Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025AE3072

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na coinníollacha maidir le cur chun feidhme thacaíocht an Aontais Eorpaigh don Chomhbheartas Iascaigh, don Chomhshocrú Eorpach um an Aigéan agus do bheartas muirí agus dobharshaothraithe an Aontais mar chuid den Chiste Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí a leagtar amach i Rialachán (AE) […] [Ciste CNR] don tréimhse 2028 go 2034 (COM(2025) 559 final — 2025/0235(COD))

EESC 2025/03072

IO C, C/2026/1965, 28.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1965/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1965/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1965

28.4.2026

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na coinníollacha maidir le cur chun feidhme thacaíocht an Aontais Eorpaigh don Chomhbheartas Iascaigh, don Chomhshocrú Eorpach um an Aigéan agus do bheartas muirí agus dobharshaothraithe an Aontais mar chuid den Chiste Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí a leagtar amach i Rialachán (AE) […] [Ciste CNR] don tréimhse 2028 go 2034

(COM(2025) 559 final — 2025/0235(COD))

(C/2026/1965)

Rapóirtéir aonair:

Javier GARAT PÉREZ

Comhairleoir

Daniel VOCES DE ONAÍNDI

Nós imeachta reachtachEU Law Tracker

EU Law Tracker

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 6.11.2025

An Chomhairle, 18.9.2025

Bunús dlí

Airteagail 43(2), 91(1), 100(2), 173(3), 175, 188, 192(1), 194(2) agus 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Doiciméid an Choimisiúin Eorpaigh

COM(2025) 559 final

Na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SFInna) lena mbaineann

SFI 14 — Beatha faoin uisce

An rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

15.12.2025

Dáta a ghlactha sa seisiún iomlánach

21.1.2026

Seisiún iomlánach Uimh.

602

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

240/2/8

1.   MOLTAÍ

Seo seasamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)

1.1.

Iarrann CESE go mbeadh leithdháileadh éigeantach agus ráthaithe EUR 6 100 billiún ag gabháil le cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh (CBI), i gcomhréir le buiséad reatha 2021-2027, chun ceann amháin den bheagán inniúlachtaí eisiacha atá ag Aontas a chaomhnú agus chun iomaíocht le hearnálacha agus leasanna eile a sheachaint. Mar bheartas eisiach de chuid an Aontais, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an iascach i gcaibidil thiomnaithe lena n-áirithítear infheistíocht phoiblí leordhóthanach agus lena soláthraítear deimhneacht dhlíthiúil d’oibreoirí. Is rud ríthábhachtach í an tacaíocht sin chun cur ar chumas na n-iascairí infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí nua, feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar dhálaí oibre, glúnta nua a mhealladh chuig an ngairm, an t-aistriú chuig todhchaí ísealcharbóin a chur chun cinn agus iomaíochas ar mhargaí idirnáisiúnta a choinneáil ar bun.

1.2.

Cuireann CESE in iúl gur cúis bhuartha dó go ndealraíonn sé go bhfuil tosaíocht á tabhairt do chuspóirí an Chomhshocraithe Eorpaigh um an Aigéan a bhaint amach, ar straitéis neamhcheangailteach de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é, seachas tús áite a thabhairt do rannchuidiú le cuspóirí CBI a bhaint amach, arb é an cuspóir a leagtar amach faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoin Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh é.

1.3.

Is díol sásaimh do CESE an togra chun comhleanúnachas agus sineirgí le tionscnaimh agus cistí gaolmhara a neartú, amhail an clár LIFE, an clár don Eoraip Dhomhanda agus an clár um Iomaíochas, chun dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus chun tionchar na n-infheistíochtaí poiblí a uasmhéadú. Mar sin féin, áitíonn sé ar an gCoimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí, a áirithiú go ndéanfaidh rialtais na hinfheistíochtaí is gá chun cuspóirí CBI a bhaint amach, amhail bailiú sonraí, rialú, bainistiú iascaigh nó bearta a bhaineann le cabhlaigh.

1.4.

