This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024XC00599
Publication of the amended single document following the approval of a minor amendment pursuant to the second subparagraph of Article 53(2) of Regulation (EU) No 1151/2012
Foilsiú an doiciméid aonair leasaithe tar éis mionleasú a fhormheas de bhun an dara fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
Foilsiú an doiciméid aonair leasaithe tar éis mionleasú a fhormheas de bhun an dara fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
C/2023/9296
IO C, C/2024/599, 5.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/599/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/599 |
5.1.2024 |
Foilsiú an doiciméid aonair leasaithe tar éis mionleasú a fhormheas de bhun an dara fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
(C/2024/599)
Tá an mionleasú sin formheasta ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).
Is féidir an t-iarratas ar fhormheas an mhionleasaithe sin a cheadú sa bhunachar sonraí eAmbrosia de chuid an Choimisiúin.
DOICIMÉAD AONAIR
‘ΚΟΝΣΕΡΒΟΛΙΑ ΑΡΤΑΣ / KONSERVOLIA ARTAS’
Uimh. AE: PGI-GR-0349-AM01 – 27.7.2021
ATFC ( ) TGFC (X)
1. Ainm
‘ΚΟΝΣΕΡΒΟΛΙΑ ΑΡΤΑΣ / KONSERVOLIA ARTAS’
2. Ballstát nó tríú tír
an Ghréig
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia
3.1. Cineál táirge
Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Is féidir an tásc geografach faoi chosaint (TGFC) ‘Konservolia Artas’ a úsáid le haghaidh ológa boird den chineál Konservolia (Olea europaea L., cv. Conservolea), a shaothraítear sa limistéar críochaithe.
— |
Tá meáchan na dtorthaí idir 4 agus 12 g. |
— |
Is éard atá san eithne 10-15 % de mheáchan iomlán na dtorthaí. |
— |
Is éard atá sa chraiceann 2-4 % agus is éard atá sa bhia 81-88 % de mheáchan iomlán na dtorthaí. |
— |
Toisí:
|
3.3. Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)
Is iad ológa an chineáil Konservolia Artas (TGFC) na hamhábhair chun Konservolia Artas a tháirgeadh. Saothraítear iad i limistéar geografach Konservolia Artas (TGFC), mar a thuairiscítear i mír 4.
3.4. Bearta sonracha den táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Déantar an táirge leis an ainmniúchán Konservolia Artas a tháirgeadh, a chóireáil agus a phróiseáil sa limistéar sainithe.
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
_
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Chun inrianaitheacht an táirge chríochnaithe a áirithiú, marcáiltear uimhreacha cóid ar an bpacáistíocht. Cruthaítear na huimhreacha sin de litreacha tosaigh ainm geografach an ainmniúcháin tionscnaimh, agus ina dhiaidh sin sraithuimhir na pacáistíochta agus dhá uimhir dheireanacha na bliana táirgthe, atá le scríobh mar a leanas: Sraithuimhir AP [AR] dhá dhigit deiridh pacáistíochta na bliana ina dtáirgtear ológa ‘Konservolia Artas’ (TGFC).
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Is éard atá sa limistéar geografach,
i mbardas Anchuras: aonad bardasach Vlacherna ar fad (pobail áitiúla Vlacherna, Grammenitsa, Grimpovo, Korfovouni); cuid d’aonad bardasach Xirovouni lena n-áirítear pobail áitiúla Kampi, agus Pantanassa agus [an limistéar] de phobal áitiúil Ammotopos laisteas de theorainn thuaidh lonnaíocht Ammotopos chomh fada le daingean ársa Orraon, agus uaidh sin go dtí an acomhal do phobal áitiúil Pistiana; an chuid thoir d’aonad bardasach Arta lena n-áirítear an limistéar a thosaíonn soir ó bhóthar náisiúnta Arta-Ioannina ón bpointe mar a bhfuil an caisleán suite, ó thuaidh ó shráid Zarra agus siar ó shráid Kommenou, agus ó thuaidh ó bhóthar cúigeach Arta-Kommeno chomh fada leis an teorainn le haonad bardasach Arachthos;
i mbardas Kentrika Tzoumerka: cuid d’aonad bardasach Athamania lena n-áirítear an chuid thiar theas de phobal áitiúil Kato Kalentini, atá suite ar Loch Pournari agus a bhfuil teorainn aige le hantoisceacht thiar thuaidh phobal áitiúil Markiniada, mar aon leis an gcuid thoir theas de phobal áitiúil Kato Kalentini, atá suite ar Loch Pournari agus ag a bhfuil teorainn le hantoisceacht thoir thuaidh phobal áitiúil Markiniada;
i mbardas Nikolaos Skoufas: aonad bardasach Peta ar fad (pobal bardasach Peta agus pobail áitiúla Marakiniada agus Megarchi); aonad bardasach Kompoti ar fad (pobal bardasach Peta agus pobail áitiúla Sellades agus Foteino); aonad bardasach Kommeno ar fad; agus ó aonad bardasach Arachthos, pobail áitiúla Peranthi, Loutrotopos agus Sykies, agus an chuid de phobal áitiúil Neochori atá suite lastoir de bhruach abhainn Arachthos;
i mbardas Georgios Karaiskakis: an chuid d’aonad bardasach Georgios Karaiskakis ina n-áirítear pobal áitiúil Petra ar fad, an chuid de phobal áitiúil Diasello ar an taobh thiar de chomhordanáidí 21.1714 39.1528 agus 21.1731 39.1610 agus chomh fada lena theorainneacha thuaidh, pobal áitiúil Dimari ar fad beagnach, ar an taobh thiar de chomhordanáidí 21.1714 39.1528 agus 21.1731 39.1610, agus an chuid de phobal áitiúil Klidi atá iniata ag a theorainneacha theas agus atá suite laistiar de na comhordanáidí 39.1610 39.1610 agus 21.1731 39.1610.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Tá an nasc idir Konservolia Artas agus an limistéar geografach bunaithe ar shaintréithe cáilíochta an táirge.
