This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024XG03808
Conclusions of the Council and of the representatives of the governments of the Member States meeting within the Council on inclusive societies for young people
Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le sochaithe cuimsitheacha do dhaoine óga
Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le sochaithe cuimsitheacha do dhaoine óga
ST/9849/2024/INIT
IO C, C/2024/3808, 27.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3808/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/3808 |
27.6.2024 |
Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le sochaithe cuimsitheacha do dhaoine óga
(C/2024/3808)
DÉANANN AN CHOMHAIRLE AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE, AN MÉID SEO A LEANAS,
Á MHEABHRÚ DÓIBH:
|
1. |
Tá an tAontas Eorpach fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir. Tá sé d’aidhm ag an Aontas freisin síocháin agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn, an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac, an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta a chur chun cinn, saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga a urramú, leas an linbh a chur san áireamh agus cearta an linbh agus na ndaoine óga a chosaint (1). |
|
2. |
Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais taobhú le forbairt comhaiseag idir daoine óga agus comhaiseag oibrithe óige, agus rannpháirtíocht na ndaoine óga i saol daonlathach na hEorpa a chothú, mar aon le rochtain ar an ngairmoiliúint a éascú agus taobhú le soghluaisteacht oidí agus daoine faoi oiliúint, go háirithe daoine óga (2). |
|
3. |
Áirítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta an ceart chun ‘oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil’ (prionsabal 1), ‘comhdheiseanna’ (prionsabal 3), ‘cúram leanaí agus tacaíocht do leanaí’ (prionsabal 11) agus ‘daoine faoi mhíchumas a chuimsiú’ (prionsabal 17). Chun na cearta agus na prionsabail sin a chur chun feidhme, leagadh síos príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú bochtaineachta atá le baint amach faoi 2030. |
Á MEABHRÚ DÓIBH AN CÚLRA POLAITIÚIL A LEAGTAR AMACH SAN IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN IARSCRÍBHINN, GO HÁIRITHE AN MÉID SEO A LEANAS:
|
4. |
Féachann Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 le rannchuidiú le deireadh a chur le bochtaineacht i measc na hóige agus le gach cineál idirdhealaithe, cuimsiú sóisialta daoine óga a chur chun cinn agus cinntí beartais a fheabhsú maidir lena dtionchar ar dhaoine óga i ngach earnáil, go háirithe cuimsiú sóisialta. |
|
5. |
Leis na 11 Sprioc Eorpach don Óige léirítear tuairimí na hóige Eorpaí, go háirithe Sprioc Eorpach don Óige #3, darb aidhm cuimsiú daoine óga uile sa tsochaí a chumasú agus a áirithiú, Sprioc Eorpach don Óige #5, darb aidhm dea-bhail mheabhrach níos fearr a bhaint amach agus deireadh a chur le stiogmatú saincheisteanna meabhairshláinte, agus cuimsiú sóisialta daoine óga uile a chur chun cinn sa chaoi sin, agus Sprioc Eorpach don Óige #9, darb aidhm rannpháirtíocht agus neamhspleáchas daonlathach daoine óga a neartú agus spásanna tiomnaithe don óige a chur ar fáil i ngach réimse den tsochaí. |
|
6. |
Tá an comhrac i gcoinne an eisiaimh shóisialta ar cheann de phríomhghealltanais an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát (3). Déanann an t-eisiamh sóisialta dochar do dhea-bhail na saoránach agus cuireann sé bac ar a gcumas iad féin a chur in iúl agus páirt a ghlacadh sa tsochaí. |
ÓS DÍOL SÁSAIMH DI:
|
7. |
Maidir le hiarrachtaí comhbheartaithe an Aontais comhtháthú, athléimneacht agus luachanna a chur chun cinn trí chláir agus tionscnaimh mar shampla Erasmus+ (lena n-áirítear trí Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh), an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún maidir leis an gcreat de bhearta cuimsithe Erasmus+ agus Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach 2021-2027, Ciste Sóisialta na hEorpa+, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an tionscnamh ALMA (Aimsigh, Foghlaim, Máistir, Gnóthaigh), an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, an tionscnamh maidir le Bauhaus Nua Eorpach, an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (2021-2022), Bliain Eorpach na hÓige (2022) agus a hoidhreacht (4), an Bhliain Eorpach um Scileanna (2023), is é is aidhm dóibh rannchuidiú le comhtháthú sóisialta, cuimsiú sóisialta agus rannpháirtíocht agus rannpháirteachas daoine óga ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach. |
|
8. |
An 10ú timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais faoi stiúir na dtrí Uachtaránacht, an Spáinn, an Bheilg agus an Ungáir, lena ndírítear ar Sprioc Eorpach don Óige #3 ar shochaithe cuimsitheacha faoin mana ‘TÁ AN ÓIGE DE DHÍTH ORAINN’, chomh maith le torthaí Chomhdháil Óige an Aontais in Gent a bhí ar siúl ón 2 go dtí an 5 Márta 2024. |
|
9. |
Le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar spásanna cuimsitheacha do dhaoine óga, cuirtear le sochaithe cuimsitheacha agus, dá bhrí sin, cuirtear le gnóthú na gconclúidí formheasta ón gComhairle (5). |
AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á CHUR SAN ÁIREAMH ACU:
|
10. |
Maireachtáil le chéile i sochaithe síochánta cuimsitheacha, tá sé ar cheann de thosaíochtaí straitéis earnáil na hóige de chuid Chomhairle na hEorpa 2030. |
|
11. |
Athdhearbhaíodh an gealltanas i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe nach bhfágfar aon duine ar lár. |
AITHNÍONN SÍ:
|
12. |
Beartas ábhartha an Aontais agus na straitéisí agus na moltaí a eascraíonn as: an straitéis Eorpach i ndáil le hidirlíon níos fearr do leanaí (BIK+) (2022), Straitéis an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú (2021–2030), plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas (2020–2025), an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ (2020–2025), an Straitéis um Chomhionannas Inscne (2020–2025), creat straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh (2020–2030), an Straitéis chun cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha a neartú san Aontas (2020), straitéis an Aontais um chearta an linbh (2021–2024), straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas (2021–2030), na Moltaí ón gComhairle lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (2021) agus Ráthaíocht threisithe don Aos Óg (2020), agus an cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte (2023). |
Á AITHINT DI AN MÉID SEO A LEANAS FREISIN:
|
13. |
Ní grúpa aonchineálach iad daoine óga, agus dá bhrí sin tá an iliomad féiniúlachtaí, riachtanais éagsúla, acmhainní, cúlraí, dálaí saoil agus spéiseanna acu, agus bíonn dúshláin agus deiseanna éagsúla os a gcomhair. I ndáil leis an méid sin, ba cheart beartas óige agus bearta atá dírithe ar dhaoine óga a fhorbairt a thuilleadh do gach duine óg trí úsáid a bhaint as cur chuige cuimsitheach atá íogair ó thaobh na héagsúlachta de agus trasnach (6), |
|
14. |
Tá daoine óga ar cheann de na láidreachtaí inár sochaithe, chomh maith le bheith ina sealbhóirí ar chearta an duine aonair agus ina ngníomhaithe ar son an athraithe. Léiríonn a lán daoine óga tuiscint láidir ar an teacht aniar agus leanann siad de bheith ag slógadh ar son na n-ábhar imní atá acu. Dá réir sin, cuidíonn siad le hathrú dearfach sa tsochaí. Ba cheart daoine óga a chumasú, tacú leo agus iad a chumhachtú sa rannpháirtíocht sin. |
|
15. |
Tá ról tábhachtach ag daoine óga maidir le próisis chinnteoireachta níos eolasaí a chruthú agus maidir leis an daonlathas a neartú. Trína n-acmhainneacht a aithint agus a chothú, agus a rannpháirtíocht fhóinteach a áirithiú ar gach leibhéal agus ar gach céim den cheapadh beartais a dhéanann difear dóibh, is féidir tacú leo sa ról sin. Ba cheart aitheantas a thabhairt freisin do ról tacaíochta na n-oibrithe don óige agus na n-eagraíochtaí don óige san iarracht sin, mar a léirítear in Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, agus ba cheart go mbainfeadh na gníomhaithe sin tairbhe as bearta tacaíochta iomchuí chuige sin. |
|
16. |
Tá tionchar ag an ngéarchéim dhomhanda aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta (7), paindéim COVID-19, agus cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, an choinbhleacht sa Mheánoirthear agus coinbhleachtaí in áiteanna eile ar domhan, na géarchéimeanna fuinnimh agus boilscithe a eascraíonn astu, chomh maith leis na géarchéimeanna eacnamaíocha agus sóisialta a tharla le blianta beaga anuas, agus na míbhuntáistí a bhaineann le dlús a chur leis an réabhlóid dhigiteach, i measc nithe eile, ar mheabhairshláinte agus ar dhea-bhail leanaí agus daoine óga. Tá na cúinsí agus na feiniméin sin, lena n-áirítear feiniméin imirce, tar éis tionchar mór a imirt ar shochaithe na hEorpa ag tús na ndeich mbliana seo agus tá méadú léirithe acu ar neamhionannais agus ar pholarú inár sochaithe. |
|
17. |
Bhí tionchar éagsúil ag na forbairtí sochaíocha agus géarchéimeanna iomadúla sin ar ghrúpaí daoine óga agus ar roinnt grúpaí go díréireach. Mar thoradh air sin, tá cearta sóisialta, sibhialta agus daonna daoine óga, go háirithe na cearta sin a bhaineann le comhionannas inscne, cosaint mionlach agus rochtain ar sheirbhísí agus ar acmhainní is gá le haghaidh cothú, forbartha agus fuascailte (8) faoi bhrú. Ina theannta sin, tá rochtain neamhchothrom ag roinnt grúpaí ar na cearta agus ar na hacmhainní sin. Thairis sin, tá tionchar méadaitheach ag brú na sochaí, mar shampla brú feidhmíochta, ar mheabhairshláinte agus ar dhea-bhail daoine óga (9). |
|
18. |
Bíonn tionchar díréireach ag forbairtí sochaíocha agus géarchéimeanna sochaíocha ar dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu agus d’fhéadfadh idirdhealú trasnach, eisiamh nó cóir neamh-chomhionann a bheith mar thoradh orthu (10). Ina theannta sin, tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine óga atá i mbaol bheith i staid faoi mhíbhuntáiste (11). Ós rud é gur minic a bhíonn an t-eisiamh socheacnamaíoch, daonlathach agus digiteach fite fuaite ina chéile, d’fhéadfadh tionchar a bheith ag an staid sin ar an tsaoránacht ghníomhach agus ar mhuinín as institiúidí. |
|
19. |