Cuireann sé i bhfáth gur gá an sainmhíniú ar iascaireacht chósta ar mhionscála a dhéanamh níos solúbtha, bunaithe ar na critéir arna mbunú ag Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) agus ag na hEagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna). I bhfianaise éagsúlacht chomhthéacsanna sóisialta, eacnamaíocha agus geografacha na mBallstát, tá sé ríthábhachtach cur chuige inoiriúnaithe a choinneáil lena n-aithnítear sainiúlachtaí gach cabhlaigh agus gach réigiúin cósta.

1.5.

Ós rud é go bhfuil meánaois 31.5 bliain ag cabhlach iascaireachta an Aontais agus go bhfuil an lucht saothair ag laghdú agus ag dul in aois, tá sé ríthábhachtach go bhforbróidh na Ballstáit pleananna agus bearta chun a soithí a nuachóiriú agus a athchóiriú, arb é is aidhm dóibh éifeachtúlacht fuinnimh, sábháilteacht ar bord agus dálaí oibre a fheabhsú, gan acmhainneacht iascaireachta a mhéadú. Cuideoidh sé sin ní hamháin le hathnuachan ó ghlúin go glúin a áirithiú, ach le spriocanna aeráide a bhaint amach freisin.

1.6.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún Eorpach struchtúr simplí a bhunú gan bearta mionsonraithe agus rialacha incháilitheachta a réamhshainiú ar leibhéal an Aontais ar bhealach ró-shaintreorach. Tathantaíonn CESE ar na Ballstáit meon sin na solúbthachta agus an tsimplithe a choinneáil agus a bPleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí (pleananna CNR) á bhforbairt acu, lena n-áirítear próisis mheara le haghaidh deontais ar luach íseal, agus comhsheasmhacht le cuspóirí CBI agus cothrom iomaíochta idir earnálacha agus réigiúin éagsúla á n-áirithiú ag an am céanna. Iarrann sé freisin go mbunófaí treoirlínte maidir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a bheidh infheidhme ar fud na n-earnálacha uile, treoirlínte simplí, aonchineálach agus lena n-éascaítear nuachóiriú na gcabhlach.

1.7.

Aontaíonn sé gur gá méid áirithe solúbthachta a choinneáil agus rátaí déine cabhrach á gcinneadh, ionas go mbeidh na Ballstáit in ann a bpleananna CNR a chur in oiriúint do shaintréithe sonracha a n-earnálacha agus a réigiún. Measann sé, áfach, go bhfuil sé ríthábhachtach íosmhéid coiteann a bhunú ar an leibhéal Eorpach chun creat cothrom a áirithiú agus chun saobhadh iomaíochta idir cabhlaigh agus oibreoirí a sheachaint. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na rátaí déine cabhrach uasta, arna moladh ag na Ballstáit, agus glacadh leo mar eisceachtaí ón riail ghinearálta, ar choinníoll go bhfuil údar cuí leo, agus úsáid á baint as an ráta a leagtar amach sa Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) 2021-2027 mar thagairt.

1.8.

Tacaíonn sé go hiomlán leis an rogha go bhféadfar diúltú d’iarratas ar chabhair arna chur isteach ag iarratasóir laistigh den tréimhse ama arna bunú le dlí nó ag an údarás inniúil, i gcomhréir leis an sárú arna dhéanamh ag an oibreoir. Mar sin féin, measann CESE gur pionós dúbailte é an ceanglas fóirdheontas a fuarthas cheana a aisíoc, tar éis suas le cúig bliana a bheith caite ó fuarthas é, i gcás sárú tromchúiseach. Ní hamháin go gcruthaíonn sé sin éiginnteacht dhlíthiúil agus go gcaitear go hidirdhealaitheach le hiascairí laistigh de phleananna náisiúnta i gcomparáid le hearnálacha eile, ach cuireann sé freisin le tearcúsáid cistí;

1.9.

Cuireann CESE in iúl gur geal leis an simpliú agus an fhoclaíocht nua a bhaineann le hoibríochtaí atá incháilithe do státchabhair, lena n-áirítear tagairt cheangailteach d’fhorálacha Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Fóirdheontais Iascaigh. Mar sin féin, measann CESE gur gá an deimhneacht dhlíthiúil a neartú do na Ballstáit agus do na tairbhithe, agus meon CEMID atá ann faoi láthair á choinneáil ag an am céanna. Dá bhrí sin, molann sé tagairt shainráite a dhéanamh don phrionsabal go gceadaítear cabhair nach dtoirmisctear go sainráite.

