Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025AP0238

P10_TA(2025)0238 — An Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí: rialacha nós imeachta breise maidir le forfheidhmiú an Rialacháin — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2025 ar an togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha nós imeachta breise a bhaineann le forfheidhmiú Rialachán (AE) 2016/679 (COM(2023)0348 – C9-0231/2023 – 2023/0202(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

IO C, C/2026/2109, 29.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2109/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2109/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2109

29.4.2026

P10_TA(2025)0238

An Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí: rialacha nós imeachta breise maidir le forfheidhmiú an Rialacháin

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2025 ar an togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha nós imeachta breise a bhaineann le forfheidhmiú Rialachán (AE) 2016/679 (COM(2023)0348 – C9-0231/2023 – 2023/0202(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2026/2109)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0348),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0231/2023),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Nollaig 2023  (1),

ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag an gcoiste freagrach, agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Meitheamh 2025 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0045/2024),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (2);

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


(1)   IO C, C/2024/1578, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1578/oj.

(2)  Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 10 Aibreán 2024 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0187).


P10_TC1-COD(2023)0202

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 21 Deireadh Fómhair 2025 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha nós imeachta breise maidir le forfheidhmiú Rialachán (AE) 2016/679

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/2518.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2109/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top