Is mó an baol atá ann go mbeidh daoine óga atá i mbaol eisiaimh shóisialta nó i gcásanna leochaileacha thíos le fadhbanna agus dúshláin mheabhairshláinte. Déanann nochtadh don idirdhealú agus don neamhionannas dochar dá meabhairshláinte, go háirithe nuair a bhíonn an iliomad idirdhealaithe nó míbhuntáistí i bhfeidhm ar dhaoine óga. Is beart coisctheach ríthábhachtach é an comhionannas, an chaoinfhulaingt, an dlúthpháirtíocht agus an t-idirphlé a chur chun cinn laistigh dár sochaithe chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna agus na dúshláin mheabhairshláinte sin (12). |
|
20. |
Tá spásanna daoine óga sa tsochaí faoi bhrú. Cuireann laghdú ar spásanna do dhaoine óga bac orthu ina bhforbairt phearsanta agus shibhialta agus ina gcumas chun a spás sa tsochaí a shainiú. Cuireann bacainní struchtúracha ar leibhéil éagsúla bac ar rochtain a fháil ar spásanna, cearta agus seirbhísí éagsúla agus ar a rannpháirtíocht chomhionann sa tsochaí. Tá gá le sochaí iolraíoch arb é is príomhthréith di cothromas, dlúthpháirtíocht agus léirthuiscint, urraim agus aitheantas don éagsúlacht de gach cineál chun tacú le daoine óga, agus chun iad a chumasú agus a chumhachtú, go háirithe iad siúd ar lú na deiseanna atá acu, agus chun sochaí chóir chothrom a chruthú do chách. |
|
21. |
Is féidir ról tábhachtach a bheith ag struchtúir rialtasacha agus neamhrialtasacha, lena n-áirítear pobail áitiúla, obair óige (13) agus obair dheonach, maidir le cothromas, caoinfhulaingt, dlúthpháirtíocht agus idirphlé a chur chun cinn, agus maidir le rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga agus a gcuimsiú ina bpobail agus sa chinnteoireacht a éascú. Leis an obair óige, cuirtear ar chumas daoine óga, tacaítear leo agus tugtar cumhacht dóibh smaoineamh go criticiúil faoin tsochaí agus a bheith ina ngníomhaithe don athrú. Le cur chun feidhme éifeachtach agus torthaí inláimhsithe na hoibre óige, cuirtear an cuimsiú sóisialta chun cinn. Is minic a bhíonn bearta réamhghníomhacha, cineálacha cur chuige turgnamhacha, agus scaipeadh dea-chleachtas i gceist leis na hiarrachtaí sin (14). |
I NDÁIL LEIS SIN, TÁ SÉ MAR AIDHM ACU AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
22. |
Bearta spriocdhírithe a áirithiú chun cothromas, cuimsiú agus tacaíocht do dhaoine óga a chur chun cinn agus a n-áit sa tsochaí á sainiú agus á glacadh acu, go háirithe trí obair óige agus trí pheirspictíocht idirdhisciplíneach, chuimsitheach na hóige a fhorbairt i ngach réimse beartais ábhartha, lena bhféadfar rannchuidiú leis sin. Ina theannta sin, is féidir sásraí a chruthú le haghaidh rannpháirtíocht fhóinteach chuimsitheach daoine óga ó chúlraí éagsúla sa chinnteoireacht, mar shampla comhairlí na n-óg agus eagraíochtaí don óige, agus rannpháirtíocht daoine óga lasmuigh de na heagraíochtaí sin á cur chun cinn ag an am céanna. |
|
23. |
Rannpháirtíocht ghníomhach, fhóinteach, chothrom agus chomhionann daoine óga a áirithiú agus ról múnlaithe a thabhairt dóibh i spásanna a bhaineann leo agus, i gcás inarb ábhartha, spásanna fuascailte a chruthú, a fhorbairt a thuilleadh, a oiriúnú agus a choimirciú do dhaoine óga agus dá riachtanais chun iad a chumhachtú ina bhforbairt gan beann ar a gcúlra agus chun a nguth agus a n-ionchur a aithint agus éifeacht a thabhairt dóibh. |
|
24. |
Daoine óga a nascadh a thuilleadh le chéile, a dtaithí agus a n-idirghníomhaíochtaí le héagsúlacht de gach cineál a áirithiú agus a éascú, mar shampla trí shoghluaisteacht foghlama nó trí ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta trasteorann. |
|
25. |
An ghiaráil don obair óige agus do struchtúir agus seirbhísí ábhartha eile a threisiú chun tacú le forbairt, meabhairshláinte agus dea-bhail daoine óga, lena bhfoghlaim agus lena dturgnaimh chun na bacainní atá roimh dhaoine óga ar leibhéil éagsúla a shárú, go háirithe i gcás na ndaoine óga sin atá i mbaol eisiaimh. |
TUGANN SIAD AN MÉID SEO A LEANAS DÁ NAIRE:
|
26. |
Na smaointe agus na tuairimí a chuir daoine óga in iúl le linn Chomhdháil Óige AE na Beilge i mí an Mhárta 2024, maidir le bealaí chun sochaithe cuimsitheacha a bhaint amach do dhaoine óga, chomh maith lena moltaí don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit chun na smaointe sin a chur chun feidhme, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis na conclúidí seo:
|
IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT, AR NA LEIBHÉIL IOMCHUÍ, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
27. |
Leas a bhaint as an gcur chuige trasnach (15) mar mhodh chun na bacainní agus na dúshláin atá os a gcomhair amach ag daoine óga a shainaithint agus a thuiscint, go háirithe iad siúd ar lú na deiseanna atá acu agus beart a dhéanamh chun na bacainní agus na dúshláin sin a aithint, gníomhú ina leith agus iad a shárú. Ba cheart bearta agus gníomhaíochtaí beartais a bheith freagrúil don raon fairsing féiniúlachtaí i measc na ndaoine óga sin, chun aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar na bacainní agus ar na dúshláin atá os a gcomhair, go háirithe maidir le rochtain a fháil ar a gcearta agus seirbhísí, leas a bhaint astu agus iad a chaomhnú. |
|
28. |
Feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus dea-bhail meabhrach na ndaoine óga uile, lena n-áirítear iad siúd ar lú na deiseanna atá acu, trí fheasacht eintiteas poiblí a mhúscailt maidir le riachtanais shonracha daoine óga ar lú na deiseanna atá acu. |
|
29. |
Machnamh a dhéanamh ar bhealaí chun rochtain ar chearta agus ar na seirbhísí poiblí, sóisialta, polaitiúla agus cultúir lena mbaineann a ráthú agus a choimirciú, agus tús áite a thabhairt go háirithe do na seirbhísí sin atá ábhartha maidir le haghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht agus easpa dídine i measc na hóige, agus do na seirbhísí sin a sholáthraíonn rochtain ar dhálaí maireachtála cuibhiúla agus tithíocht inacmhainne, ar oideachas, gníomhaíochtaí fóillíochta agus cúram sláinte do gach duine óg. |
|
30. |
Seirbhísí inrochtana faisnéise a chur ar fáil, lena n-áirítear seirbhísí comhairleoireachta, agus faisnéis agus cumarsáid atá fabhrach don aos óg chun a áirithiú go mbeidh na daoine óga uile ar an eolas faoina gcearta agus faoi na deiseanna atá ann dóibh, go dteachtfaidh siad na cearta sin agus go dtapóidh siad na deiseanna sin, go mbeidh siad in ann féachaint isteach sna deiseanna sin, agus go mbeidh siad in ann conairí a d’fhéadfaidís a ghlacadh tríd an saol a shamhlú. Ba cheart tacaíocht leordhóthanach a thabhairt do dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu ionas go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar a gcearta agus iad a fheidhmiú go héifeachtach. |
|
31. |
Rochtain ar spásanna digiteacha agus ar sheirbhísí digiteacha a éascú do gach duine óg, a chuimsíonn rochtain fhisiciúil – lena n-áirítear nascacht idirlín agus i gcás inarb ábhartha gléasanna – agus sealbhú inniúlachtaí digiteacha agus sealbhú na litearthachta digití agus na litearthachta sna meáin chun na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le spásanna ar líne a bhainistiú. |
|
32. |
Agus saincheisteanna don óige á bpríomhshruthú, comhpháirtíochtaí agus tionscnaimh thrasearnálacha a chur chun cinn agus tacú leo, go háirithe idir soláthraithe oibre óige, institiúidí oideachais agus oiliúna nuair is ábhartha, seirbhísí sóisialta agus fostaíochta, córais cosanta sóisialta agus slándála, agus comhpháirtithe sóisialta a chuidíonn le gach duine óg maidir lena bhforbairt, go háirithe trí insintí comhchoiteanna a chur chun cinn a rannchuidíonn le gné ‘dearcadh cuimsitheach na hóige’ a leabú in obair na bpáirtithe leasmhara éagsúla lena mbaineann. |
|
33. |
Soghluaisteacht inbhuanaithe do dhaoine óga a éascú, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe, iargúlta, fhorimeallacha, bheagfhorbartha agus na réigiúin is forimeallaí trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní soghluaisteachta, mar shampla saincheisteanna iompair phoiblí. |
|
34. |
An cumas atá ag daoine óga smaoineamh go criticiúil a aithint agus a spreagadh agus na cineálacha éagsúla rannpháirtíochta i measc daoine óga mar ghníomhaithe a spreagfaidh na hathruithe atá de dhíth a aithint, d’fhonn sochaithe níos comhtháite a bhaint amach, go háirithe trí dhaoine óga a chumasú, trí thacú leo agus trína gcumhachtú chun bheith ina n-eiseamláirí dearfacha maidir le rannpháirtíocht shochaíoch agus rannpháirtíocht i bpróisis chinnteoireachta, mar shampla trí chomhairlí na n-óg, eagraíochtaí don óige, tionscnaimh don óige, tionscadail rannpháirtíochta nó tionscadail dlúthpháirtíochta. |
|
35. |
Spásanna agus seirbhísí fisiciúla agus fíorúla fuascailteacha nua a chruthú atá sábháilte, fáilteach agus inrochtana agus saor ó bhrú sochaíoch agus riachtanais feidhmíochta agus ó bhreithiúnais maidir le fiúntas, agus na cinn atá ann cheana féin a choimirciú, ar áiteanna iad inar féidir le daoine óga bualadh agus nascadh le chéile. |
|
36. |
An ról atá ag daoine óga a neartú, go háirithe daoine óga ar lú na deiseanna atá acu, maidir leis na spásanna a bhaineann leo a chruthú, a fhorbairt, a dhearadh, a thógáil, a mhúnlú agus a oiriúnú, lena n-áirítear an spás poiblí. |
|
37. |
Deireadh a chur leis na bacainní atá fós ann, go háirithe do dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu, i ndáil lena bheith rannpháirteach san obair óige, trí theagmháil ghníomhach a dhéanamh le daoine óga, trí thacaíocht bhreise a thairiscint, gníomhaíochtaí a oiriúnú dá riachtanais éagsúla, agus trí chomhar a lorg le páirtithe leasmhara ábhartha i réimsí eile ina mbítear ag obair le daoine óga ar lú na deiseanna atá acu agus leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht dóibh. |
|
38. |
Tionscnaimh a spreagadh, agus tacú leo, a chabhraíonn le daoine óga chun páirt a ghlacadh san obair óige, go háirithe iad siúd ar lú na deiseanna atá acu, agus chun ról gníomhach a bheith acu iontu. |
|
39. |
Cineálacha éagsúla tacaíochta inbhuanaithe a chur chun cinn don obair óige chun oibriú le daoine óga ar lú na deiseanna atá acu, mar shampla, trí chistiú gearrthéarmach agus fadtéarmach leordhóthanach agus acmhainní agus bonneagar leordhóthanach a sholáthar chun dálaí fabhracha a chruthú le haghaidh obair óige atá cuimsitheach agus rathúil. |
IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN GCOIMISIÚN EORPACH, AG CLOÍ LE PRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, INA RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH AGUS AR NA LEIBHÉIL IOMCHUÍ, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
40. |
