Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XC03392

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

PUB/2024/219

IO C, C/2024/3392, 28.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3392/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3392/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3392

28.5.2024

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(C/2024/3392)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH A CHUR IN IÚL

‘Sächsischer Landwein’

PGI-DE-A1303-AM01

Dáta na teachtaireachta: 29 Feabhra 2024

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA ATÁ LEIS

1.   Tuairisc ar na hathruithe

a)   Tuairisc ar an bhfíon/ar na táirgí fíniúna agus saintréithe anailíseacha agus/nó orgánaileipteacha a bhaineann leis/leo

AN MÉID A CUIREADH ISTEACH:

Roimhe seo, liostaíodh an neart alcóil nádúrtha íosta agus an meáchan úrfhíona nádúrtha íosta sa roinn maidir leis na cleachtais fhíoneolaíocha. Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh athstruchtúrú ar an tsonraíocht táirge, tagann an fhaisnéis sin faoin tuairisc ar na fíonta anois. Níl aon athrú ar an neart alcóil nádúrtha íosta, ach scriosadh an tagairt don mheáchan úrfhíona.

Cuireadh an méid seo a leanas le Roinn 3.2 den tsonraíocht táirge:

‘Fíon:

 

Gach cineál fíonchaor

5,9 % toirt.’

AN MÉID A CUIREADH ISTEACH:

Rinneadh an tuairisc orgánaileipteach ar na fíonta a fhoroinnt ina bhfíonta geala, ina bhfíonta rosé, ina bhfíonta Blanc de Noir, ina bhfíonta dearga agus ina bhfíonta Rotling, agus leagadh amach airíonna saintréitheacha gach cineáil fíona.

b)   Cineálacha údaraithe fíonchaor

Go dtí seo, liostaíodh na cineálacha fíonchaor seo a leanas faoi Roinn 7 (Roinn 8 anois) den tsonraíocht táirge:

Cineálacha fíonchaor geal:

Bacchus, Gelber Muskateller, Roter Muskateller, Goldriesling, Grüner Silvaner, Grüner Veltliner, Helios, Hibernal, Huxelrebe, Johanniter, Kanzler, Kerner, Kernling, Merzling, Morio Muskat, Müller Thurgau, Orion, Perle von Zala, Phoenix, Rieslaner, Ruländer, Saphira, Scheurebe, Siegerrebe, Sirius, Solaris, Weißer Burgunder, Weißer Elbling, Weißer Gutedel, Weißer Riesling, Sauvignon Blanc, Chardonnay, Roter Elbling, Roter Traminer, Auxerrois.

Cineálacha fíonchaor dearg:

Acolon, André, Blauer Frühburgunder, Blauer Limberger, Blauer Portugieser, Blauer Spätburgunder, Blauer Trollinger, Blauer Zweigelt, Cabernet Cortis, Cabernet Dorsa, Cabernet Dorio, Cabernet Carbon, Cabernet Franc, Cabernet Mitos, Cabertin, Dakapo, Domina, Dornfelder, Dunkelfelder, Merlot, Monarch, Müllerrebe, Regent, Saint Laurent.

AN MÉID A CUIREADH ISTEACH:

Cuireadh na cineálacha a leanas leis:

Cineálacha fíonchaor geal:

Bronner, Cabernet Blanc, Goldmuskateller, Muscaris, Roter Riesling, Sauvignac, Sauvitage, Souvignier Gris, Viognier.

Cineálacha fíonchaor dearg:

Allegro, Cabernet Cantor, Cabernet Jura, Cabernet Sauvignon, Gamay Noir, Laurot, Nebbiolo, Pinotin, Piroso, Rondo, Satin Noir, Syrah.

Scriosadh an abairt seo a leanas:

‘Féadfar cineálacha fíonchaor a measúnaíodh a bheith oiriúnach lena saothrú a úsáid freisin chun Landwein a dhéanamh.’

c)   Ceanglais is infheidhme faoi reachtaíocht an Aontais nó náisiúnta

Leagadh amach ceanglais bhreise maidir le lipéadú i Roinn 10 (Roinn 8 roimhe seo) den tsonraíocht táirge.

