Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XC03716

Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh le haghaidh a n-úsáide agus/nó iad a úsáid (Arna foilsiú de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006)

C/2024/3874

IO C, C/2024/3716, 21.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3716/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3716/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3716

21.6.2024

Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh le haghaidh a n-úsáide agus/nó iad a úsáid

(Arna foilsiú de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006  (1) )

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2024/3716)

Cinneadh lena ndeonaítear údarú

Uimhir thagartha an Chinnidh  (2)

Dáta an chinnidh

Ainm na substainte

Sealbhóir an údaraithe

Uimhir an údaraithe

Úsáid údaraithe

Dáta éaga na tréimhse athbhreithniúcháin

Na cúiseanna atá leis an gcinneadh

C(2024) 3874

14 Meitheamh 2024

trí-ocsaíd chróimiam (Uimh. CE 215-607-8; Uimh. CAS 1333-82-0)

SPGPrints B.V., Raamstraat 1-3, 5831 AT Boxmeer, An Ísiltír

REACH/24/21/0

I bpróiseas comhtháite chun dromchla crua a chruthú ag a bhfuil airíonna roghnaíocha greamaitheachta ar mhandrailí a úsáidtear chun scáileáin a mhonarú le haghaidh Scagphriontáil Rothlach le haghaidh feidhmeanna priontála teicstíle agus feidhmeanna priontála eile

31 Nollaig 2031

I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, na sochair shocheacnamaíocha a bhaineann le húsáid na substainte, is mó iad ná an baol do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaineann leis an úsáid chéanna, agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann a bheadh oiriúnach.


(1)   IO L 396, 30.12.2006 , lch. 1

(2)  Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3716/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top