Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XC01484

Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí snátha snáithín gloine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

C/2024/840

IO C, C/2024/1484, 16.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1484/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1484/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1484

16.2.2024

Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí snátha snáithín gloine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

(C/2024/1484)

Fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) gearán de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), ina líomhnaítear go bhfuil allmhairí snátha snáithín gloine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, á ndumpáil agus go bhfuil díobháil (2) á déanamh do thionscal an Aontais dá bharr.

1.   An Gearán

Ba é Glass Fibre Europe (‘an gearánach’) a chuir an gearán isteach an 3 Eanáir 2024. Rinneadh an gearán thar ceann tionscal snátha snáithín gloine an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán.

Tá leagan oscailte den ghearán mar aon le hanailís ar a mhéid a thacaíonn táirgeoirí de chuid an Aontais leis an ngearán le fáil sa chomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. I roinn 5.6 den fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.

2.   An táirge faoi imscrúdú

Is é atá sa táirge atá faoi réir an imscrúdaithe seo snáth snáithín gloine, bídís casta nó ná bídís (‘an táirge faoi imscrúdú’), cé is moite de shlisní snáithín gloine agus cordaí snáithín gloine.

Gach páirtí leasmhar ar mian leis faisnéis a chur isteach maidir leis an raon táirge, ní mór dó é sin a dhéanamh laistigh de 10 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo (3).

3.   Líomhain maidir le dumpáil

An táirge a líomhnaítear go bhfuil sé á dhumpáil, is é an táirge faoi imscrúdú é, is de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne é (‘an tír lena mbaineann’), agus tá sé aicmithe faoi láthair faoi chóid AC ex 7019 13 00 agus ex 7019 19 00 (Cóid TARIC 7019 13 00 10, 7019 13 00 15, 7019 13 00 20, 7019 13 00 25, 7019 13 00 30, 7019 13 00 50, 7019 13 00 87, 7019 13 00 94, 7019 19 00 30, 7019 19 00 85). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC agus gan dochar d’aon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an aicmiú de réir taraife ina dhiaidh sin. Tá raon feidhme an imscrúdaithe seo faoi réir shainmhíniú an táirge faoi imscrúdú atá le fáil i Roinn 2.

Is éard a mhaígh an gearánach nach iomchuí praghsanna agus costais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne a úsáid toisc gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b) den bhun-Rialachán.

Chun bunús a thabhairt leis na líomhaintí maidir le saobhadh suntasach, bhí an gearánach ag brath ar an bhfaisnéis a bhí sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála (4). Go háirithe, mhaígh an gearánach gur cosúil go mbeadh tionchar ag an suaitheadh luaite ar tháirgeadh agus ar dhíol an táirge faoi imscrúdú, is é sin, inter alia, an suaitheadh a luaitear sna caibidlí den tuarascáil maidir le talamh, fuinneamh, caipiteal, amhábhair, saothar, chomh maith leis an suaitheadh a dhéanann difear go sonrach d’earnáil an tionscail gloine.

Ina theannta sin, bhí na gearánaigh ag brath ar fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí, go háirithe an 14ú Plean 5 Bliana d’Fhorbairt Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta Dhaon-Phoblacht na Síne agus Achoimre ar na Spriocanna Fadtéarmacha do 2035, an 14ú Plean Forbartha 5 Bliana don Tionscal Snáithín Gloine, an 14ú Plean 5 Bliana maidir le Forbairt an Tionscail Amhábhar, ar an 14ú Plean 5 Bliana maidir le Forbairt Thionscal na nÁbhar Foirgníochta, ar an 14ú Plean 5 Bliana maidir le Forbairt na Monaraíochta Cliste, Tuarascáil 2020 agus 2021 na Síne maidir le hAcmhainní mianracha, an fógra ón gComhairle Stáit maidir le ‘Made in China (2025)’ a eisiúint, an Chatalóg um Infheistíocht Eachtrach a Spreagadh (Eagrán 2022) agus an Chatalóg Threorach um Choigeartú Struchtúrach Tionscail (leagan 2019). Bhí an t-iarratasóir ag brath freisin ar fhianaise nuashonraithe bhreise ábhartha maidir le saobhadh a bhaineann leis an táirge agus a amhábhair, agus ar thorthaí an Choimisiúin i roinnt imscrúduithe frithdhumpála a rinneadh le déanaí.