2.   NÓTAÍ MÍNIÚCHÁIN

Argóintí ar son Mholadh 1.2

2.1.

Foráiltear le hAirteagal 1 go rannchuideofar leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Chomhshocrú Eorpach um an Aigéan agus le cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh. Dar le CESE, áfach, ní féidir an Comhshocrú Eorpach um an Aigéan a chur ar chomhchéim leis an gComhbheartas Iascaigh, bíodh sin ar bhonn ordlathach nó institiúideach. Dá bhrí sin, ba cheart stádas fo-ordaithe a bheith ag an tagairt don straitéis sin.

3.   NA LEASUITHE ATÁ BEARTAITHE AR AN TOGRA REACHTACH ÓN gCOIMISIÚN EORPACH

Leasú 1

Teideal agus Aithrisí 2 agus 3

Baineann an leasú seo le le moladh 1.2 agus moladh 1.3

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na coinníollacha maidir le cur chun feidhme thacaíocht an Aontais Eorpaigh don Chomhbheartas Iascaigh, don Chomhshocrú Eorpach um an Aigéan agus do bheartas muirí agus dobharshaothraithe an Aontais mar chuid den Chiste Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí a leagtar amach i Rialachán (AE) [...] [Ciste CNR] don tréimhse 2028 go 2034

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na coinníollacha maidir le cur chun feidhme thacaíocht an Aontais Eorpaigh don Chomhbheartas Iascaigh, don Chomhshocrú Eorpach um an Aigéan agus do bheartas muirí agus dobharshaothraithe an Aontais mar chuid den Chiste Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí a leagtar amach i Rialachán (AE) [...] [Ciste CNR] don tréimhse 2028 go 2034

[...]

[...]

( 2 )

Leis an tacaíocht ón Aontas, rannchuideofar freisin leis na gníomhaíochtaí mar a leagtar amach sa Chomhshocrú Eorpach um an Aigéan agus rannchuideofar le cuspóir an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht ár n-aigéin, agus ár sprioc aeráidneodrachta, iomaíochas agus athléimneacht earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais, inbhuanaitheacht, athléimneacht agus iomaíochas gheilleagar gorm na hEorpa, athléimneacht na bpobal cósta agus oileáin, chomh maith leis na réigiúin is forimeallaí, agus feabhsú rialachas na n-aigéan agus fhaire na n-aigéan, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí Copernicus, trí chlár an Aontais Faire na Cruinne agus trí na seirbhísí dá chuid a bhaineann leis an bhfarraige.

( 2 )

Ba cheart an Ciste Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí a bheith ina rannchuidiú le cuspóirí comhshaoil, eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) a bhaint amach, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Leis an tacaíocht sin ba cheart a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe san fhadtéarma agus go mbainisteofar iad ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán CBI.

( 3 )

Ba cheart an Ciste Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí a bheith ina rannchuidiú le cuspóirí comhshaoil, eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) a bhaint amach, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Leis an tacaíocht sin ba cheart a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe san fhadtéarma agus go mbainisteofar iad ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán CBI.

( 3 )

Leis an tacaíocht ón Aontas, rannchuideofar freisin le cuspóir an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht ár n-aigéin, agus ár sprioc aeráidneodrachta, iomaíochas agus athléimneacht earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais, inbhuanaitheacht, athléimneacht agus iomaíochas gheilleagar gorm na hEorpa, athléimneacht na bpobal cósta agus oileáin, chomh maith leis na réigiúin is forimeallaí, agus feabhsú rialachas na n-aigéan agus fhaire na n-aigéan, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí Copernicus, trí chlár an Aontais Faire na Cruinne agus trí na seirbhísí dá chuid a bhaineann leis an bhfarraige. Gan dochar do chistí níos leordhóthanaí agus níos speisialaithe a bheith ann le haghaidh earnálacha agus leasanna muirí eile, féadfaidh an tacaíocht rannchuidiú freisin leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Chomhshocrú Eorpach um an Aigéan.

