This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024XC02873
Publication of an application for registration of a name pursuant to Article 50(2)(b) of Regulation (EU) No 1151/2012 of the European Parliament and of the Council on quality schemes for agricultural products and foodstuffs
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
C/2024/2628
IO C, C/2024/2873, 24.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2873/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2873 |
24.4.2024 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(C/2024/2873)
Lena fhoilsiú seo, tugtar an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.
SONRAÍOCHT TÁIRGE SAINEARRA TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT
‘DÖNER’
Uimh. CE: TSG-TR-02843 – 20 Bealtaine 2022
Ballstát nó Tríú Tír ‘An Tuirc’
1. Ainm (nó ainmneacha) le clárú
‘Döner’
2. Cineál an táirge [mar atá in iarscríbhinn XI]
Aicme 1.2. Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)
3. An foras le clárú a dhéanamh
3.1. Cé acu de na nithe seo a leanas is fíor i leith an táirge:
|
☒ |
is toradh é ar mhodh táirgthe, ar mhodh próiseála nó ar mhodh comhdhéanaimh a fhreagraíonn do chleachtas traidisiúnta maidir leis an táirge sin nó leis an táirge bia sin |
|
☐ |
táirgtear é ó amhábhair nó ó chomhábhair arb iad a úsáidtear go traidisiúnta. |
[Tabhair míniú]
Is ionann ‘Döner’ agus táirge feola traidisiúnta a ullmhaítear trí ghearrthóga feola mairteola, caoireola nó circeola, atá slisnithe go tanaí agus go cothrománach a chur ar bhriogún cruach dosmálta ‘Döner’ agus a dhéantar a chócaráil trína rothlú go hingearach ar a ais os comhair tine. Roimh an gcócaráil, déantar na gearrthóga feola atá slisnithe go tanaí agus go cothrománach a mharanáidiú i meascán iógairt nó bainne, purée piobar nó trátaí, luibheanna, spíosraí agus salainn. Le linn é a chur ar bhriogún, déantar gearrthóga saille coincheapa, geire nó saille eireabaill caorach, atá slisnithe go cothrománach, a chur idir na sraitheanna feola. Mar fhoinse feola, baintear úsáid as giotaí móra mairteola nó caoireola, mairteoil mhionaithe nó caoireoil mhionaithe nó as meascán de na nithe sin, nó circeoil.
Ó thús na 1800idí, tá ‘Döner’ tar éis leathadh ó Iostanbúl go cathracha éagsúla de chuid na tíreolaíochta Otamánaí. Cócaráladh agus díoladh é i mbialanna agus in óstaí. De réir lámhscríbhinn Takiyyiddin, téann cócaráil ingearach ‘Döner’ siar go dtí 1546. Mar gheall ar an mbealach ina n-ullmhaítear é (slisniú, maranáidiú, cruachadh ar bharra) agus ina gcócaráiltear go hingearach é trí rothlú a dhéanamh, baineann gné táirgthe traidisiúnta leis.
Maítear gurbh í an Ghréig an chéad tír san Eoraip inar tugadh an ‘Döner’ isteach le linn malartú daoine idir an Tuirc agus an Ghréig in 1922. Tugtar ‘gyro’ air sa Ghréig.
Tá ‘Döner’ tar éis teacht chun bheith ina shiombail chultúir de chuid imirce Turcaí chuig an Eoraip, go háirithe chuig an nGearmáin, a tharla go tréan ar bhonn leanúnach ó 1962 go 1979. De réir Chomhlachas na dTáirgeoirí Döner Turcacha san Eoraip (ATDID), ba oibrí Turcach, darbh ainm Kadir Nurman, a rinne ‘Döner’ den chéad uair i mBeirlín in 1972. Ó shin i leith, níor tháinig athrú ar an ainm ná ar an bpróiseas táirgthe agus tá sé tar éis leathadh go forleathan sa Ghearmáin agus i dtíortha Eorpacha eile.