Dá bhrí sin, i bhfianaise Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, an líomhain go bhfuiltear ag dumpáil, tá sí bunaithe ar chomparáid idir an gnáthluach atá ríofa ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, agus praghas onnmhairiúcháin an táirge faoi imscrúdú (ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha) ón tír nuair a dhíoltar é lena onnmhairiú chuig an Aontas.

Na corrlaigh dumpála arna ríomh ar bhonn na comparáide sin, is corrlaigh mhóra iad i gcás na tíre lena mbaineann.

I bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, measann an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann de bhun Airteagal 5(9) den bhun-Rialachán a léiríonn go ginearálta nach iomchuí na praghsanna agus na costais intíre sa tír lena mbaineann a úsáid i ngeall ar shaobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais, rud a fhágann gur gá imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

Tá an tuarascáil tíre le fáil sa chomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (5).

4.   Líomhain maidir le díobháil agus an nasc cúisíoch

Líomhnaíodh sa ghearán go raibh feidhmíocht thionscal an Aontais faoi bhagairt ábhartha ag allmhairí snátha snáithín gloine ón tSín agus ndearnadh díobháil ábhartha don bhagairt sa tréimhse is déanaí.

Chuir an gearánach fianaise ar fáil gur tháinig méadú foriomlán, i ndearbhthéarmaí agus ó thaobh sciar den mhargadh de, ar allmhairí an táirge faoi imscrúdú ón tír lena mbaineann agus gur ráta mór a bhí sa mhéadú sin, rud a léiríonn gur dócha go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí.

Thairis sin, chuir an gearánach fianaise ar fáil go bhfuil acmhainneacht leordhóthanach atá indiúscartha go héasca sa tSín agus go bhfuil an acmhainneacht sin ar tí méadú go substaintiúil, rud a léiríonn an dóchúlacht go dtiocfadh méadú substaintiúil ar allmhairí dumpáilte a bheadh ina gcúis le díobháil.

An fhianaise a chuir an gearánach ar fáil, léirigh sí freisin go raibh tionchar diúltach, i measc iarmhairtí eile, ag praghsanna an táirge allmhairithe atá faoi imscrúdú ar na méideanna a dhíol tionscal an Aontais, rud a d’fhág gur bhain éifeachtaí substaintiúla diúltacha d’fheidhmíocht fhoriomlán thionscal an Aontais. Léirigh an fhianaise freisin nach bhfuil tionscal an Aontais in ann praghsanna a mhéadú i gcomhréir leis an méadú ar chostais táirgthe, lena n-áirítear praghsanna fuinnimh.

Ar deireadh, chuir an gearánach fianaise ar fáil freisin a léiríonn méadú ar fhardail.

5.   Nós imeachta

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, gur cuireadh an gearán isteach thar ceann thionscal an Aontais é, agus gur leor an fhianaise atá ann chun údar cuí a thabhairt le himeachtaí a thionscnamh, tá an Coimisiún, leis seo, ag cur tús le imscrúdú de bhun Airteagal 5 den bhun-Rialachán.

Cinneadh an t-imscrúdú an bhfuil dumpáil á déanamh i gcás an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus ar bhain díobháil do thionscal an Aontais i ngeall ar na hallmhairí dumpáilte.

Más deimhneach na conclúidí, scrúdófar san imscrúdú an mbeadh sé i gcoinne leas an Aontais dá bhforchuirfí bearta faoi Airteagal 21 den bhun-Rialachán.

5.1.    An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

Leis an imscrúdú ar dhumpáil agus díobháil, cumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 (‘an tréimhse imscrúdúcháin’). Leis an scrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir le measúnú na díobhála, cumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí deireadh thréimhse an imscrúdaithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

5.2.    Barúlacha maidir leis an ngearán agus tionscnamh an imscrúdaithe

Gach páirtí leasmhar ar mian leis barúil a thabhairt maidir leis an ngearán (lena n-áirítear ábhair a bhaineann le díobháil agus cúisíocht) nó maidir le haon ghé a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear a mhéid a thacaítear leis an ngearán), ní mór dó déanamh amhlaidh laistigh de 37 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.

Aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór í a chur isteach laistigh de 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.

5.3.    Nós imeachta um dhumpáil a chinneadh

Táirgeoirí onnmhairiúcháin (6) an táirge faoi imscrúdú ón tír lena mbaineann, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.

5.3.1.   Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin

(a)   Sampláil

Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann a bheith bainteach leis na himeachtaí seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon tairgeoirí a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile, nó ar na hionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, faisnéis faoina gcuideachta a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi (‘TRON’) ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/AD702_SAMPLING_FORM_FOR_EXPORTING_PRODUCER . I ranna 5.6 agus 5.8 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar TRON.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, rinne sé teagmháil le húdaráis Dhaon-Phoblacht na Síne freisin agus is féidir go ndéanfaidh sé teagmháil le haon chomhlachas aitheanta de tháirgeoirí onnmhairiúcháin.

Má tá gá le sampla, féadfar na tairgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó d’allmhairí chuig an Aontais ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta, údaráis na tíre lena mbaineann, agus comhlachais táirgeoirí onnmhairiúcháin, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh, trí údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne más iomchuí, faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de na táirgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh iad a roghnú nó gan iad a roghnú le bheith sa sampla. Beidh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá tar éis an dáta a thugtar fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Cuirfidh an Coimisiún nóta a léiríonn roghnú an tsampla leis an gcomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá tar éis an dáta a fhógraítear an cinneadh faoin sampla.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireachta na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2715

Cuirfear an ceistneoir ar fáil freisin d’aon chomhlachas aitheanta de tháirgeoirí onnmhairiúcháin, agus d’údaráis na tíre sin.

Gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha Airteagal 18 den bhun-Rialachán, na táirgeoirí onnmhairiúcháin a bhí toilteanach a bheith sa sampla ach nár roghnaíodh iad le bheith ann, measfar gur táirgeoirí comhoibríocha atá iontu (‘táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte’). Gan dochar do roinn 5.3.1(b) thíos, an dleacht frithdhumpála a fhéadfar a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte, ní sháróidh sí an meánchorrlach ualaithe dumpála a ríomhadh le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sa sampla (7).

(b)   An corrlach dumpála aonair le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin nach bhfuil sa sampla

De bhun Airteagal 17(3) den bhun-Rialachán, féadfaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte a iarraidh ar an gCoimisiún a gcorrlaigh dhumpála aonair a shuí. Táirgeoirí onnmhairiúcháin ar mian leo corrlach dumpála aonair a éileamh, ní mór dóibh ceistneoir a líonadh isteach go cuí agus a chur ar ais laistigh de 30 lá ón lá a tugadh fógra faoi roghnú an tsampla, mura sonraítear a mhalairt. Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireachta na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2715. Déanfaidh an Coimisiún scrúdú chun a chinneadh an féidir dleacht aonair a dheonú do tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte i gcomhréir le hAirteagal 9(5) den bhun-Rialachán.

I gcás táirgeoirí onnmhairiúcháin neamhshampláilte comhoibríocha atá ag éilimh corrlach dumpála aonair, áfach, ba cheart a fhios a bheith acu go bhféadfadh sé go mbeartóidh an Coimisiún mar sin féin gan a gcorrlach dumpála aonair a chinneadh, más amhlaidh, cuir i gcás, go bhfuil líon na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha ar a ndéanfar scrúdú, na cinn shampláilte san áireamh, chomh mór sin go mbeadh ualach míchuí ag baint leis an gcinneadh sin agus go gcuirfeadh sé bac ar thabhairt i gcrích tráthúil an imscrúdaithe.

5.3.2.   Nós imeachta breise maidir leis an tír lena mbaineann atá faoi réir saobhadh suntasach

Faoi réir fhorálacha an fhógra seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.

Go háirithe, iarrann an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na hionchuir agus maidir le cóid an Chórais Chomhchuibhithe (HS) a sholáthraítear sa ghearán, tír ionadaíoch nó tíortha ionadaíocha iomchuí a mholadh agus céannacht tháirgeoirí an táirge faoi imscrúdú sna tíortha sin a chur ar fáil. Ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.

