasa luathaithe

 

1.     De mhaolú ar Airteagal 22, beidh sócmhainní seasta inláimhsithe a fhaigheann comhaltaí de ghrúpa BEFIT sna catagóirí seo a leanas faoi réir dímheas luathaithe ag na Ballstáit:

 

a)

sócmhainní a rannchuidíonn go díreach le spriocanna aeráide agus sóisialta an Aontais, go háirithe feabhsú na teicneolaíochta glaine, na héifeachtúlachta fuinnimh agus an digitithe;

 

b)

sócmhainní a rannchuidíonn go díreach le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2030 na Náisiún Aontaithe a ghnóthú;

 

c)

sócmhainní a rannchuidíonn go díreach le cosaint an Aontais a fheabhsú, go háirithe a chumas bagairtí agus géarchéimeanna atá ag teacht chun cinn a chosc agus freagairt dóibh, i gcomhréir le Straitéis um Aontas na hUllmhachta.

 

2.     Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an creat agus na critéir is gá chun mír 1 a oibríochtú, lena n-áirítear na catagóirí sócmhainní atá incháilithe do dhímheas luathaithe. Gach 5 bliana, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcóras dímheasa luathaithe i mír 1, ina ndéanfar anailís, go háirithe i dtaobh an bhfuil na bearta:

 

a)

oiriúnach don fheidhm,

 

b)

costéifeachtach chun a gcuspóirí beartais a bhaint amach,

 

c)

an bhfuil aon impleachtaí diúltacha nó gan choinne acu.

 

Tar éis an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme a thabhairt cothrom le dáta gach 5 bliana, i gcás ina meastar gur gá sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme faoin Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 73.

 

3.     Faoin... [3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na rialacha dímheasa luathaithe atá acu cheana ar an leibhéal náisiúnta, dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, i gcomhréir leis an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 48(2). Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún freisin an fhaisnéis uile is gá chun an measúnú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh.

 

4.     Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir lena rialacha nua dímheasa luathaithe 6 mhí roimh a dteacht i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta agus i gcomhréir leis an oibleagáid in Airteagal 48(2).

Leasú 46

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 23 – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a.     Ní dheonóidh na Ballstáit teidlíochtaí dímheasa breise do chomhalta de ghrúpa BEFIT seachas na teidlíochtaí sin a shonraítear sa Roinn seo.

Leasú 47

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 25 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Taifeadfar costais éadála, costais foirgníochta nó costais feabhsúcháin, in éineacht leis an dáta ar tosaíodh ar a n-úsáid tar éis na héadála, na foirgníochta nó an fheabhsúcháin, i gclár sócmhainní seasta i gcás gach sócmhainne seasta ar leithligh.

1.   Taifeadfar costais éadála, costais foirgníochta nó costais feabhsúcháin, in éineacht leis an dáta ar tosaíodh ar a n-úsáid tar éis na héadála, na foirgníochta nó an fheabhsúcháin, i gclár sócmhainní seasta laistigh den ghrúpa BEFIT i gcás gach sócmhainne seasta ar leithligh.

Leasú 48

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 25 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Coinneofar an clár sócmhainní seasta ar bhealach lena soláthraítear faisnéis leordhóthanach, lena n-áirítear sonraí dímheasa, chun an réamhthoradh cánach a ríomh agus áireofar ann an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

3.   Coinneofar an clár sócmhainní seasta ar bhealach a sholáthraíonn faisnéis leordhóthanach, lena n-áirítear sonraí dímheasa, chun an réamhthoradh cánach a ríomh. Coimeádfaidh an grúpa BEFIT cóip den chlár sócmhainní seasta ar feadh 5 bliana ón dáta a scoir dímheas na sócmhainne sin. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa chlár sócmhainní seasta :

Leasú 49

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 38

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina dtéann cuideachta nó buanbhunaíocht isteach i ngrúpa BEFIT, asbhainfear aon chaillteanas neamhfhaoisimh a tabhaíodh roimh an dáta a chuathas isteach, i gcomhréir le dlí cánach corparáide an Bhallstáit ina bhfuil cónaí cánach uirthi nó ina bhfuil sí suite, dá scair de bhonn cánach BEFIT arna chinneadh i gcomhréir le Caibidil III.