Tá ‘Döner’ anois sa deireadh ar cheann de na bianna sráide eitneacha is mó éileamh dá bhfuil ann. Tar éis taighde a dhéanamh ar feadh 35 bliana, d’fhoilsigh an socheolaí Gearmánach Eberhard Seidel leabhar dar teideal ‘Döner’: Eine türkisch-deutsche Kulturgeschichte’ in 2022 chun ceiliúradh a dhéanamh ar chothrom 50 bliain ‘Döner’ sa Ghearmáin.
3.2. Cé acu de na nithe seo a leanas is fíor i leith an ainm:
|
☒ |
tá sé in úsáid go traidisiúnta chun tagairt a dhéanamh don táirge sonrach |
|
☐ |
aithníonn sé carachtar traidisiúnta nó carachtar sonrach an táirge [Tabhair míniú] |
Baineann an téarma ‘Döner’ le teicníc thraidisiúnta chócarála seachas le ceantar geografach. I bhFoclóir Tuircise na hInstitiúide Tuircise, tugtar tuairisc ar ar ‘Döner’ mar chineál ceibeab a dhéantar trí ghearrthóga feola slisnithe a shá ar shlat mhiotail, ar a dtugtar briogún döner agus tríd an bhfeoil sin a chócaráil go hingearach ar ais an bhriogúin sin os comhair tine. Is ón mbriathar ‘ dönmek’ a chiallaíonn ‘tiontaigh’ i nGaeilge a thagann an focal ‘Döner’.
San Eoraip, áfach, tugtar ‘Ceibeab Döner’ air. Anseo, is ainm cineálach é ‘ceibeab’ a bhaineann le gach cineál feola a chócaráiltear os comhair tine agus is focal Arabach é go bunúsach. Tá roinnt cineálacha ceibeab ann amhail Ceibeab Adana, Ceibeab Urfa, Şiş-Cheibeab, Ceibeab Patlıcan, Ceibeab Kuyu etc. Déantar na ceibeabanna sin go léir, seachas ‘Ceibeab Döner’ as feoil mhionaithe (Ceibeab Adana) nó as feoil dhíslithe (Ceibeab Patlıcan agus Şiş-Cheibeab, Ceibeab Tokat) nó déantar iad as feoil ina hiomláine (Ceibeab Kuyu). Roimh an gcócaráil, déantar iad a shá ar bharra gearr agus cócaráiltear iad go cothrománach os cionn tine nó, go hingearach, i dtobar.
Mar a luadh níos túisce sa leabhar leis an socheolaí Gearmánach Eberhard Seidel, níor tháinig athrú ar an téarma (na téarmaí) ‘Döner’ ná ‘Ceibeab Döner’ ón tráth a ullmhaíodh den chéad uair é i mBeirlín in 1972. Tá roinnt alt eolaíochta ann ina léirítear go bhfuiltear tar éis glacadh go forleathan leis an téarma (na téarmaí) ‘Döner’ nó ‘Ceibeab Döner’, agus go n-úsáidtear an téarma (na téarmaí) sin go forleathan, ar fud na hEorpa mar a thaispeántar thíos. Tá cumainn bunaithe, fiú amháin, ag táirgeoirí ‘Döner’ sa Ghearmáin agus san Eoraip.
4. Tuairisc
4.1. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm faoi phointe 1 maidir leis, lena n-áirítear a phríomhthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíocha nó orgánaileipteacha lena léirítear saintréith shonrach an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)
Táirge feola traidisiúnta is ea ‘Döner’, ar táirge é a chócaráiltear os comhair tine trína rothlú ar a ais tar éis na gearrthóga feola, atá slisnithe go tanaí agus go cothrománach agus a fhaightear ó chonablaigh eallaigh, chaorach nó sicíní, a mharanáidiú le spíosraí éagsúla (piobar dubh, piobar bán, piobar dearg), le tím agus le salann. Más gá, is féidir iógart nó bainne agus oinniún a chur isteach freisin. Ní úsáidtear bainne chun circeoil a mharanáidiú. Déantar slisní feola a ghreamú den bhriogún ansin mar aon le gearrthóga saille ainmhíche atá gearrtha go tanaí agus go cothrománach (saill eallaigh coincheapa, geir nó saill eireabaill caorach). Is féidir úsáid a bhaint as mairteoil nó caoireoil mhionaithe freisin mar fhoinse feola. Ag brath ar an bhfoinse feola, is féidir ‘Döner’ a aicmiú mar ‘Döner’ feola deirge (feoil ó eallach agus ó chaoirigh) agus mar ‘Döner’ circeola.