De bhun Airteagal 2(6a), pointe (e) den bhun-Rialachán, go gairid tar éis a thionscanta, cuirfidh an Coimisiún páirtithe san imscrúdú ar an eolas faoi na foinsí ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, roghnú tríú tír ionadaíoch iomchuí a bhfuil sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh de bhun Airteagal 2(6a) trí bhíthin nóta a bheidh ag gabháil leis an gcomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Tabharfar 10 lá do na páirtithe san imscrúdú a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis an nóta, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a), pointe (e).

D’fhonn an tríú tír ionadaíoch iomchuí a roghnú ar deireadh, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche ag na tríú tíortha sin atá cosúil le leibhéal forbartha eacnamaíche na tíre lena mbaineann, an bhfuil táirgeadh agus díolachán an táirge faoi imscrúdú iontu agus an bhfuil sonraí ábhartha ar fáil go héasca maidir leo. I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha amháin ann i ndáil le tríú tír ionadaíoch, tabharfar tús áite, i gcás inarb iomchuí, do thíortha inar leordhóthanach leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil atá iontu. De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, tríú tír ionadaíoch iomchuí a d’fhéadfadh a bheith ann is ea an Téalainn.

I gcomhthéacs an phróisis sin, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí uile na tíre lena mbaineann faisnéis a chur ar fáil maidir leis na hábhair (amh agus próiseáilte) agus an fuinneamh a úsáidtear chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh, laistigh de 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/AD702_INFO_ON_INPUTS_FOR_EXPORTING_PRODUCER_FORM. I ranna 5.6 agus 5.8 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar TRON.

Thairis sin, ní mór aon fhaisnéis fhíorasach a chuirtear isteach chun luach a chur ar chostais agus ar phraghsanna de bhun Airteagal 2(6a), pointe (a), den bhun-Rialachán a chomhdú laistigh de 65 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo. Is ó fhoinsí poiblí atá ar fáil go héasca ba cheart an fhaisnéis fhíorasach sin a thógáil, agus ó na foinsí sin amháin.

5.3.3.    Imscrúdú a dhéanamh ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe  (8) (9)

Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a allmhairíonn an táirge faoi imscrúdú ón tír lena mbaineann chuig an Aontas, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach san imscrúdú seo.

Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a bheith bainteach leis na himeachtaí seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a ndéanfar imscrúdú air, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe uile, nó ar na hionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, an fhaisnéis faoina gcuideachta nó faoina gcuideachtaí arna hiarraidh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, is féidir go ndéanfaidh sé teagmháil le haon chomhlachas aitheanta d’allmhaireoirí.

Má tá gá le sampla, féadfar na hallmhaireoirí a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de dhíolacháin an táirge faoi imscrúdú san Aontas ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil.

Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh maidir le sampla na n-allmhaireoirí. Cuirfidh an Coimisiún nóta a léiríonn roghnú an tsampla leis an gcomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá tar éis an dáta a fhógraítear an cinneadh faoin sampla.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh sé ceistneoirí ar fáil do na hallmhaireoirí neamhghaolmhara sampláilte. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá tar éis an dáta a thugtar fógra faoin sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh allmhaireoirí ar fáil sa chomhad iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2715

5.4.    Nós imeachta um dhíobháil a chinneadh agus um imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí Aontais

Is ar fhianaise dheimhneach a bhunaítear cinneadh i leith díobhála, agus cuimsíonn sé imscrúdú oibiachtúil ar mhéid na n-allmhairí dumpáilte, ar a n-éifeacht ar phraghsanna ar mhargadh an Aontais agus ar thionchar na n-allmhairí sin ar thionscal an Aontais ina dhiaidh sin. Chun a shuí cé acu ar bhain nó nár bhain díobháil do thionscal an Aontais, iarrtar ar tháirgeoirí an táirge faoi imscrúdú a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.

Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí de chuid an Aontais a bheith bainteach leis na himeachtaí seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama reachtúla, chinn an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí de chuid an Aontais a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas seo freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéantar an tsampláil.