I gcás ina dtéann cuideachta nó buanbhunaíocht isteach i ngrúpa BEFIT, déanfar aon chaillteanas neamhfhaoisimh a tabhaíodh suas le 5 bliana roimh an dáta a chuathas isteach, i gcomhréir le dlí cánach corparáide an Bhallstáit ina bhfuil cuideachta nó buanbhunaíocht cónaitheach chun críoch cánach nó lonnaithe faoi seach, a asbhaint dá scair de bhonn cánach BEFIT arna chinneadh i gcomhréir le Caibidil III.

Leasú 50

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 41 – mír 1 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

D’ainneoin Airteagal 9, i gcás ina bhfágann comhalta de ghrúpa BEFIT grúpa BEFIT, de thoradh diúscairt scaireanna, agus le linn na bliana fioscaí sin nó le linn na bliana fioscaí roimhe sin go bhfuair an comhalta sin de ghrúpa BEFIT sócmhainn sheasta amháin nó níos mó, in idirbheart laistigh de ghrúpa BEFIT, áireofar méid a chomhfhreagraíonn don ghnóthachan nó caillteanas a eascraíonn as diúscairt na sócmhainní seasta sin laistigh de ghrúpa BEFIT i nglanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomhalta de ghrúpa BEFIT a raibh na sócmhainní ina sheilbh aige roimh an diúscairt laistigh de ghrúpa BEFIT.

D’ainneoin Airteagal 9, i gcás ina bhfágann comhalta de ghrúpa BEFIT grúpa BEFIT, de thoradh diúscairt scaireanna, agus le linn na bliana fioscaí sin nó le linn na bliana fioscaí roimhe sin, go bhfuair an comhalta sin de ghrúpa BEFIT, sócmhainn sheasta amháin nó níos mó ná sin, in idirbheart laistigh de ghrúpa BEFIT, déanfar an méid a chomhfhreagraíonn don ghnóthachan nó don chaillteanas a eascraíonn as diúscairt na sócmhainní seasta sin laistigh de ghrúpa BEFIT a áireamh i nglanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomhalta de ghrúpa BEFIT a raibh na sócmhainní ina sheilbh aige roimh an diúscairt laistigh de ghrúpa BEFIT.

Leasú 51

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 41 – mír 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má léiríonn an comhalta de ghrúpa BEFIT go ndearnadh an t-idirbheart laistigh de ghrúpa BEFIT ar chúiseanna bailí tráchtála.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má léiríonn an comhalta de ghrúpa BEFIT go ndearnadh an t-idirbheart laistigh de ghrúpa BEFIT ar chúiseanna bailí tráchtála de réir bhrí Airteagal 15(1), pointe (a), de Treoir 2009/133/CE .

Leasú 52

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 42 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

méid diúltach, tabharfar an caillteanas anonn agus fritháireofar é in aghaidh an chéad bhoinn cánach BEFIT dheimhnigh eile.

(b)

méid diúltach, fritháireofar an caillteanas in aghaidh ioncam inchánach an mháthaireintitis deiridh agus tabharfar anonn é ar feadh 5 bliana ar a mhéad agus fritháireofar é in aghaidh an chéad bhoinn cánach BEFIT dheimhnigh eile. Beidh an asbhaint i gcomhréir le sealúchas an mháthaireintitis deiridh ina fhochuideachtaí cáilitheacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus go hiomlán i gcás buanbhunaíochtaí. Ní bheidh méid diúltach mar thoradh ar an laghdú ar bhonn cánach an cháiníocóra chónaithigh.