An téacs:

‘Ní mór 85 % ar a laghad de na fíonchaora a úsáidtear chun “Sächsischer Landwein” a dhéanamh teacht ó fhíonghoirt sa limistéar fíonsaothrúcháin. Ní fhéadfar ach cineálacha údaraithe a úsáid. Ní mór na fíonchaora atá fágtha a bheith fásta sa Ghearmáin.’

cuireadh an méid a leanas ina ionad:

‘Comhdhéanamh Landwein: ní mór 85 % ar a laghad de na fíonchaora a úsáidtear chun an fíon a dhéanamh teacht ón limistéar geografach. Ní mór an 15 % eile teacht ó limistéar Landwein eile sa Ghearmáin.’

AN MÉID A CUIREADH ISTEACH:

An abairt ‘Chomh maith leis an ainm fíona faoi chosaint atá ann cheana, ní mór an téarma traidisiúnta “Landwein” a bheith lipéadaithe ar fhíon agus ar tháirgí fíona.’

cuireadh an méid a leanas ina ionad: ‘Comhlíontar an ceanglas go mbeadh an téarma traidisiúnta “Landwein” mar chuid den lipéadú trí ainm an TGFC a léiriú.’

d)   Údaráis rialaithe

Tugadh ainmneacha, seoltaí agus dualgais na n-údarás agus na n-údarás rialúcháin seo a leanas a liostaítear i Roinn 11 den tsonraíocht táirge cothrom le dáta.

AN MÉID A CUIREADH ISTEACH:

An tSacsain

Ainm agus seoladh:

Oifig Stáit na Sacsaine um an gComhshaol, Talmhaíocht agus Geolaíocht (Sächsisches Landesamt für Umwelt, Landwirtschaft und Geologie – LfULG)

Bosca PO 54 01 37

01311 Dresden

DEUTSCHLAND

Teileafón: +49 03512612-0

+49 03512612-1099

R-phost: lfulg@smekul.sachsen.de

Dualgais:

Seiceálacha i ndáil le ceadanna le haghaidh plandú nua agus athphlandú

Tá Oifig Stáit na Sacsaine um an gComhshaol, Talmhaíocht agus Geolaíocht freagrach as seiceálacha a dhéanamh i dtaca le ceadanna chun fíniúnacha nua a phlandú arna n-eisiúint ag Oifig na Cónaidhme um Thalmhaíocht agus Bia (BLE). Déantar seiceálacha córasacha ar an láthair ar fhíonghoirt nua-phlandaithe agus athphlandaithe a bhféadfar a bhfíonchaora a úsáid chun Landwein a dhéanamh.

Brandenburg

Ainmneacha agus seoltaí:

An Aireacht Talmhaíochta, Comhshaoil agus Cosanta Aeráide (Ministerium für Landwirtschaft, Umwelt und Klimaschutz)

Aonad 34

Lindenstraße 34a

14467 Potsdam

DEUTSCHLAND

Teileafón: +49 0331–8667636

R-phost: poststelle@mluk.brandenburg.de

Aireacht Brandenburg um Ghnóthaí Sóisialta, Sláinte, Comhtháthú agus Cosaint Tomhaltóirí (Ministerium für Landwirtschaft, Umwelt und Klimaschutz)

Foirgneamh S

Henning-von-Tresckow-Straße 2-13

14467 Potsdam

DEUTSCHLAND

Teileafón: +49 0331866-0

Facs +49 0331866-5108

R-phost: poststelle@msgiv.brandenburg.de

Tuathcheantar Oberspreewald-Lausitz

An Oifig um Fhaireachán Tréidliachta agus Bia

Dubinaweg 1

01968 Senftenberg

DEUTSCHLAND

Teileafón: +49 03573/870–4401

Facs +49 03573/870–4410

R-phost: vet-amt@osl-online.de

Dualgais:

Seiceálacha i dtaca le ceadanna le haghaidh plandú nua agus athphlandú

Tá an Aireacht Talmhaíochta, Comhshaoil agus Cosanta Aeráide freagrach as seiceálacha a dhéanamh i dtaca le ceadanna chun fíniúnacha nua a phlandú arna n-eisiúint ag Oifig na Cónaidhme um Thalmhaíocht agus Bia (BLE). Déantar seiceálacha córasacha ar an láthair ar fhíonghoirt nua-phlandaithe agus athphlandaithe a bhféadfar a bhfíonchaora a úsáid chun fíon Landwein nó TGFC a dhéanamh ó limistéar fíona Landwein na Sacsaine/TGFC .