Dearcadh cuimsitheach i leith na hóige a chur chun cinn a thuilleadh i mbeartais ábhartha, mar shampla, trí shásraí rialála le haghaidh measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an aos óg a bhunú, a chuimsiú nó leanúint ar aghaidh leo, arb é is aidhm dóibh tuiscint níos fearr a fháil ar na bacainní agus ar na dúshláin atá roimh dhaoine óga agus, i gcás inarb ábhartha, na bacainní sin a bhaint. D’fhéadfadh sé sin cabhrú le feabhas a chur ar phríomhshruthú na hóige i ngach réimse beartais agus d’fhéadfaí measúnú nó seiceáil tionchair AE ó thaobh na hóige de a chur i bhfeidhm mar chuid de sin, |
|
41. |
Tacú le lucht ceaptha beartas ar gach leibhéal agus ar fud na n-earnálacha tríd an bhfaisnéis agus an t-eolas ábhartha a sholáthar maidir le dea-chleachtais i ndáil le sochaithe cuimsitheacha, obair óige atá cuimsitheach agus íogair ó thaobh na héagsúlachta de, spásanna cuimsitheacha agus fuascailteacha do dhaoine óga, agus i ndáil le comhchruthú, d’fhonn, i gcás inarb ábhartha, dearcadh idirdhisciplíneach chuimsitheach i leith na hóige a chur chun cinn i ngach réimse beartais ábhartha. |
|
42. |
An t-idirphlé agus na sineirgí idir eagraíochtaí don óige, obair óige, beartas óige agus taighde óige a neartú, agus comhordú a chur chun cinn idir an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal Eorpach, d’fhonn comhar, fothú acmhainneachta, piarfhoghlaim, líonrú agus malartú a éascú maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
43. |
Aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna meabhairshláinte agus na tosca a chinneann iad, trí thimpeallachtaí a chruthú a thacaíonn le dea-bhail shocheacnamaíoch, fhisiciúil agus shíceolaíoch gach duine óig, gníomhaíochtaí ilearnálacha a dhéanamh a chuirfidh meabhairshláinte daoine óga chun cinn agus a chuirfidh feabhas ar rochtain chomhionann agus inacmhainne ar sheirbhísí cúraim meabhairshláinte, go háirithe trí na conclúidí ón gComhairle maidir le cur chuige cuimsitheach i ndáil le meabhairshláinte daoine óga san Aontas Eorpach a chur chun feidhme (16). |
|
44. |
Na hinniúlachtaí is gá do dhaoine óga, oibrithe íoctha agus deonacha óige agus oideoirí eile a shainaithint chun bheith ar an eolas faoin éagsúlacht, idirdhealú trasnach, tosca eisiaimh, steiréitíopaí, claontacht, idirdhealú agus faoi phribhléidí sa tsochaí, lena n-áirítear san oideachas agus i margadh an tsaothair, agus deiseanna agus modúil foghlama a fhorbairt chun obair a dhéanamh i dtreo obair don óige atá íogair don éagsúlacht agus don idirdhealú agus atá cuimsitheach go sóisialta, d’fhonn taithí agus idirghníomhaíochtaí leis an éagsúlacht de gach cineál a éascú agus spásanna fisiciúla agus fíorúla atá sábháilte, fuascailteach agus cuimsitheach a chruthú. |
|
45. |
Béim a leagan ar an obair óige mar spreagadh don chuimsiú lena gcothaítear naisc idir grúpaí éagsúla daoine óga agus ar fud earnálacha éagsúla, trí eolas maidir leis an obair óige agus na rannpháirtithe inti a spreagadh, tacú leis an eolas sin, é a fhorbairt agus a choimirciú, agus tríd an éagsúlacht sin a léiriú, á chur san áireamh ag an am céanna nach grúpa aonchineálach iad daoine óga, agus, dá bhrí sin, go bhfuil an iliomad féiniúlachtaí, riachtanais éagsúla, acmhainní, cúlraí, staideanna saoil agus leasanna acu. |
|
46. |
Tuilleadh tacaíochta a thabhairt do thaighde ar shonraí imdhealaithe maidir le heisiamh sóisialta agus d’anailís agus faireachán ar na sonraí sin agus dá mbailiú; aird a tharraingt ar an tionchar a bhíonn ag an eisiamh ar dhaoine óga agus ar bhearta cuimsithe a d’fhéadfaí a áireamh san obair óige; tacú le sochaithe agus spásanna cuimsitheacha a chruthú, agus a áirithiú go mbeidh na torthaí soléite agus inrochtana. Agus an méid sin á dhéanamh, an úsáid is mó is féidir a bhaint as cláir agus tionscnaimh thaighde atá ann cheana féin, ar nós Fís Eorpach agus an líonra RAY. |
|
47. |
Fíor-idirphlé a áirithiú idir daoine óga agus lucht ceaptha beartas san Eoraip chun tiomantas an Aontais Eorpaigh do dhaoine óga na hEorpa a chothú, trí mhodhanna a thabhairt isteach chun faireachán a dhéanamh ar an obair leantach ar Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí an idirphlé sin agus chun aiseolas a thabhairt do dhaoine óga maidir leis an obair leantach sin. |
IARRANN SIAD AR AN GCOIMISIÚN EORPACH, I GCOMHRÉIR LE PRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
48. |
Leanúint de chláir an Aontais maidir le comhtháthú, athléimneacht agus luachanna a shlógadh chun cuimsiú sóisialta agus comhtháthú sóisialta a neartú trína áirithiú go mbeidh gné thrasearnálach ann maidir le cuimsiú daoine óga i gcláir uile an Aontais, agus leanúint de bhéim a leagan ar dhaoine óga a bheith ina ngníomhaithe dearfacha i ndáil le cuimsiú, éagsúlacht agus sochaithe comhtháite, trí na cláir sin de chuid an Aontais a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do thionscnaimh chuimsitheacha atá dírithe ar an óige. |
|
49. |
Tacú le tionscadail maidir le cuimsiú, atá cuimsitheach iontu féin, a fhorbairt, a mbeidh daoine óga ar lú na deiseanna atá acu rannpháirteach go gníomhach iontu, agus soghluaisteacht na ndaoine sin a neartú, trí chláir, tionscnaimh agus, i gcás inarb indéanta, acmhainní inbhuanaithe éagsúla de chuid an Aontais, lena n-áirítear na príomhchláir i réimse na hóige, mar shampla Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus leanúint ar aghaidh leo. |
|
50. |
Leanúint de na hiarrachtaí ar chláir óige an Aontais a dhéanamh níos cuimsithí agus níos íogaire ó thaobh na héagsúlachta de, go háirithe trí úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí atá saincheaptha do riachtanais daoine óga ar lú na deiseanna atá acu agus do na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht dóibh nó a oibríonn leo, go háirithe maidir le hinrochtaineacht shocheacnamaíoch, tréimhse na gníomhaíochta, tacaíocht phearsanta oiriúnaithe, agus ceanglais riaracháin agus tuairiscithe. |
|
51. |
An rochtain ar chláir óige an Aontais, mar shampla Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, a mhéadú a thuilleadh do gach duine óg tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
52. |
Tacú le dearcadh óige agus é a phríomhshruthú i gcláir agus i dtionscnaimh de chuid an Aontais lena saothraítear comhtháthú, athléimneacht agus luachanna, lena n-áirítear an tionscnamh – Bauhaus Eorpach Nua – ar cheart leanúint ar aghaidh leis, agus sineirgí a chothú eatarthu chun leanúint de na hiarrachtaí breise atá á ndéanamh chun tionscnaimh a thriail agus a chruthú, agus chun tacú leo, atá dírithe ar spásanna cuimsitheacha, sábháilte agus fuascailteacha a fhorbairt do dhaoine óga a chabhróidh le sochaithe comhtháite a bhaint amach. |
|
53. |
Tuilleadh dreasachtaí a chur ar fáil chun níos mó spásanna a chruthú le haghaidh rannpháirtíocht fhóinteach trí Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh. Is féidir é sin a bhaint amach ach tacú le meithleacha náisiúnta chun dea-chleachtais a mhalartú maidir le for-rochtain agus maidir le bheith ag obair le daoine óga ar lú na deiseanna atá acu, agus trí fheasacht a mhúscailt faoi Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh ar fud earnálacha agus ar fud bheartais agus chláir an Aontais. Go háirithe, d’fhéadfaí é sin a bhaint amach trí bhíthin gníomhaíochtaí tiomnaithe maidir le cuimsiú agus rannpháirtíocht na hóige ar fud na dtionscnamh agus na gclár ábhartha atá á stiúradh ag an Aontas, agus ar an gcaoi sin tacú a thuilleadh le cur chuige déach Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh agus leis an uaillmhian saincheisteanna óige a phríomhshruthú sna beartais. |
|
54. |
Comhar feabhsaithe a spreagadh idir Comhordaitheoir Eorpach na hÓige agus Comhordaitheoir an Choimisiúin Eorpaigh um Chearta an Linbh, chomh maith le comhordaitheoirí ábhartha eile de chuid an Choimisiúin Eorpaigh atá rannpháirteach sa tacaíocht a thugtar don chuimsiú agus san idirdhealú a chomhrac, mar shampla trí mhalartuithe, cumarsáid tráthrialta agus comhar a spreagadh. |
|
55. |
Sineirgí a spreagadh idir Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, Tairseach Eorpach na hÓige agus Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais. |
|
56. |
Cur chun feidhme an mhéid a iarrtar thuas a spreagadh sna straitéisí thuasluaite de chuid an Aontais trí chur chuige déach Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh (18). |
AN TSOCHAÍ SHIBHIALTA ATÁ GNÍOMHACH I RÉIMSE NA HÓIGE A SPREAGADH CHUN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
57. |
Leanúint de na bacainní struchtúracha a bhaint agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh dhaoine óga, agus go háirithe iad siúd ar lú na deiseanna atá acu. Ina dhiaidh sin, seasamh ar son chearta na ndaoine óga, páirt a ghlacadh i bpróisis chinnteoireachta ábhartha agus naisc a chruthú idir lucht ceaptha beartas agus daoine óga ina n-éagsúlacht ar fad. |
|
58. |
Leanúint d’infheictheacht spásanna fisiciúla agus fíorúla, sábháilte, fuascailteacha, dá dtugtar tacaíocht, a chruthú, a chur chun cinn agus a mhéadú chun cabhrú le daoine óga taithí a fháil agus foghlaim conas idirghníomhú le héagsúlacht de gach cineál, agus an t-eolas agus na hinniúlachtaí is gá chun na críche sin a thabhairt d’oibrithe óige, d’oideoirí agus do dhaoine eile, e.g. iad siúd atá ag obair le seirbhísí sóisialta agus fostaíochta, nó dóibh siúd a oibríonn le daoine óga, go háirithe iad siúd ar lú na deiseanna atá acu. |
|
59. |
A chinntiú go mbeidh an obair óige níos infheicthe agus go dtugtar aitheantas níos fearr don obair sin trí labhairt amach go neamhbhalbh agus trí pháirt a ghlacadh i gcomhchruthú dioscúrsaí dearfacha do dhaoine óga, go háirithe dóibh siúd ar lú na deiseanna atá acu. |
|
60. |
Obair shoghluaiste don óige a éascú, a chur chun cinn agus tacú léi, d’fhonn an fhor-rochtain a mhéadú do dhaoine óga nach dtéann cineálacha eile oibre óige i gcion orthu. |
|
61. |
Faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú, comhoibriú agus líonrú a dhéanamh ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach chun sochaithe cuimsitheacha a chur chun cinn do dhaoine óga agus le daoine óga. |
(1) Luachanna an Aontais Eorpaigh atá cumhdaithe in Airteagail 2, 3(1) agus 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), Airteagail 8, 9 agus 10 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus Airteagail 21 agus 24(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha.