Leasú 53

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 43 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Cuirfidh an Coimisiún critéir shoiléire agus chomhchuibhithe ar fáil chun úinéireacht thairbhiúil a chinneadh. Beidh sé d’aidhm ag na critéir sin cur i bhfeidhm comhsheasmhach an chórais díolúine a áirithiú, éiginnteacht dhlíthiúil a laghdú, agus mí-úsáid a chosc. Forbrófar na critéir i gcomhairle leis na Ballstáit agus déanfar iad a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, le caighdeáin idirnáisiúnta.

Leasú 54

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 45 – mír 1 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás gach bliana fioscaí idir an 1 Iúil 2028 agus an 30 Meitheamh 2035 ar a dhéanaí (‘an idirthréimhse’), leithdháilfear bonn cánach BEFIT ar na comhaltaí de ghrúpa BEFIT i gcomhréir leis an gcéatadán leithdháilte bunlíne.

I gcás gach bliana fioscaí idir an 1 Iúil 2028 agus an 30 Meitheamh 2033 ar a dhéanaí (‘an idirthréimhse’), leithdháilfear bonn cánach BEFIT ar na comhaltaí de ghrúpa BEFIT i gcomhréir leis an gcéatadán leithdháilte bunlíne.

Leasú 55

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 45 – mír 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás grúpaí a bheidh faoi réir na Treorach seo tar éis dheireadh na chéad bhliana fioscaí ina mbeidh feidhm ag an Treoir seo, foirceannfar an idirthréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoin 30 Meitheamh 2035 ar a dhéanaí.

I gcás grúpaí a bheidh faoi réir na Treorach seo tar éis dheireadh na chéad bhliana fioscaí ina mbeidh feidhm ag an Treoir seo, foirceannfar an idirthréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoin 30 Meitheamh 2033 ar a dhéanaí.

Leasú 56

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 45 – mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

crios ísealriosca: maidir leis an speansas arna thabhú, nó an t-ioncam arna shaothrú, ag comhalta de ghrúpa BEFIT ó idirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT, cás ina méadaítear an speansas nó an t-ioncam sin faoi níos lú ná 10  % i gcomparáid le meánspeansas nó meánioncam ó idirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT sna 3 bliana fhioscacha roimhe sin;

(a)

crios ísealriosca: i gcás ina dtagann méadú níos lú ná 15 % ar an speansas arna thabhú, nó an t-ioncam arna thuilleamh, ag comhalta de ghrúpa BEFIT ó idirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT le linn bliain fhioscach, i gcomparáid le meánspeansas nó meánioncam ó idirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT sna 3 bliana fhioscacha roimhe sin;

Leasú 57

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 45 – mír 3 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

crios ardriosca: i gcás ina dtagann méadú 10 % nó níos mó ar an speansas arna thabhú, nó an t-ioncam arna thuilleamh, ag comhalta de ghrúpa BEFIT ó idirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT le linn bliain airgeadais, i gcomparáid le meánspeansas nó meánioncam ó idirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT sna 3 bliana fhioscacha roimhe sin.

(b)

crios ardriosca: i gcás ina dtagann méadú 15 % nó níos mó ar an speansas arna thabhú, nó an t-ioncam arna thuilleamh, ag comhalta de ghrúpa BEFIT ó idirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT le linn bliain fhioscach, i gcomparáid le meánspeansas nó meánioncam ó idirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT sna 3 bliana fhioscacha roimhe sin.

Leasú 58

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 45 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   D’ainneoin Airteagal 13(2), maidir leis na róchostais iasachtaíochta dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle a eascraíonn as idirbheart idir comhaltaí de ghrúpa BEFIT, aithneofar iad chun céatadán leithdháilte bunlíne an chomhalta de ghrúpa BEFIT a thabhaíonn na costais sin a ríomh.