An tSacsain-Anhalt

Ainmneacha agus seoltaí:

An Oifig um Thalmhaíocht, Comhdhlúthú Talún agus Foraoiseacht (Amt für Landwirtschaft, Flurneuordnung und Forsten – ALFF) – Theas

Roinn fíonsaothrúcháin

Müllnerstraße 59

06667 Weißenfels

DEUTSCHLAND

Teileafón: +49 03443/280

Facs +49 03443/28 0-80

R-phost: ALFFWSF.poststelle@alff.mule.sachsen-anhalt.de

An Oifig Stáit um Chosaint Tomhaltóirí (Landesamt für Verbraucherschutz)

Freiimfelderstraße 68

06112 Halle / Saale

DEUTSCHLAND

Teileafón: +49 0345/56430

Facs +49 0345/5643403

R-phost: LAV-Poststelle@sachsen-anhalt.de

Dualgais:

Seiceálacha i dtaca le ceadanna le haghaidh plandú nua agus athphlandú

Tá an Oifig um Thalmhaíocht, Comhdhlúthú Talún agus Foraoiseacht – Theas freagrach as seiceálacha a dhéanamh i dtaca le ceadanna chun fíniúnacha nua a phlandú, ar ceadanna iad arna n-eisiúint ag Oifig na Cónaidhme um Thalmhaíocht agus Bia (BLE). Déantar seiceálacha córasacha ar an láthair ar fhíonghoirt nua-phlandaithe agus athphlandaithe a bhféadfar a bhfíonchaora a úsáid chun fíon lena ngabhann TGFC ‘Sächsischer Landwein’ a dhéanamh.

Dearbhuithe a fháil agus toirteanna buainte a sheiceáil

Gach bliain, faoin 15 Eanáir, ní mór do gach gabháltas fíonsaothrúcháin toirt iomlán a bhuainte, arna miondealú de réir cineál fíonchaoir agus leibhéal cáilíochta, a dhearbhú don Oifig um Thalmhaíocht, Comhdhlúthú Talún agus Foraoiseacht – Theas. I gcás Landwein, seiceáiltear an táirgeacht in aghaidh an heicteáir a dearbhaíodh.

Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais na sonraíochta táirge

Déanann an ceantar tuaithe réamhluaite faireachán ar chomhlíonadh cheanglais na sonraíochta táirge trí bhíthin seiceálacha randamacha ar chuideachtaí fíonóireachta. Le linn na seiceálacha sin, tugtar cuairt ar tháirgeoirí fíona sa chuid de limistéar ‘Sächsischer Landwein’ Landwein ar leis an tSacsain-Anhalt í ar an láthair de ghnáth, gan fógra a thabhairt roimh ré, agus fíoraítear gach céim den phróiseas seachadta fíonchaor, táirgthe fíona agus margaíochta.

(e)   Eile

Athruithe eagarthóireachta i gcomhréir le ceanglais an Aontais

Scriosadh pasáistí lena n-atáirgtear rialacha ginearálta nó reachtaíocht reatha agus cuireadh tagairt do ‘reachtaíocht reatha’ ina n-ionad.

Rinneadh struchtúr na sonraíochta táirge a chur i gcomhréir leis an doiciméad aonair.

Níor athraíodh críochú an limistéir.

Liostaíodh na bardais aonair, lena n-áirítear na haonaid chadastracha.

