Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025AP0240

P10_TA(2025)0240 — Creat faireacháin le haghaidh foraoisí Eorpacha athléimneacha — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2025 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat faireacháin le haghaidh foraoisí Eorpacha athléimneacha (COM(2023)0728 – C9-0425/2023 – 2023/0413(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

IO C, C/2026/2111, 29.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2111/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2111/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2111

29.4.2026

P10_TA(2025)0240

Creat faireacháin le haghaidh foraoisí Eorpacha athléimneacha

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2025 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat faireacháin le haghaidh foraoisí Eorpacha athléimneacha (COM(2023)0728 – C9-0425/2023 – 2023/0413(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2026/2111)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0728),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0425/2023),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Márta 2024  (1),

tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do chomhphléití an Choiste um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia agus an Choiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe faoi Riail 59 de na Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A10-0176/2025),

1.

ag diúltú don togra ón gCoimisiún;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a tharraingt siar;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


(1)   IO C, C/2024/3380, 31.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3380/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2111/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top