Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025AP0237

P10_TA(2025)0237 — Athshannadh cúraimí eolaíocha agus teicniúla agus comhar i measc ghníomhaireachtaí an Aontais sa réimse ceimiceán a fheabhsú — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2025 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002, (CE) Uimh. 401/2009, (AE) 2017/745 agus (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathshannadh cúraimí eolaíocha agus teicniúla agus comhar i measc ghníomhaireachtaí an Aontais sa réimse ceimiceán a fheabhsú (COM(2023)0783 – C9-0447/2023 – 2023/0455(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

IO C, C/2026/2108, 29.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2108/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2108/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2108

29.4.2026

P10_TA(2025)0237

Athshannadh cúraimí eolaíocha agus teicniúla agus comhar i measc ghníomhaireachtaí an Aontais sa réimse ceimiceán a fheabhsú

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2025 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002, (CE) Uimh. 401/2009, (AE) 2017/745 agus (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathshannadh cúraimí eolaíocha agus teicniúla agus comhar i measc ghníomhaireachtaí an Aontais sa réimse ceimiceán a fheabhsú (COM(2023)0783 – C9-0447/2023 – 2023/0455(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2026/2108)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0783),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0447/2023),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Márta 2024  (1),

ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag an gcoiste freagrach, agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 25 Meitheamh 2025 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia (A10-0020/2025),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (2);

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


(1)   IO C, C/2024/3381, 31.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3381/oj.

(2)  Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 1 Aibreán 2025 (Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0047).


P10_TC1-COD(2023)0455

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 21 Deireadh Fómhair 2025 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002, (CE) Uimh. 401/2009, (AE) 2017/745 agus (AE) 2019/1021 a mhéid a bhaineann le hathshannadh cúraimí eolaíocha agus teicniúla agus comhar i measc ghníomhaireachtaí an Aontais sa réimse ceimiceán a fheabhsú

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/2457.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2108/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top