This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025AG0006(02)
Statement of the Council’s reasons: Position (EU) Nr 6/2025 of the Council at first reading with a view to the adoption of a Regulation of the European Parliament and of the Council on preventing plastic pellet losses to reduce microplastic pollution
Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh Uimh. 6/2025 ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caillteanas millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaisteach a laghdú
Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh Uimh. 6/2025 ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caillteanas millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaisteach a laghdú
IO C, C/2025/5544, 24.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5544/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5544 |
24.10.2025 |
Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh Uimh. 6/2025 ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caillteanas millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaisteach a laghdú
(C/2025/5544)
I. RÉAMHRÁ
|
1. |
An 16 Deireadh Fómhair 2023, chuir an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa le haghaidh Rialachán nua ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caillteanas millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaisteach a laghdú (dá ngairtear: an Rialachán maidir le Millíní Plaisteacha), rialachán a dhíríonn ar millíní plaisteacha a bheith á láimhseáil ag oibreoirí eacnamaíocha agus iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach de chuid an Aontais iad ag gach céim den slabhra soláthair. Leis an togra, ar cuid é de spriocanna insoláthartha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, cuirtear le tionscnaimh eile an Choimisiúin, mar shampla, an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus an Plean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach. |
|
2. |
Tá an dréachtrialachán bunaithe ar Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (an gnáthnós imeachta reachtach). |
|
3. |
I bParlaimint na hEorpa, ainmníodh an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (ENVI) mar an coiste ceannais don chomhad seo. Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh an 23 Aibreán 2024. |
|
4. |
An 14 Feabhra 2024, thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a thuairim uaidh, mar a rinne Coiste Eorpach na Réigiún an 18 Aibreán 2024. |
|
5. |
Chuir an Coimisiún an togra reachtach agus an measúnú tionchair a ghabhann leis faoi bhráid na Meithle um an gComhshaol an 14 Feabhra 2024. Lean an Mheitheal um an gComhshaol de scrúdú a dhéanamh ar an togra i naoi gcruinniú san iomlán. Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle (Comhshaol) an 25 Márta 2024 faoin Rialachán atá beartaithe. Ghlac an Chomhairle a Cur Chuige Ginearálta an 17 Nollaig 2024. |
|
6. |
Ina dhiaidh sin, tionóladh dhá chruinniú thríthaobhacha pholaitiúla neamhfhoirmiúla an 29 Eanáir agus an 8 Aibreán 2025 as ar tháinig comhaontú sealadach idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa. An 30 Aibreán 2025, dhearbhaigh Coiste na mBuanionadaithe an téacs comhréitigh mar a comhaontaíodh é go sealadach ag cruinniú tríthaobhach neamhfhoirmiúil an 8 Aibreán 2025. |
|
7. |
Vótáil Coiste ENVI Pharlaimint na hEorpa i bhfabhar an téacs comhréitigh chéanna an 13 Bealtaine 2025. Ina dhiaidh sin, chuir Cathaoirleach Choiste ENVI litir dar dáta an 14 Bealtaine 2025 chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe á rá, dá dtarchuirfeadh an Chomhairle a thuairim chuig an bParlaimint go foirmiúil mar a leagtar amach í san iarscríbhinn a ghabhann leis an litir, go molfadh sé don suí iomlánach an seasamh ón gComhairle a ghlacadh gan aon leasú ar an dara léamh sa Pharlaimint, faoi réir dearbhú dlítheangeolaíoch. |
II. CUSPÓIR
|
8. |