Is féidir an críochú beacht a fheiceáil ar léarscáileanna a thaispeánann na fíonghoirt sna bardais sin, agus iad críochaithe de réir dáileachta. Is féidir breathnú ar na léarscáileanna sin ag www.ble.de/eu-qualitaetskennzeichen-wein.

Soiléiríodh an nasc leis an limistéar i roinnt áiteanna. Meastar gur leasuithe caighdeánacha iad na hathruithe sin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 mar nach gcuireann siad an nasc leis an limistéar geografach ar neamhní.

2.   Cúiseanna leis na hathruithe

a)   Tuairisc ar an bhfíon/ar na táirgí fíniúna agus saintréithe anailíseacha agus/nó orgánaileipteacha a bhaineann leis/leo

Coigeartaíodh an neart alcóil i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le Dlí Fíona na Sacsaine (SächsWeinRDVO). Tá an Rialachán sin i bhfeidhm le fada agus is léir go bhfuil sé oiriúnach do tháirgí an limistéir TGFC. Tá an tagairt don mheáchan úrfhíona imithe i léig tar éis an leasaithe ar an Rialachán maidir le Fíon (WeinV) agus scriosadh í dá bhrí sin.

Rinneadh na tuairiscí ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta níos caolchúisí chun na táirgí éagsúla a léiriú ar bhealach níos fearr. Is é an aidhm atá ann béim a leagan, ar an gcéad dul síos, ar shaintréithe orgánaileipteacha aonair na dtáirgí agus, ar an dara dul síos, ar an iliomad gnéithe a bhaineann leo.

b)   Cineálacha údaraithe fíonchaor

Ba liosta neamhiomlán é an liosta de chineálacha fíonchaor a bhí ann roimhe seo. Forlíonadh é toisc go bhfástar raon leathan cineálacha fíniúna sa tSacsain agus ba cheart an ilfheidhmeacht sin a léiriú sa tsonraíocht táirge le haghaidh ‘Sächsischer Landwein’.

Ciallaíonn tionchar an athraithe aeráide go háirithe nach mór cineálacha nua athléimneacha a shaothrú.

Tá na cineálacha atá liostaithe den chéad uair á saothrú agus tá a n-oiriúnacht cruthaithe acu cheana féin. Comhlíonann na fíonta a tháirgtear uathu ceanglais na sonraíochta táirge.

c)   Ceanglais is infheidhme faoi reachtaíocht an Aontais nó náisiúnta

Is ga na forálacha maidir le lipéadú a fhorlíonadh chun an reachtaíocht reatha a léiriú.

d)   Údaráis rialaithe

Bhí an liosta údarás a bhí ann roimhe seo, lena n-áirítear sonraí teagmhála agus dualgais faoi seach, neamhiomlán agus ba ghá é a mhodhnú. Dá bhrí sin, cuireadh na húdaráis a dhéanann dualgais rialúcháin isteach, agus ceartaíodh teidil na ndualgas faoi seach agus na tuairiscí orthu .

(e)   Eile

Rinneadh athruithe eagarthóireachta chun ceanglais an Aontais a chomhlíonadh.

Níor athraíodh críochú an limistéir.

Ní mór limistéar TGFC ‘Sächsischer Landwein’ a chríochú go han-bheacht, ionas nach mbeidh aon débhríocht ann. Is é is cúis leis sin ligean do tháirgeoirí, do na húdaráis inniúla agus do na comhlachtaí rialúcháin an limistéar geografach a shainaithint go soiléir. Chuige sin, tá gá le léarscáileanna ina dtaispeántar an críochú beacht de réir dáileachta mar aon le táblaí ina liostaítear na dáileachtaí ábhartha uile.

Dá bhrí sin, liostaíodh na dáileachtaí ábhartha uile i dtáblaí atá i gceangal leis an tsonraíocht táirge.

Is féidir an críochú beacht a fheiceáil ar léarscáileanna a thaispeánann na fíonghoirt sna bardais ábhartha, agus iad críochaithe de réir dáileachta. Is féidir breathnú ar na léarscáileanna ag www.ble.de/eu-qualitaetskennzeichen-wein.