(2) Airteagail 165(2) agus 166(2) CFAE.
(3) Mar a cuireadh i bhfios go láidir in Airteagal 3(1) agus (3) CAE, agus in Airteagail 8, 9 agus 10 CFAE chomh maith; ‘Sa lá atá inniu ann, tá dúshláin éagsúla os comhair daoine óga ar fud na hEorpa, mar shampla deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar a gcearta sóisialta, eisiamh sóisialta agus idirdhealú, chomh maith le bagairtí a eascraíonn as an mbréagnuacht agus as an mbolscaireacht’ Rún maidir le creat le haghaidh comhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (2018/C 456/01, lch. 5).
(4) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Bliain Eorpach na hÓige 2022 (COM/2024/1 final).
(5) Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le spásanna sibhialta a chosaint agus a chruthú do dhaoine óga lena n-éascaítear rannpháirtíocht fhóinteach na hóige (2021/C 501 I/04); Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an ngné shóisialta d’Eoraip inbhuanaithe don óige (2023/C 185/06); Conclúidí ón gComhairle maidir leis an méid a chuirtear, trí obair don óige ar ardcháilíocht, le forbairt, dea-bhail agus cuimsiú sóisialta daoine óga (2013/C 168/03); Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an rialachas il-leibhéil a neartú agus rannpháirtíocht na ndaoine óga i bpróisis chinnteoireachta á cur chun cinn (2021/C 241/03); Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an Obair Dhigiteach don Óige (2019/C 414/02); Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát maidir le cur chuige cuimsitheach i ndáil le meabhairshláinte daoine óga san Aontas Eorpach (C/2023/1337); Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an ngné idirghlúine i réimse na hóige a chur chun cinn chun idirphlé agus comhtháthú sóisialta a chothú (2022/C 495/03), i measc nithe eile.
(6) Rún maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: I Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (2018/C 456/01), déantar cur síos ar threoirphrionsabal an chuimsithe agus luaitear ‘a aithint nach grúpa aonchineálach iad daoine óga, agus dá bhrí sin go bhfuil riachtanais, cúlraí, dálaí saoil agus leasanna éagsúla acu, ba cheart do Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh gníomhaíochtaí agus beartais a chur chun cinn atá cuimsitheach do gach duine óg, go háirithe dóibh siúd ar lú na deiseanna atá acu agus/nó dóibh siúd a bhféadfaí neamhaird a thabhairt ar a nguth’; mír 6 de Chonclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an ngné shóisialta d’Eoraip inbhuanaithe don óige (2023/C 185/01, lch. 6).
(7) Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on the EU Biodiversity Strategy for 2030: Bringing nature back into our lives [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol].
(8) Seirbhísí agus acmhainní mar shampla cúram bunúsach, sláinte, oideachas, scíth agus fóillíocht agus rochtain ar fhaisnéis.
(9) Sprioc Eorpach don Óige #5: ‘Tá líon suntasach agus méadaitheach daoine óga ar fud na hEorpa ag cur a n-imní in iúl maidir le leitheadúlacht saincheisteanna meabhairshláinte mar shampla strus ard, imní, dúlagar agus meabhairghalair eile i measc a bpiaraí. Luann daoine óga an brú ollmhór sochaíoch atá orthu sa lá atá inniu ann agus cuireann siad in iúl go bhfuil gá le soláthar meabhairshláinte níos fearr don aos óg’. Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát maidir le cur chuige cuimsitheach i ndáil le meabhairshláinte daoine óga san Aontas Eorpach (C/2023/1337).
(10) Eurostat, Young people in Europe: a statistical summary, 2022 [Daoine óga san Eoraip: achoimre staidrimh, 2022]. De réir shonraí Eurostat, bhí an ceathrú cuid (25,3 %) de dhaoine óga san Aontas i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta in 2021. I gcás daoine de gach aois, bhí an céatadán níos ísle, ag beagán os cionn an cúigiú cuid (21,7 %).
(11) An Coimisiún Eorpach, Employment and Social Developments in Europe – Young Europeans: employment and social challenges ahead [Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip – Eorpaigh Óga: fostaíocht agus dúshláin shóisialta atá rompu], 2022.
(12) Míreanna 10 agus 18 de na Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát maidir le cur chuige cuimsitheach i ndáil le meabhairshláinte daoine óga san Aontas Eorpach (C/2023/1337).
(13) Obair óige mar a thuairiscítear i Moladh Chomhairle na hEorpa CM/Rec(2017)4 agus sa Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir leis an gCreat chun Clár Oibre Eorpach don Obair Óige a bhunú, (2020/C 415/01), IO C 415, 1.12.2020, lgh. 1–8.
(14) Míreanna 3 agus 4 de na Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an ngné idirghlúine i réimse na hóige a chur chun cinn chun idirphlé agus comhtháthú sóisialta a chothú (2022/C 495/03); mír 10 de na Conclúidí ón gComhairle maidir leis an méid a chuirtear, trí obair óige ar ardcháilíocht, le forbairt, dea-bhail agus cuimsiú sóisialta daoine óga (2013/C 168/03).
(15) Is é atá i gceist le ‘trasnachas’ uirlis anailíseach chun staidéar a dhéanamh ar na bealaí ina dtrasnaíonn saintréithe pearsanta agus féiniúlachtaí pearsanta a chéile agus chun iad a thuiscint agus freagairt orthu dá réir, agus cé mar is féidir le heispéiris uathúla den idirdhealú a eascairt as na trasnuithe sin. Féach freisin fonóta 16 den teachtaireacht dar teideal EU Roma strategic framework for equality inclusion and participation for 2020-2030 [Creat straitéiseach an Aontais um chuimsiú agus rannpháirtíocht maidir le Romaigh le haghaidh 2020-2030].
(16) Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát maidir le cur chuige cuimsitheach i ndáil le meabhairshláinte daoine óga san Aontas Eorpach (C/2023/1337).
(17) Airteagal 29(5) de Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014, IO L 202, 8.6.2021, lch. 32-54.
(18) ‘Cur chuige déach: Ní féidir beartais a fhéachann le feabhas a chur ar shaol daoine óga a theorannú riamh do réimse na hóige féin. Dá bhrí sin, tá an cur chuige déach a comhaontaíodh i gcreat comhair 2010-2018 riachtanach fós toisc gurb é is aidhm dó dul i ngleic le saincheisteanna atá ábhartha don óige trí, ar thaobh amháin, thionscnaimh a phríomhshruthú ar fud na réimsí beartas agus ar an taobh eile de trí thionscnaimh shonracha san earnáil óige.’ (Rún maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (2018/C 456/01, lch. 3).