5.   D’ainneoin Airteagal 13(2), maidir leis na róchostais iasachtaíochta dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle a eascraíonn as idirbheart idir comhaltaí de ghrúpa BEFIT, ní aithneofar iad chun críche céatadáin leithdháilte bunlíne an chomhalta de ghrúpa BEFIT a thabhaíonn na costais sin a ríomh. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun gnóthais a spreagadh chun na rioscaí sin a laghdú.

Leasú 59

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 45 – mír 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9.     Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar an bhforáil idirthréimhseach agus mar chuid de sin ullmhóidh sé staidéar ar chomhdhéanamh agus ualach féideartha na bhfachtóirí foirmle roghnaithe agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na Comhairle faoi dheireadh an tríú bliain fhioscach le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear i mír 1. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil sé iomchuí, agus conclúidí na tuarascála sin á gcur i gcuntas aige, féadfaidh sé togra reachtach a ghlacadh le linn na hidirthréimhse chun an Treoir seo a leasú trí mhodh a thabhairt isteach chun bonn cánach BEFIT a leithdháileadh lena n-úsáidfear cionroinnt de réir foirmle agus a bheidh bunaithe ar fhachtóirí.

scriosta

Leasú 60

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 45 – mír 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

10.   Beidh feidhm i gcónaí ag na rialacha a leagtar síos i míreanna 1 go 8 go dtí go gcuirfear aon leasú orthu i bhfeidhm .

10.   Beidh feidhm i gcónaí ag na rialacha a leagtar síos i míreanna 1 go 8 go dtí go dtiocfaidh aon leasú a mholtar de bhun Airteagal 77(1b) i bhfeidhm .

Leasú 61

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 48 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Anuas ar na coigeartuithe a liostaítear i mír 1, féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh, trí mhíreanna breise, do mhéadú nó laghdú na coda leithdháilte de chomhaltaí de ghrúpa BEFIT a bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach nó atá lonnaithe i bhfoirm buanbhunaíochta sa Bhallstát sin.

2.   Anuas ar na coigeartuithe a liostaítear i mír 1, féadfaidh Ballstát, faoi réir Threoir (AE) 2022/2523, foráil a dhéanamh, trí mhíreanna breise, do mhéadú nó laghdú na coda leithdháilte de chomhaltaí de ghrúpa BEFIT a bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach nó atá lonnaithe i bhfoirm buanbhunaíochta sa Bhallstát sin.

Leasú 62

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 48 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Ballstát a sholáthraíonn dreasachtaí le haghaidh taighde agus forbartha, staonfaidh sé ó dhreasachtaí atá bunaithe ar aschur a thairiscint, amhail boscaí paitinne, lena laghdófaí an chuid leithdháilte de chomhaltaí de ghrúpa BEFIT atá ina gcónaí chun críoch cánach nó atá lonnaithe i bhfoirm buanbhunaíochta sa Bhallstát sin.

Leasú 63

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 48 – mír 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b.     Chun cosc a chur ar chánachas dúbailte a eascraíonn as an idirghníomhaíocht idir an Treoir seo agus conarthaí cánach déthaobhacha le tríú tíortha, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, coigeartuithe comhfhreagracha a sholáthar i gcomhréir lena n-oibleagáidí conartha. Féadfaidh an Coimisiún comhordú a éascú agus, i gcás inarb iomchuí, treoirlínte a eisiúint chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach a chur chun cinn ar fud na mBallstát.

Leasú 64

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 57 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Cuirfear tuairisceán faisnéise BEFIT faoi bhráid an údaráis comhdaithe tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheireadh na bliana fioscaí.

2.   Cuirfear tuairisceán faisnéise BEFIT faoi bhráid an údaráis comhdaithe tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh na bliana fioscaí.

Leasú 65

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 57 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Chun críoch mhír 3, pointe (d)(ii), coinneofar an doiciméadacht tacaíochta uile a úsáideadh chun an bonn cánach BEFIT dá dtagraítear san fhoráil sin a thógáil ar feadh 10 mbliana chun í a chur ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát uile ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhaltaí an ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil siad lonnaithe i bhfoirm buanbhunaíochta.

