This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024XC07515
Notice of initiation concerning a functioning review of the safeguard measure applicable to imports of certain steel products
Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú ar fheidhmiú an bhirt coimirce is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach
Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú ar fheidhmiú an bhirt coimirce is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach
C/2024/9159
IO C, C/2024/7515, 17.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7515/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/7515 |
17.12.2024 |
Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú ar fheidhmiú an bhirt coimirce is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach
(C/2024/7515)
An 31 Eanáir 2019, d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) beart coimirce cinntitheach ar tháirgí áirithe cruach (‘an Rialachán maidir le Beart Coimirce Cinntitheach’) (1). Forchuireadh an beart coimirce ar feadh tréimhse tosaigh 3 bliana, ach cuireadh síneadh leis go dtí an 30 Meitheamh 2024 tar éis imscrúdú athbhreithniúcháin i ndáil le fadú (2). An 24 Meitheamh 2024, tugadh an dara hathbhreithniú i ndáil le fadú ar an mbeart coimirce cruach i gcrích, rud a d’fhág gur cuireadh síneadh breise leis go dtí an 30 Meitheamh 2026 (3).
Is i bhfoirm taraif-chuóta ar allmhairí (‘TRQ’) atá an beart reatha, bunaithe ar shreafaí trádála stairiúla, agus tá feidhm aige maidir le hallmhairí gach ceann de na 26 chatagóir táirge ina n-áirítear an táirge lena mbaineann isteach san Aontas. I gcás ina mbíonn an taraif-chuóta iomchuí ídithe, gearrtar dleacht lasmuigh den chuóta 25 %.
1. Iarraidh ar athbhreithniú ar fheidhmiú
Fuair an Coimisiún iarraidh chuí-réasúnaithe ó 13 Bhallstát an 29 Samhain 2024 chun athbhreithniú ar fheidhmiú a thionscnamh de bhun Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).
Tá fianaise san iarraidh ar athrú ar imthosca ón athbhreithniú deireanach ar an mbeart. Go háirithe, tá faisnéis san iarraidh maidir leis an gcrapadh ar éileamh an Aontais ar chruach, rud a fhágann go bhfuil méadú tagtha ar na bearnaí i dtaca le leibhéal reatha mhéideanna na gcuótaí saor ó dhleacht. Thairis sin, tá an borradh ar onnmhairí cruach ón tSín chuig mór-réigiúin tar éis onnmhairí ó réigiúin eile a bhrú i dtreo an Aontais. De réir na hiarrata sin, ní mór athmheasúnú a dhéanamh ar leithdháileadh agus ar bhainistiú na dtaraif-chuótaí. I bhfianaise Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún, mheas an Coimisiún gur bunús leordhóthanach í an fhaisnéis a soláthraíodh, lena n-áirítear na foinsí agus an fhianaise thacaíochta, chun imscrúdú a thionscnamh.
2. Raon feidhme agus cuspóir an imscrúdaithe
Déanfaidh an Coimisiún measúnú, bunaithe ar an bhfianaise arna cur isteach ag páirtithe leasmhara, an bhféadfadh údar a bheith le haon choigeartú ar an mbeart chun a oibriú a choinneáil oiriúnaithe d’éabhlóid an mhargaidh agus i gcomhréir le leas na bpáirtithe leasmhara ar fad. Baineann na coigeartuithe leis na nithe seo a leanas: (i) leithdháileadh agus bainistiú na dtaraif-chuótaí; (ii) brú amach sreafaí trádála traidisiúnta; (ii) uasdátú ar liosta na dtíortha i mbéal forbartha atá ina mball de EDT a eisítear ó raon feidhme na mbeart bunaithe ar a leibhéal allmhairí is déanaí (bliain 2024); (iv) leibhéal an léirscaoilte; agus (v) athruithe eile ar dhálaí a bhféadfadh coigeartú ar leibhéal nó ar leithdháileadh na dtaraif-chuótaí ar allmhairí a bheith de dhíth dá bharr.
3. An táirge faoi imscrúdú
Sa táirge faoi imscrúdú, tá táirgí cruach áirithe, mar a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo.
4. Nós imeachta
Tar éis don Choimisiún a chinneadh go bhfuil dóthain fianaise ar fáil dó, leis seo tionscnaíonn sé imscrúdú chun a chinneadh an mbeadh údar le coigeartuithe áirithe ar an mbeart.
4.1. Ceistneoir le haghaidh tháirgeoirí an Aontais
Iarrtar ar tháirgeoirí an Aontais na ceistneoirí a líonadh isteach agus a chur isteach, trína gcomhlachais faoi seach san Aontas i gcás inarb iomchuí, faoin 10 Eanáir 2025. Tá teimpléad den cheistneoir ábhartha le fáil anseo: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2772.
4.2. Ceistneoir le haghaidh úsáideoirí an Aontais
Iarrtar ar úsáideoirí an Aontais na ceistneoirí a líonadh isteach agus a chur isteach, trína gcomhlachais faoi seach san Aontas i gcás inarb iomchuí, faoin 10 Eanáir 2025. Tá teimpléad den cheistneoir ábhartha le fáil anseo: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2772.