Soiléiríodh an tuairisc ar an nasc leis an limistéar geografach chun an tsonraíocht táirge a oiriúnú d’fhírinne na ndálaí ar an talamh.

Ní dhearnadh catagóirí na dtáirgí fíniúna a chur in iúl roimhe seo ach amháin sa doiciméad aonair. Mar thoradh ar an iarratas seo, cuirfear in iúl iad sa tsonraíocht táirge freisin. Is ábhar breise eagarthóireachta amháin é seo agus dá bhrí sin meastar gur leasú caighdeánach é.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm (nó ainmneacha)

Sächsischer Landwein

2.   Cineál an táisc gheografaigh

TGFC – Tásc geografach faoi chosaint

3.   Catagóirí an táirge fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)

1.   Fíon, geal

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Bíonn dath idir glas éadrom agus ór dorcha dian, nó idir ómra agus beagán scothdhearg ar na fíonta geala de ghnáth. De ghnáth, baineann a gcuid bolaithe le torthaí úra nó le torthaí andúchasacha fiú, agus uaireanta bíonn blas bláthanna nó spíosraí orthu freisin. Ag brath ar an gcaoi a bhfuil aosú déanta ar na fíonta, d’fhéadfadh feanóil agus bolaithe tósta nó adhmaid atá idir fíneálta agus suntasach a bheith acu freisin. Is iondúil go mbíonn blas idir íogair agus cumhachtach orthu, mar aon le blas mianrach uaireanta freisin, agus bíonn struchtúr aigéid atá torthaíoch, galánta agus racánach acu.

I gcás nach dtugtar aon fhigiúr maidir le saintréithe anailíseacha, tá feidhm ag an reachtaíocht atá ann faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

Aigéadacht iomlán íosta

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

2.   Fíon, rosé

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Is iondúil go mbíonn dath dearg éadrom, idir bhog agus shuntasach, ar na fíonta rosé. Bíonn na bolaithe a bhaineann leo torthaíoch de ghnáth, agus blasanna caor nó torthaí dearga agus bána orthu. D’fhéadfadh bolaithe atá beagán andúchasach agus spíosrach a bheith acu freisin, mar aon le bolaithe tósta nó adhmaid. Is iondúil go mbíonn blas idir íogair agus saibhir orthu, agus aigéadacht bhog agus bhríomhar mar bhonn taca leo.

I gcás nach dtugtar aon fhigiúr maidir le saintréithe anailíseacha, tá feidhm ag an reachtaíocht atá ann faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

Aigéadacht iomlán íosta

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

3.   Fíon, Blanc de Noir

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Bíonn dath fíona ghil ar fhíonta Blanc de Noir. Is iondúil go mbíonn siad torthaíoch agus úr, agus blasanna caor orthu agus, uaireanta, bíonn iarrachtaí de bholadh bláthanna nó spíosracha ann freisin. Bíonn blas idir éadrom agus láidir orthu de ghnáth, agus aigéadacht idir bog agus bríomhar ann mar bhonn taca leo.

I gcás nach dtugtar aon fhigiúr maidir le saintréithe anailíseacha, tá feidhm ag an reachtaíocht atá ann faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

Aigéadacht iomlán íosta

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

4.   Fíon, dearg

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Is iondúil go mbíonn dath idir dearg éadrom agus dath dorcha an rúibín agus corcairghorm domhain ar na fíonta dearga, agus é scothghorm ó am go chéile fiú, agus ruainníní scothdhonna acu uaireanta. Bíonn na bolaithe a bhaineann leo torthaíoch de ghnáth, agus ruainníní blais caor acu, mar aon le blasanna spíosraí, talmhaí agus seacláide freisin. Ag brath ar an gcaoi a bhfuil aosú déanta ar na fíonta, d’fhéadfadh feanóil agus bolaithe tósta nó adhmaid atá idir fíneálta agus suntasach a bheith acu freisin. Is iondúil go mbíonn blas idir íogair agus saibhir orthu mar aon le struchtúr aigéid idir bog agus measartha.