Is féidir ‘Döner’ feola deirge a aicmiú a thuilleadh, i gcomhréir leis an gcineál feola deirge, mar Yaprak (slisnithe), Kıyma (mionaithe), agus Karışık (meascán).
|
1. |
Déantar Yaprak ‘Döner’ (Döner Slisnithe) a tháirgeadh ó fheoil conablaigh eallaigh nó caorach trí phíosaí móra feola a shlisniú go cothrománach ina ngearrthóga ar tiús 3-5 mm. |
|
2. |
Déantar Kıyma ‘Döner’ (Döner Mionaithe) a tháirgeadh ó fheoil dhearg mhionaithe ó chonablaigh eallaigh agus/nó chaorach. Maidir leis an gcineál sin ‘Döner’, tá cion 100 % ann d’fheoil mhionaithe ó chonablaigh eallaigh nó caorach. |
|
3. |
Déantar Karışık ‘Döner’ (Döner Measctha) a tháirgeadh ó ghearrthóga feola eallaigh atá slisnithe go tanaí agus go cothrománach (60 % ar a laghad) agus as feoil mhionaithe eallaigh nó chaorach (40 % ar a mhéad). |
‘ Döner ’ Circeola
Táirgtear é ó chirceoil (ceathrú agus brollach) arb é atá inti gearrthóga atá slisnithe go cothrománach ar tiús 1-2 cm.
Seo a leanas roinnt airíonna fisiciúla agus ceimiceacha a bhaineann le ‘Döner’ neamhchócaráilte, gan spleáchas dá chineál.
|
— |
Cion saille de réir maise; 25 % ar a mhéad, dóibh sin a tháirgtear ó fheoil dhearg agus 20 % ar a mhéad dóibh sin a tháirgtear ó chirceoil. |
|
— |
pH; 5,2 go 6,3 beag beann ar chineálacha ‘Döner’, |
|
— |
Cion salainn de réir maise; 2 % ar a mhéad |
|
— |
Cion collaigine maidir leis an gcion feola iomlán de réir maise; 15 % ar a mhéad, dóibh sin a tháirgtear ó fheoil dhearg agus 10 % ar a mhéad dóibh sin a tháirgtear ó chirceoil, |
|
— |
Stáirse+próitéin ghlasra de réir maise; 1.0 % ar a mhéad, |
|
— |
Cion amóinia: 30 mg/100 g ar a mhéad. |
|
— |
Innéacs sárocsaíde i gcás saill a eastósctar ó ‘Döner’ reoite agus sa chás sin amháin; 1,5 mmol O2/kg ar a mhéad |
Ní ceadmhach próitéiní neamhainmhíocha, stáirse, substaintí ina bhfuil stáirse, soighe agus táirgí soighe a bheith i ‘Döner’. Ní ceadmhach an méid stáirse agus próitéine glasra a thagann as comhdhéanamh an spíosra a bheith níos mó ná 1 % den mheáchan iomlán. Maidir le ‘Döner’ a tháirgtear ó chirceoil, ní ceadmhach orgáin inmheánacha, fíochán eachtrach agus circeoil atá scartha go meicniúil a bheith ann. Toirmeasctar hipiréime agus nóid limfe i bhfeoil. Ba cheart gach feoil a fháil ó ainmhithe sláintiúla.
Beag beann ar an gcineál ‘Döner’, déantar an chuid den dromchla cócaráilte a ghearradh ón mbarr go dtí an bun ina stiall thanaí ar tiús 3 go 5 mm tar éis na cócarála. Maidir leis an stiall ‘Döner’ chócaráilte agus ghearrtha, is féidir na sraitheanna feola agus saille a idirdhealú go soiléir agus a scaradh óna chéile go héasca. Le linn na cócarála, éiríonn an chuid den ‘Döner’ atá os comhair na tine dúdhonn, agus éiríonn sí crústúil uaireanta, agus, chomh maith leis sin, bíonn dath donn níos éadroime ar an éadan gearrtha agus bíonn sé níos boige.