4.3. Aighneachtaí i scríbhinn
Chun gach faisnéis ábhartha a mheastar go bhfuil gá léi don imscrúdú a fháil, tugtar cuireadh leis seo do pháirtithe leasmhara, i.e. páirtithe a bhfuil nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú, a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise tacaíochta a sholáthar don Choimisiún i scríbhinn. Ní mór gach aighneacht i scríbhinn a chur isteach trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI). Is é an 10 Eanáir 2025 an spriocdháta chun aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh. Féach Roinn 4.6 le haghaidh tuilleadh sonraí.
Iarrtar ar pháirtithe leasmhara a n-aighneachtaí a struchtúrú, agus a léiriú cén chatagóir/cé na catagóirí táirgí lena mbaineann, agus cé acu a bhaineann siad le leibhéal na dtaraif-chuótaí, le leithdháileadh na dtaraif-chuótaí, nó le saincheisteanna eile a bhaineann le bainistiú cuótaí.
Ar son na héifeachtachta, agus mar a rinne sé in imscrúduithe athbhreithniúcháin roimhe seo, déanfaidh an Coimisiún stádas mar pháirtí leasmhar a leathnú go huathoibríoch do gach páirtí leasmhar a bhfuil stádas den sórt sin aige faoin mbeart coimirce reatha. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil sin maidir le Cumhachtaí Aturnae (‘CA’), áfach.
I gcás na gcuideachtaí, na n-eagraíochtaí nó na rialtas ó thríú tíortha ar mian leo páirt a ghlacadh sna himeachtaí arna dtionscnamh le foilsiú an Fhógra seo trí ionadaithe dlíthiúla seachtracha, ní mór CA a bhaineann go sonrach leis na himeachtaí seo a chur i láthair.
Maidir le páirtithe nach bhfuil cláraithe mar pháirtithe leasmhara sa chás faoi láthair ar mian leo páirt a ghlacadh sna himeachtaí, tugtar cuireadh dóibh aighneacht a dhéanamh trí TRON agus a leas agus an nasc atá acu leis an gcás a mhíniú.
4.4. An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile
Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile isteach. Agus sin á dhéanamh acu, ní fhéadfaidh páirtithe leasmhara aghaidh a thabhairt ach ar na saincheisteanna a tharraingítear anuas in aighneachtaí na bpáirtithe leasmhara eile agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a tharraingt anuas. I bhfrisnéis, ba cheart do pháirtithe leasmhara a chur in iúl go sonrach cén pháirtí nó páirtithe lena mbaineann na barúlacha atá á mbréagnú acu, agus an struchtúr a luaitear faoin gceannteideal thuas a leanúint.
Ní mór barúlacha den sórt sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 10 lá ón uair a chuirfear na haighneachtaí a luaitear i roinn 4.3 ar fáil lena n-iniúchadh ag páirtithe leasmhara trí TRON. Cuirfidh an Coimisiún in iúl go cuí do na páirtithe leasmhara, trí TRON, má thionscnaítear an chéim frisnéise sin.
Is féidir an comhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí Tron.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil.
An tráthchlár arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
Ós rud é gur gá an t-athbhreithniú a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse ghearr – féach Roinn 5 thíos – agus ós rud é go dtabharfar an deis do pháirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar aighneachtaí ó pháirtithe eile, rud a áiritheoidh gur leor na deiseanna a bheidh ann chun a leasanna a chosaint, ní eagróidh an Coimisiún éisteachtaí chun críoch an imscrúdaithe seo, mura gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla.
4.5. Faisnéis a chur isteach agus síneadh a chur leis na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo
Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creata ama a shonraítear san Fhógra seo. Ní féidir aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis. I gcás síntí eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo i dtaca leis an sprioc-am le haghaidh aighneachtaí, is gnách nach mbeidh níos mó ná síneadh 3 lá breise i gceist leo.
Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gan tuilleadh faisnéise a chur ar fáil lasmuigh de na tréimhsí a leagtar amach san Fhógra seo ná in aon chumarsáid eile a sheolann an Coimisiún. Chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche i gceart in am, féadfar neamhshuim a dhéanamh d’aon aighneacht, d’aon fhrisnéis nó d’aon doiciméad eile i scríbhinn nach gcomhlíonann na sprioc-amanna arna sonrú ag an gCoimisiún.
4.6. Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh agus comhfhreagras
Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche nós imeachta cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Sula gcuirfidh pháirtithe leasmhara faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, ní mór dóibh cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú seo i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.
Gach aighneacht i scríbhinn arna cur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúnda a chaithfí léi, cuirfear an lipéad ‘ Íogair ’ (6) uirthi. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi.
Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘ Íogair ’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/478 agus Airteagal 5 de Rialachán AE 2015/755. Cuirfear an lipéad ‘ Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara ’ar na hachoimrí sin. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta agus ní mór dóibh a bheith faighte ag an gCoimisiún an tráth céanna leis an leagan ‘ Íogair ’.
Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.
Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI), lena n-áirítear cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó as ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’ , doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3. Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus a seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil, seoladh a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.
Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:
|
Commission européenne/Europese Commissie |
|
Direction générale du commerce/Directoraat-generaal Handel |
|
Direction G, unité G5/Directoraat G, eenheid G5 |
|
Oifig: CHAR 03/66 |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
TRON.tdi: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI
Seoladh ríomhphoist: TRADE-SAFE009-REVIEW@ec.europa.eu
5. Sceideal an imscrúdaithe
Cuirfidh an Coimisiún an t-imscrúdú athbhreithniúcháin i gcrích faoin 31 Márta 2025. Féadfaidh aon chinneadh a eascraíonn as an imeacht seo a bheith infheidhme ó thús ráithe nua (1 Aibreán 2025), lena n-áirítear le méid taraif-chuótaí nua.
6. Neamh-chomhoibriú
I gcásanna nach gcuireann páirtí leasmhar an fhaisnéis is gá ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó ina gcuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, is ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil a d’fhéadfaí teacht ar na torthaí, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/478 agus le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2015/755. I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.
7. Oifigeach Éisteachta
Gníomhaíonn an tOifigeach Éisteachta mar phointe teagmhála idir na páirtithe leasmhara agus seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh leis na teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.
Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh. I bprionsabal, beidh na hidirghabhálacha sin teoranta do na saincheisteanna a tháinig chun cinn i rith an imeachta athbhreithniúcháin seo.
Ba cheart iarraidh ar idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. I gcás ina gcuirfear iarrataí den chineál sin isteach lasmuigh de na cláir ama ábhartha atá i Roinn 4.3 den Fhógra seo, féadfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú a dhéanamh freisin ar na cúiseanna leis na hiarrataí déanacha sin, ag féachaint go cuí do leasanna dea-riaracháin agus do chur i gcrích tráthúil an imscrúdaithe.
Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en.
8. Próiseáil sonraí pearsanta
Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).
Tá fógra cosanta sonraí le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W.
(1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) ón gCoimisiún 2019/159 an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha in aghaidh allmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/159/oj).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún chun fad a chur leis an mbeart coimirce maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 225 I, 25.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1029/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1782 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún, lena n-áirítear an fadú arna chur leis an mbeart coimirce ar allmhairí táirgí cruach áirithe (IO L, 2024/1782, 25.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1782/oj).
(4) Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/478/oj).
(5) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj).
(6) Is éard is doiciméad ‘ Íogair ’ ann doiciméad a mheastar a bheith rúnda de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/478, Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/755 agus Airteagal 3.2 de Chomhaontú EDT maidir le Bearta Coimirce. Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).
(7) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir chatagóir an táirge |
Catagóir táirge |
|
1 |
Leatháin agus Stiallacha Teorollta as Neamh-Chóimhiotail agus as Cóimhiotail Eile |
|
2 |
Leatháin Fhuar-rollta as Neamh-Chóimhiotail agus as Cóimhiotail Eile |
|
3.A |
Leatháin Leictreacha (seachas GOES) |
|
3.B |
|
|
4.A |
Leatháin Mhiotalacha Bhrataithe |
|
4.B |
|
|
5 |
Leatháin Bhrataithe Orgánacha |
|
6 |
Táirgí ó Mhuileann Stáin |
|
7 |
Plátaí Cuartó as Neamh-Chóimhiotail agus Cóimhiotail Eile |
|
8 |
Leatháin agus Stiallacha Teorollta Dosmálta |
|
9 |
Leatháin agus Stiallacha Fuar-rollta Dosmálta |
|
10 |
Plátaí Cuartó Teorollta Dosmálta |
|
12 |
Barraí Cruach agus Gearrthacha Éadroma as Neamh-Chóimhiotail agus as Cóimhiotail Eile |
|
13 |
Barraí Treisiúcháin |
|
14 |
Barraí Cruach agus Gearrthacha Éadroma |
|
15 |
Slat Sreinge Dosmálta |
|
16 |
Slat Sreinge as Neamh-Chóimhiotail agus as Cóimhiotail Eile |
|
17 |
Uillinneacha, Cruthanna agus Cónaisc déanta as Iarann nó as Cruach Neamh-Chóimhiotail |
|
18 |
Bratphíleáil |
|
19 |
Ábhar Déanta Iarnróid |
|
20 |
Píopaí gáis |
|
21 |
Cónaisc chuasacha |
|
22 |
Feadáin agus Píopaí Dosmálta Gan Uaim |
|
24 |
Feadáin Eile Gan Uaim |
|
25A |
Feadáin mhóra tháite |
|
25B |
|
|
26 |
Píopaí eile táite |
|
27 |
Barraí fuarchríochnaithe as neamh-chóimhiotail agus as cóimhiotail eile |
|
28 |
Sreang Neamh-chóimhiotail |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7515/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)