This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024XG01127
Notice for the attention of the persons and entities subject to the restrictive measures provided for in Council Decision 2013/255/CFSP, as implemented by Council Implementing Decision (CFSP) 2024/380, and in Council Regulation (EU) No 36/2012, as implemented by Council Implementing Regulation (EU) 2024/362, concerning restrictive measures in view of the situation in Syria
Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2024/380 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/362 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

ST/5356/2024/INIT
IO C, C/2024/1127, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1127/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1127 |
23.1.2024 |
Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2024/380 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/362 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
(C/2024/1127)
Dírítear aird na ndaoine agus na n-eintiteas a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle (1), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2024/380 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh.36/2012 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/362 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria, ar an bhfaisnéis seo a leanas:
Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh tar éis a chinneadh gur cheart na daoine agus na heintitis sin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. Tugtar na forais leis na daoine agus na heintitis sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin.
Tugtar ar aird na ndaoine agus na n-eintiteas lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 16 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine agus na heintitis lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh é a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 22 Feabhra 2024, ag an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
r-phost: sanctions@consilium.europa.eu
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críche an chéad athbhreithnithe eile a dhéanfaidh an Chomhairle, de bhun Airteagal 34 de Chinneadh 2013/255/CBES agus Airteagal 32(4) de Rialachán (AE) Uimh. 36/2012, ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe.
Tugtar ar aird na ndaoine agus na n-eintiteas lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 147, 1.6.2013, lch. 14.
(2) IO L, 2024/380, 22.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/380/oj
(3) IO L 16, 19.1.2012, lch. 1.
(4) IO L, 2024/362, 22.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/362/oj
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1127/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)