I gcás nach dtugtar aon fhigiúr maidir le saintréithe anailíseacha, tá feidhm ag an reachtaíocht atá ann faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

Aigéadacht iomlán íosta

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

5.   Fíon, Rotling

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Is fíonta iad fíonta Rotling a dhéantar trí fhíonchaora geala agus dearga nó a n-úrfhíon a chumasc. De ghnáth bíonn dath dearg éadrom orthu, uaireanta dath dearg an bhradáin fiú. Bíonn a mbolaithe torthaíoch de ghnáth, b’fhéidir spíosrach ó am go chéile, agus blasanna de chaora, de thorthaí póma agus de thorthaí citris acu. Bíonn blas idir éadrom agus saibhir agus struchtúr aigéadach bríomhar ar na fíonta sin de ghnáth.

I gcás nach dtugtar aon fhigiúr maidir le saintréithe anailíseacha, tá feidhm ag an reachtaíocht atá ann faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

Aigéadacht iomlán íosta

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.

 

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Tá feidhm ag an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair.

2.

 

Srianta ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh

Tá feidhm ag an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair.

3.

 

Cleachtais saothraithe

Tá feidhm ag an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair.

5.2.   Uastáirgeacht

1.

 

80 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Sa tSacsain, baineann fíonghoirt sna bardais (aonaid chadastracha) agus sna ceantair bhardasacha seo a leanas le limistéar TGFC ‘Sächsischer Landwein’:

Dresden Stadt (01067, 01069, 01097, 01099, 01109, 01127, 01129, 01139, 01156, 01157, 01159, 01169, 01187, 01189, 01217, 01219, 01237, 01239, 01257, 01259, 01277, 01279, 01307, 01309, 01324, 01326, 01328), Radebeul Stadt (01445), Moritzburg (01468), Priestewitz (01561), Hirschstein (01594), Nünchritz (01612), Lommatzsch Stadt (01623), Coswig Stadt (01640), Meißen Stadt (01662), Diera-Zehren (01665), Käbschütztal (01665), Klipphausen (01665), Nossen Stadt (01683), Niederau (01689),Weinböhla (01689), Freital Stadt (01705), Wilsdruff Stadt (01723), Pirna Stadt (01796), Struppen (01796), Heidenau Stadt (01809), Stadt Wehlen Stadt (01829).

Glashütte (01612), Ostritz (02899), Radeburg (01471), Leuben-Schleinitz (01683), Lommatzsch (01623), Stauchitz (01594), Strehla (01616), Bautzen (02625), Dresden (01109; 01156; 01187; 01189; 01217; 01239; 01257; 01259; 01326; 01328), Wermsdorf (04779), Diera-Zehren (01665), Hohenstein-Ernsthal (09337), Heynitz (01683), Käbschütztal (01665), Ketzerbachtal (01623), Moritzburg (01468), Nossen (01683), Wilsdruff (01723), Wehlen (01829), Dohna (01809), Pirna (01796), Tharandt (01737), Großenhain (01558), Hirchstein (01594), Nünchritz (01612), Ebersbach (01561), Glaubitz (01728), Zabeltitz (1561), Thiendorf (01561), Frohburg (04654), Lampertswalde (01561), Naunhof (04683), Priestewitz (01561), Reinersdorf (01561), Riesa (01587; 01589; 01591; 01594), Röderaue (01609), Zeithain (01619), Königsbrück (01936), Schönfeld (01561), Ottendorf-Okrilla (01458), Erlau (09306), Langebrück (01465), Oschatz (04758), Großweitzschen (04720), Elstra (01920), Mohorn (01723), Ostrau (04749), Roßwein (04741), Mittelherwigsdorf (02763), Bannewitz (01728), Freital (01705) and Kreischa (01731).

Is féidir breathnú ar an gcríochú beacht ag www.ble.de/eu-qualitaetskeneichen-wein.