IARSCRÍBHINN I
Cúlra polaitiúil
Agus na conclúidí seo á nglacadh acu, tugann an Chomhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, dá n-aire na doiciméid seo a leanas:
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Bliain Eorpach na hÓige 2022 (COM/2024/1 final), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát maidir le cur chuige cuimsitheach i ndáil le meabhairshláinte daoine óga san Aontas Eorpach (C/2023/1337), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le príomhshruthú na hóige i bpróisis chinnteoireachta san Aontas Eorpach a chur chun cinn (C/2023/1342), |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte (COM/2023/298 final), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an ngné shóisialta d’Eoraip inbhuanaithe don óige (2023/C 185/06), |
|
— |
Cinneadh (AE) 2023/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le Bliain Eorpach na Scileanna (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (PE/12/2023/REV/1), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an ngné idirghlúine i réimse na hóige a chur chun cinn chun idirphlé agus comhtháthú sóisialta a chothú (2022/C 495/03), |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Cumhachtú digiteach (An chaoi le leanaí a chumhachtú ar bhealach níos fearr maidir le roghanna fónta a dhéanamh ar líne) (BIK+) (COM/2022/212 final), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle – An rannpháirteachas a chothú i measc daoine óga mar ghníomhaithe ar son an athraithe chun an comhshaol a chosaint (2022/C 159/07), |
|
— |
Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (PE/81/2021/REV/1), |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU Strategy on Combating Antisemitism and Fostering Jewish Life (2021-2030) [Straitéis an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú (2021-2030)] (COM/2021/615 final), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le spásanna sibhialta a chosaint agus a chruthú do dhaoine óga lena n-éascaítear rannpháirtíocht fhóinteach na hóige (2021/C 501 I/04), |
|
— |
Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (9106/2021/INIT), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an rialachas il-leibhéil a neartú agus rannpháirtíocht na ndaoine óga i bpróisis chinnteoireachta á cur chun cinn (2021/C 241/03), |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU strategy on the rights of the child [Straitéis an Aontais um chearta an linbh] (COM/2021/142 final), |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal The European Pillar of Social Rights (Action Plan) [Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (Plean Gníomhaíochta)], (COM/2021/102 final), |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Union of Equality: Strategy for the Rights of Persons with Disabilities 2021-2030 [Aontas an Chomhionannais: an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030] (COM/2021/101 final), |
|
— |
Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Strategy to strengthen the application of the Charter of Fundamental Rights in the EU [an Straitéis chun cur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a neartú san Aontas] (COM/2020/711 final), |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Union of Equality: LGBTIQ Equality Strategy 2020-2025, [Aontas an Chomhionannais: an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025] (COM/2020/698 final), |
|
— |
Moladh ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2020 maidir le A Bridge to Jobs – Reinforcing the Youth Guarantee [an Nasc leis an bhFostaíocht – An Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú] agus a chuirtear in ionad Mholadh an 22 Aibreán 2013 ón gComhairle maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú (2020/C 372/01), |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal A Union of Equality: EU Roma strategic framework for equality, inclusion and participation [Aontas an Chomhionannais: Creat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach] (COM/2020/620 final), |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Union of Equality: EU anti-racism action plan 2020-2025 [Aontas an Chomhionannais: Plean gníomhaíochta frithchiníochais an Aontais, 2020-2025] (COM/2020/565 final), |
|
— |
Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024 (JOIN/2020/5 final), |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025 [Aontas an Chomhionannais: an Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025] (COM/2020/152 final), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an Obair Dhigiteach don Óige (2019/C 414/02), |
|
— |
Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis an Aontais Eorpaigh i leith na hÓige 2019-2027, (2018/C 456/01), |
|
— |
An Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (2017/C 428/09), |
|
— |
Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 20 Bealtaine 2014, maidir leis an bhforbhreathnú ar phróiseas an idirphlé struchtúrtha lena n-áirítear cuimsiú sóisialta daoine óga (2014/C 183/01), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle an 20 Bealtaine 2014 maidir le fiontraíocht na hóige a chur chun cinn chun cuimsiú sóisialta daoine óga a chothú (2014/C 183/04), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar chuimsiú sóisialta daoine óga nach bhfuil fostaithe nó nach bhfuil páirteach san oideachas ná san oiliúint (2014/C 30/03), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an méid a chuirtear, trí obair don óige ar ardcháilíocht, le forbairt, dea-bhail agus cuimsiú sóisialta daoine óga (2013/C168/03), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 27 Samhain 2012, maidir le rannpháirtíocht agus cuimsiú sóisialta daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo (2012/C 393/05), |
|
— |
Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (2012/C 326/02), |
|
— |
Rún ón gComhairle an 27 Samhain 2009 maidir le creat athnuaite le haghaidh comhar Eorpach i réimse na hóige (2010-2018) (2009/C 311/01). |
IARSCRÍBHINN II
Chun críocha na gconclúidí seo ón gComhairle:
|
— |
Ciallaíonn ‘cur chuige atá íogair ó thaobh na héagsúlachta de’ difríochtaí aonair i measc daoine óga a aithint agus a urramú agus, ag an am céanna, machnamh a dhéanamh ar chlaontacht, ar idirdhealú agus ar thosca eisiaimh d’fhonn dearcthaí agus cleachtais a shárú lena gcuirtear cosc ar dhaoine óga a mhothú go bhfuil fáilte rompu agus páirt a ghlacadh sna bearta agus sna gníomhaíochtaí atá dírithe orthu. Is é an aidhm atá ann athmhachnamh a dhéanamh ar struchtúir, ar dhearcthaí agus ar chleachtais, agus iad a fhorbairt, atá íogair do na tosca sin, oscailte don éagsúlacht agus, dá bhrí sin, cuimsitheach ón tús ar aghaidh (1). |
|
— |
Ciallaíonn ‘spásanna fuascailte’ spásanna a ligeann do dhaoine óga a bheith compordach iontu féin, triail a bhaint as rudaí nua agus teip a cheadú, a mheastar a bheith mar chuid de na próisis foghlama agus lánpháirtithe shóisialta (2), agus a chuireann, dá bhrí sin, le neamhspleáchas agus meabhairshláinte agus dea-bhail daoine óga. Tá spásanna de dhíth ar dhaoine óga inar féidir leo a bheith compordach iontu féin agus a bheith faoi bhláth. Tá a spásanna féin, sábháilte agus cumhachtaithe de dhíth ar ghrúpaí sonracha, i gcás inarb ábhartha, a thacaíonn leo a bheith ina mbaill ghníomhacha de shochaí ina dtagann daoine óga ó chúlraí éagsúla le chéile, ina n-idirghníomhaíonn siad agus ina nascann siad. |
|
— |
Ciallaíonn ‘cur chuige trasnach’ cur chuige atá íogair do na bealaí ina dtrasnaíonn saintréithe pearsanta agus féiniúlachtaí pearsanta a chéile, agus conas mar is féidir leis na trasnuithe sin cur le taithí uathúil ar idirdhealú. Fágann sin go mbaineann gach duine le grúpaí sóisialta éagsúla trasnacha agus, mar thoradh air sin, go bhféadfadh modhanna idirdhealaithe, eisiaimh nó, os a choinne sin, pribhléide a bheith éagsúil agus forluiteach go minic. |
|
— |
Ciallaíonn ‘daoine óga ar lú na deiseanna atá acu’ daoine óga a bhfuil bacainní rompu, ar chúiseanna eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha, geografacha nó sláinte, mar gheall ar a gcúlra imirceach, nó ar chúiseanna a bhaineann le míchumas, mar shampla, nó deacrachtaí oideachais nó ar aon chúis eile, lena n-áirítear cúis a bhféadfadh idirdhealú faoi Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh eascairt aisti, bacainní a chuireann cosc orthu nó a d’fhéadfadh cosc a chur orthu ó rochtain chomhionann ar dheiseanna, ó rannpháirtíocht sa tsochaí nó óna saoránacht a fheidhmiú (3). |
|
— |
Ciallaíonn ‘comhairlí na n-óg’ comhlachtaí atá faoi stiúir na hóige a fheidhmíonn ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, nó áitiúil nó bardasach (ar a dtugtar comhairlí áitiúla na n-óg freisin). Ag feidhmiú go neamhspleách ar rialtais, bunaítear na comhairlí sin mar eagraíochtaí neamhrialtasacha nó trí ghníomhartha reachtacha. Cuimsíonn a ngníomhaíochtaí, i measc nithe eile, tacú le hábhair imní don óige, moltaí nó tuairimí a eisiúint do lucht déanta cinntí, saineolas a chur ar fáil do chruthú beartais (na hóige), luachanna daonlathacha a chaomhnú agus a chur chun cinn, agus rannpháirtíocht dhaonlathach daoine óga a chothú (4). |
(1) Ionad SALTO-YOUTH maidir le Cuimsiú agus Éagsúlacht: Fáilte a chur roimh an Éagsúlacht. Treoir maidir le bainistiú éagsúlachta d’eagraíochtaí atá gníomhach in obair óige idirchultúrtha, 2021.
(2) Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le bealaí cur chuige nua a chur chun cinn san obair óige d’fhonn acmhainn daoine óga a nochtadh agus a fhorbairt (2016/C 467/03).
(3) Tá an sainmhíniú ar dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu i gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 2(4) de Rialachán 2021/888.
(4) Moladh Rec(2006)1 de chuid Chomhairle na hEorpa ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le ról chomhairlí náisiúnta na n-óg i bhforbairt an bheartais um an óige.
IARSCRÍBHINN III
TORTHAÍ CHOMHDHÁIL ÓIGE AN AONTAIS IN GENT (MÁRTA 2024)
Sa 10ú timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, faoi stiúir fhoireann trí Uachtaránacht na Spáinne, na Beilge agus na hUngáire, leagtar an bhéim théamach ar Sprioc Eorpach don Óige #3 maidir le sochaithe cuimsitheacha, arb é is aidhm dóibh cuimsiú na ndaoine óga uile sa tsochaí a chumasú agus a áirithiú, faoin mana ‘TÁ AN ÓIGE DE DHÍTH ORAINN’.
Mar chuid den iarracht sin, d’eagraigh Uachtaránacht na Beilge Comhdháil Óige an Aontais ón 2 go dtí an 5 Márta 2024 in Gent. Le linn na comhdhála, phléigh deich meitheal sé théama maidir le sochaithe cuimsitheacha: (1) bacainní struchtúracha, (2) ról na faisnéise, (3) an tsláinte agus an dea-bhail mheabhrach, (4) timpeallachtaí foghlama cuimsitheacha foirmiúla, (5) timpeallachtaí foghlama cuimsitheacha seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus (6) dearcthaí agus cultúir idirdhealaitheacha dhúshlánacha.
Bhí sé mar aidhm ag an gcomhdháil bunús láidir a leagan síos do ghníomhaíocht pholaitiúil agus, a bhuí le torthaí an phlé, go ndéanfaí forbairt beartais a threorú a thuilleadh. Áirítear ar thorthaí na comhdhála sé mholadh agus ceithre cinn is tríocha de bhearta cur chun feidhme:
Moltaí: Tháinig sé mholadh as an bplé laistigh de mheithleacha na comhdhála agus clúdaítear leo na sé théama a bhaineann le sochaithe cuimsitheacha. Tá foireann eagarthóireachta thiomnaithe, ar a bhfuil ionadaí óige ó chomhairlí náisiúnta na n-óg sa Bheilg, ionadaí ó Fhóram Eorpach na nÓg, na taighdeoirí a bhfuil baint acu le hanailís a dhéanamh ar thorthaí an phróisis comhairliúcháin, saineolaí ó SALTO maidir le Cuimsiú agus Éagsúlacht, agus ionadaí ón Uachtaránacht, tar éis na moltaí sin a dhréachtú agus a bheachtú bunaithe ar ionchur agus aiseolas rannpháirtithe na comhdhála, le tacaíocht ó shaineolas na dtoscairí aireachta. Tá na moltaí sin leagtha amach i mír 26 de na conclúidí seo ón gComhairle.
Bearta cur chun feidhme a d’fhéadfadh a bheith ann: Moladh ceithre cinn is tríocha de bhearta cur chun feidhme féideartha, ar bearta iad a eascraíonn go díreach as an bplé laistigh de mheithleacha na comhdhála a bhfuil saineolas na dtoscairí aireachta mar thaca leo. Is é is aidhm do na bearta sin gníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh de na smaointe don óige a leagtar amach sna sé mholadh, agus prionsabal na coimhdeachta, na réimsí inniúlachta faoi seach, na leibhéil iomchuí agus na gníomhaithe lena mbaineann á n-urramú ag an am céanna. Sonraítear i ngach beart a moladh an leibhéal beartais ar a bhféadfaí é a chur chun feidhme.