Leasú 66

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 57 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     Bainfidh foirne BEFIT úsáid as na nósanna imeachta agus na socruithe uile atá ann cheana a thairgtear le Treoir 2011/16/AE (1a) chun comhar agus malartú faisnéise éifeachtúil a áirithiú idir riaracháin chánach náisiúnta.

 

(1a)   Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/16/oj).

Leasú 67

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 58 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Tabharfaidh an t-eintiteas is comhdaitheoir fógra don údarás comhdaithe faoi earráidí i dtuairisceán faisnéise BEFIT laistigh de 2 mhí ó cuireadh isteach an tuairisceán sin isteach.

1.   Tabharfaidh an t-eintiteas is comhdaitheoir fógra don údarás comhdaithe faoi earráidí i dtuairisceán faisnéise BEFIT laistigh de 3 mhí ó thíolacadh tráthúil an tuairisceán sin.

Leasú 68

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 60 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Sannfaidh na Ballstáit acmhainní daonna leormhaithe don fhoireann BEFIT, lena n-áirítear trí oiliúint ábhair agus teanga a sholáthar d’ionadaithe na foirne BEFIT.

Leasú 69

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 60 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Soláthrófar an fhaisnéis a chuirfear in iúl idir comhaltaí fhoireann BEFIT trí mheán leictreonach a mhéid is féidir, trí úsáid a bhaint as uirlis chomhair de chuid BEFIT.

3.   Soláthrófar an fhaisnéis a chuirfear in iúl idir comhaltaí d’fhoireann BEFIT trí mheán leictreonach a mhéid is féidir, trí nasc slán nó trí líonra slán, trí úsáid a bhaint as uirlis chomhair de chuid BEFIT.

Leasú 70

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 60 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Chun oibriú agus cumarsáid ag foireann BEFIT a éascú, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cur in iúl na faisnéise idir comhaltaí fhoireann BEFIT a chaighdeánú trí úsáid a bhaint as uirlis chomhair de chuid BEFIT. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 73.

4.   Chun oibriú agus cumarsáid fhoireann BEFIT a éascú, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cur in iúl na faisnéise idir comhaltaí d’fhoireann BEFIT a chaighdeánú trí úsáid a bhaint as uirlis chomhair BEFIT agus trí thacú le tarchur slán na faisnéise . Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 73.

Leasú 71

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 63 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Laistigh de 2°mhí tar éis tuairisceán den sórt sin a bheith curtha isteach go tráthúil tabharfaidh comhalta de ghrúpa BEFIT fógra faoi earráidí sa tuairisceán cánach aonair d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach air nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta.

1.   Laistigh de 3 mhí tar éis thíolacadh tráthúil an tuairisceáin tabharfaidh comhalta de ghrúpa BEFIT fógra faoi earráidí sa tuairisceán cánach aonair d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach air nó ina bhfuil sé lonnaithe i bhfoirm buanbhunaíochta.

Leasú 72

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 65 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Féadfaidh údarás inniúil Bhallstáit tús a chur le hiniúchtaí ar chomhaltaí de ghrúpa BEFIT a bhfuil cónaí chun críoch cánach orthu sa Bhallstát sin nó atá lonnaithe ann ar bhonn buanionadaíochta agus féadfaidh sé na hiniúchtaí sin a chomhordú.

1.   Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit tús a chur le hiniúchtaí ar chomhaltaí de ghrúpa BEFIT a bhfuil cónaí chun críoch cánach orthu sa Bhallstát sin nó atá lonnaithe ann i bhfoirm buanionadaíochta agus féadfaidh sé na hiniúchtaí sin a chomhordú. Tabharfaidh an t-údarás inniúil sin fógra do na comhaltaí eile san fhoireann BEFIT laistigh d’aon mhí amháin ó thionscnamh an iniúchta sin.