Roghnaigh an Coimisiún sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais go sealadach. Is féidir na sonraí a fháil sa chomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Iarrtar ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Sa bhreis air sin, táirgeoirí eile de chuid an Aontais, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, a mheasann gur ann do chúiseanna ar cheart dóibh a chuimsiú sa sampla, ní mór dóibh teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún laistigh de 7 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo. Na barúlacha uile maidir leis an sampla sealadach, ní mór iad a bheith faighte laistigh de 7 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Gach táirgeoir aitheanta de chuid an Aontais agus gach comhlachas aitheanta de tháirgeoirí de chuid an Aontais, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

Beidh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte san Aontas ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá tar éis an dáta a thugtar fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí de chuid an Aontais ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2715

5.5.    Nós imeachta um measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais

Má chinntear dá bharr sin gur ann do dhumpáil agus do dhíobháil, déanfar cinneadh, de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais nó nach mbeadh dá nglacfaí bearta frith-dhumpála. Táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachas ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, iarrtar orthu faisnéis a thabhairt don Choimisiún maidir le cé acu a bheadh sé in aghaidh leas an Aontais nó nach mbeadh dá bhforchuirfí bearta. Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, ní mór do na heagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí a léiriú gur ann do nasc oibiachtúil idir a ngníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú.

Aon fhaisnéis a bhaineann leis an measúnú ar leas an Aontais, ní mór í a sholáthar laistigh de 37 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. Féadfar an fhaisnéis sin a chur in iúl i bhformáid shaor, sin nó trí cheistneoir arna ullmhú ag an gCoimisiún a líonadh isteach. Tá cóip den cheistneoir, lena n-áirítear an ceistneoir le haghaidh úsáideoirí an táirge faoi imscrúdú, ar fáil sa chomhad iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2715. An fhaisnéis a chuirtear isteach de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, ní chuirfear san áireamh í ach amháin má tá fianaise fhíorasach ag teacht léi tráth a chuirtear isteach í.

5.6.    Páirtithe leasmhara

Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, páirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, ní mór dóibh a léiriú gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú.

Táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chur faisnéis ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear i ranna 5.3.1, 5.3.3 agus 5.4 thuas, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má bhíonn nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú.

Beidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara ón uair a chuirfidh siad iad féin in aithne agus ón uair sin amháin, ar choinníoll gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Is gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán a mheastar go bhfuil páirtí ina pháirtí leasmhar.

Is féidir an comhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara a rochtain trí Tron.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (10).

5.7.    An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht a iarraidh le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiún.

Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna arna leagan amach ag na páirtithe leasmhara i scríbhinn roimh ré.

Is mar seo a leanas an tráthchlár le haghaidh na n-éisteachtaí:

Chun aon éisteacht a reáchtáil roimh an sprioc-am le haghaidh fhorchur na mbeart sealadach, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de 15 lá tar éis fhoilsiú an fhógra seo. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht laistigh de 60 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.

Tar éis chéim na dtorthaí sealadacha, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de 5 lá tar éis an dáta a nochtfar na cinntí sealadacha nó an doiciméad faisnéise. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht laistigh de 15 lá tar éis dháta an fhógra faoin nochtadh nó tar éis dháta an doiciméid faisnéise.

Ag céim na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de 3 lá tar éis dháta an nochta deiridh. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht laistigh den tréimhse a thugtar chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh. Más ann do nochtadh deiridh breise, ba cheart iarraidh a dhéanamh a luaithe a gheofar an nochtadh deiridh breise sin. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht ansin roimh an sprioc-am i ndáil le barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh sin.

Tá an tráthchlár sonraithe gan dochar do cheart sheirbhísí an Choimisiúin glacadh le héisteachtaí lasmuigh den chreat ama i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin diúltú d’éisteachtaí i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. I gcás ina ndiúltóidh seirbhísí an Choimisiúin d’iarraidh ar éisteacht, cuirfear na cúiseanna leis an diúltú sin in iúl don pháirtí lena mbaineann.

I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun gur féidir le seirbhísí an Choimisiúin dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar a iarraidh ar pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a chur ar fáil tar éis na héisteachta.

