Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025AP0182

P10_TA(2025)0182 — An Comhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus na Stáit san Aigéan Ciúin: aontachas Vanuatú — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meán Fómhair 2025 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le haontachas Vanuatú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (07847/2025 – C10-0085/2025 – 2025/0055(NLE)) (Toiliú)

IO C, C/2026/1500, 9.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1500/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1500/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1500

9.4.2026

P10_TA(2025)0182

An Comhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus na Stáit san Aigéan Ciúin: aontachas Vanuatú

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meán Fómhair 2025 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le haontachas Vanuatú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (07847/2025 – C10-0085/2025 – 2025/0055(NLE))

(Toiliú)

(C/2026/1500)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (07847/2025),

ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (1),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(4), an chéad fhomhír, agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C10-0085/2025),

ag féachaint do Riail 107(1) agus (4), agus do Riail 117(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A10-0141/2025),

1.

ag tabhairt a toilithe d’aontachas Vanuatú leis an gcomhaontú;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Vanuatú.


(1)   IO L 272, 16.10.2009, lch. 2, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/agree_internation/2009/729/oj?eliuri=eli%3Aagree_internation%3A2009%3A729%3Aoj&locale=ga.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1500/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top