Cúis

Molann an rapóirtéir teideal an Rialacháin a athrú agus ord aithrisí 2 agus 3 a aisiompú. Leis an gciste sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt do rannchuidiú le cuspóirí CBI a bhaint amach, arb é an cuspóir faoi CFAE agus faoi Rialachán CBI é. Níor cheart acmhainní teoranta an chiste sin a úsáid chun earnálacha nó tosaíochtaí atá cumhdaithe cheana féin ag beartais nó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais a mhaoiniú. D’fhéadfadh dúbailt, forluí agus úsáid neamhéifeachtúil cistí poiblí a bheith mar thoradh air sin. Ní féidir straitéis neamhcheangailteach de chuid an Choimisiúin ná inniúlacht eisiach de chuid an Aontais arna cur chun feidhme le Bunrialachán CBI a chur ar comhchéim.

Leasú 2

Airteagal 1

Baineann an leasú seo le moladh 1.2 agus moladh 1.3

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

Leis an Rialachán seo, leagtar síos coinníollacha sonracha chun tacaíocht ón Aontas a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta a leagtar síos in Airteagal 2 de Rialachán XX [Ciste CNR], agus go háirithe pointe (d) de. Leis an tacaíocht ón Aontas, rannchuideofar leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Chomhshocrú Eorpach um an Aigéan agus le cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh.

Leis an Rialachán seo, leagtar síos coinníollacha sonracha chun tacaíocht ón Aontas a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta a leagtar síos in Airteagal 2 de Rialachán XX [Ciste CNR], agus go háirithe pointe (d) de. Leis an tacaíocht ón Aontas, rannchuideofar le cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh.

Cúis

Féach an chúis a ghabhann le leasú 1.

Leasú 3

Airteagal 5

nasctha le moladh 1.4

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

Soithí iascaireachta muirí agus intíre ar lú ná  12 mhéadar a bhfad foriomlán agus nach n - úsáideann trealamh iascaireachta tarraingthe , agus iascairí de chois, lena n-áirítear bailitheoirí sliogéisc, a dhéanann iascaireacht chósta ar mionscála.

Soithí iascaireachta muirí agus intíre ar lú ná  15 mhéadar a bhfad foriomlán agus iascairí de chois, lena n-áirítear bailitheoirí sliogéisc, a dhéanann iascaireacht chósta ar mionscála.

 

I bhfianaise chineál an-éagsúil na gcabhlach iascaireachta in imchuacha farraige éagsúla an Aontais, féadfaidh na Ballstáit an sainmhíniú ar ‘iascaireacht chósta ar mionscála’ a oiriúnú ina gcláir, agus aird chuí á tabhairt ar fhad an turais, ar an bhfad ón gcósta, ar an gcineál trealaimh iascaireachta agus ar na naisc le pobail áitiúla.

Cúis

Ba cheart do na pleananna CNR foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht shonrach don iascaireacht ar mionscála. Sainíonn Meitheal Saineolaithe ICES maidir le Gabhálacha Tráchtála é sin mar an sainmhíniú a dhéanann soithí tráchtála ar lú a bhfad iomlán ná 15 mhéadar, arb ionann é agus 88 % de na soithí iascaireachta gníomhacha (1). Déanann FAO cur síos ar ‘tháirgeoirí ar mionscála’ mar tháirgeoirí a oibríonn ar scála beag, i gcodarsnacht le táirgeoirí tionsclaithe. Sa chleachtas, is rud treallach í an teorainn idir iascaireacht ar mionscála agus iascaireacht ar mórscála: is féidir an méid a mheastar a bheith ina iascaireacht ar mionscála i dtír nó i réigiún amháin a mheas mar iascaireacht ar mórscála i gcomhthéacs eile. Ní mholann EDT sainmhíniú uilíoch ar an téarma ‘iascach ar mionscála’ ach oiread, ós rud é go ndéantar díospóireacht ar a léirmhíniú agus go n-athraíonn sé ó thír go tír.

Leasú 4

Airteagal 8

Baineann an leasú seo le moladh 1.5.

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

Ba cheart é a bheith indéanta tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascach, le dobharshaothrú agus leis an ngeilleagar gorm, a rannchuidíonn le baint amach chuspóirí comhshaoil an Aontais agus chuspóirí an Aontais maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, lena n-áirítear an t - aistriú fuinnimh le haghaidh na n-earnálacha uile.