Is é cuspóir foriomlán an Rialacháin maidir le Millíní Plaisteacha oibleagáidí a leagadh amach maidir le millíní plaisteacha a láimhseáil chun caillteanais ag gach céim de shlabhra soláthair na millíní plaisteacha a chosc, agus é mar aidhm leis sin deireadh a chur le haon chaillteanas millíní plaisteacha. Dírítear leis na hoibleagáidí ar chaillteanais nó doirteadh a chosc, ar oibríochtaí imshrianta agus glantacháin agus tá feidhm acu maidir le hoibreoirí eacnamaíocha, iompróirí agus soithí farraige. |
III. ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH
|
9. |
Tá gnéithe sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh ar tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú ina leith. |
|
10. |
Maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán: méadaítear an raon feidhme chun díriú ar bhealach níos fearr ar shuiteálacha glantacháin agus, go háirithe, chun gníomhaithe a bhfuil baint acu le muiriompar millíní plaisteacha a chur san áireamh. Go sonrach, bíonn seoltóirí, oibreoirí, gníomhairí agus máistrí soithí farraige i gceist agus iad ag fágáil calafort Ballstáit nó ag tabhairt cuairt air. Leagtar amach oibleagáidí maidir le millíní plaisteacha a iompar ar muir (i gcoimeádáin lasta), lena n-áirítear pacáistíocht ar ardchaighdeán a áirithiú agus faisnéis a bhaineann le hiompar agus lasta a chur ar fáil, de réir threoirlínte na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta. |
|
11. |
Is é an príomhchuspóir atá ag oibreoirí agus ag iompróirí an Aontais agus iompróirí nach de chuid an Aontais iad caillteanas millíní plaisteacha a chosc. Leagtar amach i gcreat soiléir na hoibleagáidí atá ann i gcás caillteanais de thaisme lena ndírítear ar oibríochtaí glantacháin. Áireofar tacar soiléir beart i bplean bainistithe riosca, arna ullmhú ag gach suiteáil a láimhseálann millíní. Bhainfeadh na bearta sin, i measc nithe eile, le pacáistiú, luchtú agus díluchtú, oiliúint foirne, chomh maith le trealamh riachtanach. |
|
12. |
Maidir le saincheist an ualaigh riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha agus na costais ghaolmhara a íoslaghdú, agus i gcomhréir leis na spriocanna simpliúcháin do chuideachtaí níos lú, socraítear an tairseach d’fhiontair, ar ar a bonn sin a chinntear oibleagáidí áirithe, ag 1 500 tona millíní plaisteacha a láimhseáiltear. I gcás ina dtéitear os cionn na tairsí sin, tá feidhm ag an deimhniú maidir le fiontair bheaga, mheánmhéide agus mhóra. Beidh fiontair bheaga faoi réir córas níos éadroime – beidh orthu deimhniú a fháil uair amháin ar a laghad agus ina dhiaidh sin beidh siad in ann rogha a dhéanamh idir deimhniú athnuaite nó féindearbhú comhréireachta. Sa bhreis air sin, beidh gach oibreoir eacnamaíoch in ann ceadanna, Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) nó Córas Bainistithe Comhshaoil (EMS) a úsáid chun oibleagáidí áirithe faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. |
|
13. |
Ionas go mbeidh cothrom iomaíochta ann idir iompróirí an Aontais agus iompróirí nach de chuid an Aontais iad, agus chun cuntasacht agus trédhearcacht do na hiompróirí millíní plaisteacha ar fad a áirithiú, beidh ar iompróirí nach de chuid an Aontais iad ionadaí údaraithe a ainmniú san Aontas. |
|
14. |
Tá dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin socraithe ag 24 mhí, agus tá an dáta le haghaidh forálacha muirí socraithe ag 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin. |
IV. CONCLÚID
|
15. |
Leis an seasamh ón gComhairle, cuirtear le príomhchuspóir an togra ón gCoimisiún agus léirítear go hiomlán an comhréiteach ar thángthas air sa chaibidlíocht neamhfhoirmiúil idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, le tacaíocht ón gCoimisiún. |
|
16. |
Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur léiriú cothrom é a seasamh ar an gcéad léamh ar thoradh na caibidlíochta. A luaithe a ghlacfar é, íoslaghdófar leis an Rialachán an dochar a dhéanann caillteanais agus doirteadh millíní plaisteacha don chomhshaol san Aontas gan ualach riaracháin iomarcach a chur ar oibreoirí eacnamaíocha. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5544/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)