5.8.    Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú seo i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.

Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo, cuirfear an lipéad ‘ Íogair  (11) ’ orthu. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi.

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘ Íogair ’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán achoimrí a lipéadófar ‘ Lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara ’. Ba cheart na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach i modh rúin a thuiscint go réasúnta.

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

Iarrtar ar na páirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara agus cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de dheimhnithe. Trí TRON.tdi nó ríomhphost a úsáid, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3. Ní mór do pháirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil, agus gur seoladh é a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise a fháil maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha dá dtagraítear thuas maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Directorate-General for Trade

Directorate G

Office: CHAR 04/039

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: TRADE-AD702-GFY-DUMPING@ec.europa.eu

TRADE-AD702-GFY-INJURY@ec.europa.eu

6.   Sceideal an imscrúdaithe

Tabharfar an t-imscrúdú chun críche, de bhun Airteagal 6(9) den bhun-Rialachán, laistigh de 13 mhí de ghnáth, ach tráth nach faide ná 14 mhí tar éis dháta foilsithe an fhógra seo. I gcomhréir le hAirteagal 7(1) den bhun-Rialachán, féadfar bearta sealadacha a fhorchur tráth nach déanaí ná 7 mí de ghnáth, ach in aon chás, tráth nach déanaí ná 8 mí tar éis fhoilsiú an fhógra seo.

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha 4 seachtaine roimh fhorchur na mbeart sealadach. Tabharfar 3 lá oibre do pháirtithe leasmhara chun barúlacha i scríbhinn a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna.

Sna cásanna ina bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún gan dleachtanna sealadacha a fhorchur ach ina bhfuil sé beartaithe aige dul ar aghaidh leis an imscrúdú, cuirfear in iúl do na páirtithe leasmhara trí bhíthin doiciméad faisnéise nach bhforchuirfear dleachtanna, agus déanfar é sin 4 seachtaine roimh dhul in éag an sprioc-ama faoi Airteagal 7(1) den bhun-Rialachán.

Tabharfar 15 lá do na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt i scríbhinn maidir leis na torthaí sealadacha nó maidir leis an doiciméad faisnéise, agus tabharfar 10 lá dóibh barúlacha a thabhairt i scríbhinn maidir leis na torthaí críochnaitheacha, mura sonraítear a mhalairt. I gcás inarb infheidhme, sonróidh na nochtaí deiridh breise an sprioc-am le haghaidh barúlacha i scríbhinn ó na páirtithe leasmhara.

7.   Faisnéis a chur isteach

Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin de réir na dtráthchlár a shonraítear i ranna 5 agus 6 den fhógra seo. Chun aon fhaisnéis eile a chur isteach ar faisnéis í nach bhfuil cumhdaithe leis na ranna sin, ba cheart an tráthchlár seo a leanas a urramú:

Aon fhaisnéis le haghaidh chéim na dtorthaí sealadacha, ba cheart í a chur isteach laistigh de 70 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Mura sonraítear a mhalairt, níor cheart do na páirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a chur isteach tar éis an sprioc-ama do bharúlacha maidir le nochtadh na dtorthaí sealadacha nó maidir leis an doiciméad faisnéise ag céim na dtorthaí sealadacha. Tar éis an sprioc-ama sin, ní fhéadfaidh páirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a chur isteach ach amháin más féidir leo a léiriú go bhfuil gá leis an bhfaisnéis fhíorasach nua sin chun líomhaintí fíorasacha a rinne páirtithe leasmhara eile a bhréagnú agus ar choinníoll gur féidir an fhaisnéis fhíorasach nua sin a fhíorú laistigh den am atá ar fáil chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil.

Chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na sprioc-amanna sainordaitheacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh breise.

8.   An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile

Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis a chuireann páirtithe leasmhara eile isteach. Agus é sin á dhéanamh acu, féadfaidh na páirtithe leasmhara díriú ar shaincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí o pháirtithe eile agus ar na saincheisteanna sin amháin, agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a ardú.

