Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025AP0233

P10_TA(2025)0233 — Éifeacht uile-Aontais dícháiliúchán tiomána áirithe — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2025 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2025/... a mhéid a bhaineann le dícháiliúcháin tiomána áirithe (08351/1/2025 – C10-0231/2025 – 2023/0055(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

IO C, C/2026/2104, 29.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2104/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2104/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2104

29.4.2026

P10_TA(2025)0233

Éifeacht uile-Aontais dícháiliúchán tiomána áirithe

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2025 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2025/... a mhéid a bhaineann le dícháiliúcháin tiomána áirithe (08351/1/2025 – C10-0231/2025 – 2023/0055(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

(C/2026/2104)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (08351/1/2025 – C10-0231/2025),

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Meitheamh 2023  (1),

tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

ag féachaint don seasamh uaithi ar an gcéad léamh (2) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0128),

ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag an gcoiste freagrach,

ag féachaint do Riail 68 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A10-0193/2025),

1.

ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2.

á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

3.

á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

4.

á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta ar fad curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

5.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


(1)   IO C 293, 18.8.2023, lch. 133.

(2)   IO C, C/2024/6348, 7.11.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2024/6348/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2104/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top