Ba cheart é a bheith indéanta tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascach, le dobharshaothrú agus leis an ngeilleagar gorm, a rannchuidíonn le baint amach chuspóirí comhshaoil an Aontais agus chuspóirí an Aontais maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, lena n-áirítear an t - aistriú fuinnimh, an t - aistriú digiteach agus an dícharbónú le haghaidh na n-earnálacha uile. Sa chomhthéacs sin, agus ós rud é go bhfuil meánaois 31.5 bliain ag cabhlach iascaireachta an Aontais, tá sé ríthábhachtach go bhforbróidh na Ballstáit pleananna agus bearta chun a soithí a nuachóiriú agus a athchóiriú, arb é is aidhm dóibh éifeachtúlacht fuinnimh, sábháilteacht ar bord agus dálaí oibre a fheabhsú, gan acmhainneacht iascaireachta a mhéadú.

Cúis

Is coinníoll riachtanach é nuachóiriú cabhlaigh chun dul i dtreo iascaireacht níos inbhuanaithe, níos sábháilte agus níos iomaíche. Cuireann meánaois ard na soithí éifeachtúlacht fuinnimh, sábháilteacht criúnna agus cumas na hearnála oiriúnú do na ceanglais chomhshaoil agus theicneolaíocha atá ann faoi láthair i mbaol. Trí infheistíochtaí sa nuachóiriú agus san athchóiriú a chumasú agus a chur chun cinn, i gcomhréir le rialacha EDT, neartófar aistriú glas na hearnála agus rannchuideofar le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach, agus ag an am céanna cuideofar le haghaidh a thabhairt ar an bhfadhb thromchúiseach a bhaineann le heaspa athnuachana ó ghlúin go glúin.

Leasú 5

Airteagal 3

Baineann an leasú seo le moltaí 1.2, 1.6 agus 1.7

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

Tacaíocht don Chomhbheartas Iascaigh, don Chomhshocrú Eorpach um an Aigéan agus do bheartas muirí agus dobharshaothraithe an Aontais

Tacaíocht don Chomhbheartas Iascaigh agus do bheartas muirí agus dobharshaothraithe an Aontais

1.    Cuirfidh na Ballstáit riachtanais shonracha an iascaigh , an dobharshaothraithe agus na bpobal cósta, agus na hiascaireachta cósta ar mionscála go háirithe, san áireamh ina bplean CNR , i gcomhréir le hAirteagal 22 (2) (i) de [Rialachán CNR].

1.    Ina bplean CNR, tiomnóidh na Ballstáit méid atá cothrom leis an méid a bhunaítear ina gcláir náisiúnta faoi seach le haghaidh chur chun feidhme CEMID don tréimhse 2021-2027, nó níos airde ná an méid sin, arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha an iascaigh, an dobharshaothraithe agus na bpobal cósta, agus na hiascaireachta cósta ar mionscála go háirithe, i gcomhréir le hAirteagal 22 (2) (i) agus Airteagal 35(11) de [Rialachán CNR].

[...]

[...]

3.   Leagfaidh na Ballstáit amach ina bPlean CNR na rátaí déine cabhrach uasta le haghaidh na gcatagóirí difriúla oibríochtaí a dtacaítear leo faoin bPlean CNR. Maidir le hoibríochtaí a bhaineann le hiascaireacht chósta ar mionscála, is féidir leis na Ballstáit ráta déine cabhrach uasta 100 % a dheonú.

3.   Leagfaidh na Ballstáit amach ina bPlean CNR na rátaí déine cabhrach uasta ag 50 % de chaiteachas incháilithe iomlán na hoibríochta. Maidir le hoibríochtaí a bhaineann le hiascaireacht chósta ar mionscála , feabhas a chur ar roghnaíocht, ar an tsláinte, ar an tsábháilteacht agus ar dhálaí oibre ar bord soithí iascaireachta, agus gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí táirgeoirí agus/nó comhlachais táirgeoirí , is féidir leis na Ballstáit ráta déine cabhrach uasta 100 % a dheonú. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar rátaí déine cabhrach uasta eile, arna moladh ag na Ballstáit, agus glacadh leo mar eisceachtaí ón riail ghinearálta, agus údar cuí a bheith leo, agus úsáid á baint as an ráta a leagtar amach in CEMID 2021-2027 atá ann cheana mar thagairt.