Sa tSacsain-Anhalt agus in Brandenburg, baineann fíonghoirt sna bardais seo a leanas (aonaid chadastracha) agus sna ceantair bhardasacha le limistéar TGFC ‘Sächsischer Landwein’:

In Brandenburg, bardas Schlieben (04936) i gceantar tuaithe Elbe-Elster agus bardas Ortrand (01990) i gceantar tuaithe Oberspreewald-Lausitz. Sa tSacsain-Anhalt, agus go sonrach i mbardas Jessen (06917) i gceantar tuaithe Wittenberg, fo-aonaid chadastralacha 3, 4 agus 6 in aonad cadastral Jessen, fo-aonaid chadastralacha 1 agus 8 in aonad cadastral Kleindröben, agus fo-aonad cadastralach 2 in aonad cadastral Schweinitz.

Is féidir breathnú ar an gcríochú beacht ag www.ble.de/eu-qualitaetskeneichen-wein.

7.   Cineálacha fíonchaor

 

Acolon Acolon Acolon

 

Allegro

 

André

 

Auxerrois - Auxerrois Blanc, Pinot Auxerrois

 

Bacchus

 

Blauer Frühburgunder - Pinot Noir Précoce, Pinot Madeleine, Madeleine Noir, Frühburgunder, Pinot Madelaine

 

Blauer Limberger - Lemberger, Blaufränkisch, Limberger

 

Portugieser Portugieser Portugieser Portugieser Portugieser Portugieser

 

Blauer Spätburgunder

 

Blauer Trollinger - Trollinger, Vernatsch

 

Blauer Zweigelt - Zweigeltrebe, Rotburger, Zweigelt

 

Bronner

 

Cabernet Blanc

 

Cabernet Cantor

 

Cabernet Carbon

 

Cabernet Cortis

 

Cabernet Dorio

 

Cabernet Dorsa

 

Cabernet Franc

 

Cabernet Jura

 

Cabernet Mitos

 

Cabernet Sauvignon

 

Cabertin

 

Chardonnay

 

Dakapo

 

Domina

 

Dornfelder

 

Dunkelfelder

 

Gamay Noir

 

Gelber Muskateller

 

Goldmuskateller - Muskateller

 

Goldriesling

 

Grüner Silvaner - Silvaner, Sylvaner

 

Grüner Veltliner - Veltliner

 

Helios

 

Hibernal

 

Huxelrebe - Huxel

 

Johanniter

 

Kanzler

 

Kerner

 

Kernling

 

Laurot

 

Merlot

 

Merzling

 

Monarch

 

Morio Muskat

 

Muscaris

 

Müller Thurgau - Rivaner

 

Müllerrebe - Schwarzriesling, Pinot Meunier

 

Nebbiolo

 

Orion

 

Perle von Zala - Zala Gyoengye

 

Phoenix - Phönix

 

Pinotin

 

Piroso

 

Regent

 

Rieslaner

 

Rondo

 

Roter Elbling - Elbling Rouge

 

Roter Muskateller - Muskateller, Muscat, Moscato

 

Roter Riesling

 

Roter Traminer - Clevner, Traminer

 

Ruländer - Pinot Grigio, Grauburgunder, Grauer Burgunder, Pino Gris

 

Saint Laurent - St. Laurent, Sankt Laurent

 

Saphira

 

Satin Noir

 

Sauvignac

 

Sauvignon Blanc - Muskat Silvaner

 

Sauvitage

 

Scheurebe

 

Siegerrebe

 

Sirius

 

Solaris

 

Souvignier Gris

 

Syrah

 

Viognier

 

Weißer Burgunder - Pinot Bianco, Weißburgunder, Pinot Blanc

 

Weißer Elbling, Elbling agus Kleinberger

 

Weißer Gutedel - Chasselas Blanc, Fendant Blanc, Fendant

 

Weißer Riesling - Riesling Renano, Rheinriesling, Klingenberger, Riesling

8.   Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)