Saintréith de chuid an ‘Döner’ chócaráilte is ea blas na feola fulachta sa bhéal. Ag brath ar fhoinse na tine, d’fhéadfadh blasanna éagsúla a bheith ann. Má úsáidtear tine adhmaid, bíonn blas deatúcháin ann chomh maith le blas fulachta. Le linn cócaráil a dhéanamh os comhair na tine, leánn sraitheanna saille méid áirithe agus rannchuidíonn sé sin leis an mblas iomlán. Trí úsáid a bhaint as taos oinniún agus iógart le linn an maranáidithe, tugtar blas oinniún fulachta do ‘Döner’, mar aon le blas de chineál searbh. Ag brath ar an méid piobair dhuibh, piobair dheirg, piobair bháin, tíme agus salainn, bíonn blas te goirt air freisin agus bíonn boladh séimh tíme air.
4.2. Tuairisc ar mhodh táirgthe an táirge lena mbaineann an t-ainm faoi phointe 1 maidir leis agus ar modh táirthe é nach mór do na táirgeoirí a leanúint lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cineál agus saintréithe na n-amhábhar nó na gcomhábhar a úsáidtear, agus an modh ina n-ullmhaítear an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)
Ullmhú an amhábhair agus an próiseas táirgthe:
Comhábhair
‘ Döner ’ feola deirge
|
— |
100 kg d’fheoil chonablaigh ó eallach atá 16 mhí d’aois ar a laghad nó de cheathrú agus/nó d’fheoil droma ó chaoirigh atá 6 mhí d’aois ar a laghad |
|
— |
8-10 kg de shaill ainmhíoch (geir bhuaibheach, saill choincheapa bhuaibheach, saill eireabaill caorach, geir) |
|
— |
2,0-3,0 kg d’iógart nó de bhainne, más gá, |
|
— |
2,0-3,0 kg d’oinniún |
|
— |
2,0-3,0 kg de shalann |
|
— |
100-200 g de phiobar dubh |
|
— |
100-200 g de phiobar bán |
|
— |
100-200 g de phiobar dearg |
|
— |
100-200 g de thím |
‘ Döner ’ circeola
|
— |
100 kg de bhrollach circeola agus/nó d’fheoil ceathrún circeola |
|
— |
8-10 kg de shaill ainmhíoch (geir bhuaibheach, saill choincheapa bhuaibheach, saill eireabaill caorach, geir) |
|
— |
2,0-3,0 kg d’iógart, más gá, ní úsáidtear bainne le haghaidh ‘ Döner ’ circeola |
|
— |
2,0-3,0 kg d’oinniún |
|
— |
2,0-3,0 kg de shalann |
|
— |
100-200 g de phiobar dubh |
|
— |
100-200 g de phiobar bán |
|
— |
100-200 g de phiobar dearg |
|
— |
100-200 g de thím |
|
— |
500-1 000 g de thaos piobar nó trátaí |
Táirgeadh
Ullmhú an bhloic ‘Döner’:
|
— |
Déantar feoil dhearg a shlisniú go cothrománach ina giotaí tiubha nó déantar an chirceoil a shlisniú go tiubh, agus meaisíní nó sceana biaghráid á n-úsáid. |
|
— |
Déantar na slisní feola a mheascadh go maith le spíosraí, le tím agus le salann ar mhaithe leis an maranáidiú. Sa bhreis ar shalann agus spíosraí, úsáidtear oinniúin, bainne agus iógart más gá. |
|
— |
Déantar gearrthóga circeola a mheascadh le spíosraí, le tím agus le salann ar mhaithe leis an maranáidiú. Sa bhreis ar shalann agus spíosraí, úsáidtear oinniúin, piobar, taos trátaí agus iógart más gá. Ní úsáidtear aon bhainne chun circeoil a mharanáidiú. |
|
— |
Ligtear don fheoil suí ag +4oC ar feadh 10 n-uair an chloig ar a laghad. |
|
— |
Tar éis an maranáidiú a dhéanamh, déantar na gearrthóga feola slisnithe a shá go cothrománach ar bharra cruach dosmálta ar a dtugtar briogún ‘döner’. Le linn an fheoil a chur ar an mbriogún, cuirtear geir bhuaibheach slisnithe agus/nó gearrthóga saille caorach, ar tiús 3-5mm isteach idir gach 3 go 5 shraith feola slisnithe gan aon bhearna a fhágáil. Cuirtear tús leis an bpróiseas ar an mbun agus cuirtear deireadh leis ar an mbarr, rud a fhágann cruth ‘bloc Döner’ |