Leasú 73

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 67 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Laistigh de 2°mhí tar éis don mheasúnú a bheith curtha in iúl dó, féadfaidh comhalta de ghrúpa BEFIT achomharc a dhéanamh in aghaidh ábhar measúnaithe cánach aonair a rinneadh de bhun Airteagal 64 os comhair údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an gcomhalta sin de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta. Déanfaidh comhlacht riaracháin an t-achomharc riaracháin a éisteacht, ar comhlacht é atá inniúil achomhairc a éisteacht ag céadchéim i gcomhréir le dlí Bhallstát an chomhalta de ghrúpa BEFIT. Is le dlí an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta a dhéanfar an t-achomharc riaracháin a rialú. I gcás nach ann do chomhlacht riaracháin den sórt sin sa Bhallstát ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta, féadfaidh an comhalta de ghrúpa BEFIT achomharc breithiúnach a thaisceadh go díreach.

1.   Laistigh de 3 mhí tar éis don mheasúnú a bheith curtha in iúl dó, féadfaidh comhalta de ghrúpa BEFIT achomharc a dhéanamh in aghaidh ábhar an mheasúnaithe cánach aonair a rinneadh de bhun Airteagal 64 os comhair údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an gcomhalta sin de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil sé lonnaithe i bhfoirm buanbhunaíochta. Déanfaidh comhlacht riaracháin an t-achomharc riaracháin a éisteacht, ar comhlacht é atá inniúil achomhairc a éisteacht ag céadchéim i gcomhréir le dlí Bhallstát an chomhalta de ghrúpa BEFIT. Is le dlí an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil sé lonnaithe i bhfoirm buanbhunaíochta a dhéanfar an t-achomharc riaracháin a rialú. I gcás nach ann don chomhlacht riaracháin sin sa Bhallstát ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil sé lonnaithe i bhfoirm buanbhunaíochta, féadfaidh an comhalta de ghrúpa BEFIT achomharc breithiúnach a thaisceadh go díreach.

Leasú 74

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 68 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   I gcás inar deimhníodh nó inar athraíodh an cinneadh a rinneadh de bhun Airteagal 66 agus laistigh de 2 mhí tar éis do chinneadh an chomhlachta riaracháin um achomhairc a bheith faighte, beidh sé de cheart ag an eintiteas comhdaithe achomharc a dhéanamh go díreach os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach air nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta. Is le dlí an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an eintiteas comhdaithe nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta a dhéanfar achomharc breithniúcháin a rialú.

1.   I gcás inar deimhníodh nó inar athraíodh an cinneadh a rinneadh de bhun Airteagal 66 agus laistigh de 3 mhí tar éis do chinneadh an chomhlachta riaracháin um achomhairc a bheith faighte, beidh sé de cheart ag an eintiteas comhdaithe achomharc a dhéanamh go díreach os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach air nó ina bhfuil sé lonnaithe i bhfoirm buanbhunaíochta. Is le dlí an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an eintiteas comhdaithe nó ina bhfuil sé lonnaithe i bhfoirm buanbhunaíochta a dhéanfar achomharc breithniúcháin a rialú.

Leasú 75

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 69 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   I gcás inar deimhníodh nó inar athraíodh an cinneadh a rinneadh de bhun Airteagal 67 agus laistigh de 2 mhí tar éis do chinneadh an chomhlachta riaracháin um achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 67 a bheith curtha in iúl dó, beidh sé de cheart ag comhalta de ghrúpa BEFIT achomharc a dhéanamh os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach air nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta. Is le dlí an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta a dhéanfar an t-achomharc breithniúcháin a rialú.