De réir na litríochta eolaíche ábhartha, tá Arta ar cheann de phríomhréimsí tionscnaimh chineál Konservolia. Leis na cianta fada, tá an cineál seo á fhás sa cheantar agus tá sé cuibhithe rud a fhágann go dtáirgtear ológa a bhfuil saintréithe sainiúla acu. Táirgeann an cineál na ológa boird saintréitheacha, a aithnítear as a n-airíonna fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha den scoth. Tá bia teann iontu ar féidir é a scaradh go héasca ón eithne, agus blas torthaíoch orthu. Tá an cóimheas idir an bia agus agus an eithne thart ar 10:1. Tá an meáchan idir 4 agus 12 g. Tá an cion ola idir 14 agus 18 % I gcás na n-ológ glas, athraíonn an dath ó ghlas buí go glas dorcha. Bíonn raon dathanna na n-ológ idir glas éadrom agus glas buí, agus bíonn spotaí donn agus dubh-chorcra. Bíonn dath idir donn dorcha agus dubhchorcra ar na hológa dubha..
Is féidir an nasc idir cáilíocht shainiúil Konservolia Artas agus an limistéar geografach críochaithe a fheiceáil sa tionchar comhshaoil (nádúrtha) agus daonna, mar a thuairiscítear thíos.
Aeráid an limistéir chríochaithe
Saothraítear ológa Konservolia Artas i limistéir in aonad réigiúnach Arta. Tá an aeráid áitiúil measartha agus titeann báisteach bhliantúil idir 900 agus 1 000 mm ar an meán.
Téann aeráid an cheantair chun tairbhe d’ard-táirgiúlacht ard an chineáil Konservolia in Arta. Bíonn go leor uaireanta an chloig de theocht fuar i rith an gheimhridh rud a fhágann go bhfásann bláthanna agus torthaí go flúirseach dá bharr. Le linn na gcéimeanna criticiúla den timthriall fáis, i.e. bláthú agus cruachan eithne, spreagann báisteach an réigiúin an bláthú, téachtadh ard torthaí agus forbairt torthaí móra.
Ithir
Ithreacha limistéar geografach críochaithe Konservolia Artas, is iondúil go mbíonn siad aigéadach.
Cleachtais saothraithe
Go traidisiúnta, rinneadh saothrú tirim ar Konservolia Artas, agus is beag uisciú a bhí ag teastáil le linn na gcéimeanna criticiúla den timthriall fáis nuair nach leor an bháisteach chun freastal ar riachtanais an bhairr, i.e. bláthú san earrach agus cruachan eithne i mí Lúnasa. Cuirtear tús leis an mbuaint ó chéim na n-ológ glas, thart ar dheireadh mhí Mheán Fómhair. Cuirtear críoch léi ag deireadh mhí na Samhna, ag céim na n-ológ dubh. Déantar an bhuaint de láimh, ag baint úsáide as racaí. Déantar cúram mór ionas nach ndéantar dochar do na torthaí. Aistrítear an táirge buainte láithreach chuig an láithreán próiseála i gcliathbhoscaí plaisteacha pollta.
Cleachtais phróiseála
Is éard atá i gceist le próiseáil Konservolia Artas na ológa a ní chun earraí coimhthíocha a bhaint. Tumtar na hológa ansin i ndabhcha sáile de thoisí éagsúla, atá oiriúnach d’úsáid bia,agus is iontu sin a tharlaíonn an coipeadh agus an caomhnú. Le coipeadh nádúrtha na n-ológ, go háirithe ológa dubha, caomhnaítear na saintréithe orgánaileipteacha is fearr agus airíonna sainiúla fisiceacha agus ceimiceacha Konservolia Artas. A luaithe a dhéantar coipeadh na n-ológ, cuirtear i bpacáistíocht iad atá oiriúnach d’úsáid bia agus cuirtear ar fáil lena gcaitheamh. D’fhéadfadh meáchan ar bith a bheith i gceist leis an bpacáistíocht.
Tá éagsúlacht shonrach na n-ológ sin in oiriúint go foirfe don ithir agus don aeráid, rud a mhúnlaíonn saintréithe sainiúla an táirge deiridh, in éineacht leis na modhanna traidisiúnta fáis, buainte agus próiseála a úsáidtear.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
http://www.minagric.gr/images/stories/docs/agrotis/POP-PGE/2021/prodiagrafes_konservolia271221.pdf
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/599/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)