|
— |
Déantar an bloc ‘Döner’ neamhchócaráilte a chóiriú ansin le scian speisialta chruach dosmálta (thart ar 55 cm ar fad) ar a dtugtar scian döner le go mbeidh cruth uibhe, spóil nó cóin ar an mbloc. |
|
— |
Is féidir an bloc ‘Döner’ neamhchócaráilte a reo i reo-sheomra ag -40 oC agus is féidir é a choinneáil i seomra stórála ag 18 oC ar feadh tréimhse uasta 6 mhí. Déantar táirgí reoite a sheoladh i reo-fheithiclí -18 oC gan an slabhra fuachta a bhriseadh. Is féidir bloic ‘Döner’ neamhchócaráilte a stóráil ag 0-+4 °C san áitreabh freisin ar feadh tréimhse uasta 12 uair an chloig. |
Teicníc chócaireachta
|
— |
Déantar bloc ‘Döner’ neamhchócaráilte a bhaint amach as an reo-ionad agus cuirtear go hingearach os comhair shorn ‘Döner’ ag a bhfuil tine inchoigeartaithe é ag achar 10-15 cm ón tine agus déantar réamhchócaráil air ar feadh 45 nóiméad ar a laghad trína rothlú go leanúnach go dtí go bhfuil an dromchla ar fad beagáinín cócaráilte agus séalaithe. |
|
— |
Maidir le próiseas cócaireachta an ‘Döner’, úsáidtear córais éagsúla foinse tine amhail gás nádúrtha, leictreachas, feadán tine, adhmad agus gual. |
|
— |
De réir mar atá ‘Döner’ á chócaráil, rothlaítear an bloc ionas go mbíonn na codanna neamhchócaráilte os comhair na tine. San idirlinn, déantar codanna cócaráilte a ghearradh ón mbarr go dtí an bun le scian chruach dosmálta ar a dtugtar scian döner (thart ar 55 cm ar fad) nó le feiste mheicniúil agus bíonn cruth ribíneach ar na steallacha agus iad ar tiús 3-5 mm. |
4.3. Tuairisc ar na príomheilimintí lena mbunaítear saintréith thraidisiúnta an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)
Seo a leanas roinnt saintréithe de chuid an ‘Döner’ mar a tháirgtear sa Tuirc agus san Eoraip é:
|
— |
Feoil dhearg a ghearradh le scian go cothrománach ina bpíosaí ar tiús 3-5 mm agus circeoil a ghearradh le scian go cothrománach ina bpíosaí ar tiús 1-2 mm, |
|
— |
Baintear úsáid as cineálacha éagsúla spíosraí agus as salann. Más gá, úsáidtear bainne nó iógart chun feoil dhearg ‘Döner’ a mharanáidiú. Ní úsáidtear bainne i ‘Döner’ circeola. |
|
— |
Na gearrthóga feola a chur ar bhriogún an döner agus ceann amháin nó níos mó de na slisní mairteola coincheapa, geire agus eireabaill caorach agus geire a chur isteach idir na gearrthóga feola ag an gcéim seo. |
|
— |
Cruth an bhloic ‘Döner’ a mhúnlú trí chóiriú a dhéanamh air le scian le go mbeidh cruth uibhe, spóil nó cóin air tar éis an fheoil agus na gearrthóga saille a eagrú ar shá döner, |
|
— |
Bloc ‘Döner’ a chócaráil trína thiontú go hingearach ar a ais os comhair tine, |
|
— |
An ‘Döner’ a ghearradh le scian döner ina stiallacha tanaí 2-5 mm ón mbarr go dtí an bun |
In a lán clár faisnéise, tuarascálacha, físeán éagsúil de chuid cuideachtaí a fhaightear ar bhonn cuardach le haghaidh táirgeoirí ‘Döner’ AE, déantar míniú soiléir ar shaintréithe traidisiúnta an ‘Döner’, amhail ullmhú bloc ‘Döner’ trí úsáid a bhaint as slisní feola atá gearrtha go cothrománach agus cócaráil a dhéanamh go hingearach. I dtuarascáil Deutsche Welle dar teideal ‘Ceibeab Döner: “Ceibeab Döner:Conas a tháinig an Mhias Thurcach chun na Gearmáine”, de chuid 2021, le Max Modler, agus i gclár faisnéise ZDF le Sebastian Lege dar teideal;Die Tricks der Lebensmittelindustrie’, de chuid 2021, déantar cur síos soiléir ar thuras ‘Döner’ ón Tuirc chun na hEorpa agus ar shaintréithe traidisiúnta ‘Döner’.