1.   I gcás inar deimhníodh nó inar athraíodh an cinneadh a rinneadh de bhun Airteagal 67 agus laistigh de 3 mhí tar éis do chinneadh an chomhlachta riaracháin um achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 67 a bheith curtha in iúl dó, beidh sé de cheart ag comhalta de ghrúpa BEFIT achomharc a dhéanamh os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach air nó ina bhfuil sé lonnaithe i bhfoirm buanbhunaíochta. Is le dlí an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil sé lonnaithe i bhfoirm buanbhunaíochta a dhéanfar an t-achomharc breithniúcháin a rialú.

Leasú 76

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 70 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás inar gá leasuithe a dhéanamh ar thoradh achomharc riaracháin nó breithniúcháin ar mheasúnú cánach aonair comhalta amháin nó níos mó de ghrúpa BEFIT, déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí chun a áirithiú go mbeidh na leasuithe sin indéanta i gcónaí, d’ainneoin aon teorainn ama i ndlíthe intíre na mBallstát .

I gcás ina n-éilítear le toradh achomhairc riaracháin nó bhreithiúnaigh leasuithe ar mheasúnú cánach an ghrúpa BEFIT nó ar mheasúnú cánach aonair comhalta amháin nó níos mó de ghrúpa BEFIT, déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí chun a áirithiú go mbeidh na leasuithe sin fós indéanta, laistigh de thréimhse ama 10 mbliana.

Leasú 77

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 72 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh na Ballstáit rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus déanfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme agus go bhforfheidhmeofar iad. Beidh na pionóis agus na bearta comhlíonta dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Déanfaidh na Ballstáit rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus déanfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad agus go bhforfheidhmeofar iad. Beidh na pionóis agus na bearta comhlíonta dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Socrófar pionóis ag 0.1 % ar a laghad de láimhdeachas an ghrúpa BEFIT i gcás ina mainnítear tuairisceán faisnéise BEFIT a chomhdú i gcomhréir le hAirteagal 59 agus i gcás míthuairisciú d’aon ghnó i dtuairisceán faisnéise BEFIT.

Leasú 78

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 77 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Mar chuid den mheastóireacht ar BEFIT dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar an riail aistrithe agus forbróidh sé modh buan chun bonn cánach BEFIT a leithdháileadh. Sula bhforbrófar an modh buan, déanfar measúnú tionchair cuimsitheach agus comhairliúcháin iomchuí leis na geallsealbhóirí, i gcomhréir le prionsabail an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr.

Leasú 79

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 77 – mír 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1b.     Roimh dheireadh na hidirthréimhse, tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach chun an Treoir seo a leasú agus modh buan a thabhairt isteach chun bonn cánach BEFIT a leithdháileadh a chuirfear in ionad na foirmle leithdháilte idirthréimhsí. Leis an modh buan chun bonn cánach BEFIT a leithdháileadh, cuirfear conclúidí an mheasúnaithe tionchair chuimsithigh i gcuntas agus ionchorprófar na ceithre fhachtóir seo a leanas ann: díolacháin, saothar, sócmhainní agus láithreacht dhigiteach.

Leasú 80

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 77 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis atá ábhartha le haghaidh na meastóireachta ar an Treoir in iúl don Choimisiún i gcomhréir le mír 3 agus áireofar leis an bhfaisnéis sin sonraí comhiomlánaithe maidir le comhaltaí de ghrúpa BEFIT ina bhfuil cónaí chun críoch cánach orthu ina ndlínse agus buanbhunaíocht inti acu agus iad ag oibriú ina ndlínse, chun go ndéanfar measúnú iomchuí ar thionchar na rialach idirthréimhseach maidir le leithdháileadh agus ar thionchar Threoir (AE) 2022/2523 chomh maith le measúnú a dhéanamh ar an staid maidir le cur chun feidhme Cholún a hAon den Ráiteas maidir le Réiteach Dhá Cholún chun Aghaidh a Thabhairt ar na Dúshláin Chánach a Eascraíonn as Digitiú an Gheilleagair a comhaontaíodh le Creat Cuimsitheach ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS) an 8 Deireadh Fómhair 2021.