Ba cheart na barúlacha sin a dhéanamh de réir an tráthchláir seo a leanas:

Aon bharúil maidir le faisnéis a chuirfidh páirtithe leasmhara eile isteach roimh an sprioc-am maidir le forchur na mbeart sealadach, ba cheart í a dhéanamh laistigh de 75 lá ar a dhéanaí tar éis dháta foilsithe an fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí sealadacha nó an doiciméid faisnéise, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 7 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí sealadacha nó maidir leis an doiciméad faisnéise, mura sonraítear a mhalairt.

Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar an nochtadh deiridh, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 3 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh deiridh breise, barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar an nochtadh sin, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh sin, mura sonraítear a mhalairt.

An creat ama arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

9.   Síneadh leis na teorainneacha ama a shonraítear san fhógra seo

Níor cheart síneadh leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla agus ní cheadófar é ach amháin má tá údar cuí leis agus cúis mhaith léirithe.

In aon chás, beidh teorainn 3 lá de ghnáth le síneadh a chur leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, agus mar riail ghinearálta ní rachaidh sé thar 7 lá.

Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a chur isteach, ní rachaidh an síneadh thar 3 lá, mura léirítear gur ann d’imthosca eisceachtúla.

10.   Neamh-chomhoibriú

I gcás ina ndiúltóidh aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí sealadacha nó críochnaitheacha, bídís deimhneach nó diúltach, a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, féadfaidh an toradh gan a bheith chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh sé dá mbeadh sé tar éis comhoibriú.

Mura dtugtar freagairt leictreonach, ní mheasfar go bhfuil neamh-chomhoibriú i gceist ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar lena mbaineann go mbeadh ualach breise míréasúnta nó costas breise míréasúnta ag baint leis an bhfreagra a chur isteach de réir mar a iarradh. Sa chás sin, ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.

11.   An tOifigeach Éisteachta

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh leis na teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí leasmhar/na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú go hiomlán. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

Iarrtar ar na páirtithe leasmhara cloí leis an tráthchlár a leagtar amach i mír 5.7 den fhógra seo freisin a mhéid a bhaineann le hidirghabhálacha, lena n-áirítear éisteachtaí, a dhéanann an tOifigeach Éisteachta. Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí ar idirghabhálacha, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta na cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus don imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil.

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en

12.   Próiseáil sonraí pearsanta

Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21

(2)  Tagraíonn an téarma ginearálta ‘díobháil’ do dhíobháil ábhartha mar aon le bagairt díobhála ábhartha nó moill ábhartha ar bhunú tionscail mar a leagtar amach in Airteagal 3(1) den bhun-Rialachán.

(3)  Le tagairtí do fhoilsiú an Fhógra seo, is é foilsiú an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh atá i gceist.

(4)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD (2017) 483 final/2, atá le fáil ag:

https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2017)483&lang=en

(5)  Féadfar na doiciméid a luaitear sa tuarascáil tíre a fháil freisin ach iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh.

(6)  Is éard is táirgeoir onnmhairiúcháin ann aon chuideachta sa tír lena mbaineann a tháirgeann agus a onnmhairíonn an táirge faoi imscrúdú go díreach, sin nó trí thríú páirtí, chuig margadh an Aontais, lena n-áirítear aon cheann dá chuideachtaí gaolmhara a bhfuil baint aici le táirgeadh, díolacháin intíre nó onnmhairí an táirge faoi imscrúdú.

(7)  De bhun Airteagal 9(6) den bhun-Rialachán, aon chorrlach de mhéid nialais nó de minimis a shuitear i gcomhréir leis na cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 18 den bhun-Rialachán, tabharfar neamhaird air.

(8)  Sa roinn seo ní chumhdaítear ach na hallmhaireoirí nach bhfuil comhlachaithe le táirgeoirí onnmhairiúcháin. Ní mór d’allmhaireoirí atá comhlachaithe le táirgeoirí onnmhairiúcháin Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith comhlachaithe sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má rialaíonn duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi rialú díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(9)  Na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil, féadfar iad a úsáid i ndáil le gnéithe den imscrúdú seo nach mbaineann le dumpáil a chinneadh.

(10)  I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála ach ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán +32 2 297 97 97.

(11)  Is doiciméad “ Íogair ” doiciméad a meastar a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(12)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.


