Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XG03992

Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis

ST/11344/2024/INIT

IO C, C/2024/3992, 21.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3992/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3992/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3992

21.6.2024

Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis

(C/2024/3992)

Dírítear aird na ndaoine a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/72/CBES (1) ón gComhairle agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 (2) ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis, ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Tá faisnéis faighte ag an gComhairle ó údaráis na Túinéise a mheasfar faoi chuimsiú an athbhreithnithe bhliantúil ar na bearta sriantacha a bhaineann leis na daoine uile a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle. Cuirtear na daoine lena mbaineann ar an eolas leis seo go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun an fhaisnéis a bhaineann leo a fháil, roimh an 28 Meitheamh 2024 , chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1.C

Rue de la Loi/Wetstraat 175

B-1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Chinneadh 2011/72/CBES agus le hAirteagal 12(4) de Rialachán (AE) Uimh. 101/2011.


(1)   IO L 28, 2.2.2011, lch. 62.

(2)   IO L 31, 5.2.2011, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3992/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top