Tá thart ar 95 % de na fíonghoirt i limistéar Landwein na Sacsaine suite i nGleann na hEilbe sa réigiún sin, idir Pirna agus Dasbar-Seußlitz, ar an dá thaobh d’abhainn na hEilbe. Fásann na fíonchaora i ngleannta foscúla abhann na hEilbe agus a craobh-aibhneacha. Is iondúil go bplandaítear iad ar fhánaí na hEilbe a bhfuil a n-aghaidh ó dheas (a n-aicmítear cuid acu mar fhánaí géara) agus ar na limistéir chothroma agus ar na fánaí réidhe in aice láimhe. Maidir leis na fíonghoirt eile – atá suite lasmuigh de Ghleann na hEilbe sa tSacsain, sa tSacsain-Anhalt agus in Brandenburg – tá siad á n-úsáid go traidisiúnta le haghaidh fíonsaothrúcháin. Mar gheall ar a ngaireacht gheografach, sannadh na fíonghoirt sin do limistéar fáis na Sacsaine nuair a bunaíodh limistéir fíonsaothrúcháin na Gearmáine. Is ó dheas atá aghaidh na bhfíonghort den chuid is mó.

Tá foirmíochtaí geolaíocha éagsúla ann i nGleann na hEilbe. Le linn phríomhchéim fillte Shléibhte Ore sa tréimhse Charbónmhar Íochtair, brúdh carraigeacha ó Mhasaíf Meißner síníte eibhir go dtí an dromchla agus sa lá atá inniu ann tá na carraigeacha sin ina gcuid shuntasach de na carraigeacha atá infheicthe in Abhantrach na hEilbe. Is de thionscnamh na tréimhse Cailcí Uachtair atá na sraitheanna gaineamhchloiche agus gaize agus is minic a bhain ithreacha iarmharacha tiús mór amach i nGleann na hEilbe agus chlúdaigh siad na sraitheanna síníte go páirteach. Ina dhiaidh sin, clúdaíodh na sraitheanna sin go páirteach le sil-leagain oighiraoise agus iaroighreacha, amhail lós, créanna agus gaineamh abhann. Dá bhrí sin, is saintréithe de chineálacha ithreach atá an-difriúil iad na fíonghoirt éagsúla sa tSacsain.

Is é Landwein na Sacsaine an limistéar Landwein is faide soir ó thuaidh sa Ghearmáin. Tá tionchar na haeráide ilchríochaí le brath go láidir sa limistéar cheana féin, agus bíonn tréimhsí ar leith samhraidh agus geimhridh ann. Go háirithe, tá na difríochtaí i dtéarmaí teas suntasach i rith an lae agus fionnuaire i rith na hoíche, rud atá tipiciúil i dtaca leis an aeráid ilchríochach de, chomh maith leis na laethanta fada gréine sa samhradh agus san fhómhar, ríthábhachtach maidir le cáilíocht fhíonta Landwein na Sacsaine agus tugann siad a gcarachtar speisialta dóibh.

Is é 9.4 °C an mheánteocht bhliantúil i rith an lae, agus bíonn 663 mm frasaíochta agus thart ar 1663 uair an chloig gréine ann ar an meán in aghaidh na bliana (foinse: Deutscher Wetterdienst (seirbhís mheitéareolaíoch na Gearmáine), stáisiún aimsire Dresden-Klotzsche, tréimhse thagartha 1981–2010).

Ós rud é go gcuireann an struchtúr ar scála beag agus an líon mór fánaí géara teorainn le húsáid innealra sna fíonghoirt, baineann dlúthshaothar le haire a thabhairt dóibh. Bíonn éifeacht chobhsaitheach aige sin ar tháirgeachtaí agus cuireann sé go mór le cáilíocht na buainte i dtéarmaí an nirt alcóil nádúrtha íosta, fhorbairt na mbolaithe agus chothromaíocht aigéadach na bhfíonta. Tá an tionchar daonna bunaithe ar thraidisiún fíonsaothrúcháin a théann siar na mílte bliain.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Comhdhéanamh Landwein: ní mór 85 % ar a laghad de na fíonchaora a úsáidtear chun an fíon a dhéanamh teacht ón limistéar geografach. Ní mór an 15 % eile teacht ó limistéar Landwein eile sa Ghearmáin.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

http://www.ble.de/eu-qualitaetskennzeichen-wein


(1)   IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3392/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top