Sprioc Eorpach don Óige #3 maidir le sochaithe cuimsitheacha – Bearta Cur Chun Feidhme féideartha
1. ATHRAIGH AN CÓRAS: BACAINNÍ STRUCHTÚRACHA AR CHUIMSIÚ SÓISIALTA
|
1.1 Taighde ar an gcaoi a gcuirtear borradh faoi shoghluaisteacht daoine óga i réigiúin teorann Ba cheart don Choimisiún Eorpach taighde a dhéanamh ar iompar trasteorann i gceantair thuaithe agus bearta a dhéanamh chun comhar idir iompar réigiúnach a éascú. Ba cheart béim ar leith a leagan ar an éifeacht a bheadh ag níos mó comhtháthaithe a chruthú idir córais phraghsála trasteorann a dhíríonn ar dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu. Tá bosca uirlisí de bhearta oiriúnacha le cruthú. Ba cheart go dtiocfadh laghdú ar phraghsanna agus go mbeadh córas ticéadaithe níos inacmhainne ann do thomhaltóirí mar thoradh air sin. |
LEIBHÉAL: réigiúnach, AE |
|
1.2 An Óige Neamhspleách: fóirdheontais do thithíocht don aos óg Díríonn an beart seo ar gach duine óg idir 16 agus 30 bliain d’aois, lena n-áirítear mic léinn, daoine óga fostaithe, daoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna, etc., trí fhóirdheontais tithíochta a chur ar fáil dóibh bunaithe ar a gcúlra sóisialta eacnamaíoch agus ar a stádas sóisialta. Áirithítear le cur chun feidhme an bhirt seo fóirdheontais chothroma agus chóra. Ba cheart go mbeadh neamhspleáchas agus dea-bhail daoine óga i ngach gné den rannpháirtíocht shóisialta mar thoradh air sin. |
LEIBHÉAL: AE |
|
1.3 Cumhachtú digiteach d’aos óg na hEorpa sna ceantair thuaithe agus sna ceantair is forimeallaí Ba cheart don Choimisiún Eorpach na Ballstáit a spreagadh chun rochtain dhigiteach chomhionann a áirithiú do dhaoine óga ar fud na hEorpa. Is éard atá i gceist leis sin ná fáil fhorleathan ar Wi-Fi a bhunú i gceantair thuaithe agus ríomhairí glúine a chur ar fáil do phobail nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu. Trí thús áite a thabhairt don chuimsiú digiteach, cumasaímid daoine óga trí na huirlisí a theastaíonn uathu a thabhairt dóibh chun oibriú go cianda, a gcuid scileanna a fhorbairt agus rochtain a fháil ar sheirbhísí digiteacha. Ba cheart go dtiocfadh méadú ar infhostaitheacht agus rochtain fheabhsaithe ar fhaisnéis mar thoradh air sin. |
LEIBHÉAL: AE |
|
1.4 Iompar poiblí saor in aisce do gach duine óg Iompar poiblí saor in aisce a chur ar fáil do gach [..]duine óg, rochtain ar scoileanna, ar phoist agus ar dheiseanna sóisialta a fheabhsú, agus ligean do cheantair faoi mhíbhuntáiste fás timpeall ar mhoil mhóra iompair phoiblí. Léiríonn an tionscnamh seo an t-aitheantas a thugann an tAontas do na deacrachtaí a bhíonn ag daoine óga agus déanann sé a dhícheall aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach. Ba cheart go dtiocfadh laghdú inbhuanaithe trasghearrthach ar neamhionannais as sin. |
LEIBHÉAL: náisiúnta |
|
1.5 Cáin ar Theaghaisí Folmha a fhónann do dhreasachtaí airgeadais do thithíocht shóisialta don aos óg Tá tithe nach bhfuil áitithe ar feadh níos mó ná dhá bhliain (áitithe ar feadh níos lú ná mí amháin sa bhliain) incháilithe don Cháin ar Theaghaisí Folmha. Úsáidtear cistí a bhailítear tríd an gcáin seo chun tiarnaí talún a dhreasú chun a stoc tithíochta a chur ar fáil don mhargadh tithíochta sóisialta, go háirithe do dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu. Ba cheart go mbeadh tiarnaí talún rannpháirteach i scéimeanna tithíochta don aos óg mar thoradh air sin agus go leathnófaí na deiseanna do dhaoine óga. |
LEIBHÉAL: náisiúnta |
|
1.6 Caighdeáin ardcháilíochta litearthachta airgeadais do gach duine óg san Aontas Le tuiscint mhaith ar airgeadas (litearthacht airgeadais), cumhachtaítear daoine óga agus tugtar muinín dóibh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an tsaoil agus oibriú i dtreo a spriocanna fadtéarmacha. Tá gá le cur chuige comhtháite chun clár cuimsitheach um litearthacht airgeadais a chur chun feidhme trí réimse leathan páirtithe leasmhara mar shampla scoileanna, gnólachtaí, bainc agus eagraíochtaí neamhbhrabúis a thabhairt isteach. Mar thoradh air sin, ba cheart cumhacht a thabhairt do dhaoine óga agus feabhas a chur ar litearthacht airgeadais agus ar phleanáil tionscadail ar feadh an tsaoil i measc daoine óga. |
LEIBHÉAL: náisiúnta |
2. SLÁINTE AGUS DEA-BHAIL MHEABHRACH
|
2.1 Rochtain ar shíceolaí i ngach scoil Ba cheart do na Ballstáit agus do na tíortha is iarrthóirí a áirithiú go bhfuil síceolaithe ar fáil ag gach céim den oideachas foirmiúil. Trí shíceolaithe a leabú i scoileanna, is féidir feabhas a chur ar rochtain ar chúram meabhairshláinte agus ar chúnamh maidir le stiogma a laghdú go luath. Is den ríthábhacht go mbeadh pobal uile na scoile rannpháirteach go gníomhach i gcleachtais choisctheacha. Ba chóir go mbeadh an t-údarás ag na síceolaithe seo, is iad neamhspleách ar an bhfoireann teagaisc, tacaíocht ghairmiúil bhreise a mholadh do dhalta gan toiliú na dtuismitheoirí a bheith de dhíth orthu. Ba cheart go mbeadh rochtain níos fearr ar shíceolaithe agus cosc ar fhadhbanna meabhairshláinte mar thoradh air sin. |
LEIBHÉAL: náisiúnta |
|
2.2 Grúpaí taighde éagsúla a chur san áireamh i gcritéir le haghaidh cistí taighde sláinte Ba cheart don Choimisiún Eorpach grúpaí éagsúla a áireamh sna critéir maidir le cistí taighde a dheonú i réimse an leighis. Bunaithe ar thaighde a rinne McKinsey & Company ar Closing the data gap in women’s health [Na bearnaí sonraí i sláinte na mban a dhúnadh], tá laofacht inscne sa taighde leighis. Fágann sé sin nach bhfuil fáil ag formhór an phobail ar chúram sláinte atá ag feidhmiú go héifeachtach. Bíonn tionchar ag an bhfadhb sin go háirithe ar mhná óga, ós rud é gur lú an seans go ndéanfar diagnóis orthu. Ba cheart go mbeadh ráta básmhaireachta níos ísle agus córais cúraim sláinte chomhionanna ann do dhaoine óga mar thoradh air sin. |
LEIBHÉAL: AE |
|
2.3 Tacú le hoideachas agus le tionscnaimh do dhea-bhail mheabhrach daoine óga Ba cheart don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit, ag tógáil ar Straitéis 2023 um an Meabhairshláinte, tacú le cláir lena bhfeabhsaítear feasacht ar dhea-bhail agus ar mheabhairshláinte i measc daoine óga trí oideachas seachfhoirmiúil, trí dhea-chleachtais a mhalartú agus trí fhaisnéis atá bunaithe ar thaighde. Is trí ardáin éagsúla laistigh de na Ballstáit, ba cheart na modheolaíochtaí agus na cláir atá ann cheana a chomhroinnt, a chur chun cinn agus aird a tharraingt orthu. Moltar do na tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas an beart sin a chur chun feidhme freisin. Mar thoradh air sin, ba cheart acmhainneachtaí na bpáirtithe leasmhara a mhéadú agus athléimneacht mheabhrach daoine óga a neartú. |
LEIBHÉAL: AE |
|
2.4 An tsláinte a chur san áireamh mar fhoras idirdhealaithe faoin reachtaíocht Ba cheart do na Ballstáit an tsláinte a áireamh sa liosta d’fhorais idirdhealaithe; áirítear leis an tsláinte meabhairshláinte agus riochtaí sláinte coirp; chun daoine aonair a chosaint ar an idirdhealú, mar shampla san ionad oibre agus san oideachas. Leis an gcreat dlíthiúil, ba cheart gach saoránach a chosaint, lena n-áirítear mic léinn agus fostaithe a bhfuil riochtaí sláinte orthu agus na hacmhainní is gá a chur ar fáil dóibh chun go mbeidh an rath céanna ar an dá dream ina dtimpeallachtaí. Ba cheart go mbeadh rochtain chomhionann ar oideachas agus ar obair ann do gach duine mar thoradh air sin. |
LEIBHÉAL: AE |
|
2.5 Clár oiliúna um dhea-bhail mheabhrach d’oideoirí agus d’oibrithe óige Ba cheart oiliúint ar an ionbhá agus ar scileanna saoil a chur ar oideoirí agus ar oibrithe óige chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh, chun tacaíocht dea-bhaile meabhraí a chur ar fáil agus chun ardú feasachta a spreagadh i measc daoine óga, ar oiliúint í a bheadh éigeantach, leanúnach agus oiriúnaithe dá riachtanais. Ina theannta sin, ba cheart do na húdaráis ábhartha ábhair a choimeád cothrom le dáta go leanúnach, agus leas á bhaint as uirlisí agus cláir an Aontais atá ann cheana. Ba cheart do na húdaráis ábhartha an maoiniú cuí a chur ar fáil chuige sin. Moltar do na tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas an méid sin a chur chun feidhme freisin. Ba cheart go mbeadh rochtain ag daoine óga ar bhaill foirne atá oilte ar thacaíocht mheabhairshláinte mar thoradh air sin. |
LEIBHÉAL: AE |
3. TIMPEALLACHTAÍ FOGHLAMA CUIMSITHEACHA – AN tOIDEACHAS FOIRMIÚIL & SCOILEANNA
|
3.1 Oideachas seachfhoirmiúil faoi stiúir eagraíochtaí neamhrialtasacha a chomhtháthú san oideachas sibhialta foirmiúil Scoileanna a spreagadh chun eagraíochtaí neamhrialtasacha faoi stiúir na hóige a rannpháirtiú, i gcomhar le hoibrithe óige, i gcur chun feidhme an churaclaim oideachais shibhialta trí mhodhanna seachfhoirmiúla. Ba cheart d’institiúidí an Aontais tacú leis an tionscnamh. Ba chóir go n-úsáidfí an curaclam náisiúnta sa chúrsa agus go n-ullmhófaí é in éineacht le hoibrithe óige agus múinteoirí. Le ceachtanna na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha faoi stiúir na hóige, cuirfear ar chumas daoine óga foghlaim faoin tsochaí shibhialta, tabharfar níos mó deiseanna dóibh páirt a ghlacadh agus an cuimsiú sóisialta a mhéadú trí thaithí foghlama praiticiúla idir piaraí a chur ar fáil. Mar thoradh air sin, ba cheart deiseanna a chur ar fáil chun páirt a ghlacadh agus scileanna praiticiúla a fhoghlaim trí oideachas sibhialta. |