Thairis sin, sna treoirlínte maidir le feoil agus táirgí feola a d’fhoilsigh Roinn Cónaidhme na Gearmáine san Iris Oifigiúil Chónaidhme an 28 Iúil 2022, tugtar tuairisc ar na céimeanna táirgthe agus na comhábhair atá le húsáid i gcás ceibeab ‘Döner’. Sa lá atá inniu ann, tá oiliúint oifigiúil le haghaidh búistéirí ceibeab ‘Döner’ nó speisialtóirí ceibeab ‘Döner’ á tairiscint i roinnt Stát Cónaidhme de chuid na Gearmáine, amhail an Bhaváir. Sna hionaid sin, déantar ullmhú traidisiúnta bhloic ‘Döner’ agus teicnící ingearacha cócaireachta a mhúineadh.
Ní hamháin gurb é ‘Döner’ an bia sráide is mó éileamh sa Ghearmáin ach tá éileamh mór air i dtíortha eile de chuid na hEorpa amhail an Fhrainc, áit ina bhfuil sé sa tríú háit ó thaobh éilimh de. Tá líon mór míreanna nuachta, tuarascálacha agus fógrán faoi ‘Döner’ le fáil sna meáin Eorpacha. Tá míniú tugtha ag İbrahim Sirkeci (2016) ar an tslí inar tháinig méadú ar an éileamh ar ‘Döner’ sa Ríocht Aontaithe ina alt dar teideal ‘Transnational Döner Kebab taking over the UK’ a foilsíodh i Transnational Marketing Journal (TMJ). I gcaibidil leabhair dar teideal ‘MC Kebap: Döner Kebap and the Social Positioning Struggle of German Turks’ in ‘Changing food habits: case studies from Africa, South America and Europe’ arna chur in eagar ag Carola Lentz, 1999, rinne Ayşe S. Çağlar staidéar eisiach ar stair Döner san Eoraip agus, chomh maith leis sin, ar na gnéithe sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leis. Sa chaibidil sin, leagtar béim ar rath ‘Döner’, agus a chuid saintréithe traidisiúnta, san Eoraip. Sna caibidlí dá leabhar dar teideal ‘Döner Kebab and West German Consumer (Multi-) Cultures in Hybrid Cultures–Nervous States’ arna gcur in eagar ag Ulrike Linder, Maren Möhring, Mark Stein agus Silke Stroh, agus a foilsíodh in 2011, tugann Maren Möhring tuairisc ar dönerci mar an duine a róstálann feoil ar bhior seasta agus a shlisníonn an fheoil le scian ghéar de chineál claímh.
Maidir le geilleagar ‘Döner’ san Eoraip, is fiú thart ar EUR 3.5 billiún é. Is é Comhlachas na dTáirgeoirí Döner Turcacha san Eoraip (ATDID), a bunaíodh in 1996, a dhéanann ionadaíocht thar ceann na hearnála sin san Eoraip.
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2873/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)