 

4.     Coinneoidh na Ballstáit agus a réigiúin struchtúr simplí ar bun gan bearta saintreoracha ná rialacha incháilitheachta, go háirithe do thionscadail bheaga, lena bhforbrófar próisis ghlactha rianúil le maorlathas laghdaithe do thionscadail faoi bhun EUR 150 000 .

Cúis

Is é is aidhm don leasú seo tosaíocht a thabhairt d’acmhainní airgeadais le haghaidh iascaigh agus dobharshaothraithe ar bhealach oibríochtúil agus gan iad a atreorú chuig leasanna nó tosaíochtaí eile. Tá sé sin ríthábhachtach i bhfianaise an laghdaithe mhóir 67 % a mhol an Coimisiún Eorpach ar na cistí a cuireadh i leataobh chun CBI a chur chun feidhme.

Is é is aidhm don leasú meon an tsimplithe agus an laghdaithe ar mhaorlathas ar leibhéal an stáit a choinneáil le linn chéim an chur chun feidhme.

Féachann sé freisin le cothromaíocht a choinneáil idir an tsolúbthacht is gá do na Ballstáit chun a pleananna CNR a oiriúnú do shainiúlachtaí a n-earnálacha agus a réigiún, agus an gá atá le híoschaighdeáin chomhchoiteanna a bhunú ar an leibhéal Eorpach chun cothrom iomaíochta a áirithiú idir cabhlaigh agus oibreoirí an Aontais. Meastar freisin gurb iomchuí nach bhféadfaidh na Ballstáit rátaí déine cabhrach a leasú ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach, chun trédhearcacht agus comhsheasmhacht a áirithiú i gcur chun feidhme na gcistí.

Leasú 6

Airteagal 4

Baineann an leasú seo le moladh 1.8 agus moladh 1.9

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

1.   Ní thabharfar tacaíocht don chabhlach iascaireachta ná d’oibreoirí nach gcomhlíonann comhaontú EDT maidir le fóirdheontais iascaigh agus cuspóirí CBI dá dtagraítear in Airteagal 43(2) CFAE agus in Airteagal 2 de Rialachán CBI.

1.   Ní thabharfar tacaíocht nach gcomhlíonann critéir chomhaontú EDT maidir le fóirdheontais iascaigh nó a dheonaítear do chabhlaigh iascaireachta nó d’oibreoirí a rinne sáruithe tromchúiseacha ar rialacha CBI don tréimhse a leagtar amach i mír 2 nó trí chinneadh riaracháin nó breithiúnach.

2.    Beidh ceanglas ar thairbhithe an CBI a chomhlíonadh i gcónaí agus gan aon sárú ná coir a liostaítear in Airteagal 3 (4) pointí (a) go (c) a dhéanamh laistigh de 5 bliana.

2.    Beidh cúnamh airgeadais an Aontais a thugtar d'oibreoirí ag brath ar rialacha CBI a bheith comhlíonta ag oibreoirí. Dá bhrí sin, sa bhreis ar shrianta nó toirmisc a d’fhéadfadh a bheith ar rochtain ar chistiú poiblí arna bhforchur le cinneadh riaracháin nó breithiúnach, áiritheoidh na Ballstáit go ndeonófar cúnamh airgeadais ón Aontas ar choinníoll nach raibh an t-oibreoir faoi réir pionós mar gheall ar sháruithe tromchúiseacha le linn na bliana roimh dháta an iarratais ar chúnamh.

3.   Níl aistriú soithí iascaireachta go tríú tíortha, lena n - áirítear é sin a dhéanamh trí chomhfhiontair a chruthú le comhpháirtithe tríú tíortha agus aistriú úinéireacht gnólachta, i dteideal tacaíocht a fháil.

3.   Níl aistriúúinéireachta gnó nó aistriú soithí iascaireachta go tríú tíortha, cé is moite de chomhfhiontair a chruthú le comhpháirtithe tríú tíortha, i dteideal tacaíocht a fháil.

4.   Ní thacófar le mianadóireacht domhainfharraige.

4.   Ní thacófar le mianadóireacht domhainfharraige.

 

5.     Mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite sa Rialachán seo, measfar gach cabhair nach dtoirmeasctar go sainráite a bheith ceadaithe, rud a áiritheoidh deimhneacht dhlíthiúil do na Ballstáit agus do na tairbhithe araon.