LEIBHÉAL: áitiúil, náisiúnta, AE |
||||||
|
3.2 Creataí dlíthiúla a bhunú le haghaidh comhlachtaí ionadaíocha cuimsitheacha do mhic léinn ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach Ba cheart do na Ballstáit na creataí dlíthiúla sin a chur chun feidhme chun féinrialachas mac léinn a shainiú, chun rannpháirtíocht shibhialta a chur chun cinn, agus chun leibhéal cumhachta breithniúcháin sa rialachas a shainordú, ionas gur féidir le mic léinn a bheith ina bpáirtithe leasmhara suntasacha i bpróisis chinnteoireachta ar gach leibhéal. Leis na struchtúir sin, ní mór tosaíocht a thabhairt don trasnachas ina gcuid gníomhaíochtaí agus ar fud a struchtúir, rud a chinnteoidh go mbeidh oifigigh chuimsitheachta agus éagsúlachta ann. Leis an gcreat dlíthiúil, ní mór saoirse na mac léinn a chosaint chun a n-ábhair imní agus a n-aiseolas a chur in iúl. Mar thoradh air sin, ba cheart go neartófaí ionadaíocht, féinrialachas agus rannpháirtíocht na mac léinn agus ba cheart go méadófaí an mhuinín atá acu sa daonlathas. |
LEIBHÉAL áitiúil, reigiúnach, náisiúnta |
||||||
|
3.3 Feabhas a chur ar chleachtais i gcoinne an idirdhealaithe sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint (VET) Ba cheart córais tacaíochta do mhic léinn a bhfuil socrúcháin oibre á lorg acu a bhunú agus ba cheart a mbealach trí nósanna imeachta earcaíochta printíseachta a réiteach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
Mar thoradh air sin, ba cheart gur lú an seans go ndéanfar idirdhealú le linn an nós imeachta earcaíochta agus i socrúcháin oibre do phrintísigh gairmoideachais agus gairmoiliúna. |
LEIBHÉAL: réigiúnach, náisiúnta, AE |
||||||
|
3.4 Tionscnaimh chomhpháirteacha oideachais le daltaí scoile ó chúlraí éagsúla Ba cheart do dhaoine óga ó chúlraí éagsúla, lena n-áirítear iad siúd ar lú na deiseanna atá acu comhoibriú i suíomhanna seachfhoirmiúla maidir le tionscnaimh chomhpháirteacha (e.g. comhar idir scoileanna riachtanas speisialta agus scoileanna eile). Ba cheart do scoileanna gníomhaíochtaí comhpháirteacha a eagrú agus é mar phríomhaidhm leo díriú ar an bhfoghlaim idir piaraí. A bhuí leis na gníomhaíochtaí sin, baintear na bacainní atá ar dhaoine óga caidreamh a dhéanamh le chéile agus foghlaim óna chéile. Tá cistiú ríthábhachtach ionas go mbeidh deis chothrom ag gach duine óg páirt a ghlacadh iontu. Mar thoradh air sin, ba cheart go mbeadh taithí chomhroinnte ag grúpaí éagsúla óige agus ba cheart go mbeadh eolas níos fearr acu ar a chéile agus tuiscint níos fearr ar a chéile. |
LEIBHÉAL: áitiúil, náisiúnta |
||||||
|
3.5 Cistiú sruthlínithe do dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu san oideachas Cistiú sonrach a leithdháileadh chun cláir thacaíochta a bhunú in institiúidí oideachais d’fhoghlaimeoirí atá faoi chineálacha éagsúla míbhuntáiste ag gach céim den oideachas. Cuirfear an cistiú sin ar leataobh le haghaidh seirbhísí tacaíochta saincheaptha, lena n-áirítear teicneolaíochtaí cúnta a sholáthar agus bonneagar a fhorbairt chun freastal ar riachtanais éagsúla rochtana na bhfoghlaimeoirí sin. Mar thoradh air sin, ba cheart rochtain níos fearr a bheith ag foghlaimeoirí imeallaithe ar an oideachas agus ba cheart go n-éireodh níos fearr leo san oideachas. |
LEIBHÉAL: áitiúil, náisiúnta, AE |
||||||
|
3.6 Oiliúint múinteoirí ar feadh an tsaoil maidir le cuimsiú Tionscadail shonracha Erasmus+ ‘oiliúint a chur ar an oiliúnóir’ a cheapadh maidir le cuimsiú agus éagsúlacht do mhúinteoirí, a roinnfeadh a gcuid eolais agus scileanna le piaraí ina scoileanna ina dhiaidh sin. Cláir náisiúnta/réigiúnacha a fhorbairt do scoileanna chun cleachtais chuimsithe agus éagsúlachta a mhalartú agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Dá réir sin, ba chóir go mbeadh sé de chumas ag scoileanna feabhas a chur ar a gcur chuige i leith an chuimsithe agus na héagsúlachta agus machnamh leanúnach ar a gcleachtais féin a éascú. Ba cheart go bhfaigheadh múinteoirí tuiscint níos fearr ar an gcuimsiú agus ar scileanna ábhartha mar thoradh air sin. |
LEIBHÉAL: áitiúil, náisiúnta, AE |
4. TIMPEALLACHTAÍ FOGHLAMA CUIMSITHEACHA: AN tOIDEACHAS SEACHFHOIRMIÚIL AGUS NEAMHFHOIRMIÚIL AGUS AN OBAIR ÓIGE
|
4.1 Obair ghairmiúil don óige a chur chun cinn ar fud na hEorpa trí infheistíochtaí struchtúracha agus oiliúint An fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus an obair óige a aithint chun spásanna cuimsitheacha a chruthú. Taighde acadúil bunaithe ar fhianaise a spreagadh chun tacú le tionchar na hoibre óige. Ba cheart cistiúchán a bheith inbhuanaithe agus struchtúrach chun seirbhísí óige níos fearr agus oiliúint níos fearr maidir leis an gcuimsiú a áirithiú. An t-aitheantas a thugtar do shaineolas oibrithe óige a neartú trí chaighdeáin choiteanna. Ba cheart go ndéanfaí cearta daoine óga ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste a choimirciú mar thoradh air sin. |
LEIBHÉAL: náisiúnta, AE |
|
4.2 Fothú acmhainneachta agus idirphlé leanúnach idir oibrithe óige agus páirtithe leasmhara a áirithiú Beidh trí chéim i gceist chun an beart seo a bhaint amach: (1) céim an chomhairliúcháin, ar lena linn a bheidh oibrithe óige, oideoirí seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla rannpháirteach in idirphlé le lucht ceaptha beartas chun a gcuid riachtanais a mhapáil; (2) céim chruthaithe an phlean gníomhaíochta, ar lena linn a chomhaontaíonn cinnteoirí sraith gníomhaíochtaí faoi thopaicí spriocdhírithe a sainíodh sa chéim roimhe sin; (3) an chéim cur chun feidhme agus meastóireachta, ar lena linn a dhéantar na bearta a chur i gcrích agus a dtionchar a mheasúnú. Ba cheart go ráthófaí leis sin go mbainfear amach riachtanais oibrithe óige agus go mbeidh idirphlé leanúnach ann. |
LEIBHÉAL: náisiúnta |
|
4.3 Rochtain mhéadaithe ar dheiseanna cistiúcháin ar an leibhéal áitiúil. Creat cistiúcháin logánta simplithe a thabhairt isteach le haghaidh oideachas seachfhoirmiúil agus cumhachtú na hóige. Ba cheart sin a chistiú le buiséid thiomnaithe faoi chláir atá ann cheana ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta. Leis an gcistiú sin, ba cheart go mbeifí in ann tionscnaimh faoi stiúir an phobail le haghaidh daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste a chur i gcrích. Ba cheart go mbeadh sé éasca rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gcreat trí bhealaí cumarsáide agus struchtúir éagsúla, ábhartha. Chun rochtain a fháil ar an gcistiú, ní mór próiseas iarratais simplí a bheith ann trí ardáin sholáimhsithe. Mar thoradh air sin, ba cheart rochtain a bheith ag daoine óga faoi mhíbhuntáiste ar oideachas seachfhoirmiúil dea-chistithe agus ba cheart go mbainidís tairbhe as an oideachas sin. |
LEIBHÉAL: áitiúil |
|
4.4 Buiséadú rannpháirtíochta atá dírithe ar an óige Trí chuir chuige seachfhoirmiúla, torthaí sonraíbhunaithe agus struchtúir rannpháirtíochta, tugtar cumhacht don aos óg áitiúil dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara éagsúla maidir le buiséadú rannpháirtíochta. Dá réir sin, cothaítear an cuimsiú sóisialta, baintear bacainní, agus cuirtear an litearthacht chun cinn i measc na hóige. Ina theannta sin, tiocfaidh méadú ar an eolas atá ag daoine maidir leis an oideachas seachfhoirmiúil. Ba cheart go dtiocfadh méadú ar rannpháirtíocht na hóige mar thoradh air sin; comhtháthú pobail neartaithe agus deiseanna eacnamaíocha feabhsaithe. |
LEIBHÉAL: áitiúil, réigiúnach |
|
4.5 Obair óige shoghluaiste Chun teagmháil a dhéanamh le daoine óga ar lú na deiseanna atá acu, ba cheart do na Ballstáit acmhainní a sholáthar le haghaidh obair óige shoghluaiste. A bhuí leis an obair óige shoghluaiste, agus na páirtithe leasmhara áitiúla, cuirfear tacaíocht, faisnéis agus cláir ar fáil do dhaoine óga atá i mbaol an eisiaimh shóisialta. Dá réir sin, neartófar an comhar idir oibrithe óige agus páirtithe leasmhara áitiúla agus tá sé mar aidhm leis sin go mbeadh rochtain chomhionann ag daoine óga atá i mbaol an eisiaimh shóisialta ar dheiseanna maidir le hoideachas seachfhoirmiúil a fháil. Ba cheart go mbeadh rochtain chomhionann ag daoine ar dheiseanna chun oideachas seachfhoirmiúil a fháil mar thoradh air sin. |
LEIBHÉAL: áitiúil, náisiúnta |
|
4.6 Aitheantas foirmiúil d’obair dheonach óige Oiliúint saor in aisce d’oibrithe deonacha óige a áirithiú chun go mbeidh siad in ann an fheasacht agus na hinniúlachtaí is gá a bhaint amach nó a fheabhsú go leanúnach chun spásanna cuimsitheacha, sábháilte a chruthú don óige i gcomhar le heagraíochtaí don óige. Ag deireadh na hoiliúna, faigheann na rannpháirtithe deonacha teastais a bhfuil sochair ag baint leo, mar shampla creidiúintí ollscoile, lascainí ar iompar poiblí agus ar imeachtaí cultúrtha, etc. Leis na cúrsaí oiliúna seo, cuirfear an t-eolas agus an fheasacht is gá ar fáil faoin idirdhealú, faoin eisiamh (sóisialta) agus faoin meabhairshláinte. Ba cheart go dtiocfadh méadú ar líon na n-oibrithe deonacha óige agus ar an eolas atá acu mar thoradh air sin. |