2.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis atá ábhartha le haghaidh na meastóireachta ar an Treoir in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún i gcomhréir le mír 3 agus áireofar leis an bhfaisnéis sin sonraí comhiomlánaithe maidir le comhaltaí de ghrúpa BEFIT ina bhfuil cónaí chun críoch cánach orthu ina ndlínse agus buanbhunaíocht inti acu agus iad ag oibriú ina ndlínse, chun go ndéanfar measúnú iomchuí ar an méid seo a leanas :

 

(i)

tionchar na rialach maidir le leithdháileadh idirthréimhseach ;

 

(ii)

an nasc le gníomhartha reachtacha eile i réimse an chánachais chorparáidigh, eadhon Treoir (AE) 2022/2523 chomh maith leis an staid maidir le Colún a hAon den Ráiteas maidir le Réiteach Dhá Cholún chun aghaidh a thabhairt ar na Dúshláin Chánach a Eascraíonn as Digitiú an Gheilleagair a comhaontaíodh le Creat Cuimsitheach ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS) an 8 Deireadh Fómhair 2021 ;

 

(iii)

ábharthacht raon feidhme na Treorach seo agus go háirithe an fhéidearthacht í a leathnú chuig grúpaí móra dá dtagraítear in Airteagal 3(7) de Threoir 2013/34/AE;

 

(iv)

a ábhartha atá sé eisiamh an ioncaim loingseoireachta a bhaint ón réamhthoradh cánach;

 

(v)

an tionchar ar chonarthaí um chánachas dúbailte;

 

(vi)

an tionchar atá ag cómhaireachtáil dhá chóras cánach, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ar an ualach riaracháin ar fhiontraithe agus ar riaracháin chánach mar thoradh ar chur i bhfeidhm Roinn 5 de Chaibidil II;

 

(vii)

an tionchar atá ag leithdháileadh an bhoinn cánach ar ioncaim na mBallstát;

 

(viii)

an tionchar atá ag cómhaireachtáil córas cánach atá bunaithe ar dháileadh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 49, agus córais thraidisiúnta cánach corparáide ag brath ar chánacha bliantúla ar bhrabúis chorparáide.

 

(ix)

idirghníomhaíocht na gconarthaí déthaobhacha cánach réamhaontachais leis an maolú ón Treoir seo dá dtagraítear in Airteagal 2(2).

Leasú 81

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 77 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Coinneoidh an Coimisiún faisnéis a chuirfear in iúl don Choimisiún faoi mhír 2 faoi rún i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais agus Airteagal 76 den Treoir seo.

4.   Coinneoidh an Coimisiún faisnéis a chuirfear in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún faoi mhír 2 faoi rún i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais agus Airteagal 76 den Treoir seo.


(1a)   Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas (IO L 328, 22.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2523/oj).

(1a)   Treoir (AE).../... ón gComhairle an... maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le liúntas um chlaontacht fiachais-cothromais a laghdú agus i dtaca le hin-asbhainteacht úis a theorannú chun críoch cánach ioncaim corparáidí (IO L,..., ELI:...).

(+)   IO: Cuir isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad 2022/0154(CNS) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta.

(++)   IO: Cuir isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad 2022/0154(CNS).

(1a)   ECFE (2023). Dúshláin Chánach a eascraíonn as Digitiú an Gheilleagair – an Riail Faoi-Réir-Cánach (Colún a Dó): Inclusive Framework on BEPS, OECD/G20 Base Erosion and Profit Shifting Project, OECD Publishing, Páras, https://doi.org/10.1787/9afd6856-en. [Creat Cuimsitheach ar BEPS, Tionscadal OECD/G20 maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis].

(1a)   Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1; ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2053/oj).

(1a)   Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/16/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1676/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top