IARSCRÍBHINN

Leagan Íogair

Leagan le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara

(Cuir tic sa bhosca iomchuí)

IMEACHTAÍ FRITHDHUMPÁLA MAIDIR LE HALLMHAIRÍ SNÁTHA SNÁITHÍN GLOINE DE THIONSCNAMH DHAON PHOBLACHT NA SÍNE

FAISNÉIS MAIDIR LEIS AN SAMPLA D'ALLMHAIREOIRÍ NEAMHGHAOLMHARA A ROGHNÚ

Tá an fhoirm seo ceaptha le cuidiú le hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe agus an iarraidh ar fhaisnéis samplála a rinneadh i bpointe 5.3.3 den fhógra tionscnamh á freagairt acu.

Ba cheart an leagan Íogair agus an leagan Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara a chur ar ais chuig an gCoimisiún de réir mar a leagtar amach san Fhógra tionscnaimh.

1.   CÉANNACHT AGUS SONRAÍ TEAGMHÁLA

Tabhair na sonraí seo a leanas faoi do chuideachta:

Ainm na cuideachta

 

Seoladh

 

Duine teagmhála

 

Seoladh ríomhphoist

 

Uimhir theileafóin

 

2.   LÁIMHDEACHAIS AGUS MÉID NA NDÍOLACHÁN

Léirigh in euro (EUR) láimhdeachas iomlán na cuideachta, an luach in euro (EUR) agus an méid i dtonaí le haghaidh allmhairí an táirge faoi imscrúdú de réir mar a shainmhínítear san fhógra tionscnaimh, agus le haghaidh athdhíolacháin an táirge sin ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne, le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

 

Tonaí

Luach in euro (EUR)

Láimhdeachas iomlán do chuideachta in euro (EUR)

 

 

Allmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

 

 

Allmhairí an táirge faoi imscrúdú (de gach áit tionscnamh)

 

 

Athdhíolacháin an táirge faoi imscrúdú ar mhargadh an Aontais tar éis an allmhairithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne

 

 

3.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ DO CHUIDEACHTA AGUS NA GCUIDEACHTAÍ COMHLACHAITHE (1)

Tabhair sonraí maidir le gníomhaíochtaí beachta na cuideachta agus gach cuideachta gaolmhaire (liostaigh iad agus sonraigh an gaol idir iad agus do chuideachta) atá bainteach le táirgeadh agus/nó díol (onnmhairiúcháin agus/nó intíre) an táirge faoi imscrúdú. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin ceannach an táirge faoi imscrúdú, é a tháirgeadh faoi shocruithe fochonarthachta, nó é a phróiseáil nó a thrádáil, agus gníomhaíochtaí eile nach iad.

Ainm agus suíomh na cuideachta

Gníomhaíochtaí

Gaol

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4.   FAISNÉIS EILE

Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a mheasann an chuideachta a bheith úsáideach chun cuidiú leis an gCoimisiún an tsampláil a roghnú.

5.   DEIMHNIÚ

Tríd an bhfaisnéis thuas a sholáthar, aontaíonn an chuideachta lena rannpháirtiú féideartha sa sampla. Má roghnaítear an chuideachta le bheith sa sampla, beidh ar an gcuideachta sin ceistneoir a líonadh isteach agus glacadh le cuairt ar a háitreabh chun a freagairt a fhíorú. Má thugann an chuideachta le fios nach mbeadh sí sásta a bheith sa sampla, measfar nár chomhoibrigh sí leis an imscrúdú. Is ar na fíorais atá ar fáil a bhunaíonn an Coimisiún torthaí a imscrúdaithe i gcás allmhaireoirí neamh-chomhoibríocha, agus d’fhéadfadh sé nach mbeidís chomh fabhrach don chuideachta sin agus a bheidís dá mbeadh sí tar éis comhoibriú.

Síniú an oifigigh údaraithe:

Ainm agus teideal an oifigigh údaraithe:

Dáta:


(1)  I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith gaolmhar sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más ag tríú páirtí 5 % nó níos mó den stoc vótála gan íoc nó de scaireanna an dá cheann, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine ón teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch 558). I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1484/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top