LEIBHÉAL: náisiúnta |
5. RÓL NA FAISNÉISE AGUS AN CHUIMSITHE SHÓISIALTA
|
5.1 Ceardlanna faisnéise agus smaointeoireachta criticiúla don óige a chur i bhfeidhm i scoileanna Ba cheart d’eagraíochtaí don óige ceardlanna seachfhoirmiúla, arna gcomhdhearadh i gcomhar le daoine óga, a reáchtáil i scoileanna, ina ndírítear ar dhaltaí, go háirithe iad siúd ar lú na deiseanna atá acu, chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis. Moltar do na Ballstáit na ceardlanna idirghníomhacha sin a leabú san oideachas foirmiúil. An cistiú le haghaidh eagraíochtaí don óige chun na ceardlanna sin a chur chun feidhme, ba cheart go dtiocfadh sé ó thionscnaimh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Mar thoradh air sin, ba cheart go mbeadh scileanna smaointeoireachta criticiúla agus scileanna litearthachta sna meáin ag daoine óga san fhadtéarma. |
LEIBHÉAL: áitiúil, AE |
|
5.2 Nuacht iontaofa, foinsí agus faisnéis infhíoraithe a fhiosrú. Ba cheart ardán neamhspleách um chuimsiú inar féidir leat fíricí a sheiceáil a chur ar bun. Leis an ardán, chuirfí uirlisí cuimsitheacha ar fáil chun oideachas a chur ar fáil agus chun litearthacht sna meáin a fheabhsú. Ós eol dúinn go bhfuil an t-ardán ann i bpáirt cheana féin i roinnt Ballstát, táimid ag moladh go gcuirfí gníomhaíocht phiarfhoghlama ar bun chun dea-chleachtais a roinnt, ina ndírítear ar dhaoine óga go háirithe ar lú na deiseanna atá acu. Chun an cur chun feidhme ceart, cuimsitheach a chinntiú, molaimid go mbeadh daoine óga ó chúlraí éagsúla rannpháirteach i gceapadh an ardáin. Mar thoradh air sin, ba cheart claontachtaí a sheachaint agus daoine óga ar lú na deiseanna atá acu a chumhachtú. |
LEIBHÉAL: AE |
|
5.3 Feachtas ar son faisnéis ar ardchaighdeán agus litearthacht sna meáin chun an óige a chumhachtú. Ba cheart d’institiúidí an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit, feachtas a bhunú a mbeadh éifeachtaí fadtéarmacha aige trí acmhainní a chur ar fáil do thionscnaimh agus cláir shochaíocha, oideachais agus faisnéise atá dírithe ar dhaoine óga. Dá réir sin, mhúsclófaí feasacht ar cháilíocht na faisnéise agus na meán a fhaigheann agus a úsáideann daoine óga; is toisc thábhachtach é seo don chuimsiú sóisialta. Cruthaítear níos mó poiblíochta sna meáin san Eoraip, dá réir, agus d’fhéadfadh Seachtain Litearthachta na Náisiúin Aontaithe sna Meáin agus san Fhaisnéis a bheith mar phointe fócasach. Mar thoradh air sin, ba cheart go mbeadh daoine óga in ann faisnéis ardcháilíochta a shainaithint agus an bhréagaisnéis a chomhrac. |
LEIBHÉAL: náisiúnta, AE |
|
5.4 Spásanna óige cuimsitheacha a bhunú agus iad ag feidhmiú mar mhoil faisnéise. Ba cheart do na Ballstáit tacú le bardais spásanna óige áitiúla a bhunú atá tarraingteach do dhaoine óga, spásanna turgnamhacha a chur ar fáil don fhoghlaim agus atá feistithe go maith d’oibrithe óige agus don óige araon. Ba cheart acmhainní maithe a bheith ag na spásanna sin agus iad feistithe go maith ó thaobh airgeadais agus acmhainní daonna de. Ba cheart sáreolas a bheith ag oibrithe óige agus ba cheart dóibh a bheith an-oilte, ba cheart dóibh a bheith in ann treoir a thabhairt do dhaoine óga a mhéid a bhaineann le foinsí iontaofa faisnéise agus a bheith in ann cláir ardcháilíochta a cheapadh. Is é an toradh ba cheart a bheith air sin go mbeadh daoine óga cumhachtaithe, gníomhach agus feasach. |
LEIBHÉAL: áitiúil, réigiúnach |
|
5.5 An tAontas i mbeagán focal: faisnéis atá cuimsitheach go córasach do chách. Ba cheart cur chuige córasach a bheith ag institiúidí an Aontais chun an fhaisnéis phoiblí uile de chuid an Aontais a chur ar fáil, mar shampla suíomhanna gréasáin, bearta beartais agus cláir, atá ábhartha do dhaoine óga, i dteanga sholéite, inrochtana trí fhormáidí closamhairc, teanga chomharthaíochta agus ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil i ngach teanga Eorpach. Ba cheart é sin a dhéanamh trí chritéir agus treoir a bhunú maidir le conas an fhaisnéis sin a chur le chéile agus trí ghrúpaí fócais a úsáid chun seiceálacha cáilíochta a dhéanamh ar a inrochtaineacht sula bhfoilsítear í. Mar thoradh air sin, ba cheart cumhacht a thabhairt do dhaoine óga, ba cheart go mbainfidís tairbhe as deiseanna agus go gcuifí níos mó muiníne san Aontas. |
LEIBHÉAL: AE |
6. DEARCTHAÍ AGUS CULTÚIR IDIRDHEALAITHEACHA DHÚSHLÁNACHA
|
6.1. Teanga chuimsitheach a úsáid i ndoiciméid bheartais an Aontais Ba cheart don Aontas Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid bheartais ghníomhacha agus, i gcás inar gá, roghanna malartacha cuimsitheacha a chur in ionad frásaí/téarmaí/focail idirdhealaitheacha. Ba cheart gach creat beartais nua a cheapadh i dteanga chuimsitheach agus a mheasúnú d’fhonn ionadaíocht a dhéanamh ar gach duine, beag beann ar aois, cine, inscne, reiligiún, eitneacht, bunús agus míchumas. Ba cheart na treoirlínte sin a leanúint agus beartais á n-aistriú go teangacha oifigiúla eile, chun a áirithiú go gcloífear leis an ngné chuimsitheach. Mar thoradh air sin, ba cheart go mbraithfeadh gach duine lena mbaineann na doiciméid sin go bhfuil ionadaíocht acu agus go bhfuil baint acu leo. |
LEIBHÉAL: náisiúnta, AE |
||||||
|
6.2. Foghlaim leanúnach lena ndírítear ar ghlacadh le héagsúlachtaí agus ar fheasacht orthu Chun dul i ngleic le dearcthaí agus cultúir idirdhealaitheacha, ba cheart foghlaim leanúnach a chur chun cinn ag gach céim de shaol an tsaoránaigh, lena ndíreofar ar ghlacadh le héagsúlachtaí agus ar fheasacht orthu. Ba cheart go gcuirfí béim san ábhar foghlama ar mhalartú cultúrtha, cuimsitheacht, trasnachas agus meascadh grúpaí sochaíocha. Ba cheart é a bheith inrochtana (ar líne/as líne) agus ba cheart é a bheith inaistrithe go héasca chuig réimsí éagsúla den tsochaí, lena n-áirítear an t-oideachas éigeantach do leanaí agus an earnáil fostaíochta. Ba cheart go mbeadh feasacht ar éagsúlachtaí mar thoradh air sin, rud a mhúnlóidh an glacadh a bhíonn ag daoine leo i gcoitinne. |
LEIBHÉAL: náisiúnta, AE |
||||||
|
6.3 Cur chuige trasnach agus ionadaíoch a ghlacadh i leith gach straitéise Ba cheart do na Ballstáit cur chuige trasnach a ghlacadh i ngach réimse beartais agus sásraí agus straitéisí á gcur chun feidhme acu (e.g., Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh a dhéanamh níos cuimsithí, pleananna náisiúnta a chruthú nó a chur chun feidhme i gceart) chun cur i gcoinne dearcthaí agus cultúir idirdhealaitheacha. Ní mór é sin a bhaint amach trí dhaoine a bhfuil taithí saoil acu a rannpháirtiú agus trí pháirt a thabhairt do struchtúir ionadaíocha i bpróiseas rannpháirtíochta inbhuanaithe, agus aire á tabhairt dóibh siúd lena mbaineann, agus i gcomhréir le UNCRC agus le coinbhinsiúin eile maidir le cearta an duine. Ba cheart go mbeadh sochaí mar thoradh air sin a ráthaíonn lánurraim do riachtanais an duine aonair. |
LEIBHÉAL: náisiúnta |
||||||
|
6.4. Cearta comhionanna a ráthú: measúnaithe tionchair cuí ó thaobh na hóige de a chur chun cinn ar gach leibhéal. Ní chuirtear riachtanais uile daoine óga san áireamh le linn próisis ceaptha beartas, rud a chruthaíonn deacrachtaí maidir lena gcearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha a theachtadh ina n-iomláine. Ba cheart dhá chéim a bheith i measúnú tionchair cuí ó thaobh na hóige de, a mheastar mar uirlis measúnaithe tionchair: céim réamh-mheastóireachta maidir leis an tionchar a bheidh ag an mbille atá á mholadh ar an aos óg agus céim iarmheastóireachta lena ndéanfar faireachán ar éifeachtaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a eascróidh as an dlí a ghlacfar. Ba cheart go n-urramófaí riachtanais agus deacrachtaí daoine óga mar thoradh air sin. |
LEIBHÉAL: áitiúil, réigiúnach, náisiúnta, AE |
||||||
|
6.5. Cistiú ón Aontas le haghaidh spásanna idirghlúine i mbardais Eorpacha Ba cheart go mbeadh grúpaí eagraithe, neamheagraithe agus/nó daoine aonair agus rialtais áitiúla in ann iarratas a dhéanamh ar chistiú le haghaidh spásanna sábháilte, saora chun daoine/grúpaí a chur i dteagmháil le chéile. Ba cheart go mbeadh an deis ag pobail teacht le chéile agus foghlaim conas meas a bheith acu ar a chéile. Ba cheart na spásanna a bheith saor in aisce, inrochtana agus sábháilte agus ba cheart rannpháirtíocht grúpaí éagsúla a áirithiú. Ba cheart do na húsáideoirí deiridh a bheith rannpháirteach i ndearadh/in athdhearadh spásanna nár úsáideadh ón trealamh go dtí an bainistiú agus an t-oibriú. Ba cheart go ndéanfaí 1 500 spás a (ath)dhearadh san Aontas mar thoradh air sin. |
LEIBHÉAL: áitiúil, náisiúnta, AE |
||||||
|
6.6. An chlaontacht a chosc trí ghlacadh le grúpaí mionlaigh agus oideachas ar an bhféinmhachnamh a chur ar fáil
Ba cheart go ndéanfaí comhthuiscint a chothú, an chlaontacht a chomhrac agus oideachasóirí a chumhachtú mar thoradh air sin. |
LEIBHÉAL: áitiúil, réigiúnach, náisiúnta, AE |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3808/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)