Cúis

Tá an fhoclaíocht sa chéad mhír mearbhlach. Is í an chabhair seachas na hiascairí a chaithfidh a bheith i gcomhréir leis na fóirdheontais atá ceadaithe ag EDT. D’fhéadfaí an rud céanna a rá maidir leis an tagairt do chuspóirí CBI. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil níos mó chun tagairt a dhéanamh don fhíoras nach gceadófar cabhair i gcás sáruithe tromchúiseacha nó cinntí riaracháin.

Tugtar le tuiscint sa togra ón gCoimisiún, má dhéanann tairbhí sárú tromchúiseach, mar shampla ceithre bliana tar éis dheireadh an tionscadail, go gceanglófar air na cistí a fuarthas a thabhairt ar ais. Más cuid de chomharchumann nó d’eagraíocht táirgeoirí é an tairbhí, d’fhéadfaí pionós a ghearradh ar an struchtúr iomlán. Níl aon earnáil eile san Aontas faoi réir coinníollacha dochta den sórt sin.

Dá gcoinneofaí an fhoráil sin ar bun, dhíspreagfaí iascairí fós ó iarratas a dhéanamh ar thacaíocht toisc go mbeadh eagla orthu go bhféadfadh iarmhairtí díréireacha a bheith ag aon earráid — fiú mura mbaineann sí leis an tionscadal maoinithe (e.g. sábháilteacht, comhshaol, nuálaíocht). D’fhéadfadh fíneálacha troma, urghabháil soithí agus tarraingt siar ceadúnas a bheith mar thoradh ar shárú tromchúiseach cheana féin, lena gceanglaítear go n-aisíocfar cúnamh airgeadais, cuirtear leibhéal pionóis nach bhfuil gá leis agus atá iomarcach leis. Cruthaíonn an riail sin éiginnteacht dhlíthiúil san earnáil, agus leanfaidh sí de bheith á cruthú, rud a dhíspreagann infheistíocht agus a fhágann nach n-úsáidtear cistí an Aontais go leordhóthanach. Mar sin féin, molann CESE foclaíocht atá i gcomhréir le bunrialachán CBI (Airteagal 42.(3)).

In aon chás, de réir Airteagal 91(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 (2) maidir le ‘Smachtbhannaí tionlacain’, féadfaidh toirmeasc ar rochtain ar chúnamh poiblí nó ar fhóirdheontais phoiblí a bheith ag gabháil leis na smachtbhannaí a leagtar síos i leith sáruithe tromchúiseacha. Dá bhrí sin, is tagairt dhíréireach agus gan údar maith í an tagairt do chúig bliana. Is léir gur faoin údarás nó faoin gcúirt a bheadh sé cinneadh a dhéanamh maidir leis na smachtbhannaí sin, ag brath ar chineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh na sáruithe tromchúiseacha. Dá bhrí sin, ní féidir iad a shocrú mar réamhshocrú. Dá bhrí sin, ní féidir iad a shocrú mar réamhshocrú.

Déantar foráil i mír 3 maidir le pionóis le haghaidh infheistíochtaí i dtíortha i mbéal forbartha trí chomhfhiontair, rud a d’fhéadfadh rannpháirtíocht na hearnála príobháidí i dtionscadail chomhair idirnáisiúnta a dhíspreagadh. Cruthaíonn an fhoráil sin riosca go n-eisiafaí deiseanna straitéiseacha a d’fhéadfadh cur le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta tríú tíortha, lena dteorannófaí aistriú teicneolaíochta agus taithí, agus lena laghdófaí tionchar dearfach na hinfheistíochta Eorpaí i margaí atá ag teacht chun cinn.

Le mír 5 feabhsaítear an deimhneacht dhlíthiúil, agus ag an am céanna coinnítear meon CEMID atá ann faoi láthair, atá bunaithe ar an bprionsabal go gceadaítear cabhair nach dtoirmisctear go sainráite.

An Bhruiséil, an 21 Eanáir 2026.

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Séamus BOLAND


(1)   https://academic.oup.com/icesjms/article/82/8/fsaf130/8224205?login=false&utm_source=chatgpt.com.

(2)  (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1965/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top